EUR-Lex Access to European Union law

Back to EUR-Lex homepage

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Treoirlínte 2022 maidir le beartais fostaíochta

Treoirlínte 2022 maidir le beartais fostaíochta

 

ACHOIMRE AR:

Cinneadh (AE) 2022/2296 maidir le treoirlínte bheartais fostaíochta na mBallstát

CAD IS AIDHM LEIS AN GCINNEADH?

Soláthraítear leis an gcinneadh treoir do Bhallstáit an Aontais Eorpaigh (AE) agus a mbeartais fostaíochta á ndréachtú acu chun straitéis chomhordaithe don fhostaíocht san Aontas Eorpach a áirithiú.

PRÍOMHPHOINTÍ

Tá na ceithre chinneadh maidir le fostaíocht (a leagtar síos in Airteagal 148 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh) ina gcuid de na 10 dtreoirlínte chomhtháite, a bhfuil sé cinn de na treoirlínte leathana maidir le beartas eacnamaíoch iontu chomh maith (Airteagal 121 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh), agus tá siad ailínithe le Colún Eorpach na gCeart Sóisialta.

Borradh a chur faoin éileamh ar shaothar

Ba cheart do na Ballstáit roinnt céimeanna a ghlacadh, lena n-áirítear:

  • geilleagar inbhuanaithe sa mhargadh sóisialta a chur chun cinn agus infheistiú i bpoist ardchaighdeáin a chruthú, ag baint leas as an aistriú digiteach agus as an aistriú glas;
  • an geilleagar a nuachóiriú, trí bhíthin scéimeanna oibre gearr–ama dea–dheartha chun tacú le hathstruchtúrú agus chun fostaíocht a chaomhnú, agus chun forbairt scileanna a éascú;
  • breathnú ar dhreasachtaí fostaithe agus aistrithe agus ar uas–sciliú agus athsciliú le linn an tsaoil oibre chun dul i ngleic le ganntanas saothair agus scileanna, i bhfianaise an aistrithe dhigitigh agus an aistrithe ghlais, an athraithe dhéimeagrafaigh agus thionchar chogadh foghach na Rúise i gcoinne na hÚcráine;
  • cánachas a aistriú ó shaothar go foinsí eile a thacaíonn níos mó le fostaíocht agus le fás cuimsitheach agus atá ar aon dul le cuspóirí aeráide agus comhshaoil;
  • a áirithiú go mbeidh pá leordhóthanach cóir ag gach oibrí trí thairbhe a bhaint as comhaontuithe comhchoiteanna agus pá íosta reachtúil leordhóthanach, ag áirithiú rannpháirtíocht éifeachtach na gcomhpháirtithe sóisialta agus ag féachaint le cóineasú sóisialta suas a neartú.

Soláthar, scileanna agus inniúlachtaí saothair a fheabhsú

Ba cheart do na Ballstáit:

  • Inbhuanaitheacht, táirgiúlacht, athstruchtúrú agus caipiteal daonna a chur chun cinn, rud a chothóidh eolas, scileanna agus inniúlachtaí ar feadh an tsaoil, i gcomhthéacs an aistrithe dhigitigh agus an aistrithe ghlais, an athraithe dhéimeagrafaigh agus chogadh foghach na Rúise in aghaidh na hÚcráine;
  • aird a thabhairt ar na dúshláin atá os comhair ghairm na múinteoireachta, lena n–áirítear trí infheistíocht a dhéanamh in inniúlachtaí digiteacha múinteoirí;
  • comhdheiseanna a chothú trí aghaidh a thabhairt ar neamhionannas i gcórais oideachais agus oiliúna;
  • cúnamh éifeachtach, tráthúil, comhordaithe agus saincheaptha a sholáthar do dhaoine dífhostaithe agus neamhghníomhacha;
  • fáil réidh le bacainní ar rannpháirtíocht sa mhargadh saothair, mar shampla trí timpeallachtaí oibre a chur in oiriúint do dhaoine faoi mhíchumas;
  • aghaidh a thabhairt ar an mbearna idir inscní san fhostaíocht maidir le pá.

Feidhmiú na margaí saothair agus phlé shóisialta éifeachtach a threisiú

Ba cheart do Bhallstáit:

  • oibriú leis na comhpháirtithe sóisialta ar dhálaí oibre atá cothrom, trédhearcach agus intuartha, agus cearta agus oibleagáidí á gcothromú;
  • na daoine ar féidir leo páirt a ghlacadh i margadh an tsaothair a ghníomhachtú agus cuidiú leo, go háirithe grúpaí leochaileacha lena n–áirítear i réigiúin faoi mhíbhuntáiste;
  • sochair dhífhostaíochta leordhóthanacha a sholáthar lena ngabhfaidh beartais ghníomhacha maidir leis an margadh saothair;
  • tacaíocht a thabhairt do shoghluaisteacht foghlaimeoirí agus oibrithe chun feabhas a chur ar scileanna agus ar infhostaitheacht;
  • féachaint le dálaí iomchuí a chruthú le haghaidh cineálacha nua oibre, agus a gcumas cruthaithe fostaíochta a sholáthar;
  • páirt a thabhairt do chomhpháirtithe sóisialta maidir le fostaíocht, athchóirithe agus beartais shóisialta agus eacnamaíocha le haghaidh torthaí socheacnamaíocha níos fearr, lena n–áirítear i dtréimhsí géarchéime, amhail i gcás chogadh foghach na Rúise i gcoinne na hÚcráine agus an costas maireachtála atá ag méadú.

