EUR-Lex Access to European Union law

Back to EUR-Lex homepage

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document C(2021)8956

TREOIR THARMLIGTHE (AE) /... ÓN gCOIMISIÚN lena leasaítear Iarscríbhinn III a ghabhann le Treoir 2011/65/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, chun oiriúnú don dul chun cinn teicniúil agus eolaíoch, a mhéid a bhaineann le díolúine chun mearcair a úsáid i ndlúthshoilse fluaraiseacha aonchaidhpeacha chun críoch soilsithe ghinearálta < 30 W a maireann a saolré cothrom le 20 000 u nó níos mo ná sin

C/2021/8956 final

MEABHRÁN MÍNIÚCHÁIN

1.COMHTHÉACS AN GHNÍMH THARMLIGTHE

Chun oiriúnú don dul chun cinn teicniúil agus eolaíoch, leasaítear leis an Treoir Tharmligthe seo ón gCoimisiún Iarscríbhinn III a ghabhann le Treoir 2011/65/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le srian le substaintí guaiseacha áirithe a úsáid i dtrealamh leictreach agus leictreonach (athmhúnlú) 1 (Treoir RoHS). Baineann an leasú le díolúine i gcomhair feidhmeanna sonraithe ina bhfuil mearcair i ndlúthshoilse fluaraiseacha aonchaidhpeacha chun críoch soilsithe ghinearálta < 30 W a maireann a saolré cothrom le 20 000 u nó níos mo ná sin.

Le Treoir RoHS, cuirtear srian ar shubstaintí guaiseacha áirithe a úsáid i dtrealamh leictreach agus leictreonach (TLL), mar a shonraítear in Airteagal 4. Tá srian ar dheich substaint faoi láthair agus liostaítear iad in Iarscríbhinn II a ghabhann leis an Treoir: luaidhe, mearcair, caidmiam, cróimiam heicsifhiúsach, défheinilí polabróimínithe (PBB), éitir dhéfheiníle pholabróimínithe (PBDE), taláit bhis(2-eitilheicsil) (DEHP), taláit bhúitilbeinsile (BBP), taláit débhúitile (DBP) agus taláit dé-iseabúitile (DIBP). Liostaítear in Iarscríbhinní III agus IV ábhair agus comhpháirteanna trealaimh leictrigh agus leictreonaigh le haghaidh feidhmeanna sonracha atá díolmhaithe ó na srianta ar shubstaintí in Airteagal 4(1).

Le hAirteagal 5 den Treoir, déantar foráil maidir le hIarscríbhinní III agus IV a chur in oiriúint don dul chun cinn eolaíoch agus teicniúil, lena bhféadfar deonú díolúintí, athnuachan díolúintí agus cúlghairm díolúintí a áireamh. De bhun Airteagal 5(1)(a), níltear le díolúintí a áireamh in Iarscríbhinní III agus IV ach amháin mura lagóidh an t‑áireamh sin an chosaint don chomhshaol agus don tsláinte a thugtar le Rialachán (CE) Uimh. 1907/2006 (REACH) 2 agus i gcás ina gcomhlíontar aon cheann de na coinníollacha seo a leanas: (i) gur dodhéanta ó thaobh na heolaíochta de nó ar bhonn teicniúil an tsubstaint a dhíothú nó a ionadú trí athruithe ar an dearadh, nó trí ábhair agus comhpháirteanna nach bhfuil aon cheann de na hábhair nó substaintí a liostaítear in Iarscríbhinn II ag teastáil lena n‑aghaidh; (ii) nach n‑áirithítear iontaofacht na n‑ionadach; (iii) gur dócha gur mó na tionchair dhiúltacha iomlána don chomhshaol, don tsláinte agus do shábháilteacht an tomhaltóra mar thoradh ar an tsubstaint a ionadú ná na tairbhí iomlána don chomhshaol, don tsláinte agus do shábháilteacht an tomhaltóra.

Thairis sin, ní mór infhaighteacht na n‑ionadach agus tionchar socheacnamaíoch an ionadaithe a chur san áireamh sna cinntí maidir le díolúintí, agus fad na ndíolúintí sin. Ní mór aon tionchar a d’fhéadfadh a bheith ar an nuálaíocht a chur san áireamh sna cinntí maidir le fad na ndíolúintí. Ní mór smaointeoireacht saolré ar thionchair fhoriomlána na díolúine a chur i bhfeidhm, i gcás inarb ábhartha.

