EUR-Lex Access to European Union law

Back to EUR-Lex homepage

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 52014PC0186

Togra le haghaidh RIALACHÁIN Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE maidir le trealamh cosanta pearsanta

/* COM/2014/0186 final - 2014/0108 (COD) */

52014PC0186

Togra le haghaidh RIALACHÁIN Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE maidir le trealamh cosanta pearsanta /* COM/2014/0186 final - 2014/0108 (COD) */


MEABHRÁN MÍNIÚCHÁIN

1.           COMHTHÉACS AN TOGRA

Comhthéacs ginearálta, cúiseanna agus aidhmeanna an togra seo

Glacadh Treoir 89/686/CEE maidir le trealamh cosanta pearsanta[1] an 21 Nollaig 1989 agus cuireadh i bhfeidhm go hiomlán ó 1 Iúil 1995 í.

Áirithítear le Treoir 89/686/CEE (Treoir maidir le TCP) saorghluaiseacht trealamh cosanta pearsanta (TCP). Cuireadh go mór le críochnú agus le hoibriú an Mhargaidh Aonair ó thaobh TCP de. Ceadaítear saorghluaiseacht TCP atá cumhdaithe lena raon feidhme san Eoraip fad a áirithítear ardchaighdeán cosanta don úsáideoir.

Leagtar buncheanglais amach sa Treoir maidir le TCP, nach mór TCP a chomhlíonadh chun go gcuirfear ar fáil ar mhargadh an AE é. Ní mór an TCP a chur le chéile agus a mhonarú de réir fhorálacha na Treorach. Ní mór do mhonaróirí freisin an comhartha CE a ghreamú agus treoracha a sholáthar d’úsáideoirí maidir le stóráil, le húsáid, le cothabháil, le seirbhísiú agus le díghalrú an TCP.

Tá an Treoir maidir le TCP bunaithe ar Airteagal 114 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh agus tá sí ar cheann de na chéad Treoracha comhchuibhithe bunaithe ar phrionsabail an “Chur chuige Nua”, agus ní mór do mhonaróirí a áirithiú go gcomhlíonann a gcuid táirgí iad mar aon le ceanglais sláinte agus sábháilteachta riachtanacha a ndéantar foráil dóibh san ionstraim reachtach. Is ar bhonn feidhmíochta atá na ceanglais riachtanacha, gan réitigh theicniúla shonracha ná sonraíochtaí teicniúla sonracha a fhorchur.

Tá feidhm ag an Treoir maidir le TCP maidir le TCP arb é a shainmhíniú “aon fheiste nó fearas atá ceaptha lena caitheamh nó lena chaitheamh nó lena hiompar nó lena iompar ag duine aonair ar mhaithe le cosaint a fháil ar riosca amháin nó níos mó maidir lena shláinte nó lena shábháilteacht”. Cumhdaítear freisin “comhpháirteanna idirmhalartaithe TCP atá riachtanach dá fheidhmiú sásúil agus a úsáidtear le haghaidh an trealaimh sin amháin” agus “aon chóras a chuirtear ar an margadh i gcomhar le TCP lena cheangal le feiste sheachtrach bhreise eile”. Is iad seo a leanas samplaí de TCP – clogaid sábháilteachta, cosaint cluas, bróga sábháilteachta, seaicéid tarrthála agus clogaid rothair, spéaclaí gréine agus veisteanna sofheicthe freisin.

Ní chuirtear san áireamh cineálacha áirithe de TCP ó raon feidhme na Treorach maidir le TCP, is é sin le rá TCP a cheaptar agus a mhonaraítear lena úsáid sna fórsaí armtha nó le cúrsaí dlí agus oird a chaomhnú, TCP le haghaidh féinchosanta, TCP a cheaptar agus a mhonaraítear ar mhaithe le húsáid phríobháideach mar chosaint ar dhálaí an atmaisféir, taise, uisce agus teasa, TCP atá ceaptha daoine atá ar bháid nó ar aerárthaí, nach gcaitheann an t‑am ar fad é, a chosaint nó a tharrtháil agus clogaid agus scáthláin atá ceaptha dóibh siúd a mbíonn mótarfheithiclí dhá nó trí roth á n‑úsáid acu.

Cé gur éirigh leis an Treoir a cuid aidhmeanna a bhaint amach maidir le margadh aonair a chruthú agus le hardchaighdeán cosanta a áirithiú d’úsáideoirí TCP, tá fadhbanna áirithe tagtha chun solais le linn í a chur chun feidhme. Baineann siad sin le táirgí ar an margadh nach bhfuil an caighdeán cosanta iomchuí acu, le cuir chuige dhibhéirseacha ag na comhlachtaí dá dtugtar fógra, le héifeachtacht i dtaca leis an bhfaireachas margaidh mar aon le riosca a bhaineann le trealamh cosanta nach gcumhdaítear faoin Treoir maidir le TCP faoi láthair. Ina theannta sin, ba cheart roinnt forálacha de Threoir TCP a dhéanamh níos soiléire agus níos simplí.

Tá sé beartaithe an togra seo a chur in ionad Threoir 89/686/CEE maidir le trealamh cosanta pearsanta trí Rialachán a dhéanamh, de réir chuspóirí simplithe an Choimisiúin.

Is iad aidhmeanna iomlána an tionscnaimh seo sláinte agus sábháilteacht úsáideoirí TCP a chosaint ar dhóigh níos fearr, cothrom iomaíochta a áirithiú d’oibreoirí eacnamaíocha TCP laistigh den mhargadh inmheánach agus an timpeallacht rialála Eorpach a shimpliú ó thaobh TCP de. Modhnaíonn agus soiléiríonn an togra roinnt de na forálacha atá sa Treoir cheana féin agus ailínítear leis na forálacha i gCinneadh Uimh. 768/2008/CE[2] é, rud a bhunaíonn comhchreat le haghaidh táirgí a mhargú (Cinneadh an Chreata Nua Reachtaigh).

Go sonrach, tá sé beartaithe raon feidhme na Treorach maidir le TCP atá ann faoi láthair a mhéadú beagán trí dheireadh a chur le cuid de na heisiaimh maidir le táirgí ar mhaithe le húsáid phríobháideach lena dtugtar cosaint ar theas, taise agus uisce. Tá sé léirithe sa taithí a fuarthas le cur chun feidhme agus le forfheidhmiú na Treorach maidir le TCP nach raibh bonn cirt iomchuí leis na heisiaimh sin a thuilleadh. Chun sláinte agus sábháilteacht úsáideoirí a fheabhsú, ba cheart na ceanglais a bhaineann leis an Treoir maidir le TCP a chur san áireamh leis na táirgí sin. Tugadh isteach soiléirithe chun léirmhíniú a laghdú e.g. maidir le forálacha a bhaineann le TCP atá saincheaptha nó curtha in oiriúint ina n‑aonar. Rinneadh athbhreithniú ar liosta na dtáirgí faoi réir an nós imeachta um measúnú comhréireachta is déine chun neamhréireachtaí a bhaint amach. Athraíodh ceanglais dhoiciméadacha chun saothar na n‑údarás a bhaineann le faireachas margaidh a fheabhsú agus rinneadh mionathruithe ar thrí cheanglas sláinte agus sábháilteachta riachtanacha chun údair mearbhaill a bhaint.

Tá sé beartaithe sa togra freisin an Treoir maidir le TCP a ailíniú le Cinneadh an Chreata Nua Reachtaigh. Breathnaíodh ar roinnt mhaith de na fadhbanna ginearálta atá sainaitheanta ar leibhéal cothrománach ag an gCreat Nua Reachtach i gcomhthéacs na Treorach maidir le TCP a thabhairt isteach (TCP atá curtha ar an margadh nach bhfuil caighdeán iomchuí cosanta aige, fadhbanna a bhaineann le caighdeán na seirbhísí á soláthar ag cuid de na comhlachtaí dá dtugtar fógra, cleachtais éagsúla sna Ballstáit i dtaca le measúnú agus le faireachán a dhéanamh ar na comhlachtaí dá dtugtar fógra). Caithfidh roinnt monaróirí aghaidh a thabhairt ar chreat dlí atá casta agus neamhréireach in amanna. Is freagra é ailíniú na Treoracha maidir le TCP leis an gCreat Nua Reachtach ar an tiomantas polaitíochta atá leagtha síos in Airteagal 2 de Chinneadh an Chreata Nua Reachtaigh.

Leagtar amach i gCinneadh an Chreata Nua Reachtaigh comhchreat do reachtaíocht an AE maidir le comhchuibhiú táirgí. Is é atá sa chreat sin na forálacha as a mbaintear úsáid rialta i reachtaíocht an AE a bhaineann le táirgí (e.g. sainmhínithe, oibleagáidí oibreoirí eacnamaíocha, comhlachtaí dá dtugtar fógra, sásraí cosanta, srl.). Rinneadh na forálacha comhchoiteanna sin a threisiú lena áirithiú gur féidir an reachtaíocht a chur i bhfeidhm agus a fhorfheidhmiú ar dhóigh níos éifeachtaí go praiticiúil. Tugadh gnéithe nua isteach, amhail oibleagáidí allmhaireoirí, atá ríthábhachtach chun sábháilteacht na dtáirgí ar an margadh a fheabhsú.

Tá sé beartaithe ag an gCoimisiún cheana naoi dTreoir de Chinneadh an Chreata Nua Reachtaigh a ailíniú le pacáiste cur chun feidhme an Chreata Nua Reachtaigh a glacadh an 21 Samhain 2011.

Chun comhsheasmhacht maidir le reachtaíocht chomhchuibhithe a bhaint amach do tháirgí tionscail ar fud an Aontais, de réir an tiomantais pholaitiúil mar thoradh ar ghlacadh Chinneadh an Chreata Nua Reachtaigh agus de réir na hoibleagáide dhlíthiúla dá bhforáiltear in Airteagal 2 de Chinneadh an Chreata Nua Reachtaigh, is gá an togra seo a bheith i gcomhréir le forálacha Chinneadh an Chreata Nua Reachtaigh.

Cuirtear san áireamh sa togra Rialachán (AE) Uimh. 1025/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le caighdeánú Eorpach an 25 Deireadh Fómhair 2012, lena leasaítear Treoir ón gComhairle 89/686/CEE agus Treoir ón gComhairle 93/15/CEE agus Treoracha 94/9/CE, 94/25/CE, 95/16/CE, 97/23/CE, 98/34/CE, 2004/22/CE, 2007/23/CE, 2009/23/CE agus 2009/105/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus lena n‑aisghairtear Cinneadh 87/95/CEE ón gComhairle agus Cinneadh Uimh. 1673/2006/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle[3].

Cuirtear san áireamh sa togra an togra ón gCoimisiún an 13 Feabhra 2013 maidir le Rialachán maidir le faireachas margaidh ar tháirgí[4], a bhfuil sé mar aidhm aige ionstraim dlí aonair a leagan amach maidir le gníomhaíochtaí um fhaireachas margaidh ó thaobh earraí neamhbhia de, le táirgí tomhaltais agus neamhthomhaltais agus le táirgí a chumhdaítear nó nach gcumhdaítear le reachtaíocht chomhchuibhithe an Aontais. Sa togra comhcheanglaítear na rialacha a bhaineann le faireachas margaidh atá i dTreoir 2001/95/CE i dtaca le sábháilteacht ghinearálta táirgí[5], le Rialachán (CE) 765/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 9 Iúil 2008 ina leagtar amach na ceanglais atá ag teastáil do chreidiúnú agus d’fhaireachas margaidh a bhaineann le margú táirgí[6] agus le reachtaíocht chomhchuibhithe a bhaineann go sonrach le hearnáil faoi leith chun éifeachtacht an fhaireachais mhargaidh laistigh den Aontas a mhéadú. Is é atá san áireamh sa Rialachán atá beartaithe maidir le faireachas margaidh na forálacha iomchuí maidir le faireachas margaidh agus le forálacha cosanta. Dá bhrí sin, ba cheart forálacha atá i reachtaíocht chomhchuibhithe a bhaineann go sonrach le hearnáil faoi leith cheana féin, a bhaineann le faireachas margaidh agus le forálacha cosanta, a bhaint ón reachtaíocht chomhchuibhithe sin. Is é bunaidhm an Rialacháin atá beartaithe creat an fhaireachais mhargaidh san Aontas a shimpliú go bunúsach chun go mbeidh sé níos fearr dá phríomhúsáideoirí: údaráis um fhaireachas margaidh agus oibreoirí eacnamaíocha. Déantar foráil sa Treoir maidir le TCP atá ann faoi láthair maidir le nós imeachta le haghaidh forálacha cosanta. De réir creata atá le bunú ag an Rialachán atá beartaithe maidir le faireachas margaidh ar tháirgí, ní chuirtear san áireamh sa togra seo le haghaidh Rialacháin maidir le TCP na forálacha i dtaca le faireachas margaidh agus na nósanna imeachta um chlásal cosanta do TCP dá bhforáiltear i gCinneadh an Chreata Nua Reachtaigh. Chun soiléireacht dhlíthiúil a áirithiú, áfach, déantar tagairt ann don Rialachán atá beartaithe maidir le faireachas margaidh ar tháirgí.

Comhsheasmhacht le beartais eile agus le haidhmeanna an Aontais

Tá an togra seo ar aon dul leis an nGníomh um an Margadh Aonair[7], inar cuireadh béim ar an ngá atá le muinín tomhaltóirí a athbhunú maidir le cáilíocht táirgí ar an margadh agus leis an tábhacht atá le faireachas margaidh a threisiú.

Thairis sin, tugann sé tacaíocht don bheartas ón gCoimisiún maidir le Rialachán Níos Fearr agus simpliú na timpeallachta rialála.

Ní athraítear sa togra seo an gaol atá ann le Treoir 89/656/CEE[8] an 30 Samhain 1989 maidir leis na híoscheanglais sláinte agus sábháilteachta lena n‑úsáid ag oibrithe a úsáideann trealamh cosanta pearsanta san ionad oibre (an tríú Treoir aonair de réir bhrí Airteagal 16(1) de Threoir 89/391/CEE).

2.           TORTHAÍ AN CHOMHAIRLIÚCHÁIN LEIS NA PÁIRTITHE LEASMHARA AGUS NA MEASÚNUITHE TIONCHAIR

Comhairliúchán leis na páirtithe leasmhara

Tá plé déanta ar an athbhreithniú ar an Treoir maidir le TCP le gach páirtí leasmhar – na Ballstáit, cónaidhmeanna monaróirí, comhlachtaí dá dtugtar fógra agus ionadaithe caighdeánaithe san áireamh. Is é a bhí sa chomhairliúchán cruinnithe do ghrúpa roghnaithe saineolaithe chomh maith le comhairliúchán leis an Meitheal maidir le TCP agus chomh maith le Grúpa Comhair Riaracháin maidir le TCP na n‑údarás um fhaireachas margaidh.

Cé go n‑aithnítear go ginearálta go bhfuil ag éirí go maith leis an Treoir, tá comhdhearcadh tríd is tríd ann i measc na mBallstát agus páirtithe leasmhara gur féidir níos mó dul chun cinn a dhéanamh, a chuirfidh le cosaint níos éifeachtaí i dtaca le sláinte úsáideoirí agus le feidhmiú níos éifeachtaí i dtaca le reachtaíocht TCP, lena n‑áirítear faireachas margaidh níos éifeachtaí. Tagann an chuid is mó de na feabhsuithe atá beartaithe ón taithí a bhíonn ag údaráis na mBallstát agus ag páirtithe leasmhara eile ar bhonn laethúil trí fhorfheidhmiú agus trí chur chun feidhme na reachtaíochta maidir le TCP agus ní bhaineann formhór díobh go díreach le timpistí.

Ó Aibreán go Meitheamh 2011, bhailigh comhairliúchán poiblí dearcthaí agus tuairimí ó pháirtithe leasmhara agus ó shaoránaigh iomchuí ar na saincheisteanna lena bhféadfaí tabhairt fúthu sa Treoir leasaithe maidir le TCP. Fuarthas 77 bhfreagra ar an iomlán, 74 freagra ó na 27 Ballstát (údaráis, fiontair, comhlachtaí dá dtugtar fógra, comhlachais trádála, saoránaigh aonair), 2 fhreagra ó thír CSTE agus 1 fhreagra as tír thar lear. Tugadh mórléargas sna freagraí do sheirbhísí an Choimisiúin ar na riachtanais i ndáil le beartais atá aitheanta agus, dá bhrí sin, deimhníodh na cineálacha cur chuige atá beartaithe[9].

Go ginearálta, thug gach páirtí leasmhar tacaíocht don tionscnamh. Measann údaráis agus an tionscal araon nach mór reachtaíocht maidir le TCP a shimpliú agus a shoiléiriú. Táthar d’aon toil maidir leis an ngá atá ann le faireachas margaidh agus an córas lena ndéantar measúnú agus faireachán ar chomhlachtaí dá dtugtar fógra a fheabhsú.

Táthar d’aon toil freisin gur gá an Treoir maidir le TCP a ailíniú leis an gCreat Nua Reachtach agus, dá bhrí sin, an creat rialála ginearálta atá ann cheana a fheabhsú. Tugann údaráis tacaíocht iomlán don fheidhmiú as siocair go ndéanfar an córas atá ann cheana a neartú agus go bhfeabhsófar comhar ar leibhéal an AE. Tá an tionscal ag súil le cothrom iomaíochta níos fearr a bheith ann mar thoradh ar ghníomhartha níos éifeachtaí i gcoinne táirgí nach gcomhlíonann an reachtaíocht, mar aon le toradh simplithe ón reachtaíocht a chur a ailíniú.

Ina theannta sin, thug Ballstáit agus páirtithe leasmhara a gcuid tacaíochta don mhéid seo a leanas:

– Cumhdach táirgí atá sa Treoir maidir le TCP a leathnú;

– Cineálacha áirithe TCP a chur le liosta na dtáirgí faoi réir an nós imeachta um measúnú comhréireachta is déine;

– Trí bhuncheanglas sláinte agus sábháilteachta riachtanacha a mhodhnú; agus

– An t‑athrú ar na ceanglais maidir leis an gcomhad teicniúil, ar bhailíocht agus inneachar deimhnithe ar scrúdú cineáil an CE, agus ar Dhearbhú Comhréireachta an CE.

Saineolas a bhailiú agus a úsáid– Measúnú tionchair

Tá measúnú tionchair déanta ar an athbhreithniú ar an Treoir maidir le TCP. Leagtar amach go fairsing sa mheasúnú tionchair na roghanna éagsúla a bhaineann le gnéithe a bhaineann go sonrach le hearnáil faoi leith de Threoir TCP.

Maidir le gnéithe ailínithe an Chreata Nua Reachtaigh, déantar tagairt sa tuarascáil measúnaithe tionchair ar athbhreithniú na Treorach maidir le TCP don mheasúnú tionchair ginearálta a rinneadh faoi chuimsiú phacáiste cur chun feidhme an Chreata Nua Reachtaigh an 21 Samhain 2011[10].

Go háirithe, táthar ag súil gur mar a chéile a bheidh na modhnuithe atá le déanamh ar an ailíniú le Cinneadh an Chreata Nua Reachtaigh agus an toradh a bheidh orthu i gcás na naoi dTreoir maidir le comhchuibhiú táirgí atá san áireamh sa Phacáiste Ailínithe.

Rinneadh mionscrúdú cheana sa tuarascáil measúnaithe tionchair ar an bpacáiste ailínithe sin ar na roghanna éagsúla, atá go hiomlán mar an gcéanna i dtaca leis an Treoir maidir le TCP. Laistigh den tuarascáil freisin tá anailís déanta ar na tionchair a tháinig amach as an ailíniú reachtach ar fhorálacha Chinneadh an Chreata Nua Reachtaigh.

Dá bhrí sin, níor scrúdaíodh sa tuarascáil measúnaithe tionchair maidir le hathbhreithniú ar an Treoir maidir le TCP na gnéithe sin agus díríodh ar cheisteanna áirithe a bhaineann leis an Treoir maidir le TCP chomh maith leis an dóigh chun dul i ngleic leo.

Seoladh agus tugadh i gcrích staidéar seachtrach sa bhliain 2010[11] chun torthaí an chomhairliúcháin a chomhlánú. Tugtar forbhreathnú sa staidéar ar struchtúr mhargadh an TCP agus chomh maith leis sin déantar measúnú ann ar thionchar na mbeart atá beartaithe.

Sa bhliain 2012, rinneadh staidéar comhlántach eile. Díríodh ann ar anailís a dhéanamh ar thionchair iomaíochais na hathruithe atá beartaithe[12].

De réir na faisnéise a bailíodh, scrúdaíodh trí rogha sa mheasúnú tionchair a rinne an Coimisiún agus rinneadh comparáid eatarthu maidir le fadhbanna agus le saincheisteanna a bhain leis an Treoir maidir le TCP.

Rogha 1 – “Dada a dhéanamh” – gan aon athrú a dhéanamh ar an staid reatha

Moltar sa rogha seo gan aon athrú a dhéanamh ar an Treoir maidir le TCP.

Rogha 2 – Idirghabháil trí bhearta neamhreachtacha

Meastar bearta deonacha i Rogha 2 chun na saincheisteanna lena mbaineann a réiteach, e.g. treoirdhoiciméid ina bhfuil léirmhíniú ar an Treoir maidir le TCP a bhfuil comhaontú ginearálta ann ina leith.

Rogha 3 – Idirghabháil trí bhearta reachtacha

Is é atá i gceist leis an rogha seo an Treoir maidir le TCP a mhodhnú.

Tharla gurbh é Rogha 3 an rogha is fearr ar na cúiseanna seo a leanas:

– meastar go bhfuil sí níos éifeachtaí ná rogha 2: mar thoradh ar easpa forfheidhmiúcháin rogha 2, táthar in amhras go dtiocfadh na dea‑thionchair chun solais faoin rogha sin;

– is é an toradh a bheidh uirthi caighdeán cosanta níos fearr maidir le sláinte agus le sábháilteacht na n‑úsáideoirí faoi chuimsiú na cinnteachta dlíthiúla;

– áirithítear léi go n‑oibreoidh údaráis um fhaireachas margaidh ar bhealach níos éifeachtaí agus go mbeidh laghdú ar líon na dtáirgí neamhchomhlíontacha chun cothrom iomaíochta a chruthú;

– níl mórán costas ag baint léi d’oibreoirí eacnamaíocha agus do chomhlachtaí dá dtugtar fógra; beidh níos mó costas ann do mhonaróirí nach bhfuil a dtáirgí cumhdaithe faoin Treoir maidir le TCP fós iad ach ní rachaidh sé seo i bhfeidhm ach ar na monaróirí sin nach gcomhlíonann na buncheanglais i láthair na huaire; mar sin féin, monaraítear na táirgí sin trí olltáirgeadh a dhéanamh, rud a chiallaíonn go bhfuil ísealchostas ar gach aonad;

– neartófar léi iomaíochas na bhfiontar Eorpach mar thoradh ar chothrom iomaíochta a áirithiú do na hoibreoirí eacnamaíocha agus, dá bhrí sin, is fearr a chosnófar úsáideoirí TCP;

– ní chuireann rogha 1 nó rogha 2 freagraí ar fáil maidir le neamhréireachtaí dlíthiúla nó le hathbhríonna agus dá bhrí sin, ní chuirfear an Treoir maidir le TCP chun feidhme ar bhealach níos fearr dá bharr.

3.           EILIMINTÍ DLÍ AN TOGRA

3.1. Raon feidhme agus sainmhínithe

Tá méadú ar raon feidhme an Rialacháin atá beartaithe i gcomparáid le raon feidhme Threoir 89/686/CEE. Tá deireadh curtha leis na heisiaimh maidir le TCP a cheaptar agus a mhonaraítear ar mhaithe le húsáid phríobháideach mar chosaint ar theas, taise agus uisce, atá leagtha amach in Iarscríbhinn I a ghabhann le 89/686/CEE. Áirítear na táirgí sin i raon feidhme an Rialacháin atá beartaithe.

Coinnítear sa togra na heisiaimh eile atá ann cheana agus soiléirítear ann nach bhfuil feidhm aige maidir le TCP ar mhaithe le ceannchosaint, aghaidhchosaint nó cosaint súl úsáideoirí mótarfheithiclí dhá nó trí roth, faoi réir Rialachán UNECE lena mbaineann.

Cuireadh dhá léirmhíniú shonracha TCP leis chun na nósanna imeachta um measúnú comhréireachta iomchuí a shoiléiriú: “TCP atá curtha in oiriúint ina aonar” agus “TCP atá déanta de réir toisí”.

Ina theannta sin, cuireadh na sainmhínithe ginearálta ar Chinneadh an Chreata Nua Reachtaigh isteach.

3.2. Cur ar fáil ar an margadh, saorghluaiseacht, oibleagáidí oibreoirí eacnamaíocha, comhartha CE

Tá na gnáthfhorálacha a bhaineann le reachtaíocht chomhchuibhithe an Aontais maidir le táirgí istigh sa togra agus leagtar amach ann oibleagáidí na n‑oibreoirí eacnamaíocha lena mbaineann (monaróirí, ionadaithe údaraithe, allmhaireoirí agus dáileoirí), i gcomhréir le Cinneadh an Chreata Nua Reachtaigh.

Cuirtear oibleagáid sa togra ar mhonaróirí TCP doiciméadacht theicniúil a dhréachtú agus a áirithiú go bhfuil cóip de Dhearbhú Comhréireachta am AE nó leagan níos simplí de Dhearbhú Comhréireachta AE in éineacht leis.

3.3. Comhlachtaí dá dtugtar fógra

Tá feidhmiú iomchuí na gcomhlachtaí dá dtugtar fógra ríthábhachtach chun ardchaighdeán cosanta sláinte agus sábháilteachta a áirithiú agus ar mhaithe le muinín gach páirtí leasmhara sa chóras Cur Chuige Nua.

Dá bhrí sin, de réir Chinneadh an Chreata Nua Reachtaigh, leagtar amach sa togra ceanglais d’údaráis náisiúnta atá freagrach as comhlachtaí um measúnú comhréireachta (comhlachtaí dá dtugtar fógra). Cuirtear an fhreagracht deiridh ar an mBallstát féin maidir le comhlachtaí dá dtugtar fógra a ainmniú agus faireachán a dhéanamh orthu.

3.4. Catagóirí agus Measúnú comhréireachta

Simplítear sa togra seo an léirmhíniú atá ar chatagóirí TCP. Ní bhraitheann an chatagóir ach ar an riosca a bhfuil sé mar aidhm ag an TCP cosaint a thabhairt air. Tá na rioscaí a bhaineann le gach catagóir leagtha amach in Iarscríbhinn I. Tá TCP déanta de réir toisí sainmhínithe mar chatagóir II.

