EUR-Lex Access to European Union law

Back to EUR-Lex homepage

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 32011R0304

Rialachán (AE) Uimh. 304/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 9 Márta 2011 lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 708/2007 ón gComhairle maidir le speicis choimhthíocha agus speicis nach bhfaightear go háitiúil a úsáid sa dobharshaothrú

IO L 88, 4.4.2011, p. 1–4 (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

Foilsíodh an doiciméad seo in eagrán speisialta (HR)

Legal status of the document In force

ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2011/304/oj

4.4.2011   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L NaN/1


RIALACHÁN (AE) Uimh. 304/2011 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

an 9 Márta 2011

lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 708/2007 ón gComhairle maidir le speicis choimhthíocha agus speicis nach bhfaightear go háitiúil a úsáid sa dobharshaothrú

TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 43(2) de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

Ag féachaint do na tuairimí ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa (1),

Tar éis dóibh an dréachtghníomh reachtach a chur chuig na parlaimintí náisiúnta,

Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach (2),

De bharr an méid seo a leanas:

(1)

Le Rialachán (CE) Uimh. 708/2007 ón gComhairle (3), bunaítear creat lena rialaítear cleachtais sa dobharshaothrú i ndáil le speicis choimhthíocha agus speicis nach bhfaightear go háitiúil chun measúnú agus íoslaghdú a dhéanamh ar an tionchar a d’fhéadfadh a bheith ag na speicis sin agus ag speicis ghaolmhara nach spriocspeicis iad ar ghnáthóga uisceacha. Foráiltear leis go bhféadfadh sé tarlú go ndéanfar tabhairt isteach agus aistriú speiceas ar mhaithe lena n-úsáid i saoráidí dúnta dobharshaothraithe a dhíolmhú, amach anseo, ón gceanglas maidir le ceadúnas atá i gCaibidil III den Rialachán sin, ach an díolúine sin a bheith bunaithe ar fhaisnéis nua eolaíoch agus ar chomhairle nua eolaíoch.

(2)

Tá sainmhíniú oibríochtúil nua ar “saoráidí dúnta dobharshaothraithe” curtha ar fáil tríd an ngníomhaíocht chomhbheartaithe, dar teideal “Na tionchair chomhshaoil a ghabhann le speicis choimhthíocha sa dobharshaothrú” (IMPASSE), ar gníomhaíocht í atá á maoiniú ag an gComhphobal. I gcás saoráidí a thagann faoi réim an tsainmhínithe sin, is féidir an riosca a bhaineann le speicis choimhthíocha agus le speicis nach bhfaightear go háitiúil a laghdú go leibhéal inghlactha má dhírítear aird ar an acmhainn éalaithe atá ag na horgánaigh atá le feirmshaothrú agus ag na horgánaigh nach spriocorgánaigh iad, agus iad á n-iompar, agus má dhéantar prótacail dhea-shainithe i bhfeidhm sa tsaoráid ghlactha. Níor cheart tabhairt isteach agus aistriú na nithe sin, ar mhaithe lena n-úsáid i saoráidí dúnta dobharshaothraithe, a dhíolmhú ón gceanglas maidir le ceadúnas ach amháin i gcás ina ndéantar na coinníollacha sin a chomhlíonadh.

(3)

Dá bhrí sin, is gá an sainmhíniú ar “saoráid dhúnta dobharshaothraithe” atá i Rialachán (CE) Uimh. 708/2007 a leasú trí thréithe sonracha a chur leis atá beartaithe chun bithshlándáil na saoráidí sin a áirithiú.

(4)

Ba cheart do na Ballstáit liosta a tharraingt suas de na saoráidí dúnta dobharshaothraithe atá ann ina gcríocha. Ar chúiseanna trédhearcachta, ba cheart an liosta sin a fhoilsiú agus a thabhairt cothrom le dáta go rialta ar láithreán gréasáin a chuirfí ar bun i gcomhréir le Rialachán (CE) Uimh. 535/2008 ón gCoimisiún an 13 Meitheamh 2008 lena leagtar síos rialacha mionsonraithe maidir le cur chun feidhme Rialachán (CE) Uimh. 708/2007 ón gComhairle maidir le speicis choimhthíocha agus speicis nach bhfaightear go háitiúil a úsáid sa dobharshaothrú (4).

