EUR-Lex Access to European Union law

Back to EUR-Lex homepage

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 32024R0795

Rialachán (AE) 2024/795 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 29 Feabhra 2024 lena mbunaítear an tArdán um Theicneolaíochtaí Straitéiseacha don Eoraip (STEP), agus lena leasaítear Treoir 2003/87/CE agus Rialacháin (AE) 2021/1058, (AE) 2021/1056, (AE) 2021/1057, (AE) Uimh. 1303/2013, (AE) Uimh. 223/2014, (AE) 2021/1060, (AE) 2021/523, (AE) 2021/695, (AE) 2021/697 agus (AE) 2021/241

PE/11/2024/REV/1

IO L, 2024/795, 29.2.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2024/795/oj (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

Legal status of the document In force

ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2024/795/oj

European flag

Iris Oifigiúil
an Aontais Eorpaigh

GA

Sraith L


2024/795

29.2.2024

RIALACHÁN (AE) 2024/795 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

an 29 Feabhra 2024

lena mbunaítear an tArdán um Theicneolaíochtaí Straitéiseacha don Eoraip (STEP), agus lena leasaítear Treoir 2003/87/CE agus Rialacháin (AE) 2021/1058, (AE) 2021/1056, (AE) 2021/1057, (AE) Uimh. 1303/2013, (AE) Uimh. 223/2014, (AE) 2021/1060, (AE) 2021/523, (AE) 2021/695, (AE) 2021/697 agus (AE) 2021/241

TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagail 164 agus 173, Airteagal 175, an tríú mír, Airteagail 176, 177 agus 178, Airteagal 182(1) agus Airteagal 192(1) de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

Tar éis dóibh an dréachtghníomh reachtach a chur chuig na parlaimintí náisiúnta,

Ag féachaint don tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa (1),

Ag féachaint don tuairim ó Choiste na Réigiún (2),

Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach (3),

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Le blianta beaga anuas, bhí sé mar threoir ag an Aontas iomaíochas agus athléimneacht an gheilleagair Eorpaigh a neartú tríd an gclaochlú glas agus tríd an gclaochlú digiteach. Leis an aistriú glas agus leis an aistriú digiteach, atá fréamhaithe sa Chomhaontú Glas don Eoraip, a leagtar amach i dteachtaireacht ón gCoimisiún an 11 Nollaig 2019 dar teideal The European Green Deal [An Comhaontú Glas don Eoraip], agus Clár Beartais 2030 don Deacáid Dhigiteach a bunaíodh le Cinneadh (AE) 2022/2481 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (4), spreagtar fás agus nuachóiriú gheilleagar an Aontais, rud a chuireann deiseanna nua gnó ar fáil agus a chuidíonn leis an Aontas buntáiste iomaíoch a fháil ar na margaí domhanda. Sa Chomhaontú Glas don Eoraip, leagtar amach an treochlár chun geilleagar an Aontais a dhéanamh aeráidneodrach agus inbhuanaithe ar bhealach cothrom agus cuimsitheach, agus aghaidh á tabhairt ar na dúshláin a bhaineann leis an aeráid agus leis an gcomhshaol. Leagtar amach i gClár Beartais 2030 don Deacáid Dhigiteach treo soiléir maidir le claochlú digiteach an Aontais agus maidir le spriocanna digiteacha a bhaint amach ar leibhéal an Aontais faoi 2030, go háirithe maidir le scileanna digiteacha, bonneagair dhigiteacha, agus claochlú digiteach gnóthaí agus seirbhísí poiblí.

(2)

Tá sé cruthaithe ag tionscal an Aontais go bhfuil athléimneacht ionsuite aige ach ní mór a iomaíochas a áirithiú amach anseo freisin. Tá boilsciú ard, ganntanas saothair, suaitheadh sa slabhra soláthair tar éis COVID, cogadh foghach na Rúise i gcoinne na hÚcráine, ardú rátaí úis, agus méaduithe ar chostais fuinnimh agus ar phraghsanna ionchuir ag cur isteach go mór ar iomaíochas thionscal an Aontais agus thug siad chun suntais a thábhachtaí atá sé don Aontas a uathriail straitéiseach oscailte a dhaingniú agus a spleáchas straitéiseach ar thríú tíortha in earnálacha éagsúla a laghdú. Anuas ar na brúnna sin ar thionscal an Aontais, bíonn an iomaíocht ar an margadh domhanda ilroinnte láidir, ach ní bhíonn sí cothrom i gcónaí. Tá roinnt tionscnamh seolta ag an Aontas cheana féin chun tacú lena thionscal, amhail Plean Tionsclaíoch an Chomhaontaithe Ghlais, a leagtar amach i dteachtaireacht ón gCoimisiún an 1 Feabhra 2023 dar teideal ‘Plean Tionsclaíoch an Chomhaontaithe Ghlais don Ré Ghlan-Nialasach’, Rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena mbunaítear creat chun soláthar slán inbhuanaithe amhábhar criticiúil a áirithiú (‘an Gníomh um Amhábhair Chriticiúla’), Rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le creat beart a bhunú chun éiceachóras monaraíochta teicneolaíochta glan-nialasachta na hEorpa a neartú (‘an Gníomh um an Tionscal Glan-nialasachta’), an Creat nua Sealadach Géarchéime agus Aistrithe le haghaidh bearta státchabhrach, a leagtar amach i dteachtaireacht ón gCoimisiún an 17 Márta 2023 dar teideal ‘Creat Sealadach Géarchéime agus Aistrithe le haghaidh bearta státchabhrach chun tacú leis an ngeilleagar tar éis ionsaí na Rúise in aghaidh na hÚcráine’, Ionstraim Théarnaimh an Aontais Eorpaigh a bunaíodh le Rialachán (AE) 2020/2094 ón gComhairle (5) agus Rialachán (AE) 2023/435 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (6). Cé go soláthraítear leis na réitigh sin tacaíocht thapa spriocdhírithe agus, i gcásanna áirithe, tacaíocht shealadach, teastaíonn ón Aontas freagairt níos struchtúrtha a thabhairt ar riachtanais infheistíochta a chuid tionscal, comhtháthú a choimirciú, poist ardcháilíochta a chruthú, agus cothrom na Féinne a chaomhnú sa mhargadh inmheánach, agus rochtain ar chistiú á héascú ag an am céanna. Ba cheart don Aontas oibriú chun athlonnú a chosc, chun saoráidí táirgthe teicneolaíochtaí criticiúla a aistriú ar ais ó thríú tíortha, agus chun saoráidí nua a mhealladh chun spleáchais straitéiseacha a chosc.

(3)

Thug an margadh inmheánach buntáistí suntasacha eacnamaíocha, sóisialta agus polaitiúla don Aontas ina iomláine, lena n-áirítear dá shaoránaigh agus dá ghnóthaí. Cé go n-aithnítear go forleathan na tairbhí sin, tá sé ríthábhachtach leanúint de réitigh a fháil chun leas breise a bhaint as a acmhainneacht shochaíoch neamhshaothraithe. Ní mór don mhargadh inmheánach leanúint de bheith inoiriúnaithe i bhfianaise dinimic gheopholaitiúil atá ag teacht chun cinn, dul chun cinn teicneolaíoch, agus an aistrithe ghlais agus dhigitigh, agus ag an am céanna athléimneacht na gcóras sláinte a chothú i bhfianaise daonra atá ag dul in aois agus rannchuidiú le hiomaíochas agus táirgiúlacht fhadtéarmach an Aontais a fheabhsú.

(4)

Beidh imscaradh agus méadú san Aontas ar theicneolaíochtaí digiteacha agus nuálaíocht domhainteicneolaíochta, teicneolaíochtaí atá glan agus tíosach ar acmhainní, agus bith-theicneolaíochtaí bunriachtanach chun spleáchais straitéiseacha an Aontais a laghdú, agus chun na deiseanna a bhaineann leis an aistriú glas agus leis an aistriú digiteach a thapú agus chun cuspóirí an aistrithe ghlais agus an aistrithe dhigitigh a bhaint amach, lena n-áiritheofar ceannasacht agus uathriail straitéiseach an Aontais agus lena ndéanfar iomaíochas agus inbhuanaitheacht thionscal an Aontais a chur chun cinn. Dá bhrí sin, is gá gníomhú láithreach chun tacú le teicneolaíochtaí criticiúla a fhorbairt agus a mhonarú san Aontas, teicneolaíochtaí arb iad na príomheasnaimh straitéiseacha atá ar an Aontas iad. Trí theicneolaíochtaí criticiúla a fhorbairt agus a mhonarú, cuirtear le slabhraí luacha na ngníomhaithe eacnamaíocha idirnasctha, atá ag feidhmiú ar fud gnólachtaí de mhéideanna éagsúla, lena n-áirítear fiontair bheaga agus mheánmhéide (FBManna), earnálacha agus teorainneacha. Dá bhrí sin, ba cheart don Aontas slabhraí luacha na dteicneolaíochtaí criticiúla sin agus a seirbhísí gaolmhara atá criticiúil agus sonrach do ghníomhaíochtaí forbartha nó monaraíochta na dteicneolaíochtaí criticiúla sin a choimirciú agus a neartú, agus ar an gcaoi sin spleáchais straitéiseacha an Aontais a laghdú, agus sláine an mhargaidh inmheánaigh a chaomhnú, agus ba cheart dó aghaidh a thabhairt ar ghanntanais saothair agus scileanna atá ann cheana sna hearnálacha sin trí thionscadail foghlama ar feadh an tsaoil, oideachais agus oiliúna agus trí phrintíseachtaí agus trí phoist tharraingteacha ardcháilíochta atá inrochtana do chách a chruthú.

(5)

Chun cáiliú mar theicneolaíochtaí criticiúla, ba cheart a cheangal ar theicneolaíochtaí gné nuálach a bhfuil acmhainneacht shuntasach aici a thabhairt chuig an margadh inmheánach, nó rannchuidiú le spleáchais straitéiseacha an Aontais a laghdú nó a chosc. Agus measúnú á dhéanamh ar acmhainneacht eacnamaíoch na dteicneolaíochtaí criticiúla sa mhargadh inmheánach, ba cheart a chur i gcuntas go bhféadfadh éifeachtaí iarmharta a bheith ag bearta a dhéantar i mBallstát aonair. Agus measúnú á dhéanamh i dtaobh an rannchuidíonn teicneolaíocht le spleáchais straitéiseacha an Aontais a laghdú nó a chosc, ba cheart an anailís a dhéantar ar leibhéal an Aontais a chur i gcuntas chun na rioscaí a shainaithint a bhféadfadh éifeachtaí a bheith acu ar an Aontas ar fad. Ba cheart don Choimisiún treoir a eisiúint maidir leis an gcaoi a bhféadfaí a mheas gur teicneolaíochtaí criticiúla iad na teicneolaíochtaí sna trí earnáil faoi raon feidhme an Rialacháin seo, agus maidir leis na coinníollacha ar a mbonn is féidir leis na teicneolaíochtaí sin cáiliú mar theicneolaíochtaí criticiúla, chun léirmhíniú coiteann a chur chun cinn ar na tionscadail, na cuideachtaí agus na hearnálacha a bhfuil tacaíocht le tabhairt dóibh faoi na cláir ábhartha i bhfianaise chomhchuspóirí straitéiseacha na gclár ábhartha agus an Rialacháin seo. Sa treoir sin, ba cheart don Choimisiún soiléiriú a thabhairt chomh maith ar choincheap an tslabhra luacha agus na seirbhísí gaolmhara atá criticiúil le haghaidh fhorbairt nó mhonarú na dtáirgí deiridh agus a bhaineann go sonrach leo. Ba cheart an treoir sin a bheith gan dochar do threoracha eile maidir le cláir shonracha.

(6)

Is gá tacú le teicneolaíochtaí criticiúla sna hearnálacha seo a leanas: teicneolaíochtaí digiteacha agus nuálaíocht domhainteicneolaíochta, teicneolaíochtaí atá glan agus tíosach ar acmhainní, agus bith-theicneolaíochtaí. Ba cheart nuálaíocht domhainteicneolaíochta a thuiscint mar nuálaíochtaí a bhfuil sé d’acmhainn acu réitigh chlaochlaitheacha a sholáthar, atá fréamhaithe san eolaíocht cheannródaíoch, sa teicneolaíocht cheannródaíoch agus san innealtóireacht cheannródaíoch, lena n-áirítear nuálaíocht lena gcomhcheanglaítear dul chun cinn sna réimsí fisiceacha, bitheolaíocha agus digiteacha. Ba cheart a áireamh sna teicneolaíochtaí digiteacha, go háirithe, iad siúd a rannchuidíonn le spriocanna agus cuspóirí Chlár Beartais 2030 don Deacáid Dhigiteach, chomh maith le tionscadail ilnáisiúnta mar a shainmhínítear i gCinneadh (AE) 2022/2481. Ba cheart a áireamh le teicneolaíochtaí atá glan agus tíosach ar acmhainní, go háirithe, teicneolaíochtaí glan-nialasacha mar a shainmhínítear sa Ghníomh um an Tionscal Glan-nialasachta. Ba cheart bith-theicneolaíochtaí a thuiscint mar chur i bhfeidhm na heolaíochta agus na teicneolaíochta ar orgánaigh bheo, chomh maith le codanna, táirgí agus samhlacha díobh, chun ábhair bheo nó ábhair neamhbheo a athrú chun eolas, earraí agus seirbhísí a tháirgeadh, lena n-áirítear na teicneolaíochtaí dá dtagraítear sa sainmhíniú staidrimh ar bhith-theicneolaíocht atá ag an Eagraíocht um Chomhar agus Forbairt Eacnamaíochta, chomh maith le Liosta an Aontais de Chógais Leighis Chriticiúla dá dtagraítear i dteachtaireacht ón gCoimisiún an 24 Deireadh Fómhair 2023 dar teideal Addressing medicine shortages in the EU [Aghaidh a thabhairt ar ghanntanais cógas leighis san Aontas] agus a gcomhpháirteanna. Maidir le tionscadail a aithnítear mar thionscadail straitéiseacha faoin nGníomh um an Tionscal Glan-nialasachta, i gcás ina gcomhlíonann na tionscadail sin na critéir maidir le hathléimneacht agus iomaíochas a shainmhínítear sa Ghníomh um an Tionscal Glan-nialasachta, agus faoin nGníomh um Amhábhair Chriticiúla, ba cheart a mheas go rannchuidíonn siad go huathoibríoch le cuspóirí an Rialacháin seo. Maidir le teicneolaíochtaí digiteacha agus nuálaíocht domhainteicneolaíochta, teicneolaíochtaí atá glan agus tíosach ar acmhainní agus bith-theicneolaíochtaí ar ábhar iad do thionscadal tábhachtach ar mhaithe le leas na hEorpa i gcoitinne (IPCEI) arna fhormheas ag an gCoimisiún de bhun Airteagal 107(3), pointe (b), den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (CFAE), ba cheart a mheas go bhfuil siad criticiúil, agus ba cheart tionscadail aonair faoi raon feidhme IPCEI den sórt sin a bheith incháilithe do chistiú, i gcomhréir le rialacha an chláir ábhartha, a mhéid nár cumhdaíodh go hiomlán fós an bhearna cistiúcháin a sainaithníodh agus na costais incháilithe.

(7)

Ní bheifear in ann acmhainneacht forbartha agus monaraíochta teicneolaíochtaí san Aontas a neartú gan lucht saothair oilte measartha mór. Mar sin féin, maidir le ganntanais saothair agus scileanna, a bhfuil méadú tagtha orthu i ngach earnáil, lena n-áirítear na hearnálacha sin a mheastar a bheith ríthábhachtach don aistriú glas agus don aistriú digiteach, meastar go dtiocfaidh méadú breise orthu i bhfianaise an athraithe dhéimeagrafaigh agus go gcuirfear ardú na dteicneolaíochtaí i mbaol sna hearnálacha a shainaithnítear sa Rialachán seo. Dá bhrí sin, is gá dlús a chur le rannpháirtíocht níos mó daoine i margadh saothair na n-earnálacha ábhartha, go háirithe trí infheistíochtaí san fhoghlaim agus san fhoghlaim ar feadh an tsaoil, trí scileanna ábhartha a fheabhsú agus trí phoist ardcháilíochta agus printíseachtaí ardcháilíochta a chruthú do dhaoine óga agus do dhaoine faoi mhíbhuntáiste nach bhfuil i mbun fostaíochta, oideachais ná oiliúna. Le tacaíocht den sórt sin, comhlánófar roinnt gníomhaíochtaí eile arb é is aidhm dóibh freastal ar na scileanna a eascraíonn as an aistriú glas agus an aistriú digiteach a leagtar amach i gClár Oibre Scileanna an Aontais a leagtar amach i dteachtaireacht ón gCoimisiún an 1 Iúil 2020 dar teideal European Skills Agenda for sustainable competitiveness, social fairness and resilience [Clár Oibre Scileanna don Eoraip don iomaíochas inbhuanaithe, don chothroime shóisialta agus don athléimneacht]. Tá ról tábhachtach ag na gníomhaíochtaí sin a mhéid a bhaineann le meon athscilithe agus uas-scilithe a chur chun cinn, borradh a chur faoi iomaíochas ghnóthais an Aontais, go háirithe FBManna, agus rannchuidiú le poist ardcháilíochta a chruthú d’fhonn acmhainneacht iomlán an aistrithe ghlais agus an aistrithe dhigitigh a bhaint amach ar bhealach atá cothrom, cuimsitheach agus cóir go sóisialta.

