EUR-Lex Access to European Union law

Back to EUR-Lex homepage

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 32013R1292

Rialachán (AE) Uimh. 1292/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Nollaig 2013 lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 294/2008 lena mbunaítear an Institiúid Eorpach um Nuálaíocht agus Teicneolaíocht Téacs atá ábhartha maidir leis an LEE

IO L 347, 20.12.2013, p. 174–184 (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

Legal status of the document No longer in force, Date of end of validity: 27/05/2021; Arna aisghairm go hintuigthe ag 32021R0819

ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2013/1292/oj

20.12.2013   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

174


RIALACHÁN (AE) Uimh. 1292/2013 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

an 11 Nollaig 2013

lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 294/2008 lena mbunaítear an Institiúid Eorpach um Nuálaíocht agus Teicneolaíocht

(Téacs atá ábhartha maidir leis an LEE)

TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 173(3) de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

Tar éis dóibh an dréachtghníomh reachtach a chur chuig na parlaimintí náisiúnta,

Ag féachaint don tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa (1),

Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach (2),

De bharr an méid seo a leanas:

(1)

De réir na Straitéise 'Eoraip 2020 maidir le fás cliste, inbhuanaithe agus uilechuimsitheach, tá ról tábhachtach ag an Institiúid Eorpach um Nuálaíocht agus Teicneolaíocht ("EIT") a rannchuidíonn le roinnt tionscnamh suaitheanta.

(2)

Le linn na tréimhse ó 2014 go 2020 ba cheart go rannchuideodh EIT le cuspóirí "Fís 2020 - an Clár Réime um Thaighde agus Nuálaíocht" a bunaíodh le Rialachán Uimh. 1291/2013 (3) ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle ("Fís 2020"), trí thriantán an ardoideachais, an taighde, agus na nuálaíochta a chomhtháthú.

(3)

Chun creat comhleanúnach a áirithiú do rannpháirtithe in "Fís 2020", ba cheart go mbeadh feidhm ag Rialachán (AE) Uimh. 1290/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (4) (Rialacha maidir le Rannpháirtíocht) maidir le EIT.

(4)

Tugtar sainmhíniú ar na rialacha maidir le cearta maoine intleachtúla a bhainistiú sna Rialacha maidir le Rannpháirtíocht.

(5)

Tugtar sainmhíniú ar na rialacha maidir le comhlachas tríú tíortha in "Fís 2020".

(6)

Ba cheart do EIT fiontraíocht a chothú ina ghníomhaíochtaí ardoideachais, taighde agus nuálaíochta. Ba cheart go ndéanfadh sé, go háirithe, oideachas fiontraíochta den scoth a chur chun cinn agus go dtabharfadh sé tacaíocht do bhunú gnólachtaí nuathionscanta agus gnólachtaí seachthairbheacha.

(7)

Ba cheart do EIT dul i ngleic go díreach le hionadaithe náisiúnta agus réigiúnacha agus le geallsealbhóirí eile ón slabhra nuálaíochta ionas go mbeadh iarmhairtí tairbheacha ar an dá thaobh ann. Chun idirphlé agus malartú den sórt sin a dhéanamh níos córasaí, ba cheart go ndéanfaí Fóram Geallsealbhóirí de chuid EIT a bhunú, ina dtabharfaí le chéile an pobal níos leithne de gheallsealbhóirí faoi shaincheisteanna cothrománacha. Ba cheart do EIT freisin gníomhaíochtaí faisnéise agus cumarsáide a dhéanamh lena ndíreofar ar na geallsealbhóirí ábhartha.

(8)

Ba cheart do EIT rannpháirtíocht a bheadh cothromúil go cuí a chur chun cinn idir na gníomhairí éagsúla ón triantán eolais atá rannpháirteach sna Pobail Eolais agus Nuálaíochta ("PENanna"). Thairis sin, ba cheart dó rannpháirtíocht láidir ón earnáil phríobháideach, go háirithe ó mhicrifhiontair/fhiontair bheagmhéide agus mheánmhéide ("FBManna"), a chur chun cinn.

(9)

Ba cheart go ndéanfaí raon feidhme ranníocaíocht EIT le PENanna a shainiú agus ba cheart bunús achmhainní airgeadais PENanna a shoiléiriú.

(10)

Ba cheart comhdhéanamh chomhlachtaí EIT a shimpliú. Ba cheart feidhmiú Bhord Rialaithe EIT a chuíchóiriú agus ba cheart tuilleadh soiléirithe a dhéanamh ar róil agus ar chúraimí an Bhoird Rialaithe agus an Stiúrthóra faoi seach.

(11)

Ba cheart go ndéanfaí PENanna nua, lena n-áirítear a réimsí tosaíochta agus eagrú agus uainiú an phróisis roghnúcháin, a sheoladh ar bhonn na módúlachtaí arna sainiú sa Chlár Oibre Straitéiseach um Nuálaíocht, tar éis próiseas oscailte, trédhearcach agus iomaíoch a bheith ann.

(12)

Ba cheart do PENanna a gcuid gníomhaíochtaí oideachais a leathnú chun an bonn scileanna ar fud an Aontais a fheabhsú trí chúrsaí gairmiúla agus cúrsaí eile iomchuí oiliúna a sholáthar.

(13)

Ní mór don Choimisiún agus do EIT oibriú i gcomhar le chéile maidir le faireachán agus meastóireachtaí ar PENanna a eagrú d'fhonn comhchuibheas leis an gcóras faireacháin agus meastóireachta foriomlán ar leibhéal an Aontais a áirithiú. Ba cheart, go háirithe, go mbeadh prionsabail shoiléire ann chun faireachán a dhéanamh ar PENanna agus ar EIT.

(14)

Ba cheart do PENanna sineirgí a lorg le tionscnaimh ábhartha Aontais, náisiúnta agus réigiúnacha.

(15)

D'fhonn rannpháirtíocht níos leithne eagraíochtaí ó Bhallstáit éagsúla in PENanna a áirithiú, ba cheart eagraíochtaí comhpháirtíochta a bhunú i dtrí Bhallstát éagsúil ar a laghad.

(16)

Ba cheart do EIT agus do PENanna gníomhaíochtaí for-rochtana a fhorbairt agus na cleachtais is fearr a scaipeadh, lena n-áirítear tríd an Scéim Nuálaíochta Réigiúnach.

(17)

Ba cheart do EIT na critéir agus na nósanna imeachta chun faireachán a dhéanamh ar ghníomhaíochtaí PENanna agus chun na gníomhaíochtaí sin a mhaoiniú agus meastóireacht a dhéanamh orthu a ghlacadh sula seolfar an próiseas roghnúcháin le haghaidh PENanna.

(18)

Ba cheart go ndéanfaí tuairim an Choimisiúin maidir le cuspóirí sonracha EIT, mar a shainítear iad in "Fís 2020", agus a chomhlántachtaí le beartais agus le hionstraimí an Aontais, a chur san áireamh i gClár Saothair Tríbhliantúil EIT.