Braitheann na nósanna imeachta um measúnú comhréireachta atá le leanúint ar an gcatagóir de TCP.

Athraítear sa Rialachán atá beartaithe catagóir roinnt cineálacha TCP i gcomparáid le Treoir 89/686/CEE. Tá TCP a bhfuil sé mar aidhm aige an t‑úsáideoir a chosaint ar bhá, gearrthacha mar thoradh ar shábha slabhracha láimhe, gearradh ardbhrú, créachtaí piléir nó sá scine, agus torann díobhálach liostaithe faoi chatagóir III agus faoi réir an nós imeachta um measúnú comhréireachta is déine.

Coinnítear sa togra na nósanna imeachta um measúnú comhréireachta is infheidhme a ndéantar foráil dóibh faoi Threoir 89/686/CEE. Déantar na modúil chomhfhreagracha a thabhairt cothrom le dáta, áfach, i gcomhréir le Cinneadh an Chreata Nua Reachtaigh.

I modúl B, scrúdú cineáil an AE, tugtar ceanglais bhreise isteach a bhaineann leis an íosábhar agus le fad bailíochta deimhnithe ar scrúdú cineáil an AE. Déantar foráil maidir le nós imeachta sa mhodúl i dtaca le hathbhreithniú a dhéanamh ar an deimhniú.

Éilítear i Modúl B bearta áirithe do TCP atá curtha in oiriúint ina aonar agus do TCP atá déanta de réir toisí.

3.5. Ceanglais sláinte agus sábháilteachta riachtanacha

Déantar mionathrú sa Rialachán atá beartaithe ar thrí ceanglas sláinte agus sábháilteachta riachtanacha atá leagtha amach in Iarscríbhinn II. Athraíodh 3.1.3, 3.5, agus 3.9.1 chun deireadh a chur le ceanglais nach féidir a chur i bhfeidhm nó nach bhfuil soiléir.

3.6. Gníomhartha tarmligthe

Tugtar de chumhacht don Choimisiún leis an togra gníomhartha cur chun feidhme a ghlacadh, más iomchuí, chun cur i bhfeidhm aonfhoirmeach an Rialacháin seo a áirithiú maidir le comhlachtaí dá dtugtar fógra nach gcomhlíonann na ceanglais maidir lena bhfógra nó nach gcomhlíonann iad níos mó.

Glacfar na gníomhartha cur chun feidhme sin i gcomhréir leis na forálacha a bhaineann le gníomhartha cur chun feidhme atá leagtha síos i Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Feabhra 2011 ina leagtar síos na rialacha agus na prionsabail ghinearálta a bhaineann leis na sásraí maidir le rialú ag na Ballstáit ar fheidhmiú cumhachtaí cur chun feidhme ag an gCoimisiún.

3.7. Gníomhartha tarmligthe

Tugtar de chumhacht don Choimisiún leis an togra gníomhartha tarmligthe a ghlacadh chun an chatagóir de riosca sonrach a mhodhnú le dul chun cinn maidir le heolas teicniúil nó fianaise nua eolaíoch a chur san áireamh.

3.8. Forálacha deiridh

Beidh an Rialachán atá beartaithe infheidhme dhá bhliain tar éis dó teacht i bhfeidhm chun ligean do mhonaróirí, do chomhlachtaí dá dtugtar fógra agus do na Ballstáit dul i dtaithí ar na ceanglais nua.

Ní mór, áfach, tús a chur le hainmníocht na gcomhlachtaí dá dtabharfar fógra de bhun na gceanglas agus an phróisis nua go gairid tar éis don Rialachán seo teacht i bhfeidhm. Áiritheofar leis sin go n‑ainmneofar, i gcomhréir leis na rialacha nua, go leor comhlachtaí dá dtugtar fógra faoi dháta chur i bhfeidhm an Rialacháin atá beartaithe chun fadhbanna maidir le leanúnachas táirgthe agus le soláthar margaidh a sheachaint.

Tá forálacha idirthréimhseacha beartaithe maidir le táirgí atá monaraithe agus leis na deimhnithe a eisíonn comhlachtaí dá dtugtar fógra faoi Threoir 89/686/CEE chun stoic a shú isteach agus chun a áirithiú go mbeidh idirthréimhse éasca ann chuig na ceanglais nua.

Aisghairfear Treoir 89/686/CCE agus cuirfear an Rialachán atá beartaithe ina hionad.

3.10. Inniúlacht an Aontais, bunús dlí, prionsabal na coimhdeachta agus foirm dhlíthiúil

Bunús dlí

Tá an togra seo bunaithe ar Airteagal 114 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh.

Prionsabal na coimhdeachta

Tagann prionsabal na coimhdeachta chun solais go háirithe le forálacha nuachurtha leis a bhfuil sé mar aidhm acu forfheidhmiú éifeachtach Threoir 89/686/CEE a fheabhsú, is é sin le rá, oibleagáidí na n‑oibreoirí eacnamaíocha, na forálacha maidir le hinrianaitheacht, na forálacha maidir le measúnú agus maidir le fógra a thabhairt do chomhlachtaí um measúnú comhréireachta.

Tá sé léirithe sa taithí a fuarthas le forfheidhmiú na reachtaíochta go bhfuil cineálacha éagsúla cur chuige ann agus go gcaitear ar dhóigheanna éagsúla le hoibreoirí eacnamaíocha laistigh den AE mar thoradh ar bhearta a glacadh ag leibhéal náisiúnta, rud a bhaineann an bonn ó na haidhmeanna i dTreoir 89/686/CEE. Má dhéantar bearta ag leibhéal náisiúnta chun dul i ngleic leis na fadhbanna, tá baol ann go gcuirfidh sé sin bac ar shaorghluaiseacht earraí. Ina theannta sin, tá aon ghníomhaíocht ar an leibhéal náisiúnta teoranta d'inniúlacht chríche Ballstáit. Le gníomhaíocht chomhordaithe ar leibhéal an AE is féidir na haidhmeanna a bhaint amach i bhfad níos fearr, agus cuirfear faireachas margaidh níos éifeachtaí ar fáil go háirithe. Dá bhrí sin, is iomchuí beart a dhéanamh ar leibhéal an AE.

Comhréireacht

I gcomhréir le prionsabal na comhréireachta, ní théann na leasuithe atá beartaithe thar a bhfuil riachtanach chun na haidhmeanna atá i gceist a bhaint amach.

Ní fhorchuirtear leis na hoibleagáidí nua nó modhnaithe ualach nó costais nach gá ar earnáil na tionsclaíochta – go háirithe ar fhiontair bheaga nó mheánmhéide – ná ar lucht riaracháin. Nuair is léir go bhfuil tionchair dhiúltacha ag baint le leasuithe, áirithítear le hanailís ar thionchair na rogha go bhfreagraítear ar an dóigh is iomchuí do na fadhbanna atá i gceist. Baineann roinnt leasuithe le soiléireacht na Treorach atá ann cheana a fheabhsú gan ceanglais bhreise a thabhairt isteach a mbeadh costas sa bhreis ag baint leo.

Teicníocht reachtach ar baineadh úsáid aisti

Tá an togra i bhfoirm Rialacháin.

Cuireann san áireamh san athrú atá beartaithe ó Threoir go Rialachán aidhm ghinearálta an Choimisiúin an timpeallacht rialála a shimpliú agus an gá atá ann cur chun feidhme aonfhoirmeach ar fud an Aontais maidir leis an reachtaíocht atá beartaithe a áirithiú.

Ní thagann úsáid Rialacháin salach ar phrionsabail na coimhdeachta. Tá an reachtaíocht seo bunaithe ar Airteagal 114 den CFAE a bhfuil sé i gceist aici dea‑fheidhmiú an mhargaidh inmheánaigh ó thaobh trealamh cosanta pearsanta de a áirithiú. Chun an aidhm sin a bhaint amach, is Treoir uile‑chomhchuibhithe í Treoir 89/686/CEE maidir le TCP. Níl cead ag na Ballstáit ceanglais níos déine ná ceanglais bhreise a chur ina gcuid reachtaíochta náisiúnta i dtaca le TCP a chur ar an margadh. Go háirithe, ní mór gurb ionann na ceanglais sláinte agus sábháilteachta riachtanacha le haghaidh táirgí agus na nósanna imeachta um measúnú comhréireachta nach mór do na monaróirí i ngach Ballstát cloí leo. Mar thoradh ar an leibhéal comhchuibhithe sin, a bhfuil gá leis sa chaoi nach gcuirfear aon bhac ar shaorghluaiseacht TCP, níl mórán solúbthachta ag na Ballstáit agus an Treoir á trasuí sa dlí náisiúnta agus i gcuid mhór cásanna, atáirgtear focal ar fhocal a bhfuil inti sa reachtaíocht trasuímh náisiúnta.

An scéal céanna atá i gceist leis na forálacha nua a chomhtháthófar sa téacs tar éis Cinneadh Uimh. 768/2008/CE a ailíniú leis an gCreat Nua Reachtach. Leagtar síos sna forálacha sin ceanglais, oibleagáidí agus nósanna imeachta do mhonaróirí, d’allmhaireoirí agus do dháileoirí TCP agus do na comhlachtaí dá dtugtar fógra chun nósanna imeachta um measúnú comhréireachta a dhéanamh. Tá na forálacha uile sin an‑soiléir agus cruinn go leor ionas gur féidir leis na gníomhaithe lena mbaineann iad a chur i bhfeidhm go díreach.

Ní dhéantar a thrasuí sa dlí náisiúnta, ar chor ar bith, na hoibleagáidí a shocraítear faoin reachtaíocht do na Ballstáit, amhail an oibleagáid na comhlachtaí um measúnú comhréireachta a mheasúnú, a cheapadh agus fógra a thabhairt dóibh; cuireann na Ballstáit chun feidhme iad trí bhíthin na socruithe reachtacha agus riaracháin is gá. Ní bheidh athrú air sin nuair a leagfar amach na hoibleagáidí lena mbaineann i Rialachán.

Ní bheidh aon athrú ar an gcur chuige rialála mar thoradh ar an athrú ó Threoir go Rialachán. Caomhnófar go hiomlán tréithe an Chur Chuige Nua, go háirithe an tsolúbthacht a thugtar do mhonaróirí maidir leis an dóigh a gcomhlíontar na ceanglais riachtanacha (caighdeáin chomhchuibhithe nó sonraíochtaí teicniúla eile) agus maidir leis an nós imeachta a úsáidtear chun comhlíonadh a léiriú i measc na nósanna imeachta um measúnú comhréireachta atá ar fáil. Ní dhéanfaidh cineál na hionstraime reachtaí difear do na sásraí atá ann cheana a chuireann le cur chun feidhme na reachtaíochta (próiseas caighdeánaithe, meithleacha, faireachas margaidh, comhar riaracháin, agus treoirdhoiciméid a chur le chéile) agus beidh an fheidhm chéanna acu faoin Rialachán mar atá acu faoin Treoir faoi láthair.

Ar deireadh, le húsáid Rialachán i réimse na reachtaíochta maidir leis an margadh inmheánach, i gcomhréir freisin leis an tosaíocht atá curtha in iúl ag na páirtithe leasmhara, is féidir an baol a bhaineann le ‘rórialáil’ a sheachaint. Anuas air sin, is féidir le monaróirí obair go díreach le téacs an Rialacháin in ionad a bheith orthu 28 dlí trasuímh a shainaithint agus a scrúdú.

Ar an dóigh sin, meastar gurb í rogha an Rialacháin an réiteach is iomchuí do gach páirtí lena mbaineann mar beifear in ann an reachtaíocht atá beartaithe a chur i bhfeidhm ar bhealach tapa agus comhtháite agus bunófar timpeallacht rialála níos soiléire do na hoibreoirí eacnamaíocha.

4.           IMPLEACHT BHUISÉADACH

Ní bheidh aon impleachtaí ann do bhuiséad an AE mar thoradh ar an togra seo.

5.           EILIMINTÍ ROGHNACHA

Aisghairm na reachtaíochta atá ann cheana

Aisghairfear Treoir 89/686/CEE mar thoradh ar ghlacadh an togra.

An Limistéar Eorpach Eacnamaíoch

Baineann an togra leis an LEE agus, dá bhrí sin, ba cheart an Limistéar Eorpach Eacnamaíoch a chuimsiú ann.

2014/0108 (COD)

Togra le haghaidh

RIALACHÁIN Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

maidir le trealamh cosanta pearsanta

 (Téacs atá ábhartha maidir leis an LEE)

TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 114 de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

Tar éis dóibh an dréachtghníomh reachtach a chur chuig na parlaimintí náisiúnta,

Ag féachaint don tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa,

Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach,

De bharr an méid seo a leanas:

(1)       Glacadh Treoir 89/686/CEE ón gComhairle[13] i gcomhthéacs an margadh inmheánach a bhunú chun ceanglais sláinte agus sábháilteachta maidir le trealamh cosanta pearsanta (TCP) a chomhchuibhiú i ngach Ballstát agus chun deireadh a chur le bacainní ar thrádáil TCP idir na Ballstáit.

(2)       Tá Treoir 89/686/CEE bunaithe ar phrionsabail an Chur Chuige Nua, mar atá leagtha amach sa Rún ón gComhairle maidir le cur chuige nua i leith comhchuibhiú teicniúil agus caighdeánú[14]. Dá bhrí sin, ní leagtar síos ach na ceanglais sábháilteachta riachtanacha a bhfuil feidhm acu maidir le TCP, de bharr go nglacann an Coiste Eorpach um Chaighdeánú (CEN) agus Coiste Eorpach na gCaighdeán Leictriteicniúil (CENELEC) mionsonraí teicniúla i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 1025/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle[15]. Mar thoradh ar an gcomhréireacht leis na caighdeáin chomhchuibhithe arna leagan síos, a bhfuil a dtagairtí foilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh, bunaítear toimhde comhréireachta le ceanglais Threoir 89/686/CEE. Tá sé léirithe sa taithí a fuarthas gur éirigh go maith leis na bunphrionsabail sin san earnáil sin agus gur cheart iad a choinneáil agus a chur chun cinn tuilleadh.

(3)       Tá sé léirithe sa taithí a fuarthas lena cur chun feidhme, áfach, go bhfuil easnaimh agus neamhréireachtaí ann maidir leis an gcumhdach táirgí agus na nósanna imeachta um measúnú comhréireachta. Chun aird a thabhairt ar an taithí sin agus chun soiléiriú a thabhairt maidir leis an gcreat inar féidir táirgí arna gcumhdach faoin Rialachán seo a mhargú, ba cheart athbhreithniú a dhéanamh ar ghnéithe áirithe de Threoir 89/686/CEE agus feabhas a chur orthu.

(4)       Ós rud é nach mór an raon feidhme, na ceanglais sláinte agus sábháilteachta riachtanacha agus na nósanna imeachta um measúnú comhréireachta a bheith comhionann i ngach Ballstát, is beag solúbthacht atá ann maidir le Treoracha a thrasuí sa dlí náisiúnta bunaithe ar phrionsabail an Chur Chuige Nua. Dá bhrí sin, ba cheart Rialachán a chur in ionad Threoir 89/686/CEE, ar ionstraim dlí iomchuí é chun rialacha soiléire agus mionsonraithe nach féidir leis na Ballstáit a thrasuí ar bhealaí éagsúla a fhorchur.

(5)       Tá forálacha cothrománacha maidir le creidiúnú comhlachtaí um measúnú comhréireachta agus maidir leis an gcomhartha CE leagtha síos i Rialachán (CE) Uimh. 765/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle[16].

(6)       Le Cinneadh Uimh. 768/2008/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle[17] bunaítear prionsabail choiteanna agus forálacha tagartha coiteanna chun críocha reachtaíochta bunaithe ar phrionsabail an Chur Chuige Nua. Chun comhsheasmhacht le reachtaíocht earnála táirgí eile a áirithiú, is iomchuí forálacha áirithe den Rialachán seo a ailíniú leis an gCinneadh sin, sa mhéid nach n‑éilíonn sainiúlachtaí earnála réiteach difriúil. Dá bhrí sin, ba cheart sainmhínithe áirithe, oibleagáidí ginearálta oibreoirí eacnamaíocha, an toimhde comhréireachta, dearbhú comhréireachta an AE, rialacha a bhaineann leis an gcomhartha CE, ceanglais maidir le comhlachtaí um measúnú comhréireachta agus nósanna imeachta fógra, na nósanna imeachta um measúnú comhréireachta agus na forálacha a bhaineann le nósanna imeachta chun dul i ngleic le táirgí a bhfuil riosca ag baint leo a ailíniú leis an gCinneadh sin.

(7)       Le Rialachán (AE) Uimh. 1025/2012 déantar foráil maidir le nós imeachta le haghaidh agóidí faoi chaighdeáin chomhchuibhithe i gcás nach gcomhlíonann na caighdeáin sin ceanglais an Rialacháin seo go hiomlán.

(8)       Le Rialachán (AE) Uimh. xx/xxxx ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle[18] bunaítear rialacha mionsonraithe maidir le faireachas margaidh agus maidir le rialuithe táirgí comhchuibhithe, lena n‑áirítear TCP, a théann isteach san Aontas ó thríú tíortha. I gcomhréir leis an Rialachán sin, ní mór do na Ballstáit faireachas margaidh a eagrú agus a dhéanamh, údaráis um fhaireachas margaidh a cheapadh, a gcuid cumhachtaí agus dualgas a shainiú, agus cláir um fhaireachas margaidh atá ginearálta agus a bhaineann go sonrach le hearnáil faoi leith a bhunú. Leagtar amach sa Rialachán sin freisin nós imeachta clásail cosanta.

(9)       Ní chuirtear san áireamh i raon feidhme Threoir 89/686/CEE roinnt táirgí ar an margadh a chuireann feidhm chosanta ar fáil don úsáideoir. Chun an leibhéal céanna cosanta a bhaint amach d’úsáideoir na dtáirgí sin mar a bhaintear amach don TCP arna chumhdach ag Treoir 89/686/CEE, ba cheart a chur san áireamh i raon feidhme an Rialacháin seo TCP ar mhaithe le húsáid phríobháideach i gcoinne taise, uisce agus teasa (e.g. miotóga do níochán mias, miotóga oighinn), i gcomhréir le TCP den chineál céanna ar mhaithe le húsáid phroifisiúnta atá cumhdaithe ag Treoir 89/686/CEE cheana féin. Ní trealamh cosanta pearsanta táirgí ó cheardaithe, amhail lámhainní lámhdhéanta, nach maíonn an monaróir go follasach go bhfuil feidhm chosanta ag baint leo; agus dá bhrí sin ní bhaineann siad leis an gcuimsiú sin. Is iomchuí freisin an liosta eisiaimh atá leagtha amach in Iarscríbhinn I de Threoir 89/686/CEE a shoiléiriú trí thagairt a chur isteach do na táirgí arna gcumhdach ag reachtaíocht eile agus, dá bhrí sin, nach gcuirtear san áireamh sa Rialachán maidir le TCP.

(10)     Chun tuiscint ar an Rialachán seo agus a chur chun feidhme aonfhoirmeach a éascú, ba cheart sainmhínithe nua maidir le “TCP atá curtha in oiriúint go leithleach” agus “TCP atá déanta de réir toisí” a thabhairt isteach agus ba cheart na nósanna imeachta um measúnú comhréireachta do na cineálacha sin TCP a chur in oiriúint do na coinníollacha sonracha a bhaineann lena monarú.

(11)     Ba cheart oibreoirí eacnamaíocha a bheith freagrach as comhlíonadh táirgí, maidir lena róil i slabhra an tsoláthair, ionas go n‑áiritheofar ardleibhéal cosanta leasanna an phobail, amhail sláinte agus sábháilteacht, agus cosaint úsáideoirí agus chun iomaíocht chóir a áirithiú ar mhargadh an Aontais.

(12)     Ba cheart do gach oibreoir eacnamaíoch a dhéanann idirghabháil sa slabhra soláthair agus dáilte bearta a dhéanamh lena áirithiú go ndéantar sláinte agus sábháilteacht daoine a chosaint le TCP agus nach gcuireann siad ar fáil ar an margadh ach táirgí a chomhlíonann an Rialachán seo. Ba cheart dáileadh soiléir agus comhréireach oibleagáidí a fhreagraíonn do ról gach oibreora sa slabhra soláthair agus dáilte a chur ar fáil faoin Rialachán seo.

(13)     Is é an monaróir, a bhfuil eolas mionsonraithe aige ar an bpróiseas deartha agus táirgthe, an duine is fearr chun an nós imeachta iomlán um measúnú comhréireachta a dhéanamh. Dá bhrí sin, ba cheart an oibleagáid maidir le measúnú comhréireachta a bheith ar an monaróir amháin fós.

(14)     Is gá a áirithiú go gcomhlíonann TCP a théann isteach i margadh an Aontais an Rialachán seo agus, go háirithe, go bhfuil na nósanna imeachta um measúnú iomchuí déanta ag monaróirí. Dá bhrí sin, ba cheart foráil a dhéanamh maidir le hallmhaireoirí chun a áirithiú go gcomhlíonann an TCP a chuireann siad ar an margadh ceanglais an Rialacháin seo agus nach gcuireann siad TCP nach gcomhlíonann na ceanglais sin nó a bhfuil riosca ag baint leis ar an margadh. Ba cheart foráil a dhéanamh freisin maidir le hallmhaireoirí chun a áirithiú go bhfuil na nósanna imeachta um measúnú comhréireachta déanta agus go bhfuil an comhartha CE agus an doiciméadacht theicniúil arna tarraingt suas ag monaróirí ar fáil do na húdaráis um fhaireachas margaidh le haghaidh cigireachta.

(15)     Cuireann dáileoirí TCP ar fáil ar an margadh tar éis é a bheith curtha ar an margadh ag an monaróir nó ag an allmhaireoir agus ba cheart dóibh gníomhú leis an gcúram is iomchuí chun a áirithiú nach ndéanfaidh an dóigh a láimhseálann siad TCP difear do chomhlíonadh an TCP.

(16)     Agus TCP á chur ar an margadh, ba cheart d’allmhaireoirí a n‑ainm agus an seoladh lenar féidir dul i dteagmháil leo a chur in iúl ar an táirge. Ba cheart foráil a dhéanamh maidir le heisceachtaí sna cásanna nach féidir é sin a dhéanamh de bharr mhéid nó chineál an TCP. Áirítear leis sin cásanna ina mbeadh ar an allmhaireoir an phacáistíocht a oscailt chun a ainm agus a sheoladh a chur ar an táirge.

(17)     Ba cheart a mheas gurb é an monaróir aon oibreoir eacnamaíoch a chuireann TCP ar fáil ar an margadh faoina ainm nó faoina thrádmharc féin nó a mhodhnaíonn táirge ar dhóigh ina bhféadfaí difear a dhéanamh do chomhlíonadh cheanglais an Rialacháin seo agus ba cheart dó oibleagáidí an mhonaróra a ghlacadh air féin.

(18)     Ós rud é go bhfuil siad gar don mhargadh, ba cheart dáileoirí agus allmhaireoirí a bheith rannpháirteach i gcúraimí faireachais mhargaidh arna ndéanamh ag na húdaráis náisiúnta inniúla, agus ba cheart dóibh bheith sásta bheith rannpháirteach go gníomhach, tríd an eolas ar fad is gá a bhaineann leis an TCP lena mbaineann a thabhairt do na húdaráis sin.

(19)     Trí inrianaitheacht TCP a áirithiú ar fud an tslabhra soláthair is féidir faireachas margaidh a dhéanamh níos simplí agus níos éifeachtaí. Le córas éifeachtach inrianaitheachta éascaítear cúram na n‑údarás um fhaireachas margaidh oibreoirí eacnamaíocha a chuir táirgí neamhchomhlíontacha ar fáil ar an margadh a rianú.

(20)     Chun ceanglais sábháilteachta riachtanacha áirithe Threoir 89/686/CEE a shimpliú agus a chur in oiriúint don chleachtas atá ann faoi láthair, ba cheart deireadh a chur leis an gceanglas maidir le TCP a bhíonn ina chosaint ar thorann díobhálach a lipéadú le hinnéacs suaimhnis mar tá sé léirithe sa taithí a fuarthas nach féidir innéacs mar sin a bhunú agus a thomhas. Maidir le creathanna meicniúla, is iomchuí deireadh a chur leis an gceanglas i ndáil le gan dul thar uasluachanna arna socrú i reachtaíocht an Aontais maidir leis na rioscaí a bhaineann le creathanna d'oibrithe mar ní féidir an cuspóir sin a bhaint amach le húsáid TCP amháin. Maidir le TCP a bhíonn ina chosaint ar radaíocht, ní gá an ceanglas maidir le cuair tarchurtha a chur in iúl sna treoracha úsáide a chuireann an monaróir ar fáil a bheith ann a thuilleadh, mar tá sé níos úsáidí an leibhéal cosanta a chur in iúl agus is leor é sin don úsáideoir.

(21)     Is gá baint agus raon feidhme an Rialacháin seo le teidlíocht na mBallstát i ndáil le ceanglais a leagan síos maidir le húsáid TCP san áit oibre a shonrú go soiléir, go háirithe de bhun Threoir 89/656/CEE ón gComhairle[19], chun aon mhearbhall agus débhríocht a sheachaint agus, dá bhrí sin, saorghluaiseacht TCP atá comhlíontach a áirithiú.

(22)     Tá sé faighte amach go n‑éascaítear agus go bhfeabhsaítear éifeachtúlacht an fhaireachais mhargaidh leis an gceanglas i reachtaíocht eile maidir leis an margadh inmheánach i ndáil le dearbhú comhréireachta an AE a sholáthar agus, dá bhrí sin, ba cheart an ceanglas sin a thabhairt isteach sa Rialachán seo. Ba cheart bheith in ann dearbhú comhréireachta níos simplí an AE a sholáthar chun an t‑ualach a bhaineann leis an gceanglas sin a laghdú, gan laghdú ar a chuid éifeachtachta. Ba cheart foráil a dhéanamh maidir leis an dá ní sin sa Rialachán seo.

(23)     Chun éifeachtúlacht an fhaireachais mhargaidh a mhéadú, is gá an TCP ar fad a chumhdach san oibleagáid maidir le doiciméadacht theicniúil iomlán a chur le chéile.

(24)     Chun a áirithiú go scrúdaítear TCP ar bhonn staid na teicneolaíochta, ba cheart a shocrú gur cúig bliana ar a mhéad a bheidh i gceist le tréimhse bhailíochta an deimhnithe ar scrúdú cineáil an AE. Ba cheart foráil a dhéanamh maidir le próiseas chun an deimhniú a athbhreithniú. Ba cheart íosmhéid ábhair a bheith sa deimhniú chun obair na n‑údarás um fhaireachas margaidh a éascú.

