EUR-Lex Access to European Union law

Back to EUR-Lex homepage

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 52016PC0236

Togra le haghaidh RIALACHÁN Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 539/2001 lena liostaítear na tríú tíortha a bhfuil ar a náisiúnaigh víosaí a bheith ina seilbh acu nuair atá na teorainneacha seachtracha á dtrasnú acu agus lena liostaítear na tríú tíortha a bhfuil a náisiúnaigh díolmhaithe ón gceanglas sin (An Úcráin)

COM/2016/0236 final - 2016/0125 (COD)

An Bhruiséil,20.4.2016

COM(2016) 236 final

2016/0125(COD)

Togra le haghaidh

RIALACHÁN Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 539/2001 lena liostaítear na tríú tíortha a bhfuil ar a náisiúnaigh víosaí a bheith ina seilbh acu nuair atá na teorainneacha seachtracha á dtrasnú acu agus lena liostaítear na tríú tíortha a bhfuil a náisiúnaigh díolmhaithe ón gceanglas sin

(An Úcráin)


MEABHRÁN MÍNIÚCHÁIN

1.COMHTHÉACS AN TOGRA

Forais agus cuspóirí an togra

Seoladh an tidirphlé maidir le léirscaoileadh víosaí idir an tAontas Eorpach agus An Úcráin i mí Dheireadh Fómhair 2008. I mí na Samhna 2010, chuir an Coimisiún Eorpach plean gníomhaíochta léirscaoilte víosaí (PGLV) faoi bhráid rialtas na hÚcráine. Thug an Coimisiún gealltanas go molfadh sé go dtabharfaí cead do náisiúnaigh na hÚcráine a bhfuil pasanna bithmhéadracha ina seilbh acu gearrchuairteanna a thabhairt ar an Aontas Eorpach gan víosa, chomh luath agus a dhéanfadh Rialtas na hÚcráine gach tagarmharc a leagadh síos sa PGLV a chomhall.

Sular cuireadh tús leis an idirphlé maidir le léirscaoileadh víosaí, bhí Comhaontú um Eisiúint Víosaí a Éascú agus Comhaontú um Athligean Isteach tugtha i gcrích, san am céanna, ag an Aontas Eorpach agus ag an Úcráin. Tháinig na comhaontuithe sin i bhfeidhm an 1 Eanáir 2008. Tháinig an Comhaontú leasaithe um Eisiúint Víosaí a Éascú i bhfeidhm an 1 Iúil 2013. Réamhriachtanas ab ea é na comhaontuithe sin a chur chun feidhme ina niomláine agus go héifeachtach sula bhféadfaí tús a chur leis an idirphlé maidir le víosaí, agus ba ar an gcoinníoll sin a leanadh den idirphlé freisin.

Tá struchtúr an PGLV bunaithe ar cheithre 'bhloc': slándáil doiciméad, lena náirítear bithmhéadracht (bloc I), imirce agus bainistiú comhtháite teorainneacha, lena náirítear tearmann (bloc II), ord poiblí agus slándáil (bloc III) agus caidreamh eachtrach agus cearta bunúsacha (bloc IV). Sa PGLV tá sraith de thagarmharcanna beachta leagtha amach do gach ceann de na ceithre 'bhloc' sin de shaincheisteanna teicniúla ábhartha arb é is aidhm leo creat reachtach, creat beartais agus creat institiúideach a ghlacadh (céim 1) agus cur chun feidhme éifeachtach agus inbhuanaithe an chreata sin a áirithiú (céim 2).

Ó seoladh an tIdirphlé maidir le Léirscaoileadh Víosaí idir an tAontas Eorpach agus an Úcráin, tá tuarascáil tugtha ag an gCoimisiún do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle maidir leis an dul chun cinn atá déanta ag an Úcráin maidir leis na tagarmharcanna a bhaint amach a leagadh síos faoi na ceithre bhloc den chéad chéim agus den dara céim den PGLV. Rinneadh measúnú ar dhul chun cinn ar bhonn meastóireacht ar an láthair a rinne saineolaithe ó Bhallstáit an Aontais agus faisnéis mhionsonraithe a thug an Úcráin.