(19)

Toisc go dtagann EIT faoi "Fís 2020", bainfidh sé le príomhshruthú chaiteachas an athraithe aeráide mar a shainítear in "Fís 2020".

(20)

Ba cheart go bhfaighfí ionchur tráthúil don mheastóireacht ar "Fís 2020" in 2017 agus in 2023 ón meastóireacht ar EIT.

(21)

Ba cheart don Choimisiún a ról a neartú maidir le faireachán a dhéanamh ar chur chun feidhme gnéithe sonracha de ghníomhaíochtaí EIT.

(22)

Leagtar síos leis an Rialachán seo imchlúdach airgeadais do ré iomlán "Fís 2020", arb éard a bheidh ann an príomh-mhéid tagartha de réir bhrí phointe 17 den Chomhaontú Idirinstitiúideach an 2 Nollaig 2013 2013 idir Parlaimint na hEorpa, an Chomhairle agus an Coimisiún maidir le smacht buiséadach, le comhar i gcúrsaí buiséadacha agus le bainistíocht fhónta airgeadais (5), do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle le linn an nós imeachta bhuiséadaigh bhliantúil. Ba cheart go soláthrófaí an ranníocaíocht airgeadais do EIT ó "Fís 2020".

(23)

Cé go rabhthas ag súil leis i dtosach, ní bhfaighidh Fondúireacht EIT ranníocaíocht dhíreach ó bhuiséad an Aontais agus, dá bhrí sin, níor cheart go mbeadh feidhm ag nós imeachta urscaoilte an Aontais leis.

(24)

Ar mhaithe le soiléireacht, ba cheart go gcuirfí Iarscríbhinn nua in ionad na hIarscríbhinne a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 294/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (6).

(25)

Ba cheart, dá bhrí sin, Rialachán (CE) Uimh. 294/2008 a leasú dá réir,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 294/2008 mar a leanas:

(1)

Leasaítear Airteagal 2 mar a leanas:

(a)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe 1:

"1.   ciallaíonn "nuálaíocht": an próiseas, lena n-áirítear fothorthaí an phróisis sin, trína bhfreagraíonn smaointe nua do riachtanais nó d'éileamh ón tsochaí nó ón ngeilleagar agus trína ngintear táirgí nua, seirbhísí nua nó múnlaí nua gnó agus eagraíochta a thugtar isteach go rathúil i margadh atá ann cheana nó atá ábalta margaí nua a chruthú agus a thugann luach don tsochaí;"

(b)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe 2:

"2.   ciallaíonn "Pobal Eolais agus Nuálaíochta" (PEN): comhpháirtíocht uathrialaitheach d'institiúidí ardoideachais, d'eagraíochtaí taighde, de chuideachtaí agus de gheallsealbhóirí eile i bpróiseas na nuálaíochta i bhfoirm gréasáin straitéisigh, beag beann ar an bhfoirm dhlíthiúil bheacht atá aige, atá bunaithe ar chomhphleanáil nuálaíochta sa mheántéarma agus san fhadtéarma chun dúshláin EIT a chomhlíonadh agus chun rannchuidiú le baint amach na gcuspóirí arna mbunú faoi Rialachán (AE) Uimh. 1291/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (7) ("Fís 2020");

(7)  Rialachán (AE) Uimh. 1291/2013 an 11 Nollaig 2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena mbunaítear Fís 2020 - An Clár Réime um Thaighde agus Nuálaíocht (2014-2020) agus lena n-aisghairtear Cinneadh Uimh. 1982/2006/CE (IO L 347, 20.12.2013, lch. 104).""

(c)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe 3:

"3.   ciallaíonn "ionad comhlonnaithe": limistéar geografach ina bhfuil príomh-chomhpháirtithe an triantáin eolais lonnaithe, agus ar féidir leo idirghníomhú go héasca, arb é an pointe fócasach do ghníomhaíocht PENanna sa limistéar sin é;";

(d)

scriostar pointe 4;

(e)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe 5:

"5.   ciallaíonn "eagraíocht chomhpháirtíochta": aon eagraíocht ar comhalta de PEN í, agus féadfar a áireamh leis, go háirithe, institiúidí ardoideachais, eagraíochtaí taighde, cuideachtaí poiblí nó cuideachtaí príobháideacha, institiúidí airgeadais, údaráis réigiúnacha agus údaráis áitiúla, fondúireachtaí agus eagraíochtaí neamhbhrabúis;";

(f)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe 9:

"9.   ciallaíonn "Clár Oibre Straitéiseach um Nuálaíocht" (COSN): doiciméad beartais ina leagtar amach réimsí tosaíochta agus straitéis fhadtéarmach EIT i leith tionscnaimh a bhfuiltear le tabhairt fúthu amach anseo, lena n-áirítear forléargas ar na gníomhaíochtaí ardoideachais, taighde agus nuálaíochta a bheartaítear, ar feadh tréimhse seacht mbliana.";

(g)

cuirtear isteach an pointe seo a leanas:

"9a.   ciallaíonn "Scéim Nuálaíochta Réigiúnach" (SNR): scéim for-rochtana atá dírithe ar chomhpháirtíochtaí idir institiúidí ardoideachais, eagraíochtaí taighde, cuideachtaí agus geallsealbhóirí eile, chun nuálaíocht a chothú ar fud an Aontais;";

(h)

cuirtear isteach na pointí seo a leanas:

"10.   Ciallaíonn "Fóram na nGeallsealbhóirí": ardán atá oscailte d'ionadaithe údarás náisiúnta, réigiúnach agus áitiúil, do leasa eagraithe agus d'eintitis aonair ó ghnó, ón ardoideachas, ó thaighde, ó chomhlachais, ón tsochaí shibhialta agus ó chnuas-eagraíochtaí, mar aon le páirtithe leasmhara eile ón triantán eolais;

11.   Ciallaíonn "gníomhaíochtaí breisluacha PEN": gníomhaíochtaí arna ndéanamh ag eagraíochtaí comhpháirtíochta, nó eintitis dhlíthiúla PEN, i gcás inarb infheidhme, lena gcuirtear le comhtháthú thriantán eolais an ardoideachais, an taighde agus na nuálaíochta, lena n-áirítear gníomhaíochtaí bunaithe, riaracháin agus comhordaithe PENanna, agus lena gcuirtear le cuspóirí foriomlána EIT.".

(2)

Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 3:

"Airteagal 3

Misean agus Cuspóirí

Is é misean EIT cur le fás eacnamaíoch inbhuanaithe na hEorpa agus le hiomaíochas trí chumas nuálaíochta na mBallstát agus an Aontais a athneartú chun dul i ngleic leis na mórdhúshláin a gcaithfidh sochaí na hEorpa aghaidh a thabhairt orthu. Déanfaidh sí sin trí shineirgí agus comhar a chur chun cinn idir an ardoideachas, an taighde agus an nuálaíocht den chaighdeán is airde, agus tríd an méid sin a lánpháirtiú, lena n-áirítear trí fhiontraíocht a chothú.