(25)     Is é an comhartha CE, lena gcuirtear comhréireacht táirge in iúl, an toradh sofheicthe ar phróiseas iomlán ina bhfuil‑ measúnú comhréireachta sa chiall is leithne. Tá na prionsabail ghinearálta lena rialaítear an comhartha CE leagtha amach i Rialachán (CE) Uimh. 765/2008. Ba cheart rialacha lena rialaítear an comhartha CE a ghreamú de TCP a leagan amach sa Rialachán seo.

(26)     Tá sé ríthábhachtach a chur ina luí go soiléir ar mhonaróirí agus ar úsáideoirí gurb ionann an comhartha CE a ghreamú de tháirge agus dearbhú ón monaróir go bhfuil an táirge i gcomhréir leis an Rialachán seo agus go bhfuil sé freagrach as dá bharr.

(27)     Níor cheart aon chomhartha eile lena gcuirtear in iúl go bhfuil TCP i gcomhréir le reachtaíocht chomhchuibhithe an Aontais a bheith ann seachas an comhartha CE. Ba cheart comharthaí eile a cheadú, áfach, fad a chuireann siad feabhas ar chosaint tomhaltóirí agus nach bhfuil siad faoi chumhdach reachtaíocht chomhchuibhithe an Aontais.

(28)     Chun na ceanglais sábháilteachta riachtanacha a chomhlíonadh, is gá nósanna imeachta um measúnú comhréireachta iomchuí a leagan síos atá le leanúint ag an monaróir. I dTreoir 89/686/CEE déantar TCP a aicmiú ina thrí chatagóir atá faoi réir nósanna imeachta um measúnú comhréireachta éagsúla. Chun ardleibhéal sábháilteachta a áirithiú maidir le gach cineál TCP, ba cheart cur le liosta na dtáirgí atá faoi réir ceann de na nósanna imeachta um measúnú comhréireachta a bhaineann leis an gcéim táirgthe. Ba cheart na nósanna imeachta um measúnú comhréireachta maidir le gach catagóir TCP a shocrú, a mhéad is féidir, ar bhonn na modúl um measúnú comhréireachta atá leagtha síos i gCinneadh Uimh. 768/2008/CE.

(29)     Is gá a áirithiú go bhfuil ardleibhéal aonfhoirmeach feidhmíochta ag na comhlachtaí a dhéanann measúnú comhréireachta ar TCP ar fud an Aontais, agus ba cheart do na comhlachtaí sin ar fad a gcuid feidhmeanna a dhéanamh ar an leibhéal céanna agus faoi choinníollacha na hiomaíochta córa. Dá bhrí sin, ba cheart ceanglais éigeantacha a shocrú do chomhlachtaí um measúnú comhréireachta ar mian leo go dtabharfaí fógra dóibh chun seirbhísí um measúnú comhréireachta a sholáthar faoin Rialachán seo.

(30)     Chun leibhéal comhsheasmhach cáilíochta a áirithiú agus measúnú comhréireachta á dhéanamh ar TCP, is gá ceanglais a shocrú freisin nach mór do na húdaráis a thugann fógra agus do chomhlachtaí eile atá bainteach leis an measúnú, le fógra a thabhairt agus le faireachán a dhéanamh ar chomhlachtaí dá dtugtar fógra a chomhlíonadh.

(31)     Chun an dul chun cinn maidir le heolas teicniúil agus fianaise nua eolaíoch a chur san áireamh, ba cheart an chumhacht chun gníomhartha a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 290 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh a tharmligean chuig an gCoimisiún chun an liosta de TCP atá i ngach catagóir a leasú. Tá sé an‑tábhachtach go ndéanfadh an Coimisiún comhairliúchán iomchuí le linn a chuid oibre ullmhúcháin, lena n‑áirítear ar leibhéal saineolaithe. Ba cheart don Choimisiún a áirithiú, agus gníomhartha tarmligthe á n‑ullmhú agus á dtarraingt suas aige, go ndéanfar na doiciméid ábhartha a tharchur go comhuaineach, go tráthúil agus go hiomchuí chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle.

(32)     Chun coinníollacha aonfhoirmeacha maidir le cur chun feidhme an Rialacháin seo a áirithiú, ba cheart cumhachtaí cur chun feidhme a thabhairt don Choimisiún. Ba cheart na cumhachtaí sin a fheidhmiú i gcomhréir le Rialachán (AE) 182/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle[20]. Ba cheart an nós imeachta comhairleach a úsáid chun gníomhartha cur chun feidhme a ghlacadh lena n‑iarrtar ar an mBallstát na bearta ceartaitheacha is gá a dhéanamh maidir le comhlachtaí dá dtugtar fógra nach gcomhlíonann na ceanglais a bhaineann lena bhfógra nó nach gcomhlíonann iad a thuilleadh.

(33)     Ba cheart do na Ballstáit rialacha a leagan síos maidir le pionóis is infheidhme maidir le sáruithe ar fhorálacha an Rialacháin seo agus a áirithiú go gcuirfear chun feidhme iad. Ba cheart na pionóis sin bheith éifeachtach, comhréireach agus athchomhairleach.

(34)     Chun am leordhóthanach a thabhairt do mhonaróirí agus d’oibreoirí eacnamaíocha eile oiriúnú do cheanglais an Rialacháin seo, is gá foráil a dhéanamh maidir le hidirthréimhse leordhóthanach tar éis theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo ina bhféadfar TCP a chomhlíonann Treoir 89/686/CEE a chur ar an margadh go fóill.

(35)     Ós rud é nach féidir leis na Ballstáit cuspóir an Rialacháin seo, eadhon ardleibhéal ‑cosanta sláinte agus sábháilteachta an duine a áirithiú fad a urramaítear feidhmiú an mhargaidh inmheánaigh trí cheanglais chomhchuibhithe sláinte agus sábháilteachta do TCP agus íoscheanglais maidir le faireachas margaidh a shocrú,‑ a bhaint amach go leordhóthanach agus gur fearr is féidir, dá bhrí sin, mar gheall ar a scála agus a éifeachtaí, é a bhaint amach ar leibhéal an Aontais, féadfaidh an tAontas bearta a ghlacadh i gcomhréir le prionsabal na coimhdeachta mar atá leagtha amach in Airteagal 5 den Chonradh ar an Aontas Eorpach. I gcomhréir le prionsabal na comhréireachta, mar atá leagtha amach san Airteagal sin, ní théann an Rialachán seo thar a bhfuil riachtanach chun an cuspóir sin a bhaint amach.

(36)     Rinneadh leasuithe ar Threoir 89/686/CEE roinnt uaireanta. Ós rud é go bhfuil leasuithe substaintiúla breise le déanamh agus chun cur chun feidhme aonfhoirmeach ar fud an Aontais a áirithiú, ba cheart Treoir 89/686/CEE a aisghairm agus Rialachán a chur ina háit.

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

CAIBIDIL I

FORÁLACHA GINEARÁLTA

Airteagal 1

Ábhar

Leagtar síos sa Rialachán seo ceanglais maidir le trealamh cosanta pearsanta (TCP) a cheapadh agus a mhonarú chun cosaint sláinte agus sábháilteachta úsáideoirí a áirithiú agus rialacha maidir lena shaorghluaiseacht san Aontas.

Airteagal 2

Raon Feidhme

1.           Beidh feidhm ag an Rialachán seo maidir le trealamh cosanta pearsanta (TCP), mar a shainmhínítear in Airteagal 3.

2.           Ní bheidh feidhm ag an Rialachán seo maidir le TCP:

(a) atá ceaptha go sonrach lena úsáid ag na fórsaí armtha nó chun dlí agus ord a choinneáil;

(b) atá ceaptha lena úsáid le haghaidh féinchosanta;

(c) atá ceaptha d'úsáid phríobháideach mar chosaint ar dhálaí an atmaisféir nach bhfuil thar fóir;

(d) lena úsáid ar shoithí muirghabhála agus ar aerárthaí atá faoi réir na gconarthaí idirnáisiúnta iomchuí is infheidhme sna Ballstáit;

(e) ar mhaithe le ceannchosaint, aghaidhchosaint nó cosaint súl úsáideoirí mótarfheithiclí dhá nó trí roth, faoi réir an Rialacháin ábhartha ó Choimisiún Eacnamaíochta na Náisiún Aontaithe don Eoraip (UNECE).

Airteagal 3

Sainmhínithe

Chun críocha an Rialacháin seo, beidh feidhm ag na sainmhínithe seo a leanas:

1.           Ciallaíonn ‘trealamh cosanta pearsanta’ (TCP):

(a) trealamh atá ceaptha lena chaitheamh nó lena iompar ag duine ar mhaithe le cosaint a fháil ar riosca amháin nó níos mó maidir lena shláinte nó lena shábháilteacht a chuirtear ar an margadh leis féin nó i gcomhcheangal le trealamh neamhchosanta pearsanta;

(b) comhpháirteanna idirmhalartaithe le haghaidh trealaimh dá dtagraítear i bpointe (a) atá riachtanach dá fheidhm chosanta;

(c) córais chónaisc don trealamh dá dtagraítear i bpointe (a) nach mbíonn ar iompar ná á gcaitheamh ag duine, atá ceaptha an trealamh sin a cheangal le feiste sheachtrach nó le struchtúr seachtrach, is féidir a bhaint agus nach bhfuil ceaptha bheith feistithe go buan do struchtúr;

2.           ciallaíonn ‘TCP atá curtha in oiriúint ina aonar’ TCP a tháirgtear i sraithcheangal ina monaraítear gach mír de réir mar a oireann sí don úsáideoir;

3.           ciallaíonn ‘TCP atá déanta de réir toisí’ TCP a tháirgtear mar aonad aonair chun freastal ar ceanglais speisialta úsáideora aonair de réir bunleagain, a leanann treoracha cheapadóir an bhunleagain sin agus a bhfuil aird aige ar raon na n‑éagsúlachtaí ceadaithe;

4.           ciallaíonn ‘cur ar fáil ar an margadh’ aon soláthar de TCP lena dháileadh nó lena úsáid ar mhargadh an Aontais le linn gníomhaíochta tráchtála, ar íocaíocht nó saor in aisce;

5.           ciallaíonn ‘cur ar an margadh’ TCP á chur ar mhargadh an Aontais den chéad uair;

6.           ciallaíonn ‘monaróir’ aon duine nádúrtha nó dlítheanach a cheapann nó a mhonaraíonn TCP nó a ndéantar TCP a cheapadh nó a mhonarú thar a cheann, agus a dhéanann é a mhargú faoina ainm nó faoina thrádmharc; chun críche an dara ‑fomhír d’Airteagal 8(2), measfar ceapadóir bunleagain TCP atá déanta de réir toisí a bheith ina mhonaróir;

7.           ciallaíonn ‘ionadaí údaraithe’ duine nádúrtha nó dlítheanach atá bunaithe laistigh den Aontas a bhfuil sainordú i scríbhinn faighte aige ó mhonaróir gníomhú thar a cheann maidir le cúraimí sonraithe;

8.           ciallaíonn ‘allmhaireoir’ duine nádúrtha nó dlítheanach atá bunaithe laistigh den Aontas a chuireann TCP ó thríú tír ar mhargadh an Aontais;

9.           ciallaíonn ‘dáileoir’ duine nádúrtha nó dlítheanach i slabhra an tsoláthair, seachas an monaróir nó an t‑allmhaireoir, a chuireann TCP ar fáil ar an margadh;

10.         ciallaíonn ‘oibreoirí eacnamaíocha’ an monaróir, an t‑ionadaí údaraithe, an t‑allmhaireoir agus an dáileoir;

11.         ciallaíonn ‘sonraíocht theicniúil’ doiciméad ina ‑leagtar síos na ceanglais theicniúla atá le comhlíonadh ag TCP;

12.         ciallaíonn ‘caighdeán comhchuibhithe’ caighdeán comhchuibhithe mar atá sainmhínithe in Airteagal 2(1)(c) de Rialachán (AE) Uimh. 1025/2012;

13.         ciallaíonn ‘creidiúnú’ creidiúnú mar atá sainmhínithe in Airteagal 2(10) de Rialachán (CE) Uimh. 765/2008;

14.         ciallaíonn ‘comhlacht creidiúnaithe náisiúnta’ comhlacht creidiúnaithe náisiúnta mar atá sainmhínithe in Airteagal 2(11) de Rialachán (CE) Uimh. 765/2008;

15.         ciallaíonn ‘measúnú comhréireachta’ an próiseas ina dtaispeántar an bhfuil na ceanglais riachtanacha sláinte agus sábháilteachta den Rialachán seo a bhaineann le TCP comhlíonta;

16.         ciallaíonn ‘comhlacht um measúnú comhréireachta’ comhlacht a dhéanann gníomhaíochtaí um measúnú comhréireachta, lena n‑áirítear calabrú, tástáil, deimhniú agus cigireacht;

17.         ciallaíonn ‘aisghlaoch’ aon bheart atá dírithe ar aisfhilleadh TCP a bhaint amach atá curtha ar fáil cheana féin don úsáideoir deiridh;

18.         ciallaíonn ‘tarraingt siar’ aon bheart arb é is aidhm dó cosc a chur ar TCP i slabhra an tsoláthair a chur ar fáil ar an margadh;

19.         ciallaíonn ‘comhartha CE’ comhartha lena gcuireann an monaróir in iúl go bhfuil an TCP i gcomhréir leis na ceanglais is infheidhme atá leagtha amach i reachtaíocht chomhchuibhithe an Aontais ina ndéantar foráil maidir lena ghreamú;

20.         ciallaíonn ‘reachtaíocht chomhchuibhithe an Aontais’ aon reachtaíocht de chuid an Aontais lena gcomhchuibhítear na coinníollacha maidir le táirgí a mhargú.

Airteagal 4

Cur ar fáil ar an margadh

Déanfaidh na Ballstáit gach beart iomchuí chun a áirithiú nach gcuirfear TCP ar fáil ar an margadh ach amháin, i gcás ina ndéantar é a chothabháil i gceart agus ina n‑úsáidtear é le haghaidh na críche atá beartaithe dó, má chomhlíonann sé an Rialachán seo.

Airteagal 5

Ceanglais sláinte agus sábháilteachta riachtanacha

Comhlíonfaidh TCP na ceanglais sláinte agus sábháilteachta riachtanacha is infheidhme atá leagtha amach in Iarscríbhinn II.

Airteagal 6

Forálacha a bhaineann le húsáid TCP

Ní dhéanfaidh an Rialachán seo difear do theidlíocht na mBallstát, go háirithe agus Treoir 89/656/CEE á cur chun feidhme, ceanglais a leagan síos a bhaineann le húsáid TCP ar choinníoll nach ndéanann na ceanglais sin difear do cheapadh TCP a chuirtear ar an margadh i gcomhréir leis an Rialachán seo.

Airteagal 7

Saorghluaiseacht

1.           Ní chuirfidh na Ballstáit, ar chúiseanna arna gcumhdach ag an Rialachán seo, bac ar chur ar fáil TCP a chomhlíonann an Rialachán seo ina gcríoch féin.

2.           I gcás aontaí trádála, taispeántas agus léirithe, ní chuirfidh na Ballstáit cosc ar thaispeáint TCP nach gcomhlíonann an Rialachán seo ar choinníoll go gcuirtear in iúl ar chomhartha soléite nach gcomhlíonann an TCP an Rialachán seo agus nach gcuirfear ar fáil ar an margadh é go dtí go mbeidh sé i gcomhréir leis an Rialachán.

Le linn léirithe, déanfar na bearta leordhóthanacha chun cosaint daoine a áirithiú.

CAIBIDIL II

OIBLEAGÁIDÍ OIBREOIRÍ EACNAMAÍOCHA

Airteagal 8

Oibleagáidí monaróirí

1.           Agus iad ag cur TCP ar an margadh, áiritheoidh monaróirí gur ceapadh agus monaraíodh é i gcomhréir leis na ceanglais sláinte agus sábháilteachta riachtanacha is infheidhme atá leagtha amach in Iarscríbhinn II.

2.           Tarraingeoidh monaróirí suas an doiciméadacht theicniúil dá dtagraítear in Iarscríbhinn III agus déanfaidh siad na nósanna imeachta um measúnú comhréireachta is infheidhme dá dtagraítear in Airteagal 18 nó déanfar iad thar a gceann.

Tarraingeoidh ceapadóir bunleagain de TCP atá déanta de réir toisí suas an doiciméadacht theicniúil dá dtagraítear in Iarscríbhinn III agus déanfaidh sé scrúdú cineáil an AE atá leagtha amach in Iarscríbhinn V nó déanfar é thar a cheann.

Déanfaidh monaróirí TCP atá déanta de réir toisí an nós imeachta um measúnú comhréireachta atá leagtha amach in Iarscríbhinn VI.

I gcás ina bhfuil sé léirithe ó na nósanna imeachta iomchuí go gcomhlíonann TCP na ceanglais sláinte agus sábháilteachta riachtanacha is infheidhme, tarraingeoidh monaróirí suas dearbhú comhréireachta an AE dá dtagraítear in Airteagal 15 agus déanfaidh siad an comhartha CE dá dtagraítear in Airteagal 16 a ghreamú.

3.           Coinneoidh monaróirí an doiciméadacht theicniúil agus dearbhú comhréireachta an AE go ceann deich mbliana ar a laghad tar éis an TCP a bheith curtha ar an margadh.

4.           Áiritheoidh monaróirí go bhfuil nósanna imeachta ann maidir le sraith‑tháirgeadh chun fanacht i gcomhréir leis an Rialachán seo. Cuirfear san áireamh athruithe ar cheapadh nó saintréithe an TCP agus athruithe ar na caighdeáin chomhchuibhithe nó ar shonraíochtaí teicniúla eile dá dtagraítear chun comhréireacht an TCP a dhearbhú.

5.           Áiritheoidh monaróirí go bhfuil uimhir chineáil, bhaisc nó sraithe nó gné eile lenar féidir é a shainaithint ar an TCP nó, i gcás nach féidir a leithéid a dhéanamh mar gheall ar mhéid nó cineál an TCP, go gcuirtear an fhaisnéis is gá‑ ar an bpacáistíocht nó ar dhoiciméad a ghabhann leis an TCP.

6.           Cuirfidh monaróir in iúl, ar an TCP, a n‑ainm, a dtrádainm cláraithe nó a dtrádmharc cláraithe agus an seoladh poist ag ar féidir teagmháil a dhéanamh leo nó, i gcás nach féidir é sin a dhéanamh, ar an bpacáistíocht nó ar dhoiciméad a ghabhann leis an TCP. Cuirfear áit ar leithligh ag ar féidir teagmháil a dhéanamh leis an monaróir in iúl leis an seoladh. Ní mór na sonraí teagmhála bheith i dteanga is féidir le húsáideoirí deiridh agus údaráis um fhaireachas margaidh a thuiscint gan stró.

7.           Áiritheoidh monaróirí go bhfuil ag gabháil leis an TCP na treoracha atá leagtha amach i bpointe 1.4 d’Iarscríbhinn II agus iad i dteanga is féidir le húsáideoirí deiridh a thuiscint gan stró, arna cinneadh ag an mBallstát lena mbaineann.

8.           Áiritheoidh monaróirí go bhfuil ag gabháil leis an TCP cóip de dhearbhú comhréireachta an AE dá dtagraítear in Airteagal 15(2) . Féadfaidh monaróirí an ceanglas sin a chomhlíonadh trí leagan simplithe de dhearbhú comhréireachta an AE, dá dtagraítear in Airteagal 15(3), a chur isteach leis an TCP. I gcás nach gcuirtear ach an leagan simplí de dhearbhú comhréireachta an AE ar fáil, ní mór an seoladh idirlín ag ar féidir téacs iomlán de dhearbhú comhréireachta an AE a fháil a bheith díreach ina dhiaidh.

9.           Má mheasann monaróirí nó má tá cúis acu lena chreidiúint nach bhfuil an TCP atá curtha ar an margadh acu i gcomhréir leis an Rialachán seo, ní mór dóibh na bearta ceartaitheacha is gá a dhéanamh gan mhoill sa chaoi go mbeidh sé i gcomhréir, chun é a tharraingt siar nó chun é a aisghlaoch, de réir mar is iomchuí. Thairis sin, i gcás ina bhfuil riosca ag baint leis an TCP, cuirfidh monaróirí é sin in iúl gan mhoill d’údaráis um fhaireachas margaidh na mBallstát inar chuir siad an TCP ar fáil ar an margadh, ag tabhairt sonraí, go háirithe, faoin neamhchomhréireacht agus faoi aon bheart ceartaitheach atá déanta.

10.         Mar thoradh ar iarraidh réasúnaithe ó údarás inniúil náisiúnta, cuirfidh monaróirí an fhaisnéis‑ agus an doiciméadacht ar fad is gá chun comhréireacht an TCP a léiriú ar fáil dó, i dteanga is féidir leis an údarás sin a thuiscint gan stró. Oibreoidh siad i gcomhar leis an údarás sin, arna iarraidh sin dó, maidir le haon bheart arna dhéanamh chun deireadh a chur leis na rioscaí a bhaineann le TCP atá curtha ar an margadh acu.

Airteagal 9

Ionadaithe údaraithe

1.           Féadfaidh monaróir, trí shainordú i scríbhinn, ionadaí údaraithe a cheapadh. Ní bheidh na hoibleagáidí atá leagtha síos in Airteagal 8(1) agus an oibleagáid maidir leis an doiciméadacht theicniúil a tharraingt suas dá dtagraítear in Airteagal 8(2) mar chuid de shainordú an ionadaí údaraithe.

2.           Déanfaidh ionadaí údaraithe na cúraimí arna sonrú sa sainordú ón monaróir. Faoin sainordú beidh an t‑ionadaí údaraithe in ann an méid seo a leanas a dhéanamh ar a laghad:

(a) dearbhú comhréireachta an AE agus an doiciméadacht theicniúil a choinneáil ar fáil do na h‑údaráis náisiúnta um fhaireachas margaidh go ceann tréimhse 10 mbliana ar a laghad tar éis an TCP a bheith curtha ar an margadh;

(b) tar éis dó iarraidh réasúnaithe a fháil ó údarás náisiúnta um fhaireachas margaidh, an ‑fhaisnéis agus an doiciméadacht ar fad is gá chun comhréireacht an TCP a léiriú a chur ar fáil don údarás sin;

(c) obair i gcomhar leis na húdaráis náisiúnta um fhaireachas margaidh, arna iarraidh sin dóibh, maidir le haon bheart atá le déanamh chun deireadh a chur leis na rioscaí a bhaineann le TCP arna gcumhdach faoi shainordú an ionadaí údaraithe.

Airteagal 10

Oibleagáidí allmhaireoirí

1.           Ní chuirfidh allmhaireoirí ach TCP comhlíontach ar an margadh.

2.           Sula gcuirfidh siad TCP ar an margadh, áiritheoidh allmhaireoirí go bhfuil na nósanna imeachta um measúnú comhréireachta iomchuí, dá dtagraítear in Airteagal 18, déanta ag an monaróir. Áiritheoidh siad go bhfuil an doiciméadacht theicniúil tarraingthe suas ag an monaróir, go bhfuil comhartha CE ar an TCP, go bhfuil dearbhú comhréireachta an AE nó leagan simplithe de dhearbhú comhréireachta an AE ag gabháil leis, agus go bhfuil na treoracha, dá dtagraítear in Airteagal 8(7) ag gabháil leis agus go bhfuil na ceanglais atá leagtha amach in Airteagal 8(5) agus (6) comhlíonta ag an monaróir.

I gcás ina measann allmhaireoir, nó má tá cúis aige lena chreidiúint nach bhfuil TCP i gcomhréir leis na ceanglais sláinte agus sábháilteachta riachtanacha is infheidhme atá leagtha amach in Iarscríbhinn II, ní mór dó gan é a chur ar an margadh go dtí go bhfuil sé i gcomhréir leo. Ina theannta sin, i gcás ina bhfuil riosca ag baint le TCP, cuirfidh an t‑allmhaireoir é sin in iúl don mhonaróir agus do na húdaráis um fhaireachas margaidh.

3.           Cuirfidh allmhaireoirí in iúl, ar an TCP, a n‑ainm, a dtrádainm cláraithe nó a dtrádmharc cláraithe agus an seoladh poist ag ar féidir teagmháil a dhéanamh leo nó, i gcás nach féidir é sin a dhéanamh, ar an bpacáistíocht nó ar dhoiciméad a ghabhann leis an TCP.. Ní mór na sonraí teagmhála bheith i dteanga is féidir le húsáideoirí deiridh agus údaráis um fhaireachas margaidh a thuiscint gan stró.

4.           Áiritheoidh allmhaireoirí go bhfuil ag gabháil leis an TCP na treoracha dá dtagraítear i bpointe 1.4 d’Iarscríbhinn II agus iad i dteanga is féidir le tomhaltóirí agus úsáideoirí deiridh eile a thuiscint gan stró, arna cinneadh ag an mBallstát lena mbaineann..

5.           Áiritheoidh allmhaireoirí, fad atá an TCP faoina gcúram, nach ndéanfaidh dálaí stórála ná iompair difear do chomhréireacht an TCP leis na ceanglais sláinte agus sábháilteachta riachtanacha is infheidhme atá leagtha amach in Iarscríbhinn II.

6.           Má mheasann allmhaireoirí nó má tá cúis acu lena chreidiúint nach bhfuil an TCP atá curtha ar an margadh acu i gcomhréir leis an Rialachán seo, ní mór dóibh na bearta ceartaitheacha is gá a dhéanamh gan mhoill sa chaoi go mbeidh sé i gcomhréir, chun é a tharraingt siar nó chun é a aisghlaoch, de réir mar is iomchuí. Thairis sin, i gcás ina bhfuil riosca ag baint leis an TCP, cuirfidh allmhaireoirí é sin in iúl gan mhoill d’údaráis um fhaireachas margaidh na mBallstát inar chuir siad an TCP ar fáil ar an margadh, ag tabhairt sonraí, go háirithe, faoin neamhchomhréireacht agus faoi aon bheart ceartaitheach atá déanta.

7.           Coinneoidh allmhaireoirí, go ceann deich mbliana ar a laghad tar éis an TCP a chur ar an margadh, cóip de dhearbhú comhréireachta an AE ar fáil do na h‑údaráis um fhaireachas margaidh agus áiritheoidh siad gur féidir an doiciméadacht theicniúil a chur ar fáil do na húdaráis sin, arna iarraidh sin dóibh.

8.           Mar thoradh ar iarraidh réasúnaithe ó údarás inniúil náisiúnta, cuirfidh allmhaireoirí an fhaisnéis agus an doiciméadacht ar fad, i bhfoirm páipéir nó leictreonach, is gá chun comhréireacht an TCP a léiriú ar fáil dó‑, i dteanga is féidir leis an údarás sin a thuiscint gan stró. Oibreoidh siad i gcomhar leis an údarás sin, arna iarraidh sin dó, maidir le haon bheart arna dhéanamh chun deireadh a chur leis na rioscaí a bhaineann le TCP atá curtha ar an margadh acu.

