EUR-Lex Access to European Union law
This document is an excerpt from the EUR-Lex website
Document 42011A0708(01)
Agreement between the Member States of the European Union, meeting within the Council, regarding the protection of classified information exchanged in the interests of the European Union
Comhaontú idir Bhallstáit an Aontais Eorpaigh, ag teacht le chéile dóibh i dtionól na Comhairle, maidir le cosaint faisnéise rúnaicmithe a mhalartaítear ar mhaithe le leas an Aontais Eorpaigh
Comhaontú idir Bhallstáit an Aontais Eorpaigh, ag teacht le chéile dóibh i dtionól na Comhairle, maidir le cosaint faisnéise rúnaicmithe a mhalartaítear ar mhaithe le leas an Aontais Eorpaigh
IO C 202, 8.7.2011, p. 13–23
(BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)
IO C 122, 19.4.2017, p. 20–25
(HR)
In force
8.7.2011 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
C NaN/13 |
COMHAONTÚ
idir Bhallstáit an Aontais Eorpaigh, ag teacht le chéile dóibh i dtionól na Comhairle, maidir le cosaint faisnéise rúnaicmithe a mhalartaítear ar mhaithe le leas an Aontais Eorpaigh
2011/C 202/05
TÁ IONADAITHE RIALTAIS NA mBALLSTÁT, AG TEACHT LE CHÉILE DÓIBH I dTIONÓL NA COMHAIRLE,
De bharr an méid seo a leanas:
(1) |
Aithníonn Ballstáit an Aontais Eorpaigh (dá ngairtear “na Páirtithe” anseo feasta) go bhféadfadh sé, ar mhaithe le comhairliúchán agus comhar a bheadh iomlán agus éifeachtach a bhunú, go mbeadh orthu faisnéis rúnaicmithe a mhalartú eatarthu féin ar mhaithe le leas an Aontais Eorpaigh, agus eatarthu féin agus institiúidí an Aontais Eorpaigh nó eatarthu féin agus gníomhaireachtaí, comhlachtaí nó oifigí arna mbunú ag institiúidí an Aontais Eorpaigh. |
(2) |
Is é an mhian is comhchoiteann do na Páirtithe rannchuidiú le creat ginearálta comhtháite, cuimsitheach a bhunú um chosaint faisnéise rúnaicmithe a thagann ó na Páirtithe ar mhaithe le leas an Aontais Eorpaigh, ó institiúidí an Aontais Eorpaigh, nó ó ghníomhaireachtaí, ó chomhlachtaí nó ó oifigí arna mbunú ag institiúidí an Aontais Eorpaigh nó a gheofar ó thríú tíortha nó ó eagraíochtaí idirnáisiúnta sa chomhthéacs sin. |
(3) |
Is eol do na Páirtithe gur gá bearta iomchuí cosanta a bhunú don fhaisnéis rúnaicmithe sin le go mbeifear in ann rochtain a fháil uirthi agus í a mhalartú, |
TAR ÉIS COMHAONTÚ MAR A LEANAS:
Airteagal 1
Is é is cuspóir don Chomhaontú seo a áirithiú go gcosnóidh na Páirtithe faisnéis rúnaicmithe:
(a) |
a thagann ó institiúidí an Aontais Eorpaigh, nó ó ghníomhaireachtaí, ó chomhlachtaí nó ó oifigí arna mbunú ag institiúidí an Aontais Eorpaigh nó a chuirtear ar fáil do na Páirtithe nó a mhalartaítear leo; |
(b) |
a thagann ó na Páirtithe agus a chuirtear ar fáil d’institiúidí an Aontais Eorpaigh nó a mhalartaítear leo, nó a chuirtear ar fáil do ghníomhaireachtaí, do chomhlachtaí nó d’oifigí arna mbunú ag institiúidí an Aontais Eorpaigh nó a mhalartaítear leo; |