Tá Cuspóirí Ginearálta, Cuspóirí Sonracha agus táscairí ar thorthaí de chuid EIT don tréimhse ó 2014 go 2020 sainithe in "Fís 2020".".

(3)

Leasaítear Airteagal 4 mar a leanas:

(a)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (a):

"(a)

Bord Rialaithe ar a mbeidh comhaltaí ardleibhéil a bhfuil taithí acu ar an ardoideachas, ar thaighde, ar nuálaíocht agus ar ghnó. Beidh sé freagrach as gníomhaíochtaí EIT a stiúradh, as PENanna a roghnú, a ainmniú agus as meastóireacht a dhéanamh orthu, agus as gach cinneadh straitéiseach eile. Beidh Coiste Feidhmiúcháin de chúnamh aige;";

(b)

scriostar pointe (b);

(c)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (c):

"(c)

Stiúrthóir, arna cheapadh ag an mBord Rialaithe, a bheidh freagrach don Bhord Rialaithe as bainistíocht riaracháin agus airgeadais EIT agus is é a bheidh ina ionadaí dlíthiúil ar EIT;".

(4)

Leasaítear Airteagal 5(1) mar a leanas:

(a)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (a):

"(a)

sainaithneoidh sí a príomhthosaíochtaí agus a príomhghníomhaíochtaí i gcomhréir le COSN;";

(b)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (c):

"(c)

roghnóidh agus ainmneoidh sí PENanna sna réimsí tosaíochta i gcomhréir le hAirteagal 7 agus sainmhíneoidh sí a gcearta agus a n-oibleagáidí trí chomhaontú, cuirfidh sí an tacaíocht iomchuí ar fáil dóibh, cuirfidh sí bearta rialaithe cáilíochta iomchuí i bhfeidhm, déanfaidh sí faireachán leanúnach ar a gcuid gníomhaíochtaí agus déanfaidh sí meastóireacht orthu go tráthrialta, áiritheoidh sí go ndéanfar leibhéal iomchuí comhordaithe agus éascóidh sí cumarsáid agus comhar téamach idir PENanna;";

(c)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (f):

"(f)

cuirfidh sí scaipeadh na gcleachtas is fearr chun cinn chun triantán an eolais a lánpháirtiú, lena n-áirítear i measc PENanna, d'fhonn comhchultúr aistrithe nuálaíochta agus eolais a fhorbairt, agus spreagfaidh sí rannpháirtíocht i ngníomhaíochtaí for-rochtana, lena n-áirítear in SNR;";

(d)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (h):

"(h)

cuirfidh sí cineálacha cur chuige ildisciplíneacha maidir le nuálaíocht chun cinn, lena n-áirítear réitigh theicneolaíocha, shóisialta agus neamhtheicneolaíocha, cineálacha cur chuige eagraíochta agus múnlaí nua gnó a lánpháirtiú;";

(e)

cuirtear isteach na pointí seo a leanas:

"(i)

áiritheoidh sí go mbeidh comhlántacht agus sineirgíocht ann idir gníomhaíochtaí EIT agus cláir eile de chuid an Aontais, i gcás inarb iomchuí;

(j)

cuirfidh sí PENanna chun cinn mar chomhpháirtithe nuálaíochta den scoth laistigh den Aontas agus lasmuigh de;

(k)

bunóidh sí Fóram na nGeallsealbhóirí le heolas a chur in iúl maidir le gníomhaíochtaí EIT, a taithí, a cleachtais is fearr agus a rannchuidiú le beartais agus cuspóirí an Aontais i leith nuálaíochta, taighde agus oideachais agus chun a cheadú do gheallsealbhóirí a ndearcthaí a chur in iúl. Tionólfar cruinniú d'Fhóram na nGeallsealbhóirí uair sa bhliain ar a laghad. Tiocfaidh ionadaithe na mBallstát le chéile i gcumraíocht speisialta, laistigh de chruinniú d'Fhóram na nGeallsealbhóirí, chun cumarsáid iomchuí agus sreabhadh faisnéise le EIT a áirithiú, agus chun go gcuirfear ar an eolas iad maidir lena bhfuil bainte amach, chun comhairle a chur ar fáil do EIT agus do PENanna, agus chun eispéiris a roinnt leo. Déanfaidh an chumraíocht speisialta d'ionadaithe na mBallstát laistigh d'Fhóram na nGeallsealbhóirí a áirithiú go mbeidh sineirgí agus comhlántachtaí iomchuí idir gníomhaíochtaí EIT agus gníomhaíochtaí PEN agus na cláir náisiúnta agus na tionscnaimh náisiúnta, lena n-áirítear an cómhaoiniú náisiúnta a d'fhéadfadh a bheith ann maidir le gníomhaíochtaí PEN.".

(5)

Leasaítear Airteagal 6 mar a leanas:

(a)

leasaítear mír 1 mar a leanas:

(i)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (b):

"(b)

taighde ceannródaíoch agus nuálaíocht-tiomáinte i réimsí ríthábhachtacha ó thaobh an gheilleagair agus na sochaí de, a tharraingíonn ar thorthaí taighde Eorpaigh agus náisiúnta, agus a d'fhéadfadh iomaíochas na hEorpa a neartú ar an leibhéal idirnáisiúnta agus réitigh ar na mórdhúshláin a gcaithfidh sochaí na hEorpa aghaidh a thabhairt orthu a fháil;";

(ii)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (c):

"(c)

gníomhaíochtaí oideachais agus oiliúna ar leibhéal máistreachta agus dochtúireachta, chomh maith le cúrsaí oiliúna gairmiúla, i ndisciplíní a bhfuil sé de chumas iontu riachtanais shocheacnamaíocha na hEorpa sa todhchaí a shásamh, agus a dhéanann bonn sárchumais an Aontais a leathnú amach, agus a chothaíonn forbairt scileanna a bhaineann le nuálaíocht, feabhsú scileanna bainistíochta agus fiontraíochta agus soghluaisteacht taighdeoirí agus mac léinn, agus comhroinnt eolais, meantóireacht agus líonrú i measc faighteoirí céimeanna agus oiliúna a bhfuil lipéad EIT ag gabháil leo a chothú;";

(iii)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (d):

"(d)

gníomhaíochtaí for-rochtana agus scaipeadh na gcleachtas is fearr in earnáil na nuálaíochta agus béim ar fhorbairt an chomhair idir earnálacha an ardoideachais, an taighde agus an ghnó, lena n-áirítear na hearnálacha seirbhíse agus airgeadais;";

(iv)

cuirtear isteach an pointe seo a leanas:

"(e)

sineirgí agus comhlántachtaí a lorg idir gníomhaíochtaí PEN agus cláir Eorpacha, náisiúnta agus réigiúnacha atá ann cheana, i gcás inarb iomchuí.";

(b)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 2:

"2.   Beidh uathriail shubstaintiúil fhoriomlán ag PENanna chun a n-eagraíocht inmheánach agus a gcomhdhéanamh a shainiú, mar aon lena gcláir oibre bheachta agus lena modhanna oibre beachta. Déanfaidh PENanna, go háirithe, an méid seo a leanas:

(a)

socruithe rialachais a bhunú a thugann léargas ar an triantán eolais arb éard atá ann an t-ardoideachas, an taighde agus an nuálaíocht;

(b)

a bheith d'aidhm acu a bheith ar oscailt do chomhaltaí nua i gcás inar luach breise don chomhpháirtíocht iad na comhaltaí seo.