(8)

Mar gheall ar scála na hinfheistíochta is gá le haghaidh an aistrithe ghlais agus an aistrithe dhigitigh, is gá an cistiú atá ar fáil faoi chláir an Aontais atá ann cheana a shlógadh go hiomlán, lena n-áirítear na cinn sin lena ndeonaítear ráthaíocht bhuiséadach le haghaidh oibríochtaí maoiniúcháin agus infheistíochta agus cur chun feidhme ionstraimí airgeadais agus oibríochtaí measctha. Ba cheart cistiú den sórt sin a shlógadh ar bhealach níos solúbtha, chun tacaíocht thráthúil agus spriocdhírithe a thabhairt do theicneolaíochtaí criticiúla in earnálacha straitéiseacha. Dá bhrí sin, ba cheart Ardán Teicneolaíochtaí Straitéiseacha don Eoraip (STEP) a chur ar bun chun rannchuidiú le freagra a thabhairt ar riachtanais infheistíochta an Aontais trí chuidiú le cistí an Aontais atá ann cheana a dhíriú níos fearr i dtreo infheistíocht chriticiúil, lena n-áirítear i dtionscadail trasteorann agus uile-Aontais, arb é is aidhm di tacú le teicneolaíochtaí criticiúla a fhorbairt nó a mhonarú in earnálacha straitéiseacha, agus, ag an am céanna, cothrom na Féinne á chaomhnú sa mhargadh inmheánach, an comhtháthú á chaomhnú agus arb é is aidhm di dáileadh atá cothrom ó thaobh na geografaíochta de ar thionscadail arna maoiniú faoi STEP a bhaint amach i gcomhréir le sainorduithe na gclár faoi seach.

(9)

Agus cláir agus gníomhaíochtaí faoin Rialachán seo á gcur chun feidhme acu, moltar don Choimisiún agus do na Ballstáit tionscadail a chur chun cinn agus a chur in ord tosaíochta ar tionscadail iad i nGleannta Luasghéaraithe Glan-nialasacha mar a shainmhínítear sa Ghníomh um an Tionscal Glan-nialasachta, nó tionscadail i gcríocha a áirítear sa Phlean críochach um Aistriú Cóir dá dtagraítear i Rialachán (AE) 2021/1056 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (7), agus i réigiúin bheagfhorbartha agus réigiúin trasdula, chomh maith le réigiúin níos forbartha i mBallstáit ar lú a meán-OTI per capita ná meán-OTI AE-27 arna thomhas de réir na gcaighdeán um chumhacht chun ceannaithe agus arna ríomh ar bhonn fhigiúirí an Aontais le haghaidh na tréimhse 2015 go 2017.

(10)

Le STEP, ba cheart acmhainní a shlógadh laistigh de chláir an Aontais atá ann cheana, lena n-áirítear InvestEU a bunaíodh le Rialachán (AE) 2021/523 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (8), Fís Eorpach a bunaíodh le Rialachán (AE) 2021/695 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (9), an Ciste Eorpach Cosanta a bunaíodh le Rialachán (AE) 2021/697 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (10) agus an Ciste don Nuálaíocht a bunaíodh le Treoir 2003/87/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (11), Ciste Forbraíochta Réigiúnaí na hEorpa (CFRE) agus an Ciste Comhtháthaithe a bunaíodh le Rialachán (AE) 2021/1058 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (12), Ciste Sóisialta na hEorpa Plus (CSE+) a bunaíodh le Rialachán (AE) 2021/1057 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (13),

an Ciste um Aistriú Cóir (CUAC) a bunaíodh le Rialachán (AE) 2021/1056 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (14), an tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta a bunaíodh le Rialachán (AE) 2021/241 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (15), Clár EU4Health a bunaíodh le Rialachán (AE) 2021/522 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (16), agus an Clár don Eoraip Dhigiteach a bunaíodh le Rialachán (AE) 2021/694 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (17). Ba cheart cur leis na hacmhainní arna slógadh leis na cláir sin de chuid an Aontais trí chistiú breise EUR 1,5 billiún don Chiste Eorpach Cosanta le haghaidh tionscadail lena rannchuidítear le cuspóirí STEP.

(11)

Ba cheart Séala Ceannasachta a bhronnadh ar thionscadail lena rannchuidítear le cuspóirí STEP, ar choinníoll go ndearnadh measúnú ar an tionscadal agus go gcomhlíonann sé na híoscheanglais cháilíochta, go háirithe critéir incháilitheachta, eisiaimh agus dhámhachtana, dá bhforáiltear i nglaonna ar thograí faoin gclár Fís Eorpach, faoin gCiste Eorpach Cosanta, faoin gCiste don Nuálaíocht, faoi Chlár EU4Health nó faoin gClár don Eoraip Dhigiteach, gan beann ar cé acu atá nó nach bhfuil cistiú faighte ag an tionscadal faoi cheann de na hionstraimí sin. Bunaítear na híoscheanglais cháilíochta sin d’fhonn tionscadail ardcháilíochta a shainaithint. Ba cheart an Séala Ceannasachta a bhronnadh i gcomhréir leis na coinníollacha incháilitheachta sonracha a shainítear sna glaonna ar thograí faoi na cláir lena mbaineann, a bhféadfadh teorainneacha geografacha a bheith san áireamh iontu, más iomchuí agus má fhoráiltear dó sin sna gníomhartha reachtacha faoi seach lena rialaítear na cláir sin. Agus é ag ullmhú raon feidhme na nglaonna ar thograí a bhféadfaí Séala Ceannasachta a bhronnadh orthu, ba cheart don Choimisiún an ceanglas maidir le tograí tionscadail a áireamh, i gcás inarb iomchuí, chun a léiriú conas a mheastar go rannchuideoidh siad le líonraí áitiúla de ghníomhaithe tionsclaíocha a neartú agus a struchtúrú agus le cruthú post. Ba cheart na glaonna sin, i gcás inar féidir agus inarb iomchuí, a bheith oscailte go leanúnach. Ba cheart an Séala Ceannasachta a úsáid mar lipéad cáilíochta, chun cuidiú le tionscadail infheistíochtaí poiblí agus príobháideacha a mhealladh trína dheimhniú go rannchuidíonn siad le cuspóirí STEP. Ina theannta sin, ba cheart don Séala Ceannasachta rochtain níos fearr ar chistiú ón Aontas a chur chun cinn, go háirithe trí chistiú carnach nó comhcheangailte ó roinnt ionstraimí de chuid an Aontais a éascú. Ba cheart na Ballstáit a spreagadh freisin an Séala Ceannasachta a chur i gcuntas agus tacaíocht airgeadais á tabhairt acu trína gcláir féin.

(12)

Chuige sin, ba cheart a bheith in ann brath ar mheasúnuithe arna ndéanamh chun críoch clár eile de chuid an Aontais i gcomhréir le Rialachán (AE, Euratom) 2018/1046 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (18), chun an t-ualach riaracháin ar thairbhithe chistí an Aontais a laghdú agus infheistíocht i dteicneolaíochtaí tosaíochta a spreagadh. Ar choinníoll go gcomhlíonann siad forálacha Rialachán (AE) 2021/241, ba cheart do na Ballstáit breithniú a dhéanamh ar thionscadail ar bronnadh an Séala Ceannasachta orthu a áireamh agus athbhreithniú á dhéanamh ar a bpleananna téarnaimh agus athléimneachta agus ba cheart é a bheith ar a gcumas bhreithniú a dhéanamh ar thionscadail a áireamh agus cinneadh á dhéanamh acu maidir le tionscadail infheistíochta atá le maoiniú as a sciar den Chiste don Nuachóiriú a bunaíodh de bhun Threoir 2003/87/CE. Ba cheart don Choimisiún an Séala Ceannasachta a chur i gcuntas freisin i gcomhthéacs an nós imeachta dá bhforáiltear in Airteagal 19 de Phrótacal Uimh. 5 ar Reacht an Bhainc Eorpaigh Infheistíochta atá i gceangal leis an gConradh ar an Aontas Eorpach (CAE) agus le CFAE (‘Reacht BEI’) agus i gcomhthéacs na seiceála beartais a leagtar síos i Rialachán (AE) 2021/523. Ina theannta sin, ba cheart a cheangal ar na comhpháirtithe cur chun feidhme scrúdú a dhéanamh ar thionscadail ar bronnadh an Séala Ceannasachta orthu i gcás ina dtagann siad faoina raon feidhme geografach agus gníomhaíochta i gcomhréir leis an Rialachán sin. Ba cheart d’údaráis atá i gceannas ar na cláir a thagann faoi raon feidhme an Rialacháin seo breithniú a dhéanamh ar thacaíocht a thabhairt do thionscadail straitéiseacha a aithnítear i gcomhréir leis an nGníomh um an Tionscal Glan-nialasachta agus leis an nGníomh Eorpach um Amhábhair Chriticiúla a thagann faoi raon feidhme an Rialacháin seo agus a bhféadfaí feidhm a bheith ag rialacha maidir le cistiú carnach ina leith.

(13)

Ba cheart STEP a chur chun feidhme ar bhealach éifeachtach, éifeachtúil, cothrom agus trédhearcach. Chuige sin, ba cheart é a chur de chúram ar an gCoimisiún an Séala Ceannasachta a bhronnadh agus a chur chun cinn, bainistiú a dhéanamh ar an suíomh gréasáin nua atá ar fáil go poiblí (‘an Tairseach Cheannasachta’) agus idirchaidreamh a dhéanamh le húdaráis inniúla náisiúnta agus le geallsealbhóirí atá ábhartha chun cuspóirí STEP a bhaint amach. Ba cheart don Choimisiún comhsheasmhacht, comhleanúnachas, sineirge agus comhlántacht a chur chun cinn freisin i measc chláir de chuid an Aontais chun tacú le tionscadail lena rannchuidítear le cuspóirí STEP.

(14)

Ba cheart don Choimisiún an Tairseach Cheannasachta a chur ar bun chun faisnéis maidir leis an tacaíocht atá ar fáil a thabhairt do thionscadail lena rannchuidítear le cuspóirí STEP. Chun aghaidh a thabhairt ar riachtanais na gcuideachtaí agus na dtionscnóirí tionscadail a bhfuil cistí á lorg acu do thionscadail STEP faoi chláir chistiúcháin an Aontais, ba cheart a thaispeáint ar an Tairseach Cheannasachta na deiseanna cistiúcháin le haghaidh infheistíochtaí STEP atá ar fáil faoi bhuiséad an Aontais ar bhealach inrochtana agus soláimhsithe don úsáideoir. Ba cheart a áireamh leis sin faisnéis faoi chláir de chuid an Aontais a bhainistítear go díreach, amhail Fís Eorpach, an Ciste Eorpach Cosanta, an Ciste don Nuálaíocht, Clár EU4Health, an Clár don Eoraip Dhigiteach agus foinsí cistiúcháin eile de chuid an Aontais, amhail InvestEU, an tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta, CFRE, an Ciste Comhtháthaithe, CSE+ agus CUAC. Thairis sin, leis an Tairseach Cheannasachta, ba cheart infheictheacht infheistíochtaí STEP i leith infheisteoirí a mhéadú, trí na tionscadail ar bronnadh Séala Ceannasachta orthu a liostú. Ba cheart a liostú ar an Tairseach Cheannasachta freisin na húdaráis inniúla náisiúnta atá freagrach as gníomhú mar phointí teagmhála chun STEP a chur chun feidhme ar an leibhéal náisiúnta. Ba cheart don Choimisiún comhlántacht na Tairsí Ceannasachta le hardáin chomhchosúla a áirithiú agus ró-rialáil agus ualach riaracháin a sheachaint.

(15)

Ba cheart don Choimisiún faireachán a dhéanamh ar chur chun feidhme chuspóirí STEP chun an dul chun cinn i dtreo chuspóirí beartais an Aontais a rianú. Ba cheart an faireachán sin a dhéanamh ar bhealach atá spriocdhírithe agus comhréireach leis na gníomhaíochtaí a dhéantar faoi STEP chun ró-rialáil agus ualach riaracháin a sheachaint, go háirithe i gcás tairbhithe cistiúcháin. Chun cuntasacht a áirithiú do shaoránaigh an Aontais, ba cheart don Choimisiún tuarascáil bhliantúil a chur faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle maidir leis an dul chun cinn i dtaobh chur chun feidhme chuspóirí STEP faoi na cláir faoi seach, maidir le caiteachas foriomlán STEP arna mhiondealú de réir an chláir, agus maidir le feidhmíocht STEP bunaithe ar na táscairí feidhmíochta dá bhforáiltear leis na cláir sin. I gcás ina bhfuil sí ar fáil, ba cheart faisnéis a sholáthar maidir le rannchuidiú cáilíochtúil agus cainníochtúil STEP le tionscadail trasteorann agus le tionscadail in aghaidh an Bhallstáit.

(16)

Cé go mbraitheann STEP ar ath-chlársceidealú agus atreisiú na gclár atá ann cheana chun tacú le hinfheistíochtaí straitéiseacha, agus chun spleáchais straitéiseacha an Aontais a laghdú, is gné thábhachtach é freisin chun indéantacht agus ullmhú idirghabhálacha féideartha nua a thástáil chun tacú le ceannasacht agus iomaíochas in earnálacha straitéiseacha agus chun beartas tionsclaíoch an Aontais a neartú. Ba cheart STEP a úsáid, go háirithe, mar bhonn chun gníomhaíochtaí comhchosúla a d’fhéadfadh a bheith ann a mheas, amhail Ciste Eorpach Ceannasachta.

(17)

Ba cheart don Choimisiún meastóireacht eatramhach a dhéanamh ar an Rialachán seo, inar cheart dó measúnú a dhéanamh ar ábharthacht na ngníomhaíochtaí a dhéantar faoin Rialachán seo maidir le spleáchais straitéiseacha an Aontais a laghdú agus maidir lena uathriail a neartú. Ba cheart dó measúnú a dhéanamh freisin ar a indéanta atá sé an Tairseach Cheannasachta a leathnú chun na suíomhanna gréasáin uile atá ar fáil go poiblí a chomhcheangal agus faisnéis a sholáthar maidir le cláir de chuid an Aontais atá faoi bhainistíocht dhíreach, roinnte agus indíreach i dtairseach aonair chomh maith lena indéanta atá sé ionsamhlóir a chur ar bun chun treoir a thabhairt do thionscnóirí tionscadail maidir le cláir nó cistí an Aontais a bhféadfadh a dtionscadal ar leith a bheith incháilithe ina leith.

(18)

Leis an gCiste don Nuálaíocht, tacaítear le hinfheistíochtaí i dteicneolaíochtaí nuálacha ísealcharbóin, rudaí a thagann faoi raon feidhme an Rialachán seo. Beidh ról lárnach, dá bhrí sin, ag an gCiste don Nuálaíocht maidir le tacú le teicneolaíochtaí criticiúla atá glan agus tíosach ar acmhainní a fhorbairt nó a mhonarú san Aontas. Agus glaonna ar thograí nó imthairiscint iomaíoch á gceapadh agus á gcur chun feidhme nó á ceapadh agus á cur chun feidhme aige faoin gCiste don Nuálaíocht, ba cheart don Choimisiún breithniú a dhéanamh ar thionscadail a aithnítear mar thionscadail straitéiseacha faoin nGníomh um an Tionscal Glan-nialasachta, a mheastar a rannchuidíonn le cuspóirí STEP.

(19)

Chun leathnú a dhéanamh ar dheiseanna chun tacú le hinfheistíochtaí arb é is aidhm dóibh forbairt thionsclaíoch agus atreisiú slabhraí luacha in earnálacha straitéiseacha a neartú, ba cheart raon feidhme na tacaíochta ó CFRE a leathnú trí fhoráil a dhéanamh maidir le cuspóirí sonracha nua faoi CFRE, gan dochar do na rialacha maidir le hincháilitheacht caiteachais agus caiteachas aeráide a leagtar síos i Rialachán (AE) 2021/1058 agus i Rialachán (AE) 2021/1060 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (19). In earnálacha straitéiseacha, ba cheart a bheith in ann tacú le hinfheistíochtaí táirgiúla i bhfiontair nach FBManna iad, béim á coinneáil ar FBManna ag an am céanna, a d’fhéadfadh rannchuidiú go mór le forbairt na réigiún beagfhorbartha agus na réigiún trasdula, agus i réigiúin níos forbartha sna Ballstáit ag a bhfuil OTI per capita atá faoi bhun mheán AE-27. Moltar d’údaráis bhainistíochta an comhoibriú idir fiontair mhóra agus FBManna áitiúla, slabhraí soláthair áitiúla agus éiceachórais áitiúla nuálaíochta agus teicneolaíochta a chur chun cinn. D’fhágfadh sé sin go bhféadfaí acmhainneacht fhoriomlán an Aontais a athneartú chun a sheasamh sna hearnálacha sin a neartú trí rochtain a thabhairt do na Ballstáit uile le haghaidh infheistíochtaí den sórt sin, agus ar an gcaoi sin ghníomhófaí in aghaidh an riosca go dtiocfadh méadú ar éagothromaíochtaí. Ba cheart na hacmhainní atá clársceidealaithe do na cuspóirí sonracha nua sin a theorannú d’uasmhéid 20 % de leithdháileadh tosaigh náisiúnta CFRE i gcomhréir le Rialachán (AE) 2021/1060.

