EUR-Lex Access to European Union law

Back to EUR-Lex homepage

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 52023XG00721

Teachtaireacht ó Státrúnaí Gnóthaí Eacnamaíocha agus Beartais Aeráide Ríocht na hÍsiltíre de bhun Airteagal 3(2) de Threoir 94/22/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle ar na coinníollacha maidir leis na coinníollacha chun údaruithe a dheonú agus a úsáid i ndáil le sirtheoireacht, taiscéalaíocht agus táirgeadh hidreacarbón

PUB/2023/1289

IO C, C/2023/721, 9.11.2023, ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2023/721/oj (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2023/721/oj

European flag

Iris Oifigiúil
an Aontais Eorpaigh

GA

Sraith C


C/2023/721

9.11.2023

Teachtaireacht ó Státrúnaí Gnóthaí Eacnamaíocha agus Beartais Aeráide Ríocht na hÍsiltíre de bhun Airteagal 3(2) de Threoir 94/22/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle ar na coinníollacha maidir leis na coinníollacha chun údaruithe a dheonú agus a úsáid i ndáil le sirtheoireacht, taiscéalaíocht agus táirgeadh hidreacarbón

(C/2023/721)

Tugann Státrúnaí Gnóthaí Eacnamaíocha agus Beartais Aeráide leis seo fógra go bhfuarthas iarratas ar údarú chun sirtheoireacht ar hidreacharbóin a dhéanamh i mBloc E13 mar a léirítear ar an léarscáil atá i gceangal mar Iarscríbhinn 3 a ghabhann leis an Rialachán maidir leis an Mianadóireacht (Mijnbouwregeling). I mBloc E13 cumhdaítear achar 403 km2.

Faoi threoir na Treorach dá dtagraítear sa réamhghiotán agus in Airteagal 15 den Acht maidir leis an Mianadóireacht (Mijnbouwwet), iarrann an Státrúnaí Gnóthaí Eacnamaíocha agus Beartais Aeráide ar pháirtithe leasmhara iarratas iomaíoch a chur isteach chun sirtheoireacht ar hidreacharbóin a dhéanamh i mBloc E13 ar scairbh ilchríochach na hÍsiltíre.

Is é Státrúnaí Gnóthaí Eacnamaíocha agus Beartais Aeráide an t-údarás inniúil chun údaruithe a dheonú. Na critéir, coinníollacha agus ceanglais dá dtagraítear in Airteagal 5(1) agus (2) agus Airteagal 6(2) den Treoir thuasluaite, leagtar amach iad san Acht maidir leis an Mianadóireacht.

Is féidir iarratais a chur isteach le linn na 13 seachtaine tar éis fhoilsiú an fhógra seo in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh agus ba cheart iad a sheoladh chuig:

R-phost: mijnbouwvergunningen@minezk.nl

An Státrúnaí Gnóthaí Eacnamaíocha agus Beartais Aeráide

do: J Visser Uasal, an Stiúrthóireacht um an Aistriú in Úsáid Acmhainní go Domhain faoi Thalamh

Bezuidenhoutseweg 73

Postbus 20401

2500 EK Den Haag

AN ÍSILTÍR

Iarratais a fhaightear tar éis dhul in éag na tréimhse seo, ní chuirfear san áireamh iad.

I bprionsabal déanfar cinneadh maidir leis na hiarratais tráth nach déanaí ná 12 mhí tar éis dhul in éag na tréimhse sin.

Is féidir tuilleadh eolais a fháil ach glaoch ar oifig MABEL ar an uimhir teileafóin seo a leanas: +31 703796970.

An Státrúnaí Gnóthaí Eacnamaíocha agus Beartais Aeráide

do: J Visser Uasal, an Stiúrthóireacht um an Aistriú in Úsáid Acmhainní go Domhain faoi Thalamh

Bezuidenhoutseweg 73

Postbus 20401

2500 EK Den Haag

AN ÍSILTÍR


ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2023/721/oj

ISSN 1977-107X (electronic edition)


Top