(5)

Mar gheall ar na leasuithe sin, is gá oiriúnuithe áirithe eile a dhéanamh ar Rialachán (CE) Uimh. 708/2007, go háirithe na tagairtí do “saoráidí dúnta dobharshaothraithe” a bhaint as an sainmhíniú ar “gnáthghluaiseacht” agus as Iarscríbhinn I.

(6)

Ba cheart go gcumhachtófaí don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 290 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (CFAE), chun Iarscríbhinn I, Iarscríbhinn II agus Iarscríbhinn III a oiriúnú don dul chun cinn teicniúil agus eolaíoch, Iarscríbhinn IV a leasú chun speicis a chur leis an Iarscríbhinn sin agus sonraíochtaí a ghlacadh i gcomhair na gcoinníollacha is gá i gcomhair speicis a chur le hIarscríbhinn IV. Tá sé tábhachtach go háirithe go ndéanfaidh an Coimisiún na comhairliúcháin iomchuí le linn a chuid oibre ullmhúcháin, lena n-áirítear ar leibhéal saineolaithe.

(7)

Maidir leis na bearta atá riachtanach chun an Rialachán seo a chur chun feidhme, ba cheart don Choimisiún iad a ghlacadh le gníomhartha cur chun feidhme i gcomhréir le hAirteagal 291 CFAE.

(8)

Ba cheart an téarma “Comhphobal” a úsáidtear i dtéarmaí achtacháin Rialachán (CE) Uimh. 708/2007 a athrú, tar éis theacht i bhfeidhm Chonradh Liospóin an 1 Nollaig 2009.

(9)

Ba cheart, dá bhrí sin, Rialachán (CE) Uimh. 708/2007 a leasú dá réir,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 708/2007 leis seo mar a leanas:

(1)

In Airteagal 2(1), i dteideal Airteagal 13, in Airteagal 15(2), agus i dteideal Airteagal 19 cuirtear an t-ainmfhocal “Aontas” in ionad an ainmfhocail “Comhphobal” agus déanfar aon athruithe gramadaí is gá mar thoradh ar an ionadú sin.

(2)

Leasaítear Airteagal 2 mar a leanas:

(a)

I mír 5, cuirtear an méid seo a leanas in ionad na chéad abairte:

“5.   Seachas i gcás Airteagal 3, Airteagal 4(1) agus Airteagal 4(2)(a), ní bheidh feidhm ag an Rialachán seo maidir leis na speicis atá liostaithe in Iarscríbhinn IV.”;

(b)

Cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 7:

“7.   Ní bheidh feidhm ag Caibidil III go Caibidil VI maidir le gluaiseachtaí speiceas coimhthíoch ná maidir le gluaiseachtaí speiceas nach bhfaightear go háitiúil, ar speicis iad a bheidh le coinneáil i saoráidí dúnta dobharshaothraithe, ar choinníoll go ndéantar an t-iompar faoi choinníollacha a choisceann éalú na speiceas sin agus éalú na speiceas nach spriocspeicis iad.

Déanfaidh na Ballstáit liosta a tharraingt suas de na saoráidí dúnta dobharshaothraithe atá ina gcríoch agus a chomhlíonann an sainmhíniú atá in Airteagal 3(3) agus tabharfaidh siad an liosta sin cothrom le dáta go rialta. Faoin 25 Deireadh Fómhair 2011, foilseofar an liosta ar an láithreán gréasáin arna chur ar bun i gcomhréir le hAirteagal 4(2) de Rialachán (CE) Uimh. 535/2008 ón gCoimisiún (5) lena leagtar síos rialacha mionsonraithe maidir le cur chun feidhme an Rialacháin seo.

(3)

Leasaítear Airteagal 3 mar a leanas:

(a)

Cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe 3:

“3.