(20)

Chun ardleibhéal uaillmhéine a choinneáil maidir le cuspóirí aeráide i mbeartas comhtháthaithe a bhaint amach, agus ag an am céanna ligean do sholúbthacht idir an Ciste Comhtháthaithe agus CFRE, ba cheart a bheith in ann méid ranníocaíocht aeráide an Chiste Comhtháthaithe a sháraíonn 37 % dá leithdháileadh iomlán a chur i gcuntas agus ranníocaíocht aeráide CFRE á ríomh, ar thaobh amháin, agus ba cheart a bheith in ann méid ranníocaíocht aeráide CFRE a sháraíonn 30 % dá leithdháileadh iomlán a chur i gcuntas agus ranníocaíocht aeráide an Chiste Comhtháthaithe á ríomh, ar an taobh eile.

(21)

Ba cheart raon feidhme tacaíochta CUAC a leathnú freisin chun go gcumhdófaí infheistíochtaí i dteicneolaíochtaí a chumhdaítear leis an Rialachán seo agus chun aghaidh a thabhairt ar ghanntanas saothair agus scileanna atá riachtanach chun na hinfheistíochtaí sin a réadú, lena rannchuidítear le cuspóirí STEP ag fiontair mhóra agus béim á caomhnú ar FBManna, ar choinníoll go bhfuil infheistíochtaí den sórt sin comhoiriúnach leis an méid a mheastar a rannchuideofar leis an aistriú chuig aeráidneodracht mar a leagtar amach sna pleananna críochacha um aistriú cóir i gcomhréir le Rialachán (AE) 2021/1056. Leis an tacaíocht a thugtar do na hinfheistíochtaí sin, níor cheart gá a bheith ann athbhreithniú a dhéanamh ar an bplean críochach um aistriú cóir i gcás ina mbeadh an t-athbhreithniú sin nasctha go heisiach leis an anailís ar bhearnaí lena dtugtar údar leis an infheistíocht ó thaobh cruthú post de. I gcomhthéacs na tacaíochta d’fhiontair nach FBManna iad, ba cheart breithniú freisin ar infheistíochtaí lena rannchuidítear le printíseachtaí agus poist a chruthú nó lena gcuirtear oideachas nó oiliúint ar fáil do scileanna nua.

(22)

Le CSE+, arb é príomhchiste an Aontais chun infheistíocht a dhéanamh i ndaoine, cuirtear go mór le forbairt scileanna a chur chun cinn. Chun úsáid CSE+ a éascú le haghaidh chuspóirí STEP, ba cheart a bheith in ann CSE+ a úsáid chun infheistíochtaí a chumhdach arb é is aidhm dóibh lucht saothair oilte athléimneach a bheidh réidh don saol oibre amach anseo a bhaint amach.

(23)

Chun cuidiú le dlús a chur le hinfheistíochtaí agus leachtacht láithreach a sholáthar le haghaidh infheistíochtaí lena dtacaítear le cuspóirí STEP faoi CFRE, CSE+ agus CUAC, ba cheart méid breise réamh-mhaoinithe eisceachtúil a sholáthar i bhfoirm íocaíocht aonuaire i ndáil leis na tosaíochtaí atá tiomnaithe d’infheistíochtaí lena dtacaítear le cuspóirí STEP. Ba cheart feidhm a bheith ag an réamh-mhaoiniú breise maidir le leithdháileadh CUAC ina iomláine i bhfianaise an ghá atá le dlús a chur lena chur chun feidhme agus i bhfianaise naisc láidre CUAC chun tacú leis na Ballstáit i dtreo chuspóirí STEP. Ba cheart na rialacha is infheidhme maidir leis na méideanna sin de réamh-mhaoiniú eisceachtúil a bheith comhsheasmhach leis na rialacha is infheidhme maidir le réamh-mhaoiniú dá bhforáiltear i Rialachán (AE) 2021/1060. Thairis sin, chun glacadh na n-infheistíochtaí sin a dhreasú tuilleadh agus chun a áirithiú go gcuirfear chun feidhme níos tapúla iad, ba cheart uasráta cómhaoinithe de chuid an Aontais de 100 % a bheith ar fáil i gcás thosaíochtaí STEP. Agus cuspóirí STEP á gcur chun feidhme, ba cheart údaráis bhainistíochta a spreagadh chun critéir shóisialta áirithe a chur i bhfeidhm agus torthaí dearfacha sóisialta a chur chun cinn, amhail printíseachtaí agus poist den scoth a chruthú do dhaoine óga faoi mhíbhuntáiste, go háirithe daoine óga nach bhfuil i mbun fostaíochta, oideachais ná oiliúna, na critéir dhámhachtana shóisialta a leagtar amach i dTreoracha 2014/23/AE (20), 2014/24/AE (21) agus 2014/25/AE (22) ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a chur i bhfeidhm, i gcás ina gcuireann comhlacht atá faoi réir na dTreoracha sin tionscadal chun feidhme, agus an pá is infheidhme a íoc mar a comhaontaíodh trí chómhargáil.

(24)

Ba cheart Rialachán (AE) 2021/1060 a leasú chun gur féidir le tionscadail ar bronnadh Séala Ceannasachta orthu tairbhiú de rochtain níos fearr ar chistiú ón Aontas, go háirithe trí chistiú carnach nó comhcheangailte ó roinnt ionstraimí de chuid an Aontais a éascú. Chuige sin, ba cheart d’údaráis bhainistíochta a bheith in ann tacaíocht ó CFRE nó ó CSE+ a dheonú go díreach, i gcás oibríochtaí ar bronnadh Séala Ceannasachta orthu.

(25)

Chun an t-ualach riaracháin a laghdú agus chun imscaradh tráthúil STEP a áirithiú, ba cheart a bheith in ann, de mhaolú ar na rialacha is infheidhme, tosaíochtaí a áiríodh chun aghaidh a thabhairt ar infheistíochtaí lena rannchuidítear le cuspóirí STEP a eisiamh ó athbhreithniú meántéarma CFRE, an Chiste Comhtháthaithe, CSE+ agus CUAC dá bhforáiltear i Rialachán (AE) 2021/1060. Le leasuithe den sórt sin ar chláir, Ba cheart a bheith in ann iomlán an mhéid solúbthachta nó cuid de a leithdháileadh go cinntitheach do na blianta 2026 agus 2027. Leasuithe ar chláir a bhaineann go heisiach le tabhairt isteach tosaíochtaí lena rannchuidítear le cuspóirí STEP agus a thíolactar faoin 31 Lúnasa 2024, ba cheart don Choimisiún iad a fhormheas laistigh de 2 mhí tar éis do Bhallstát iad a thíolacadh. Thairis sin, ba cheart a bheith in ann aon leasuithe comhfhreagracha ar na Comhaontuithe Comhpháirtíochta dá dtagraítear i Rialachán (AE) 2021/1060 a thabhairt isteach agus a chur faoi deara ag an gCoimisiún iad a fhormheas ar shlí bhrostaithe.

(26)

Rinneadh an creat rialála le haghaidh chur chun feidhme chláir 2014-2020 a oiriúnú le blianta beaga anuas chun solúbthacht bhreise a thabhairt do na Ballstáit agus do na réigiúin i dtéarmaí cur chun feidhme agus níos mó leachtachta ann chun dul i ngleic le héifeachtaí phaindéim COVID-19 agus le cogadh foghach na Rúise in aghaidh na hÚcráine. Tá dóthain ama agus acmhainní riaracháin de dhíth chun na bearta sin, a tugadh isteach ag deireadh na clárthréimhse, a shaothrú agus a chur chun feidhme go hiomlán, go háirithe tráth a dhíríonn na Ballstáit acmhainní ar athbhreithniú a dhéanamh ar chláir oibríochtúla 2021-2027 atá nasctha le cuspóirí STEP. D’fhonn an t-ualach riaracháin ar údaráis na gclár a laghdú agus d’fhonn caillteanas féideartha cistí ag tráth an dúnta ar chúiseanna riaracháin amháin a chosc, ba cheart síneadh a chur leis na sprioc-amanna maidir le dúnadh riaracháin na gclár faoin tréimhse 2014-2020 i Rialacháin (AE) Uimh. 1303/2013 (23) agus (AE) Uimh. 223/2014 (24) ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle. Go sonrach, ba cheart síneadh 12 mhí a chur leis an sprioc-am chun an t-iarratas deiridh ar íocaíocht a thíolacadh. Thairis sin, ba cheart síneadh 12 mhí a chur leis an sprioc-am chun na doiciméid um dhúnadh a thíolacadh freisin. I gcomhthéacs na leasuithe sin, is iomchuí a shoiléiriú gur cheart a bheith in ann leanúint de dháileadh an bhia agus an ábhair a cheannaítear go dtí deireadh na tréimhse incháilitheachta (deireadh 2023) tar éis an dáta sin.

Chun cur chun feidhme fónta bhuiséad an Aontais agus urraim a thabhairt do na huasteorainneacha íocaíochta a áirithiú, ba cheart uasteorainn 1 % in aghaidh an chláir de na leithreasuithe airgeadais ó acmhainní faoin gcreat airgeadais ilbhliantúil do na blianta 2021 go 2027, a leagtar síos i Rialachán (AE, Euratom) 2020/2093 ón gComhairle (25), a chur leis na híocaíochtaí atá le déanamh in 2025. Níor cheart méideanna atá dlite is mó ná an uasteorainn 1 % de leithreasuithe cláir in aghaidh an chiste do 2025 a íoc in 2025 ná sna blianta dá éis sin agus níor cheart iad a úsáid ach chun réamh-mhaoiniú a imréiteach. Ba cheart méideanna nár úsáideadh a shaoradh i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 1303/2013 maidir le saoradh tráth an dúnta. Chun a áirithiú gur féidir leis na réigiúin is forimeallaí tacaíocht ó na cistí a chumhdaítear leis an Rialachán seo a úsáid go hiomlán, ba cheart a shoiléiriú, chun críocha na solúbthachta dá bhforáiltear i Rialachán (AE) Uimh. 1303/2013, gur cheart na leithdháiltí speisialta breise do na réigiúin is forimeallaí a mheas mar chuid de leithdháileadh CFRE ar an gcatagóir chéanna réigiúin leis an réigiún is forimeallaí lena mbaineann. D’ainneoin rialacha incháilitheachta éagsúla is infheidhme maidir leis an leithdháileadh speisialta breise, ba cheart a bheith in ann an tsolúbthacht sin a chur i bhfeidhm freisin idir an leithdháileadh speisialta breise agus leithdháiltí eile CFRE ar an gcatagóir chéanna réigiún laistigh de chlár.

(27)

Leis na solúbthachtaí dá bhforáiltear i gcás chlárthréimhse 2014-2020, cabhraíodh leis na Ballstáit ina n-iarrachtaí freagartha ar ghéarchéimeanna agus téarnaimh, agus cabhraíodh leo chun aghaidh a thabhairt ar an mbrú breise ar bhuiséid phoiblí arb é chogadh foghach na Rúise i gcoinne na hÚcráine is cúis leis. Chun gur féidir leis na Ballstáit déileáil leis an mbrú leanúnach buiséid, i gcomhréir leis an bhféidearthacht dá bhforáiltear i Rialachán (AE) Uimh. 1303/2013, ba cheart a fhoráil go cúlghabhálach do shíneadh a chur leis an bhféidearthacht ráta cómhaoinithe 100 % ón Aontas a chur i bhfeidhm ar chláir chomhtháthaithe don bhliain chuntasaíochta deiridh ón 1 Iúil 2023 go dtí an 30 Meitheamh 2024, i gcás ina dtugann Ballstát fógra don Choimisiún sula dtíolacfar an t-iarratas deiridh ar íocaíocht eatramhach don bhliain chuntasaíochta deiridh, i gcomhréir le leithreasuithe buiséid agus faoi réir an chistiúcháin atá ar fáil.

(28)

Is é InvestEU clár suaitheanta an Aontais chun borradh a chur faoin infheistíocht, go háirithe an t-aistriú glas agus an t-aistriú digiteach, trí mhaoiniú faoi thionchar an éilimh a sholáthar, lena n-áirítear trí shásraí measctha, agus trí chúnamh teicniúil. Leis an gcur chuige sin, rannchuidítear le plódú isteach caipitil phoiblí agus phríobháidigh bhreise faoi na réimsí beartais reatha. Chun a áirithiú go n-ionsúfar go hiomlán na cistí atá ar fáil agus ar choinníoll nach bhfuil acmhainneacht leordhóthanach ag comhpháirtithe cur chun feidhme an 25 % de ráthaíocht AE a bunaíodh le Rialachán (AE) 2021/523 atá curtha in áirithe dóibh a ionsú, ba cheart don Choimisiún a bheith in ann níos mó ná 75 % de ráthaíocht AE a dheonú do Ghrúpa BEI. Sa chomhthéacs sin, ba cheart don Choimisiún spreagadh agus cúnamh a thabhairt do na comhpháirtithe cur chun feidhme seachas Grúpa BEI an cistiú atá ar fáil dóibh a ionsú ina iomláine. Moltar do na Ballstáit rannchuidiú le hurrann InvestEU an Bhallstáit chun tacú le táirgí airgeadais i gcomhréir le cuspóirí STEP faoi na réimsí beartais reatha, gan dochar do na rialacha is infheidhme maidir leis an Státchabhair. Ba cheart do na Ballstáit a bheith in ann ranníocaíocht in airgead tirim a áireamh mar bheart ina bpleananna téarnaimh agus athléimneachta chun críocha urrann InvestEU an Bhallstáit chun tacú le cuspóirí STEP faoi na réimsí beartais reatha. Leis an ranníocaíocht bhreise sin chun tacú le cuspóirí STEP, ba cheart a bheith in ann suas le 6 % de leithdháileadh airgeadais iomlán a bplean téarnaimh agus athléimneachta ar urrann InvestEU an Bhallstáit a bhaint amach. Ba cheart solúbthacht bhreise agus soiléiriú breise a thabhairt isteach freisin chun cuspóirí STEP a shaothrú ar shlí níos fearr. I gcás tionscadail lena rannchuidítear le cuspóirí STEP, ba cheart sáriarrachtaí a dhéanamh chun a áirithiú, ag deireadh na tréimhse infheistíochta, go ndéanfar raon leathan earnálacha agus réigiún a chumhdach agus comhchruinniú earnála nó geografach iomarcach a sheachaint.

(29)

Is é an clár Fís Eorpach príomhchlár cistiúcháin an Aontais don taighde agus don nuálaíocht, agus cuireann an Chomhairle Nuálaíochta Eorpach (CNE) tacaíocht ar fáil, go háirithe do nuálaíochtaí ag a bhfuil an acmhainneacht a bheith ceannródaíoch, ar de chineál suaiteach iad agus ag a bhfuil acmhainneacht fáis a bhféadfadh riosca ró-ard a bheith ag baint leo d’infheisteoirí príobháideacha. Ba cheart foráil a dhéanamh maidir le solúbthacht bhreise faoin gclár Fís Eorpach, ionas gur féidir le Luasaire CNE tacaíocht de chineál cothromais amháin a thabhairt do FBManna neamhiontaofa ó thaobh brabúis de, lena n-áirítear gnólachtaí nuathionscanta, agus cuideachtaí meánchaipitlithe beaga neamhiontaofa ó thaobh brabúis de, atá i mbun nuálaíochta, go háirithe dóibh siúd atá ag obair ar na teicneolaíochtaí a fhaigheann tacaíocht ó STEP, gan beann ar cé acu a fuair nó nach bhfuair siad cineálacha eile tacaíochta roimhe sin ó Luasaire CNE. Tá cur chun feidhme na hionstraime airgeadais atá mar chuid de Luasaire CNE lena soláthraítear infheistíocht trí chothromas nó trí fhoirm inaisíoctha eile (‘Ciste CNE’) teoranta d’uasmhéid infheistíochta EUR 15 mhilliún faoi láthair cé is moite de chásanna eisceachtúla agus ní féidir leis freastal ar bhabhtaí maoinithe leantaigh ná ar mhéideanna infheistíochta níos mó. Dá gceadófaí tacaíocht de chineál cothromais amháin i gcás FBManna neamhiontaofa ó thaobh brabúis de agus cuideachtaí meánchaipitlithe beaga neamhiontaofa ó thaobh brabúis de, thabharfaí aghaidh ar an mbearna atá ann faoi láthair sa mhargadh, go háirithe i gcás riachtanais infheistíochta idir EUR 15 mhilliún agus EUR 50 milliún. Thairis sin, is léir ón taithí a fuarthas nach n-úsáidtear ina n-iomláine na méideanna a gealladh do Threoirthionscadal CNE faoi chlár Fís2020 a bunaíodh le Rialachán (AE) Uimh. 1291/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (26). Ba cheart Rialachán (AE) 2021/695 a leasú freisin chun an t-imchlúdach méadaithe don Chiste Eorpach Cosanta a léiriú.