An 16 Samhain 2011, ghlac an Coimisiún a chéad tuarascáil 1 ar dhul chun cinn maidir le cur chun feidhme an PGLV ag an Úcráin agus rinne sé roinnt moltaí ann i dtaca leis an gcéad chéim a chríochnú (an chéim reachtach agus pleanála). D'fhoilsigh an Coimisiún an dara tuarascáil 2 ar dhul chun cinn an 9 Feabhra 2012, agus an tríú 3 ceann an 15 Samhain 2013. Tar éis don Choimisiún an ceathrú tuarascáil 4 a fhoilsiú an 27 Bealtaine 2014 agus tar éis don Chomhairle í a fhormhuiniú an 23 Meitheamh 2014, chuaigh an Úcráin isteach go hoifigiúil sa dara céim den PGLV ar lena linn a rinneadh measúnú ar chur chun feidhme inbhuanaithe an chreata reachtaigh agus beartais.

Ghlac an Coimisiún an tríú tuarascáil 5 ar dhul chun cinn na hÚcráine maidir leis an PGLV a chur chun feidhme an 8 Bealtaine 2015. Luadh sa tuarascáil gur díol suntais an dul chun cinn a rinne údaráis na hÚcráine i gcur chun feidhme an dara céim den PGLV. I gcomhréir leis an gcur chuige a léiríodh sa PGLV, d'eagraigh an Coimisiún meastóireachtaí ar an láthair a raibh baint ag saineolaithe ó Bhallstáit an Aontais Eorpaigh leo. Ag gabhail leis an tuarascáil sin, bhí measúnú ar an tionchar a d'fhéadfadh bheith ann dá dtiocfadh ann do léirscaoileadh víosaí amach anseo i gcás shaoránaigh na hÚcráine agus iad ag taisteal go dtí an tAontas Eorpach.

Sa séú tuarascáil 6 uaidh, an ceann deiridh, arna ghlacadh an 18 Nollaig 2015, ba é conchlúid an Choimisiúin go raibh an dul chun cinn ba ghá déanta ag an Úcráin agus go raibh na hathchóirithe riachtanacha ar fad curtha i gcrích aici chun a áirithiú go mbainfí amach, ar bhealach éifeachtach inbhuanaithe, na tagarmharcanna a bhí fágtha.

Bunaithe ar an measúnú sin, agus i bhfianaise thoradh an fhaireacháin agus an tuarascithe a rinneadh ar bhonn leanúnach ó seoladh an tIdirphlé maidir le Léirscaoileadh Víosaí idir an tAontas Eorpach agus an Úcráin, dheimhnigh an Coimisiún go raibh na tagarmharcanna ar fad bainte amach ag an Úcráin i dtaca le gach ceann de na ceithre bhloc den dara céim den PGLV agus go dtíolacfadh sé togra reachtach, go luath in 2016, chun leasú a dhéanamh ar Rialachán (CE) Uimh. 539/2001 ionas go gcuirfí an Úcráin ar liosta na dtíortha nach mbaineann an ceanglas víosa leo (Iarscríbhinn II).

Thairis sin, ó glacadh an séú tuarascáil, tá sé tugtha dá aire ag an gCoimisiún go bhfuil dul chun cinn déanta ag údaráis na hÚcráine maidir leis na leasuithe atá ina gceangal faoin PGLV a chur chun feidhme. Tá an Biúró Náisiúnta in aghaidh Éillithe ag feidhmiú agus tá tús curtha lena chuid oibre i gcomhar leis an ionchúisitheoir speisialaithe in aghaidh éillithe. Tar éis na dlíthe maidir le haisghabháil sócmhainní agus na leasuithe ar an Dlí maidir le hOifig an Ionchúisitheora a ghlacadh, a bhfuil baint acu le hOifig an Ionchúisitheora Speisialaithe in aghaidh Éillithe (18 Feabhra 2016), mar aon leis an dlí maidir le dearbhuithe sócmhainní leictreonacha (15 Márta 2016), thug an Coimisiún dá aire go ndearnadh tuilleadh dul chun cinn i lár mhí Mhárta 2016 tráth a ceapadh dhá chomhalta eile chuig Bord na Gníomhaireachta Náisiúnta in aghaidh Éillithe, rud a chuir ar chumas an Bhoird an córam a bhaint amach. An 28 Márta toghadh Ceann na Gníomhaireachta agus an 30 Márta cláraíodh an Ghníomhaireacht mar eintiteas dlíthiúil. Ina theannta sin, rinne údaráis na hÚcráine acmhainní airgeadais a leithdháileadh sa Bhuiséad Stáit le haghaidh 2016 chun a áirithiú go mbeidh creat institiúideach in aghaidh éilithe ann a bheidh ag feidhmiú mar is ceart, lena náirítear an Biúró Náisiúnta ina aghaidh Éillithe.

