EUR-Lex Access to European Union law

Back to EUR-Lex homepage

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 62022CN0189

Cás C-189/22: Iarraidh ar réamhrialú ó Amtsgericht München (an Ghearmáin) arna taisceadh an 11 Márta 2022 – SO v Scalable Capital GmbH

IO C 237, 20.6.2022, p. 34–35 (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

20.6.2022   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 237/34


Iarraidh ar réamhrialú ó Amtsgericht München (an Ghearmáin) arna taisceadh an 11 Márta 2022 – SO v Scalable Capital GmbH

(Cás C-189/22)

(2022/C 237/43)

Teanga an cháis: an Ghearmáinis

An chúirt a rinne an tarchur

Amtsgericht München

Páirtithe sna príomhimeachtaí

Iarratasóir: SO

Cosantóir: Scalable Capital GmbH

Na ceisteanna a tharchuirtear

1.

An gcaithfear Airteagal 82 den Rialachán Ginearálta maidir le Cosaint Sonraí (1) a léirmhíniú sa chiall nach bhfuil an ceart chun damáistí de chineál pionósach fiú i gcomhthéacs an méid damáistí a ríomh agus, go háirithe, nach bhfuil feidhm athchomhairleach ghinearálta ná speisialta aige, ós rud é nach bhfuil ach feidhm cúitimh ag an gceart agus, i gcásanna áirithe, feidhm sásaimh?

2.a

Maidir leis an gceart chun damáistí neamhábhartha a mheas, an gcaithfear a ghlacadh mar bhonn tuisceana go bhfuil feidhm sásaimh ag an gceart sin chomh maith – is é sin le rá, sa chás seo, mar leas príobháideach an duine ar bhain an díobháil dó san iompar atá ina chúis leis an gcaillteanas a phionósú – nó an é nach bhfuil ach feidhm cúitimh ag an gceart chun damáistí – is é sin le rá sa chás seo mar fheidhm cúitimh ar an díobháil a bhain dó?

2.b.1.

Má ghlactar leis go bhfuil feidhm cúitimh agus sásaimh araon ag an gceart chun damáistí neamhábhartha: an bhfuil a mheasúnú le déanamh ar an mbonn go bhfuil tosaíocht struchtúrtha ag an bhfeidhm cúitimh ar an bhfeidhm sásaimh nó, ar a laghad, go bhfuil coibhneas rialach-eisceachta eatarthu? An gciallaíonn sé sin nach féidir feidhm sásaimh a bheith aige ach i gcás ina ndearnadh an sárú d’aon ghnó nó trí mhórfhaillí?

2.b.2.

Mura bhfuil feidhm sásaimh ag an gceart chun damáistí neamhábhartha, agus na damáistí sin á ríomh, an é nach bhfuil ualach breise le tabhairt ach do sháruithe maidir le sonraí a rinneadh d’aon ghnó nó trí mhórfhaillí a mheastar gur fachtóirí cúiseacha iad?

3.

An bhfuil damáistí neamhábhartha le meas ar bhonn ord struchtúrtha tosaíochta nó, ar a laghad, i gcoibhneas ordlathais rialach-eisceachta, ina bhfuil ualach níos lú ag baint le caillteanas de thoradh ar shárú maidir le sonraí ná mar atá ag an díobháil agus an dólás a bhaineann le díobháil choirp?

4.

An bhfuil an tsaoirse ag cúirt náisiúnta, i gcás ina ndéantar toimhde go ndearnadh díobháil, de bharr easpa tromchúise, gan ach miondamáistí a dheonú sa chaoi go bhféadfadh an duine ar bhain an díobháil dó nó an pobal i gcoitinne a thuiscint nach bhfuil iontu ach damáistí siombalacha?

5.

An gcaithfear a ghlacadh mar bhunús chun iarmhairtí damáistí neamhábhartha a mheas nach ndearnadh calaois aitheantais de réir bhrí aithris 75 den Rialachán Ginearálta maidir le Cosaint Sonraí ach i gcás inar ghlac ciontóir aitheantas an duine lena mbaineann, is é sin le rá gur lig sé air gurb é an duine sin é, agus sna cásanna sin amháin, nó an leor gur éirigh leis na ciontuithe seilbh a fháil ar na sonraí sin lenar féidir an duine lena mbaineann a aithint?


(1)  Rialachán (AE) 2016/679 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 27 Aibreán 2016 maidir le daoine nádúrtha a chosaint i ndáil le sonraí pearsanta a phróiseáil agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin, agus lena n-aisghairtear Treoir 95/46/CE (An Rialachán Ginearálta maidir le Cosaint Sonraí) (IO 2016, L 119, lch. 1).


Top