EUR-Lex Access to European Union law

Back to EUR-Lex homepage

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 32024H0774

Moladh (AE) 2024/774 ón gCoimisiún an 1 Márta 2024 maidir le Cód Cleachtais i ndáil le comhchruthú idir an tionscal agus an saol acadúil le haghaidh luachshocrú eolais

C/2024/601

IO L, 2024/774, 5.3.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/reco/2024/774/oj (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

ELI: http://data.europa.eu/eli/reco/2024/774/oj

European flag

Iris Oifigiúil
an Aontais Eorpaigh

GA

Sraith L


2024/774

5.3.2024

MOLADH (AE) 2024/774 ÓN gCOIMISIÚN

an 1 Márta 2024

maidir le Cód Cleachtais i ndáil le comhchruthú idir an tionscal agus an saol acadúil le haghaidh luachshocrú eolais

TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 292 de,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Sa Mholadh ón gComhairle (AE) 2022/2415 (1) maidir leis na Treoirphrionsabail le haghaidh luachshocrú eolais, moltar do na Ballstáit comhar ildisciplíneach idirdhisciplíneach a spreagadh agus a éascú chun luachshocrú eolais a spreagadh san Eoraip.

(2)

Chun éiceachóras taighde agus nuálaíochta (‘T&N’) an Aontais a neartú, tá sé ríthábhachtach comhchruthú, comhtháirgeadh agus luachshocrú eolais a neartú idir na daoine sin a bhfuil baint acu leis an tionscadal, leis an taighde agus leis an nuálaíocht agus, le páirtithe leasmhara eile b’fhéidir, amhail údaráis phoiblí agus an tsochaí shibhialta. Is éard atá i gceist le comhchruthú idir an tionscal agus an saol acadúil caidreamh córasach bunaithe ar leasanna comhpháirteacha idir páirtithe leasmhara éagsúla. Dá bhrí sin, cumhdaítear leis raon feidhme níos leithne idirghníomhaíochtaí seachas taighde comhpháirteach agus aistriú teicneolaíochta.

(3)

Tá comhar éifeachtúil idir an tionscal agus an saol acadúil ríthábhachtach chun dlús a chur le glacadh réiteach nuálach agus chun teicneolaíochtaí, táirgí agus seirbhísí nua a fhorbairt chun aghaidh a thabhairt ar na dúshláin shochaíocha is práinní, amhail aistrithe glasa agus digiteacha atá cothrom a áirithiú. Leis an gClár Oibre Eorpach Nua um Nuálaíocht (‘NEIA’) (2) agus an Straitéis Eorpach maidir le hOllscoileanna (3), sainaithnítear comhar idir ollscoileanna agus an tionscal mar bhealach ríthábhachtach chun eolas nua a tháirgeadh, a luachshocrú agus a scaipeadh. Thairis sin, cuirtear i dtábhacht sna Conclúidí ón gComhairle maidir le NEIA (4) go bhfuil comhar éifeachtach i measc an taighde, an ghnó agus na hearnála poiblí ar cheann de na nithe is mó a spreagann luachshocrú eolais.

(4)

Sna Conclúidí ón gComhairle maidir le straitéis Eorpach lena gcumhachtaítear institiúidí ardoideachais ar mhaithe le todhchaí na hEorpa (5), cuirtear i dtábhacht gur cheart institiúidí ardoideachais a spreagadh a thuilleadh chun eolas a thiontú ina scileanna, ina inniúlachtaí agus ina nuálaíocht trí dhlúthchomhar a fhorbairt le comhpháirtithe eacnamaíocha, sóisialta agus tionsclaíocha laistigh d’éiceachórais taighde agus nuálaíochta áitiúla agus réigiúnacha, agus trí shoghluaisteacht idirearnálach idir institiúidí ardoideachais agus comhpháirtithe eile a éascú.

(5)

Sa Mholadh ón gComhairle (6) maidir le creat Eorpach chun daoine tréitheacha taighde, nuálaíochta agus fiontraíochta a mhealladh agus a choinneáil san Eoraip, moltar do na Ballstáit béim shonrach a chur ar scéimeanna a bhfuil sé d’aidhm acu na scileanna a theastaíonn ó thaighdeoirí chun gabháil do ghníomhaíochtaí luachshocraithe eolais a neartú. Áirítear ar na scéimeanna sin múscailt feasachta agus oiliúint maidir le comhar idir an tionscal agus an saol acadúil. Moltar leis freisin córais a dhéanann measúnú ar thaighdeoirí agus a thugann luach saothair dóibh a chur chun cinn agus tacaíocht a thabhairt dóibh. Leis na córais sin, i measc nithe eile, aithnítear éagsúlacht aischur agus gníomhaíochtaí, lena n-áirítear luachshocrú eolais, comhar idir an tionscal agus an saol acadúil, ceapadh beartas fianaisebhunaithe agus idirghníomhaíocht leis an tsochaí.