Sonraítear le hAirteagal 5(1)(a) gur gá don Choimisiún gníomhartha tarmligthe aonair a ghlacadh chun ábhair agus comhpháirteanna trealaimh leictrigh agus leictreonaigh le haghaidh feidhmeanna sonracha sna liostaí in Iarscríbhinní III agus IV a chur san áireamh nó, i gcás inarb infheidhme, a scriosadh. Le hAirteagal 5(3) agus Iarscríbhinn V, tugtar tuairisc ar an nós imeachta um iarratais a bhaineann le díolúine a chur isteach.

2.COMHAIRLIÚCHÁIN ROIMH GHLACADH AN GHNÍMH

Faigheann 3 an Coimisiún iarrataí ó oibreoirí eacnamaíocha maidir le díolúintí a dheonú nó a athnuachan faoi Airteagal 5(3) agus Iarscríbhinn V a ghabhann le Treoir RoHS.

Le díolúine 1(g) d’Iarscríbhinn III atá i bhfeidhm faoi láthair, ceadaítear mearcair a úsáid i ndlúthshoilse fluaraiseacha aonchaidhpeacha nach mó ná na luachanna seo a leanas (in aghaidh an dóire):

1(g) Chun críoch soilsithe ghinearálta < 30 W a maireann a saolré cothrom le 20 000 u nó níos mo ná sin: 3,5 mg.

Fuair an Coimisiún iarratas amháin chun an díolúine sin a athnuachan an 28 Meitheamh 2016, iarratas a rinne an t‑iarratasóir céanna a athnuachan, ag cur faisnéis bhreise leis an 17 Eanáir 2020. Is amhlaidh a mhaígh an t‑iarratasóir nach raibh ionadaigh saor ó mhearcair ar fáil 4 . I gcomhréir leis na ceanglais i dTreoir RoHS (Airteagal 5(5), an dara fomhír), fanann an díolúine bailí go dtí go ndéanfaidh an Coimisiún cinneadh maidir leis an iarratas ar athnuachan.

Chun meastóireacht a dhéanamh ar an iarratas chun an díolúine sin a athnuachan, sheol an Coimisiún staidéar i mí an Mheithimh 2017 5 , staidéar a tugadh i gcrích in 2018, chun an measúnú teicniúil agus eolaíoch is gá a dhéanamh, lenar áiríodh comhairliúchán ocht seachtaine ar líne le páirtithe leasmhara. Ionchur amháin a fuarthas le linn na gcomhairliúchán, agus malartuithe ina dhiaidh sin a doiciméadaíodh sa tuarascáil staidéir. Áiríodh sa staidéar faisnéis fhorleathan faoi infhaighteacht ionadach, lena n‑áirítear meastacháin 2020.

Chuaigh an Coimisiún i gcomhairle le grúpa saineolaithe na mBallstát maidir le gníomhartha tarmligthe faoi Threoir RoHS le linn cruinniú saineolaithe an 29 Deireadh Fómhair 2018 agus fuair sé a dtuairimí ar mhodh oibre a moladh. Rinne sé gach céim nós imeachta ba ghá a bhaineann le díolúintí ón srian ar shubstaintí faoi Airteagail 5(3) go 5(7) 6 . Tugadh fógra don Chomhairle agus do Pharlaimint na hEorpa faoi gach gníomhaíocht.

Leagadh béim sa staidéar tacaíochta ar an méid seo a leanas:

·go bhfuil roghanna malartacha iontaofa, ar dé-óid astaithe solais (LED) iad atá saor ó mhearcair, ar fáil i gcomhair na gcatagóirí lampa a chumhdaítear leis an díolúine seo;

·go léirítear sna sonraí, gurb é a thiocfadh as an ionadú i dtaca le tionchair chomhshaoil, sláinte agus sábháilteachta tomhaltóirí de, go seachnófaí an mearcair atá sna fearais a chur ar an margadh, agus go laghdófaí ar an bhfuinneamh a ídítear le haghaidh soilsiú freisin;

·maidir le tionchair shocheacnamaíocha an ionadaithe, nach bhfuil coinne luath leis na costais mheasta ach amháin i gcomparáid leis na costais a bhfuil coinne leo ón gcéimniú amach nádúrtha atá ar siúl cheana féin agus nach measfar ina gcostais bhreise iad arna nginiúint mar gheall ar chéimniú amach éigeantach.