(c)

feidhmiú ar bhealach oscailte agus trédhearcach, i gcomhréir lena rialacha inmheánacha;

(d)

pleananna gnó a bhunú lena ngabhfaidh cuspóirí agus príomhtháscairí feidhmíochta;

(e)

straitéisí le haghaidh inbhuanaitheachta airgeadais a bhunú.".

(6)

Leasaítear Airteagal 7 mar a leanas:

(a)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 1:

"1.   Roghnóidh agus ainmneoidh EIT comhpháirtíocht le bheith ina PEN de réir nós imeachta iomaíoch, oscailte agus trédhearcach a bheith ann. Glacfaidh agus foilseoidh EIT critéir mhionsonraithe chun PENanna a roghnú, bunaithe ar phrionsabail an fheabhais agus ábharthacht na nuálaíochta. Beidh saineolaithe seachtracha agus neamhspleácha rannpháirteach sa phróiseas roghnúcháin.";

(b)

cuirtear isteach an mhír seo a leanas:

"1a.   Seolfaidh EIT roghnú agus ainmniú PENanna de réir na réimsí tosaíochta agus an sceidil ama a shainítear in COSN.";

(c)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 2:

"2.   I gcomhréir leis na prionsabail a chumhdaítear i mír 1, áireofar, inter alia, na nithe seo a leanas sa chritéir roghnúcháin maidir le PEN a ainmniú:

(a)

an cumas nuálaíochta reatha agus an cumas nuálaíochta ionchasach, lena n-áirítear fiontraíocht, laistigh den chomhpháirtíocht, maille lena feabhas san ardoideachas, sa taighde agus sa nuálaíocht;

(b)

cumas na comhpháirtíochta spriocanna COSN a bhaint amach agus ar an gcaoi sin rannchuidiú le cuspóir ginearálta agus tosaíochtaí ginearálta "Fís 2020";

(c)

an cur chuige ildisciplíneach maidir le nuálaíocht, lena n-áirítear réitigh theicneolaíocha, shóisialta agus neamhtheicneolaíocha a lánpháirtiú;

(d)

cumas na comhpháirtíochta maoiniú inbhuanaithe, fadtéarmach agus féinchothaitheach a áirithiú lena n-áirítear ranníocaíocht shubstaintiúil agus mhéadaitheach ón earnáil phríobháideach, ón tionscal agus ó sheirbhísí;

(e)

rannpháirtíocht atá cothromúil go hiomchuí i gcomhpháirtíocht eagraíochtaí atá gníomhach i dtriantán eolais an ardoideachais, an taighde agus na nuálaíochta;

(f)

go dtaispeánfar go bhfuil plean ann chun maoin intleachtúil a bhainistiú a bheidh oiriúnach don earnáil lena mbaineann, lena n-áirítear an tslí inar cuireadh an rannchuidiú ó na heagraíochtaí comhpháirtíochta éagsúla san áireamh;

(g)

bearta a thabharfaidh tacaíocht do rannpháirteachas na hearnála príobháidí agus do chomhoibriú léi, lena n-áirítear an earnáil airgeadais agus FBManna go háirithe, maille le tacaíocht a thabhairt do chruthú gnólachtaí nuathionscanta, gnólachtaí seachthairbheacha agus FBManna, d'fhonn torthaí ghníomhaíochtaí PENanna a shaothrú ar bhonn tráchtála;

(h)

a thoilteanaí atá sé bearta nithiúla a bhunú chun idirghníomhú leis an bpobal agus leis na tríú hearnálacha, mar is iomchuí.

(i)

a thoilteanaí atá sé idirghníomhú le heagraíochtaí agus le líonraí eile lasmuigh de PEN d'fhonn na cleachtais is fearr agus ardchaighdeán feabhais a roinnt;

(j)

a thoilteanaí atá sé tograí nithiúla a bhunú le haghaidh sineirgí le tionscnaimh eile de chuid an Aontais agus tionscnaimh ábhartha eile.";

(d)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 3:

"3.   An t-íoschoinníoll a chuirtear le PEN a bhunú go mbeidh ar a laghad trí eagraíocht chomhpháirtíochta rannpháirteach ann, a bheidh bunaithe i dtrí Bhallstát éagsúla ar a laghad. Caithfidh gach eagraíocht chomhpháirtíochta den sórt sin a bheith neamhspleách ar a chéile, de réir bhrí Airteagal 8 de Rialachán (AE) Uimh. 1290/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (8)

(8)  Rialachán (AE) Uimh. 1290/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Nollaig 2013 lena leagtar síos na rialacha maidir le rannpháirtíocht agus leathadh i "Fís 2020 - an Clár Réime um Thaighde agus Nuálaíocht (2014-2020)" agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 1906/2006 (IO L 347, 20.12.2013, lch. 81).";"

(e)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 4:

"4.   I dteannta an choinníll a leagtar amach i mír 3, beidh dhá thrian ar a laghad de na heagraíochtaí comhpháirtíochta a bhunaíonn PEN bunaithe sna Ballstáit. Beidh institiúid ardoideachais amháin agus cuideachta phríobháideach amháin ar a laghad ina gcuid de gach PEN.";

(f)

cuirtear isteach an mhír seo a leanas:

"5.   Maidir leis na critéir agus na nósanna imeachta chun gníomhaíochtaí PENanna a mhaoiniú agus chun faireachán agus meastóireacht a dhéanamh orthu, glacfaidh agus foilseoidh EIT iad sula seolfar an nós imeachta roghnúcháin le haghaidh PENanna nua. Déanfar an chumraíocht speisialta d'ionadaithe na mBallstát laistigh d'Fhóram na nGeallsealbhóirí a chur ar an eolas go pras fúthu.".

(7)

Cuirtear isteach na hAirteagail seo a leanas:

"Airteagal 7a

Prionsabail maidir le meastóireacht agus faireachán a dhéanamh ar PENanna

Déanfaidh EIT, ar bhonn príomhtháscairí feidhmíochta a leagtar amach, inter alia, i Rialachán (AE) Uimh. 1291/2013 agus in COSN, agus i gcomhar leis an gCoimisiún, faireachán leanúnach agus meastóireachtaí seachtracha tráthrialta ar aschur, ar thorthaí agus ar thionchar gach PEN a eagrú. Tabharfar tuarascáil maidir le torthaí faireacháin agus meastóireachtaí den sórt sin do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle agus déanfar iad a phoibliú.

Airteagal 7b

Ré PEN, leanúint le PEN agus críoch a chur le PEN

1.   Faoi réir fhothorthaí an fhaireacháin leanúnaigh agus na meastóireachtaí tráthrialta agus faoi réir saintréithe réimsí ar leith, creat ama idir seacht mbliana agus cúig bliana déag a bheidh ag PEN de ghnáth.