(c) |
a thagann ó na Páirtithe d’fhonn go gcuirfear ar fáil í nó go malartófar eatarthu í ar mhaithe le leas an Aontais Eorpaigh agus atá marcáilte lena chur in iúl go bhfuil sí faoi réir an Chomhaontaithe seo; |
(d) |
a gheobhaidh institiúidí an Aontais Eorpaigh nó gníomhaireachtaí, comhlachtaí nó oifigí arna mbunú ag institiúidí an Aontais Eorpaigh ó thríú Stáit nó ó eagraíochtaí idirnáisiúnta agus a dhéanfar a chur ar fáil do na Páirtithe nó a mhalartú leo. |
Airteagal 2
Chun críocha an Chomhaontaithe seo, ciallóidh “faisnéis rúnaicmithe” aon fhaisnéis nó aon ábhar, i bhfoirm ar bith, a bhféadfadh a nochtadh neamhúdaraithe céimeanna éagsúla dochair a dhéanamh do leasanna an Aontais Eorpaigh nó do leasanna Ballstáit amháin nó níos mó, agus ar a mbeidh ceann amháin de na marcanna aicmiúcháin seo a leanas nó marc comhfhreagrach aicmiúcháin mar a leagtar amach san Iarscríbhinn:
— |
“TRÈS SECRET UE/EU TOP SECRET”. Cuirtear an marc seo ar fhaisnéis agus ar ábhar a bhféadfadh a nochtadh neamhúdaraithe dochar an-tromchúiseach a dhéanamh do leasa sár-riachtanacha an Aontais Eorpaigh nó do leasa sár-riachtanacha Ballstáit amháin nó níos mó, |
— |
“SECRET UE/EU SECRET”. Cuirtear an marc seo ar fhaisnéis agus ar ábhar, a bhféadfadh a nochtadh neamhúdaraithe dochar tromchúiseach a dhéanamh do leasa sár-riachtanacha an Aontais Eorpaigh nó do leasa sár-riachtanacha Ballstáit amháin nó níos mó, |
— |
“CONFIDENTIEL UE/EU CONFIDENTIAL”. Cuirtear an marc seo ar fhaisnéis agus ar ábhar, a bhféadfadh a nochtadh neamhúdaraithe dochar a dhéanamh do leasa sár-riachtanacha an Aontais Eorpaigh nó do leasa sár-riachtanacha Ballstáit amháin nó níos mó, |
— |
“RESTREINT UE/EU RESTRICTED”. Cuirtear an marc seo ar fhaisnéis agus ar ábhar, a bhféadfadh a nochtadh neamhúdaraithe míbhuntáistí a chruthú do leasa an Aontais Eorpaigh nó do leasa Ballstáit amháin nó níos mó. |
Airteagal 3
1. Glacfaidh na Páirtithe gach beart is iomchuí i gcomhréir lena ndlíthe náisiúnta agus lena rialacháin náisiúnta féin chun a áirithiú go mbeidh leibhéal na cosanta a thugtar d’fhaisnéis rúnaicmithe atá faoi réir an Chomhaontaithe seo coibhéiseach leis an leibhéal cosanta a thugtar le rialacha slándála Chomhairle an Aontais Eorpaigh maidir le cosaint fhaisnéis rúnaicmithe an AE a bhfuil marc comhfhreagrach aicmiúcháin uirthi mar a leagtar amach san Iarscríbhinn é.
2. Ní dochar aon ní sa Chomhaontú seo do na dlíthe náisiúnta ná do rialacháin na bPáirtithe maidir le rochtain phoiblí ar dhoiciméid, maidir le cosaint na sonraí pearsanta ná le cosaint na faisnéise rúnaicmithe.
3. Tabharfaidh na Páirtithe fógra do thaiscí an Chomhaontaithe seo maidir le haon athruithe do na haicmiúcháin slándála a leagtar amach san Iarscríbhinn. Ní bheidh feidhm ag Airteagal 11 maidir le fógraí dá samhail.