Mar chríoch, sonraíodh sna measúnuithe eolaíocha agus teicniúla, lena n‑áirítear comhairliúcháin le páirtithe leasmhara, nach gcomhlíontar aon cheann de na critéir díolúine maidir le díolúine 1(g).

I gcomhréir leis na Treoirlínte maidir le Rialáil Níos Fearr, foilsíodh an dréacht-Treoir Tharmligthe ar an Tairseach um Rialáil Níos Fearr ar feadh tréimhse 4 seachtaine le haghaidh aiseolas poiblí. Le linn an chomhairliúcháin ar an dréachtghníomh, fuarthas 13 aighneacht ó dhaoine den phobal. Cuireadh na pointí a ardaíodh san áireamh agus measadh nár ghá aon leasú ar an dréacht.

3.EILIMINTÍ DLÍ AN GHNÍMH THARMLIGTHE

Leis an treoir tharmligthe, cúlghairtear díolúine 1(g) a liostaítear in Iarscríbhinn III a ghabhann le Treoir 2011/65/AE, chun mearcair a úsáid le haghaidh feidhmeanna sonracha.

Cinneadh sa mheasúnú a rinne an Coimisiún ar an iarraidh ar dhíolúine, bunaithe ar staidéir thacaíochta agus comhairliúcháin, nach gcomhlíontar leis an iarraidh ar dhíolúine aon cheann de na critéir a leagtar síos in Airteagal 5(1)(a) lena dtugtar údar le síneadh breise na díolúine. Is indéanta ó thaobh na heolaíochta de agus ar bhonn teicniúil mearcair a ionadú, le hionadaigh iontaofa, sna catagóirí lampa lena mbaineann an díolúine sin, agus cuirtear fianaise ar fáil gur mó tionchar foriomlán an ionadaithe, i dtaca le sábháilteacht chomhshaoil, sláinte agus tomhaltóirí, ná aon tionchar diúltach.

Go hachomair, ní chomhlíontar a thuilleadh na coinníollacha chun an díolúine a dheonú, agus tá díolúine 1(g) le scriosadh, i gcomhréir le hAirteagal 5(1)(b).

Tá an dáta a rachaidh an díolúine sin in éag le socrú i gcomhréir le hAirteagal 5(6) de Threoir RoHS, ar dá réir, i gcás ina gcúlghairfear díolúine, a rachaidh an díolúine in éag ar a luaithe 12 mhí, agus ar a dhéanaí 18 mí, tar éis dháta an chinnidh sin.

Agus an dáta éaga á shocrú, tá le cur san áireamh go bhfuil sciar beag de na cineálacha lampa 7 a chumhdaítear leis an díolúine sin faoi réir na gcritéar, a leagtar síos in Iarscríbhinn II de Rialachán (AE) 2019/2020 ón gCoimisiún lena leagtar síos ceanglais éicidhearthóireachta ar fhoinsí solais agus gléasanna rialaithe ar leithligh, atá infheidhme ón 1 Meán Fómhair 2021. Is amhlaidh nach gcuirfear na lampaí lena mbaineann ar an margadh tar éis an dáta sin de bharr na ceanglais sin a bheith le comhlíonadh. Is comhleanúnach sin freisin le measúnú an Choimisiúin faoi Threoir RoHS, lena n‑áirítear an anailís shocheacnamaíoch, inar cinneadh go bhfuil ionadaigh atá iontaofa go leormhaith agus atá saor ó mhearcair ar fáil go forleathan cheana féin i gcomhair na gcineálacha lampa a chumhdaítear leis an díolúine agus go bhfuil sé indéanta ó thaobh na heolaíochta de agus ar bhonn teicniúil mearcair a ionadú sna lampaí sin. Maidir leis an iontráil díolúine ina hiomláine faoi Threoir RoHS, áfach, tá le cur san áireamh nach ndéantar difear leis na critéir faoin Rialachán Éicidhearthóireachta thuasluaite d’fhormhór mór na lampaí a chumhdaítear leis an díolúine sin, eadhon dlúthshoilse fluaraiseacha gan gléasanna rialaithe comhtháite. Dá bhrí sin, is é an uasthréimhse bhailíochta is féidir, 18 mí tar éis an chinnidh, atá le socrú maidir le staid shonrach na mórchoda sin de lampaí a chumhdaítear leis an díolúine, ós gá na himthosca a bhaineann leis na lampaí sin a chur san áireamh, agus chun costais shocheacnamaíocha atá níos airde ná mar is gá a sheachaint ar rannpháirtithe sa mhargadh a bhfuil baint acu leis an ionadú, go háirithe i leith lampaí a dteastaíonn athsholáthar is casta uathu.