Le cois an tuairiscithe atá déanta aige maidir leis an PGLV, tá faireachán leanúnach déanta ag an gCoimisiún ar chur chun feidhme an Chomhaontaithe um Eisiúint Víosaí a Éascú agus an Chomhaontaithe um Athligean Isteach, go háirithe trí na comhchoistí a bunaíodh faoi na comhaontuithe sin. Bhí an cruinniú is déanaí den Chomhchoiste um Eisiúint Víosaí a Éascú ann an 23 Aibreán 2015 agus bhuail an Comhchoiste um Athligean Isteach le chéile don uair dheireanach an 6 Bealtaine 2014. Sa chomhthéacs sin, thug an Coimisiún dá aire go raibh cur chun feidhme an dá chomhaontú sin ansásúil tríd is tríd.

Comhsheasmhacht le forálacha beartais atá ann cheana sa réimse beartais seo agus le beartais eile an Aontais

I Rialachán (CE) Uimh. 539/2001 7 ón gComhairle liostaítear na tríú tíortha a bhfuil ar a náisiúnaigh víosaí a bheith ina seilbh acu nuair atá teorainneacha seachtracha na mBallstát á dtrasnú acu agus lena liostaítear na tríú tíortha a bhfuil a náisiúnaigh díolmhaithe ón gceanglas sin. Cuireann na Ballstáit ar fad – diomaite d'Éirinn agus den Ríocht Aontaithe – mar aon leis an Eilvéis, an Iorua, an Íoslann agus Lichtinstéin Rialachán (CE) Uimh. 539/2001 i bhfeidhm. Is cuid é an Rialachán seo de bheartas an Aontais Eorpaigh maidir le víosaí le haghaidh gearrchuairteanna 90 lá laistigh d'aon tréimhse 180 lá.

Faoi láthair, tá an Úcráin liostaithe in Iarscríbhinn I de Rialachán (CE) Uimh. 539/2001, i.e. tá sí ar cheann de na tíortha sin a bhfuil ar a náisiúnaigh víosa a bheith ina seilbh acu chun taisteal chuig críocha Bhallstáit an Aontais Eorpaigh.

Rinneadh leasú ar Rialachán (CE) Uimh. 539/2001 le Rialachán (AE) 259/2014 8 tráth a aistríodh an Mholdóiv go dtí liosta na dtíortha nach mbaineann an ceanglas víosaí leo toisc gur éirigh leis an tír sin a PGLV a chur chun feidhme, agus le Rialachán (AE) Uimh. 509/2014 9 tráth a díolmhaíodh cúig thír i Muir Chairib 10 agus aon tír déag san Aigéan Ciúin 11 , chomh maith leis an gColóim, an Pheiriú agus Aontas na nÉimíríochtaí Arabacha ón gceanglas víosaí – faoi réir comhaontuithe tarscaoilte víosaí a thabhairt i gcrích idir an tAontas Eorpach agus na tríú tíortha lena mbaineann – tar éis athbhreithniú tréimhsiúil ar na liostaí víosa.

Na critéir sin ar cheart a chur san áireamh chun a chinneadh de réir saintréithe gach cáis ar leith cé na tríú tíortha a mbeidh a náisiúnaigh faoi réir an cheanglais víosa, nó díolmhaithe uaidh, tá siad leagtha síos in Airteagal 1 de Rialachán (CE) Uimh. 539/2001 (mar a tugadh isteach le Rialachán (AE) Uimh. 509/2014). Áirítear orthu sin "inimirce neamhdhleathach, beartas poiblí agus slándáil, tairbhe eacnamaíoch, go háirithe i dtéarmaí turasóireachta agus trádála coigríche, agus caidreamh seachtrach an Aontais leis na tríú tíortha ábhartha, lena náirítear, go háirithe, breithnithe maidir le cearta an duine agus saoirsí bunúsacha, chomh maith leis na himpleachtaí a bhaineann le comhleanúnachas agus cómhalartacht réigiúnach” 12 . Ní mór aird ar leith a thabhairt ar shlándáil na ndoiciméad taistil a eisíonn na tríú tíortha lena mbaineann.