Airteagal 4
1. Maidir le faisnéis rúnaicmithe a chuirfear ar fáil nó a mhalartófar faoin gComhaontú seo, áiritheoidh gach Páirtí:
(a) |
nach ndéanfar í a íosghrádú ná a scaoileadh ó rúnaicmiú gan cead i scríbhinn a fháil ón tionscnóir; |
(b) |
nach n-úsáidfear í chun críoch eile seachas na críocha a shocróidh an tionscnóir; |
(c) |
nach ndéanfar í a nochtadh d’aon tríú Stát ná d’aon eagraíocht idirnáisiúnta gan cead i scríbhinn a fháil roimh ré ón tionscnóir agus comhaontú nó socrú iomchuí a bheith déanta, leis an tríú Stát nó leis an eagraíocht idirnáisiúnta lena mbaineann, maidir le cosaint na faisnéise rúnaicmithe. |
2. I gcomhréir lena cheangaltais bhunreachtúla, lena dhlíthe náisiúnta agus lena rialacháin féin, déanfaidh gach Páirtí an prionsabal um chead ón tionscnóir a urramú.
Airteagal 5
1. Áiritheoidh gach Páirtí go dtabharfar rochtain ar fhaisnéis rúnaicmithe ar bhonn phrionsabal riachtanas na rochtana sin.
2. Áiritheoidh na Páirtithe nach dtabharfar rochtain ar fhaisnéis rúnaicmithe a mbeidh an marc aicmiúcháin “CONFIDENTIEL UE/EU CONFIDENTIAL” uirthi nó marc aicmiúcháin níos airde ná sin nó marc aicmiúcháin coibhéiseach mar a leagtar amach san Iarscríbhinn é ach do dhaoine aonair a mbeidh an t-imréiteach slándála iomchuí acu nó a dhéanfar a chuí-údarú ar shlí eile de bhua a bhfeidhmeanna i gcomhréir le dlíthe náisiúnta agus le rialacháin náisiúnta.
3. Áiritheoidh gach Páirtí go ndéanfar na daoine go léir a dtabharfar rochtain dóibh ar fhaisnéis rúnaicmithe a chur ar an eolas maidir lena bhfreagracht an fhaisnéis sin a chosaint i gcomhréir leis na rialacháin slándála iomchuí.
4. Arna iarraidh sin, soláthróidh na Páirtithe cúnamh frithpháirteach, i gcomhréir lena ndlíthe agus lena rialacháin náisiúnta féin, agus imscrúduithe slándála á gcur i gcrích acu maidir le himréitigh slándála.
5. I gcomhréir lena dhlíthe agus lena rialacháin náisiúnta, áiritheoidh gach Páirtí go mbeidh imréiteach slándála iomchuí faighte ag aon eintiteas a bheidh faoina dhlínse agus a gheobhaidh nó a ghinfidh faisnéis rúnaicmithe agus go mbeidh an t-eintiteas sin in ann cosaint oiriúnach a chur ar fáil, mar a fhoráiltear in Airteagal 3(1), ar an leibhéal slándála iomchuí.
6. Faoi chuimsiú an Chomhaontaithe seo, féadfaidh gach Páirtí na himréitigh slándála pearsanra agus saoráidí arna n-eisiúint ag Páirtí eile a aithint.
Airteagal 6
Áiritheoidh na Páirtithe go gcosnófar go cuí gach faisnéis rúnaicmithe a bheidh faoi chuimsiú an Chomhaontaithe seo agus a tharchuirfear, a mhalartófar nó a aistreofar iontu nó eatarthu, mar a fhoráiltear in Airteagal 3(1).
