EUR-Lex Access to European Union law

Back to EUR-Lex homepage

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 32022R0001R(01)

Ceartúchán ar Rialachán Tarmligthe (AE) 2022/1 ón gCoimisiún an 20 Deireadh Fómhair 2021 lena leasaítear Rialachán (AE) 2021/821 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann le liosta na n-ítimí dé-úsáide (Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh L 3 an 6 Eanáir 2022) (IO L Eagrán Speisialta Gaeilge 3, lch. 142)

IO L 20, 31.1.2022, p. 282–282 (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_del/2022/1/corrigendum/2022-01-31/oj

31.1.2022   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 20/282


Ceartúchán ar Rialachán Tarmligthe (AE) 2022/1 ón gCoimisiún an 20 Deireadh Fómhair 2021 lena leasaítear Rialachán (AE) 2021/821 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann le liosta na n-ítimí dé-úsáide

( Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh L 3 an 6 Eanáir 2022 )

(IO L Eagrán Speisialta Gaeilge 3, lch. 142)

Ar leathanach 142, san Iarscríbhinn, cuirtear pointe 3B001.f in ionad an mhéid a leanas:

In ionad:

“f.

Trealamh liteagrafaíochta, mar a leanas:

1.

Trealamh céime agus athdhéanta (céim dhíreach ar an sliseog) nó trealamh céime agus scanta (scanóir) d’ailíniú agus do nochtadh chun sliseoga a phróiseáil trí mhodhanna fóta-optúla nó x-ghathacha, ar fíor ina leith aon cheann díobh seo a leanas:

a.

Tá tonnfhad na foinse solais aige ar giorra é ná 193 nm; nó

b.

Tá ar a chumas pátrún a tháirgeadh a bhfuil ‘Méid na Tréithe Intaifithe is Lú’ (MRF) aige arb ionann í agus 45 nm nó ar lú í ná sin;

Nóta Teicniúil:

Déantar ‘Méid na Tréithe Intaifithe is Lú’ (MRF) a ríomh de réir na foirmle a leanas:

Image 1

an fachtóir K = 0.35

2.

Trealamh liteagrafaíochta inphrionta a bhfuil ar a chumas tréithe a tháirgeadh arb ionann iad agus 45 nm nó ar lú iad ná sin;

Nóta:

Áirítear le 3B001.f.2:

Uirlisí priontála micritheagmhála

Uirlisí cabhraíochta te

Uirlisí liteagrafaíochta nana-inphrionta

Uirlisí don liteagrafaíocht inphrionta céime agus splaince (S-FIL)

3.

Trealamh atá saindeartha chun maisc a dhéanamh, ar fíor ina leith gachceann díobh seo a leanas:

a.

Úsáideann sé léas leictreon dírithe sraonta, léas ian nó léas ‘léasair’; agus

b.

Is fíor ina leith aon cheann díobh seo a leanas:

1.

Tá spotmhéid iomlán leithleithid (FWHM) aige atá níos lú ná 65 nm agus socrúchán íomhánna ar lú é ná 17 nm (meán + 3 sigma); nó

2.

Ní úsáidtear;

3.

Tá earráid forleagain dara ciseal aige ar lú í ná 23 nm (meán + 3 sigma) ar an masc;

4.

Trealamh atá deartha chun feistí a phróiseáil, agus úsáid á baint as modhanna scríofa dhírigh, a bhfuil gach ceann díobh seo a leanas aige:

a.

Léas leictreon dírithe sraonta; agus

b.

Is fíor ina leith aon cheann díobh seo a leanas:

1.

Tá íosmhéid léis aige arb ionann í agus 15 nm nó ar lú ná sin í; nó

2.

Tá earráid forleagain aige ar lú í ná 27 nm (meán + 3 sigma);”.


Top