Airteagal 11

Oibleagáidí dáileoirí

1.           Agus iad ag cur TCP ar an margadh, gníomhóidh dáileoirí go cuí agus go cúramach maidir le ceanglais an Rialacháin seo.

2.           Sula gcuirfidh siad TCP ar an margadh, fíoróidh dáileoirí go bhfuil an comhartha CE ar an TCP, go bhfuil dearbhú comhréireachta an AE nó leagan simplithe de dhearbhú comhréireachta an AE ag gabháil leis, agus go bhfuil na treoracha atá leagtha amach i bpointe 1.4 d’Iarscríbhinn II ag gabháil leis, agus iad i dteanga is féidir le húsáideoirí deiridh sa Bhallstát, ina gcuirfear TCP ar fáil ar an margadh, a thuiscint gan stró agus go bhfuil ‑na ceanglais atá leagtha amach in Airteagal 8(5) agus (6) agus in Airteagal 10(3) comhlíonta ag an monaróir agus ag an allmhaireoir.

I gcás ina measann dáileoir, nó má tá cúis aige lena chreidiúint nach bhfuil TCP i gcomhréir leis na ceanglais sláinte agus sábháilteachta riachtanacha is infheidhme atá leagtha amach in Iarscríbhinn II, ní mór dó gan an TCP a chur ar an margadh go dtí go bhfuil sé i gcomhréir leo. Ina theannta sin, i gcás ina bhfuil riosca ag baint le TCP, cuirfidh an dáileoir é sin in iúl don mhonaróir nó don allmhaireoir, chomh maith leis na húdaráis um fhaireachas margaidh.

3.           Áiritheoidh dáileoirí, fad atá an TCP faoina gcúram, nach ndéanfaidh dálaí stórála ná iompair difear do chomhréireacht an TCP leis na ceanglais sláinte agus sábháilteachta riachtanacha is infheidhme atá leagtha amach in Iarscríbhinn II.

4.           I gcás ina measann dáileoirí nó má tá cúis acu lena chreidiúint nach bhfuil an TCP atá curtha ar fáil ar an margadh acu i gcomhréir le ceanglais an Rialacháin seo, ní mór dóibh a áirithiú go ndéantar na bearta ceartaitheacha is gá sa chaoi go mbeidh sé i gcomhréir, chun é a tharraingt siar nó chun é a aisghlaoch, de réir mar is iomchuí. Thairis sin, i gcás ina bhfuil riosca ag baint leis an TCP, cuirfidh dáileoirí é sin iúl gan mhoill d’údaráis um fhaireachas margaidh na mBallstát ina bhfuil an TCP curtha ar fáil ar an margadh acu, ag tabhairt sonraí, go háirithe, faoin neamhchomhréireacht agus faoi aon bheart ceartaitheach atá déanta.

5.           Mar thoradh ar iarraidh réasúnaithe ó údarás inniúil náisiúnta, cuirfidh dáileoirí an fhaisnéis agus an doiciméadacht ar fad, i bhfoirm páipéir nó leictreonach, is gá chun comhréireacht an TCP a léiriú ar fáil dó. Oibreoidh siad i gcomhar leis an údarás sin, arna iarraidh sin dó, maidir le haon bheart arna dhéanamh chun deireadh a chur leis na rioscaí a bhaineann le TCP atá curtha ar fáil an margadh acu.

Airteagal 12

Cásanna ina bhfuil feidhm ag oibleagáidí monaróirí maidir le hallmhaireoirí agus dáileoirí

Measfar gur monaróir é allmhaireoir nó dáileoir chun críocha an Rialacháin seo agus beidh sé faoi réir oibleagáidí an mhonaróra atá leagtha amach in Airteagal 8, i gcás ina gcuireann sé TCP ar an margadh faoina ainm nó faoina thrádmharc féin nó i gcás ina modhnaíonn sé TCP atá curtha ar an margadh cheana féin ar dhóigh a bhféadfadh difear a dhéanamh don chomhréireacht leis na ceanglais sláinte agus sábháilteachta riachtanacha is infheidhme atá leagtha amach in Iarscríbhinn II.

Airteagal 13

Oibreoirí eacnamaíocha a shainaithint

Cuirfidh oibreoirí eacnamaíocha, arna n‑iarraidh sin dóibh, na nithe seo a leanas in iúl do na húdaráis um fhaireachas margaidh:

(a) aon oibreoir eacnamaíoch a sholáthair TCP dóibh;

(b) aon oibreoir eacnamaíoch ar sholáthair siad TCP dó.

Beidh oibreoirí eacnamaíocha in ann an fhaisnéis‑, dá dtagraítear sa chéad mhír, a thíolacadh go ceann tréimhse 10 mbliana tar éis TCP a bheith soláthraithe dóibh agus go ceann tréimhse 10 mbliana tar éis dóibh TCP a sholáthar.

CAIBIDIL III

COMHRÉIREACHT AN TCP

Airteagal 14

Toimhde comhréireachta

Measfar go bhfuil TCP atá i gcomhréir leis na caighdeáin chomhchuibhithe nó codanna díobh, ar foilsíodh a thagairtí in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh, i gcomhréir leis na ceanglais sláinte agus sábháilteachta riachtanacha atá leagtha amach in Iarscríbhinn II arna gcumhdach ag na caighdeáin sin nó codanna díobh.

Airteagal 15

Dearbhú comhréireachta an AE

1.           Sonrófar i ndearbhú comhréireachta an AE go bhfuil comhlíonadh na gceanglas sláinte agus sábháilteachta riachtanacha is infheidhme atá leagtha amach in Iarscríbhinn II léirithe.

2.           Beidh an struchtúr d’Iarscríbhinn IX agus na gnéithe istigh inti i ndearbhú comhréireachta an AE agus tabharfar cothrom le dáta go leanúnach é. Aistreofar é go dtí an teanga nó na teangacha a éilíonn an Ballstát ina gcuirtear an TCP ar fáil ar an margadh.

3.           Beidh na gnéithe atá leagtha amach in Iarscríbhinn X sa leagan simplithe de dhearbhú comhréireachta an AE agus tabharfar cothrom le dáta go leanúnach é. Aistreofar é go dtí an teanga nó na teangacha a éilíonn an Ballstát ina gcuirtear an TCP ar fáil ar an margadh. Cuirfear dearbhú comhréireachta an AE, atá ar fáil trí sheoladh idirlín, ar fáil i dteanga nó i dteangacha an Bhallstáit ina gcuirtear an TCP ar fáil ar an margadh.

4.           I gcás ina bhfuil TCP faoi réir níos mó ná gníomh amháin de chuid an Aontais lena gceanglaítear dearbhú comhréireachta an AE, tarraingeofar suas dearbhú comhréireachta amháin de chuid an AE maidir le gach gníomh den chineál sin de chuid an Aontais. Beidh sainaithint na ngníomhartha de chuid an Aontais lena mbaineann sa dearbhú, lena n‑áirítear a dtagairtí foilsithe.

5.           Trí dhearbhú comhréireachta an AE a tharraingt suas, glacfaidh an monaróir an fhreagracht iomlán chuige maidir le comhréireacht TCP le ceanglais an Rialacháin seo.

Airteagal 16

Comhartha CE

1.           Beidh an comhartha CE faoi réir na bprionsabal ginearálta atá leagtha amach in Airteagal 30 de Rialachán (CE) Uimh. 765/2008.

2.           Greamófar comhartha CE den TCP ar dhóigh shofheicthe, sholéite agus dhoscriosta. Mura féidir é sin a dhéanamh nó mura bhfuil gá leis mar gheall ar chineál an TCP, greamófar den phacáistíocht agus de na doiciméid lena ngabhann é.

3.           Greamófar an comhartha CE sula gcuirfear an TCP ar an margadh. D’fhéadfadh picteagram nó comhartha eile a chur leis lena gcuirtear in iúl an riosca a bhfuil an TCP ceaptha cosaint a thabhairt air.

4.           I dtaca le TCP atá i gCatagóir III, i ndiaidh an chomhartha CE beidh uimhir aitheantais an chomhlachta dá dtugtar fógra atá bainteach leis an nós imeachta maidir le cineál‑chomhréireacht a áirithiú bunaithe ar fhíorú an táirge nó leis an nós imeachta maidir le cineál‑chomhréireacht a áirithiú bunaithe ar dhearbhú cáilíochta an phróisis táirgthe.

CAIBIDIL IV

MEASÚNÚ COMHRÉIREACHTA

Airteagal 17

Catagóirí riosca TCP

Aicmeofar an TCP de réir na gcatagóirí riosca atá leagtha amach in Iarscríbhinn I.

Airteagal 18

Nósanna imeachta um measúnú comhréireachta

Is iad seo a leanas na nósanna imeachta nach mór cloí leo, le haghaidh gach catagóire riosca atá leagtha amach in Iarscríbhinn I:

(a) Catagóir I: rialú táirgthe inmheánach (modúl A) atá leagtha amach in Iarscríbhinn IV;

(b) Catagóir II: scrúdú cineáil an AE (modúl B) atá leagtha amach in Iarscríbhinn V de réir comhréireachta bunaithe ar rialú táirgthe inmheánach (modúl C) atá leagtha amach in Iarscríbhinn VI;

(c) Catagóir III: scrúdú cineáil an AE (modúl B) atá leagtha amach in Iarscríbhinn V agus ceann díobh seo a leanas:

(a) cineál‑chomhréireacht atá bunaithe ar fhíorú an táirge (modúl F) mar atá leagtha amach in Iarscríbhinn VII í;

(b) cineál‑chomhréireacht atá bunaithe ar dhearbhú cáilíochta an phróisis táirgthe (modúl D) mar atá leagtha amach in Iarscríbhinn VIII í.

CAIBIDIL V

FÓGRA A THABHAIRT DO CHOMHLACHTAÍ UM MEASÚNÚ COMHRÉIREACHTA

Airteagal 19

Fógra a thabhairt

Tabharfaidh na Ballstáit fógra don Choimisiún agus do na Ballstáit eile maidir le comhlachtaí atá údaraithe i ndáil le cúraimí um measúnú comhréireachta tríú páirtí a dhéanamh faoin Rialachán seo.

Airteagal 20

Údaráis a thugann fógra

1.           Ainmneoidh na Ballstáit údarás a thugann fógra a bheidh freagrach as na nósanna imeachta is gá a bhunú agus a dhéanamh maidir le measúnú ar chomhlachtaí um measúnú comhréireachta agus fógra a thabhairt dóibh agus maidir le faireachán ar chomhlachtaí dá dtugtar fógra, lena n‑áirítear comhlíonadh Airteagal 25.

2.           Féadfaidh na Ballstáit a chinneadh go ndéanfaidh comhlacht creidiúnaithe náisiúnta an measúnú agus an faireachán dá dtagraítear i mír 1 de réir bhrí Rialachán (CE) Uimh. 765/2008 agus i gcomhréir leis.

3.           I gcás ina ndéanann an t‑údarás a thugann fógra an measúnú, an fógra nó an faireachán dá dtagraítear i mír 1 a tharmligean chuig comhlacht nó a chur ar iontaoibh comhlachta nach eintiteas rialtais é, beidh an comhlacht sin ina eintiteas dlíthiúil a chomhlíonfaidh, mutatis mutandis, na ceanglais atá leagtha síos in Airteagal 21. Anuas air sin, beidh socruithe ag an gcomhlacht sin chun dliteanais mar thoradh ar a chuid gníomhaíochtaí a chumhdach.

4.           Beidh freagracht iomlán ar an údarás a thugann fógra as na cúraimí a dhéanann an comhlacht dá dtagraítear i mír 3.

Airteagal 21

Ceanglais a bhaineann le húdaráis a thugann fógra

1.           Bunófar údarás a thugann fógra ar dhóigh nach mbeidh aon choimhlint leasa ann le comhlachtaí um measúnú comhréireachta.

2.           Eagrófar agus oibreofar údarás a thugann fógra chun oibiachtúlacht agus neamhchlaontacht a chuid gníomhaíochtaí a chosaint.

3.           Eagrófar údarás a thugann fógra ar dhóigh go ndéanfaidh daoine inniúla, nach bhfuil ar na daoine céanna a bhfuil an measúnú déanta acu, gach cinneadh a bhaineann le fógra a thabhairt do chomhlacht um measúnú comhréireachta.

4.           Ní thairgfidh ná ní sholáthróidh údarás a thugann fógra aon ghníomhaíocht a dhéanann comhlachtaí um measúnú comhréireachta ná seirbhísí comhairleachta ar bhonn tráchtála nó iomaíoch.

5.           Cosnóidh údarás a thugann fógra rúndacht na faisnéise a fhaigheann sé.

6.           Beidh go leor pearsanra inniúil ag údarás a thugann fógra chun a chuid cúraimí a dhéanamh mar is ceart.

Airteagal 22

Oibleagáid faisnéise ar údarás a thugann fógra

Cuirfidh na Ballstáit in iúl don Choimisiún a nósanna imeachta maidir le measúnú ar chomhlachtaí um measúnú comhréireachta agus fógra a thabhairt dóibh agus maidir le faireachán ar chomhlachtaí dá dtugtar‑ fógra, agus aon athrú orthu.

Cuirfidh an Coimisiún an fhaisnéis‑ sin ar fáil go poiblí.

Airteagal 23

Ceanglais a bhaineann le comhlachtaí dá dtugtar fógra

1.           Chun críocha fógra a thabhairt, comhlíonfaidh comhlacht um measúnú comhréireachta na ceanglais atá leagtha síos i míreanna 2 go 11.

2.           Bunófar comhlacht um measúnú comhréireachta de réir dlí náisiúnta agus beidh pearsantacht dhlítheanach aige.

3.           Beidh comhlacht um measúnú comhréireachta ina chomhlacht tríú páirtí atá neamhspleách ar an eagraíocht nó ar an TCP ar a ndéanann sé measúnú.

Maidir le comhlacht ar le comhlachas gnó nó cónaidhm phroifisiúnta é a dhéanann ionadaíocht ar ghnóthais atá bainteach le ceapadh, monarú, soláthar, cóimeáil, úsáid nó cothabháil TCP ar a ndéanann sé measúnú, féadfar a mheas gur comhlacht den chineál sin é, ar choinníoll go léirítear go bhfuil sé neamhspleách agus nach bhfuil aon choimhlint leasa ann.

4.           Ní bheidh comhlacht um measúnú comhréireachta, a bhainisteoirí barrleibhéil agus an pearsanra atá freagrach as cúraimí um measúnú comhréireachta a dhéanamh, ina gceapadóir, ina monaróir, ina soláthraí, ina gceannaitheoir, ina n‑úinéir, ina n‑‑úsáideoir ná ina gcothabhálaí ar TCP a ndéanann siad measúnú air, ná ina n‑ionadaí údaraithe ar aon cheann de na páirtithe sin. Ní choisctear leis sin TCP measúnaithe a úsáid a bhfuil gá leis i dtaca le hoibríochtaí an chomhlachta um measúnú comhréireachta ná an TCP sin a úsáid ar bhonn pearsanta.

Ní bheidh baint dhíreach ná indíreach ag comhlacht um measúnú comhréireachta, ag a bhainisteoirí barrleibhéil agus ag an bpearsanra atá freagrach as cúraimí um measúnú comhréireachta a dhéanamh le TCP a cheapadh, a mhonarú, a chur ar fáil, a úsáid ná a chothabháil, ná ní dhéanfaidh siad ‑ionadaíocht ar aon cheann de na páirtithe sin atá i mbun na ngníomhaíochtaí sin. Ní ghlacfaidh siad páirt in aon ghníomhaíocht a d’fhéadfadh a bheith ina coinbhleacht leasa ó thaobh neamhspleáchas breithiúnais nó ‑ionracais de maidir le gníomhaíochtaí um measúnú comhréireachta a dtugtar fógra dóibh ina leith. Beidh feidhm aige sin go háirithe maidir le seirbhísí comhairleachta.

Áiritheoidh comhlachtaí um measúnú comhréireachta nach ndéanann gníomhaíochtaí a bhfochuideachtaí ná a bhfochonraitheoirí difear do rúndacht, oibiachtúlacht ná neamhchlaontacht a ngníomhaíochtaí um measúnú comhréireachta.

5.           Déanfaidh comhlachtaí um measúnú comhréireachta agus a bpearsanra na gníomhaíochtaí um measúnú comhréireachta leis an gcaighdeán ionracais phroifisiúnta is airde agus leis an inniúlacht theicniúil is gá sa réimse i gceist agus beidh siad saor ó gach brú agus mealladh, go háirithe ó thaobh airgeadais de, a d’fhéadfadh tionchar a imirt ar a mbreithiúnas nó ar thorthaí a ngníomhaíochtaí um measúnú comhréireachta, go háirithe maidir le daoine nó le grúpaí daoine a bhfuil suim acu i dtorthaí na ngníomhaíochtaí sin.

6.           Beidh sé de chumas ag comhlacht um measúnú comhréireachta na cúraimí um measúnú comhréireachta uile arna sannadh dó in Iarscríbhinní V, VII agus VIII agus a bhfuil fógra tugtha dó ina leith a dhéanamh, is cuma cé acu a dhéanann an comhlacht um measúnú comhréireachta féin na cúraimí sin nó a dhéantar iad thar a cheann agus faoina bhfreagracht.

Le haghaidh gach nós imeachta um measúnú comhréireachta agus le haghaidh gach cineáil TCP a bhfuil fógra tugtha dó ina leith, beidh na nithe seo a leanas ar fáil do chomhlacht um measúnú comhréireachta i gcónaí:

(a) an pearsanra is gá a bhfuil eolas teicniúil agus taithí leordhóthanach iomchuí aige chun na cúraimí um measúnú comhréireachta a dhéanamh;

(b) na tuairiscí is gá ar nósanna imeachta a ndéantar measúnú comhréireachta i gcomhréir leo lena n‑áirithítear trédhearcacht agus cumas atáirgthe na nósanna imeachta sin. Beidh beartais agus nósanna imeachta iomchuí i bhfeidhm aige ina ndéantar idirdhealú idir na cúraimí a dhéanann sé agus é ina chomhlacht dá dtugtar fógra agus gníomhaíochtaí eile;

(c) na nósanna imeachta is gá maidir le feidhmiú na ngníomhaíochtaí ina dtugtar aird chuí ar mhéid gnóthais, ar an earnáil ina bhfuil sé, ar a struchtúr, ar mhéid castachta na teicneolaíochta TCP lena mbaineann agus ar líon nó sraithchineál an phróisis táirgthe.

Beidh na hacmhainní is gá ag comhlacht um measúnú comhréireachta chun na cúraimí teicniúla agus riaracháin a bhaineann leis na gníomhaíochtaí um measúnú comhréireachta a dhéanamh ar bhealach iomchuí agus beidh rochtain aige ar an trealamh nó ar na saoráidí uile is gá.

7.           Beidh na nithe seo a leanas ag an bpearsanra atá freagrach as gníomhaíochtaí um measúnú comhréireachta a dhéanamh:

(a) oiliúint mhaith ghairme agus theicniúil ina gcumhdaítear gach cúram um measúnú comhréireachta a bhfuil fógra tugtha don chomhlacht um measúnú comhréireachta ina leith;

(b) eolas sásúil ar na ceanglais a bhaineann leis na measúnuithe a dhéanann siad agus údarás leordhóthanach acu chun na measúnuithe sin a dhéanamh;

(c) eolas agus tuiscint iomchuí ar na ceanglais sláinte agus sábháilteachta riachtanacha atá leagtha amach in Iarscríbhinn‑II, ar na caighdeáin chomhchuibhithe chomhfhreagracha agus ar fhorálacha ábhartha reachtaíocht chomhchuibhithe an Aontais;

(d) an cumas deimhnithe, taifid agus tuarascálacha a tharraingt suas ina léirítear go bhfuil measúnuithe déanta.

8.           Urramófar neamhchlaontacht comhlachtaí um measúnú comhréireachta, a mbainisteoirí agus an phearsanra atá freagrach as na cúraimí um measúnú comhréireachta a dhéanamh.

Ní bheidh luach saothair na bainistíochta barrleibhéil agus an phearsanra atá freagrach as cúraimí um measúnú comhréireachta comhlachta um measúnú comhréireachta a dhéanamh ag brath ar líon na measúnuithe ná ar thorthaí na measúnuithe sin.

9.           Beidh árachas dliteanais ag comhlachtaí um measúnú comhréireachta seachas má ghlacann an Stát an dliteanas air féin i gcomhréir leis an dlí náisiúnta, nó má tá an Ballstát féin freagrach as an measúnú comhréireachta.

10.         Comhlíonfaidh pearsanra comhlachta um measúnú comhréireachta rúndacht phroifisiúnta maidir leis an bhfaisnéis ar fad a fhaightear mar thoradh ar na cúraimí faoi Iarscríbhinní V, VII agus VIII a dhéanamh nó aon fhoráil sa dlí náisiúnta lena dtugtar éifeacht dóibh, seachas maidir le húdaráis inniúla an Bhallstáit ina ndéantar a chuid gníomhaíochtaí. Déanfar cearta dílseánaigh a chosaint.

11.         Beidh comhlachtaí um measúnú comhréireachta rannpháirteach i ngníomhaíochtaí caighdeánaithe ábhartha agus i ngníomhaíochtaí ghrúpa comhordaithe an chomhlachta dá dtugtar fógra a bhunaítear faoin Rialachán seo, agus áiritheoidh siad go bhfuil a bpearsanra atá freagrach as na cúraimí um measúnú comhréireachta a dhéanamh ar eolas fúthu, agus cuirfidh siad i bhfeidhm, mar threoir ghinearálta, na cinntí agus na doiciméid riaracháin arna gcur le chéile mar thoradh ar obair an ghrúpa sin.

Airteagal 24

Toimhde comhréireachta comhlachtaí dá dtugtar fógra

I gcás ina léiríonn comhlacht um measúnú comhréireachta go gcomhlíonann sé na critéir arna leagan síos sna caighdeáin chomhchuibhithe ábhartha nó i gcodanna díobh, a bhfuil a dtagairtí foilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh, measfar go gcomhlíonann sé na ceanglais atá leagtha amach in Airteagal 23 a mhéad a chumhdaítear na ceanglais sin sna caighdeáin chomhchuibhithe is infheidhme.

Airteagal 25

Fochuideachtaí agus fochonraitheoireacht comhlachtaí dá dtugtar fógra

1.           I gcás ina ligeann comhlacht dá dtugtar fógra cúraimí sonracha a bhaineann le measúnú comhréireachta ar fochonradh nó ina dtéann sé ar árach fochuideachta, áiritheoidh sé go gcomhlíonann an fochonraitheoir nó an fhochuideachta na ceanglais atá leagtha amach in Airteagal 23 agus cuirfidh sé an t‑údarás a thugann fógra ar an eolas dá réir sin.

2.           Beidh freagracht iomlán ar chomhlachtaí dá dtugtar fógra as na cúraimí a dhéanann fochonraitheoirí nó fochuideachtaí, cibé áit ina bhfuil bunaithe.

3.           Is le toil an chliaint amháin a fhéadfar gníomhaíochtaí a ligean ar fochonradh nó a fhéadfaidh fochuideachta iad a dhéanamh.

4.           Coinneoidh comhlachtaí dá dtugtar fógra ar fáil don údarás a thugann fógra na doiciméid ábhartha a bhaineann le measúnú ar cháilíochtaí an fhochonraitheora nó na fochuideachta agus na cúraimí a dhéanann siad faoi Iarscríbhinní V, VII agus VIII.

Airteagal 26

Iarratas ar fhógra

1.           Cuirfidh comhlacht um measúnú comhréireachta iarratas ar fhógra isteach chuig údarás an Bhallstáit ina bhfuil sé bunaithe a thugann fógra.

2.           Beidh ag gabháil leis an iarratas ar fhógra tuairisc ar na gníomhaíochtaí um measúnú comhréireachta, na nósanna imeachta um measúnú comhréireachta agus na cineálacha TCP ina maíonn an comhlacht go bhfuil sé inniúil, chomh maith le deimhniú creidiúnaithe, más ann dó, arna eisiúint ag comhlacht creidiúnaithe náisiúnta lena bhfianaítear go gcomhlíonann an comhlacht um measúnú comhréireachta na ceanglais atá leagtha síos in Airteagal 23.

3.           I gcás nach féidir leis an gcomhlacht um measúnú comhréireachta lena mbaineann deimhniú creidiúnaithe a chur ar fáil, cuirfidh sé ar fáil don údarás a thugann fógra an fhianaise dhoiciméadach ar fad is gá ionas gur féidir comhlíonadh na gceanglas, atá leagtha síos in Airteagal 23, ag an gcomhlacht um measúnú comhréireachta a fhíorú, a aithint agus faireachán rialta a dhéanamh air.

Airteagal 27

Nós imeachta um fhógra a thabhairt

1.           Ní fhéadfaidh údaráis a thugann fógra ach fógra a thabhairt do na comhlachtaí um measúnú comhréireachta a chomhlíonann na ceanglais atá leagtha amach in Airteagal 23.

2.           Tabharfaidh siad fógra don Choimisiún agus do na Ballstáit eile trí úsáid a bhaint as an uirlis leictreonach chun fógra a thabhairt arna forbairt agus arna bainistiú ag an gCoimisiún.

3.           Áireofar leis an bhfógra sonraí iomlána na ngníomhaíochtaí um measúnú comhréireachta, na nósanna imeachta um measúnú comhréireachta agus na gcineálacha TCP lena mbaineann agus an fianú inniúlachta ábhartha.

4.           I gcás nach bhfuil fógra bunaithe ar dheimhniú creidiúnaithe dá dtagraítear in Airteagal 26(2), cuirfidh an t‑údarás a thugann fógra fianaise dhoiciméadach ar fáil don Choimisiún agus do na Ballstáit eile lena bhfianaítear inniúlacht an chomhlachta um measúnú comhréireachta agus na socruithe atá ann chun a áirithiú go ndéanfar faireachán rialta ar an gcomhlacht sin agus go leanfaidh sé de bheith ag comhlíonadh na gceanglas atá leagtha síos in Airteagal 23.

5.           Ní fhéadfaidh an comhlacht lena mbaineann gníomhaíochtaí comhlachta dá dtugtar fógra a dhéanamh ach amháin i gcás nach bhfuil aon agóid curtha in iúl ag an gCoimisiún nó ag na Ballstáit eile laistigh de dhá sheachtain tar éis fógra a fháil i gcás ina n‑úsáidtear deimhniú creidiúnaithe nó laistigh de dhá mhí tar éis fógra a fháil i gcás nach n‑úsáidtear creidiúnú.