(6)

Príomhghné de T&N is ea an comhar idirnáisiúnta toisc go n-éascaíonn sé rochtain ar mhargaí nua agus go gcothaíonn sé líonra idir daoine tréitheacha; mar sin féin, tá an eolaíocht agus an teicneolaíocht lárnach freisin sa teannas geopholaitiúil i dtimpeallacht dhomhanda atá ag athrú ó bhonn (7). Tá forbairtí eile, amhail an t-aistriú chuig eolaíocht oscailte agus an t-aistriú chuig nuálaíocht oscailte ina ndúshláin agus ina ndeiseanna araon san éiceachórais T&N atá ag teacht chun cinn. Leis na forbairtí sin, ba cheart barr feabhais agus tionchar infheistíocht an Aontais sa taighde agus sa nuálaíocht a áirithiú agus leasanna an Aontais a chosaint. Maidir leis sin, tá an tSraith Straitéisí chun dul i ngleic le cur isteach eachtrach ar T&N (8) ina cuidiú le feasacht a mhúscailt agus athléimneacht a fhorbairt in earnáil T&N ar fud na hEorpa chun slándáil taighde i ngníomhaíochtaí comhpháirteacha T&N a dhaingniú (9).

(7)

Tá dúshláin ag baint le gníomhaíochtaí comhpháirteacha T&N toisc go mbaineann siad le comhpháirtithe ag a bhfuil cúlraí cultúrtha agus gairmiúla, spreagthaí agus leasanna éagsúla (10). Áirítear ar na comhpháirtithe sin ollscoileanna, eagraíochtaí taighde, pobail áitiúla, gnólachtaí, lena n-áirítear fiontair bheaga agus mheánmhéide (FBManna), eagraíochtaí neamhrialtasacha agus comhpháirtithe sóisialta.

(8)

Is é is aidhm don Mholadh seo treoraíocht mhionsonraithe agus uirlisí a sholáthar dóibh siúd atá rannpháirteach in T&N. Leis an Moladh seo, ba cheart éascaíocht a dhéanamh do chruthú timpeallachta cumasúcháin agus do dhálaí bisiúla le haghaidh comhchruthaithe. Ba cheart é a bheith ina chuidiú le samhlacha idirghníomhacha a fhorbairt agus cothú a dhéanamh ar ról na n-idirghabhálaithe agus na n-ardán digiteach lena n-éascaítear an comhchruthú agus lena meaitseáiltear soláthar agus éileamh na nuálaíochta ar bhealach níos fearr.

(9)

Leis an Moladh seo, déantar forbairt ar ionchur ón bpobal cleachtais maidir le comhar idir an tionscal agus an saol acadúil ar mhaithe le luachshocrú eolais. Léirítear sa Chód Cleachtais na treoracha nua a tugadh isteach le Moladh (AE) 2022/2415 ós rud é go spreagtar leis naisc agus comhchruthú idir na páirtithe uile atá rannpháirteach in T&N agus go gcuirtear i dtábhacht ann a thábhachtaí atá scileanna agus cleachtais fiontraíochta. Rannchuidíonn sé freisin leis an ngníomhaíocht chun ‘Treoraíocht ón Aontas a uasghrádú le haghaidh luachshocrú eolais níos fearr’, rud atá mar chuid de Chlár Oibre Beartais LET le haghaidh 2022-2024 (11).

(10)

Moltar do gach gníomhaí T&N atá rannpháirteach i gcomhchruthú idir an tionscal agus an saol acadúil an Moladh seo a leanúint. Áirítear orthu sin ollscoileanna agus institiúidí ardoideachais eile, eagraíochtaí taighde, nuálaíochta agus teicneolaíochta poiblí agus príobháideacha, bonneagair thaighde agus theicneolaíochta, gnólachtaí de gach méid (lena n-áirítear gnólachtaí nuathionscanta, seach-chuideachtaí agus gnólachtaí atá ag méadú) agus idirghabhálaithe (amhail gairmithe aistrithe eolais agus teicneolaíochta, gorlanna, páirceanna eolaíochta agus idirghabhálaithe a bhfuil bonn corparáideach leo). Cé go mbaineann an Moladh seo le heagraíochtaí den chuid is mó, tá a bhfuil ann ríthábhachtach freisin chun treoir a thabhairt do thaighdeoirí aonair, do nuálaithe agus dá bhfoirne maidir le comhchruthú idir an tionscal agus an saol acadúil. Leis an Moladh seo, ba cheart cuidiú le timpeallacht dhinimiciúil T&N a chothú agus comhthuiscint chuimsitheach a fhorbairt maidir le spriocanna agus gníomhaíochtaí an tionscail agus an tsaoil acadúil faoi seach.

