EUR-Lex Access to European Union law

Back to EUR-Lex homepage

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 62023CN0683

Cás C-683/23, Encarna: Iarraidh ar réamhrialú ón Juzgado de Primera Instancia n° 19 de Barcelona (an Spáinn) a taisceadh an 14 Samhain 2023 – Encarna v Elías

IO C, C/2024/1836, 11.3.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2024/1836/oj (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2024/1836/oj

European flag

Iris Oifigiúil
an Aontais Eorpaigh

GA

Sraith C


C/2024/1836

11.3.2024

Iarraidh ar réamhrialú ón Juzgado de Primera Instancia no 19 de Barcelona (an Spáinn) a taisceadh an 14 Samhain 2023 – Encarna v Elías

(Cás C-683/23, Encarna)

(C/2024/1836)

Teanga an cháis: an Spáinnis

An chúirt a rinne an tarchur

Juzgado de Primera Instancia no 19 de Barcelona

Páirtithe sna príomhimeachtaí

Iarratasóir: Encarna

Cosantóir: Elías

Na ceisteanna a tharchuirtear:

(1)

An sáraítear Airteagal 6(4) de Rialachán (AE) Uimh. 2016/679 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 27 Aibreán 2016 (1) trí shonraí pearsanta na bpáirtithe, chomh maith le sonraí pearsanta leanaí agus déagóirí a thabhairt ag an gcúirt don chomhordaitheoir tuismitheoireachta agus le húdaras a thabhairt uaithi chun rochtain a fháil ar a sonraí pearsanta arna bpróiseáil i gcartlanna tríú páirtithe (lena n-áirítear cartlanna sláinte), gan aon fhoráil dlí nó rialála a bheith ann?

(2)

I gcás ina bhfuil cead ag cúirt sonraí pearsanta na bpáirtithe, leanaí agus déagóirí a thabhairt uaithi, an sáraítear Airteagal 16 CFAE agus Airteagail 7 (meas ar an saol príobháideach agus ar shaol an teaghlaigh), 8 (Cosaint sonraí pearsanta) agus 52 (raon feidhme na gcearta agus na bprionsabal agus léiriú a dhéanamh orthu) den Chairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh leis na sonraí sin a thabhairt don chomhordaitheoir tuismitheoireachta?

(3)

An bhfuil sé i gcomhréir le hAirteagal 6(4) de Rialachán (AE) Uimh. 2016/679 i ndáil le hAirteagal 24 den Chairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh sonraí a thabhairt don chomhordaitheoir tuismitheoireachta gan an leanbh a éisteacht roimh ré ar an tsaincheist agus gan barr leasa an linbh a chur san áireamh?

(4)

An sáraítear Airteagal 48(1) de Choinbhinsiún Iostanbúl lena gcuirtear cosc ar dhul i muinín bearta riachtanacha chun réitigh mhalartaigh díospóidí, i ndáil le hAirteagail 7 agus 24 den Chairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh, trí shonraí an linbh a thabhairt don chomhordaitheoir tuismitheoireachta chun cinntí a dhéanamh lena ndéanfaí difear d’fheidhmiú freagracht tuismitheoirí agus/nó do chaomhnóireacht agus/nó do shocruithe cuartaíochta, i gcásanna ina bhfuil foréigean ann?

(5)

I gcás ina bhfuil cead ag cúirt sonraí pearsanta na bpáirtithe a thabhairt uaidh agus, de dheasca iad a thabhairt uaidh, an bhfuil sé ar neamhréir le hAirteagal 47 den Chairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh (an ceart chun leigheas breithiúnach éifeachtach a fháil) gur gá do na páirtithe táillí an chomhordaitheora tuismitheoireachta chumhdach toisc go n-ordaíonn cúirt a leithéid, fiú i gcás ina ndeonaítear cúnamh dlí saor in aisce dóibh?


(1)  Rialachán (AE) 2016/679 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 27 Aibreán 2016 maidir le daoine nádúrtha a chosaint i ndáil le sonraí pearsanta a phróiseáil agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin, agus lena n-aisghairtear Treoir 95/46/CE (An Rialachán Ginearálta maidir le Cosaint Sonraí) (IO 2016 L 119).


ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2024/1836/oj

ISSN 1977-107X (electronic edition)


Top