EUR-Lex Access to European Union law

Back to EUR-Lex homepage

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Fís 2020: Clár an Aontais Eorpaigh um thaighde agus um nuálaíocht (2014-20)

 

ACHOIMRE AR:

Rialachán (AE) Uimh. 1291/2013 — An Clár Réime um Thaighde agus Nuálaíocht (2014-20)

CAD IS AIDHM LEIS AN RIALACHÁN?

Is é is aidhm le Fís 2020:

  • bonn eolaíoch agus teicneolaíoch na hEorpa a neartú;
  • leas níos fearr a bhaint as acmhainneacht eacnamaíoch agus thionsclaíoch na mbeartas um nuálaíocht, teicneolaíocht agus teicneolaíocht.

Tá Fís 2020 comhlánaithe le clár taighde agus oiliúna 2014-18 an Chomhphobail Eorpaigh do Fhuinneamh Adamhach agus tá buiséad dar luach EUR 74.3 billiún thar 7 mbliana ag baint leis.

Tá sé mar aidhm leis an gclár cion a chur leis an sprioc 3% den olltáirgeacht intíre (OTI) um thaighde agus um fhorbairt (T&F) a bhaint amach ar aon dul le straitéis Eoraip 2020 AE.

PRÍOMHPHOINTÍ

Féachtar leis an gcuspóir ginearálta a bhaint amach trí 3 thosaíocht:

Tosaíocht I: Eolaíocht den scoth (EUR 24.441 billiún):

Tosaíocht II: Ceannaireacht thionsclaíoch (EUR 17.015 billiún):

  • tacaíonn ceannaireacht maidir le cumasú agus teicneolaíochtaí tionsclaíocha le taighde maidir leis an teicneolaíocht faisnéise agus cumarsáide (TFC), nanaitheicneolaíocht, ardábhair, biteicneolaíocht, ard-déantúsaíocht agus próiseáil agus spás;
  • tá sé mar aidhm le rochtain ar riosca airgeadais na bearnaí a dhúnadh in infhaighteacht an mhaoinithe fiachais (e.g. iasachtaí) agus an mhaoinithe cothromais (trí scaireanna a dhíol le hinfheisteoirí) do T&F;
  • cuidíonn nuálaíocht i bhfiontair bheaga agus mheánmhéide le micreathionscadail, fiontair bheaga agus mheánmhéide gach cineál nuálaíochta a spreagadh.

Tosaíocht III: Dúshláin shochaíocha (EUR 29.679 billiún). Maoiniú a dhírítear ar na cuspóirí sonracha sin:

  • sláinte, athrú déimeagrafaíochta agus folláine;
  • slándáil bhia, talmhaíocht agus foraoiseacht inbhuanaithe, taighde muirí, mara agus uisce intíre, agus an bithgheilleagar (i.e. táirgeadh inbhuanaithe acmhainní in-athnuaite ó thimpeallachtaí talún, iascaigh agus uisceshaothraithe agus a dtiontú go bia, beatha, táirgí snáithíní bithbhunacha agus bithfhuinneamh, chomh maith leis na hearraí poiblí lena mbaineann);
  • fuinneamh slán, glan agus éifeachtach;
  • iompar cliste, glas agus comhtháite;
  • gníomhú ar son na haeráide, an comhshaol, éifeachtacht acmhainní agus amhábhair;
  • an Eoraip i ndomhan atá ag athrú - sochaithe cuimsitheacha, nuálacha agus athmhachnamhacha (e.g. taighde chun dul i ngleic leis an eisiamh sóisialta agus leis an idirdhealú);
  • sochaithe sábháilte - saoirse agus slándáil na hEorpa agus a saoránach a chosaint.

Lena chois sin, leithroinneadh suas le EUR 816.5 milliún ar bharr feabhais a scaipeadh agus rannpháirtíocht a leathnú lena chinntiú go ndéanfar tairbhí geilleagar nuálaíocht-treoraithe a uasmhéadú (e.g. ionaid barr feabhais a chruthú trí institiúidí taighde a chomhcheangal le hinstitiúidí, gníomhaireachtaí nó réigiúin eile). Tá uasmhéid EUR 462.2 milliún leithroinnte ar eolaíocht leis an tsochaí agus don tsochaí chun tallann úr a earcú don eolaíocht agus chun barr feabhais eolaíochta a phéireáil le feasacht agus freagracht shóisialta (a bhaineann le ní hamháin eolaithe go díreach ach le saoránaigh, lucht déanta beartas, agus eagraíochtaí saoránach).