2.   Féadfaidh EIT creat-chomhaontú comhpháirtíochta a bhunú le PEN le haghaidh tréimhse tosaigh seacht mbliana.

3.   Féadfaidh an Bord Rialaithe cinneadh a dhéanamh fad a chur leis an gcreat-chomhaontú comhpháirtíochta le PEN ar feadh tréimhse níos faide ná an tréimhse a socraíodh i dtús báire, laistigh de theorainneacha an imchlúdaigh airgeadais dá dtagraítear in Airteagal 19, más sin an bealach is iomchuí chun cuspóirí EIT a bhaint amach.

4.   I gcás ina n-aimseoidh meastóireachtaí ar PEN torthaí nach bhfuil leordhóthanach, glacfaidh an Bord Rialaithe bearta iomchuí, lena n-áirítear an tacaíocht airgeadais atá aige a laghdú, a mhodhnú nó a tharraingt siar nó deireadh a chur leis an gcomhaontú.".

(8)

In Airteagal 8(2), cuirtear isteach an pointe seo a leanas:

"(aa)

na cleachtais is fearr a scaipeadh maidir le saincheisteanna cothrománacha;".

(9)

Scriostar Airteagal 10.

(10)

Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 13(2):

"2.   Poibleoidh EIT a rialacha nós imeachta, a sainrialacha airgeadais dá dtagraítear in Airteagal 21(1) agus na critéir mhionsonraithe chun PENanna a roghnú dá dtagraítear in Airteagal 7 sula ndéanfar glaonna ar thograí chun na PENanna a roghnú a eisiúint.".

(11)

Leasaítear Airteagal 14 mar a leanas:

(a)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 2:

"2.   Maoineofar PENanna ó na foinsí seo a leanas, go háirithe:

(a)

ranníocaíochtaí ó eagraíochtaí comhpháirtíochta, a bheidh ina bhfoinse shubstaintiúil maoinithe;

(b)

ranníocaíochtaí deonacha ó na Ballstáit, ó thríú tíortha nó ó údaráis phoiblí laistigh díobh sin;

(c)

ranníocaíochtaí ó chomhlachtaí idirnáisiúnta nó ó institiúidí idirnáisiúnta;

(d)

ioncam a ghintear trí shócmhainní dílse agus trí ghníomhaíochtaí dílse PENanna agus trí ríchíosanna ó chearta maoine intleachtúla;

(e)

dearlaicí caipitil, lena n-áirítear na cinn sin atá á mbainistiú ag Fondúireacht EIT;

(f)

tiomnachtaí, deonacháin agus ranníocaíochtaí ó dhaoine aonair, ó institiúidí, ó fhondúireachtaí nó ó aon chomhlachtaí náisiúnta eile;

(g)

an ranníocaíocht ó EIT;

(h)

ionstraimí airgeadais, lena n-áirítear iad sin arna maoiniú ó bhuiséad ginearálta an Aontais.

D'fhéadfadh ranníocaíochtaí comhchineáil a bheith san áireamh le ranníocaíochtaí.".

(b)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 4:

"4.   Féadfar suas le 100 % de chostais incháilithe iomlána ghníomhaíochtaí breisluacha PEN a chumhdach le ranníocaíocht EIT le PENanna.".

(c)

cuirtear isteach na míreanna seo a leanas:

"6.   Ní rachaidh ranníocaíocht EIT, ar an meán, thar 25 % de mhaoiniú iomlán PEN.

7.   Bunóidh EIT sásra athbhreithnithe iomaíoch chun cion iomchuí dá ranníocaíocht airgeadais a leithdháileadh ar PENanna. Áireofar leis measúnú phleananna gnó agus fheidhmíocht PENanna mar a thomhaistear iad trí fhaireachán leanúnach.".

(12)

Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 15:

"Airteagal 15

Clárú agus tuairisciú

1.   Glacfaidh EIT clár saothair rollach tríbhliantúil, a bheidh bunaithe ar COSN, a luaithe a ghlacfar é, lena mbeidh ráiteas maidir le mórthosaíochtaí agus le mórthionscnaimh bheartaithe EIT agus PENanna, lena n-áirítear meastachán ar riachtanais mhaoinithe agus ar fhoinsí maoinithe. Beidh táscairí iomchuí ann freisin chun faireachán a dhéanamh ar ghníomhaíochtaí PENanna agus EIT, agus úsáid á baint as cur chuige dírithe ar thorthaí. Cuirfidh EIT an réamhchlár saothair rollach tríbhliantúil faoi bhráid an Choimisiúin faoin 31 Nollaig den bhliain a chríochnaíonn dhá bhliain roimh theacht i bhfeidhm an chláir saothair rollaigh thríbhliantúil i dtrácht (bliain N - 2).

Tabharfaidh an Coimisiún tuairim i leith chuspóirí sonracha EIT mar a shainítear in "Fís 2020" agus a chomhlántachtaí le beartais agus le hionstraimí an Aontais laistigh de thrí mhí tar éis tíolacadh an chláir oibre. Tabharfaidh EIT aird chuí ar thuairim an Choimisiúin, agus i gcás easaontais tabharfaidh sé údar maith lena seasamh féin. Tarchuirfidh EIT an clár saothair deiridh chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle, chuig an gCoimisiún, chuig Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa agus chuig Coiste na Réigiún, mar eolas. Arna iarraidh sin, cuirfidh an Stiúrthóir an clár oibre deiridh faoi bhráid an choiste fhreagraigh de chuid Pharlaimint na hEorpa;

2.   Glacfaidh EIT tuarascáil bhliantúil faoin 30 Meitheamh gach bliain. Leagfar amach sa tuarascáil na gníomhaíochtaí a reáchtáil EIT agus PENanna i gcaitheamh na bliana roimhe sin agus déanfar na torthaí a mheasúnú inti maidir leis na cuspóirí, leis na táscairí agus leis an amchlár a socraíodh, leis na rioscaí a bhaineann leis na gníomhaíochtaí a cuireadh i gcrích, le húsáid acmhainní agus le hoibriú ginearálta EIT. Tarchuirfidh EIT an tuarascáil bhliantúil chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle agus cuirfidh sí iad ar an eolas uair amháin sa bhliain ar a laghad faoi ghníomhaíochtaí EIT, faoina rannchuidiú le "Fís 2020" agus le beartais agus cuspóirí an Aontais i leith nuálaíochta, taighde agus oideachais.".