Ní mheasfar ach comhlacht den chineál sin a bheith ina chomhlacht dá dtugtar fógra chun críocha an Rialacháin seo.

6.           Tabharfaidh an t‑údarás a thugann fógra fógra don Choimisiún agus do na Ballstáit eile i dtaca le haon athrú iomchuí ar an bhfógra ina dhiaidh sin.

Airteagal 28

Uimhreacha aitheantais agus liostaí de chomhlachtaí dá dtugtar fógra

1.           Sannfaidh an Coimisiún uimhir aitheantais do chomhlacht dá dtugtar fógra.

Sannfaidh sé aon uimhir aitheantais amháin fiú i gcás ina dtugtar fógra don chomhlacht faoi roinnt gníomhartha de chuid an Aontais.

2.           Cuirfidh an Coimisiún ar fáil go poiblí liosta na gcomhlachtaí dá dtugtar fógra faoin Rialachán seo, lena n‑áirítear na huimhreacha aitheantais atá sannta dóibh agus na gníomhaíochtaí a bhfuil fógra tugtha dóibh ina leith.

Áiritheoidh an Coimisiún go gcoinneofar an liosta cothrom le dáta.

Airteagal 29

Athruithe ar fhógraí

1.           I gcás ina bhfuil sé fionnta ag údarás a thugann fógra amach nó ina bhfuil sé curtha ar an eolas nach gcomhlíonann comhlacht dá dtugtar fógra na ceanglais atá leagtha amach in Airteagal 23 níos mó, nó mura bhfuil ag éirí leis a chuid oibleagáidí a chomhlíonadh, déanfaidh an comhlacht a thugann fógra an fógra a shrianadh, a chur ar fionraí nó a tharraingt siar, más iomchuí, ag brath ar cé chomh tromchúiseach is atá neamhchomhlíonadh na gceanglas nó na n‑oibleagáidí sin. Cuirfidh sé an Coimisiún agus na Ballstáit eile ar an eolas láithreach dá réir sin.

2.           I gcás ina ndéantar fógra a shrianadh, a chur ar fionraí nó a tharraingt siar, nó i gcás ina bhfuil an comhlacht dá dtugtar fógra tar éis scor dá chuid gníomhaíochtaí, déanfaidh an Ballstát a thugann fógra na bearta iomchuí chun a áirithiú go bpróiseálann comhlacht eile dá dtugtar fógra comhaid an chomhlachta sin nó go gcoinnítear ar fáil iad do na húdaráis a thugann fógra agus na húdaráis um fhaireachas margaidh atá freagrach arna n‑iarraidh sin dóibh.

Airteagal 30

Agóidí in aghaidh inniúlacht na gcomhlachtaí dá dtugtar fógra

1.           Imscrúdóidh an Coimisiún gach cás a bhfuil sé in amhras faoi, nó ina léirítear dó go bhfuil amhras ann maidir le hinniúlacht chomhlachta dá dtugtar fógra nó maidir le comhlíonadh leanúnach na gceanglas agus na bhfreagrachtaí ag comhlacht dá dtugtar fógra a bhfuil sé faoina réir. Tabharfaidh an Ballstát a thugann fógra ‑an fhaisnéis ar fad don Choimisiún, arna iarraidh sin dó, a bhaineann leis an mbonn atá leis an bhfógra a thabhairt nó le caomhnú inniúlacht an chomhlachta dá dtugtar fógra lena mbaineann.

2.           Áiritheoidh an Coimisiún go gcoinnítear an fhaisnéis íogair ar fad a fhaightear le linn a chuid imscrúduithe faoi rún.

3.           I gcás ina bhfionnann an Coimisiún nach gcomhlíonann comhlacht dá dtugtar fógra na ceanglais maidir lena fhógra nó nach gcomhlíonann sé iad níos mó, glacfaidh sé gníomh cur chun feidhme lena n‑iarrtar ar an mBallstát a thugann fógra na bearta ceartaitheacha is gá a dhéanamh, lena n‑áirítear an fógra a tharraingt siar más gá.

4.           Glacfar an gníomh cur chun feidhme sin i gcomhréir leis an nós imeachta comhairleach dá dtagraítear in Airteagal 38(2).

Airteagal 31

Oibleagáidí oibriúcháin comhlachtaí dá dtugtar fógra

1.           Déanfaidh comhlachtaí dá dtugtar fógra measúnuithe comhréireachta i gcomhréir leis na nósanna um measúnú comhréireachta dá bhforáiltear in Iarscríbhinní V, VII agus VIII.

2.           Déanfar measúnuithe comhréireachta ar dhóigh chomhréireach, ina seachnaítear ualaí nach gá ar oibreoirí eacnamaíocha. Déanfaidh comhlachtaí um measúnú comhréireachta a gcuid gníomhaíochtaí agus aird chuí acu ar mhéid fiontair, ar an earnáil ina bhfuil sé, ar a struchtúr, ar mhéid castachta na teicneolaíochta TCP lena mbaineann agus ar líon nó sraithchineál an phróisis táirgthe.

Lena linn sin, beidh aird acu mar sin féin ar an méid déine agus ar leibhéal na cosanta a éilítear chun comhlíonadh TCP le ceanglais an Rialacháin seo a áirithiú.

3.           I gcás ina bhfionnann comhlacht dá dtugtar fógra nach bhfuil na ceanglais sláinte agus sábháilteachta riachtanacha is infheidhme atá leagtha amach in Iarscríbhinn II ná na caighdeáin chomhchuibhithe chomhfhreagracha ná sonraíochtaí teicniúla eile comhlíonta ag monaróir, cuirfidh sé de cheangal ar an monaróir na bearta ceartaitheacha iomchuí a dhéanamh agus ní eiseoidh sé deimhniú comhréireachta.

4.           I gcás ina bhfionnann comhlacht dá dtugtar fógra, le linn dó faireachán a dhéanamh ar chomhréireacht tar éis dó deimhniú a eisiúint, nach gcomhlíonann TCP na ceanglais atá leagtha síos sa Rialachán seo níos mó, cuirfidh sé de cheangal ar an monaróir na bearta ceartaitheacha iomchuí a dhéanamh agus cuirfidh sé an deimhniú ar fionraí nó tarraingeoidh sé siar é más gá.

5.           I gcás nach ndéantar na bearta ceartaitheacha nó ‑nach mbíonn an éifeacht a éilítear leo, déanfaidh an comhlacht dá dtugtar fógra an deimhniú a shrianadh, a chur ar fionraí nó a tharraingt siar, más iomchuí.

Airteagal 32

Achomharc in aghaidh cinntí comhlachtaí dá dtugtar fógra

Áiritheoidh na Ballstáit go bhfuil nós imeachta achomhairc in aghaidh cinntí na gcomhlachtaí dá dtugtar fógra ar fáil.

Airteagal 33

Oibleagáidí eolais ar chomhlachtaí dá dtugtar fógra

1.           Cuirfidh comhlachtaí dá dtugtar fógra na nithe seo a leanas in iúl don údarás a thugann fógra:

(a) aon diúltú, srianadh, fionraí nó tarraingt siar i dtaca le deimhniú;

(b) aon imthosca a dhéanann difear don raon feidhme nó do na coinníollacha maidir le fógra a thabhairt;

(c) aon iarraidh ar fhaisnéis atá faighte acu ó údaráis um fhaireachas margaidh maidir le gníomhaíochtaí um measúnú comhréireachta;

(d) arna iarraidh sin, gníomhaíochtaí um measúnú comhréireachta atá déanta laistigh de raon feidhme a bhfógra agus aon ghníomhaíocht eile atá déanta, lena n‑áirítear gníomhaíochtaí agus fochonraitheoireacht trasteorann.

2.           Tabharfaidh comhlachtaí dá dtugtar fógra faisnéis ábhartha do chomhlachtaí eile a dtugtar fógra dóibh faoin Rialachán seo a dhéanann gníomhaíochtaí comhchosúla um measúnú comhréireachta ina gcumhdaítear na cineálacha céanna TCP maidir le ceisteanna a bhaineann le torthaí diúltacha agus, arna n‑iarraidh sin dóibh, torthaí dearfacha ar mheasúnú comhréireachta.

Airteagal 34

Malartú taithí

Déanfaidh an Coimisiún foráil maidir le malartú taithí a eagrú idir údarás náisiúnta na mBallstát atá freagrach as an mbeartas maidir le fógra a thabhairt.

Airteagal 35

Comhordú comhlachtaí dá dtugtar fógra

Áiritheoidh an Coimisiún go mbeidh comhordú agus comhar iomchuí ann idir comhlachtaí a dtugtar fógra dóibh faoin Rialachán seo agus go ndéantar an comhordú agus an comhar sin a oibriú ‑mar is ceart i bhfoirm grúpa earnála de chomhlachtaí dá dtugtar fógra.

Áiritheoidh na Ballstáit go mbeidh na comhlachtaí dá dtugann siad fógra rannpháirteach in obair an ghrúpa sin, go díreach nó trí bhíthin ionadaithe ainmnithe.

CAIBIDIL VI

GNÍOMHARTHA TARMLIGTHE AGUS CUR CHUN FEIDHME

Airteagal 36

Cumhacht a tharmligean

Tabharfar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 37 chun Iarscríbhinn I a leasú i ndáil leis an gcatagóir sainriosca, mar fhreagra ar dhul chun cinn teicniúil agus faisnéis theicniúil nó ar fhianaise eolaíoch nua agus tríd an nós imeachta um measúnú comhréireachta nach mór cloí leis i ngach catagóir a chur san áireamh, i gcomhréir le hAirteagal 18.

Airteagal 37

An tarmligean a fheidhmiú

1.           Tugtar an chumhacht chun gníomhartha tarmligthe a ghlacadh don Choimisiún faoi réir na gcoinníollacha atá leagtha síos san Airteagal seo.

2.           Tabharfar an chumhacht chun gníomhartha tarmligthe a ghlacadh dá dtagraítear in Airteagal 36 don Choimisiún go ceann tréimhse cúig bliana ón [an dáta atá sonraithe in Airteagal 42(2)]. Tarraingeoidh an Coimisiún tuarascáil suas maidir le tarmligean na cumhachta tráth nach déanaí ná naoi mí roimh dheireadh na tréimhse cúig bliana sin. Déanfar tarmligean na cumhachta a fhadú go hintuigthe ar feadh tréimhsí comhfhaid, mura gcuirfidh Parlaimint na hEorpa ná an Chomhairle in aghaidh an fhadaithe sin tráth nach déanaí ná trí mhí roimh dheireadh gach tréimhse.

3.           Féadfaidh Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle tarmligean na gcumhachtaí dá dtagraítear in Airteagal 36 a chúlghairm tráth ar bith. I gcás cinnidh maidir le cúlghairm, cuirfear deireadh le tarmligean na cumhachta arna shonrú sa chinneadh sin. Tiocfaidh sé i bhfeidhm an lá tar éis fhoilsiú an chinnidh sin in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh nó ar dháta níos déanaí arna shonrú sa chinneadh sin. Ní dhéanfaidh sé difear do bhailíocht aon ghníomhartha tarmligthe atá i bhfeidhm cheana.

4.           A luaithe a ghlacfaidh sé gníomh tarmligthe, tabharfaidh an Coimisiún fógra ina leith go comhuaineach do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle.

5.           Ní thiocfaidh gníomh tarmligthe a ghlacfar de bhun Airteagal 36 i bhfeidhm ach amháin mura mbeidh aon agóid curtha in iúl ag Parlaimint na hEorpa ná ag an gComhairle laistigh de thréimhse dhá mhí tar éis fógra faoin ngníomh sin a thabhairt do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle nó más rud é, sula dtéann an tréimhse sin in éag, go bhfuil sé curtha in iúl ag Parlaimint na hEorpa agus ag an gComhairle araon don Choimisiún nach gcuirfidh siad ina choinne. Cuirfear dhá mhí leis an tréimhse sin ar thionscnamh ó Pharlaimint na hEorpa nó ón gComhairle.

Airteagal 38

Nós imeachta coiste

1.           Beidh coiste de chúnamh ag an gCoimisiún. Beidh an coiste sin ina choiste de réir bhrí Rialachán (AE) Uimh. 182/2011.

2.           I gcás ina ndéantar tagairt don mhír seo, beidh feidhm ag Airteagal 4 de Rialachán (AE) 182/2011.

CAIBIDIL VII

FORÁLACHA CRÍOCHNAITHEACHA AGUS IDIRTHRÉIMHSEACHA

Airteagal 39

Pionóis

Leagfaidh na Ballstáit na rialacha síos maidir leis na pionóis is infheidhme maidir le sáruithe ar fhorálacha an Rialacháin seo agus déanfaidh siad gach beart is gá chun a áirithiú go gcuirfear chun feidhme iad. Ní mór na pionóis a ndéantar foráil dóibh a bheith éifeachtach, comhréireach agus athchomhairleach. Tabharfaidh na Ballstáit fógra faoi na forálacha sin don Choimisiún faoin [3 mhí roimh dháta chur i bhfeidhm an Rialacháin seo] ar a dhéanaí agus tabharfaidh siad fógra gan mhoill dó faoi aon leasú ina dhiaidh sin a dhéanfaidh difear dóibh.

Airteagal 40

Aisghairm

Aisghairtear Treoir 89/686/CEE.

Déanfar na tagairtí don Treoir atá aisghairthe a fhorléiriú mar thagairtí don Rialachán seo agus léifear iad i gcomhréir leis an gclár comhghaoil in Iarscríbhinn XI.

Airteagal 41

Idirthréimhse

1.           Gan dochar do mhír 2, ní chuirfidh na Ballstáit bac ar tháirgí a chur ar fáil ar an margadh arna gcumhdach ag Treoir 89/686/CEE atá i gcomhréir leis an Treoir sin agus a cuireadh ar an margadh roimh [1 bhliain tar éis an dáta cur i bhfeidhm]

2.           Beidh deimhnithe ar scrúdú cineál an CE arna n‑eisiúint faoi Threoir 89/686/CEE bailí go dtí [6 bliana tar éis an dáta cur i bhfeidhm] ach amháin má théann siad in éag roimh an dáta sin.

Airteagal 42

Teacht i bhfeidhm agus cur i bhfeidhm

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh feidhm aige ó [dhá bhliain tar éis theacht i bhfeidhm an Rialacháin].

Beidh feidhm ag Airteagail 19 go 35, áfach, ó [sé mhí tar éis theacht i bhfeidhm an Rialacháin].

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil,

Thar ceann Pharlaimint na hEorpa               Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán                                               An tUachtarán

[1]               IOAE L 399, 30.12.1989, lch. 18.

[2]               IOAE L 218, 13.8.2009, lch. 82.

[3]               IOAE L 316, 14.11.2012, lch. 12.

[4]               Togra le haghaidh Rialacháin ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le faireachas margaidh ar tháirgí agus lena leasaítear Treoir 89/686/CEE agus Treoir 93/15/CEE ón gComhairle, agus Treoracha 94/9/CE, 94/25/CE, 95/16/CE, 97/23/CE, 1999/5/CE, 2000/9/CE, 2000/14/CE, 2001/95/CE, 2004/108/CE, 2006/42/CE, 2006/95/CE, 2007/23/CE, 2008/57/CE, 2009/48/CE, 2009/105/CE, 2009/142/CE, 2011/65/AE, Rialachán (AE) Uimh. 305/2011, Rialachán (CE) Uimh. 764/2008 agus Rialachán (CE) Uimh. 765/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (COM(2013) 75 final).

[5]               IOAE L 11, 15.1.2002, lch. 4.

[6]               IOAE L 218, 13.8.2008, lch. 30.

[7]               Teachtaireacht ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle, chuig an gCoiste Eacnamaíoch agus Sóisialta agus chuig Coiste na Réigiún (COM(2011) 206 final).

[8]               IOAE L 393, 30.12.1989, lch. 18.

[9]               Tá tuarascáil maidir leis na torthaí ar fáil ag http://ec.europa.eu/enterprise/sectors/mechanical/files/ppe/pc-report_en.pdf.

[10]             Pacáiste Ailínithe an Chreata Nua Reachtaigh (Cur Chun Feidhme an Phacáiste maidir le hEarraí), Doiciméad Inmheánach Oibre an Choimisiúin – Measúnú tionchair, doiciméad a ghabhann leis na 10 dTogra chun Treoracha maidir le Comhchuibhiú Táirgí a ailíniú le Cinneadh Uimh. 768/2008/CE (SEC(2011) 1376 final).

[11]             Féach http://ec.europa.eu/enterprise/sectors/mechanical/files/ppe/rev-study-assess‑part1_en.pdf (cuid 1 maidir le measúnú an mhargaidh) agus http://ec.europa.eu/enterprise/sectors/mechanical/files/ppe/rev-study-assess‑part2_en.pdf (cuid 2 maidir le measúnú tionchair).

[12]             Féach http://ec.europa.eu/enterprise/sectors/mechanical/files/ppe/rev-study-competitiveness_en.pdf.

[13]             Treoir 89/686/CEE ón gComhairle an 21 Nollaig 1989 maidir le comhfhogasú dhlíthe na mBallstát a bhaineann le trealamh cosanta pearsanta (IO L 399, 30.12.1989, lch. 18).

[14]             Rún ón gComhairle an 7 Bealtaine 1985 maidir le cur chuige nua i leith comhchuibhiú teicniúil agus caighdeánú (IO C 136, 4.6.1985, lch. 1).

[15]             Rialachán (AE) Uimh. 1025/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 25 Deireadh Fómhair 2012 maidir le caighdeánú Eorpach, lena leasaítear Treoir 89/686/CEE agus Treoir 93/15/CEE ón gComhairle agus Treoracha 94/9/CE, 94/25/CE, 95/16/CE, 97/23/CE, 98/34/CE, 2004/22/CE, 2007/23/CE, 2009/23/CE agus 2009/105/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus lena n‑aisghairtear Cinneadh 87/95/CEE ón gComhairle agus Cinneadh Uimh. 1673/2006/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (IO L 316, 14.11.2012, lch. 12).

[16]             Rialachán (CE) Uimh. 765/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 9 Iúil 2008 lena leagtar amach na ceanglais maidir le creidiúnú agus maidir le faireachas margaidh a bhaineann le táirgí a mhargú (IO L 218, 13.8.2008, lch. 30).

[17]             Cinneadh Uimh. 768/2008/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 9 Iúil 2008 maidir le comhchreat le haghaidh margú táirgí, agus lena n‑aisghairtear Cinneadh 93/465/CEE ón gComhairle (IO L 218, 13.8.2008, lch. 82).

[18]             [Rialachán (COM/2013/075 final ‑ 2013/0048 (COD)) maidir le faireachas margaidh ar tháirgí agus lena leasaítear Treoir 89/686/CEE agus Treoir 93/15/CEE ón gComhairle, agus Treoracha 94/9/CE, 94/25/CE, 95/16/CE, 97/23/CE, 1999/5/CE, 2000/9/CE, 2000/14/CE, 2001/95/CE, 2004/108/CE, 2006/42/CE, 2006/95/CE, 2007/23/CE, 2008/57/CE, 2009/48/CE, 2009/105/CE, 2009/142/CE, 2011/65/AE, Rialachán (AE) Uimh. 305/2011, Rialachán (CE) Uimh. 764/2008 agus Rialachán (CE) Uimh. 765/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (IO L XXXX)].

[19]             Treoir 89/656/CEE ón gComhairle an 30 Samhain 1989 maidir leis na híoscheanglais sláinte agus sábháilteachta d’úsáid trealamh cosanta pearsanta ag oibrithe ar an láthair oibre (IO L 393, 30.12.1989, lch. 18).

[20]             Rialachán (AE) 182/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Feabhra 2011 lena leagtar síos na rialacha agus na prionsabail ghinearálta a bhaineann leis na sásraí maidir le rialú ag na Ballstáit ar fheidhmiú cumhachtaí cur chun feidhme ag an gCoimisiún (IO L 55, 28.2.2011, lch. 13).

IARSCRÍBHINN I

Catagóirí riosca TCP

Catagóir I

TCP atá ceaptha úsáideoirí a chosaint ar rioscaí. Is é atá i gCatagóir I go heisiach TCP atá ceaptha úsáideoirí a chosaint ar na rioscaí a leanas:

(a) gortú dromhchlach meicniúil;

(b) teagmháil le huisce nó le hábhair ghlantacháin lena mbaineann gníomhú lag;

(c) teagmháil le dromchlaí teo nach airde ná 50°C;

(d) damáiste do na súile mar thoradh ar thógáil na gréine (ach amháin le linn bhreathnóireacht na gréine);

(e) dálaí an atmaisféir nach bhfuil thar fóir.

Catagóir II

I gCatagóir II tá:

(a) TCP atá ceaptha úsáideoirí a chosaint ar rioscaí nach bhfuil ar na liostaí i gCatagóir I agus i gCatagóir III;

(b) TCP atá déanta de réir toisí seachas i gcás ina bhfuil an TCP sin ceaptha úsáideoirí a chosaint ar na rioscaí atá liostaithe i gCatagóir I.

Catagóir III

TCP atá ceaptha úsáideoirí a chosaint ar rioscaí tromchúiseacha. Is é atá i gCatagóir III go heisiach TCP atá ceaptha úsáideoirí a chosaint ar na rioscaí seo a leanas:

(a) ionanálú substaintí díobhálacha;

(b) ceimiceáin ionsaitheacha;

(c) radaíocht ianúcháin;

(d) timpeallachtaí ardteochta, arb ionann an tionchar a thagann chun cinn astu agus iad siúd a thagann chun cinn as aerteocht 100°C ar a laghad;

(e) timpeallachtaí ísealteochta, arb ionann an tionchar a thagann chun cinn astu agus iad siúd a thagann chun cinn as aerteocht -50°C nó níos ísle;

(f) titim anuas ó airde;

(g) turraingí leictreacha agus oibriú leictreach;

(h) bá;

(i) gearrthacha trí shábha slabhracha láimhe a úsáid;

(j) gearradh ardbhrú;

(k) créachtaí piléir nó sá le sceana;

(l) torann díobhálach.

IARSCRÍBHINN II

Ceanglais sláinte agus sábháilteachta riachtanacha

1.         CEANGLAIS GHINEARÁLTA A BHAINEANN LE GACH TCP

Ní mór TCP cosaint iomchuí a thabhairt ar na rioscaí a bhfuil sé ceaptha cosaint a thabhairt orthu.

1.1.      Prionsabail an cheaptha

1.1.1.   Eirgeanamaíocht

Ní mór TCP a cheapadh agus a mhonarú, de réir na gcoinníollacha úsáide a bhfuil coinne leo dá bhfuil sé ceaptha, ionas gur féidir leis an úsáideoir tabhairt faoi ghníomhaíochtaí a bhfuil rioscaí ag baint leo, agus tairbhe a bhaint as cosaint iomchuí ar an gcaighdeán is airde is féidir.

1.1.2.   Leibhéil agus cineálacha cosanta

1.1.2.1.            Barrleibhéal cosanta

Is é an barrleibhéal cosanta atá le cur san áireamh sa cheapadh an leibhéal a théann thar na srianta a chuirfeadh bac, tríd an TCP a chaitheamh, lena úsáid le linn tréimhse teagmhála leis an riosca nó gnáthfheidhmiú na gníomhaíochta.

1.1.2.2.            Cineálacha cosanta a bhaineann le leibhéil áirithe riosca

Nuair is féidir idirdhealú a dhéanamh idir leibhéil éagsúla a bhaineann leis an riosca céanna maidir leis na coinníollacha úsáide a bhfuil coinne leo, ní mór cineálacha iomchuí cosanta a chur san áireamh i gceapadh an TCP.

1.2.      Neamhurchóideacht TCP

1.2.1.   Rioscaí dúchasacha agus tosca núise eile ar iarraidh

Caithfear TCP a cheapadh agus a mhonarú sa chaoi nach dtiocfaidh rioscaí ná tosca núise eile chun solais faoi réir na gcoinníollacha úsáide a bhfuil coinne leo.

1.2.1.1.            Comhábhair oiriúnacha

Ní féidir le hábhair lena ndéantar an TCP, aon táirge dí-chomhdéanta féideartha dá gcuid san áireamh, dul chun dochair do shláinte ná do shábháilteacht úsáideoirí.

1.2.1.2.            Cuma shásúil dhromchla ar gach comhpháirt de TCP lena ndéanann an t‑ úsáideoir teagmháil

Ní mór aon chomhpháirt den TCP lena ndéanann an t‑úsáideoir teagmháil nó gur dóigh go ndéanfaidh sé teagmháil leis agus é á chaitheamh aige, bheith saor ó dhromchlaí garbha, faobhair ghéar, pointí géara agus a leithéid a d'fhéadfadh bheith mar bhonn le greannú iomarcach nó gortuithe.

1.2.1.3.            Uasbhac ceadmhach d’úsáideoir

Cuirfidh TCP an bac is lú leis na gníomhaíochtaí atá le déanamh, le hiompar an choirp agus le haireachtálacha céadfacha; thairis sin, ní mór le húsáid TCP gan gníomhaíochtaí a chruthú a chuirfeadh an t‑úsáideoir nó daoine eile i mbaol.

1.3.      Compord agus éifeachtacht

1.3.1.   TCP á chur in oiriúint do dheilbhíocht úsáideora

Caithfear TCP a cheapadh agus a mhonarú chun a shuíomh ceart ar an úsáideoir a éascú agus chun a áirithiú go bhfanann sé san áit sin le linn na tréimhse úsáide a bhfuil coinne léi, agus aird á tabhairt ar thosca timpeallachta, do na gníomhaíochtaí atá le déanamh agus d'iompar an choirp. Chuige sin, ní mór é bheith indéanta TCP a chur in oiriúint do dheilbhíocht an úsáideora ar gach slí iomchuí, mar shampla córais shásúla oiriúna agus nascáin nó réimse imleor toisí a sholáthar.

1.3.2.   Éadroime agus neart

Ní mór TCP a bheith chomh héadrom is féidir gan dochar a dhéanamh dá neart agus dá éifeachtacht.

Chomh maith leis na ceanglais bhreise ar leith nach mór a chomhlíonadh chun cosaint iomchuí ar na rioscaí dá bhfuil sé beartaithe, ní mór TCP bheith ábalta tosca timpeallachta sna coinníollacha úsáide a bhfuil coinne leo a sheasamh.

1.3.3.   Comhoiriúnacht cineálacha TCP atá le húsáid go comhuaineach

Má chuireann an monaróir céanna roinnt leaganacha de chineálacha éagsúla TCP ar an margadh chun a áirithiú go gcosnaítear codanna den chorp atá cóngarach dá chéile, ní mór dóibh bheith comhoiriúnach.