TAR ÉIS AN MOLADH SEO A GHLACADH:

1.   SAINMHÍNITHE

Chun críoch an Mholta sin, tá feidhm ag na sainmhínithe seo a leanas:

(1)

ciallaíonn ‘luachshocrú eolais’ an próiseas chun luach sóisialta agus eacnamaíoch a chruthú ó eolas trí réimsí agus earnálacha éagsúla a nascadh le chéile agus trí shonraí, fios gnó agus torthaí taighde a chlaochlú ina dtáirgí inbhuanaithe, ina seirbhísí, ina réitigh agus ina mbeartais eolasbhunaithe a théann chun tairbhe don tsochaí (12);

(2)

ciallaíonn ‘comhchruthú idir an tionscal agus an saol acadúil’ an próiseas maidir le táirgeadh comhpháirteach agus luachshocrú eolais idir an tionscal, gníomhaithe T&N agus páirtithe leasmhara eile b’fhéidir, amhail údaráis phoiblí, comhpháirtithe sóisialta agus an tsochaí shibhialta (13);

(3)

ciallaíonn ‘an saol acadúil’ ollscoileanna agus institiúidí ardoideachais eile, lena n-áirítear eagraíochtaí taighde agus teicneolaíochta poiblí agus príobháideacha (14), ollscoileanna na heolaíochta feidhmí agus institiúidí ardoideachais gairmoideachais agus gairmoiliúna eile;

(4)

ciallaíonn ‘sócmhainn intleachtúil’ aon toradh nó táirge a ghintear trí aon ghníomhaíocht T&N (amhail cearta maoine intleachtúla, sonraí, fios gnó, fréamhshamhlacha, próisis, cleachtais, teicneolaíochtaí agus bogearraí);

(5)

ciallaíonn ‘eolaíocht oscailte’ cur chuige i leith an phróisis eolaíoch atá bunaithe ar obair chomhoibríoch oscailte, uirlisí agus scaipeadh eolais, mar a shainmhínítear in Airteagal 2, pointe (5) de Rialachán (AE) 2021/695 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (15);

(6)

ciallaíonn ‘nuálaíocht oscailte’ an cur chuige maidir leis an bpróiseas nuálaíochta a oscailt lasmuigh d’eagraíocht (16);‘

(7)

ciallaíonn ‘rochtain oscailte’ rochtain a chuirtear ar fáil saor in aisce don úsáideoir deiridh ar shonraí taighde, lena n-áirítear foilseacháin eolaíocha, i gcomhréir le hAirteagal 14(1)(a) agus Airteagal 39(3) de Rialachán (AE) 2021/695.

2.   TIMPEALLACHT CHUMASÚCHÁIN A CHRUTHÚ AR MHAITHE LE COMHCHRUTHÚ IDIR AN TIONSCAL AGUS AN SAOL ACADÚIL

2.1.   Straitéis, múscailt feasachta agus dreasachtaí

2.1.1.   Moltar comhchruthú idir an tionscal agus an saol acadúil a chur chun cinn i straitéis na heagraíochta tríd an méid seo a leanas a dhéanamh:

(a)

misean soiléir a leagan amach chun comhchruthú idir an tionscal agus an saol acadúil a chur chun cinn le haghaidh luachshocrú eolais agus straitéisí taighde agus forbartha atá oiriúnach don fheidhm a fhorbairt, ar straitéisí iad arna bhformhuiniú ag an ardbhainistíocht agus ag an meánbhainistíocht;

(b)

comhar trasdisciplíneach agus malartú eolais laistigh den eagraíocht a spreagadh chun cultúr nuálaíochta agus idirphlé oscailte a chur chun cinn, agus dea-thorthaí agus dúshláin araon á gcomhroinnt agus ag foghlaim trí ghníomhaíocht;

(c)

breithniú a dhéanamh ar fhoirne tiomnaithe a bhunú a bheidh freagrach as comhar idir an tionscal agus an saol acadúil a éascú agus as tacú leis an gcomhar sin; am agus acmhainní a infheistiú; treoraíocht maidir le comhpháirtithe a d’fhéadfadh a bheith ann a shainaithint (agus leasanna, gealltanas, taithí roimh ré agus comhlántacht na gcumas á gcur san áireamh); agus faisnéis a sholáthar maidir leis na cineálacha comhchruthaithe agus comhpháirtíochtaí atá ar fáil (leibhéil éagsúla rannpháirtíochta, faid agus dálaí);

(d)

idirphlé idir an tionscal agus an saol acadúil a neartú ar leibhéal na struchtúr comhairleach agus treochláir chomhpháirteacha a shaothrú ina mbeidh an saol acadúil, an tionscal, údaráis phoiblí, comhpháirtithe sóisialta, braislí, gnólachtaí nuathionscanta agus saoránaigh rannpháirteach, mar shampla trí bhoird thiomnaithe a bhunú; cruinnithe comhchéime, socruithe comhoibríocha nó próisis chomhoibritheacha a eagrú, b’fhéidir, lena n-áirítear anailís a dhéanamh ar riachtanais scileanna chun dúshláin oideachais a shainiú agus chun inniúlachtaí scileanna atá ábhartha do mhargadh an tsaothair a shainaithint d’fhonn curaclaim agus modhanna teagaisc a oiriúnú dá réir sin agus scileanna a bheidh slán i bhfad na haimsire a thabhairt do mhic léinn;