(30)

Tá ról lárnach ag CNE maidir le cistiú tosaigh a thairiscint do ghnólachtaí nuathionscanta atá ag fás go tapa agus do chuideachtaí meánchaipitlithe beaga. Leis an saineolas atá aige, tá CNE in ann, go hidéalach, feabhas a chur ar na deiseanna cistiúcháin atá ann do chuideachtaí atá ag iarraidh caipitil chun uas-scálú i ndiaidh chéim thosaigh na nuálaíochta. I bhfianaise ról lárnach Chiste CNE ó thaobh rath STEP, ba cheart na forálacha reachtacha maidir le feidhmiú CNE a shoiléiriú.

(31)

Is é an Ciste Eorpach Cosanta an príomhchlár chun iomaíochas, nuálaíocht, éifeachtúlacht agus uathriail theicneolaíoch thionscal cosanta an Aontais a fheabhsú, rud a chuireann le huathriail straitéiseach oscailte an Aontais. Tá forbairt cumas cosanta ríthábhachtach, toisc go gcuirtear taca léi faoi acmhainneacht agus uathriail earnáil tionsclaíochta an Aontais chun táirgí cosanta a fhorbairt agus faoi neamhspleáchas na mBallstát mar úsáideoirí deiridh táirgí den sórt sin. Ba cheart, dá bhrí sin, imchlúdach breise a chur ar fáil chun tacú le tionscadail lena rannchuidítear le forbairt feidhmeanna cosanta faoi raon feidhme an Rialacháin seo.

(32)

Ós rud é nach féidir leis na Ballstáit cuspóirí an Rialacháin seo, eadhon ceannasacht agus slándáil an Aontais a neartú, dlús a chur le haistriú glas agus aistriú digiteach an Aontais, iomaíochas an Aontais a fheabhsú agus spleáchais straitéiseacha an Aontais a laghdú, a ghnóthú go leordhóthanach agus gur fearr is féidir iad a ghnóthú ar leibhéal an Aontais, féadfaidh an tAontas bearta a ghlacadh i gcomhréir le prionsabal na coimhdeachta a leagtar amach in Airteagal 5 CAE. I gcomhréir le prionsabal na comhréireachta a leagtar amach san Airteagal sin, ní théann an Rialachán seo thar a bhfuil riachtanach chun na cuspóirí sin a ghnóthú,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Caibidil 1

STEP

Airteagal 1

Ábhar

1.   Leis an Rialachán seo, bunaítear Ardán um Theicneolaíochtaí Straitéiseacha don Eoraip (STEP) chun tacú le teicneolaíochtaí straitéiseacha criticiúla éiritheacha agus lena slabhraí luacha faoi seach in earnálacha ábhartha.

2.   Leis an Rialachán seo, leagtar síos cuspóirí STEP, an méid tacaíochta airgeadais atá ar fáil faoi STEP, agus rialacha maidir le cur chun feidhme an tSéala Ceannasachta agus na Tairsí Ceannasachta agus maidir le tuairisciú ar chuspóirí STEP.

Airteagal 2

Cuspóirí STEP

1.   Chun ceannasacht agus slándáil an Aontais a áirithiú, spleáchais straitéiseacha an Aontais in earnálacha straitéiseacha a laghdú, iomaíochas an Aontais a neartú trí athléimneacht agus táirgiúlacht an Aontais a neartú agus trí mhaoiniú a shlógadh, cuidiú le cothrom na Féinne a bheith ann le haghaidh infheistíochtaí sa mhargadh inmheánach, rannpháirtíocht trasteorann, lena n-áirítear rannpháirtíocht trasteorann FBManna, a chothú, comhtháthú eacnamaíoch, sóisialta agus críochach agus dlúthpháirtíocht i measc na mBallstát agus na réigiún a neartú agus rochtain chuimsitheach ar phoist tharraingteacha ardcháilíochta a chur chun cinn trí infheistiú i scileanna na todhchaí agus trína bhonn eacnamaíoch, tionsclaíoch agus teicneolaíoch a oiriúnú don aistriú glas agus don aistriú digiteach, saothróidh STEP na cuspóirí seo a leanas:

(a)

tacú le forbairt nó monarú teicneolaíochtaí criticiúla ar fud an Aontais, nó a slabhraí luacha faoi seach dá dtagraítear i mír 3 a choimirciú agus a neartú, sna hearnálacha seo a leanas:

(i)

teicneolaíochtaí digiteacha, lena n-áirítear iad siúd a rannchuidíonn le spriocanna agus cuspóirí Chlár Beartais 2030 don Deacáid Dhigiteach, tionscadail ilnáisiúnta mar a shainmhínítear in Airteagal 2, pointe (2), de Chinneadh (AE) 2022/2481, agus nuálaíocht domhainteicneolaíochta;

(ii)

teicneolaíochtaí atá glan agus tíosach ar acmhainní, lena n-áirítear teicneolaíochtaí glan-nialasacha mar a shainmhínítear sa Ghníomh um an Tionscal Glan-nialasachta;

(iii)

bith-theicneolaíochtaí, lena n-áirítear táirgí íocshláinte ar liosta an Aontais de tháirgí íocshláinte criticiúla agus a gcomhpháirteanna;

(b)

aghaidh a thabhairt ar ghanntanais saothair agus scileanna atá criticiúil do gach cineál post ardcháilíochta chun tacú leis an gcuspóir a leagtar amach i bpointe (a), go háirithe trí thionscadail foghlama ar feadh an tsaoil, oideachais agus oiliúna, lena n-áirítear na hAcadaimh um an Tionscal Glan-nialasachta arna mbunú de bhun fhoráil ábhartha an Ghnímh um an Tionscal Glan-nialasachta, agus i ndlúthchomhar leis na comhpháirtithe sóisialta agus le tionscnaimh oideachais agus oiliúna atá i bhfeidhm cheana.

2.   Measfar gur teicneolaíochtaí criticiúla na teicneolaíochtaí dá dtagraítear i mír 1, pointe (a), i gcás ina gcomhlíonann siad ceann amháin de na coinníollacha seo a leanas:

(a)

tugann siad gné cheannródaíoch atá nuálach agus éiritheach agus ag a bhfuil acmhainneacht shuntasach eacnamaíoch isteach sa mhargadh inmheánach;

(b)

rannchuidíonn siad le spleáchais straitéiseacha an Aontais a laghdú nó a chosc.

3.   Baineann an slabhra luacha chun teicneolaíochtaí criticiúla a fhorbairt nó a mhonarú dá dtagraítear i mír 1, pointe (a), den Airteagal seo le táirgí deiridh, chomh maith le comhpháirteanna sonracha agus innealra sonrach a úsáidtear go príomha chun na táirgí deiridh agus na hamhábhair chriticiúla a leagtar amach in iarscríbhinn a ghabhann leis an nGníomh um Amhábhair Chriticiúla a tháirgeadh, agus le seirbhísí gaolmhara atá criticiúil chun na táirgí deiridh sin a fhorbairt nó a mhonarú agus a bhaineann go sonrach leo.

De mhaolú ar an gcéad fhomhír den mhír seo, maidir leis an slabhra luacha chun teicneolaíochtaí a fhorbairt nó a mhonarú, ar teicneolaíochtaí iad a thagann faoi raon feidhme an Ghnímh um an Tionscal Glan-nialasachta agus arb é atá iontu na teicneolaíochtaí dá dtagraítear i mír 1, pointe (a)(ii), den Airteagal seo, baineann an slabhra luacha sin le táirgí deiridh, chomh maith le comhpháirteanna sonracha agus innealra sonrach a úsáidtear go príomha chun na táirgí deiridh a tháirgeadh, mar a shainmhínítear sa Ghníomh um an Tionscal Glan-nialasachta agus le seirbhísí gaolmhara atá criticiúil chun na táirgí deiridh sin a fhorbairt nó a mhonarú agus a bhaineann go sonrach leo.

4.   Tionscadail straitéiseacha a aithnítear i gcomhréir le foráil ábhartha an Ghnímh um an Tionscal Glan-nialasachta agus lena gcomhlíontar na critéir maidir le hathléimneacht nó na critéir maidir le hiomaíochas ón nGníomh um an Tionscal Glan-nialasachta, measfar go rannchuidíonn siad le cuspóir STEP dá dtagraítear i mír 1, pointe (a)(ii).

5.   Tionscadail straitéiseacha a aithnítear i gcomhréir le foráil ábhartha an Ghnímh um Amhábhair Chriticiúla, measfar go rannchuidíonn siad le cuspóir STEP dá dtagraítear i mír 1, pointe (a).

6.   I gcás ina mbaineann tionscadal tábhachtach ar mhaithe le leas na hEorpa i gcoitinne (IPCEI) arna fhormheas ag an gCoimisiún de bhun Airteagal 107(3), pointe (b), CFAE le haon cheann den teicneolaíocht dá dtagraítear i mír 1, pointe (a), den Airteagal seo, measfar gur teicneolaíochtaí criticiúla iad na teicneolaíochtaí ábhartha.

7.   Faoin 2 Bealtaine 2024, eiseoidh an Coimisiún treoir i dtaobh conas is féidir a mheas gur teicneolaíochtaí criticiúla iad na teicneolaíochtaí sna hearnálacha dá dtagraítear i mír 1, pointe (a), den Airteagal seo agus i dtaobh conas na coinníollacha a leagtar amach i mír 2 den Airteagal seo a chomhlíonadh. Sa treoir sin, soiléireoidh an Coimisiún tuilleadh coincheap an tslabhra luacha freisin agus na seirbhísí gaolmhara atá criticiúil chun na táirgí deiridh sin dá dtagraítear i mír 3 den Airteagal seo a fhorbairt nó a mhonarú agus a bhaineann go sonrach leo. Déanfar athbhreithniú ar an treoir sin, i gcás inarb iomchuí, i bhfianaise na tuarascála meastóireachta eatramhaí dá dtagraítear in Airteagal 8.

Airteagal 3

Tacaíocht airgeadais

1.   Soláthrófar tacaíocht airgeadais do chur chun feidhme STEP ó chláir de chuid an Aontais atá ann cheana.

2.   Chun treisiú a dhéanamh ar an gcumas cuspóirí STEP a bhaint amach, le méid EUR 1 500 000 000 i bpraghsanna reatha den imchlúdach airgeadais dá dtagraítear in Airteagal 4(1) de Rialachán (AE) 2021/697, tacófar le cur chun feidhme STEP. Cuirfear an méid sin chun feidhme i gcomhréir leis an Rialachán sin agus úsáidfear é d’fhonn cuspóirí STEP a bhaint amach.

Airteagal 4

Séala Ceannasachta agus cistiú comhcheangailte agus carnach

1.   Déanfaidh an Coimisiún Séala Ceannasachta a bhronnadh ar aon tionscadal lena rannchuidítear le haon cheann de chuspóirí STEP, ar choinníoll go bhfuil measúnú déanta ar an tionscadal agus go gcomhlíonann sé na híoscheanglais cháilíochta, go háirithe na critéir incháilitheachta, eisiaimh agus dhámhachtana, dá bhforáiltear i nglao ar thograí faoi Rialachán (AE) 2021/522, (AE) 2021/694, (AE) 2021/695 nó (AE) 2021/697 nó faoi Rialachán Tarmligthe (AE) 2019/856 ón gCoimisiún (27).

2.   Féadfar teorainneacha geografacha a áireamh i nglao ar thograí dá dtagraítear i mír 1 agus áireofar ann, i gcás inarb iomchuí, i gcomhréir le reachtaíocht earnáilsonrach ábhartha an Aontais, oibleagáidí chun dálaí oibre agus fostaíochta a urramú faoi dhlí an Aontais is infheidhme agus faoin dlí náisiúnta is infheidhme, faoi choinbhinsiúin is infheidhme de chuid na hEagraíochta Idirnáisiúnta Saothair agus faoi chomhaontuithe comhchoiteanna is infheidhme.

3.   Úsáidfear an Séala Ceannasachta mar lipéad cáilíochta, go háirithe chun na gcríoch seo a leanas:

(a)

tacaíocht a fháil don tionscadal faoi chlár eile de chuid an Aontais i gcomhréir leis na rialacha is infheidhme maidir leis an gclár sin, nó

(b)

an tionscadal a mhaoiniú trí chistiú comhcheangailte nó carnach le hionstraim eile de chuid an Aontais i gcomhréir leis na rialacha is infheidhme maidir leis na hionstraimí sin.

4.   Agus athbhreithniú á dhéanamh acu ar a bpleananna téarnaimh agus athléimneachta i gcomhréir le Rialachán (AE) 2021/241, measfaidh na Ballstáit, gan dochar d’fhorálacha an Rialacháin sin, gur tionscadail tosaíochta iad na tionscadail sin ar bronnadh Séala Ceannasachta orthu de bhun mhír 1 den Airteagal seo.

5.   Agus cinneadh á dhéanamh acu cé na tionscadail infheistíochta atá le maoiniú óna sciartha faoi seach den Chiste don Nuachóiriú i gcomhréir le hAirteagal 10d de Threoir 2003/87/CE, féadfaidh na Ballstáit a mheas mar thionscadail tosaíochta le haghaidh teicneolaíochtaí criticiúla atá glan agus tíosach ar acmhainní ar bronnadh an Séala Ceannasachta orthu i gcomhréir le mír 1 den Airteagal seo. Ina theannta sin, féadfaidh na Ballstáit a chinneadh tacaíocht náisiúnta a dheonú do thionscadail ar bronnadh Séala Ceannasachta orthu agus lena rannchuidítear le cuspóir STEP dá dtagraítear in Airteagal 2(1), pointe (a)(ii), den Rialachán seo.

6.   I gcomhréir le Rialachán (AE) 2021/523, cuirfear an Séala Ceannasachta i gcuntas i gcomhthéacs an nós imeachta dá bhforáiltear in Airteagal 19 de Reacht BEI agus i gcomhthéacs na seiceála beartais a leagtar síos in Airteagal 23(3) den Rialachán sin. Ina theannta sin, déanfaidh na comhpháirtithe cur chun feidhme scrúdú ar bhealach tráthúil ar thionscadail ar bronnadh an Séala Ceannasachta orthu i gcás ina dtagann siad faoina raon feidhme geografach agus gníomhaíochta mar a leagtar síos in Airteagal 26(5) de Rialachán (AE) 2021/523.

7.   Maidir le tionscadail straitéiseacha a aithnítear i gcomhréir le forálacha ábhartha an Ghnímh um an Tionscal Glan-nialasachta agus leis an nGníomh um Amhábhair Chriticiúla agus a thagann faoi raon feidhme Airteagal 2 den Rialachán seo agus a fhaigheann ranníocaíocht faoi na cláir dá dtagraítear in Airteagal 3 den Rialachán seo, féadfaidh siad ranníocaíocht a fháil freisin ó aon chlár eile de chuid an Aontais, lena n-áirítear cistí faoi bhainistíocht roinnte, ar choinníoll nach gcumhdaítear leis na ranníocaíochtaí sin na costais chéanna. Beidh feidhm ag rialacha chlár ábhartha an Aontais maidir leis an ranníocaíocht chomhfhreagrach leis an tionscadal straitéiseach. Ní bheidh an cistiú carnach níos airde ná na costais incháilithe iomlána a bhaineann leis an tionscadal straitéiseach. Féadfar an tacaíocht ó na cláir éagsúla de chuid an Aontais a ríomh ar bhonn pro rata i gcomhréir leis na doiciméid lena leagtar amach na coinníollacha tacaíochta.

8.   Bronnadh Séala Ceannasachta agus soláthar an chistiúcháin charnaigh, ní dochar iad do na rialacha is infheidhme maidir leis an Státchabhair ná d’oibleagáidí idirnáisiúnta an Aontais.

9.   Beidh an Séala Ceannasachta bailí ar feadh thréimhse chur chun feidhme an tionscadail ar bronnadh é agus scoirfidh sé de bheith bailí mura mbeidh an tionscadal sin tar éis tosú laistigh de 5 bliana ón mbronnadh, nó má athlonnaíodh an tionscadal lasmuigh den Aontas.

Airteagal 5

STEP a chur chun feidhme

Chun STEP a chur chun feidhme, déanfaidh an Coimisiún an méid seo a leanas go háirithe:

(a)

an Séala Ceannasachta dá dtagraítear in Airteagal 4(1) a chur chun cinn, go háirithe chun feabhas a chur ar infheictheacht na dtionscadal ar bronnadh an Séala Ceannasachta orthu agus ar infheictheacht na dtionscadal a bhfuil cistiú faighte acu faoi CFRE, faoin gCiste Comhtháthaithe, faoi CSE+ nó faoi CUAC;

(b)

an Tairseach Cheannasachta dá dtagraítear in Airteagal 6 a chur ar bun agus a bhainistiú, go háirithe chun deiseanna cistiúcháin uile an Aontais a thabhairt níos gaire do thairbhithe féideartha agus chun trédhearcacht i leith shaoránaigh an Aontais a fheabhsú;

(c)

idirchaidreamh a dhéanamh le húdaráis inniúla náisiúnta arna n-ainmniú i gcomhréir le hAirteagal 6(4), agus le geallsealbhóirí ábhartha eile, d’fhonn faisnéis a chomhordú agus a mhalartú faoi na riachtanais airgeadais, na scrogaill atá ann cheana agus na cleachtais is fearr maidir le rochtain ar chistiú faoi raon feidhme an Rialacháin seo;

(d)

teagmhálacha a chothú ar fud earnálacha na dteicneolaíochtaí dá dtagraítear in Airteagal 2, agus úsáid ar leith á baint as comhghuaillíochtaí tionsclaíocha atá ann cheana, líonraí tionsclaíocha atá ann cheana agus struchtúir thionsclaíocha atá ann cheana, lena n-áirítear an tArdán um Ghlan-nialasacht na hEorpa arna bunú leis an nGníomh um an Tionscal Glan-nialasachta agus an Bord Eorpach um Amhábhair Chriticiúla arna bhunú leis an nGníomh um Amhábhair Chriticiúla;

(e)

comhsheasmhacht, comhleanúnachas, sineirge agus comhlántacht a chur chun cinn i measc cláir de chuid an Aontais chun tacú le tionscadail lena rannchuidítear le cuspóirí STEP.