Airteagal 7
Mar a fhoráiltear in Airteagal 3(1), áiritheoidh gach Páirtí go gcuirfear na bearta iomchuí chun feidhme chun go gcosnófar faisnéis rúnaicmithe a phróiseálfar, a stórálfar nó a tharchuirfear i gcórais chumarsáide agus faisnéise. Leis na bearta sin, áiritheofar rúndacht, sláine, infhaighteacht agus, más infheidhme, neamhshéanadh agus barántúlacht na faisnéise rúnaicmithe, mar aon le leibhéal iomchuí cuntasachta agus inrianaitheachta don ghníomhú a dhéantar i ndáil leis an bhfaisnéis sin.
Airteagal 8
Arna iarraidh sin, cuirfidh na Páirtithe ar fáil dá chéile faisnéis ábhartha maidir lena rialacha slándála agus lena rialacháin slándála féin.
Airteagal 9
1. Glacfaidh na Páirtithe gach beart is iomchuí, i gcomhréir lena ndlíthe náisiúnta agus lena rialacháin náisiúnta féin, chun cásanna a imscrúdú inarb eol gur cuireadh as d’fhaisnéis rúnaicmithe atá faoi chuimsiú an Chomhaontaithe seo nó gur cailleadh í nó ina mbeidh forais réasúnacha amhrais ann gur cuireadh as di nó gur cailleadh í.
2. Aon pháirtí a fhaigheann amach gur cuireadh as d’fhaisnéis nó gur cailleadh í, cuirfidh sé an tionscnóir ar an eolas faoi sin láithreach agus cuirfidh sé an tionscnóir ar an eolas ina dhiaidh sin faoi thoradh deiridh an imscrúdaithe agus faoi na bearta ceartaitheacha a glacadh le cinntiú nach dtarlódh sé an athuair. Arna iarraidh sin, féadfaidh aon Pháirtí ábhartha eile cúnamh imscrúdaitheach a sholáthar.
Airteagal 10
1. Ní dhéanfaidh an Comhaontú seo aon difear do chomhaontuithe nó do shocruithe atá ann, ar comhaontuithe nó socruithe iad a ghlac aon Pháirtí air féin maidir le cosaint nó malartú faisnéise rúnaicmithe.
2. Ní choiscfidh an Comhaontú seo ar na Páirtithe comhaontuithe nó socruithe eile a ghlacadh orthu féin maidir le faisnéis rúnaicmithe dá tionscnamh féin a chosaint nó a mhalartú, ar choinníoll nach mbeidh na comhaontuithe nó na socruithe sin ag teacht salach ar an gComhaontú seo.
Airteagal 11
Féadfar an Comhaontú seo a leasú trí chomhaontú i scríbhinn idir na Páirtithe. Aon leasú a dhéanfar, tiocfaidh sé i bhfeidhm nuair a gheofar fógra de bhun Airteagal 13(2).
Airteagal 12
Aon díospóid a bheidh ann idir dhá Pháirtí nó níos mó maidir le léirmhíniú nó cur i bhfeidhm an Chomhaontaithe seo, is trí chomhairliúchán idir na Páirtithe lena mbaineann a dhéanfar í a réiteach.
Airteagal 13
1. Cuirfidh na Páirtithe in iúl d’Ardrúnaí Chomhairle an Aontais Eorpaigh go bhfuil na nósanna imeachta inmheánacha is gá chun go dtiocfaidh an Comhaontú seo i bhfeidhm curtha i gcrích acu.
2. Tiocfaidh an Comhaontú seo i bhfeidhm ar an gcéad lá den dara mí tar éis fógra a bheith tugtha d’Ardrúnaí Chomhairle an Aontais Eorpaigh go bhfuil na nósanna imeachta inmheánacha is gá chun go dtiocfaidh sé i bhfeidhm curtha i gcrích ag an bPáirtí is déanaí a chuirfidh i gcrích iad.