Leithdháiltear EUR 1.9026 billiún ar ghníomhaíochtaí díreacha neamhnúicléacha an Airmheáin Chomhpháirtigh Taighde (ACT). Soláthraíonn an ACT tacaíocht láidir ar bhonn fianaise i leith bheartais AE arna spreagadh ag riachtanais custaiméirí (e.g. éifeachtúlacht fuinnimh, sábháilteacht iompair agus réamhaisnéisiú barr).

Tá ról mór á imirt ag an Institiúid Eorpach um Nuálaíocht agus Teicneolaíocht (IENT) ag a bhfuil ranníocaíocht uasta EUR 2.711 billiún trí na Pobail Eolais agus Nuálaíochta (PENanna), trí thaighde den scoth, nuálaíocht agus ardoideachas a thabhairt le chéile.

Cur chun feidhme

Tá Fís 2020 curtha i bhfeidhm tríd an sainchlár comhdhlúite arna bhunú le Cinneadh 2013/743/AE ón gComhairle. Déanann an Coimisiún é a bhainistiú ar aon dul le Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 966/2012, Rialachán Airgeadais AE.

Cineálacha tacaíochta AE

Tacaíonn Fís 2020 le gníomhaíochtaí taighde agus nuálaíochta trí dheontais, trí dhuaiseanna, trí sholáthar agus trí ionstraimí airgeadais. Féadfaidh sé tacú le comhpháirtíochtaí poiblí-príobháideacha le cláir idirnáisiúnta, náisiúnta agus réigiúnacha um thaighde agus um nuálaíocht. D’fhéadfaí cistí Fhís 2020 a chur le cistí na hearnála príobháidí i gcomhpháirtíochtaí poiblí-príobháideacha (e.g. Comhthionscnaimh Teicneolaíochta) i bpríomhréimsí áirithe.

Leagtar síos le Rialachán (AE) Uimh. 1290/2013 rialacha mionsonraithe maidir le rannpháirtíocht i ngníomhaíochtaí taighde agus nuálaíochta arna ndéanamh faoi Fhís 2020.

CÉN UAIR ATÁ TOSACH FEIDHME AN RIALACHÁIN?

Tá feidhm aige ón 23 Nollaig 2013.

CÚLRA

Le haghaidh a thuilleadh faisnéise, féach:

PRÍOMHDHOICIMÉAD

Rialachán (AE) Uimh. 1291/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Nollaig 2013 lena mbunaítear Fís 2020 - an Clár Réime um Thaighde agus um Nuálaíocht (2014-20) agus lena n-aisghairtear Cinneadh Uimh. 1982/2006/CE (IO L 347, 20.12.2013, lgh 104-173)

DOICIMÉID GHAOLMHARA

Dearbhuithe ón gCoimisiún (Clár Réime) (IO C 373, 20.12.2013, lch. 12-15)

Teachtaireacht ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle, chuig Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa agus chuig Coiste na Réigiún — measúnú eatramhach ar Fhís 2020: uasmhéadú a dhéanamh ar thionchar thaighde agus nuálaíocht AE Ceachtanna a Foghlaimíodh ón Measúnú Eatramhach ar Fhís 2020 agus an fhreagairt ar mholtaí an Ghrúpa Ardleibhéil maidir le huasmhéadú a dhéanamh ar chláir um Thaighde agus Nuálaíocht AE (COM(2018) 02 final an 11.1.2018)

Rialachán (AE) Uimh. 1290/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Nollaig 2013 lena leagtar síos na rialacha maidir le rannpháirtíocht agus scaipeadh i “bhFís 2020 — an Clár Réime um Thaighde agus um Nuálaíocht (2014-20)” agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 1906/2006/CE (IO L 347, 20.12.2013, lgh. 81-103)

Cinneadh 2013/743/AE ón gComhairle an 3 Nollaig 2013 lena mbunaítear an clár sonrach lena gcuirtear chun feidhme Fís 2020 - an Clár Réime um Thaighde agus um Nuálaíocht (2014-20) agus lena n-aisghairtear Cinneadh 2006/971/CE, Cinneadh 2006/972/CE, Cinneadh 2006/973/CE, Cinneadh 2006/974/CE agus Cinneadh 2006/975/CE (IO L 347, 20.12.2013, lgh. 965-1041)

Rialachán (Euratom) Uimh. 1314/2013 ón gComhairle an 16 Nollaig 2013 maidir le Clár Taighde agus Oiliúna an Chomhphobail Eorpaigh do Fhuinneamh Adamhach (2014-18) lena gcomhlánaítear Fís 2020 - An Clár Réime um Thaighde agus Nuálaíocht (IO L 347, 20.12.2013, lgh. 948-964)

Nuashonraithe 12.10.2018

Top