1.4.      Treoracha an mhonaróra

Chomh maith le hainm agus le seoladh an mhonaróra nó a ionadaí údaraithe, nó an dá cheann acu, ní mór an fhaisnéis ábhartha seo a leanas a chur in éineacht leis na treoracha atá le tarraingt suas ag an monaróir, a ghabhann leis an TCP nuair a chuirtear ar an margadh é:

(a) treoracha maidir le stóráil, úsáid, glanadh, cothabháil, seirbhísiú agus díghalrú. Ní mór táirgí glantacháin, cothabhála nó díghalraithe arna moladh ag monaróirí gan dochar a dhéanamh don TCP nó don úsáideoir nuair a úsáidtear i gcomhréir leis na treoracha iomchuí é;

(b) feidhmíocht a taifeadadh le linn tástálacha teicniúla chun leibhéil nó cineálacha cosanta a scrúdú atá á soláthar ag an TCP;

(c) oiriúintí a d'fhéadfaí a úsáid in éineacht leis an TCP agus saintréithe na bpáirteanna breise iomchuí;

(d) na cineálacha cosanta a bhaineann le leibhéil éagsúla riosca agus na teorainneacha comhfhreagracha úsáide;

(e) dáta nó tréimhse dhífheidhmeachta an TCP nó chuid dá gcomhpháirteanna;

(f) an cineál pacáistíochta atá oiriúnach le haghaidh iompair;

(g) tábhacht aon chomharthaí (féach 2.12);

(h) nuair is iomchuí, tagairtí maidir le reachtaíocht chomhchuibhithe eile an Aontais;

(i) ainm, seoladh agus uimhir aitheantais an chomhlachta dá dtugtar fógra nó na gcomhlachtaí atá bainteach le measúnú comhréireachta an TCP.

Ní mór na treoracha seo, nach mór bheith cruinn agus sothuigthe, a sholáthar i dteangacha oifigiúla an Bhallstáit ar a laghad lena mbaineann.

2.         CEANGLAIS BHREISE A BHAINEANN LE CINEÁLACHA ÉAGSÚLA TCP

2.1.      Córais oiriúnaithe ina gcorpraítear TCP

Má ionchorpraítear in TCP córais oiriúnaithe, ní mór na córais a cheapadh agus a mhonarú sa chaoi nach scriosfar go neamhdheonach iad, tar éis an oiriúnaithe, i gcoinníollacha úsáide a bhfuil coinne leo.

2.2.      TCP a chumhdaíonn na codanna den chorp atá le cosaint

A mhéad is féidir, ní mór TCP a chumhdaíonn na codanna den chorp atá le cosaint a bheith dea‑aeráilte chun allas de thoradh úsáide a theorannú; nó a bheith in ann allas a shú isteach.

2.3.      TCP don aghaidh, do na súile, agus don chóras riospráide

Cuirfidh TCP don aghaidh, do na súile nó don chóras riospráide a laghad sriain is féidir le réimse radhairc nó le radharc súl an úsáideora.

Caithfidh méid áirithe neodrachta optúla a bheith ag baint leis na scáileáin don chineál sin TCP atá comhoiriúnach le méid an bheachtais agus le tréimhse ghníomhaíochtaí an úsáideora.

Más gá, caithfear iad a chóireáil nó a bheith in ann ceocán a sheachaint.

Ní mór cineálacha TCP atá ceaptha d’úsáideoirí a bhfuil cabhair ag teastáil uathu le radharc na súl a bheith comhoiriúnach le caitheamh spéaclaí nó lionsaí tadhaill.

2.4.      TCP faoi réir dhul in aois

Má táthar ar an eolas go bhféadfadh dul in aois cur isteach go mór ar cheapadh feidhmíochta an TCP nua, ní mór an dáta monaraíochta agus/nó, más féidir, dáta na dífheidhmeachta, a chur in iúl ar bhealach doscriosta agus soiléir ar gach mír de TCP nó ar gach comhpháirt inmhalartaithe den TCP atá curtha ar an margadh agus ar an bpacáistíocht.

Mura bhfuil an monaróir in ann faisnéis a chur ar fáil maidir le marthain úsáide an TCP, ní mór an fhaisnéis uile is gá a sholáthar sna treoracha chun gur féidir leis an gceannaitheoir nó leis an úsáideoir dáta dífheidhmeachta réasúnta a bhunú, lena n‑áirítear caighdeán an leagain agus coinníollacha éifeachta stórála, úsáide, glantacháin, seirbhísithe agus cothabhála.

Nuair is dócha go mbeidh meathlúchán tapa agus suntasach ann maidir le hoibriú TCP, mar thoradh ar an dul in aois a bhaineann le húsáid thréimhsiúil próisis glantacháin arna mholadh ag an monaróir, ní mór don monaróir comhartha a ghreamú de gach mír TCP a chuirtear ar an margadh lena léirítear cé mhéad uair is féidir oibríochtaí glantacháin a dhéanamh sula mbeidh gá ann an trealamh a scrúdú nó a chaitheamh amach; mura bhfuil sé sin indéanta, ní mór don monaróir an fhaisnéis sin a léiriú ina threoracha.

2.5.      TCP a d’fhéadfadh dul i bhfostú le linn úsáide

Nuair is dócha go mbeidh riosca ann lena úsáid amach anseo, go háirithe an riosca a bhaineann le TCP dul i bhfostú ruda atá gluaiseacht lena gcuirfí an t‑úsáideoir i mbaol ní mór TCP tairseach fhriotaíochta iomchuí a bheith aige sa chaoi go mbrisfidh comhpháirt thar an tairseach sin chun an baol a chur as an áireamh.

2.6.      TCP a úsáidtear in atmaisféir inphléasctha

Ní mór TCP atá ceaptha lena úsáid in atmaisféir inphléasctha a cheapadh agus a mhonarú ar dhóigh nach féidir leis bheith ina chúis le splanc ná stua leictreach, leictreastatach nó ionduchtaithe a d’fhéadfadh cumasc inphléasctha a lasadh.

2.7.      TCP atá ceaptha ar mhaithe le hidirghabháil thapa nó atá le cur ort nó le baint díot go tapa

Ní mór na cineálacha TCP seo a cheapadh agus a mhonarú de réir ana am a bhíonn i gceist chun iad a chur ort nó a bhaint díot a íoslaghdú.

Nuair a chuireann TCP córais shuitigh i gcontúirt, a cheadaíonn TCP a choinneáil san áit cheart ar an úsáideoir nó é a bhaint de, ní mór é bheith indéanta iad a oibriú go tapa agus go héasca.

2.8.      TCP a idirghabhann i gcásanna atá an‑chontúirteach

In éineacht leis na treoracha a sholáthraíonn an monaróir maidir le TCP a idirghabhann i gcásanna atá an‑chontúirteach, caithfear a chur san áireamh, go háirithe, sonraí do dhaoine inniúla agus oilte atá cáilithe chun ciall a bhaint astu agus chun a áirithiú go gcuireann an t‑úsáideoir i bhfeidhm iad.

Ní mór dóibh a thuairisciú freisin an nós imeachta atá le glacadh chun a áirithiú go bhfuil TCP curtha in oiriúint agus feidhmiúil nuair a chaitheann an t‑úsáideoir é.

I gcás ina bhfuil aláram ag gabháil leis an TCP a chuirtear i ngníomh nuair nach bhfuil an gnáthleibhéal cosanta ar fáil, caithfear é sin a cheapadh agus a shuí sa chaoi gur féidir an t‑úsáideoir a bhrath sna coinníollacha úsáide a bhfuil coinne leo.

2.9.      TCP ina bhfuil comhpháirteanna is féidir leis an úsáideoir a chur in oiriúint nó a bhaint

I gcás ina bhfuil comhpháirteanna i TCP is féidir leis an úsáideoir a chur in oiriúint nó a bhaint ar chúiseanna athchuir, caithfear iad a cheapadh agus a mhonarú sa chaoi go bhfuiltear in ann iad a cheangal nó a bhaint gan uirlisí a úsáid.

2.10.    TCP lena cheangal le trealamh comhlánach lasmuigh den TCP

I gcás ina bhfuil córais cónaisc ag gabháil le TCP a ligeann dó ceangal le trealamh comhlánach eile, ní mór modh ceangail a cheapadh agus a mhonarú chun gur féidir é a chur ar threalamh iomchuí amháin.

2.11.    TCP ina bhfuil córas imshruthaithe sreabháin

I gcás ina bhfuil córas imshruthaithe sreabháin ag gabháil le TCP caithfear an córas sin a roghnú nó a cheapadh agus a shuí chun athnuachan sreabháin a cheadú atá cóngarach don chuid iomlán den chorp atá le cosaint, is cuma faoi ghníomhaíochtaí, faoi iompar an choirp nó faoi ghluaiseacht an úsáideora faoi na coinníollacha úsáide a bhfuil coinne leo.

2.12.    TCP a bhfuil comhartha nó táscaire aitheantais nó níos mó air a bhaineann go díreach nó go hindíreach le sláinte agus le sábháilteacht

Ní mór comharthaí nó táscairí a bhaineann go díreach nó go hindíreach le sláinte agus le sábháilteacht, agus atá greamaithe de na cineálacha TCP sin a bheith i bhfoirm picteagraim nó idéagraim más féidir. Caithfidh siad a bheith go hiomlán sofheicthe agus soléite agus bheith mar sin le linn thréimhse úsáide an TCP a bhfuil coinne léi. Chomh maith leis sin, caithfidh na comharthaí a bheith críochnaitheach, beacht agus sothuigthe chun aon mhíthuiscint a sheachaint; go háirithe, i gcás ina mbíonn focail nó abairtí ar na comharthaí sin, ní mór iad a bheith scríofa i dteangacha oifigiúla an Bhallstáit ina n‑úsáidfear an trealamh.

Nuair a bhíonn an TCP (nó an chomhpháirt inmhalartaithe do TCP) róbheag chun na comharthaí riachtanacha ar fad nó cuid acu a ghreamú, ní mór an fhaisnéis ábhartha a lua ar an bpacáistíocht agus i dtreoracha an mhonaróra.

2.13.    TCP atá in ann láithreacht úsáideora a fhógairt ó amharc

Ní mór TCP atá ceaptha do choinníollacha úsáide a bhfuil coinne leo ina gcaithfear láithreacht úsáideora a fhógairt ó amharc agus ina haonar, modh (nó modhanna) nó uirlisí ina suí go breithiúnach a bheith aige chun radaíocht dhíreach nó radaíocht shofheicthe fhrithchaite de dhlús lonrúil agus ag a bhfuil airíonna fótaiméadracha agus dathmhéadracha a astú.

2.14.    TCP a bhfuil níos mó ná riosca amháin ag baint leis

Caithfear TCP atá ceaptha an t‑úsáideoir a chosaint ar roinnt rioscaí comhuaineacha a cheapadh agus a mhonarú chun, go háirithe, na ceanglais sláinte agus sábháilteachta riachtanacha a bhaineann le gach ceann de na rioscaí sin a chomhlíonadh.

3.         CEANGLAIS BHREISE A BHAINEANN LE RIOSCAÍ ÁIRITHE

3.1.      Cosaint ar imbhualadh meicniúil

3.1.1.   Imbhualadh mar thoradh ar rudaí a thiteann nó a chaitear amach agus ar imbhuailtí codanna den chorp le bacainn

Ní mór TCP atá ceaptha déileáil le riosca mar sin a bheith in ann turraing a mhaolú chun gortú a chosc, a tharlaíonn go háirithe mar thoradh ar bhrú nó ar bhriseadh tríd an mír chosanta, go dtí leibhéal imbhuailte fuinnimh atá thar na toisí iomarcacha nó thar mhais na modhanna de mhaolú turrainge a choiscfeadh úsáid éifeachtacht TCP don tréimhse chaithimh a bhfuil coinne léi.

3.1.2.   Titim

3.1.2.1. Titim mar thoradh ar shleamhnú a chosc

Caithfear boinn na gcoisbheart cosantach atá ceaptha sleamhnú a chosc a cheapadh agus a mhonarú nó a bheith feistithe le modhanna breise chun greamán leordhóthanach a áirithiú, trí fhrithchuimilt, stodaí nó bróga raoin, ag brath ar an gcineál dromchla talún lena mbaineann.

3.1.2.2. Titim anuas ó airde a chosc

Ní mór TCP atá ceaptha titim anuas ó airde a chosc úim choirp agus córas cónaisc a chur isteach a d’fhéadfadh bheith ceangailte le pointe seasta seachtrach iontaofa. Caithfear é a cheapadh agus a mhonarú sa chaoi go n‑íoslaghdaítear titim inghearach an úsáideora, faoi réir coinníollacha úsáide a bhfuil coinne leo, chun cásanna imbhuailte le bacainní a chosc agus nach mbaineann an fórsa coiscthe an luach tairsí amach ina dtarlaíonn gortú fisiceach nó oscailt nó briseadh aon chomhpháirt de TCP atá ina chúis titime ag an úsáideoir.

Ní mór a áirithiú freisin, tar éis coscánaithe, go gcoinnítear an t‑úsáideoir san áit cheart inar féidir leis fanacht le cabhair más gá.

Ní mór do threoracha an mhonaróra a chur in iúl, go háirithe, gach faisnéis iomchuí a bhaineann leis:

(a) na saintréithe is gá don phointe seasta seachtrach iontaofa agus an glanadh íosta is gá faoi bhun an úsáideora;

(b) an tslí cheart chun an úim choirp a chur air agus an córas cónaisc a cheangal leis an bpointe seasta iontaofa.

3.1.3.   Crith mheicniúil

Ní mór TCP atá ceaptha éifeachtaí na gcreathanna meicniúla a chosc a áirithiú go mbíonn maolú iomchuí ar chomhpháirteanna díobhálacha creatha don chuid den chorp atá i mbaol.

3.2.      Cosc ar chomhbhrú statach a bhaineann le cuid den chorp

Ní mór TCP atá ceaptha cuid den chorp a chosaint ar strus comhbhrúiteach statach bheith in ann a chuid éifeachtaí a mhaolú chun gortú tromchúiseach nó gearáin ainsealacha a chosc.

3.3.      Cosc ar ghortuithe meicniúla

Ní mór comhábhair TCP agus comhpháirteanna eile atá ceaptha an corp iomlán nó cuid de a chosaint ar ghortuithe dromchlacha, mar shampla scrabadh, polladh, gearrthacha nó greamanna, a roghnú nó a cheapadh agus a chur isteach sa chaoi go n‑áiritheofar go dtugann na cineálacha TCP sin seasmhacht in aghaidh scrafa, pollta agus créachtaí (féach 3.1 freisin) faoi réir na gcoinníollacha úsáide a bhfuil coinne leo.

3.4.      Cosaint san uisce

3.4.1.   Cosc ar bhá

Caithfear TCP atá ceaptha bá a chosc bheith in ann úsáideoir a d’fhéadfadh bheith traochta nó gan aithne tar éis dó titim i leacht a thabhairt ar ais go dtí an dromchla a luaithe is féidir, gan a shláinte a chur i mbaol, agus a choinneáil ar snámh i suíomh a ligeann dó análú agus é ag fanacht le cabhair.

D’fhéadfadh TCP bheith go hiomlán snámhach nó leathshnámhach ó nádúr nó d’fhéadfaí é a theannadh le gás ar féidir é a scaoileadh de láimh nó go huathoibríoch, nó ó bhéal.

Faoi réir na gcoinníollacha úsáide a bhfuil coinne leo:

(a) ní mór TCP gan cur isteach ar a oibriú sásúil, bheith in ann na héifeachtaí a bhaineann le himbhualadh le leacht agus leis na tosca timpeallachta leachta a sheasamh;

(b) ní mór TCP inséidte bheith in ann teannadh go tapa agus go hiomlán.

Maidir le coinníollacha úsáide áirithe a bhfuil coinne leo, ní mór cineálacha áirithe TCP ceann de na ceanglais seo a leanas ar a laghad a chomhlíonadh:

(a) ní mór dóibh na gléasanna inséidte ar fad, dá dtagraítear sa dara fopharagraf, bheith acu, agus/nó solas nó gléas fuaimchomharthaíochta;

(b) ní mór dóibh gléas bheith acu chun an corp a ghléasadh agus a cheangal sa chaoi go bhféadfaí an t‑úsáideoir a thógáil amach as an leacht;

(c) ní mór dóibh bheith oiriúnach chun úsáid fhaidréiseach a bhaint astu le linn na tréimhse gníomhaíochta ina mbíonn teagmháil ag an úsáideoir, agus éadaí air b’fhéidir, leis an riosca a bhaineann le titim i leacht nó a bhfuil gá lena thumadh ann.

3.4.2.   Áiseanna snámhachta

Éadach lena n‑áiritheofar go mbeidh cuid mhaith snámhachta ann, ag brath ar a úsáid a bhfuil coinne léi, atá sábháilte nuair a chaitear é agus a thugann tacaíocht mhaith in uisce. I gcoinníollacha úsáide a bhfuil coinne leo, ní féidir leis an TCP sin bac a chur ar shaorghluaiseacht an úsáideora ach go gcaithfidh sé ligean dó snámh, go háirithe, nó beart a dhéanamh chun éalú ó chontúirt nó daoine eile a tharrtháil.

3.5.      Cosaint ar éifeachtaí díobhálacha torainn

Ní mór TCP atá ceaptha éifeachtaí díobhálacha torainn a chosc a bheith in ann an torann a mhaolú sa chaoi nach sáraíonn teagmháil an úsáideora faoi aon chúinsí na huasluachanna atá leagtha síos i dTreoir 2003/10/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle[1].

Caithfear lipéadú a chuireann leibhéal maolaithe torainn in iúl a chur ar gach mír a sholáthraíonn an TCP; mura bhfuil sé sin indéanta, ní mór an lipéadú a ghreamú den phacáistíocht.

3.6.      Cosaint ar an teas agus/nó ar dhóiteán

Caithfidh TCP atá ceaptha an corp iomlán nó cuid de a chosaint ar éifeachtaí teasa agus/nó dóiteáin toilleadh inslithe teirmigh bheith aige agus neart meicniúil atá oiriúnach do na coinníollacha úsáide a bhfuil coinne leo.

3.6.1.   Comhábhair TCP agus comhpháirteanna eile

Ní mór comhábhair agus comhpháirteanna eile atá ceaptha cosaint a thabhairt ar theas radanta agus comhiomprach comhéifeacht thras‑seolta bheith acu maidir le himeachtaí teasfhlosca agus bheith dodhóite go leor chun aon riosca a bhaineann le huathadhaint faoi réir na gcoinníollacha úsáide a bhfuil coinne leo a chosc.

Cé go gcaithfidh an taobh amuigh de na hábhair agus de na comhpháirteanna a bheith frithchaiteach, ní mór an chumhacht fhrithchaiteach bheith oiriúnach don dlús teasfhlosca mar thoradh ar radaíocht sa réimse infridhearg.

Ní mór comhábhair agus comhpháirteanna trealaimh, atá ceaptha lena n‑úsáid ghairid i dtimpeallachtaí ardteochta agus comhábhair agus comhpháirteanna TCP ar dócha go steallfar táirgí teo amhail méid mór d’ábhar leáite orthu, go leor de thoilleadh teirmeach bheith acu chun an chuid is mó den teas stóráilte a choinneáil go dtí go bhfuil an t‑úsáideoir imithe ón limistéar contúirte agus a chuid TCP bainte de.

Ní mór comhábhair agus comhpháirteanna eile TCP ar dócha go steallfar moll mór táirgí teo orthu go leor ionsúiteachta ó thaobh himbhuailte meicniúla de bheith acu (féach 3.1).

Ní mór comhábhair agus comhpháirteanna eile TCP a d’fhéadfadh teagmháil a dhéanamh de thaisme le bladhm agus iad siúd arna n‑úsáid i monaraíocht de threalamh comhraicthe dóiteáin méid neamh‑inadhainteachta bheith acu i gcomhréir leis an gcineál riosca a bhaineann leis na coinníollacha úsáide a bhfuil coinne leo. Níor chóir dóibh leá nuair a nochtar do bhladhmanna iad ná cur le hiomadú bladhma.

3.6.2.   TCP slán agus réidh le húsáid

Faoi réir na gcoinníollacha úsáide a bhfuil coinne leo:

(a) ní mór an teas arna thras‑seoladh ag TCP don úsáideoir bheith íseal go leor chun cosc a chur, faoi aon chúinsí, ar an teas atá ann mar thoradh ar chaitheamh sa chuid den chorp a bhfuil baol ann go mbainfidh sé tairseach na péine nó laige sláinte amach;

(b) ní mór leis an TCP, más gá, cosc a chur ar threá leachta nó gaile agus ní mór é a bheith ina chúis le dónna de dheasca teagmhála idir a fhorchlúid chosanta agus an úsáideoir.

Má ionchorpraítear i TCP gléasanna cuisnithe le haghaidh ionsú teasa na heachtra trí mheán ghalú leachta nó néalúcháin, ní mór aid bheith ceaptha sa chaoi go scaoiltear aon substaint sho‑ghalaithe atá ann lasmuigh den fhorchlúid chosanta amuigh agus gan i dtreo an úsáideora.

Má ionchorpraítear i TCP gléas análaithe, ní mór an gléas sin an fheidhm chosanta a chomhlíonadh dá dtugtar fógra faoi réir na gcoinníollacha úsáide a bhfuil coinne leo.

Caithfidh treoracha an mhonaróra atá in éineacht le TCP, atá ceaptha úsáid ghairid a bhaint as i dtimpeallachtaí ardteochta, na sonraí ar fad a chur ar fáil, go háirithe, maidir le huasleibhéal teagmhála an úsáideora leis an teas arna thras‑seoladh ag an trealamh nuair a úsáidtear i gcomhréir lena aidhm bheartaithe í.

3.7.      Cosc ar an bhfuacht

Ní mór TCP atá ceaptha an corp iomlán nó cuid de a chosaint ar éifeachtaí an fhuachta toilleadh inslithe teirmigh a bheith aige agus neart meicniúil atá oiriúnach do na coinníollacha úsáide dá bhfuil sé beartaithe agus a bhfuil coinne leo.

3.7.1.   Comhábhair TCP agus comhpháirteanna eile

Ní mór comhábhair agus comhpháirteanna atá oiriúnach do chosaint ar an bhfuacht comhéifeacht thras‑seolta bheith acu maidir le himeachtaí teasfhlosca atá chomh híseal faoi mar a éilítear faoi réir na gcoinníollacha úsáide a bhfuil coinne leo. Ní mór ábhair agus comhpháirteanna solúbtha atá ceaptha lena n‑úsáid i dtimpeallacht ísealteochta méid solúbthachta a choinneáil faoi mar a éilítear do na gothaí agus do na seasaimh riachtanacha í.

Ní mór comhábhair agus comhpháirteanna eile TCP ar dócha go steallfar moll mór táirgí fuara orthu go leor ionsúiteachta ó thaobh himbhuailte meicniúla de bheith acu (féach 3.1).

3.7.2.   TCP slán agus réidh le húsáid

Faoi réir na gcoinníollacha úsáide a bhfuil coinne leo tá feidhm ag na ceanglais seo a leanas:

(a) ní mór an flosc arna thras‑seoladh ag TCP don úsáideoir bheith íseal go leor chun an fuacht atá ann le linn caithimh ag aon áit ar an gcuid sin den chorp á cosaint, faoi aon chúinsí, barra méar agus barraicíní san áireamh, maidir le lámha agus le cosa a bhfuil baol ann go mbainfidh siad tairseach na péine nó laige sláinte amach;

(b) ní mór TCP, a mhéad is féidir, treá leachta ar nós uisce báistí a chosc agus ní mór gan é a bheith ina chúis le gortuithe de dheasca teagmhála idir a fhorchlúid chosanta agus an úsáideoir.

Má ionchorpraítear i TCP gléas análaithe, ní mór an gléas sin an fheidhm chosanta a chomhlíonadh dá dtugtar fógra faoi réir na gcoinníollacha úsáide a bhfuil coinne leo.

Ní mór treoracha an mhonaróra atá in éineacht le TCP, atá ceaptha lena úsáid ghairid i dtimpeallachtaí ísealteochta, na sonraí ar fad a chur ar fáil maidir le huasleibhéal teagmháil an úsáideora leis an bhfuacht arna thras‑seoladh ag an trealamh.

3.8.      Cosaint ar thurraing leictreach

3.8.1.   Trealamh insliúcháin

Caithfear TCP atá ceaptha an corp iomlán nó cuid de a chosaint ar éifeachtaí turrainge leictrí a insliú go leordhóthanach ó na voltais ar dócha go nochtar an t‑úsáideoir dóibh faoi réir na gcoinníollacha neamhfhabhracha a bhfuil coinne leo.

Chuige sin, ní mór na comhábhair agus na comhpháirteanna eile de na cineálacha TCP sin a roghnú agus a iochorprú sa chaoi go n‑áiritheofar go n‑íoslaghdófar an sruth ligin á thomhas tríd an bhforchlúid chosanta faoi réir coinníollacha tástála le voltais amhail na cinn ar dócha go mbeifear i dteagmháil leo in situ agus, ar aon nós, atá faoi bhun uasluach gnásúil ceadaithe a chuireann i gcomhchoibhneas leis an tairseach fhulaingthe.

Ag gabháil lena bpacáistíocht, ní mór comharthaí a chur ar na cineálacha TCP, atá ceaptha lena úsáid go hiomlán le linn oibre nó gníomhaíochtaí a bhaineann le suiteáil leictreach atá nó gur dócha go bhfuil teannas ag baint leo, a léiríonn, go háirithe, a gcineál cosanta nó a voltas comhfhreagrach oibriúcháin, a sraithuimhir agus dáta a monaraíochta; caithfear spás a fhágáil freisin lasmuigh d’fhorchlúid cosanta TCP mar sin don inscríbhinn ina dhiaidh sin don dáta maidir le tús seirbhíse agus dátaí na dtástálacha nó n‑iniúchtaí tréimhsiúla atá le déanamh.

Ní mór treoracha an mhonaróra a chur in iúl, go háirithe, an úsáid eisiach atá beartaithe do na cineálacha TCP sin agus cineál agus minicíocht na dtástálacha tréleictreacha a bheidh le déanamh orthu le linn dóibh bheith in úsáid.

3.8.2.   Trealamh seoltach

Ceapfar agus déanfar TCP seoltach, atá ceaptha obair leictreach a dhéanamh ag ardvoltais, chun a áirithiú nach mbeidh difríocht ó thaobh poitéinsil de idir an úsáideoir agus na suiteálacha a bhfuil sé ag déanamh crioscaíola orthu.