Airteagal 6

Tairseach Cheannasachta

1.   Bunóidh an Coimisiún suíomh gréasáin tiomnaithe atá ar fáil go poiblí (‘an Tairseach Cheannasachta’), lena dtugtar faisnéis faoi dheiseanna cistiúcháin maidir le tionscadail atá nasctha le cuspóirí STEP agus lena gcuirtear feabhas ar infheictheacht na dtionscadal sin, go háirithe tríd an bhfaisnéis seo a leanas a thaispeáint:

(a)

faisnéis faoi chláir de chuid an Aontais faoi raon feidhme an Rialacháin seo agus glaonna ar thograí atá ar siúl faoi láthair agus atá ar na bacáin agus glaonna ar thairiscintí atá nasctha le cuspóirí STEP faoi na cláir sin faoi seach;

(b)

mionsonraí tionscadal ar bronnadh Séala Ceannasachta orthu i gcomhréir le hAirteagal 4;

(c)

mionsonraí tionscadal a aithnítear mar thionscadail straitéiseacha faoin nGníomh um an Tionscal Glan-nialasachta agus faoin nGníomh um Amhábhair Chriticiúla, a mhéid a thagann siad faoi raon feidhme Airteagal 2 den Rialachán seo;

(d)

mionsonraí tionscadal lena dtacaítear le cuspóirí STEP a roghnaíodh le haghaidh tacaíocht faoi CFRE, faoin gCiste Comhtháthaithe, faoi CSE+ nó faoi CUAC, a mhéid a cuireadh in iúl don Choimisiún iad i gcomhréir le mír 5 den Airteagal seo.

(e)

sonraí teagmhála na n-údarás inniúil náisiúnta arna n-ainmniú i gcomhréir le mír 4.

2.   Taispeánfar ar an Tairseach Cheannasachta freisin faisnéis faoi chur chun feidhme STEP agus faisnéis i ndáil le caiteachas bhuiséad an Aontais dá dtagraítear in Airteagal 7, chomh maith le faisnéis faoi na táscairí feidhmíochta a shainmhínítear faoi na cláir faoi seach.

3.   Seolfar an Tairseach Cheannasachta an 1 Márta 2024 agus déanfaidh an Coimisiún í a thabhairt cothrom le dáta ar bhonn tráthrialta.

4.   Faoin 2 Meitheamh 2024, ainmneoidh gach Ballstát údarás inniúil náisiúnta amháin chun gníomhú mar a phríomhphointe teagmhála do chur chun feidhme STEP ar an leibhéal náisiúnta.

5.   I gcás ina bhfuil siad ar fáil, déanfaidh na húdaráis inniúla náisiúnta dá dtagraítear i mír 4 den Airteagal seo mionsonraí tionscadal lena dtacaítear le cuspóirí STEP a roghnaíodh le haghaidh tacaíocht faoi CFRE, faoin gCiste Comhtháthaithe, faoi CSE+ nó faoi CUAC a chur in iúl don Choimisiún lena dtaispeáint ar an Tairseach Cheannasachta.

Airteagal 7

Faireachán agus tuairisciú bliantúil

1.   Déanfaidh an Coimisiún faireachán ar chur chun feidhme STEP agus déanfaidh sé baint amach chuspóirí STEP a thomhas, ar bhonn chreataí faireacháin chláir an Aontais dá dtagraítear in Airteagal 3. Beidh an faireachán ar an gcur chun feidhme spriocdhírithe agus comhréireach leis na gníomhaíochtaí a dhéantar faoi STEP.

2.   Áiritheoidh an Coimisiún go ndéanfar na sonraí is gá chun faireachán a dhéanamh ar chur chun feidhme na ngníomhaíochtaí a dhéantar faoi STEP a bhailiú ar bhealach éifeachtúil, éifeachtach agus tráthúil. Chuige sin, rannchuideoidh faighteoirí cistiúcháin ón Aontas leis na sonraí chun faireachán a dhéanamh bunaithe ar na ceanglais tuairiscithe atá ann cheana, i gcás inar gá agus ar bhealach comhréireach.

3.   Cuirfidh an Coimisiún tuarascáil bhliantúil faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle maidir le cur chun feidhme STEP agus cuirfidh sé an tuarascáil sin ar fáil go poiblí.

4.   Áireofar sa tuarascáil bhliantúil faisnéis chomhdhlúite maidir leis an dul chun cinn a rinneadh i gcur chun feidhme chuspóirí STEP faoi gach ceann de na cláir dá dtagraítear in Airteagal 3, lena n-áirítear, i gcás ina bhfuil sí ar fáil, faisnéis cháilíochtúil agus chainníochtúil maidir le tacaíocht STEP in aghaidh an Bhallstáit agus maidir le tionscadail trasteorann.

5.   Áireofar sa tuarascáil bhliantúil freisin an fhaisnéis seo a leanas:

(a)

caiteachas foriomlán STEP arna mhiondealú de réir an chláir;

(b)

feidhmíocht STEP bunaithe ar na táscairí feidhmíochta a shainítear faoi na cláir;

(c)

forléargas ar rannchuidiú STEP le cuspóirí straitéiseacha an Aontais maidir le hiomaíochas fadtéarmach a áirithiú;

(d)

anailís ar dháileadh geografach agus teicneolaíoch na dtionscadal ar bronnadh an Séala Ceannasachta orthu.

Airteagal 8

Meastóireacht ar STEP

1.   Faoin 31 Nollaig 2025, soláthróidh an Coimisiún tuarascáil mheastóireachta eatramhach do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle maidir le cur chun feidhme STEP, chun bonn eolais a chur faoin gcinnteoireacht a dhéanfar amach anseo.

2.   Leis an tuarascáil mheastóireachta eatramhach, déanfar measúnú, go háirithe, ar a mhéid a baineadh amach cuspóirí STEP, ar éifeachtúlacht úsáid na n-acmhainní agus a bhreisluach Eorpach.

Leis an tuarascáil mheastóireachta eatramhach, déanfar an méid seo a leanas freisin:

(a)

forléargas a thabhairt ar réigiúin an Aontais ar leasaíodh na cláir chomhtháthaithe ina leith i gcomhréir le prionsabal na comhpháirtíochta;

(b)

ábharthacht chuspóirí agus ghníomhaíochtaí STEP a mheas, lena n-áirítear na teicneolaíochtaí criticiúla a dtacaítear leo trí STEP;

(c)

measúnú a dhéanamh ar a indéanta atá sé faisnéis faoi chláir de chuid an Aontais a sholáthar ar thairseach aonair de chuid an Aontais, chun deiseanna cistiúcháin uile an Aontais a thabhairt níos gaire do thairbhithe féideartha agus chun a dtrédhearcacht i leith shaoránaigh an Aontais a fheabhsú; agus

(d)

measúnú a dhéanamh ar a indéanta atá sé ionsamhlóir a chur ar bun chun treoir a thabhairt do thionscnóirí tionscadail, go háirithe FBManna, maidir leis na deiseanna cistiúcháin de chuid an Aontais a bhféadfadh a dtionscadal ar leith a bheith incháilithe ina leith.

3.   I gcás inarb iomchuí, beidh togra reachtach chun an Rialachán seo a leasú ag gabháil leis an tuarascáil mheastóireachta eatramhach agus é mar aidhm leis spleáchais straitéiseacha an Aontais a laghdú agus beartas tionsclaíoch an Aontais a neartú, agus feidhmiú cuí an mhargaidh aonair á áirithiú, saobhadh an mhargaidh á sheachaint agus cothrom na Féinne á chruthú san Aontas, nó beidh tograí reachtacha ag gabháil leis an tuarascáil mheastóireachta eatramhach le haghaidh tionscnaimh eile lena saothraítear cuspóirí comhchosúla.

4.   Ag deireadh chur chun feidhme chláir de chuid an Aontais trína dtugtar tacaíocht airgeadais do STEP, ach tráth nach déanaí ná an 31 Nollaig 2031, soláthróidh an Coimisiún tuarascáil mheastóireachta chríochnaitheach do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle maidir le cur chun feidhme STEP, ag cur leis na heilimintí uile a áirítear sa tuarascáil mheastóireachta eatramhach agus ag déanamh achoimre ar na heilimintí a sholáthraítear sna tuarascálacha bliantúla dá dtagraítear in Airteagal 7.

Caibidil 2

Leasuithe

Airteagal 9

Leasú ar Threoir 2003/87/CE

In Airteagal 10a(8) de Threoir 2003/87/CE, cuirtear an fhomhír seo a leanas isteach tar éis an chúigiú fomhír:

‘Agus glaonna ar thograí nó imthairiscint iomaíoch faoin gCiste don Nuálaíocht á gceapadh agus á gcur chun feidhme nó á ceapadh agus á cur chun feidhme aige, breithneoidh an Coimisiún tionscadail straitéiseacha a aithnítear i gcomhréir le rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le creat beart a bhunú chun éiceachóras monaraíochta táirgí teicneolaíochta glan-nialasaí na hEorpa a neartú, ar rudaí iad a meastar ina leith go rannchuidíonn siad le cuspóirí STEP i gcomhréir le hAirteagal 2(4) de Rialachán (AE) 2024/… ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (*1). Breithneoidh na Ballstáit ar thacaíocht ó Chiste Forbraíochta Réigiúnaí na hEorpa agus ón gCiste Comhtháthaithe a bunaíodh le Rialachán (AE) 2021/1058 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (*2) agus ón gCiste um Aistriú Cóir a bunaíodh le Rialachán (AE) 2021/1056 a sholáthar do thionscadail ar a gcríoch i gcomhthéacs sásraí airgeadais arna bhforbairt faoin gCiste don Nuálaíocht, amhail an scéim ‘ceantanna mar sheirbhís’.

Airteagal 10

Leasuithe ar Rialachán (AE) 2021/1058

Leasaítear Rialachán (AE) 2021/1058 mar a leanas:

(1)

leasaítear Airteagal 3 mar a leanas:

(a)

i mír 1, pointe (a), cuirtear an pointe seo a leanas leis:

‘(vi)

tacú le hinfheistíochtaí lena rannchuidítear le cuspóirí an Ardáin um Theicneolaíochtaí Straitéiseacha don Eoraip (STEP) dá dtagraítear in Airteagal 2 de Rialachán (AE) 2024/795 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (*3).

(*3)  Rialachán (AE) 2024/795 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 29 Feabhra 2024 lena mbunaítear an tArdán um Theicneolaíochtaí Straitéiseacha don Eoraip (STEP), agus lena leasaítear Treoir 2003/87/CE agus Rialacháin (AE) 2021/1058, (AE) 2021/1056, (AE) 2021/1057, (AE) Uimh. 1303/2013, (AE) Uimh. 223/2014, (AE) 2021/1060, (AE) 2021/523, (AE) 2021/695, (AE) 2021/697 agus (AE) 2021/241 (OJ L, 2024/795, 29.2.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2024/795/oj)’;"

(b)

i mír 1, pointe (b), cuirtear an pointe seo a leanas leis:

‘(ix)

tacú le hinfheistíochtaí lena rannchuidítear le cuspóir STEP dá dtagraítear in Airteagal 2(1), pointe (a)(ii), de Rialachán (AE) 2024/795.’;

(c)

cuirtear an mhír seo a leanas isteach:

‘1a.   Déanfar na hacmhainní faoin gcuspóir sonrach dá dtagraítear i mír 1, pointí (a)(vi) agus (b)(ix), a chlársceidealú faoi thosaíochtaí tiomnaithe a chomhfhreagraíonn don chuspóir beartais faoi seach agus déanfar iad a theorannú d’uasmhéid 20 % de leithdháileadh náisiúnta tosaigh CFRE.

Íocfaidh an Coimisiún 30 % den leithdháileadh ar na tosaíochtaí dá dtagraítear sa chéad fhomhír den mhír seo mar a leagtar amach sa chinneadh lena bhformheastar an leasú ar an gclár mar réamh-mhaoiniú eisceachtúil aonuaire de bhreis ar an réamh-mhaoiniú bliantúil don chlár dá bhforáiltear in Airteagal 90(1) agus (2) de Rialachán (AE) 2021/1060 nó in Airteagal 51(2), (3) agus (4) de Rialachán (AE) 2021/1059 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (*4). Íocfar an réamh-mhaoiniú eisceachtúil sin laistigh de 60 lá tar éis ghlacadh an chinnidh ón gCoimisiún lena bhformheastar an leasú ar an gclár, ar choinníoll go gcuirtear an leasú sin ar an gclár faoi bhráid an Choimisiúin faoin 31 Márta 2025.

I gcomhréir le hAirteagal 90(5) de Rialachán (AE) 2021/1060 agus le hAirteagal 51(5) de Rialachán (AE) 2021/1059, déanfar an méid a íoctar mar réamh-mhaoiniú eisceachtúil a imréiteach ó chuntais an Choimisiúin tráth nach déanaí ná an bhliain chuntasaíochta deiridh.

I gcomhréir le hAirteagal 90(6) de Rialachán (AE) 2021/1060, úsáidfear aon ús arna ghiniúint leis an réamh-mhaoiniú eisceachtúil le haghaidh an chláir lena mbaineann ar an dóigh chéanna le CFRE agus áireofar sna cuntais don bhliain chuntasaíochta deiridh é.

I gcomhréir le hAirteagal 97(1) de Rialachán (AE) 2021/1060, ní chuirfear an réamh-mhaoiniú eisceachtúil ar fionraí.

I gcomhréir le hAirteagal 105(1) de Rialachán (AE) 2021/1060, áireofar an réamh-mhaoiniú eisceachtúil a íoctar sa réamh-mhaoiniú atá le cur i gcuntas chun na méideanna atá le saoradh a ríomh.

De mhaolú ar Airteagal 112 de Rialachán (AE) 2021/1060, is é 100 % na huasrátaí cómhaoinithe le haghaidh tosaíochtaí tiomnaithe a bunaíodh chun tacú le cuspóirí STEP.

(*4)  Rialachán (AE) 2021/1059 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 24 Meitheamh 2021 maidir le forálacha sonracha le haghaidh sprioc an chomhair chríochaigh Eorpaigh (Interreg) a fhaigheann tacaíocht ó Chiste Forbraíochta Réigiúnaí na hEorpa agus ionstraimí maoinithe sheachtraigh (IO L 231, 30.6.2021, lch. 94).’;"

(2)

leasaítear Airteagal 5 mar a leanas:

(a)

i mír 2, cuirtear an pointe seo a leanas leis:

‘(e)

nuair a rannchuidíonn siad leis an gcuspóir sonrach faoi CB 1 a leagtar amach in Airteagal 3(1), pointe (a)(vi), nó leis an gcuspóir sonrach faoi CB 2 a leagtar amach in Airteagal 3(1), pointe (b)(ix), i réigiúin bheagfhorbartha agus i réigiúin trasdula, chomh maith le réigiúin níos forbartha sna Ballstáit ar lú a meán-OTI per capita ná meán AE-27 arna thomhas de réir na gcaighdeán um chumhacht chun ceannaithe agus arna ríomh ar bhonn fhigiúirí an Aontais don tréimhse 2015-2017, agus béim á coinneáil ar FBManna.’;

(b)

i mír 2, cuirtear an fhomhír seo a leanas leis:

‘Beidh feidhm ag pointe (e) maidir le cláir Interreg ina bhfuil cumhdach geografach an chláir laistigh den Aontas comhdhéanta go heisiach de chatagóirí réigiún a leagtar amach sa phointe sin.’;

(c)

cuirtear an mhír seo a leanas isteach:

‘3a.   Chun rannchuidiú leis na cuspóirí sonracha faoi CB 1 a leagtar amach in Airteagal 3(1), pointe (a)(vi), agus faoi CB 2 a leagtar amach i bpointe (b)(ix) den fhomhír sin, tacóidh CFRE freisin le gníomhaíochtaí oiliúna, foghlama ar feadh an tsaoil, athscilithe agus oideachais.’