Ciallaíonn ‘saoráid dhúnta dobharshaothraithe’ saoráid ar talamh:

(a)

ar saoráid í:

(i)

ina ndéantar dobharshaothrú i meán uisceach a bhfuil athchúrsaíocht uisce i gceist leis; agus

(ii)

nach dteagmhaíonn sceitheanna inti ar aon slí le huiscí oscailte sula ndéantar iad a scagthástáil agus a mhionscagadh nó a shíothlú agus a chóireáil chun cosc a chur le scaoileadh dramhaíola soladaí isteach sa chomhshaol uisce agus le héalú speiceas feirmshaothraithe agus speiceas nach spriocspeicis iad ón tsaoráid, ar speicis iad a d’fhéadfadh teacht slán agus atáirgeadh ina dhiaidh sin;

(b)

agus ar saoráid í:

(i)

lena gcoisctear cailliúint eiseamal tógtha nó speiceas nach spriocspeicis iad agus cailliúint ábhair bhitheolaíoch eile, lena n-áirítear pataiginí, mar gheall ar thosca, amhail creachadóirí (e.g. éin) agus tuilte (e.g. ní mór an tsaoráid a bheith suite achar sábháilte ó uiscí oscailte de réir measúnaithe chuí arna dhéanamh ag na húdaráis inniúla);

(ii)

lena gcoisctear, ar bhealach réasúnach, cailliúint eiseamal tógtha nó speiceas nach spriocspeiceas iad agus cailliúint ábhair bhitheolaíoch eile, lena n-áirítear pataiginí, mar gheall ar ghadaíocht agus loitiméireacht; agus

(iii)

lena n-áirithítear diúscairt iomchuí orgánach marbh;”;

(b)

Cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe 16:

“16.

ciallaíonn ‘gnáthghluaiseacht’ gluaiseacht orgánach uisceach ó fhoinse, ar gluaiseacht í a bhfuil riosca íseal ag gabháil léi go ndéanfar speicis nach spriocspeicis iad a aistriú lena linn agus nach mbeidh ina cúis le drochiarmhairtí éiceolaíocha mar gheall ar shaintréithe na n-orgánach uisceach agus/nó mar gheall ar an modh dobharshaothraithe a bheidh le húsáid;”.

(4)

In Airteagal 4, cuirtear an uimhir “1” leis an mír atá ann cheana agus cuirtear an mhír seo a leanas leis:

“2.   Déanfaidh na húdaráis inniúla sna Ballstáit faireachán agus maoirseacht ar ghníomhaíochtaí dobharshaothraithe ionas go n-áiritheofar:

(a)

go gcomhlíonann saoráidí dúnta dobharshaothraithe na ceanglais atá leagtha síos in Airteagal 3(3); agus

(b)

go ndéantar an t-iompar ó shaoráidí dúnta dobharshaothraithe agus an t-iompar chucu faoi dhálaí de chineál a choisceann éalú speiceas coimhthíoch nó speiceas nach spriocspeicis iad.”.

(5)

Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 14:

“Airteagal 14

Scaoileadh isteach i saoráidí dobharshaothraithe i gcás gnáth-thabhairt isteach

Maidir le gnáth-thabhairt isteach, déanfar scaoileadh orgánach uisceach isteach i saoráidí dobharshaothraithe a cheadú gan choraintín ná scaoileadh píolótach, mura rud é, i gcásanna eisceachtúla, go gcinnfidh an t-údarás inniúil a mhalairt ar bhonn comhairle sonraí arna tabhairt ag an gcoiste comhairleach. Is i gcomhréir le hAirteagal 6 agus le hAirteagal 7 a mheasfar gur gnáthghluaiseachtaí nó nach gnáthghluaiseachtaí iad gluaiseachtaí ó shaoráid dhúnta dobharshaothraithe go dtí saoráid oscailte dobharshaothraithe.”.

(6)

Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 24:

“Airteagal 24

Leasuithe ar na hiarscríbhinní agus ar na rialacha mionsonraithe

1.   Féadfaidh an Coimisiún, le gníomhartha tarmligthe i gcomhréir le hAirteagal 24a agus faoi réir na gcoinníollacha a leagtar síos in Airteagal 24b agus in Airteagal 24c:

(a)

Iarscríbhinn I, Iarscríbhinn II agus Iarscríbhinn III a ghabhann leis an Rialachán seo a leasú chun iad a oiriúnú don dul chun cinn teicniúil agus eolaíoch,

(b)

sonraíochtaí a ghlacadh i gcomhair na gcoinníollacha is gá maidir le speicis a chur le hIarscríbhinn IV, de réir mar a fhoráiltear i mír 3, agus

(c)

speicis a chur le hIarscríbhinn IV i gcás ina gcomhlíontar na coinníollacha dá bhforáiltear i mír 3 agus na sonraíochtaí breise a ghabhann leo.