Is treoir tharmligthe an ionstraim dlí, atá i gcomhréir le gníomh dlí cumasúcháin, Treoir 2011/65/AE, go háirithe leis an tarmligean a leagtar amach in Airteagail 5(1) agus 20 di.

Is é is cuspóir don treoir tharmligthe rannchuidiú le sláinte an duine agus an comhshaol a chosaint agus na forálacha maidir le feidhmiú an mhargaidh inmheánaigh i réimse trealaimh leictrigh agus leictreonaigh a ailíniú, trí dhíolúine a tugadh maidir le húsáid substaintí le haghaidh feidhmeanna sonracha, ar substaintí iad a bhfuil toirmeasc orthu seachas sin, i gcomhréir le forálacha Threoir RoHS agus faoi choinníollacha Threoir RoHS agus an nós imeachta chun Iarscríbhinní III agus IV a chur in oiriúint don dul chun cinn eolaíoch agus teicniúil.

Níl aon impleacht ag an treoir tharmligthe maidir le buiséad an Aontais Eorpaigh.

TREOIR THARMLIGTHE (AE) …/... ÓN gCOIMISIÚN

an 13.12.2021

lena leasaítear Iarscríbhinn III a ghabhann le Treoir 2011/65/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, chun oiriúnú don dul chun cinn teicniúil agus eolaíoch, a mhéid a bhaineann le díolúine chun mearcair a úsáid i ndlúthshoilse fluaraiseacha aonchaidhpeacha chun críoch soilsithe ghinearálta < 30 W a maireann a saolré cothrom le 20 000 u nó níos mo ná sin

(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

Ag féachaint do Threoir 2011/65/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 8 Meitheamh 2011 maidir leis an srian ar shubstaintí guaiseacha áirithe a úsáid i dtrealamh leictreach agus leictreonach 8 , agus go háirithe Airteagal 5(1), pointe (b) di,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)Le Treoir 2011/65/AE ceanglaítear ar na Ballstáit a áirithiú nach mbeidh na substaintí guaiseacha a liostaítear in Iarscríbhinn II a ghabhann leis an Treoir sin i dtrealamh leictreach agus leictreonach a chuirtear ar an margadh. Níl feidhm ag an srian sin maidir le feidhmeanna díolmhaithe áirithe a liostaítear in Iarscríbhinn III a ghabhann leis an Treoir.

(2)Liostaítear catagóirí an trealaimh leictrigh agus leictreonaigh a bhfuil feidhm ag Treoir 2011/65/AE ina leith in Iarscríbhinn I a ghabhann leis an Treoir sin.

(3)Is substaint é mearcair a bhfuil srian air agus a liostaítear in Iarscríbhinn II a ghabhann le Treoir 2011/65/AE.

(4)De réir Threoir Tharmligthe 2014/14/AE 9 , dheonaigh an Coimisiún díolúine maidir le húsáid mearcair, ina bhfuil cion uasta 3,5 mg, i ndlúthshoilse fluaraiseacha aonchaidhpeacha chun críoch soilsithe ghinearálta < 30 W a maireann a saolré cothrom le 20 000 u nó níos mo ná sin (‘an díolúine’), a liostaítear anois mar dhíolúine 1(g) in Iarscríbhinn III a ghabhann le Treoir 2011/65/AE. Bhí an díolúine le dul in éag an 31 Nollaig 2017, i gcomhréir le hIarscríbhinn III a ghabhann le Treoir 2014/14/AE.

(5)Úsáidtear mearcair i ndlúthshoilse fluaraiseacha aonchaidhpeacha chun solas ultraivialait a tháirgeadh, solas a thiontaítear ansin ina sholas infheicthe ag an mbratú fluaraiseach ar an mbolgán lampa.

(6)An 28 Meitheamh 2016, fuair an Coimisiún iarratas ar athnuachan na díolúine (‘an t‑iarratas ar athnuachan’) laistigh den teorainn ama a leagtar síos in Airteagal 5(5) de Threoir 2011/65/AE, iarratas a tugadh cothrom le dáta le hiarratas athnuaite an 17 Eanáir 2020. I gcomhréir le hAirteagal 5(5) de Threoir 2011/65/AE, fanann an díolúine bailí go dtí go nglacfar cinneadh ar an iarratas ar athnuachan.