(13)

Leasaítear Airteagal 16 mar a leanas:

(a)

i mír 2, cuirtear an focal "trí" in ionad an fhocail "cúig";

(b)

cuirtear isteach an mhír seo a leanas:

"2a.   Féadfaidh an Coimisiún tabhairt faoi bhreis meastóireachtaí ar théamaí nó ar ábhair atá ábhartha go straitéiseach, le cúnamh ó shaineolaithe neamhspleácha, chun scrúdú a dhéanamh ar an dul chun cinn atá déanta ag EIT i dtreo na gcuspóirí a leagtar síos, chun na fachtóirí a chuireann le cur chun feidhme na ngníomhaíochtaí a shainaithint agus chun na cleachtais is fearr a shainaithint. Agus an méid sin á dhéanamh aige, déanfaidh an Coimisiún an tionchar riaracháin ar EIT agus ar PENanna a bhreithniú go hiomlán.".

(14)

Leasaítear Airteagal 17 mar a leanas:

(a)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 2:

"2.   Sainmhíneoidh COSN na réimsí tosaíochta agus an straitéis fhadtéarmach do EIT ina gcuimseofar measúnú ar a tionchar socheacnamaíoch agus ar a cumas an breisluach nuálaíochta is fearr a ghineadh. Cuirfidh COSN torthaí an fhaireacháin agus na meastóireachta ar EIT dá dtagraítear in Airteagal 16 san áireamh chomh maith.";

(b)

cuirtear isteach an mhír seo a leanas:

"2a.   Áireofar le COSN anailís ar na sineirgí agus na comhlántachtaí iomchuí agus ar na sineirgí agus na comhlántachtaí a d'fhéadfadh a bheith ann idir gníomhaíochtaí EIT agus tionscnaimh, ionstraimí agus cláir eile de chuid an Aontais.";

(c)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 4:

"4.   Ag gníomhú dóibh ar thogra ón gCoimisiún, glacfaidh Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle COSN i gcomhréir le hAirteagal 173(3) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh.".

(15)

Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 19:

"Airteagal 19

Gealltanais bhuiséadacha

1.   Déantar leis seo an t-imchlúdach airgeadais ó "Fís 2020" chun an Rialachán seo a chur chun feidhme don tréimhse ón 1 Eanáir 2014 go dtí an 31 Nollaig 2020 a shocrú mar EUR 2 711,4 milliún i bpraghsanna reatha.

2.   Is é a bheidh sa mhéid sin ná an phríomhthagairt do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle le linn an nós imeachta bhuiséadaigh, de réir bhrí phointe 17 den Chomhaontú Idirinstitiúideach an 2 Nollaig 2013 idir Parlaimint na hEorpa, an Chomhairle agus an Coimisiún maidir le smacht buiséadach, le comhar in ábhair bhuiséadacha agus le bainistíocht fhónta airgeadais (9).

3.   Údaróidh Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle na leithreasuithe bliantúla faoi theorainn an chreata airgeadais. Soláthrófar ranníocaíocht airgeadais EIT le PENanna faoin imchlúdach airgeadais.

(9)  IO C 373, 20.12.2013, lch. 1.""

(16)

Leasaítear Airteagal 20 mar a leanas:

(a)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 5:

"5.   Glacfaidh an Bord Rialaithe an dréachtmheastachán, a mbeidh dréachtphlean bunaíochta, agus an réamhchlár saothair rollach tríbhliantúil ag gabháil leis, agus cuirfear ar aghaidh chuig an gCoimisiún iad faoin 31 Nollaig de bhliain N - 2.".

(b)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 6:

"6.   Ar bhonn an mheastacháin sin, cuirfidh an Coimisiún na meastacháin a mheasfaidh sé a bheith riachtanach do mhéid an fhóirdheontais a bheidh le gearradh ar an mbuiséad ginearálta isteach i ndréachtbhuiséad ginearálta an Aontais.".

(17)

Leasaítear Airteagal 21 mar a leanas

(a)

cuirtear isteach an mhír seo a leanas:

"1a.   Cuirfear an ranníocaíocht airgeadais le EIT chun feidhme i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 1290/2013 agus le Rialachán (AE) Uimh. 1291/2013.";

(b)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 4:

"4.   Ar mholadh ón gComhairle, tabharfaidh Parlaimint na hEorpa urscaoileadh i leith bhliain N don Stiúrthóir maidir le cur chun feidhme bhuiséad EIT roimh 15 Bealtaine de bhliain N + 2.".

(18)

Scriostar Airteagal 22(4).

(19)

Cuirtear isteach an tAirteagal seo a leanas:

"Airteagal 22a

Foirceannadh EIT

I gcás ina ndéanfar EIT a fhoirceannadh, déanfar í a leachtú faoi mhaoirseacht an Choimisiúin i gcomhréir leis na dlíthe is infheidhme. Is iad na comhaontuithe le PENanna agus an ionstraim lena mbunaítear Fondúireacht EIT a leagfaidh síos na forálacha iomchuí i gcás den sórt sin.".

Airteagal 2

Cuirfear an Iarscríbhinn a ghabhann leis an Rialachán seo in ionad na hIarscríbhinne a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 294/2008.

Airteagal 3

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an 1 Eanáir 2014.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh in Strasbourg an 11 Nollaig 2013.

Thar ceann Pharlaimint na hEorpa

An tUachtarán

M. SCHULZ

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

V. LEŠKEVIČIUS


(1)  IO C 181, 21.6.2012, lch. 122.

(2)  Seasamh ó Pharlaimint na hEorpa an 21 Samhain 2013.

(3)  Rialachán (AE) Uimh. 1291/2013 11 Nollaig 2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an … lena mbunaítear 'Fís 2020' – An Clár Réime um Thaighde agus Nuálaíocht (2014-2020) (Féach leathanach 104 den Iris Oifigiúil seo).

(4)  Rialachán (AE) Uimh. 1290/2013 11 Nollaig 2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena leagtar síos na rialacha maidir le rannpháirtíocht agus leathadh i ‘Fís 2020’ – an Clár Réime um Thaighde agus Nuálaíocht (2014-2020), Féach leathanach 81 den Iris Oifigiúil seo

(5)  IO C 373, 20.12.2013, lch. 1.

(6)  Rialachán (CE) Uimh 294/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Márta 2008 lena mbunaítear an Institiúid Eorpach um Nuálaíocht agus Teicneolaíocht (IO L 97, 9.4.2008, lch. 1).


IARSCRÍBHINN

Reachtanna na hInstitiúide Eorpaí um Nuálaíocht agus Teicneolaíocht

ROINN 1

COMHDHÉANAMH AN BHOIRD RIALAITHE

1.

Beidh comhaltaí ceaptha agus comhaltaí ionadaíocha araon ar an mBord Rialaithe.

2.

Beidh 12 chomhalta cheaptha ann, arna gceapadh ag an gCoimisiún, lena soláthrófar cothromaíocht idir iad siúd a bhfuil taithí acu ar ghnó, ar an ardoideachas agus ar thaighde. Téarma oifige ceithre bliana nach bhféadfar a athnuachan a bheidh acu.

Nuair is gá, cuirfidh an Bord Rialaithe togra faoi bhráid an Choimisiúin maidir le comhalta/comhaltaí nua a cheapadh. Roghnófar an t-iarrthóir/na hiarrthóirí ar bhonn toraidh nós imeachta thrédhearcaigh agus oscailte, lena ngabhann comhairliúchán le geallsealbhóirí.