3. Is é Ardrúnaí Chomhairle an Aontais Eorpaigh taiscí an Chomhaontaithe seo, ar comhaontú í a fhoilseofar in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Airteagal 14
Dréachtaíodh an Comhaontú seo i scríbhinn bhunaidh amháin sa Bhéarla, sa Bhulgáiris, sa Danmhairgis, san Eastóinis, san Fhionlainnis, sa Fhraincis, sa Ghaeilge, sa Ghearmáinis, sa Ghréigis, san Iodáilis, sa Laitvis, sa Liotuáinis, sa Mháltais, san Ollainnis, sa Pholainnis, sa Phortaingéilis, sa Rómáinis, sa tSeicis, sa tSlóivéinis, sa tSlóvaicis, sa Spáinnis, sa tSualainnis agus san Ungáiris, agus comhúdarás ag gach ceann de na trí théacs is fiche sin.
DÁ FHIANÚ SIN, chuir Ionadaithe Rialtais na mBallstát thíos-sínithe a lámh leis an gComhaontú seo, ag teacht le chéile dóibh i dtionól na Comhairle.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil an ceathrú lá de Bhealtaine sa bhliain dhá mhíle a haon déag.
Voor de regering van het Koninkrijk België
Pour le gouvernement du Royaume de Belgique
Für die Regierung des Königreichs Belgien
За правителството на Република България
Za vládu České republiky
For Kongeriget Danmarks regering
Für die Regierung der Bundesrepublik Deutschland
Eesti Vabariigi valitsuse nimel
Thar ceann Rialtas na hÉireann
For the Government of Ireland
Για την Κυβέρνηση της Ελληνικής Δημοκρατίας
Por el Gobierno del Reino de España
Pour le gouvernement de la République française
Per il Governo della Repubblica italiana
Για την Κυβέρνηση της Κυπριακής Δημοκρατίας
Latvijas Republikas valdības vārdā
Lietuvos Respublikos Vyriausybės vardu
Pour le gouvernement du Grand-Duché de Luxembourg
A Magyar Köztársaság kormánya részéről
Għall-Gvern ta’ Malta
Voor de Regering van het Koninkrijk der Nederlanden
Für die Regierung der Republik Österreich
W imieniu Rządu Rzeczypospolitej Polskiej
Pelo Governo da República Portuguesa
Pentru Guvernul României
Za vlado Republike Slovenije
Za vládu Slovenskej republiky
Suomen tasavallan hallituksen puolesta
För Republiken Finlands regering
För Konungariket Sveriges regering
For the Government of the United Kingdom of Great Britain and Northern Ireland
IARSCRÍBHINN
Comhionannas na n-aicmiúchán slándála
AE |
TRÈS SECRET UE/EU TOP SECRET |
SECRET UE/EU SECRET |
CONFIDENTIEL UE/EU CONFIDENTIAL |
RESTREINT UE/EU RESTRICTED |
An Bheilg |
Très Secret (Loi 11.12.1998) Zeer Geheim (Wet 11.12.1998) |
Secret (Loi 11.12.1998) Geheim (Wet 11.12.1998) |
Confidentiel (Loi 11.12.1998) Vertrouwelijk (Wet 11.12.1998) |
За служебно ползване (1) |
An Bhulgáir |
Cтpoгo ceкретно |
Ceкретно |
Поверително |
За служебно ползване |
Poblacht na Seice |
Přísně tajné |
Tajné |
Důvěrné |
Vyhrazené |
An Danmhairg |
Yderst hemmeligt |
Hemmeligt |
Fortroligt |
Til tjenestebrug |
An Ghearmáin |
STRENG GEHEIM |
GEHEIM |