3.9.      Cosaint ar radaíocht

3.9.1.   Radaíocht neamhianaithe

Ní mór é a bheith ar chumas TCP, atá ceaptha damáiste géar agus ainsealach don tsúil a chosc ar fhoinsí radaíochta neamhianaithe, bunús an fhuinnimh atá radaithe sna tonnfhaid dhíobhálacha a shú isteach nó a fhrithchaitheamh gan cur isteach go mór ar thras‑seoladh na coda neamhurchóidí den speictream infheicthe, ar aithint chodarsnachtaí agus bheith in ann idirdhealú a dhéanamh idir dathanna nuair is gá faoi réir na gcoinníollacha úsáide a bhfuil coinne leo.

Chuige sin, caithfear spéaclaí cosanta a cheapadh agus a mhonarú agus fachtóir thras‑seolta speictrim aige, do gach tonnfhad díobhálach, sa chaoi go n‑íoslaghdaítear dlús soilsithe an fhuinnimh radaíoch atá in ann dul i dteagmháil le súil an úsáideora tríd an scagaire agus, faoi aon chúinsí, go dtéann sé os cionn an uasluacha teagmhála cheadaithe.

Thairis sin, ní mór do na spéaclaí dul i léig nó a n‑airíonna a chailleadh mar thoradh ar éifeachtaí radaíochta a astaítear faoi réir na gcoinníollacha úsáide a bhfuil coinne leo agus caithfear uimhir an fhachtóra chosanta, a bhaineann leis an gcuar dáileacháin speictrigh dá bhfachtóir tras‑seolta, a chur ar gach leagan ar an margadh.

Caithfear spéaclaí atá oiriúnach d’fhoinsí radaíochta den chineál céanna a chur in ord ardaitheach de réir a bhfachtóirí cosanta agus ní mór treoracha an mhonaróra a chur in iúl, go háirithe, an tslí chun an TCP iomchuí a roghnú ag tabhairt airde ar na coinníollacha iomchuí úsáide, mar shampla an t‑achar ón bhfoinse agus dáileadh speictreach an fhuinnimh a radaítear ag an achar sin.

Ní mór don mhonaróir uimhir ábhartha an fhachtóra chosanta a chur ar gach leagan de spéaclaí scagtha.

3.9.2.   Radaíocht ianaithe

3.9.2.1. Cosaint ar thruailliú seachtrach radaighníomhach

Caithfear comhábhair nó comhpháirteanna TCP atá ceaptha an corp iomlán nó cuid de a chosaint ar dheannach radaighníomhach, ar gháis, ar leachtanna nó ar mheascáin a roghnú nó a cheapadh agus a ionchorprú lena áirithiú go gcoisceann an trealamh sin ar shlí éifeachtúil treá na n‑ábhar salaithe faoi réir na gcoinníollacha úsáide a bhfuil coinne leo.

Ag brath ar chineál nó ar bhail na n‑ábhar salaithe sin, is féidir an teinne ligin ia gá a sholáthar trí neamh‑tréscaoilteacht na forchlúide cosanta agus/nó trí aon mheán iomchuí eile, mar shampla córais aerála nó bhrúchóirithe atá ceaptha cúlscaipeadh na n‑ábhar salaithe sin a chosc.

Ní féidir aon bhearta díthruaillíochta a bhfuil TCP faoina réir dochar a dhéanamh dá athúsáid le linn na cineálacha trealaimh sin a bheith in úsáid.

3.9.2.2. Cosaint ar ionradaíocht sheachtrach

Caithfear TCP atá ceaptha cosaint iomlán a thabhairt d’úsáideoir ar ionradaíocht sheachtrach, nó mura féidir sin, ar mhaolú imleor, a cheapadh chun dul i ngleic le radaíocht lagleictreoin (e.g. beta) nó lagfhótóin (e.g. X, gáma).

Caithfear comhábhair agus comhpháirteanna eile na gcineálacha TCP sin a roghnú nó a cheapadh agus a ionchorprú chun an méid cosanta is gá a sholáthar faoi réir na gcoinníollacha úsáide a bhfuil coinne leo gan méadú a chur ar uaireanta teagmhála mar thoradh ar choisceas ghothaí, iompar coirp nó ghluaiseacht an úsáideora (féach 1.3.2).

Caithfear comhartha a chur ar TCP a léiríonn cineál agus tiús coibhéiseach na gcomhábhar atá oiriúnach faoi réir na gcoinníollacha úsáide a bhfuil coinne leo.

3.10.    Cosaint ar shubstaintí contúirteacha agus gníomhaithe ionfhabhtaíocha

3.10.1. Cosaint riospráide

Ní mór TCP atá ceaptha cosaint a thabhairt don chóras riospráide a áirithiú go bhfuil sé indéanta aer inanálaithe a sholáthar don úsáideoir agus é suite in atmaisféar truaillithe agus/nó in atmaisféar nach bhfuil mórán de thiúchan ocsaigine ann.

Caithfear an t‑aer inanálaithe arna soláthar ag an TCP don úsáideoir a fháil trí mhodhanna iomchuí, mar shampla, tar éis scagachán an aeir thruaillithe tríd an trealamh cosanta nó trí sholáthar ó fhoinse sheachtrach neamhthruaillithe.

Caithfear comhábhair agus comhpháirteanna eile na gcineálacha TCP sin a roghnú nó a cheapadh agus a ionchorprú chun riospráid iomchuí úsáideora agus sláinteachas riospráide le linn na tréimhse caithimh lena mbaineann, atá faoi réir na gcoinníollacha úsáide a bhfuil coinne leo, a áirithiú.

Caithfidh teinne ligin na haghaidhmíre agus an titbhrú ionanálaithe agus, ó thaobh na ngléasanna scagtha, an toilleadh íonaithe, treá truaillithe ó atmaisféar truaillithe a choinneáil íseal go leor sa chaoi nach ndéantar dochar do shláinte nó do shláinteachas an úsáideora.

Caithfear comharthaí aitheantais an mhonaróra a chur ar TCP agus sonraí de shaintréithe an trealaimh, a ligeann do dhuine inniúil agus oilte, in éineacht leis na treoracha, úsáid cheart a bhaint as an TCP.

Maidir le trealamh scagtha, ní mór treoracha an mhonaróra teorainn ama a chur in iúl freisin maidir le stóráil scagairí nua a choinnítear ina bpacáistíocht bhunúil.

3.10.2. Cosaint ar theagmháil chraicneach agus shúilí

Ní mór TCP, atá ceaptha teagmháil an dromchla a dhéanann an corp iomlán nó cuid de ar a bhfuil substaintí contúirteacha agus gníomhaithe ionfhabhtaíochta, bheith in ann treá nó tréscaoileadh substaintí agus gníomhaithe mar sin tríd an bhforchlúid chosanta a chosc faoi réir na gcoinníollacha úsáide intuartha atá beartaithe don TCP.

Chuige sin, caithfear comhábhair agus comhpháirteanna eile na gcineálacha TCP sin a roghnú agus a ionchorprú sa chaoi go n‑áiritheofar, a mhéad is féidir, go bhfuil teinne ligin ann, a cheadóidh úsáid laethúil fhada más gá, nó mura féidir sin, teinne ligin teoranta a chiallaíonn go mbeidh srianadh ann maidir leis an tréimhse chaithimh.

Nuair a bhíonn cumhacht ardtreáiteach, de bhua a gcineáil agus na gcoinníollacha úsáide a bhfuil coinne leo, ag substaintí contúirteacha agus ag gníomhaithe ionfhabhtaíocha a chuireann teorainn le tréimhse na cosanta arna soláthar ag an TCP lena mbaineann, ní mór tástálacha caighdeánacha a dhéanamh orthu chun iad a aicmiú ar bhonn a n‑oibrithe. Caithfear comharthaí a chur ar TCP a chomhlíonann na sonraíochtaí tástála a léiríonn, go háirithe, ainmneacha na substaintí, nó nuair nach féidir é sin a dhéanamh, cóid na substaintí a bhí in úsáid sna tástálacha agus an ghnáth‑thréimhse chosanta chomfhreagrach. Ní mór treoracha an mhonaróra sainmhíniú a thabhairt go háirithe ar na cóid (más gá), miontuairisc a thabhairt ar na tástálacha caighdeánacha agus an fhaisnéis iomchuí uile chun an uastréimhse cheadaithe chaithimh a dhearbhú faoi réir na gcoinníollacha úsáide a bhfuil coinne leo.

3.11.    Trealamh tumadóireachta

Caithfidh an trealamh análaithe an t‑úsáideoir a sholáthar le aermheascán gásrach inanálaithe, faoi réir choinníollacha úsáide a bhfuil coinne leo agus cur san áireamh an uasdoimhneacht tumtha go háirithe.

Nuair is gá ó thaobh na gcoinníollacha úsáide a bhfuil coinne leo de, ní mór an trealamh tumadóireachta na rudaí seo a leanas a chuimsiú:

(a) culaith a chosnaíonn an t‑úsáideoir ar an bhfuacht (féach 3.7);

(b) aláram atá ceaptha rabhadh mear a thabhairt don úsáideoir nuair is dócha go dteipfidh ar sholáthair an aermheascáin ghásraigh inanálaithe (féach 2.8);

(c) gléas tarrthála a ligeann don úsáideoir filleadh ar an dromchla.

IARSCRÍBHINN III

Doiciméadacht theicniúil do TCP

Sonrófar sa doiciméadacht theicniúil na modhanna a úsáideann an monaróir chun go gcomhlíonann an TCP na ceanglais sláinte agus sábháilteachta riachtanacha is infheidhme, dá dtagraítear in Airteagal 5 agus atá leagtha amach in Iarscríbhinn II.

Is é a bheidh sa doiciméadacht theicniúil na heilimintí seo a leanas ar a laghad:

1. tuairisc iomlán ar TCP agus ar an úsáid bheartaithe;

2. measúnú ar an riosca/ar na rioscaí a bhfuil sé ceaptha ag an TCP cosaint a thabhairt orthu;

3. liosta de na ceanglais sláinte agus sábháilteachta riachtanacha a bhaineann leis an TCP;

4. líníochtaí agus scéimeanna ceaptha agus monaraíochta maidir le TCP agus maidir lena chomhpháirteanna, fochóimeálacha agus ciorcaid;

5. na tuairiscí agus na sainmhínithe is gá chun na líníochtaí agus na scéimeanna, dá dtagraítear i bpointe 4, a thuiscint agus ar oibriú an TCP;

6. tagairtí na gcaighdeán comhchuibhithe, dá dtagraítear in Airteagal 14, atá curtha i bhfeidhm maidir le ceapadh agus le monarú an TCP; más rud é nach bhfuil iomlán na gcaighdeán comhchuibhithe curtha i bhfeidhm, sonróidh an doiciméadacht na codanna a cuireadh i bhfeidhm;

7. mura bhfuil caighdeáin chomhchuibhithe curtha i bhfeidhm nó mura bhfuil siad ach curtha i bhfeidhm go páirteach, tuairiscí ar na sonraíochtaí teicniúla eile atá curtha i bhfeidhm chun na ceanglais sláinte agus sábháilteachta riachtanacha is infheidhme a chomhlíonadh;

8. torthaí ríomhanna, iniúchtaí agus scrúduithe an cheaptha atá déanta chun go n‑áiritheofar go gcomhlíonann an TCP na ceanglais sláinte agus sábháilteachta riachtanacha is infheidhme;

9. tuarascálacha ar na tástálacha atá déanta chun n‑áiritheofar go gcomhlíonann an TCP na ceanglais sláinte agus sábháilteachta riachtanacha is infheidhme agus, nuair is iomchuí, chun an cineál cosanta iomchuí a dhearbhú;

10. tuairisc ar na modhanna atá in úsáid ag an monaróir le linn tháirgeadh an TCP chun go n‑áiritheofar go gcomhlíonann an TCP táirgthe sonraíochtaí an cheaptha;

11. cóip de threoracha an mhonaróra dá dtagraítear i bpointe 1.4 in Iarscríbhinn II;

12. maidir le TCP atá déanta de réir toisí, treoracha riachtanacha ar fad cheapadóir an bhunleagain chun TCP atá déanta de réir toisí a mhonarú ar bhonn an bhunleagain fhormheasta.

IARSCRÍBHINN IV

Rialú táirgthe inmheánach

(Modúl A)

1. Is é atá i gceist le rialú táirgthe inmheánach an nós imeachta um measúnú comhréireachta ina gcomhlíonann an monaróir na hoibleagáidí atá leagtha síos i bpointí 2, 3 agus 4, agus ina n‑áirithíonn agus ina ndearbhaíonn sé gurb é an t‑aon fhreagracht atá air go gcomhlíonann an TCP lena mbaineann na ceanglais sláinte agus sábháilteachta riachtanacha is infheidhme, dá dtagraítear in Airteagal 5 agus atá leagtha amach in Iarscríbhinn II.

2. Doiciméadacht theicniúil

Dearbhóidh an monaróir an doiciméadacht theicniúil a bhfuil tuairisc air in Iarscríbhinn III. Beifear in ann comhréireacht an TCP leis na ceanglais is infheidhme a mheas, mar thoradh ar an doiciméadacht agus laistigh di, beidh anailís agus measúnú iomchuí ar an riosca/na rioscaí. Sonrófar sa doiciméadacht theicniúil na ceanglais is infheidhme agus cumhdófar, fad a bhaineann sé le measúnú, ceapadh, monarú agus oibriú an TCP.

3. Monaraíocht

Déanfaidh an monaróir na bearta uile is gá sa chaoi go n‑áirithíonn an próiseas táirgthe agus an faireachán air sin go gcomhlíonann an TCP monaraithe an doiciméadacht theicniúil dá dtagraítear i bpointe 2 agus na ceanglais sláinte agus sábháilteachta riachtanacha is infheidhme.

4. Comharthaí CE agus dearbhú comhréireachta an AE

4.1. Greamóidh an monaróir comharthaí CE de gach aonad TCP a chomhlíonann na ceanglais sláinte agus sábháilteachta riachtanacha is infheidhme.

4.2. Tarraingeoidh an monaróir suas leagan scríofa de dhearbhú comhréireachta an AE do leagan TCP agus coinneoidh sé in éineacht leis an doiciméadacht theicniúil é, ar láimh na n‑údarás náisiúnta, go ceann tréimhse 10 mbliana tar éis an TCP a chur ar an margadh. Cuirfidh dearbhú comhréireachta an AE in iúl an TCP dá bhfuil sé tarraingthe suas.

Beidh cóip de dhearbhú comhréireachta an AE nó leagan simplí de dhearbhú comhréireachta an AE ag gabháil le gach TCP.

5. Ionadaí údaraithe

D’fhéadfadh an t‑ionadaí údaraithe oibleagáidí an mhonaróra, atá leagtha amach i bpointe 4, a chomhlíonadh, thar a cheann agus faoina fhreagracht, ar choinníoll go luaitear sa sainordú iad.

IARSCRÍBHINN V

Scrúdú cineáil an AE

(Modúl B)

1. Is é cuid den nós imeachta um measúnú comhréireachta é scrúdú cineáil an AE ina scrúdaíonn comhlacht dá dtugtar fógra ceapadh teicniúil TCP agus ina n‑áirithíonn agus ina bhfianaíonn sé go gcomhlíonann ceapadh teicniúil an TCP na ceanglais sláinte agus sábháilteacht riachtanacha is infheidhme is gá dá dtagraítear in Airteagal 5 agus atá leagtha amach in Iarscríbhinn II.

2. Déanfar scrúdú cineáil an AE trí leagan, atá ina shampla den táirgeadh beartaithe, den TCP iomlán (cineál táirgeachta).

3. Iarratas ar scrúdú cineáil an AE

Cuirfidh an monaróir iarratas isteach ar scrúdú cineáil an AE trí chomhlacht dá dtugtar fógra a roghnú.

Is é a bheidh san iarratas:

(a) ainm agus seoladh an mhonaróra agus, má chuireann ionadaí údaraithe an t‑iarratas isteach, a ainm agus a sheoladh freisin;

(b) dearbhú scríofa nach bhfuil an t‑iarratas céanna curtha isteach ag aon chomhlacht eile dá dtugtar fógra;

(c) an doiciméadacht theicniúil a bhfuil tuairisc uirthi in Iarscríbhinn III. Beifear in ann comhréireacht an TCP leis na ceanglais is infheidhme a mheas, mar thoradh ar an doiciméadacht agus laistigh di, beidh anailís agus measúnú iomchuí ar an riosca/na rioscaí. Sonrófar sa doiciméadacht theicniúil na ceanglais infheidhme agus cumhdófar, fad go mbaineann sé le measúnú, ceapadh, monarú agus oibriú an TCP;

(d) na leaganacha den TCP atá ina sampla den táirgeadh atá beartaithe. D’fhéadfadh an comhlacht leaganacha breise a iarraidh más gá chun an clár tástála a dhéanamh. Maidir le TCP atá curtha in oiriúint ina aonar, cuirfear leaganacha ar fáil atá ina sampla de réimse úsáideoirí éagsúla;

(e) do TCP atá curtha in oiriúint ina aonar, tuairisc ar na bearta atá le déanamh ag an monaróir i rith an phróisis táirgthe agus fheistithe lena áirithiú go gcomhlíonann gach mír de TCP na ceanglais sláinte agus sábháilteachta riachtanacha is infheidhme.

4. Scrúdú cineáil an AE

Déanfaidh an comhlacht dá dtugtar fógra:

(a) an doiciméadacht theicniúil a scrúdú chun leordhóthanacht cheapadh teicniúil an TCP a mheasúnú;

(b) scrúdú a dhéanamh, maidir le TCP atá curtha in oiriúint ina aonar, ar na bearta dá dtagraítear i bpointe 3 chun a leordhóthanacht a mheas;

(c) treoracha mhonaróir an bhunleagain, ó thaobh TCP atá déanta de réir toisí de, a scrúdú maidir le monaraíocht an TCP atá déanta de réir toisí ar bhonn an bhunleagain fhormheasta chun a leordhóthanacht a mheas;

(d) na leaganacha atá monaraithe i gcomhréir leis an doiciméadacht theicniúil a áirithiú, agus na heilimintí atá ceaptha i gcomhréir leis na forálacha is infheidhme de na caighdeáin chomhchuibhithe a shainaithint, chomh maith leis na heilimintí atá ceaptha i gcomhréir le sonraíochtaí teicniúla eile;

(e) scrúduithe agus tástálacha iomchuí a dhéanamh, nó a áirithiú go bhfuil siad déanta thar a cheann, lena fháil amach an bhfuil na réitigh sna caighdeáin chomhcuibhithe iomchuí, nuair atá siad roghnaithe ag an monaróir, curtha i bhfeidhm i gceart;

(f) scrúduithe agus tástálacha iomchuí a dhéanamh, nó a áirithiú go bhfuil siad déanta thar a cheann, lena fháil amach, nuair nach bhfuil na caighdeáin chomhchuibhithe curtha i bhfeidhm, go gcomhlíonann na réitigh atá roghnaithe ag an monaróir, iad sin i sonraíochtaí teicniúla feidhmeacha, na ceanglais chomhfhreagracha sláinte agus sábháilteachta agus go bhfuil siad curtha i bhfeidhm i gceart.

5. Tuarascáil mheastóireachta

Tarraingeoidh an comhlacht dá dtugtar fógra suas tuarascáil mheastóireachta a dhéanann taifead ar na gníomhaíochtaí atá déanta agus a dtorthaí i gcomhréir le pointe 4. Gan dochar a dhéanamh dá chuid dualgas i leith na n‑údarás a thugann fógra, ní eiseoidh an comhlacht dá dtugtar fógra inneachar na tuarascála sin, ina hiomláine nó cuid di, ach nuair a aontaíonn an monaróir leis.

6. Deimhniú ar scrúdú cineáil an AE

6.1. Nuair a chomhlíonann an cineál na ceanglais sláinte agus sábháilteachta riachtanacha is infheidhme, tabharfaidh an comhlacht dá dtugtar fógra deimhniú ar scrúdú cineáil an AE don mhonaróir.

6.2. Is é a bheidh sa deimhniú an fhaisnéis seo a leanas ar a laghad:

(a) ainm agus uimhir aitheantais an chomhlachta dá dtugtar fógra;

(b) ainm agus seoladh an mhonaróra agus, má chuireann ionadaí údaraithe an t‑iarratas isteach, a ainm agus a sheoladh freisin;

(c) sainaitheantas an TCP faoi chumhdach an deimhnithe (cineál, leagan, tagairt an mhonaróra);

(d) ráiteas a léiríonn go gcomhlíonann an TCP na ceanglais sláinte agus sábháilteachta riachtanacha is infheidhme dá dtagraítear in Airteagal 5 agus atá leagtha amach in Iarscríbhinn II;

(e) nuair atá caighdeáin chomhchuibhithe curtha i bhfeidhm nó curtha i bhfeidhm go páirteach, na tagairtí nó codanna díobh a bhaineann leis na caighdeáin sin;

(f) nuair atá sonraíochtaí teicniúla eile curtha i bhfeidhm, a dtagairtí;

(g) nuair is iomchuí, leibhéil feidhmíochta nó aicme cosanta an TCP;

(h) do TCP atá déanta de réir toisí, raon ceadaithe éagsúlachtaí na bparaiméadar ábhartha maidir le TCP atá déanta de réir toisí ar bhonn an bhunleagain fhormheasta;

(i) an dáta/na dátaí eisiúna agus, nuair is iomchuí an dáta/na dátaí athnuachana;

(j) an dáta éaga (uasmhéid de chúig bliana tar éis an dáta eisiúna nó dáta na hathnuachana deiridh);

(k) aon choinníoll a bhaineann le heisiúint an deimhnithe;

(l) do chatagóir III maidir le TCP, ráiteas a léiríonn nach n‑úsáidfear an deimhniú ach i gcomhar le ceann de na nósanna imeachta um measúnú comhréireachta dá dtagraítear in Airteagal 18.

6.3. D’fhéadfaí iarscríbhinn nó níos mó bheith ag gabháil le deimhniú ar scrúdú cineáil an AE.

6.4. Do TCP atá déanta de réir toisí, mura bhfuil an duine ar eisíodh deimhniú ar scrúdú cineáil an AE dó ina mhonaróir ar an TCP atá déanta de réir toisí:

(a) beidh údarú scríofa shealbhóir an deimhnithe ag monaróir an TCP atá déanta de réir toisí chun an deimhniú sin a úsáid;

(b) cuirfidh an monaróir TCP atá déanta de réir toisí na treoracha, dá dtagraítear i bpointe 12 d’Iarscríbhinn III, ar fáil do shealbhóir an deimhnithe.

6.5. Nuair nach gcomhlíonann an cineál na ceanglais sláinte agus sábháilteachta riachtanacha is infheidhme, diúltóidh an comhlacht dá dtugtar fógra deimhniú ar scrúdú cineáil a eisiúint agus cuirfidh sé sin in iúl don iarratasóir dá réir sin, ag léiriú na mionchúiseanna lena dhiúltú.

7. Athbhreithniú ar dheimhniú ar scrúdú cineáil an AE

7.1. Coinneoidh an comhlacht dá dtugtar fógra é féin ar an eolas maidir le hathruithe a bhaineann le staid na teicneolaíochta atá aitheanta go ginearálta, a chuireann in iúl go bhfuil seans ann nach gcomhlíonann an leagan formheasta na ceanglais sláinte agus sábháilteachta riachtanacha is infheidhme níos mó, agus cinnfidh sé má tá imscrúdú sa bhreis ag teastáil maidir le hathruithe mar sin. Má tá, cuirfidh an comhlacht é sin in iúl don monaróir dá réir sin.

7.2. Tabharfaidh an monaróir faisnéis don chomhlacht dá dtugtar fógra, a bhfuil an doiciméadacht theicniúil a bhaineann le deimhniú ar scrúdú cineáil an AE aige, maidir leis na leasuithe ar fad don leagan formheasta a d’fhéadfadh dul i bhfeidhm ar an tslí a gcomhlíonann an TCP na ceanglais sláinte agus sábháilteachta riachtanacha is infheidhme nó ar bhailíocht an deimhnithe sin. Beidh formheas sa bhreis ag teastáil ó leasuithe mar sin a chuirfear isteach i mbundeimhniú ar scrúdú cineáil an AE.

7.3. Áiritheoidh an monaróir go leanann an TCP ar aghaidh ag comhlíonadh na gceanglas sláinte agus sábháilteachta riachtanach is infheidhme i gcomhthéacs staid na teicneolaíochta.

7.4. Iarrfaidh an monaróir ar an gcomhlacht dá dtugtar fógra athbhreithniú a dhéanamh ar dheimhniú ar scrúdú cineáil an AE:

(a) ar eagla go bhfuil modhnú ar an TCP dá dtagraítear i bpointe 7.2;

(b) ar eagla go bhfuil athrú ar staid na teicneolaíochta dá dtagraítear i bpointe 7.3;

(c) ar a dhéanaí, roimh dheireadh dháta éaga an deimhnithe.

7.5. Scrúdóidh an comhlacht dá dtugtar fógra an TCP agus déanfaidh sé aon tástáil is gá chun go n‑áiritheofar go leanfaidh an TCP ar aghaidh ag comhlíonadh na gceanglas sláinte agus sábháilteachta riachtanach is infheidhme. Sa chás sin, déanfaidh sé athnuachan ar dheimhniú ar scrúdú cineáil an AE.

7.6. Má cheapann an comhlacht, tar éis an athbhreithnithe, nach bhfuil deimhniú ar scrúdú cineáil an AE bailí níos mó, aistarraingeoidh an comhlacht é agus ní chuirfidh an monaróir an TCP lena mbaineann ar an margadh níos mó.

8. Cuiridh an comhlacht in iúl don údarás a thugann fógra dó maidir le deimhnithe ar scrúdú cineáil an AE agus/nó le breiseanna atá eisithe nó aistarraingthe aige, agus cuirfidh sé ar fáil don údarás a thugann fógra dó, ó am go chéile nó arna iarraidh sin dó, liosta de dheimhnithe mar sin agus/nó breiseanna eile atá diúltaithe, atá curtha ar fionraí nó a bhfuil teorannú déanta ar shlí eile orthu.

Cuiridh an comhlacht in iúl d’údaráis eile a thugann fógra maidir le deimhnithe ar scrúdú cineáil an AE agus/nó le breiseanna atá diúltaithe aige, atá curtha ar fionraí aige nó a bhfuil teorannú déanta ar shlí eile orthu agus, arna n‑iarraidh sin dó, maidir le deimhnithe mar sin agus/nó le breiseanna atá eisithe aige.

Féadfaidh an Coimisiún, na Ballstáit agus na comhlachtaí eile dá dtugtar fógra, arna hiarraidh sin, cóip de dheimhniú ar scrúdú cineáil an AE agus/nó de bhreiseanna a fháil. Tar éis iarratas réasúnaithe, féadfaidh an Coimisiún agus na Ballstáit cóip a fháil den doiciméadacht theicniúil agus de thorthaí na dtástálacha atá déanta ag an gcomhlacht dá dtugtar fógra.