(e)

struchtúir chomhpháirteacha a fhorbairt amhail moil nuálaíochta agus eolais, institiúidí fíorúla agus acadaimh fiontraíochta (17) chun comhar a chothú agus éiceachórais idirnasctha inbhuanaithe a bhunú; saotharlanna beo a chruthú, b’fhéidir,agus gníomhaíochtaí dúshlánbhunaithe a chur ar fáil amhail haiceatóin, lena dtabharfar le chéile foirne mac léinn, taighdeoirí, cuideachtaí agus cathracha atá éagsúil go hidirnáisiúnta agus trasdisciplíneach chun réitigh nuálacha atá ábhartha do chuideachtaí agus do chathracha a fhorbairt;

(f)

deiseanna a chruthú chun mic léinn bhaitsiléara agus mháistreachta, iarrthóirí dochtúireachta agus taighdeoirí iardhochtúireachta a óstáil i gcuideachtaí agus páirt ghníomhach a ghlacadh i dtaighde comhoibríoch agus T&N atá dírithe ar mhisean;

(g)

gníomhaíochtaí a chur chun cinn chun cur le hiontaoibh agus eolas frithpháirteach (amhail líonrú, iasachtaí agus malartuithe foirne idir comhpháirtithe) agus uirlisí a úsáid (amhail dearbháin nuálaíochta) chun comhpháirtíochtaí níos éifeachtúla agus níos inbhuanaithe a chothú.

2.1.2.   Moltar feasacht a mhúscailt in eagraíochtaí maidir leis na tairbhí frithpháirteacha agus na deiseanna cruthaithe luacha is féidir leis an gcomhchruthú idir an tionscal agus an saol acadúil a chur ar fáil tríd an méid seo a leanas a dhéanamh:

(a)

cultúr comhchruthaithe idirearnálaigh agus foghlama frithpháirtí a chothú trí smaointe maidir le topaicí leasa choitinn a mhalartú agus trí shamplaí de scéalta ratha agus de dhea-chleachtais a chomhroinnt (18);

(b)

leasanna poiblí agus príobháideacha a ailíniú trí dhúshláin agus cuspóirí comhroinnte idir an tionscal agus an saol acadúil a shainaithint, amhail dul i ngleic le riachtanais shochaíocha nó nuálaíocht teicneolaíochta a chur chun cinn;

(c)

cumarsáid a dhéanamh maidir leis na tairbhí a bhaineann le comhchruthú eolais don tionscal, amhail rannchuidiú le haon riachtanas sochaíoch, tionchar sóisialta a chruthú, feabhas a chur ar thaighde tionsclaíoch, rochtain a fháil ar mhalartuithe daoine tréitheacha agus scileanna, nuálaíochtaí sóisialta agus eagraíochtúla san áit oibre a uas-scálú, rochtain a fháil ar chláir thaighde a chistítear go poiblí, rioscaí a chomhroinnt chun smaointe agus teicneolaíochtaí nua a thástáil, feabhas a chur ar tháirgí nó ar sheirbhísí, agus feabhas a chur ar iomaíochas gnó;

(d)

cumarsáid a dhéanamh maidir leis na tairbhí a bhaineann le comhchruthú eolais d’eagraíochtaí taighde, amhail rannchuidiú le riachtanais shochaíocha, tionchar sóisialta a chruthú, forbairt seach-chuideachtaí, tionscadal comhpháirteach agus foilseachán a spreagadh, cur i bhfeidhm tionsclaíoch na dtorthaí taighde, teagmháil leis an tionscal, malartuithe scileanna agus rochtain ar bhonneagair, nuálaíochtaí sóisialta agus eagraíochtúla a uas-scálú, feabhas a chur ar infhostaitheacht mac léinn agus taighdeoirí, agus deiseanna airgeadais (lena n-áirítear níos mó deiseanna cistiúcháin);

(e)

comhpháirtíochtaí rathúla idir an tionscal agus an saol acadúil laistigh den eagraíocht a chur i dtábhacht, agus béim á leagan ar a thábhachtaí atá sé sócmhainní intleachtúla a bhainistiú go héifeachtach agus an luach a chruthaítear i gcomhchruthú idir an tionscal agus an saol acadúil á léiriú;

(f)

dul i gcomhar le lucht ceaptha beartas agus riaracháin phoiblí maidir le beartais, cistiú agus dreasachtaí cánach le haghaidh an chomhchruthaithe idir an tionscal agus an saol acadúil (mar shampla, chun dochtúireachtaí sa tionsclaíocht a chistiú);

(g)

gníomhaíochtaí comhpháirteacha (amhail comórtais chás-staidéir, haiceatóin, feachtais chumarsáide, oiliúintí comhpháirteacha agus cruthúnais choincheapa) a chruthú agus ról a thabhairt do shaoránaigh i ngníomhaíochtaí comhchruthaithe idir an tionscal agus an saol acadúil i gcomhréir le Moladh (AE) 2024/736 ón gCoimisiún (19).