Tabharfaidh an Coimisiún aird ar an gcothromaíocht idir taithí ar an ardoideachas, ar thaighde, ar nuálaíocht agus ar ghnó agus ar chothromaíocht inscne agus gheografach agus ar thuiscint ar an timpeallacht ardoideachais, taighde agus nuálaíochta ar fud an Aontais.

Ceapfaidh an Coimisiún an comhalta/na comhaltaí agus cuirfidh sé Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle ar an eolas maidir leis an bpróiseas roghnúcháin agus maidir le ceapachán deiridh chomhaltaí sin an Bhoird Rialaithe.

I gcás nach mbeidh ar chumas comhalta ceaptha a théarma oifige a chríochnú, ceapfar comhalta ionadaíoch tríd an nós imeachta céanna a úsáideadh chun an comhalta éagumasaithe a cheapadh, d'fhonn téarma oifige an chomhalta sin a chríochnú. Féadfaidh an Coimisiún comhalta ionadaíoch, a bhfuil téarma oifige níos lú ná dhá bhliain curtha isteach acu, a athcheapadh le haghaidh tréimhse ceithre bliana breise ar iarratas ón mBord Rialaithe.

Le linn idirthréimhse, déanfaidh na comhaltaí Boird a ceapadh ar feadh tréimhse sé bliana ar dtús a gcuid téarmaí oifige a chomhlíonadh. Go dtí an t-am sin, beidh 18 gcomhalta cheaptha ann. Laistigh de shé mhí tar éis theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo, roghnóidh an Bord Rialaithe, le formheas an Choimisiúin, aon trian den dáréag comhaltaí a cheapfar in 2012 chun téarma oifige dhá bhliain a chur isteach, agus roghnóidh sé aon trian le haghaidh tréimhse ceithre bliana agus aon trian le haghaidh tréimhse sé bliana.

In imthosca eisceachtúla agus bonn cirt cuí leo, chun iontaofacht an Bhoird Rialaithe a choinneáil, féadfaidh an Coimisiún, ar a thionscnamh féin, téarma oifige comhalta den Bhord a fhoirceannadh.

3.

Toghfaidh PENanna triúr comhaltaí ionadaíocha óna n-eagraíochtaí comhpháirtíochta. Téarma oifige dhá bhliain ar féidir é a athnuachan uair amháin a bheidh acu. Beidh deireadh lena dtéarma oifige má fhágann siad PEN.

Is é an Bord Rialaithe a ghlacfaidh na coinníollacha agus na nósanna imeachta chun comhaltaí ionadaíocha a thoghadh agus chun comhaltaí eile a chur ina n-ionad ar bhonn togra ón Stiúrthóir. Leis an sásra seo, áireofar go ndéanfar ionadaíocht iomchuí ar an éagsúlacht agus cuirfear éabhlóid PENanna san áireamh.

Le linn idirthréimhse, déanfaidh na comhaltaí ionadaíocha a toghadh ar feadh tréimhse trí bliana ar dtús a gcuid téarmaí oifige a chomhlíonadh. Go dtí an t-am sin, beidh ceathrar comhaltaí ionadaíocha ann.

4.

Gníomhóidh comhaltaí an Bhoird Rialaithe chun leasa EIT, agus cosnóidh siad a spriocanna, a misean, a céannacht,a huathriail agus a comhsheasmhacht ar bhealach neamhspleách agus trédhearcach.

ROINN 2

FREAGRACHTAÍ AN BHOIRD RIALAITHE

Déanfaidh an Bord Rialaithe na cinntí straitéiseacha is gá, go háirithe:

(a)

dréacht-Chlár Oibre Straitéiseach um Nuálaíocht (COSN), clár saothair rollach tríbhliantúil, buiséad, cuntais bhliantúla agus clár comhardaithe agus tuarascáil bhliantúil gníomhaíochta EIT a ghlacadh, ar bhonn togra ón Stiúrthóir;

(b)

critéir agus nósanna imeachta a ghlacadh chun gníomhaíochtaí PENanna a mhaoiniú, agus chun faireachán agus meastóireacht a dhéanamh orthu, ar bhonn togra ón Stiúrthóir;

(c)

an nós imeachta roghnúcháin maidir le PENanna a ghlacadh;

(d)

comhpháirtíocht a roghnú agus a ainmniú mar PEN nó ainmniúchán a tharraingt siar i gcás inarb iomchuí;

(e)

an mheastóireacht leanúnach ar ghníomhaíochtaí PENanna a áirithiú;

(f)

a rialacha nós imeachta a ghlacadh, rialacha nós imeachta maidir leis an gCoiste Feidhmiúcháin, chomh maith le rialacha sonracha airgeadais EIT;

(g)

táillí cuí do chomhaltaí an Bhoird Rialaithe agus do chomhaltaí an Choiste Feidhmiúcháin a shainiú, trí chomhaontú leis an gCoimisiún; déanfar táillí den sórt sin a thagarmharcáil i gcoinne luacha saothair chomhchosúil sna Ballstáit;

(h)

nós imeachta a ghlacadh chun an Coiste Feidhmiúcháin agus an Stiúrthóir a roghnú;

(i)

an Stiúrthóir a cheapadh agus, más gá, an Stiúrthóir a bhriseadh as a phost nó as a post, agus údarás araíonachta a fheidhmiú air nó uirthi;

(j)

an tOifigeach Cuntasaíochta agus comhaltaí an Choiste Feidhmiúcháin a cheapadh;

(k)

cód dea-iompair a ghlacadh maidir le coinbhleachtaí leasa;

(l)

grúpaí comhairleacha a bhunú, i gcás inarb iomchuí, a bhféadfaidh ré shainithe a bheith acu;

(m)

Feidhm Iniúchóireachta Inmheánach a bhunú i gcomhréir le Rialachán (CE, Euratom) Uimh. 2343/2002 ón gCoimisiún (1);

(n)

beidh sé de chumhacht aige Fondúireacht a bhunú, a mbeidh sé de shainchuspóir aici gníomhaíochtaí EIT a chur chun cinn agus tacaíocht a thabhairt dóibh;

(o)

cinneadh maidir le beartas teanga EIT, agus prionsabail atá ann cheana maidir le hilteangachas agus riachtanais phraiticiúla a cuid oibríochtaí á gcur san áireamh;

(p)

EIT a chur chun cinn ar fud an domhain, d'fhonn a mealltacht a mhéadú agus comhlacht den chéad scoth a dhéanamh di maidir le hardchaighdeán feabhais san ardoideachas, sa taighde agus sa nuálaíocht.

ROINN 3

FEIDHMIÚ AN BHOIRD RIALAITHE

1.

Toghfaidh an Bord Rialaithe a Chathaoirleach as líon na gcomhaltaí ceaptha. Dhá bhliain a mhairfidh téarma oifige an Chathaoirligh agus féadfar an téarma oifige a athnuachan aon uair amháin.

2.