;

(3)

in Iarscríbhinn I, leasaítear Tábla 1 mar a leanas:

(a)

faoi chuspóir beartais 1, cuirtear an ró seo a leanas leis:

 

‘(vi)

tacú le hinfheistíochtaí lena rannchuidítear le cuspóirí STEP dá dtagraítear in Airteagal 2 de Rialachán (AE) 2024/795

Aon RCO a liostaítear le haghaidh chuspóirí sonracha (i), (iii) agus (iv) RCO125 – Gnólachtaí: Fiontair a dtacaítear leo atá nasctha go príomha le hinfheistíochtaí táirgiúla i dteicneolaíochtaí digiteacha agus nuálaíochtaí domhainteicneolaíochta RCO126 – Gnólachtaí: Fiontair a dtacaítear leo atá nasctha go príomha le hinfheistíochtaí táirgiúla i dteicneolaíochtaí atá glan agus tíosach ar acmhainní RCO127 – Gnólachtaí: Fiontair a dtacaítear leo atá nasctha go príomha le hinfheistíochtaí táirgiúla i mbith-theicneolaíochtaí [Tá na táscairí sin le tuairisciú mar fhothacair de RCO01-RCO04]

Aon RCR a liostaítear le haghaidh chuspóirí sonracha (i), (iii) agus (iv)’;

(b)

faoi chuspóir beartais 2, cuirtear an ró seo a leanas leis:

 

‘(ix)

tacú le hinfheistíochtaí lena rannchuidítear le cuspóirí STEP dá dtagraítear in Airteagal 2(1), pointe (a)(ii), de Rialachán (AE) 2024/795

Aon RCO a liostaítear le haghaidh chuspóirí sonracha (i), (iii) (iv) agus (vi) faoi chuspóir beartais 1 RCO125 – Gnólachtaí: Fiontair a dtacaítear leo atá nasctha go príomha le hinfheistíochtaí táirgiúla i dteicneolaíochtaí digiteacha agus nuálaíochtaí domhainteicneolaíochta RCO126 – Gnólachtaí: Fiontair a dtacaítear leo atá nasctha go príomha le hinfheistíochtaí táirgiúla i dteicneolaíochtaí atá glan agus tíosach ar acmhainní RCO127 – Gnólachtaí: Fiontair a dtacaítear leo atá nasctha go príomha le hinfheistíochtaí táirgiúla i mbith-theicneolaíochtaí [Tá na táscairí sin le tuairisciú mar fhothacair de RCO01-RCO04]

Aon RCR a liostaítear le haghaidh chuspóirí sonracha (i), (iii) agus (iv) faoi chuspóir beartais 1’;

(4)

in Iarscríbhinn II, leasaítear an tábla mar a leanas:

(a)

faoi chuspóir beartais 1, cuirtear an ró seo a leanas leis:

 

‘(vi)

tacú le hinfheistíochtaí lena rannchuidítear le cuspóirí STEP dá dtagraítear in Airteagal 2 de Rialachán (AE) 2024/795

Aon CCO a liostaítear le haghaidh chuspóirí sonracha (i), (iii) agus (iv) faoi chuspóir beartais 1

Aon CCR a liostaítear le haghaidh chuspóirí sonracha (i), (iii) agus (iv) faoi chuspóir beartais 1’;

(b)

faoi chuspóir bheartas 2, cuirtear an ró seo a leanas leis:

 

‘(ix)

tacú le hinfheistíochtaí lena rannchuidítear le cuspóirí STEP dá dtagraítear in Airteagal 2(1), pointe (a)(ii), de Rialachán (AE) 2024/795

Aon CCO a liostaítear le haghaidh chuspóirí sonracha (i), (iii) agus (iv) faoi chuspóir beartais 1

Aon CCR a liostaítear le haghaidh chuspóirí sonracha (i), (iii) agus (iv) faoi chuspóir beartais 1’.

Airteagal 11

Leasuithe ar Rialachán (AE) 2021/1056

Leasaítear Rialachán (AE) 2021/1056 mar a leanas:

(1)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 2:

‘Airteagal 2

Cuspóir sonrach

I gcomhréir leis an dara fomhír d’Airteagal 5(1) de Rialachán (AE) 2021/1060, rannchuideoidh CUAC leis an gcuspóir sonrach maidir le réigiúin agus daoine a chumasú chun aghaidh a thabhairt ar thionchair shóisialta, fostaíochta, eacnamaíocha agus chomhshaoil an aistrithe i dtreo spriocanna an Aontais do 2030 maidir le fuinneamh agus aeráid agus geilleagar aeráid-neodrach san Aontas faoi 2050, bunaithe ar Chomhaontú Pháras. Le CUAC, féadfar tacú freisin le hinfheistíochtaí lena rannchuidítear le cuspóirí an Ardáin um Theicneolaíochtaí Straitéiseacha don Eoraip (STEP) dá dtagraítear in Airteagal 2 de Rialachán (AE) 2024/795 Ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (*5).

(*5)  Rialachán (AE) 2024/795 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 29 Feabhra 2024 maidir le Rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena mbunaítear an tArdán um Theicneolaíochtaí Straitéiseacha don Eoraip (‘STEP’) agus lena leasaítear Treoir 2003/87/CE, Rialacháin (AE) 2021/1058, (AE) 2021/1056, (AE) 2021/1057, (AE) Uimh. 1303/2013, (AE) Uimh. 223/2014, (AE) 2021/1060, (AE) 2021/523, (AE) 2021/695, (AE) 2021/697 agus (AE) 2021/241 (IO L, 2024/795, 29.2.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2024/795/oj).’;"

(2)

in Airteagal 8(2), cuirtear an fhomhír seo a leanas leis:

‘Le CUAC, féadfar tacú freisin le hinfheistíochtaí táirgiúla i bhfiontair nach FBManna iad, agus béim á coinneáil ar FBManna, lena rannchuidítear le cuspóirí STEP dá dtagraítear in Airteagal 2 de Rialachán (AE) 2024/795. Féadfar an tacaíocht sin a sholáthar gan beann ar cibé an ndearnadh an anailís ar bhearnaí i gcomhréir le pointe (h) d’Airteagal 11(2) den Rialachán seo agus gan beann ar thoradh na hanailíse sin. Ní bheidh infheistíochtaí den sórt sin incháilithe ach amháin i gcás nach mbeidh athlonnú mar a shainmhínítear i bpointe (27) d’Airteagal 2 de Rialachán (AE) 2021/1060 mar thoradh orthu. Le soláthar tacaíochta den sórt sin, ní bheidh gá le hathbhreithniú a dhéanamh ar an bplean críochach um aistriú cóir i gcás ina mbeadh an t-athbhreithniú sin nasctha go heisiach leis an anailís ar bhearnaí. Déanfar printíseachtaí agus poist, oideachas nó oiliúint do scileanna nua a mheas sa phróiseas roghnúcháin.’;

(3)

in Airteagal 10, cuirtear an mhír seo a leanas leis:

‘4.   Íocfaidh an Coimisiún 30 % de leithdháileadh CUAC, lena n-áirítear méideanna a aistrítear i gcomhréir le hAirteagal 27 de Rialachán (AE) 2021/1060, ar chlár mar a leagtar amach sa chinneadh lena bhformheastar an clár mar réamh-mhaoiniú eisceachtúil aonuaire de bhreis ar an réamh-mhaoiniú bliantúil don chlár dá bhforáiltear in Airteagal 90(1) agus (2) den Rialachán sin. Íocfar an réamh-mhaoiniú eisceachtúil sin amhail ón 1 Márta 2024.

I gcomhréir le hAirteagal 90(5) de Rialachán (AE) 2021/1060, déanfar an méid a íoctar mar réamh-mhaoiniú eisceachtúil a imréiteach ó chuntais an Choimisiúin tráth nach déanaí ná an bhliain chuntasaíochta deiridh.

I gcomhréir le hAirteagal 90(6) de Rialachán (AE) 2021/1060, úsáidfear aon ús arna ghiniúint leis an réamh-mhaoiniú eisceachtúil le haghaidh an chláir lena mbaineann ar an dóigh chéanna le CUAC agus áireofar sna cuntais don bhliain chuntasaíochta deiridh é.

I gcomhréir le hAirteagal 97(1) de Rialachán (AE) 2021/1060, ní chuirfear an réamh-mhaoiniú eisceachtúil ar fionraí.

I gcomhréir le hAirteagal 105(1) de Rialachán (AE) 2021/1060, áireofar an réamh-mhaoiniú eisceachtúil a íoctar sa réamh-mhaoiniú atá le cur i gcuntas chun na méideanna atá le saoradh a ríomh.

De mhaolú ar Airteagal 112 de Rialachán (AE) 2021/1060, is é 100 % na huasrátaí cómhaoinithe le haghaidh tosaíochtaí tiomnaithe a bunaíodh chun tacú le cuspóirí STEP.’

;

Airteagal 12

Leasú ar Rialachán (AE) 2021/1057

Cuirtear an tAirteagal seo a leanas i Rialachán (AE) 2021/1057:

‘Airteagal 12a

Tacaíocht do chuspóirí STEP

1.   Féadfaidh na Ballstáit CSE+ a úsáid chun tacaíocht a sholáthar do chuspóirí an Ardáin um Theicneolaíochtaí Straitéiseacha don Eoraip (STEP) dá dtagraítear in Airteagal 2(1), pointe (b), de Rialachán (AE) 2024/795 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (*6), faoi na cuspóirí sonracha ábhartha a leagtar amach in Airteagal 4(1) den Rialachán seo, lena n-áirítear trí thacú le forbairt scileanna i dteicneolaíochtaí glan-nialasacha, inter alia iad siúd atá bunaithe ar chláir foghlama arna gcruthú ag Acadaimh Scileanna Eorpacha, chomh maith le hoiliúint daoine óga agus sciliú, uas-sciliú agus athsciliú oibrithe i dteicneolaíochtaí glan-nialasacha.

2.   Sa bhreis ar an réamh-mhaoiniú don chlár dá bhforáiltear in Airteagal 90(1) agus (2) de Rialachán (AE) 2021/1060, i gcás ina bhformheasann an Coimisiún leasú ar chlár lena n-áirítear tosaíocht amháin nó níos mó atá tiomnaithe d’oibríochtaí a fhaigheann tacaíocht ó CSE+ lena rannchuidítear le cuspóirí STEP dá dtagraítear in Airteagal 2 de Rialachán (AE) 2024/795, déanfaidh sé réamh-mhaoiniú eisceachtúil 30 % ar bhonn an leithdháilte ar na tosaíochtaí sin. Íocfar an réamh-mhaoiniú eisceachtúil sin laistigh de 60 lá tar éis ghlacadh an chinnidh ón gCoimisiún lena bhformheastar an leasú ar an gclár, ar choinníoll go gcuirtear an leasú ar an gclár faoi bhráid an Choimisiúin faoin 31 Márta 2025.

I gcomhréir le hAirteagal 90(5) de Rialachán (AE) 2021/1060, déanfar an méid a íoctar mar réamh-mhaoiniú eisceachtúil a imréiteach ó chuntais an Choimisiúin tráth nach déanaí ná an bhliain chuntasaíochta deiridh.

I gcomhréir le hAirteagal 90(6) de Rialachán (AE) 2021/1060, úsáidfear aon ús arna ghiniúint leis an réamh-mhaoiniú eisceachtúil le haghaidh an chláir lena mbaineann ar an dóigh chéanna le CSE+ agus áireofar sna cuntais don bhliain chuntasaíochta deiridh é.

I gcomhréir le hAirteagal 97(1) de Rialachán (AE) 2021/1060, ní chuirfear an réamh-mhaoiniú eisceachtúil ar fionraí.

I gcomhréir le hAirteagal 105(1) de Rialachán (AE) 2021/1060, áireofar an réamh-mhaoiniú eisceachtúil a íoctar sa réamh-mhaoiniú atá le cur i gcuntas chun na méideanna atá le saoradh a ríomh.

De mhaolú ar Airteagal 112 de Rialachán (AE) 2021/1060, is é 100 % an t-uasráta cómhaoinithe le haghaidh tosaíochtaí tiomnaithe a bunaíodh chun tacú le cuspóirí STEP.

Airteagal 13

Leasuithe ar Rialachán (AE) 2021/1060

Leasaítear Rialachán (AE) 2021/1060 mar a leanas:

(1)

in Airteagal 2, cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (45):

‘(45)

ciallaíonn ‘Séala Barr Feabhais’ an lipéad cáilíochta arna sannadh ag an gCoimisiún i dtaca le togra, lena léirítear maidir leis an togra a ndearnadh measúnú air i nglao ar thograí faoi ionstraim de chuid an Aontais go meastar go gcomhlíonann sé íoscheanglais cháilíochta na hionstraime sin de chuid an Aontais, ach nach bhféadfaí é a chistiú de bharr easpa buiséid a bheith ar fáil don ghlao sin ar thograí, agus go bhféadfadh sé go bhfaigheadh sé tacaíocht ó fhoinsí eile cistiúcháin de chuid an Aontais nó ó fhoinsí eile cistiúcháin náisiúnta; nó an ‘Séala Ceannasachta’ dá dtagraítear in Airteagal 4 de Rialachán (AE) 2024/… ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (*7).

(*7)  Rialachán (AE) 2024/795 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 29 Feabhra 2024 lena mbunaítear an tArdán um Theicneolaíochtaí Straitéiseacha don Eoraip (STEP), agus lena leasaítear Treoir 2003/87/CE agus Rialacháin (AE) 2021/1058, (AE) 2021/1056, (AE) 2021/1057, (AE) Uimh. 1303/2013, (AE) Uimh. 223/2014, (AE) 2021/1060, (AE) 2021/523, (AE) 2021/695, (AE) 2021/697 agus (AE) 2021/241 (OJ L, 2024/795, 29.2.2024, ELI http://data.europa.eu/eli/reg/2024/795/oj ’;"

(2)

in Airteagal 6(1), cuirtear an fhomhír seo a leanas leis:

‘I gcás, mar thoradh ar leasú ar chlár le haghaidh an Ardáin um Theicneolaíochtaí Straitéiseacha don Eoraip (STEP) a bunaíodh le Rialachán (AE) 2024/795, ina sáródh ranníocaíocht aeráide an Chiste Comhtháthaithe an sprioc de 37 % dá leithdháileadh iomlán, féadfar an méid a sháraíonn an sprioc sin a chur i gcuntas agus ranníocaíocht aeráide CFRE á ríomh chun an sprioc 30 % dá leithdháileadh iomlán a bhaint amach. Féadfar na méideanna a sháraíonn sprioc rannchuidithe aeráide CFRE maidir leis an aeráid de 30 % dá leithdháileadh iomlán a chur i gcuntas agus ranníocaíocht aeráide an Chiste Comhtháthaithe á ríomh.’;

(3)

in Airteagal 13, cuirtear na míreanna seo a leanas leis:

‘5.   Gan dochar don fhéidearthacht an Comhaontú Comhpháirtíochta a leasú faoin 31 Márta 2025 dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo, féadfaidh Ballstát Comhaontú Comhpháirtíochta leasaithe a chur faoi bhráid an Choimisiúin chun tabhairt isteach na dtosaíochtaí lena rannchuidítear le cuspóirí STEP dá dtagraítear in Airteagal 2 de Rialachán (AE) 2024/795 sna cláir a chur i gcuntas.

6.   De mhaolú ar mhíreanna 2 agus 4 den Airteagal seo, formheasfaidh an Coimisiún an Comhaontú Comhpháirtíochta leasaithe dá dtagraítear i mír 5 tráth nach déanaí ná trí mhí tar éis don Bhallstát é a thíolacadh den chéad uair.’

;

(4)

in Airteagal 14(5), cuirtear an méid seo a leanas in ionad na chéad fhomhíre:

‘I gcomhréir leis an dara fomhír d’Airteagal 10(4) de Rialachán (AE) 2021/523, i gcás nach bhfuil comhaontú ráthaíochta tugtha i gcrích laistigh de 12 mhí ó thabhairt i gcrích an chomhaontaithe ranníocaíochta, cuirfear deireadh nó síneadh leis an gcomhaontú ranníocaíochta trí chomhaontú frithpháirteach.’;

(5)

in Airteagal 24, cuirtear na míreanna seo a leanas leis:

‘9.   De mhaolú ar Airteagal 18 den Rialachán seo, i gcás ina ndéantar tosaíochtaí atá tiomnaithe d’infheistíochtaí lena rannchuidítear le cuspóirí STEP dá dtagraítear in Airteagal 2 de Rialachán (AE) 2024/795 a áireamh i gclár mar thoradh ar leasú ar chlár arna thíolacadh an mBallstát faoin 31 Lúnasa 2024 a bheith formheasta, ní chuirfear na tosaíochtaí sin i gcuntas chun críocha an athbhreithnithe meántéarma. Féadfar a bheith san áireamh sa chinneadh lena bhformheastar leasuithe den sórt sin ar an gclár leithdháileadh críochnaitheach den mhéid solúbthachta iomlán nó cuid den mhéid solúbthachta do na blianta 2026 agus 2027 chun aghaidh a thabhairt ar thosaíochtaí atá tiomnaithe d’infheistíochtaí lena rannchuidítear le cuspóirí STEP. I gcás ina ndéantar iomlán méid solúbthachta cláir a leithdháileadh go cinntitheach ar thosaíochtaí den sórt sin, ní dhéanfar an t-athbhreithniú meántéarma i leith an chláir sin.