2.1.3.   Moltar dreasachtaí a sholáthar d’fhoireann uile na heagraíochta spriocdhírithe (20) sa tionscal agus sa saol acadúil chun páirt a ghlacadh i gcomhchruthú idir an tionscal agus an saol acadúil tríd an méid seo a leanas a dhéanamh:

(a)

aitheantas agus luach saothair a thabhairt do chomhpháirtíochtaí rathúla idir an tionscal agus an saol acadúil, do mhalartú foirne nó do shoghluaisteacht idirearnálach agus do na scileanna a fhorbraítear i gcomhchruthú idir an tionscal agus an saol acadúil san earcaíocht, i meastóireachtaí feidhmíochta (21), i measúnuithe gairme agus i ndul chun cinn na foirne; ba cheart breithniú a dhéanamh ar dhreasachtaí eile, amhail cistiú, comhúinéireacht maoine intleachtúla agus comhroinnt ríchíosanna;

(b)

cumarsáid a dhéanamh maidir leis na tairbhí a bhaineann le deiseanna éagsúla comhchruthaithe agus comhpháirtíochta don tionscal agus d’fhoirne acadúla, amhail foghlaim ar feadh an tsaoil, forbairt ghairmiúil agus phearsanta, neamhspleáchas taighde, róil cheannaireachta agus deiseanna tráchtálaithe taighde;

(c)

an fhoireann uile a bheith rannpháirteach sa tsoghluaisteacht idirearnálach dhéthreoch, ón tionscal go dtí an saol acadúil agus ón saol acadúil go dtí an tionscal, chun gníomhaíochtaí comhchruthaithe agus trasdisciplíneacha a chur chun cinn, amhail cláir champais, chun an bhearna idir taighde agus feidhmeanna praiticiúla ag an tionscal a dhúnadh;

(d)

faisnéis a sholáthar don fhoireann uile maidir le huirlisí agus cláir ábhartha, lena n-áirítear faisnéis maidir le deontais tionscadail, comhaltachtaí, scoláireachtaí, cláir dhochtúireachta agus iardhochtúireachta sa tionsclaíocht, amhail socrúcháin neamhacadúla Chomhaltachtaí Iardhochtúireachta Ghníomhaíochtaí Marie Skłodowska-Curie (GMSC) (22) agus Líonraí Dochtúireachta GMSC (lena n-áirítear dochtúireachtaí sa tionsclaíocht) (23), deontais le haghaidh cruthúnas coincheapa (24), comhghuaillíochtaí d’Ollscoileanna Eorpacha (25), deiseanna síolchistiúcháin, seirbhísí tacaíochta, oiliúint agus cóitseáil, deiseanna cistiúcháin agus imeachtaí.

2.2.   Forbairt scileanna agus foghlaim ar feadh an tsaoil

2.2.1.   Moltar infheistíocht a dhéanamh san fhorbairt scileanna agus san fhoghlaim ar feadh an tsaoil le haghaidh comhchruthú neartaithe idir an tionscal agus an saol acadúil tríd an méid seo a leanas a dhéanamh:

(a)

cóitseáil, meantóireacht agus deiseanna forbartha gairmiúla agus pearsanta do gach ball foirne ar fud an tionscail agus an tsaoil acadúil (lena n-áirítear micridhintiúir agus gairmoiliúint) (26);

(b)

infheistíocht a dhéanamh i ndeiseanna foghlama éagsúla agus solúbtha, lena n-áirítear micridhintiúir, chun aghaidh a thabhairt ar riachtanais a bhíonn ag athrú ar fud an tionscail agus an tsaoil acadúil agus ról a thabhairt do mhúinteoirí agus d’aoi-léachtóirí a bhfuil próifílí éagsúla acu, go háirithe ón tionscal;

(c)

scileanna idirdhisciplíneacha bhaill foirne an tionscail agus an tsaoil acadúil a neartú, ar scileanna iad a bhfuil gá leo le haghaidh comhar éifeachtach trasdisciplíneach agus trasearnála, amhail cumarsáid, ceannaireacht, oiriúnú do thimpeallachtaí oibre a bhíonn ag athrú, solúbthacht agus scileanna idirbheartaíochta;

(d)

tuiscint chuimsitheach a chothú ar an gcaoi a n-oibríonn gnólachtaí agus oiliúint agus deiseanna a sholáthar do mhic léinn agus do thaighdeoirí a dtionscadail a chur faoi bhráid painéil ionadaithe tionsclaíochta chun aiseolas a fháil agus líonra a chruthú dá bhforbairt ghairmiúil amach anseo, lena n-áirítear trí ghorlanna mac léinn a bhunú;

(e)

scileanna a fhorbairt maidir le bainistiú tionscadal, maoirseacht agus meantóireacht, measúnú tionchair, cumarsáid, comhchruthú eolais, luachshocrú agus nuálaíocht do gach ball foirne agus mac léinn ar fud an tsaoil acadúil; áirítear leis sin oiliúint i modheolaíochtaí meastóireachta, creataí tomhais agus measúnú a dhéanamh ar thorthaí tionscadail agus ar an tionchar a bhíonn acu ar an tsochaí;

(f)

smaointeoireacht straitéiseach agus scileanna fiontraíochta a chothú do mhic léinn agus do thaighdeoirí chun seach-chuideachtaí agus gnólachtaí nuathionscanta a fhorbairt bunaithe ar tháirgí agus ar sheirbhísí nuálacha, agus a dtorthaí taighde a thabhairt isteach i bhfeidhmeanna praiticiúla ar an margadh;