Níl cúis ar bith go mbeadh cur chun feidhme na díolúine víosaí ag brath ar chomhaontú tarscaoilte víosaí a thabhairt i gcrích i gcomhar leis an Aontas Eorpach, mar go bhfuil gach saoránach den Aontas Eorpach díolmhaithe cheana féin ag an Úcráin ón gceanglas víosa le haghaidh gearrchuairteanna go ceann bliain amháin ar a mhéad. Dá ndéanfaí an cinneadh sin a aisghairm nó dá mbainfí míúsáid as an gcóras neamhvíosaí, bheadh leigheasanna leordhóthanacha ar fáil de thoradh na sásraí cómhalartachta agus fionraíochta atá ann faoi láthair i Rialachán (CE) Uimh. 539/2001.

2.BUNÚS DLÍ, COIMHDEACHT AGUS COMHRÉIREACHT

Bunús Dlí

Ós rud é go ndéanfar leasú ar chomhbheartas víosaí an Aontais Eorpaigh, is é pointe (a) d'Airteagal 77(2) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (CFAE) bunús dlí an togra. Forbairt ar acquis Schengen a bheidh sa rialachán atá beartaithe.

Coimhdeacht

Ós rud é gur gníomh dlí de chuid an Aontais Eorpaigh Rialachán (CE) Uimh. 539/2001, ní féidir leasú a dhéanamh air ach trí ghníomh dlí coibhéiseach. Ní féidir le Ballstáit gníomhú ina naonar.

Comhréireacht

Féach thuas – níl aon roghanna eile ar fáil chun na cuspóirí beartais a bhaint amach.

An rogha ionstraime

Féach thuas.

3.TORTHAÍ NA MEASTÓIREACHTAÍ EX-POST, NA gCOMHAIRLIÚCHÁN LEIS NA PÁIRTITHE LEASMHARA AGUS NA MEASÚNUITHE TIONCHAIR

Meastóireachtaí ex-post/seiceálacha oiriúnachta ar reachtaíocht atá ann cheana

neamhbhainteach

Comhairliúcháin leis na geallsealbhóirí

Bhí comhphlé rialta ann leis na Ballstáit i Meitheal na Comhairle um Oirthear na hEorpa agus Lár na hÁise (COEST) agus cuireadh an próiseas léirscaoilte víosaí i láthair do Pharlaimint na hEorpa roinnt uaireanta.

Saineolas a bhailiú agus a úsáid

Bhailigh an Coimisiún sonraí cuimsitheacha faoi chur chun feidhme na dtagarmharcanna uile sa PGLV ag an Úcráin. Mar a bhí sa dá thuarascáil a tháinig roimhe, bhí Doiciméad Inmheánach Oibre 13 de chuid an Choimsiúin ag gabháil leis an tuarascáil dheireanach maidir le dul chun cinn na hÚcráine. Bhí eolas ní ba mhionsonraithe sa doiciméad sin maidir leis an dul chun cinn a rinneadh i leith gach tagarmhairc.

Measúnú tionchair

San iarscríbhinn a ghabh leis an Doiciméad Inmheánach Oibre, chuir an Coimisiún anailís fhíriciúil nuashonraithe ar fáil mar aon le faisnéis bunaithe ar staitisticí i dtaca leis an tionchar a d'fhéadfadh sé go nimreofaí ar chúrsaí imirce agus slándála mar thoradh ar léirscaoileadh víosaí do shaoránaigh na hÚcráine chun taisteal chuig an Aontas Eorpach, bunaithe ar eolas ó ghníomhaireachtaí ábhartha an Aontais Eorpaigh agus ó pháirtithe leasmhara. Ní gá aon mheasúnú tionchair breise a dhéanamh.

Oiriúnacht rialála agus simpliú

neamhbhainteach

Cearta bunúsacha

Níl aon iarmhairtí ag an togra seo maidir le cosaint na gceart bunúsach.

4.IMPLEACHTAÍ BUISÉADACHA

neamhbhainteach

5.GNÉITHE EILE

Pleananna cur chun feidhme agus socruithe faireacháin, measúnaithe agus tuairiscithe

Beidh feidhm dhíreach ag an Rialachán leasaithe ón uair a thiocfaidh sé i bhfeidhm agus cuirfidh na Ballstáit i bhfeidhm é láithreach. Ní gá aon phlean cur chun feidhme a dhéanamh.