2.   Nuair atá gníomhartha tarmligthe dá dtagraítear i mír 1 á nglacadh, gníomhóidh an Coimisiún i gcomhréir leis an Rialachán seo.

3.   Chun go bhféadfar speiceas orgánaigh uiscigh a chur le hIarscríbhinn IV, ní mór a bheith tar éis an t-orgánach uisceach sin a úsáid i ndobharshaothrú i gcodanna áirithe den Aontas le linn tréimhse ama fada (faoi threoir a shaolré) gan aon éifeacht dhíobhálach agus ní mór tabhairt isteach agus aistriú an orgánaigh uiscigh sin a bheith indéanta gan aon ghluaiseacht chomhthráthach a bheith ann i gcás speiceas nach spriocspeicis iad agus a bhféadfadh éifeacht dhíobhálach a bheith ag gabháil leo.

4.   Féadfaidh na Ballstáit a iarraidh ar an gCoimisiún speicis a chur le hIarscríbhinn IV. Féadfaidh na Ballstáit sonraí eolaíocha a sholáthar chun comhleanúnachas a chruthú i leith na gcritéar ábhartha maidir le speicis a chur le hIarscríbhinn IV. Déanfaidh an Coimisiún cinneadh maidir le hoiriúnacht iarrata laistigh de chúig mhí tar éis an iarraidh a fháil, gan an t-am a thógfaidh an Ballstát chun faisnéis bhreise a sholáthar a chur san áireamh más rud é go n-iarrann an Coimisiún amhlaidh.

5.   Féadfaidh na Ballstáit lena mbaineann a mholadh, i dtaca leis na réigiúin is forimeallaí dá gcuid dá dtagraítear in Airteagal 349 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, go ndéanfar speicis bhreise a áireamh i gcuid ar leithligh d’Iarscríbhinn IV.

6.   Féadfaidh an Coimisiún rialacha mionsonraithe a ghlacadh maidir le mír 4 agus le mír 5 a chur chun feidhme, agus go háirithe formáidí, inneachar agus sonraí iarrataí na mBallstát chun speicis bhreise a chur san áireamh agus an fhaisnéis atá le soláthar chun tacú leis na hiarrataí sin, i gcomhréir leis an nós imeachta dá dtagraítear in Airteagal 30(2) de Rialachán (CE) Uimh. 2371/2002.”.

(7)

Cuirtear isteach na hAirteagail seo a leanas:

“Airteagal 24a

An tarmligean a fheidhmiú

1.   Maidir leis an gcumhacht chun na gníomhartha tarmligthe dá dtagraítear in Airteagal 24 a ghlacadh, tabharfar don Choimisiún í go ceann tréimhse cúig bliana ón 24 Aibreán 2011. Déanfaidh an Coimisiún, sé mhí ar a dhéanaí roimh dheireadh na tréimhse cúig bliana, tuarascáil a thabhairt maidir leis an gcumhacht tharmligthe. Déanfar tarmligean na cumhachta a fhadú go huathoibríoch ar feadh tréimhsí comhfhaid, mura rud é go ndéanfaidh Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle an tarmligean a chúlghairm i gcomhréir le hAirteagal 24b.

2.   A luaithe a ghlacfaidh sé gníomh tarmligthe, tabharfaidh an Coimisiún fógra do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle ina leith ag an am céanna.

3.   Is faoi réir na gcoinníollacha a leagtar síos in Airteagal 24b agus in Airteagal 24c a thugtar an chumhacht don Choimisiún chun gníomhartha tarmligthe a ghlacadh.

Airteagal 24b

An tarmligean a chúlghairm

1.   Féadfaidh Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle tarmligean na cumhachta dá dtagraítear in Airteagal 24 a chúlghairm aon tráth.