(g)

níos mó oiliúna i ndeiseanna cistiúcháin T&N a sholáthar agus tuiscint chuimsitheach ar fheidhmiú agus ar ghníomhaíochtaí institiúidí acadúla agus taighde ar fud an tionscail a chothú, go háirithe FBManna, agus gorlanna, moil nuálaíochta agus lárionaid scaipthe teicneolaíochta a chur chun cinn chun tacú le próisis nuálaíochta FBM, mar shampla cur leis an obair a rinneadh faoi Ionaid Barr Feabhais Gairme (27);

(h)

oiliúint a chur ar fáil maidir le bainistiú sócmhainní intleachtúla (ba cheart don oiliúint díriú freisin ar an tionscal, go háirithe FBManna, agus ar an saol acadúil lena n-áirítear mic léinn, i ngrúpaí measctha más féidir) agus díriú ar shócmhainní intleachtúla a bhainistiú i dtionscadail agus i gcomhpháirtíochtaí, lena n-áirítear an eolaíocht oscailte agus breithnithe nuálaíochta oscailte, i gcomhréir le Moladh (AE) 2023/499 ón gCoimisiún;

(i)

oiliúint a chur ar fáil maidir le caighdeánú chun feabhas a chur ar an tuiscint ar na saintréithe agus ar na naisc idir taighde, nuálaíocht agus caighdeánú agus ar an gcaoi ar féidir leo tacú le chéile chun borradh a chur faoin luachshocrú eolais, i gcomhréir le Moladh (AE) 2023/498 ón gCoimisiún (28);

(j)

scileanna foirne, mac léinn agus taighdeoirí a fhorbairt maidir le hardáin agus uirlisí digiteacha a úsáid, lena n-áirítear na scileanna sin a bhaineann le litearthacht sonraí agus bainistiú sonraí le haghaidh luachshocrú eolais;

(k)

rannpháirtíocht na foirne (lena n-áirítear foireann bhainistíochta agus riaracháin) agus na dtaighdeoirí uile a spreagadh i scéimeanna soghluaisteachta idirearnálacha idirnáisiúnta idir an saol acadúil agus an tionscal agus i scéimeanna eile, amhail Líonraí Dochtúireachta GMSC, Malartuithe Foirne GMSC (29), COFUND GMSC (30), Erasmus+ (31), cláir oideachais agus oiliúna phobail eolais agus nuálaíochta na hInstitiúide Eorpaí um Nuálaíocht agus Teicneolaíocht (EIT) (32) agus an Chomhphobail um Thaighde agus Nuálaíocht Eorpach maidir leis an tSlándáil (CERIS).

2.3.   Líonrú agus cumarsáid

2.3.1.   Moltar infheistíocht a dhéanamh sa líonrú, sa chumarsáid agus san fhothú caidreamh chun comhchruthú idir an tionscal agus an saol acadúil a éascú tríd an méid seo a leanas a dhéanamh:

(a)

foireann a spreagadh chun páirt a ghlacadh i ngníomhaíochtaí líonraithe laistigh den eagraíocht agus le heagraíochtaí seachtracha agus feasacht a mhúscailt maidir le deiseanna líonraithe;

(b)

imeachtaí a eagrú agus páirt a ghlacadh iontu, ar imeachtaí iad lena dtugtar le chéile an tionscal (lena n-áirítear FBManna, seach-chuideachtaí agus gnólachtaí nuathionscanta, aingil ghnó, cistí caipitil fiontair agus páirtithe leasmhara eile) agus an saol acadúil chun leasanna, dúshláin agus deiseanna coiteanna a phlé;

(c)

líonra alumni gníomhach a choinneáil ar bun chun naisc a chruthú agus deiseanna a sholáthar d’fhiontraithe is alumni agus dóibh siúd a oibríonn sa tionscal chun a gcuid saineolais a chomhroinnt le mic léinn agus meantóireacht a sholáthar (33);

(d)

braislí (34), líonraí (35), ardáin (36), pobail chleachtais, meithleacha comhpháirteacha, agus boird chomhairliúcháin (idir fhoirmiúil agus neamhfhoirmiúil) a thabhairt le chéile agus na seirbhísí tacaíochta atá ar fáil (amhail gorlanna, luasairí, oifigí aistrithe eolais agus teicneolaíochta (KT/TTOnna), oifigí idirchaidrimh agus saineolaithe tríú páirtí) a úsáid ar leibhéal an Aontais, ar an leibhéal náisiúnta agus ar an leibhéal réigiúnach;

(e)

feasacht a mhúscailt maidir le dúshláin, lena n-áirítear slándáil taighde a bhaineann le comhar T&N agus cur isteach eachtrach a d’fhéadfadh a bheith ann (37), agus comhpháirtíochtaí idir gnólachtaí an Aontais agus comhpháirtithe acadúla domhanda a chur chun cinn (38);

(f)

cumarsáid oscailte agus éifeachtach a spreagadh agus tuiscint ar na téarmaí a úsáideann gníomhaithe éagsúla a áirithiú;