(7)Cinneadh sa mheastóireacht ar an iarratas ar athnuachan, inar cuireadh san áireamh infhaighteacht ionadach agus tionchar socheacnamaíoch an ionadaithe, go bhfuil ionadaigh atá iontaofa go leormhaith agus atá saor ó mhearcair ar fáil i gcomhair na gcineálacha lampa a chumhdaítear leis an díolúine agus go bhfuil an t‑ionadú indéanta ó thaobh na heolaíochta de agus ar bhonn teicniúil. Thairis sin, cinneadh sa mheastóireacht sin gur léir gur mhó na tairbhí a bhaineann le hionadú ná aon tionchar diúltach. Áiríodh comhairliúcháin le páirtithe leasmhara sa mheastóireacht i gcomhréir le hAirteagal 5(7) de Threoir 2011/65/AE. Cuireadh na barúlacha a fuarthas le linn na gcomhairliúchán sin ar fáil go poiblí ar shuíomh gréasáin tiomnaithe.

(8)Ós rud é nach gcomhlíontar a thuilleadh na coinníollacha a leagtar amach in Airteagal 5(1), pointe (a), de Threoir 2011/65/AE, ba cheart an díolúine a chúlghairm.

(9)Ba cheart dáta éaga a shocrú maidir leis an díolúine sin i gcomhréir le hAirteagal 5(6) de Threoir 2011/65/AE. Bíodh go bhfuil sciar beag de na cineálacha lampa 10 a chumhdaítear leis an díolúine sin faoi réir na gcritéar éicidhearthóireachta a leagtar síos in Iarscríbhinn II de Rialachán (AE) 2019/2020 ón gCoimisiún 11 , atá infheidhme ón 1 Meán Fómhair 2021, agus nach gcuirfear ar an margadh a thuilleadh iad dá bhrí sin, ní dhéantar difear d’fhormhór mór na lampaí a chumhdaítear leis an díolúine reatha leis na critéir faoin Rialachán Éicidhearthóireachta thuasluaite. Dá bhrí sin, is é an dáta éaga uasta is féidir, 18 mí tar éis an chinnidh, ba cheart a shocrú maidir le hiontráil iomlán na díolúine chun costais shocheacnamaíocha atá níos airde ná mar is gá a sheachaint ar rannpháirtithe sa mhargadh a bhfuil baint dhíreach acu le hionadú na catagóire deiridh sin.

(10)Ba cheart, dá bhrí sin, Treoir 2011/65/AE a leasú dá réir sin,

 

TAR ÉIS AN TREOIR SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Leasaítear Iarscríbhinn III a ghabhann le Treoir 2011/65/AE mar a leagtar amach san Iarscríbhinn a ghabhann leis an Treoir seo.

Airteagal 2

1.Na forálacha reachtaíochta, rialúcháin nó riaracháin is gá chun an Treoir seo a chomhlíonadh, déanfaidh na Ballstáit iad a ghlacadh agus a fhoilsiú faoin [lá deireanach den séú mí tar éis dháta theacht i bhfeidhm na Treorach seo] ar a dhéanaí. Cuirfidh siad téacs na bhforálacha sin in iúl don Choimisiún láithreach.

Cuirfidh siad na forálacha sin i bhfeidhm ón [lá deireanach den séú mí tar éis dháta theacht i bhfeidhm na Treorach seo + 1 lá].

Nuair a ghlacfaidh na Ballstáit na forálacha sin, beidh tagairt iontu don Treoir seo nó beidh tagairt den sórt sin ag gabháil leo tráth a bhfoilsithe oifigiúil. Is iad na Ballstáit a chinnfidh an bealach le tagairt den sórt sin a dhéanamh.

2.Déanfaidh na Ballstáit téacs phríomhfhorálacha an dlí náisiúnta a ghlacfaidh siad sa réimse a chumhdaítear leis an Treoir seo a chur in iúl don Choimisiún.