10.   De mhaolú ar mhír 4 den Airteagal seo, glacfaidh an Coimisiún an cinneadh lena bhformheastar leasú ar chlár a tíolacadh faoin 31 Lúnasa 2024 laistigh de 2 mhí tar éis do Bhallstát é a thíolacadh ar choinníoll go mbaineann sé go heisiach le tosaíochtaí tiomnaithe a thabhairt isteach d’infheistíochtaí lena rannchuidítear le cuspóirí STEP dá dtagraítear in Airteagal 2 de Rialachán (AE) 2024/795.’

;

(6)

in Airteagal 49, cuirtear an mhír seo a leanas leis:

‘7.   I gcás ina ndéantar tacaíocht a chlársceidealú le haghaidh chuspóirí STEP dá dtagraítear in Airteagal 2 de Rialachán (AE) 2024/795, áiritheoidh an t-údarás bainistíochta go ndéanfar an fhaisnéis uile atá le foilsiú i gcomhréir le mír 2 den Airteagal seo a chur faoi bhráid an Choimisiúin freisin san fhormáid a leagtar amach i mír 4 den Airteagal seo chun í a fhoilsiú ar an Tairseach Cheannasachta a bunaíodh de bhun Airteagal 6 de Rialachán (AE) 2024/795, lena n-áirítear tráthchlár na nglaonna ar thograí atá beartaithe a thugtar cothrom le dáta trí huaire in aghaidh na bliana ar a laghad, chomh maith leis an nasc chuig na glaonna ar thograí lá a bhfoilsithe.’

;

(7)

leasaítear Iarscríbhinn I mar a leanas:

(a)

i dTábla 1, cuirtear na rónna seo a leanas leis:

RÉIMSE IDIRGHABHÁLA

Comhéifeacht chun an tacaíocht do chuspóirí an athraithe aeráide a ríomh

Comhéifeacht chun an tacaíocht do na cuspóirí comhshaoil a ríomh

‘145a

Tacaíocht d’fhorbairt scileanna nó rochtain ar fhostaíocht i dteicneolaíochtaí digiteacha agus i nuálaíocht domhainteicneolaíochta, agus i mbith-theicneolaíochtaí.

0  %

0  %

145b

Tacaíocht d’fhorbairt scileanna nó rochtain ar fhostaíocht i dteicneolaíochtaí atá glan agus tíosach ar acmhainní.

100  %

40  %

188

Infheistíochtaí táirgiúla i bhfiontair mhóra atá nasctha go príomha le teicneolaíochtaí atá glan agus tíosach ar acmhainní.

100  %

40  %

189

Infheistíochtaí táirgiúla in FBManna atá nasctha go príomha le teicneolaíochtaí atá glan agus tíosach ar acmhainní.

100  %

40  %

190

Infheistíochtaí táirgiúla i bhfiontair mhóra atá nasctha go príomha le bith-theicneolaíochtaí.

0  %

0  %

191

Infheistíochtaí táirgiúla in FBManna atá nasctha go príomha le bith-theicneolaíochtaí.

0  %

0  %

192

Infheistíochtaí táirgiúla i bhfiontair mhóra atá nasctha go príomha le teicneolaíochtaí digiteacha agus le nuálaíocht domhainteicneolaíochta.

0  %

0  %

193

Infheistíochtaí táirgiúla in FBManna atá nasctha go príomha le teicneolaíochtaí digiteacha agus le nuálaíocht domhainteicneolaíochta.

0  %

0  %’;

(b)

i dTábla 6, cuirtear an ró seo a leanas leis:

‘11

Rannchuidiú le scileanna agus poist i dteicneolaíochtaí digiteacha agus i nuálaíocht domhainteicneolaíochta, teicneolaíochtaí atá glan agus tíosach ar acmhainní, agus bith-theicneolaíochtaí

0 %

0 %’.

Airteagal 14

Leasuithe ar Rialachán (AE) Uimh. 1303/2013

Leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 1303/2013 mar a leanas:

(1)

in Airteagal 25a, cuirtear an mhír seo a leanas isteach:

‘1b.   De mhaolú ar Airteagal 60(1) agus de mhaolú ar an gcéad fhomhír agus ar an gceathrú fomhír d’Airteagal 120(3), féadfar ráta cómhaoinithe 100 % a chur i bhfeidhm maidir le caiteachas a dhearbhaítear in iarratais ar íocaíocht le haghaidh na bliana cuntasaíochta iomláine dar tús an 1 Iúil 2023 agus dar críoch an 30 Meitheamh 2024 le haghaidh ais tosaíochta amháin nó níos mó i gclár a fhaigheann tacaíocht ó CFRE, ó CSE nó ón gCiste Comhtháthaithe.

De mhaolú ar Airteagal 30(1) agus (2) agus Airteagal 96(10), ní bheidh gá le cinneadh ón gCoimisiún lena bhformheastar leasú ar chlár chun an ráta cómhaoinithe 100 % a chur i bhfeidhm. Tabharfaidh an Ballstát fógra don Choimisiún maidir leis na táblaí airgeadais athbhreithnithe tar éis don choiste faireacháin iad a fhormheas. Ní bheidh feidhm ag an ráta cómhaoinithe 100 % ach amháin má thugtar fógra don Choimisiún maidir leis na táblaí airgeadais sula dtíolacfar an t-iarratas deiridh ar íocaíocht eatramhach le haghaidh na bliana cuntasaíochta deiridh dar tús an 1 Iúil 2023 agus dar críoch an 30 Meitheamh 2024 i gcomhréir le hAirteagal 135(2).’

;

(2)

in Airteagal 130(3), cuirtear an méid seo a leanas in ionad na chéad fhomhíre:

‘3.   De mhaolú ar mhír 2, maidir leis an ranníocaíocht ó na Cistí nó ó CEMI trí bhíthin íocaíochtaí an iarmhéid deiridh i leith gach tosaíochta de réir Ciste agus de réir catagóir réigiún sa bhliain chuntasaíochta deiridh, ní rachaidh an ranníocaíocht sin thar níos mó ná 15 % den ranníocaíocht ó na Cistí nó ó CEMI maidir le gach tosaíocht de réir Ciste agus de réir catagóir réigiún mar a leagtar síos sa chinneadh ón gCoimisiún lena bhformheastar an clár oibríochtúil. Chun críocha na míre seo, measfar an leithdháileadh speisialta breise do na réigiúin is forimeallaí a leagtar amach in Airteagal 92(1), pointe (e), a bheith ina chuid de leithdháileadh CFRE ar an gcatagóir réigiún sa réigiún is forimeallaí lena mbaineann.’

;

(3)

in Airteagal 135, cuirtear an mhír seo a leanas leis:

‘6.   De mhaolú ar mhír 2, is é an 31 Iúil 2025 an sprioc-am chun an t-iarratas deiridh ar íocaíocht eatramhach don bhliain chuntasaíochta deiridh a thíolacadh. Measfar gurb é an t-iarratas deiridh ar íocaíocht eatramhach arna thíolacadh faoin 31 Iúil 2025 an t-iarratas deiridh ar íocaíocht eatramhach don bhliain chuntasaíochta deiridh.

Méideanna ó acmhainní seachas REACT-EU a aisíocann an Coimisiún mar íocaíochtaí eatramhacha in 2025, ní rachaidh siad thar 1 % de na leithreasuithe airgeadais iomlána le haghaidh an chláir lena mbaineann de réir Ciste, acmhainní REACT-EU as an áireamh. Méideanna a bheadh le híoc ag an gCoimisiún in 2025 agus a sháraíonn an céatadán sin, ní íocfar iad agus úsáidfear iad go heisiach chun réamh-mhaoiniú a imréiteach tráth an dúnta.’

;

(4)

in Airteagal 138, cuirtear an fhomhír seo a leanas leis:

‘De mhaolú ar an sprioc-am a leagtar amach sa chéad fhomhír, féadfaidh na Ballstáit na doiciméid dá dtagraítear faoi phointí (a), (b) agus (c) don bhliain chuntasaíochta deiridh a thíolacadh faoin 15 Feabhra 2026.’.

Airteagal 15

Leasuithe ar Rialachán (AE) Uimh. 223/2014

Leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 223/2014 mar a leanas:

(1)

in Airteagal 13, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 5:

‘5.   Cuirfidh an Ballstát tuarascáil chríochnaitheach ar chur chun feidhme an chláir oibríochtúil isteach mar aon leis na doiciméid i leith dúnta mar a leagtar amach in Airteagal 52 faoin 15 Feabhra 2026 ar a dhéanaí.’

;

(2)

in Airteagal 22, cuirtear an mhír seo a leanas isteach:

‘2a.   I gcás costais a aisíoctar de bhun phointí (b) go (e) d’Airteagal 26(2), déanfar na gníomhaíochtaí comhfhreagracha atá á n-aisíoc tríd an iarratas deiridh ar íocaíocht eatramhach don bhliain chuntasaíochta deiridh a chur isteach i gcomhréir le hAirteagal 45(6).’

;

(3)

in Airteagal 45, cuirtear an mhír seo a leanas leis:

‘6.   De mhaolú ar mhír 2, is é an 31 Iúil 2025 an sprioc-am chun an t-iarratas deiridh ar íocaíocht eatramhach don bhliain chuntasaíochta deiridh a chur isteach. Measfar gurb é an t-iarratas deiridh ar íocaíocht eatramhach a chuirfear isteach faoin 31 Iúil 2025 an t-iarratas deiridh ar íocaíocht eatramhach don bhliain chuntasaíochta deiridh.

Méideanna a aisíocfaidh an Coimisiún mar íocaíochtaí eatramhacha in 2025, ní rachaidh siad thar 1 % de na leithreasuithe airgeadais iomlána le haghaidh an chláir lena mbaineann. Méideanna a bheadh le híoc ag an gCoimisiún in 2025 agus a sháraíonn an céatadán sin, ní íocfar iad agus úsáidfear iad go heisiach chun réamh-mhaoiniú a imréiteach tráth an dúnta.’

;

(4)

in Airteagal 48, cuirtear an mhír seo a leanas leis:

‘De mhaolú ar an sprioc-am a leagtar amach sa chéad mhír, féadfaidh na Ballstáit na doiciméid dá dtagraítear faoi phointí (a), (b) agus (c) don bhliain chuntasaíochta deiridh a chur isteach faoin 15 Feabhra 2026.’.

Airteagal 16

Leasuithe ar Rialachán (AE) 2021/523

Leasaítear Rialachán (AE) 2021/523 mar a leanas:

(1)

leasaítear Airteagal 3 mar a leanas:

(a)

i mír 1, cuirtear an pointe seo a leanas leis:

‘(h)

tacú le hinfheistíochtaí lena rannchuidítear le cuspóirí an Ardáin um Theicneolaíochtaí Straitéiseacha don Eoraip (STEP) dá dtagraítear in Airteagal 2 de Rialachán (AE) 2024/795 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (*8).

(*8)  Rialachán (AE) 2024/795 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 29 Feabhra 2024 lena mbunaítear an tArdán um Theicneolaíochtaí Straitéiseacha don Eoraip (STEP), agus lena leasaítear Treoir 2003/87/CE agus Rialacháin (AE) 2021/1058, (AE) 2021/1056, (AE) 2021/1057, (AE) Uimh. 1303/2013, (AE) Uimh. 223/2014, (AE) 2021/1060, (AE) 2021/523, (AE) 2021/695, (AE) 2021/697 agus (AE) 2021/241 (OJ L, 2024/795, 29.2.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2024/795/oj ’;"

(2)

in Airteagal 7(3), cuirtear an fhomhír seo a leanas leis:

‘De mhaolú ar an gcéad fhomhír, nuair a dhéantar tacaíocht ó na hionstraimí airgeadais a chomhcheangal i dtáirge airgeadais ag a bhfuil seasamh fo-ordaithe le ráthaíocht AE faoin Rialachán seo agus/nó le ráthaíocht AE a bunaíodh le Rialachán (AE) 2015/1017, féadfar na caillteanais, an t-ioncam agus na haisíocaíochtaí ó tháirgí airgeadais dá dtagraítear i mír 1, chomh maith leis na haisghabhálacha féideartha, a shannadh freisin ar bhonn neamh-pro rata idir na hionstraimí airgeadais agus ráthaíocht AE faoin Rialachán seo agus/nó ráthaíocht AE a bunaíodh le Rialachán (AE) 2015/1017.’;

(3)

in Airteagal 10(4), cuirtear an méid seo a leanas in ionad an dara fomhír:

‘I gcás nach dtabharfar aon chomhaontú ráthaíochta i gcrích laistigh de 12 mhí ó thabhairt i gcrích an chomhaontaithe ranníocaíochta, cuirfear deireadh nó síneadh leis an gcomhaontú ranníocaíochta trí chomhaontú frithpháirteach. I gcás nach ndéanfar an méid de chomhaontú ranníocaíochta a ghealladh go hiomlán faoi chomhaontú ráthaíochta amháin nó níos mó laistigh de 12 mhí ó thabhairt i gcrích an chomhaontaithe ranníocaíochta, déanfar an méid sin a leasú dá réir sin. Maidir le méid an tsoláthair nár úsáideadh is inchurtha i leith méideanna arna leithdháileadh ag na Ballstáit de bhun na bhforálacha maidir le húsáid CFRE, CSE+, an Chiste Comhtháthaithe agus CEMID arna soláthar trí Chlár InvestEU a leagtar síos i Rialachán (AE) 2021/1060 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (*9) nó de bhun na bhforálacha maidir le húsáid CETFT arna soláthar trí Chlár InvestEU a leagtar síos i Rialachán na bPleananna Straitéiseacha faoi CBT, déanfar é a athúsáid i gcomhréir leis na Rialacháin sin faoi seach. Maidir le méid an tsoláthair nár úsáideadh is inchurtha i leith méideanna arna leithdháileadh ag Ballstát faoi Airteagal 4(1), an tríú fomhír, den Rialachán seo, déanfar é a aisíoc leis an mBallstát.

(*9)  Rialachán (AE) 2021/1060 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 24 Meitheamh 2021 lena leagtar síos forálacha coiteanna maidir le Ciste Forbraíochta Réigiúnaí na hEorpa, Ciste Sóisialta na hEorpa Plus, an Ciste Comhtháthaithe, an Ciste um Aistriú Cóir agus an Ciste Eorpach Muirí, Iascaigh agus Dobharshaothraithe agus rialacha airgeadais maidir leis na cistí sin agus maidir leis an gCiste um Thearmann, Imirce agus Lánpháirtíocht, an Ciste Slándála Inmheánaí agus an Ionstraim le haghaidh Tacaíocht Airgeadais don Bhainistiú Teorainneacha agus don Bheartas Víosaí (IO L 231, 30.6.2021, lch. 159).’;"

(4)

leasaítear Airteagal 13 mar a leanas:

(a)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 5:

‘5.   Deonófar an 25 % eile de ráthaíocht AE faoi urrann AE do chomhpháirtithe cur chun feidhme eile, agus soláthróidh siad ranníocaíocht airgeadais atá le cinneadh sna comhaontuithe ráthaíochta. I gcás ina gcinneann an Coimisiún nach mbaineann comhpháirtithe cur chun feidhme eile den sórt sin leas iomlán as an 25 % eile de ráthaíocht AE faoi urrann AE, féadfar na méideanna nár úsáideadh a dheonú do Ghrúpa BEI. Sa chás sin, soláthróidh Grúpa BEI ranníocaíocht airgeadais chomhfhreagrach bhreise i gcomhréir leis na ceanglais a leagtar síos sa tríú habairt de mhír 4.’

;

(b)

i mír 7, cuirtear an méid seo a leanas in ionad an dara fomhír:

‘Maidir le conarthaí idir an comhpháirtí cur chun feidhme agus an faighteoir deiridh nó an t-idirghabhálaí airgeadais nó eintiteas eile dá dtagraítear in Airteagal 16(1), pointe (a), faoi ráthaíocht AE dá dtagraítear sa chéad fhomhír d’Airteagal 4(2), síneofar iad faoin 31 Lúnasa 2026 ar a dhéanaí. I gcásanna eile, maidir le conarthaí idir an comhpháirtí cur chun feidhme agus an faighteoir deiridh nó an t-idirghabhálaí airgeadais nó eintiteas eile dá dtagraítear in Airteagal 16(1), pointe (a), síneofar iad faoin 31 Nollaig 2028;’

(5)

in Airteagal 23, cuirtear an mhír seo a leanas leis:

‘3.   I gcomhthéacs na nósanna imeachta dá dtagraítear i míreanna 1 agus 2 den Airteagal seo, cuirfidh an Coimisiún i gcuntas aon Séala Ceannasachta arna bhronnadh i gcomhréir le hAirteagal 4 de Rialachán (AE) 2024/795 ar thionscadal.’

;

(6)

in Airteagal 26, cuirtear an mhír seo a leanas leis:

‘5.   Sa bhreis ar mhír 4, scrúdóidh comhpháirtithe cur chun feidhme tionscadail ar bronnadh an Séala Ceannasachta orthu i gcomhréir le hAirteagal 4 de Rialachán (AE) 2024/795 i gcás ina dtagann na tionscadail sin faoina raon feidhme geografach agus gníomhaíochta.’

.