(g)

ardáin dhigiteacha nó gnólachtaí bróicéireachta (le roghanna cuardaigh, scagairí, foláirimh, etc.) atá seanbhunaithe agus a reáchtáiltear go gairmiúil a shainaithint agus a úsáid lena ndéantar an méid seo a leanas:

(i)

an tionscal agus an saol acadúil chomh maith le páirtithe leasmhara eile, amhail daoine aonair agus údaráis phoiblí, a mheaitseáil;

(ii)

deiseanna comhchruthaithe a fhiosrú;

(iii)

spriocanna agus cuspóirí a ailíniú ar bhonn idirghníomhach;

(h)

oifigí idirchaidrimh inmheánacha a bhunú leis na modhanna agus na hacmhainní is gá chun feidhmiú mar phointí teagmhála le haghaidh an chomhchruthaithe idir an tionscal agus an saol acadúil, ar pointí teagmhála iad a chuirfidh faisnéis ar fáil maidir le deiseanna agus a áiritheoidh caidreamh rianúil le comhpháirtithe;

(i)

rannpháirtíocht iarthionscadail fhadtéarmach agus inbhuanaithe a chur chun cinn agus caidrimh agus comhpháirtíochtaí leanúnacha idir an tionscal agus an saol acadúil a chothú.

3.   BAINISTÍOCHT A DHÉANAMH AR AN gCOMHCHRUTHÚ IDIR AN TIONSCAL AGUS AN SAOL ACADÚIL AR MHAITHE LE LUACHSHOCRÚ EOLAIS ÉIFEACHTACH

3.1.   Dálaí le haghaidh comhpháirtíochtaí rathúla

3.1.1.   Moltar creat comhpháirtíochta comhpháirteach idir an tionscal agus an saol acadúil a fhorbairt ar mhaithe le luachshocrú eolais éifeachtach tríd an méid seo a leanas a dhéanamh:

(a)

fís, spriocanna, ionchais agus cuspóirí comhroinnte a chomhaontú as a dtiocfaidh ardleibhéal rannpháirtíochta agus gealltanais fhadtéarmaigh agus urraim á tabhairt don tsaoirse acadúil an tráth céanna agus, i gcás inar féidir agus inarb ábhartha, rannpháirtíocht páirtithe leasmhara eile á cur san áireamh chun an creat comhpháirtíochta a chruthú;

(b)

iontaoibhe agus gealltanas a chothú i measc gach páirtí a bhfuil baint acu leis an gcreat comhpháirtíochta;

(c)

creat conarthach soiléir agus cuimsitheach, struchtúr rialachais, socruithe chun an chomhpháirtíocht a bhainistiú agus nós imeachta chun coinbhleacht a réiteach, na nithe sin uile a leagan amach le tacaíocht ó shaineolaithe dlí;

(d)

sceideal mionsonraithe agus treochlár le haghaidh na comhpháirtíochta a chomhaontú, lena n-áirítear garspriocanna agus sprioc-amanna agus an t-athbhreithniú tráthrialta orthu, agus téarmaíocht oibre thrasearnálach choiteann idir na comhpháirtithe a tharraingt suas;

(e)

táscairí sonracha a leagan síos chun faireachán agus meastóireacht a dhéanamh ar an dul chun cinn, ar an luach a chruthaítear, ar thionchar (comhshaoil, teicneolaíoch, eacnamaíoch, sochaíoch, polaitiúil agus sláinte) agus ar inbhuanaitheacht na comhpháirtíochta;

(f)

straitéis chomhpháirteach um bainistiú sócmhainní intleachtúla a fhorbairt (39), lena n-áirítear breithnithe maidir le heolas cúlra, malartú sonraí, luacháil, bainistíocht agus úinéireacht chomhpháirteach maoine intleachtúla, an eolaíocht oscailte, cleachtais nuálaíochta oscailte agus rannchuidithe leis an gcaighdeánú;

(g)

teacht ar chomhaontú maidir le saincheisteanna rúndachta, úinéireachta sonraí agus príobháideachais sonraí agus beartas maidir le coinbhleachtaí leasa;

(h)

struchtúr soiléir a bhunú le haghaidh comhar le baill foirne a bhfuil oiliúint shonrach orthu (agus foireann thiomnaithe in eagraíochtaí comhpháirtíochta más ábhartha); féadfar tacú leis na foirne sin le KT/TTOnna le haghaidh comhpháirtithe acadúla nó le comhlachais ábhartha le haghaidh comhpháirtithe tionscail;

(i)

comhionannas, éagsúlacht, inbhuanaitheacht agus cuimsiú a chur chun cinn agus laofacht inscne a sheachaint i gcuspóirí agus i ngníomhaíochtaí comhpháirtíochta;

(j)

feasacht a mhúscailt maidir leis an gcreat comhpháirtíochta agus maidir le luachanna, róil, dreasachtaí agus acmhainní na gcomhpháirtithe chun soiléireacht agus ailíniú a áirithiú.