Leanfaidh an Coimisiún de fhaireachán a dhéanamh ar an dul chun cinn atá an Úcráin a dhéanamh i dtaobh na dtagramharcanna ar fad a leagadh síos di faoi na ceithre bhloc den PGLV trí na struchtúir comhlachais agus tríd an idirphlé agus, más gá, trí shásraí leantacha ad hoc.

Doiciméid mhíniúcháin (i gcás treoracha)

neamhbhainteach

Míniú mionsonraithe ar fhorálacha sonracha an togra

Deanfar leasú ar Rialachán (CE) Uimh. 539/2001, agus aistreofar an Úcráin ó Iarscríbhinn I (liosta na dtíortha a bhfuil víosaí de dhíth ar a náisiúnaigh) go dtí Iarscríbhinn II (liosta na dtíortha nach mbaineann an ceanglas víosaí leo). Cuirfear isteach fonóta ina sonrófar go bhfuil an tarscaoileadh víosaí teoranta do shealbhóirí pasanna bithmhéadracha arna neisiúint i gcomhréir le caighdeáin na hEagraíochta Eitlíochta Sibhialta Idirnáisiúnta (ICAO).

2016/0125 (COD)

Togra le haghaidh

RIALACHÁN Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 539/2001 lena liostaítear na tríú tíortha a bhfuil ar a náisiúnaigh víosaí a bheith ina seilbh acu nuair atá na teorainneacha seachtracha á dtrasnú acu agus lena liostaítear na tríú tíortha a bhfuil a náisiúnaigh díolmhaithe ón gceanglas sin

(An Úcráin)

TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe pointe (a) d'Airteagal 77(2) de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

Tar éis dóibh an dréachtghníomh reachtach a chur chuig na Parlaimintí náisiúnta,

Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach

De bharr an méid seo a leanas:

(1)I Rialachán (CE) Uimh. 539/2001 14 ón gComhairle liostaítear na tríú tíortha a bhfuil ar a náisiúnaigh víosaí a bheith ina seilbh acu nuair atá teorainneacha seachtracha na mBallstát á dtrasnú acu agus lena liostaítear na tríú tíortha a bhfuil a náisiúnaigh díolmhaithe ón gceanglas sin. Comhdhéanamh na liostaí de thríú tíortha in Iarscríbhinn I agus in Iarscríbhinn II, ba cheart é a bheith ag teacht leis na critéir atá leagtha amach iontu, agus ba cheart go bhfanfadh sé amhlaidh. Tagairtí do thríú tíortha a bhfuil athrú tagtha ar an staid ina bhfuil siad i ndáil leis na critéir sin, ba cheart iad a aistriú ó iarscríbhinn amháin go dtí an iarscríbhinn eile, de réir mar is iomchuí.

(2)Meastar go bhfuil na tagarmharcanna ar fad sa Phlean Gníomhaíochta Léirscaoilte Víosa a tugadh do Rialtas na hÚcráine i mí Feabhra 2010 bainte amach ag an Úcráin agus, dá bhrí sin, go gcomhlíonann sí na critéir is ábhartha lena saoránaigh a dhíolmhú ón gceanglas víosa agus iad ag taisteal go dtí críocha Bhallstáit an Aontais Eorpaigh

(3)Dá réir sin, ba cheart an Úcráin a aistriú ó Iarscríbhinn I de Rialachán (CE) Uimh. 539/2001 go dtí Iarscríbhinn II de. Ba cheart feidhm a bheith ag an tarscaoileadh víosaí sin maidir le sealbhóirí pasanna bithmhéadracha arna neisiúint i gcomhréir le caighdeáin na hEagraíochta Eitlíochta Sibhialta Idirnáisiúnta (ICAO), agus maidir leo sin amháin.

(4)Is é atá sa Rialachán seo ná forbairt ar fhorálacha acquis Schengen nach nglacann an Ríocht Aontaithe páirt iontu, i gcomhréir le Cinneadh 2000/365/CE ón gComhairle 15 . Dá bhrí sin, níl an Ríocht Aontaithe rannpháirteach i nglacadh an Rialacháin seo agus níl sí faoi cheangal aige ná faoi réir a chur i bhfeidhm.

(5)Is é atá sa Rialachán seo ná forbairt ar fhorálacha acquis Schengen nach nglacann Éire páirt iontu, i gcomhréir le Cinneadh 2002/192/CE ón gComhairle 16 . Dá bhrí sin, níl Éire rannpháirteach i nglacadh an Rialacháin seo agus níl sé ina cheangal uirthi ná níl sí faoi réir a chur i bhfeidhm.