2.   Féachfaidh an institiúid a mbeidh tús curtha aici le nós imeachta inmheánach lena gcinnfear an ndéanfar tarmligean na cumhachta a chúlghairm le fógra a thabhairt ina leith sin don institiúid eile agus don Choimisiún laistigh de thréimhse réasúnach sula nglacfar an cinneadh críochnaitheach, agus luafaidh sí an chumhacht tharmligthe a d’fhéadfadh a bheith faoi réir cúlghairme agus na cúiseanna a d’fhéadfadh a bheith leis an gcúlghairm sin.

3.   Cuirfidh an cinneadh chun an tarmligean a chúlghairm deireadh le tarmligean na cumhachta a shonrófar sa chinneadh sin. Gabhfaidh éifeacht leis láithreach nó ar dháta níos déanaí a shonrófar ann. Ní dhéanfaidh an cinneadh sin difear do bhailíocht na ngníomhartha tarmligthe atá i bhfeidhm cheana féin. Foilseofar in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh é.

Airteagal 24c

Agóidí i gcoinne gníomhartha tarmligthe

1.   Féadfaidh Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle agóid a dhéanamh i gcoinne gnímh tharmligthe laistigh de thréimhse dhá mhí ón dáta a thugtar an fógra.

Ar thionscnamh ó Pharlaimint na hEorpa nó ón gComhairle, déanfar an tréimhse sin a fhadú dhá mhí.

2.   Más rud é, nuair a rachaidh an tréimhse dá dtagraítear i mír 1 in éag, nach mbeidh agóid déanta ag Parlaimint na hEorpa ná ag an gComhairle i gcoinne an ghnímh tharmligthe foilseofar in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh é agus tiocfaidh sé i bhfeidhm ar an dáta a bheidh luaite ann.

Féadfar an gníomh tarmligthe a fhoilsiú in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh agus féadfaidh sé teacht i bhfeidhm sula rachaidh an tréimhse in éag, más rud é gur chuir Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle araon an Coimisiún ar an eolas nach bhfuil sé ar intinn acu agóidí a dhéanamh.

3.   Má dhéanann Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle agóid i gcoinne gnímh tharmligthe laistigh den tréimhse dá dtagraítear i mír 1, ní thiocfaidh an gníomh sin i bhfeidhm. Luafaidh an institiúid a dhéanann an agóid na cúiseanna leis an agóid a dhéanamh i gcoinne an ghnímh tharmligthe.”.

(8)

Leasaítear Iarscríbhinn I mar a leanas:

(a)

Cuirtear an méid seo a leanas in ionad na chéad mhíre:

“Aon uair is féidir, déanfar tagairtí ón litríocht eolaíochta, agus nótaí maidir le cumarsáid phearsanta le húdaráis eolaíochta agus le saineolaithe iascaigh, a thabhairt mar thacaíocht leis an bhfaisnéis.”;

(b)

Leasaítear Roinn D (“Idirghníomhaíocht le speicis dhúchasacha”) mar a leanas:

(i)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe 1:

“(1)

Cén acmhainn atá ag an orgánach a thugtar isteach chun teacht slán agus é féin a bhunú má éalaíonn sé?”;

(ii)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe 6:

“(6)

An dtiocfaidh na horgánaigh a tugadh isteach slán agus an atáirgfidh siad go rathúil sa limistéar ina bhfuil sé beartaithe iad a thabhairt isteach nó an mbeidh stocáil bhliantúil ag teastáil?”.

Airteagal 2

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh in Strasbourg, an 9 Márta 2011.

Thar ceann Pharlaimint na hEorpa

An tUachtarán

J. BUZEK

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

GYŐRI E.


(1)  IO C 354, 28.12.2010, lch. 88, agus IO C 51, 17.2.2011, lch. 80.

(2)  Seasamh ó Pharlaimint na hEorpa an 23 Samhain 2010 (nár foilsíodh fós san Iris Oifigiúil) agus cinneadh ón gComhairle an 21 Feabhra 2011.

(3)  IO L 168, 28.6.2007, lch. 1.,

(4)  IO L 156, 14.6.2008, lch. 6.

(5)  IO L 156, 14.6.2008, lch. 6.”.


Top