Comhdheiseanna a chur ar fáil do gach uile dhuine, cuimsiú sóisialta a chothú agus aghaidh a thabhairt ar an mbochtaineacht

Ba cheart do Bhallstáit:

  • margaí saothair cuimsitheacha a chur chun cinn lena mbeidh bearta chun idirdhealú a chomhrac agus comhdheiseanna a chur chun cinn;
  • cóireáil chomhionann a áirithiú do ghrúpaí faoi ghannionadaíocht maidir le:
    • fostaíocht,
    • cosaint shóisialta,
    • cúram sláinte, cúram leanaí agus cúram fadtéarmach,
    • oideachas, agus
    • rochtain ar earraí agus seirbhísí;
  • na trí shnáithe den chuimsiú gníomhach a fhorbairt agus a chomhtháthú:
    • tacaíocht ioncaim imleor,
    • margaí saothair cuimsitheacha, agus
    • rochtain ar sheirbhísí ardchaighdeáin cumasúcháin;
  • aird ar leith a thabhairt ar bhochtaineacht (leanaí) agus eisiamh sóisialta a chomhrac, bochtaineacht ag an obair san áireamh;
  • a áirithiú go bhfuil rochtain ar sheirbhísí riachtanacha ag gach duine;
  • córais phinsin leordhóthanacha agus inbhuanaithe a áirithiú;
  • cosaint a thairiscint do dhaoine éasáitithe ón Úcráin agus na bearta is gá a chur chun feidhme do mhionaoisigh neamhthionlactha, ag áirithiú go mbeidh rochtain ag leanaí ar sheirbhísí oideachais, cúraim agus riachtanacha.

CÉN UAIR ATÁ TOSACH FEIDHME AN CHINNIDH?

Tá sé i bhfeidhm ón 24 Samhain 2022.

CÚLRA

Le haghaidh tuilleadh faisnéise, féach:

PRÍOMHDHOICIMÉAD

Cinneadh (AE) 2022/2296 ón gComhairle an 21 Samhain 2022 maidir le treoirlínte bheartais fostaíochta na mBallstát (IO L 304 an 24.11.2022, lgh. 67–77).

DOICIMÉID GHAOLMHARA

Moladh ón gComhairle an 16 Meitheamh 2022 maidir le haistriú cóir i dtreo na haeráidneodrachta a áirithiú (IO C 243, 27.6.2022, lgh. 35–51).

Moladh (AE) 2021/402 ón gCoimisiún an 4 Márta 2021 maidir le tacaíocht ghníomhach le haghaidh fostaíochta i ndiaidh ghéarchéim COVID-19 (EASE) (IO L 80, 8.3.2021, lgh. 1–8)

Rialachán (AE) 2021/241 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 12 Feabhra 2021 lena mbunaítear an tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta (IO L 57, 18.2.2021, lgh. 17–75).

Ionchorpraíodh sa bhuntéacs ceartúcháin i ndiaidh a chéile ar Rialachán (AE) 2021/241. Níl ach luach doiciméadach ag an leagan comhdhlúite.

Rialachán (AE) 2020/2221 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Nollaig 2020 lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 1303/2013 a mhéid a bhaineann le hacmhainní breise agus socruithe cur chun feidhme chun cúnamh a chur ar fáil chun leigheas dhíobháil na géarchéime a chothú i gcomhthéacs phaindéim COVID-19 agus a hiarmhairtí sóisialta agus téarnamh glas, digiteach agus athléimneach a ullmhú don gheilleagar (REACT-EU) (IO L 437, 28.12.2020, lgh. 30–42).

Forógra Idirinstitiúideach maidir le Colún Eorpach na gCeart Sóisialta (IO C 428, 13.12.2017, lgh. 10–15).

Leagan comhdhlúite den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh – Cuid a Trí – Beartais agus gníomhaíochtaí inmheánacha an Aontais – Teideal IX – Fostaíocht – Airteagal 148 (sean–Airteagal 128 CCE) (IO C 202, 7.6.2016, lgh. 112–113).

Moladh (AE) 2015/1184 ón gComhairle an 14 Iúil 2015 maidir le mór–threoirlínte bheartais eacnamaíocha na mBallstát agus an Aontais Eorpaigh (IO L 192, 18.7.2015, lgh. 27–31).

Nuashonraithe 02.05.2023

Top