(6)Maidir leis an Íoslainn agus an Iorua, is é atá sa Rialachán seo ná forbairt ar fhorálacha acquis Schengen agus de réir bhrí an Chomhaontaithe arna thabhairt i gcrích ag Comhairle an Aontais Eorpaigh agus Poblacht na hÍoslainne agus Ríocht na hIorua maidir le comhlachas an dá thír sin le hacquis Schengen a chur chun feidhme, a chur i bhfeidhm agus a fhorbairt, ar forálacha iad a thagann faoi réim an réimse dá dtagraítear in Airteagal 1 de Chinneadh 1999/437/CE ón gComhairle 17 .

(7)Maidir leis an Eilvéis, is é atá sa Rialachán seo ná forbairt ar fhorálacha acquis Schengen de réir bhrí an Chomhaontaithe arna thabhairt i gcrích idir an tAontas Eorpach, an Comhphobal Eorpach agus Cónaidhm na hEilvéise maidir le comhlachas Chónaidhm na hEilvéise le hacquis Schengen a chur chun feidhme, a chur i bhfeidhm agus a fhorbairt, ar forálacha iad a thagann faoi réim an réimse dá dtagraítear i bpointe B d'Airteagal 1 de Chinneadh 1999/437/CE arna léamh in gcomhar le hAirteagal 3 de Chinneadh 2008/146/CE ón gComhairle 18 .

(8)Maidir le Lichtinstéin, is é atá sa Rialachán seo ná forbairt ar fhorálacha acquis Schengen, de réir bhrí an Phrótacail idir an tAontas Eorpach, an Comhphobal Eorpach, Cónaidhm na hEilvéise agus Prionsacht Lichtinstéin i ndáil le haontachas Phrionsacht Lichtinstéin leis an gComhaontú idir an tAontas Eorpach, an Comhphobal Eorpach agus Cónaidhm na hEilvéise maidir le comhlachas Chónaidhm na hEilvéise le cur chun feidhme, le cur i bhfeidhm agus le forbairt acquis Schengen, ar forálacha iad a thagann faoi réim an réimse dá dtagraítear i bpointe B d'Airteagal 1 de Chinneadh 1999/437/CE arna léamh i gcomhar le hAirteagal 3 de Chinneadh 2011/350/AE ón gComhairle 19 ,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 539/2001 mar a leanas:

(a)in Iarscríbhinn I, Cuid 1 ("NA STÁIT"), scriostar an tagairt don Úcráin.

(b)in Iarscríbhinn II, Cuid 1 ("NA STÁIT"), cuirtear isteach an tagairt seo a leanas:

"An Úcráin"*

______________

*    Tá an tarscaoileadh víosaí teoranta do shealbhóirí pasanna bithmhéadracha arna neisiúint i gcomhréir le caighdeáin na hEagraíochta Eitlíochta Sibhialta Idirnáisiúnta (ICAO).

Airteagal 2

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach sna Ballstáit i gcomhréir leis na Conarthaí.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil,

Thar ceann Pharlaimint na hEorpa    Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán    An tUachtarán

