EUR-Lex Access to European Union law

Back to EUR-Lex homepage

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

An Foras Eorpach chun Dálaí Maireachtála agus Oibre a Fheabhsú

An Foras Eorpach chun Dálaí Maireachtála agus Oibre a Fheabhsú

 

ACHOIMRE AR:

Rialachán (AE) 2019/127 lena mbunaítear an Foras Eorpach chun dálaí maireachtála agus oibre a fheabhsú (Eurofound)

CAD IS AIDHM LEIS AN RIALACHÁN?

PRÍOMHPHOINTÍ

Cuspóir

Mar cheann de ghníomhaireachtaí díláraithe AE, is é cuspóir Eurofound tacú leis an gCoimisiún, le hinstitiúidí agus eagraíochtaí eile AE, tíortha AE agus na comhpháirtithe sóisialta i ndáil le múnlú agus cur chun feidhme beartas maidir le:

  • dálaí maireachtála agus oibre a fheabhsú;
  • beartais fostaíochta a cheapadh; agus
  • idirphlé idir lucht bainistíochta agus fórsaí saothair a chur chun cinn.

Féachann sé leis an gcuspóir sin a chomhlíonadh trí:

  • eolas a fheabhsú agus a scaipeadh;
  • fianaise agus seirbhísí a sholáthar chun críche ceapadh beartas, conclúidí atá bunaithe ar thaighde san áireamh; agus
  • éascú a dhéanamh ar chomhroinnt eolais i measc páirtithe leasmhara ar leibhéal AE agus ar an leibhéal náisiúnta.

Sainchúraimí

Agus freagrachtaí thíortha AE á n–urramú ag Eurofound, déanann sé an méid seo a leanas chomh maith:

  • déanann sé anailís ar fhorbairtí agus soláthraíonn sé anailísí comparáideacha ar bheartais agus ar chleachtais i dtíortha AE agus, nuair is ábhartha, i dtíortha eile;
  • bailíonn sé sonraí agus déanann sé anailís ar threochtaí i ndálaí maireachtála agus oibre, i bhfostaíocht agus i bhforbairtí sa mhargadh saothair;
  • déanann sé anailís ar fhorbairtí i gcórais chaidrimh thionsclaíoch, go háirithe idirphlé sóisialta ar leibhéal AE agus ar an leibhéal náisiúnta;
  • déanann sé staidéir agus taighde ar fhorbairtí ábhartha socheacnamaíocha agus ar shaincheisteanna gaolmhara beartais;
  • déanann sé treoirthionscadail agus gníomhaíochtaí ullmhúcháin, nuair a iarrann an Coimisiún air é sin a dhéanamh;
  • cuireann sé fóraim ar fáil chun taithí agus faisnéis a roinnt idir páirtithe leasmhara ar an leibhéal náisiúnta;
  • déanann sé uirlisí agus tacair shonraí a bhainistiú agus a chur ar fáil do lucht déanta beartas, do na comhpháirtithe sóisialta, do chomhlachtaí acadúla agus do pháirtithe leasmhara eile;
  • bunaíonn sé straitéis le haghaidh caidrimh le tíortha neamh-AE agus le heagraíochtaí idirnáisiúnta maidir le cúrsaí a bhfuil sé freagrach astu.

Eagrú

bord bainistíochta, bord feidhmiúcháin agus stiúrthóir feidhmiúcháin ag Eurofound, atá lonnaithe i mBaile Átha Cliath.

An bord bainistíochta

Cuimsítear ann:

  • 1 ionadaí amháin ó gach tír AE;
  • 1 ionadaí amháin ó eagraíocht na bhfostóirí do gach tír AE;
  • 1 ionadaí amháin ó eagraíochtaí na bhfostóirí do gach tír AE;
  • 3 chomhalta a dhéanann ionadaíocht ar son an Choimisiúin;
  • 1 saineolaí neamhspleách arna cheapadh ag Parlaimint na hEorpa.

Is iad a leanas príomhfheidhmeanna an bhoird:

  • treo straitéiseach Eurofound a sholáthar;
  • doiciméad clársceidealaithe Eurofound a ghlacadh;
  • buiséad Eurofound a ghlacadh;
  • rialacha nós imeachta (lena n–áirítear rialacha nós imeachta an Bhoird Feidhmiúcháin), rialacha airgeadais, rialacha maidir le coinbhleachtaí leasa a chosc agus a bhainistiú agus straitéis frithchalaoise a ghlacadh;
  • an Stiúrthóir Feidhmiúcháin a cheapadh.

Roghnaíonn an Bord, le tromlach dhá thrian, cathaoirleach agus 3 leaschathaoirleach a dhéanann ionadaíocht ar na leasanna éagsúla. Maireann an téarma oifige 1 bhliain amháin agus is féidir é a athnuachan.

Féadfaidh sé coistí comhairleacha a bhunú i gcomhréir leis na réimsí tosaíochta beartais atá leagtha amach i ndoiciméid chlársceidealaithe Eurofound.

An Bord Feidhmiúcháin

Cabhraíonn an bord feidhmiúcháin leis an mbord bainistíochta tríd an méid a leanas a dhéanamh:

  • a chinntí a ullmhú;
  • faireachán a dhéanamh, mar aon leis an mbord bainistíochta, ar aon obair leantach ar thorthaí agus ar mholtaí a eascraíonn as tuarascálacha iniúchóireachta inmheánacha nó seachtracha, agus imscrúduithe OLAF;
  • comhairle a thabhairt don stiúrthóir feidhmiúcháin maidir le cinntí an bhoird bhainistíochta a chur chun feidhme, d’fhonn maoirseacht ar an mbainistíocht riaracháin agus buiséid a neartú.