VS (2) — VERTRAULICH |
VS — NUR FÜR DEN DIENSTGEBRAUCH |
An Eastóin |
Täiesti salajane |
Salajane |
Konfidentsiaalne |
Piiratud |
Éire |
Top Secret |
Secret |
Confidential |
Restricted |
An Ghréig |
Άκρως Απόρρητο Abr: ΑΑΠ |
Απόρρητο Abr: (ΑΠ) |
Εμπιστευτικό Αbr: (ΕΜ) |
Περιορισμένης Χρήσης Abr: (ΠΧ) |
An Spáinn |
SECRETO |
RESERVADO |
CONFIDENCIAL |
DIFUSIÓN LIMITADA |
An Fhrainc |
Très Secret Défense |
Secret Défense |
Confidentiel Défense |
nóta thíos (3) |
An Iodáil |
Segretissimo |
Segreto |
Riservatissimo |
Riservato |
An Chipir |
Άκρως Απόρρητο Αbr: (AΑΠ) |
Απόρρητο Αbr: (ΑΠ) |
Εμπιστευτικό Αbr: (ΕΜ) |
Περιορισμένης Χρήσης Αbr: (ΠΧ) |
An Laitvia |
Sevišķi slepeni |
Slepeni |
Konfidenciāli |
Dienesta vajadzībām |
An Liotuáin |
Visiškai slaptai |
Slaptai |
Konfidencialiai |
Riboto naudojimo |
Lucsamburg |
Très Secret Lux |
Secret Lux |
Confidentiel Lux |
Restreint Lux |
An Ungáir |
Szigorúan titkos! |
Titkos! |
Bizalmas! |
Korlátozott terjesztésű! |
Málta |
L-Ogħla Segretezza |
Sigriet |
Kunfidenzjali |
Ristrett |
An Ísiltír |
Stg. ZEER GEHEIM |
Stg. GEHEIM |
Stg. CONFIDENTIEEL |
Dep. VERTROUWELIJK |
An Ostair |
Streng Geheim |
Geheim |
Vertraulich |
Eingeschränkt |
An Pholainn |
Ściśle tajne |
Tajne |
Poufne |
Zastrzeżone |
An Phortaingéil |
Muito Secreto |
Secreto |
Confidencial |
Reservado |
An Rómáin |
Strict secret de importanță deosebită |
Strict secret |
Secret |
Secret de serviciu |
An tSlóivéin |
Strogo tajno |
Tajno |
Zaupno |
Interno |
An tSlóvaic |
Prísne tajné |
Tajné |
Dôverné |
Vyhradené |
An Fhionlainn |
ERITTÄIN SALAINEN YTTERST HEMLIG |
SALAINEN HEMLIG |
LUOTTAMUKSELLINEN KONFIDENTIELL |
KÄYTTÖ RAJOITETTU BEGRÄNSAD TILLGÅNG |
An tSualainn (4) |
HEMLIG/TOP SECRET HEMLIG AV SYNNERLIG BETYDELSE FÖR RIKETS SÄKERHET |
HEMLIG/SECRET HEMLIG |
HEMLIG/CONFIDENTIAL HEMLIG |
HEMLIG/RESTRICTED HEMLIG |
An Ríocht Aontaithe |
Top Secret |
Secret |
Confidential |
Restricted |
(1) Ní aicmiúchán slándála é “Diffusion Restreinte/Beperkte Verspreiding” sa Bheilg. Bíonn faisnéis “RESTREINT UE/EU RESTRICTED” á láimhseáil agus á cosaint ag an mBeilg ar dhóigh atá chomh docht céanna leis na caighdeáin agus na nósanna imeachta a thuairiscítear i rialacha slándála Chomhairle an Aontais Eorpaigh.
(2) An Ghearmáin: VS = “Verschlusssache”.
(3) Ní úsáideann an Fhrainc an t-aicmiúchán “RESTREINT” ina córas náisiúnta. Bíonn faisnéis “RESTREINT UE/EU RESTRICTED” á láimhseáil agus á cosaint ag an bhFrainc ar dhóigh atá chomh docht céanna leis na caighdeáin agus na nósanna imeachta a thuairiscítear i rialacha slándála Chomhairle an Aontais Eorpaigh.
(4) An tSualainn: úsáideann na húdaráis um chosaint na marcanna aicmiúcháin slándála sa tsraith uachtair agus úsáideann údaráis eile na marcanna sa tsraith íochtair.