(1) SEC (2011) 1076 final.
(2) SWD (2012) 10 final.
(3) COM(2013) 809 final.
(4) COM(2014) 336 final.
(5) COM(2015) 200 final.
(6) COM (2015) 905 final.
(7) Rialachán (CE) Uimh. 539/2001 ón gComhairle an 15 Márta 2001 lena liostaítear na tríú tíortha a bhfuil ar a náisiúnaigh víosaí a bheith ina seilbh acu nuair atá na teorainneacha seachtracha á dtrasnú acu agus lena liostaítear na tríú tíortha a bhfuil a náisiúnaigh díolmhaithe ón gceanglas sin (IO L 81, 21.03.2001, lch. 1).
(8) Rialachán (AE) Uimh. 259/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 3 Aibreán 2014 lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 539/2001 ón gComhairle lena liostaítear na tríú tíortha a bhfuil ar a náisiúnaigh víosaí a bheith ina seilbh acu nuair atá na teorainneacha seachtracha á dtrasnú acu agus lena liostaítear na tríú tíortha a bhfuil a náisiúnaigh díolmhaithe ón gceanglas sin (IO L 105, 8.4.2014, lch. 9).
(9) Rialachán (AE) Uimh. 509/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 15 Bealtaine 2014 lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 539/2001 ón gComhairle lena liostaítear na tríú tíortha a bhfuil ar a náisiúnaigh víosaí a bheith ina seilbh acu nuair atá na teorainneacha seachtracha á dtrasnú acu agus lena liostaítear na tríú tíortha a bhfuil a náisiúnaigh díolmhaithe ón gceanglas sin (IO L 149, 20.5.2014, lch. 67).
(10) Doiminice, Greanáda, Oileán na Tríonóide agus Tobága, Saint Lucia, San Uinseann agus na Greanáidíní.
(11) Cireabaití, an Mhicrinéis, Nárú, Oileáin Marshall, Palau, Oileáin Sholomón, Samó, Tíomór Thoir, Tonga, Tuvalu, Vanuatú.
(12) Airteagal 1 de Rialachán (CE) Uimh. 539/2001 ón gComhairle an 15 Márta 2001 lena liostaítear na tríú tíortha a bhfuil ar a náisiúnaigh víosaí a bheith ina seilbh acu nuair atá na teorainneacha seachtracha á dtrasnú acu agus lena liostaítear na tríú tíortha a bhfuil a náisiúnaigh díolmhaithe ón gceanglas sin
(13) Doiciméad Inmheánach Oibre de chuid an Choimsiúin SWD(2015) 705 final an 18.12.2015
(14) Rialachán (CE) Uimh. 539/2001 ón gComhairle an 15 Márta 2001 lena liostaítear na tríú tíortha a bhfuil ar a náisiúnaigh víosaí a bheith ina seilbh acu nuair atá na teorainneacha seachtracha á dtrasnú acu agus lena liostaítear na tríú tíortha a bhfuil a náisiúnaigh díolmhaithe ón gceanglas sin (IO L 81, 21.03.2001, lch. 1).
(15) Cinneadh 2000/365/CE ón gComhairle an 29 Bealtaine 2000 maidir leis an iarraidh ó Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus Thuaisceart Éireann páirt a ghlacadh i roinnt forálacha de acquis Schengen (IO L 131, 1.6.2000, lch. 43).
(16) Cinneadh 2002/192/CE ón gComhairle an 28 Feabhra 2002 maidir leis an iarraidh ó Éirinn páirt a ghlacadh i roinnt forálacha de acquis Schengen (IO L 64, 7.3.2002, lch. 20).
(17) Cinneadh 1999/437/CE ón gComhairle an 17 Bealtaine 1999 maidir le socruithe áirithe i dtaca le cur i bhfeidhm an Chomhaontaithe arna thabhairt i gcrích ag Comhairle an Aontais Eorpaigh agus Poblacht na hÍoslainne agus Ríocht na hIorua maidir le comhlachas an dá thír sin le acquis Schengen a chur chun feidhme, a chur i bhfeidhm agus a fhorbairt (IO L 176, 10.7.1999, lch. 31).
(18) Cinneadh 2008/146/CE ón gComhairle an 28 Eanáir 2008 maidir le tabhairt i gcrích an Chomhaontaithe, thar ceann an Chomhphobail Eorpaigh, idir an tAontas Eorpach, an Comhphobal Eorpach agus Cónaidhm na hEilvéise maidir le comhlachas Chónaidhm na hEilvéise le acquis Schengen a chur chun feidhme, a chur i bhfeidhm agus a fhorbairt (IO L 53, 27.2.2008, lch. 1).
(19) Cinneadh 2011/350/AE ón gComhairle an 7 Márta 2011 maidir le tabhairt i gcrích an Phrótacail, ar son an Aontais Eorpaigh, idir an tAontas Eorpach, an Comhphobal Eorpach, Cónaidhm na hEilvéise agus Prionsacht Lichtinstéin maidir le haontachas Phrionsacht Lichtinstéin leis an gComhaontú idir an tAontas Eorpach, an Comhphobal Eorpach agus Cónaidhm na hEilvéise maidir le comhlachas Chónaidhm na hEilvéise le acquis Schengen a chur chun feidhme, a chur i bhfeidhm agus a fhorbairt, a bhaineann le seiceálacha ag teorainneacha inmheánacha a dhíothú agus le gluaiseacht daoine (IO L 160, 18.6.2011, lch. 19).
Top