Gan dochar do mhír 3, déanfaidh an Bord Rialaithe cinntí a ghlacadh trí thromlach simplí dá chomhaltaí a bhfuil ceart vótála acu.

Éileoidh cinntí faoi phointí (a), (b), (c), (i) agus (o) de Roinn 2, agus faoi mhír 1 den Roinn seo tromlach dhá thrian dá chomhaltaí a bhfuil ceart vótála acu, áfach.

3.

Ní fhéadfaidh na comhaltaí ionadaíocha vóta a chaitheamh ar chinntí faoi phointí (b), (c), (d), (e), (f), (g), (i), (j), (k), (o) agus (p) de Roinn 2..

4.

Tiocfaidh an Bord Rialaithe le chéile i ngnáthsheisiún trí huaire in aghaidh na bliana ar a laghad, agus tiocfaidh sé le chéile i seisiún urghnách nuair a thionólfaidh an Cathaoirleach é sin nó ar iarratas ó aon trian dá chomhaltaí uile ar a laghad.

5.

Beidh an Coiste Feidhmiúcháin de chúnamh ag an mBord Rialaithe. Triúr comhaltaí ceaptha a bheidh ar an gCoiste Feidhmiúcháin agus Cathaoirleach an Bhoird Rialaithe a bheidh ina Chathaoirleach ar an gCoiste Feidhmiúcháin chomh maith. Roghnóidh an Bord Rialaithe an triúr comhaltaí eile seachas an Cathaoirleach as líon chomhaltaí ceaptha an Bhoird Rialaithe. Féadfaidh an Bord Rialaithe cúraimí sonracha a tharmligean chuig an gCoiste Feidhmiúcháin.

ROINN 4

AN STIÚRTHÓIR

1.

Duine a bheidh sa Stiúrthóir a bhfuil saineolas aige agus ardcháil air sna réimsí ina bhfeidhmíonn EIT. Ceapfaidh an Bord Rialaithe an Stiúrthóir ar feadh téarma oifige ceithre bliana. Féadfaidh an Bord Rialaithe síneadh ama ceithre bliana a chur leis an téarma oifige sin aon uair amháin má mheasann sé gur le leas EIT é déanamh amhlaidh.

2.

Beidh an Stiúrthóir freagrach as oibríochtaí agus as EIT a bhainistiú ó lá go lá agus is é an Stiúrthóir a bheidh ina ionadaí dlíthiúil uirthi. Beidh an Stiúrthóir freagrach don Bhord Rialaithe agus tuairisceoidh sé dó ar bhonn leanúnach maidir le forbairt ghníomhaíochtaí EIT.

3.

Déanfaidh an Stiúrthóir an méid seo a leanas, go háirithe:

(a)

gníomhaíochtaí EIT a eagrú agus a bhainistiú;

(b)

tacaíocht a thabhairt don Bhord Rialaithe agus don Choiste Feidhmiúcháin ina gcuid oibre, an rúnaíocht a chur ar fáil dá gcruinnithe agus gach faisnéis is gá a sholáthar chun go bhféadfaidh siad a ndualgais a chur i gcrích;

(c)

dréacht-COSN, réamhchlár saothair rollach tríbhliantúil, an dréacht-thuarascáil bhliantúil agus an dréachtbhuiséad bliantúil a ullmhú d'fhonn iad a chur faoi bhráid an Bhoird Rialaithe;

(d)

an nós imeachta roghnúcháin le haghaidh PENanna a ullmhú agus a riaradh agus a áirithiú go gcuirfear na céimeanna éagsúla den phróiseas sin i bhfeidhm ar bhealach trédhearcach agus oibiachtúil;

(e)

comhaontuithe conarthacha le PENanna a ullmhú, a chaibidliú agus a thabhairt i gcrích;

(f)

Fóram na nGeallsealbhóirí a eagrú, lena n-áirítear an chumraíocht speisialta d'ionadaithe na mBallstát;

(g)

a áirithiú go gcuirfear nósanna imeachta éifeachtúla faireacháin agus meastóireachta maidir le feidhmiú EIT chun feidhme i gcomhréir le hAirteagal 16 den Rialachán seo;

(h)

beidh an Stiúrthóir freagrach as cúrsaí riaracháin agus airgeadais, lena n-áirítear buiséad EIT a chur chun feidhme, agus aird iomchuí á tabhairt ar an gcomhairle a gheofar ón bhFeidhm Iniúchóireachta Inmheánach;

(i)

beidh an Stiúrthóir freagrach as cúrsaí uile na foirne;

(j)

na dréachtchuntais bhliantúla agus an clár comhardaithe a chur faoi bhráid na Feidhme Iniúchóireachta Inmheánaí agus ina dhiaidh sin faoi bhráid an Bhoird Rialaithe, tríd an gCoiste Feidhmiúcháin;

(k)

a áirithiú go gcomhlíonfar oibleagáidí EIT maidir leis na conarthaí agus na comhaontuithe atá tugtha i gcrích aici.

(l)

cumarsáid éifeachtach a áirithiú le hinstitiúidí an Aontais;

(m)

gníomhóidh an Stiúrthóir chun leasa EIT, agus a spriocanna agus a misean, a céannacht a huathriail agus a comhsheasmhacht a choimirciú ar bhealach neamhspleách agus trédhearcach.

ROINN 5

FOIREANN EIT

1.

Is é a bheidh i bhfoireann EIT comhaltaí foirne a bheidh fostaithe go díreach ag EIT faoi chonarthaí ar théarma seasta. Beidh feidhm ag coinníollacha fostaíochta sheirbhísigh eile an Aontais Eorpaigh maidir leis an Stiúrthóir agus maidir le foireann EIT.

2.

Féadfar saineolaithe a thabhairt ar iasacht do EIT ar feadh tréimhse teoranta. Glacfaidh an Bord Rialaithe forálacha lena gcuirfear ar chumas saineolaithe a bheidh ar iasacht obair a dhéanamh in EIT agus lena saineofar cearta agus freagrachtaí na saineolaithe sin.

3.

Feidhmeoidh EIT, i leith a foirne féin, na cumhachtaí arna dtarmligean chuig an údarás arna údarú chun na conarthaí lena foireann a chur i gcrích.

4.

Féadfar a cheangal ar chomhalta foirne aon damáiste a fhulaingeoidh EIT a shlánú go hiomlán nó go páirteach, i gcás inar damáiste é a rinneadh de thoradh mí-iompair thromchúisigh uaidh nó uaithi i bhfeidhmiú a dhualgas nó a dualgas nó a bhain le feidhmiú a dhualgas nó a dualgas.


(1)  Rialachán (CE, Euratom) Uimh. 2343/2002 ón gCoimisiún an 23 Nollaig 2002 maidir leis an gcreat-Rialachán Airgeadais do na comhlachtaí dá dtagraítear in Airteagal 185 de Rialachán (CE, Euratom) Uimh. 1605/2002 ón gComhairle maidir leis an Rialachán Airgeadais is infheidhme maidir le buiséad ginearálta na gComhphobal Eorpach (IO L 357, 31.12.2002, lch. 72).


Top