Airteagal 17

Leasuithe ar Rialachán (AE) 2021/695

Leasaítear Rialachán (AE) 2021/695 mar a leanas:

(1)

in Airteagal 12, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 1:

‘1.   Maidir leis an imchlúdach airgeadais do chur chun feidhme an Chláir don tréimhse ón 1 Eanáir 2021 go dtí an 31 Nollaig 2027, is é EUR 86 123 000 000 i bpraghsanna reatha a bheidh i gceist don chlár sonrach dá dtagraítear i bpointe (a) d’Airteagal 1(2) agus do EIT agus is é EUR 9 453 000 000 i bpraghsanna reatha a bheidh i gceist don chlár sonrach dá dtagraítear i bpointe (c) d’Airteagal 1(2).’

;

(2)

in Airteagal 48, leasaítear mír 1 mar a leanas:

(a)

sa dara fomhír, cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (c):

‘(c)

féadfar tacaíocht de chineál cothromais amháin a sholáthar freisin do FBManna neamhiontaofa ó thaobh brabúis de, lena n-áirítear gnólachtaí nuathionscanta, a dhéanann nuálaíocht cheannródaíoch agus shuaiteach neamhiontaofa ó thaobh brabúis de;

(d)

tacaíocht de chineál cothromais amháin a bhfuil gá léi le haghaidh uas-scálú FBManna neamhiontaofa ó thaobh brabúis de, lena n-áirítear gnólachtaí nuathionscanta agus cuideachtaí meánchaipitlithe beaga neamhiontaofa ó thaobh brabúis de, lena n-áirítear eintitis a bhfuil tacaíocht faighte acu cheana féin i gcomhréir le pointí (a) go (c), a dhéanann nuálaíocht cheannródaíoch agus shuaiteach neamhiontaofa ó thaobh brabúis de sna teicneolaíochtaí criticiúla dá dtagraítear in Airteagal 2(1)(a) de Rialachán (AE) 2024/… ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (*10).

(*10)  Rialachán (AE) 2024/795 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 29 Feabhra 2024 lena mbunaítear an tArdán um Theicneolaíochtaí Straitéiseacha don Eoraip (STEP), agus lena leasaítear Treoir 2003/87/CE agus Rialacháin (AE) 2021/1058, (AE) 2021/1056, (AE) 2021/1057, (AE) Uimh. 1303/2013, (AE) Uimh. 223/2014, (AE) 2021/1060, (AE) 2021/523, (AE) 2021/695, (AE) 2021/697 agus (AE) 2021/241 (OJ L, 2024/795, 29.2.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2024/795/oj.’;"

(b)

cuirtear an fhomhír seo a leanas leis:

‘Agus tacaíocht chothromais á soláthar aige, féachfaidh EIC le hinfheisteoirí eile a phlódú isteach. Mar sin féin, chun tacú go héifeachtach le nuálaíocht neamhiontaofa ó thaobh brabúis de, is féidir tacaíocht chothromais a sholáthar gan infheisteoirí eile a phlódú isteach, go háirithe le haghaidh nuálaíocht cheannródaíoch agus nuálaíocht shuaiteach neamhiontaofa ó thaobh brabúis de sna teicneolaíochtaí dá dtagraítear in Airteagal 2(1), pointe (a), de Rialachán (AE) 2024/795, ach gan bheith teoranta don nuálaíocht sin.’.

Airteagal 18

Leasú ar Rialachán (AE) 2021/697

Leasaítear Airteagal 4 de Rialachán (AE) 2021/697 mar a leanas:

(1)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 1:

‘1.   I gcomhréir le hAirteagal 12(1) de Rialachán (AE) 2021/695, is é EUR 9 453 000 000 i bpraghsanna reatha a bheidh san imchlúdach airgeadais do chur chun feidhme an Chiste don tréimhse ón 1 Eanáir 2021 go dtí an 31 Nollaig 2027.’

;

(2)

i mír 2, cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointí (a) agus (b):

‘(a)

EUR 3 151 000 000 le haghaidh gníomhaíochtaí taighde;

(b)

EUR 6 302 000 000 le haghaidh gníomhaíochtaí forbartha.’;

(3)

cuirtear an mhír seo a leanas leis:

‘5.   Déanfar méid EUR 1 500 000 000 i bpraghsanna reatha den mhéid dá dtagraítear i mír 2 a leithdháileadh ar ghlaonna ar thograí nó ar dhámhachtainí cistiúcháin lena dtacaítear le hinfheistíochtaí lena rannchuidítear le cuspóirí an Ardáin um Theicneolaíochtaí Straitéiseacha don Eoraip (STEP) dá dtagraítear in Airteagal 2(1), pointe (a), de Rialachán (AE) 2024/… ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (*11).

(*11)  Rialachán (AE) 2024/795 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 29 Feabhra 2024 lena mbunaítear an tArdán um Theicneolaíochtaí Straitéiseacha don Eoraip (STEP), agus lena leasaítear Treoir 2003/87/CE agus Rialacháin (AE) 2021/1058, (AE) 2021/1056, (AE) 2021/1057, (AE) Uimh. 1303/2013, (AE) Uimh. 223/2014, (AE) 2021/1060, (AE) 2021/523, (AE) 2021/695, (AE) 2021/697 agus (AE) 2021/241 (OJ L, 2024/795, 29.2.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2024/795/oj.’."

Airteagal 19

Leasuithe ar Rialachán (AE) 2021/241

Leasaítear Rialachán (AE) 2021/241 mar a leanas:

(1)

in Airteagal 7, cuirtear an mhír seo a leanas leis:

‘3.   Gan dochar do mhír 2 den Airteagal seo, féadfaidh na Ballstáit a mholadh freisin go n-áireofaí ina bplean téarnaimh agus athléimneachta, mar chostais mheasta, méid na ranníocaíochta in airgead tirim chun críoch urrann an Bhallstáit de bhun fhorálacha ábhartha Rialachán (AE) 2021/523 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (*12) le haghaidh bearta lena dtacaítear le hoibríochtaí infheistíochta lena rannchuidítear le cuspóirí an Ardáin um Theicneolaíochtaí Straitéiseacha don Eoraip (STEP) dá dtagraítear in Airteagal 2 de Rialachán (AE) 2024/… ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (*13) agus le haghaidh na mbeart sin amháin. Ní rachaidh na costais sin thar 6 % de leithdháileadh iomlán airgeadais an phlean téarnaimh agus athléimneachta, agus urramófar ceanglais an Rialacháin seo leis na bearta ábhartha mar a leagtar amach sa phlean téarnaimh agus athléimneachta.

(*12)  Rialachán (AE) 2021/523 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 24 Márta 2021 lena mbunaítear Clár InvestEU agus lena leasaítear Rialachán (AE) 2015/1017 (IO L 107, 26.3.2021, lch. 30)."

(*13)  Rialachán (AE) 2024/795 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 29 Feabhra 2024 lena mbunaítear an tArdán um Theicneolaíochtaí Straitéiseacha don Eoraip (STEP), agus lena leasaítear Treoir 2003/87/CE agus Rialacháin (AE) 2021/1058, (AE) 2021/1056, (AE) 2021/1057, (AE) Uimh. 1303/2013, (AE) Uimh. 223/2014, (AE) 2021/1060, (AE) 2021/523, (AE) 2021/695, (AE) 2021/697 agus (AE) 2021/241 (OJ L, 2024/795, 29.2.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2024/795/oj,’;"

(2)

in Airteagal 21, cuirtear an mhír seo a leanas isteach:

‘1a.   Chun leas a bhaint as an bhféidearthacht dá bhforáiltear in Airteagal 7(3) den Rialachán seo agus in Airteagal 4(4) de Rialachán (AE) 2024/795, agus chun na críche sin amháin, féadfaidh na Ballstáit iarraidh réasúnaithe a dhéanamh ar an gCoimisiún togra a dhéanamh chun an cinneadh cur chun feidhme ón gComhairle dá dtagraítear in Airteagal 20(1) agus (3) den Rialachán seo a leasú chun bearta a thacaíonn le cuspóirí Rialachán (AE) 2024/795 a áireamh gan dochar d’fhorálacha an Rialacháin seo.’

;

(3)

in Airteagal 29, cuirtear an mhír seo a leanas leis:

‘6.   Sula seolfar aon ghlao ar thograí nó aon nós imeachta tairisceana a bhaineann le cuspóirí STEP a leagtar amach in Airteagal 2 de Rialachán (AE) 2024/795, cuirfidh na Ballstáit an fhaisnéis seo a leanas ar fáil ar an Tairseach Cheannasachta dá dtagraítear in Airteagal 6 den Rialachán sin:

(a)

an limistéar geografach a chumhdaítear leis an nglao ar thograí;

(b)

an infheistíocht lena mbaineann;

(c)

cineál na n-iarratasóirí incháilithe;

(d)

méid iomlán na tacaíochta don ghlao;

(e)

dáta tosaigh agus dáta deiridh an ghlao;

(f)

nasc chuig an suíomh gréasáin ar a bhfoilseofar an glao.’

.

Caibidil 3

Forálacha críochnaitheacha

Airteagal 20

Teacht i bhfeidhm agus cur i bhfeidhm

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh in Strasbourg, an 29 Feabhra 2024.

Thar ceann Pharlaimint na hEorpa

An tUachtarán

R. METSOLA

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

M. MICHEL


(1)   IO C, C/2023/866,8.12.2023, ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2023/866/oj.

(2)   IO C, C/2023/1331, 22.12.2023, ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2023/1331/oj.

(3)  Seasamh ó Pharlaimint na hEorpa an 27 Feabhra 2024 (nár foilsíodh fós san Iris Oifigiúil) agus cinneadh ón gComhairle an 28 Feabhra 2024.

(4)  Cinneadh (AE) 2022/2481 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 14 Nollaig 2022 lena mbunaítear Clár Beartais 2030 don Deacáid Dhigiteach (IO L 323, 19.12.2022, lch. 4).

(5)  Rialachán (AE) 2020/2094 ón gComhairle an 14 Nollaig 2020 lena mbunaítear Ionstraim Théarnaimh de chuid an Aontais Eorpaigh chun tacú leis an téarnamh i ndiaidh ghéarchéim COVID-19 (IO L 433 I, 22.12.2020, lch. 23).

(6)  Rialachán (AE) 2023/435 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 27 Feabhra 2023 lena leasaítear Rialachán (AE) 2021/241 a mhéid a bhaineann le caibidlí REPowerEU i bpleananna téarnaimh agus athléimneachta agus lena leasaítear Rialacháin (AE) Uimh. 1303/2013, (AE) 2021/1060 agus (AE) 2021/1755 agus Treoir 2003/87/CE (IO L 63, 28.2.2023, lch. 1).

(7)  Rialachán (AE) 2021/1056 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 24 Meitheamh 2021 lena mbunaítear an Ciste um Aistriú Cóir (IO L 231, 30.6.2021, lch. 1).

(8)  Rialachán (AE) 2021/523 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 24 Márta 2021 lena mbunaítear Clár InvestEU agus lena leasaítear Rialachán (AE) 2015/1017 (IO L 107, 26.3.2021, lch. 30).

(9)  Rialachán (AE) 2021/695 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 28 Aibreán 2021 lena mbunaítear Fís Eorpach – an Clár Réime um Thaighde agus um Nuálaíocht, lena leagtar síos a rialacha maidir le rannpháirtíocht agus scaipeadh, agus lena n-aisghairtear Rialacháin (AE) Uimh. 1290/2013 agus (AE) Uimh. 1291/2013 (IO L 170, 12.5.2021, lch. 1).

(10)  Rialachán (AE) 2021/697 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 29 Aibreán 2021 lena mbunaítear an Ciste Eorpach Cosanta agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE) 2018/1092 (IO L 170, 12.5.2021, lch. 149).

(11)  Treoir 2003/87/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 13 Deireadh Fómhair 2003 lena mbunaítear scéim i ndáil le trádáil lamháltas i gcomhair astaíochtaí gás ceaptha teasa laistigh den Aontas agus lena leasaítear Treoir 96/61/CE ón gComhairle (IO L 275, 25.10.2003, lch. 32).

(12)  Rialachán (AE) 2021/1058 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 24 Meitheamh 2021 maidir le Ciste Forbraíochta Réigiúnaí na hEorpa agus an Ciste Comhtháthaithe (IO L 231, 30.6.2021, lch. 60).

(13)  Rialachán (AE) 2021/1057 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 24 Meitheamh 2021 lena mbunaítear Ciste Sóisialta na hEorpa Plus (CSE+) agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE) Uimh. 1296/2013 (IO L 231, 30.6.2021, lch. 21).

(14)  Rialachán (AE) 2021/1056 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 24 Meitheamh 2021 lena mbunaítear an Ciste um Aistriú Cóir (IO L 231, 30.6.2021, lch. 1).

(15)  Rialachán (AE) 2021/241 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 12 Feabhra 2021 lena mbunaítear an tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta (IO L 57, 18.2.2021, lch. 17).

(16)  Rialachán (AE) 2021/522 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 24 Márta 2021 lena mbunaítear Clár do ghníomhaíochtaí an Aontais i réimse na sláinte (“Clár EU4Health”) don tréimhse 2021-2027, agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE) Uimh. 282/2014 (IO L 107, 26.3.2021, lch. 1).

(17)  Rialachán (AE) 2021/694 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 29 Aibreán 2021 lena mbunaítear an Clár don Eoraip Dhigiteach agus lena n-aisghairtear Cinneadh (AE) 2015/2240 (IO L 166, 11.5.2021, lch. 1).

(18)  Rialachán (AE, Euratom) 2018/1046 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 18 Iúil 2018 maidir leis na rialacha airgeadais is infheidhme maidir le buiséad ginearálta an Aontais, lena leasaítear Rialacháin (AE) Uimh. 1296/2013, (AE) Uimh. 1301/2013, (AE) Uimh. 1303/2013, (AE) Uimh. 1304/2013, (AE) Uimh. 1309/2013, (AE) Uimh. 1316/2013, (AE) Uimh. 223/2014, (AE) Uimh. 283/2014, agus Cinneadh Uimh. 541/2014/AE agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 966/2012 (IO L 193, 30.7.2018, lch. 1).

(19)  Rialachán (AE) 2021/1060 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 24 Meitheamh 2021 lena leagtar síos forálacha coiteanna maidir le Ciste Forbraíochta Réigiúnaí na hEorpa, Ciste Sóisialta na hEorpa Plus, an Ciste Comhtháthaithe, an Ciste um Aistriú Cóir agus an Ciste Eorpach Muirí, Iascaigh agus Dobharshaothraithe agus rialacha airgeadais maidir leis na cistí sin agus maidir leis an gCiste um Thearmann, Imirce agus Lánpháirtíocht, an Ciste Slándála Inmheánaí agus an Ionstraim le haghaidh Tacaíocht Airgeadais don Bhainistiú Teorainneacha agus don Bheartas Víosaí (IO L 231, 30.6.2021, lch. 159).

(20)  Treoir 2014/23/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 26 Feabhra 2014 maidir le conarthaí lamháltais a dhámhachtain (IO L 94, 28.3.2014, lch. 1).

(21)  Treoir 2014/24/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 26 Feabhra 2014 maidir le soláthar poiblí agus lena n-aisghairtear Treoir 2004/18/CE (IO L 94, 28.3.2014, lch. 65).

(22)  Treoir 2014/25/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 26 Feabhra 2014 maidir le soláthar arna dhéanamh ag eintitis a oibríonn in earnálacha an uisce, an fhuinnimh, an iompair agus na seirbhísí poist agus lena n-aisghairtear Treoir 2004/17/CE (IO L 94, 28.3.2014, lch. 243).

(23)  Rialachán (AE) Uimh. 1303/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Nollaig 2013 lena leagtar síos forálacha coiteanna maidir le Ciste Forbraíochta Réigiúnaí na hEorpa, le Ciste Sóisialta na hEorpa, leis an gCiste Comhtháthaithe, leis an gCiste Eorpach Talmhaíochta um Fhorbairt Tuaithe agus leis an gCiste Eorpach Muirí agus Iascaigh agus lena leagtar síos forálacha ginearálta maidir le Ciste Forbraíochta Réigiúnaí na hEorpa, le Ciste Sóisialta na hEorpa, leis an gCiste Comhtháthaithe agus leis an gCiste Eorpach Muirí agus Iascaigh agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 1083/2006 ón gComhairle (IO L 347, 20.12.2013, lch. 320).

(24)  Rialachán (AE) Uimh. 223/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Márta 2014 maidir leis an gCiste um Chabhair Eorpach do na Daoine is Díothaí (IO L 72, 12.3.2014, lch. 1).

(25)  Rialachán (AE, Euratom) 2020/2093 ón gComhairle an 17 Nollaig 2020 lena leagtar síos an creat airgeadais ilbhliantúil do na blianta 2021 go 2027 (IO L 433 I, 22.12.2020, lch. 11).

(26)  Rialachán (AE) Uimh. 1291/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Nollaig 2013 lena mbunaítear Fís 2020 – An Clár Réime um Thaighde agus Nuálaíocht (2014-2020), agus lena n-aisghairtear Cinneadh Uimh. 1982/2006/CE (IO L 347, 20.12.2013, lch. 104).

(27)  Rialachán Tarmligthe (AE) 2019/856 ón gCoimisiún an 26 Feabhra 2019 lena bhforlíontar Treoir 2003/87/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le hoibriú an Chiste don Nuálaíocht (IO L 140, 28.5.2019, lch. 6).


ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2024/795/oj

ISSN 1977-0839 (electronic edition)


Top