Stiúrthóir feidhmiúcháin

Tá an stiúrthóir feidhmiúcháin freagrach as:

  • Bainistíocht Eurofound agus cur chun feidhme thascanna agus bhuiséad Eurofound;
  • Dréachtdhoiciméad clársceidealaithe a dhréachtú ina bhfuil clár oibre ilbhliantúil agus clár oibre bliantúil i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 1271/2013 maidir leis na rialacha airgeadais arna nglacadh ag gníomhaireachtaí agus comhlachtaí AE.

Cláir oibre

Cuirtear an dréachtdhoiciméad clársceidealaithe faoi bhráid an bhoird bainistíochta lena fhaomhadh agus ansin cuirtear é faoi bhráid an Choimisiúin, Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle roimh an 31 Eanáir gach bliain.

  • Leagtar amach an méid a leanas sa chlár oibre ilbhliantúil:
    • clársceidealú straitéiseach foriomlán, lena n–áirítear cuspóirí;
    • na torthaí agus na táscairí feidhmíochta ionchasacha;
    • clársceidealú acmhainní lena n–áirítear buiséad ilbhliantúil agus baill foirne.
  • Ní mór don chlár oibre bliantúil a bheith i gcomhréir leis an gclár oibre ilbhliantúil agus go mbeidh sé comhdhéanta de:
    • cuspóirí mionsonraithe agus torthaí ionchasacha, lena n–áirítear táscairí feidhmíochta;
    • tuairisc ar na gníomhaíochtaí atá le maoiniú, lena n–áirítear bearta pleanáilte chun éifeachtúlacht a mhéadú;
    • léiriú ar na hacmhainní airgeadais agus daonna a leithdháiltear ar gach gníomhaíocht;
    • gníomhartha féideartha le haghaidh caidrimh le tíortha neamh-AE agus le heagraíochtaí idirnáisiúnta.
  • Leis an dá chlár ní mór forluí a sheachaint le hobair atá ar siúl ag gníomhaireachtaí eile AE. Comhordaíonn Eurofound go dlúth le 2 ghníomhaireacht thrípháirteacha eile: an Ghníomhaireacht Eorpach um Shábháilteacht agus Sláinte ag an Obair(EU-OSHA) agus an Lárionad Eorpach um Fhorbairt na Gairmoiliúna (Cedefop).

Buiséad

Ní mór meastacháin ar ioncam agus ar chaiteachas uile Eurofound a ullmhú gach bliain airgeadais agus a thaispeáint i mbuiséad Eurofound. Ní mór an buiséad a bheith cothrom ó thaobh ioncaim agus caiteachais de.

  • Ar an taobh ioncaim cuimsítear an méid a leanas:
    • ranníocaíocht ó bhuiséad ginearálta AE;
    • ranníocaíochtaí airgeadais deonacha ó thíortha AE;
    • muirir ar fhoilseacháin agus ar aon tseirbhís a sholáthraíonn Eurofound;
    • aon ranníocaíocht ó thíortha neamh-AE a bhfuil baint acu le hobair Eurofound.
  • Áirítear an méid a leanas ó thaobh an chaiteachais de:
    • luach saothair na foirne;
    • costais riaracháin agus bonneagair;
    • caiteachas oibríochtúil.

Measúnú

Faoin 21 Feabhra 2024, agus gach 5 bliana ina dhiaidh sin, ní mór don Choimisiún a chinntiú go ndéanfar meastóireacht chun feidhmíocht Eurofound a mheas maidir lena chuspóirí, lena shainordú agus lena chúraimí.

CÉN UAIR ATÁ TOSACH FEIDHME AN RIALACHÁIN?

Tá feidhm leis ón 20 Feabhra 2019.

CÚLRA

Le haghaidh breis faisnéise, féach:

PRÍOMHDHOICIMÉAD

Rialachán (AE) 2019/127 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Eanáir 2019 lena mbunaítear an Foras Eorpach chun dálaí maireachtála agus oibre a fheabhsú (Eurofound), agus lena n–aisghairtear Rialachán (CEE) Uimh. 1365/75 ón gComhairle (IO L 30, 31.1.2019, lgh. 74-89)

DOICIMÉID GHAOLMHARA

Rialachán (CE) Uimh. 2019/126 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Eanáir 2019 an Ghníomhaireacht Eorpach um Shábháilteacht agus Sláinte ag an Obair (EU-OSHA), agus lena n–aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 2062/94 ón gComhairle (IO L 30, 31.1.2019, lgh. 58-73)

Rialachán (CE) Uimh. 2019/128 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Eanáir 2019 lena mbunaítear Lárionad Eorpach um Fhorbairt na Gairmoiliúna (Cedefop) agus lena n–aisghairtear Rialachán (CEE) Uimh. 337/75 ón gComhairle (IO L 30, 31.1.2019, lgh. 90-105)

Rialachán Tarmligthe (AE) Uimh. 1271/2013 ón gCoimisiún an 30 Meán Fómhair 2013 maidir leis an rialachán réime airgeadais do na comhlachtaí dá dtagraítear in Airteagal 208 de Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 966/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (IO L 328, 7.12.2013, lgh. 42-68)

Nuashonraithe 04.04.2019

Top