Coinneoidh an comhlacht dá dtugtar fógra cóip de dheimhniú ar scrúdú cineáil an AE, a n‑iarscríbhinní agus a mbreiseanna, chomh maith leis an gcomhad teicniúil, an doiciméadacht atá curtha isteach ag an monaróir san áireamh, go ceann cúig bliana tar éis do bhailíocht an deimhnithe sin dul in éag.

9. Coinneoidh an monaróir cóip de dheimhniú ar scrúdú cineáil an AE, a n‑iarscríbhinní agus a mbreiseanna, chomh maith leis an gcomhad teicniúil ar láimh na n‑údarás náisiúnta go ceann 10 mbliana tar éis an TCP a bheith ar an margadh.

10. D’fhéadfadh ionadaí údaraithe an mhonaróra an t‑iarratas dá dtagraítear i bpointe 3, a chur isteach agus na hoibleagáidí atá leagtha amach i bpointe 7 agus i bpointe 9, a chomhlíonadh ar choinníoll go luaitear sa sainordú iad.

IARSCRÍBHINN VI

Cineál-chomhréireacht bunaithe ar rialú táirgthe inmheánach

(Modúl C)

1. Is é atá i gceist le cineál-chomhréireacht bunaithe ar rialú táirgthe inmheánach an chuid den nós imeachta um measúnú comhréireachta ina gcomhlíonann an monaróir na hoibleagáidí atá leagtha síos i bpointe 2 agus i bpointe 3, agus ina n‑áirithíonn agus ina ndearbhaíonn sé gurb é an t‑aon fhreagracht atá air go gcomhlíonann an TCP lena mbaineann an cineál a bhfuil tuairisc air i ndeimhniú ar scrúdú cineáil an AE agus na ceanglais sláinte agus sábháilteachta riachtanacha is infheidhme, dá dtagraítear in Airteagal 5 agus atá leagtha amach in Iarscríbhinn II.

2. Monaraíocht

Déanfaidh an monaróir na bearta uile is gá sa chaoi go n‑áirithíonn an próiseas táirgthe agus an faireachán air sin go gcomhlíonann an TCP monaraithe an cineál a bhfuil tuairisc i ndeimhniú ar scrúdú cineáil an AE air agus na ceanglais sláinte agus sábháilteachta riachtanacha is infheidhme.

Maidir le TCP atá déanta de réir toisí, déanfaidh an monaróir na bearta uile is gá sa chaoi go n‑áirithíonn an próiseas táirgthe agus an faireachán air sin go gcomhlíonann an TCP monaraithe an bunleagan a bhfuil tuairisc i ndeimhniú ar scrúdú cineáil an AE air agus na ceanglais sláinte agus sábháilteachta riachtanacha is infheidhme.

3. Marcálacha CE agus dearbhú comhréireachta an AE

3.1. Greamóidh an monaróir marcálacha CE de gach aonad TCP a chomhlíonann an cineál a bhfuil tuairisc i ndeimhniú ar scrúdú cineáil an AE air agus na ceanglais sláinte agus sábháilteachta riachtanacha is infheidhme.

3.2. Tarraingeoidh an monaróir leagan scríofa suas de dhearbhú comhréireachta an AE do leagan TCP agus coinneoidh sé ar láimh na n‑údarás náisiúnta, go ceann tréimhse 10 mbliana tar éis an TCP a chur ar an margadh. Cuirfidh dearbhú comhréireachta an AE in iúl an TCP dá bhfuil sé tarraingthe suas.

Beidh cóip de dhearbhú comhréireachta an AE nó leagan simplí de dhearbhú comhréireachta an AE ag gabháil le gach TCP.

4. Ionadaí údaraithe

D’fhéadfadh an t‑ionadaí údaraithe oibleagáidí an mhonaróra, atá leagtha amach i bpointe 3, a chomhlíonadh, ar a shon agus faoina dhualgas, ar choinníoll go luaitear sa sainordú iad.

IARSCRÍBHINN VII

Cineál-chomhréireacht bunaithe ar fhíorú táirgí

(Modúl F)

1. Is é atá i gceist le cineál-chomhréireacht bunaithe ar fhíorú táirgí an chuid den nós imeachta um measúnú comhréireachta ina gcomhlíonann an monaróir na hoibleagáidí atá leagtha síos i bpointí 2, 3, 5.2 agus 6, agus ina n‑áirithíonn agus ina ndearbhaíonn sé gurb é an t‑aon fhreagracht atá air go gcomhlíonann an TCP, a bhí faoi réir fhorálacha phointe 4, an cineál a bhfuil tuairisc i ndeimhniú ar scrúdú cineáil an AE air agus na ceanglais sláinte agus sábháilteachta riachtanacha is infheidhme, dá dtagraítear in Airteagal 5 agus atá leagtha amach in Iarscríbhinn II.

2. Monaraíocht

Déanfaidh an monaróir na bearta uile is gá sa chaoi go n‑áirithíonn an próiseas táirgthe agus an faireachán air sin go gcomhlíonann aonchineálacht an táirgthe agus an TCP monaraithe an cineál a bhfuil tuairisc i ndeimhniú ar scrúdú cineáil an AE air agus na ceanglais sláinte agus sábháilteachta riachtanacha is infheidhme.

3. Iarratas ar fhíorú táirgí

Sula gcuireann sé TCP ar an margadh, cuirfidh an monaróir iarratas chuig comhlacht aonar dá dtugtar fógra, a bheidh roghnaithe aige féin, chun na táirgí a fhíorú.

Beidh na nithe a leanas san iarratas:

(a) ainm agus seoladh an mhonaróra agus, má chuireann an t‑ionadaí údaraithe an t‑iarratas isteach, a ainm agus a sheoladh;

(b) dearbhú scríofa nach bhfuil an t‑iarratas céanna curtha isteach ag aon chomhlacht eile dá dtugtar fógra;

(c) sainaithint an TCP lena mbaineann.

Nuair nach é an comhlacht roghnaithe an comhlacht a bhfuil scrúdú cineáil an AE déanta aige, beidh na nithe a leanas san iarratas freisin:

(a) an doiciméadacht teicniúil a bhfuil tuairisc in Iarscríbhinn III air;

(b) cóip de dheimhniú ar scrúdú cineáil an AE.

4. Fíorú comhréireachta

4.1. Déanfaidh an comhlacht dá dtugtar fógra na scrúduithe agus na tástálacha iomchuí chun aonchineálacht an táirgthe a sheiceáil agus go gcomhlíonann an TCP an cineál, a bhfuil tuairisc i ndeimhniú ar scrúdú cineáil an AE, agus na ceanglais sláinte agus sábháilteachta riachtanacha is infheidhme.

4.2. Déanfar na scrúduithe agus na tástálacha uair sa bhliain ar a laghad, ar eatraimh ar corr a shocróidh an comhlacht dá dtugtar fógra. Déanfar na chéad scrúduithe agus tástálacha laistigh d’aon bhliain tar éis dáta eisiúna den deimhniú ar scrúdú cineáil an AE.

4.3. Roghnóidh an comhlacht dá dtugtar fógra sampla ar corr den TCP atá monaraithe ag áit lena n‑aontóidh an comhlacht agus an monaróir. Scrúdófar gach mír de TCP sa sampla agus déanfar na tástálacha iomchuí, atá leagtha amach sna caighdeáin chomhchuibhithe ábhartha agus/nó na tástálacha comhbhéiseacha atá leagtha amach i sonraíochtaí teicniúla eile, chun comhréireacht an TCP maidir leis an gcineál a thuairiscítear i ndeimhniú ar scrúdú cineáil an AE agus leis na ceanglais sláinte agus sábháilteachta riachtanacha is infheidhme a fhíorú.

4.4. Nuair nach é an comhlacht dá dtugtar fógra, dá dtagraítear i bpointe 3, an comhlacht a d’eisigh deimhniú iomchuí ar scrúdú cineáil an AE, rachaidh sé i dteagmháil leis an gcomhlacht sin má thagann aon deacracht aníos maidir le comhréireacht an tsampla a mheasúnú.

4.5. Má fhoilsíonn an scrúdú agus an tástáil nach bhfuil an táirgeadh aonchineálach nó nach gcomhlíonann an TCP an cineál, a bhfuil tuairisc i ndeimhniú ar scrúdú cineáil an AE, nó leis na ceanglais sláinte agus sábháilteachta riachtanacha is infheidhme, déanfaidh an comhlacht dá dtugtar fógra bearta iomchuí chun dul i ngleic leis an locht/leis na lochtanna agus sin a chur in iúl don údarás a thugann fógra.

5. Tuarascáil Tástála

5.1. Soláthróidh an comhlacht dá dtugtar fógra tuarascáil tástála don mhonaróir, agus údaróidh an monaróir go ngreamófar uimhir aitheantais an údaráis a thugann fógra de gach mír de TCP a chomhlíonann an cineál a bhfuil tuairisc i ndeimhniú ar scrúdú cineáil an AE air agus na ceanglais sláinte agus sábháilteachta riachtanacha is infheidhme.

5.2. Coinneoidh an monaróir an tuarascáil tástála ar láimh na n‑údarás náisiúnta go ceann 10 mbliana tar éis an TCP a chur ar an margadh.

6. Comharthaí CE agus dearbhú comhréireachta an AE

6.1. Greamóidh an monaróir comharthaí CE, le cead ón gcomhlacht dá dtugtar fógra dá dtagraítear i bpointe 3, agus uimhir aitheantais an chomhlachta de gach mír de TCP a chomhlíonann an cineál, a bhfuil tuairisc i ndeimhniú ar scrúdú cineáil an AE air, agus na ceanglais sláinte agus sábháilteachta riachtanacha is infheidhme.

6.2. Tarraingeoidh an monaróir suas leagan scríofa de dhearbhú comhréireachta an AE do gach leagan de TCP agus coinneoidh sé ar láimh na n‑údarás náisiúnta, go ceann tréimhse 10 mbliana tar éis an TCP a chur ar an margadh. Cuirfidh dearbhú comhréireachta an AE in iúl an TCP dá bhfuil sé tarraingthe suas.

Beidh cóip de dhearbhú comhréireachta an AE nó leagan simplí de dhearbhú comhréireachta an AE ag gabháil le gach TCP.

7. Má aontaíonn leis an gcomhlacht, dá dtagraítear i bpointe 3, d’fhéadfadh an monaróir uimhir aitheantais an chomhlachta a ghreamú den TCP i rith an phróisis monaraíochta.

8. Ionadaí údaraithe

D’fhéadfadh an t‑ionadaí údaraithe oibleagáidí an mhonaróra, a chomhlíonadh, thar a cheann agus faoina fhreagracht, ar choinníoll go luaitear sa sainordú iad. Níl cead ag ionadaí údaraithe oibleagáidí an cheapadóra atá leagtha amach i bpointe 2 a chomhlíonadh.

IARSCRÍBHINN VIII

Cineál-chomhréireacht bunaithe ar dhearbhú cáilíochta an phróisis táirgthe

 (Modúl D)

1. Is é atá i gceist le cineál-chomhréireacht bunaithe ar dhearbhú cáilíochta an phróisis táirgthe an chuid den nós imeachta um measúnú comhréireachta ina gcomhlíonann an monaróir na hoibleagáidí atá leagtha síos i bpointí 2, 5 agus 6, agus ina n‑áirithíonn agus ina ndearbhaíonn sé gurb é an t‑aon fhreagracht atá air go gcomhlíonann an TCP lena mbaineann an cineál a bhfuil tuairisc i ndeimhniú ar scrúdú cineáil an AE air agus na ceanglais sláinte agus sábháilteachta riachtanacha is infheidhme, dá dtagraítear in Airteagal 5 agus atá leagtha amach in Iarscríbhinn II.

2. Monaraíocht

Oibreoidh an monaróir córas cáilíochta formheasta maidir le táirgeadh, le cigireacht ar an táirge críochnaitheach agus le tástáil an TCP lena mbaineann, mar a shonraítear i bpointe 3 é, agus beidh sé faoi réir faireachais mar a shonraítear i bpointe 4 é.

3. Córas cáilíochta

3.1. Cuirfidh an monaróir iarratas isteach chuig comhlacht aonair dá dtugtar fógra, a bheidh roghnaithe aige féin, chun measúnú a dhéanamh ar a chóras cáilíochta.

Istigh san iarratas, beidh:

(a) ainm agus seoladh an mhonaróra agus, má chuireann an t‑ionadaí údaraithe an t‑iarratas isteach, a ainm agus a sheoladh;

(b) dearbhú scríofa nach bhfuil an t‑iarratas céanna curtha isteach ag aon chomhlacht eile dá dtugtar fógra;

(c) sainaithint an TCP lena mbaineann;

(d) an doiciméadacht a bhaineann leis an gcóras cáilíochta.

Nuair nach é an comhlacht roghnaithe an comhlacht a bhfuil scrúdú cineáil an AE déanta aige, beidh na nithe a leanas san iarratas freisin:

(a) an doiciméadacht theicniúil a bhfuil tuairisc in Iarscríbhinn III uirthi;

(b) cóip de dheimhniú ar scrúdú cineáil an AE.

3.2. Áiritheoidh an córas cáilíochta go gcomhlíonann an TCP an cineál, a bhfuil tuairisc i ndeimhniú ar scrúdú cineáil an AE air, agus na ceanglais sláinte agus sábháilteachta riachtanacha is infheidhme.

Doiciméadófar na heilimintí, na ceanglais agus na forálacha uile, atá glactha ag an monaróir, ar shlí chórasach agus ordúil i bhfoirm bheartais scríofa, nósanna imeachta agus treoracha. Beidh léiriú leanúnach ann maidir le cláir, le pleananna, le lámhleabhair agus le taifid ar cháilíocht ard, mar thoradh ar an doiciméadacht ar an gcóras cáilíochta.

Istigh ann, go háirithe, beidh tuairisc leordhóthanach ar:

(a) na haidhmeanna cáilíochta agus an struchtúr eagraíochtúil, oibleagáidí agus cumhachtaí na mbainisteoirí ó thaobh cáilíochta táirgí de;

(b) an mhonaraíocht chomhfhreagrach, rialú cáilíochta, teicnící dearbhaithe cáilíochta, próisis agus gníomhaíochtaí córasacha a mbainfear úsáid astu;

(c) na scrúduithe agus na tástálacha a dhéanfar roimh, i rith agus tar éis na monaraíochta, agus cé chomh minic is a dhéanfar iad;

(d) na taifid cháilíochta, mar shampla tuarascálacha cigireachta agus sonraí tástála, sonraí calabraithe, tuarascálacha cáilithe ar an bpearsanra lena mbaineann, srl., agus

(e) na modhanna chun faireachán a dhéanamh ar chur i gcrích cháilíochtaí na dtáirgí atá ag teastáil agus ar oibriú éifeachtach an chórais cháilíochta.

3.3. Déanfaidh an comhlacht dá dtugtar fógra measúnú ar an gcóras cáilíochta le fáil amach an gcomhlíonann sé na ceanglais dá dtagraítear i bpointe 3.2.

Glacfar go gcomhlíontar na ceanglais maidir leis na heilimintí den chóras cáilíochta a chomhlíonann na sonraíochtaí comhfhreagracha de na caighdeáin chomhchuibhithe iomchuí.

Mar aon le taithí i gcórais bhainistíochta cháilíochta, beidh aon bhall foirne eile ar a laghad ag an bhfoireann iniúchóireachta a bhfuil taithí aige maidir le measúnú TCP agus leis an teicneolaíocht lena mbaineann, agus faisnéis ar na ceanglais sláinte agus sábháilteachta riachtanacha is infheidhme. Cuimseofar san iniúchóireacht cuairt ar áitreabh an mhonaróra. Déanfaidh an fhoireann iniúchóireachta athbhreithniú ar dhoiciméadacht theicniúil an TCP, dá dtagraítear i bpointe 3.1, chun cumas an mhonaróra a fhíorú maidir leis an dóigh ar féidir leis na ceanglais sláinte agus sábháilteachta a shainaithint agus chun na scrúduithe is gá a dhéanamh chun go gcomhlíonann an TCP na ceanglais sin.

Cuirfear toradh an mheasúnaithe sin in iúl don mhonaróir. Beidh cinntí na hiniúchóireachta agus an cinneadh measúnaithe réasúnaithe san áireamh san fhógra sin.

3.4. Rachaidh an monaróir i mbun na n‑oibleagáidí formheasta atá mar thoradh ar an gcóras cáilíochta a chomhlíonadh agus chun é a chothabháil sa chaoi go bhfanann sé leordhóthanach agus éifeachtach.

3.5. Cuirfidh an monaróir an comhlacht dá dtugtar fógra, a bhfuil an córas cáilíochta formheasta aige, ar an eolas maidir le haon athrú atá beartaithe ar an gcóras cáilíochta.

Déanfaidh an comhlacht dá dtugtar fógra meastóireacht ar aon athrú atá beartaithe agus déanfaidh sé cinneadh an leanfaidh an córas cáilíochta leasaithe ar aghaidh ag comhlíonadh na gceanglas, dá dtagraítear i bpointe 3.2 nó an mbeidh athmheasúnú ag teastáil.

Tabharfaidh sé fógra don mhonaróir faoina chinneadh. Beidh cinntí an scrúdaithe agus an cinneadh measúnaithe réasúnaithe san áireamh san fhógra sin.

3.6. Tabharfaidh an comhlacht fógra don mhonaróir chun uimhir aitheantais an chomhlachta dá dtugtar fógra a ghreamú de gach aon TCP a chomhlíonann an cineál, a bhfuil tuairisc i ndeimhniú ar scrúdú cineáil an AE air, agus na ceanglais sláinte agus sábháilteachta riachtanacha is infheidhme.

4. Faireachas faoi fhreagracht an chomhlachta dá dtugtar fógra

4.1. Is í aidhm an fhaireachais go gcomhlíonann an monaróir go hiomchuí na hoibleagáidí atá mar thoradh an chórais cháilíochta fhormheasta.

4.2. Tabharfaidh an monaróir cead don chomhlacht dá dtugtar fógra, chun críche an mheasúnaithe, bealach isteach chuig na hionaid monaraíochta, cigireachta, tástála agus stórála agus an fhaisnéis ar fad a sholáthar dó, go háirithe:

(a) doiciméadacht an chórais cháilíochta;

(b) na taifid cháilíochta, mar shampla tuarascálacha cigireachta agus sonraí tástála, sonraí calabraithe, tuarascálacha cáilithe ar an bpearsanra lena mbaineann.

4.3. Déanfaidh an comhlacht dá dtugtar fógra iniúchóireachtaí tréimhsiúla, uair amháin in aghaidh na bliana ar a laghad, chun go gcoinníonn agus go gcuireann an monaróir an córas cáilíochta i bhfeidhm agus soláthróidh sé tuarascáil iniúchóra don monaróir.

4.4. Chomh maith leis sin, tabharfaidh an comhlacht dá dtugtar fógra cuairteanna gan choinne ar an monaróir. Le linn cuairteanna mar sin, más gá, d’fhéadfadh an comhlacht scrúduithe nó tástálacha a dhéanamh ar an TCP, nó iarraidh go ndéantar iad, chun a fhíorú go bhfuil an córas cáilíochta ag feidhmiú mar is ceart. Soláthróidh an comhlacht dá dtugtar fógra tuarascáil chuairte agus, má tá tástálacha déanta, tuarascáil tástála.

5. Comharthaí CE agus dearbhú comhréireachta an AE

5.1. Greamóidh an monaróir comharthaí CE agus, le cead ón gcomhlacht dá dtugtar fógra dá dtagraítear i bpointe 3.1, uimhir aitheantais an chomhlachta de gach aonad de TCP a chomhlíonann an cineál, a bhfuil tuairisc i ndeimhniú ar scrúdú cineáil an AE air, agus na ceanglais sláinte agus sábháilteachta riachtanacha is infheidhme.

5.2. Tarraingeoidh an monaróir leagan scríofa suas de dhearbhú comhréireachta an AE do gach leagan de TCP agus coinneoidh sé ar láimh na n‑údarás náisiúnta é, go ceann tréimhse 10 mbliana tar éis an TCP a chur ar an margadh. Cuirfidh dearbhú comhréireachta an AE in iúl an TCP dá bhfuil sé tarraingthe suas.

Beidh cóip de dhearbhú comhréireachta an AE nó leagan simplí de dhearbhú comhréireachta an AE ag gabháil le gach TCP.

6. Coinneoidh an monaróir, go ceann 10 mbliana tar éis TCP a chur ar an margadh, ar láimh na n‑údarás náisiúnta:

(a) an doiciméadacht dá dtagraítear i bpointe 3.1;

(b) an fhaisnéis a bhaineann leis an athrú dá dtagraítear i bpointe 3.5, agus í formheasta;

(c) cinntí agus tuarascálacha an chomhlachta dá dtugtar fógra, dá dtagraítear i bpointí 3.5, 4.3 agus 4.4.

7. Cuirfidh an comhlacht dá dtugtar fógra in iúl don údarás a thugann fógra dó aon fhormheas maidir leis an gcóras cáilíochta atá eisithe nó aistararingthe, agus cuirfidh sé ar fáil, ó am go chéile nó arna iarraidh sin, an liosta ar a bhfuil aon fhormheas maidir leis an gcóras cáilíochta atá diúltaithe, atá curtha ar fionraí nó a bhfuil teorannú déanta ar shlí eile air.

Cuirfidh an comhlacht dá dtugtar fógra comhlachtaí eile ar an eolas faoi aon fhormheas maidir leis an gcóras cáilíochta atá diúltaithe, curtha ar fionraí, aistarraingthe nó a bhfuil teorannú déanta ar shlí eile air agus, arna iarraidh sin, aon fhormheas atá eisithe aige.

8. Má aontaíonn an comhlacht dá dtugtar fógra, dá dtagraítear i bpointe 3.1, féadfaidh an monaróir uimhir aitheantais an chomhlachta a ghreamú den TCP i rith an phróisis monaraíochta.

9. Ionadaí údaraithe

Féadfaidh an t‑ionadaí údaraithe oibleagáidí an mhonaróra, atá leagtha amach i bpointí 3.1, 3.5, 5 agus 6 a chomhlíonadh, thar a cheann agus faoina fhreagracht, ar choinníoll go luaitear sa sainordú iad.

IARSCRÍBHINN IX

Dearbhú comhréireachta an AE

1. TCP (táirge, baisc, cineál nó sraithuimhir):

2. Ainm agus seoladh an mhonaróra nó a ionadaí údaraithe [Ní mór don ionadaí údaraithe ainm agus seoladh gnó an mhonaróra a thabhairt freisin]:

3. Eisítear an dearbhú comhréireachta sin faoi fhreagracht an mhonaróra amháin:

4. Aidhm na comhréireachta (TCP a cheadaíonn inrianaitheacht a shainaithint; d’fhéadfaí íomhá dhaite atá soiléir go leor a chur san áireamh, nuair is gá chun an TCP a shainaithint):

5. Tá aidhm an dearbhaithe, a bhfuil tuairisc i bpointe 4 uirthi, i gcomhréir le reachtaíocht chomhchuibhithe an Aontais:

6. Tagairtí do na caighdeáin chomhchuibhithe iomchuí, dáta an chaighdeáin san áireamh, nó tagairtí do na sonraíochtaí teicniúla eile, dáta na sonraíochta san áireamh, maidir leis an gcomhréireacht a dhearbhaítear:

7. Más infheidhme, an comhlacht dá dtugtar fógra ... (ainm, uimhir)… scrúdú cineáil an AE déanta aige (Modúl B) agus deimhniú ar scrúdú cineáil an AE eisithe aige … (tagairt don deimhniú sin).

8. Más infheidhme, tá an TCP faoi réir an nós imeachta um measúnú comhréireachta … (ceachtar (Cineál-chomhréireacht bunaithe ar fhíorú táirgí (Modúl F)) nó (Cineál-chomhréireacht bunaithe ar dhearbhú cáilíochta an phróisis táirgthe (Modúl D)) … faoi fhaireachas an chomhlachta dá dtugtar fógra... (ainm, uimhir).

9. Faisnéis bhreise:

Arna shíniú agus thar cheann:

(áit agus dáta eisiúna):

(ainm, feidhm) (síniú):

IARSCRÍBHINN X

An leagan simplí de dhearbhú comhréireachta an AE

Soláthraítear an leagan simplí de dhearbhú comhréireachta an AE mar a leanas:

Leis seo, dearbhaíonn [Ainm an mhonaróra] go gcomhlíonann an cineál TCP [teideal an chineáil TCP] Rialachán (AE) Uimh. [XXXX/YYYY] maidir le TCP.

IARSCRÍBHINN XI

Clár chomhghaoil

CLÁR COMHGHAOIL

Treoir 89/686/CEE || An Rialachán seo

||

Airteagal 1(1) || Airteagal 1 agus Airteagal 2(1)

Airteagal 1(2) agus Airteagal (3) || Airteagal 3(1)

Airteagal 1(4) || Airteagal 2(2) agus Airteagal (3)

Airteagal 2(1) || Airteagal 4

Airteagal 2(2) || Airteagal 6

Airteagal 2(3) || Airteagal 7(2)

Airteagal 3 || Airteagal 5

Airteagal 4(1) || Airteagal 7(1)

Airteagal 4(2) || ___

Airteagail 5(1), (4), (5), (6) || ___

Airteagal 5(2) || Airteagal 14

Airteagal 6 || Airteagal 38

Airteagal 7 || ___

Airteagal 8(1) || Airteagal 8(2) an chéad fhophragraf

Airteagail 8(2) – (4) || Airteagal 17 agus Airteagal 18 agus Iarscríbhinn I

Airteagal 9 || Airteagail 19, 23(1), 24, agus 29(1)

Airteagal 10 || Iarscríbhinn V

Airteagal 11(A) || Iarscríbhinn VII

Airteagal 11(B) || Iarscríbhinn VIII

Airteagal 12(1) || Airteagal 15

Airteagal 12(2) agus Airteagal 13 || Airteagal 16

Airteagal 14 || ___

Airteagal 15 || ___

Airteagal 16 || ___

Iarscríbhinn I || Airteagal 2(2)

Iarscríbhinn II || Iarscríbhinn II

Iarscríbhinn III || Iarscríbhinn III

Iarscríbhinn IV || Iarscríbhinn 16

Iarscríbhinn V || Airteagal 23(2) – (11)

Iarscríbhinn VI || Iarscríbhinn IX

[1]               Treoir 2003/10/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 6 Feabhra 2003 maidir leis na híoscheanglais sláinte agus sábháilteachta a bhaineann le neamhchosaint oibrithe ar na rioscaí de thoradh gníomhaithe fisiceacha (torann) (IO L 42, 15.2.2003, lch. 38).

Top