Airteagal 3

Tiocfaidh an Treoir seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a foilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Airteagal 4

Is chuig na Ballstáit a dhírítear an Treoir seo.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 13.12.2021

   Thar ceann an Choimisiúin

   An tUachtarán
   Ursula VON DER LEYEN

(1)    IO L 174, 1.7.2011, lch. 88.
(2)    IO L 396, 30.12.2006, lch. 1.
(3)    Tá an liosta le fáil ag: https://ec.europa.eu/environment/waste/rohs_eee/adaptation_en.htm .
(4)    Ar fáil ag https://rohs.exemptions.oeko.info/fileadmin/user_upload/RoHS_pack_13/Annex_1g/1g LE_RoHS_Exemption_Req_Final.pdf .
(5)    Tá tuarascáil chríochnaitheach an staidéir le fáil ag https://op.europa.eu/ga/publication-detail/-/publication/4ae54b9e-e070-11e8-b690-01aa75ed71a1/language-ga/format-PDF/source-84895526 .
(6)    Tá liosta de na céimeanna riaracháin is gá le fáil ar shuíomh gréasáin an Choimisiúin . Is féidir féachaint ar chéim reatha an nós imeachta maidir le gach dréachtghníomh tarmligthe i gClárlann Idirinstitiúideach na nGníomhartha Tarmligthe ag https://webgate.ec.europa.eu/regdel/#/home .
(7)    Déantar na táirgí atá faoin raon feidhme a rialáil freisin le Rialachán (AE) 2019/2020 ón gCoimisiún an 1 Deireadh Fómhair 2019 lena leagtar síos ceanglais éicidhearthóireachta maidir le foinsí solais agus gléasanna rialaithe ar leithligh a bhfuil feidhm aige ón 1 Meán Fómhair 2021. Murab ionann is Treoir 2011/65/AE, ní chuirtear srian le substaintí i dtáirgí leis an reachtaíocht éicidhearthóireachta ach socraítear léi ceanglais éifeachtúlachta fuinnimh atá le comhlíonadh chun na táirgí a chur ar an margadh. Ní chuirfear dlúthshoilse fluaraiseacha ag a bhfuil gléas rialaithe comhtháite (CFLi) ar an margadh de facto ón 1 Meán Fómhair 2021 ó tharla gan iad na ceanglais éifeachtúlachta fuinnimh sin a chomhlíonadh. Sainaithnítear i Rialachán (AE) 2019/2020 ón gCoimisiún ábhar mearcair mar ghné shuntasach chomhshaoil i saolré foinse solais, ach aithnítear ann gur le Treoir 2011/65/AE a rialaítear úsáid substaintí guaiseacha, lena n‑áirítear mearcair, i bhfoinsí solais.
(8)    IO L 174, 1.7.2011, lch. 88.
(9)    Treoir Tharmligthe 2014/14/AE ón gCoimisiún an 18 Deireadh Fómhair 2013 lena leasaítear Iarscríbhinn III a ghabhann le Treoir 2011/65/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, chun oiriúnú don dul chun cinn teicniúil agus eolaíoch, a mhéid a bhaineann le díolúine chun 3,5 mg mearcair in aghaidh an lampa i ndlúthshoilse fluaraiseacha aonchaidhpeacha chun críoch soilsithe ghinearálta < 30 W a maireann a saolré cothrom le 20 000 u nó níos mo ná sin (IO L 4, 9.1.2014, lch. 71).
(10)    Ón 1 Meán Fómhair 2021, cumhdaítear dlúthshoilse fluaraiseacha ag a bhfuil gléas rialaithe comhtháite (CFLi) leis an iontráil ‘Foinsí eile solais faoin raon feidhme nach luaitear thuas’ i dTábla 1 d’Iarscríbhinn II de Rialachán (AE) 2019/2020 ón gCoimisiún.
(11)    Mar a luaitear in Aithrisí 9 agus 10 de Rialachán (AE) 2019/2020 ón gCoimisiún, níl aon cheanglas sonrach éicidhearthóireachta maidir le cion mearcair le socrú sa Rialachán sin.
Top

IARSCRÍBHINN

In Iarscríbhinn III a ghabhann le Treoir 2011/65/AE, cuirtear an méid seo a leanas in ionad iontráil 1(g):

Díolúine

Raon feidhme agus dátaí infheidhmeachta

ʻ 1(g)

Chun críoch soilsithe ghinearálta < 30 W a maireann a saolré cothrom le 20 000 u nó níos mo ná sin: 3,5 mg

In éag an [Oifig na bhFoilseachán: 18 mí tar éis fhoilsiú na Treorach Tarmligthe san Iris Oifigiúil]’

Top