3.2.   Ról a thabhairt d’idirghabhálaithe (40)

3.2.1.   Moltar ról na n-idirghabhálaithe a chothú chun comhchruthú fadtéarmach inbhuanaithe idir an tionscal agus an saol acadúil a spreagadh agus a bhainistiú tríd an méid seo a leanas a dhéanamh:

(a)

tairbhiú de thacaíocht ó chineálacha éagsúla idirghabhálaithe, lena n-áirítear gairmithe aistrithe eolais agus teicneolaíochta agus bainisteoirí conartha a dhéanann formhaoirseacht ar idirbhearta foirmiúla laistigh den eagraíocht (amhail ábhair a bhaineann le bainistiú sócmhainní intleachtúla); féadfar a áireamh ar idirghabhálaithe freisin éascaitheoirí a bhfuil bonn corparáideach leo agus éascaitheoirí gairmiúla eile (amhail an earnáil tionsclaíochta nó comhlachais eolaíochta) a chuidíonn le hidirphlé agus le tuiscint a fháil ar chaidrimh oibre nó ar eagraíochtaí a dhéanann maoirseacht ar spásanna comhchruthaithe ilpháirtithe leasmhara (amhail boscaí gainimh, binsí tástála, ardáin agus saotharlanna beo);

(b)

tairbhiú de thacaíocht na n-idirghabhálaí sa chomhpháirtíocht chun idirghabháil agus cumarsáid idir na comhpháirtithe a éascú;

(c)

ról a thabhairt do na hidirghabhálaithe ó thaobh creataí comhpháirtíochta a fhorbairt agus páirt a ghlacadh i nglaonna iomaíocha le gníomhaireachtaí cistiúcháin;

(d)

dul i dteagmháil le hidirghabhálaithe chun léargais a thabhairt ar nuálaíocht fhreagrach, ar chomhairle rialála agus ar threoraíocht maidir le hábhair a bhféadfadh sé nach bhfuil saineolas ag an eagraíocht ina leith (amhail bainistiú riosca teicneolaíochta);

(e)

acmhainní leordhóthanacha a sholáthar, lena n-áirítear cistiú agus infheistíocht a dhéanamh i ngairmiúlú idirghabhálaithe, agus aitheantas a thabhairt don ról ríthábhachtach atá acu in éiceachórais nuálaíochta an Aontais, náisiúnta agus réigiúnacha agus i ndáil le leasanna ilpháirtithe leasmhara, idirearnálacha agus réigiúnacha a ailíniú sa tionscal agus sa saol acadúil;

(f)

tacú le comhar agus le malartú dea-chleachtas idir idirghabhálaithe a bhfuil baint acu le comhchruthú idir an tionscal agus an saol acadúil agus turgnamh a spreagadh chun oiriúnú do theicneolaíochtaí nua agus chun tairbhiú díobh, amhail an intleacht shaorga;

(g)

idirghabhálaithe a chumhachtú agus infheistíocht a dhéanamh sna scileanna is gá trí chuairteanna staidéir a chistiú agus deiseanna oiliúna a sholáthar maidir le luachshocrú airgeadais agus neamhairgeadais torthaí agus fiontraíochta sóisialta;

(h)

idirghabhálaithe ón tionscal agus ón saol acadúil a spreagadh chun dul i dteagmháil le lucht ceaptha beartas agus riaracháin réigiúnacha, caipitlithe fiontair, aingil ghnó agus cistí infheistíochta chun moil nuálaíochta réigiúnacha a chruthú agus/nó a neartú agus chun infheistíocht a mhealladh.

3.3.   Luachshocrú na dtorthaí comhchruthaithe idir an tionscal agus an saol acadúil a neartú

3.3.1.   Moltar luachshocrú thorthaí na ngníomhaíochtaí comhchruthaithe idir an tionscal agus an saol acadúil a chur chun cinn tríd an méid seo a leanas a dhéanamh:

(a)

lena n-áirítear, le haghaidh gach toraidh a bhfuiltear ag súil leis, rialacha maidir le húinéireacht agus rialú (lena n-áirítear rochtain oscailte agus cosaint maoine intleachtúla) agus plean luachshocraithe le haghaidh tionchar níos mó; leis an bplean seo, ba cheart ról gach páirtí, na céimeanna atá le glacadh chun tionchar a imirt agus na céimeanna atá le glacadh le haghaidh saothrú comhpháirteach a leagan amach i gcás inarb ábhartha agus i gcás ina bhfuil príomhleasanna na gcomhpháirtithe ailínithe;

(b)

bealaí agus uirlisí éifeachtacha a bhunú (41), lena n-áirítear le haghaidh caighdeánú, chun glacadh na dtorthaí a áirithiú agus chun liosta de na príomhbhaill foirne agus de na pointí teagmhála a thugtar cothrom le dáta go tráthrialta a tharraingt suas do gach comhpháirtí i gcomhar ar leith;

(c)

feasacht a mhúscailt agus leas a bhaint as scéimeanna cistiúcháin poiblí agus príobháideacha, lena n-áirítear cláir cistiúcháin fréamhshamhla chun indéantacht theicniúil na dtorthaí taighde a léiriú, agus as cistiú ón Aontas agus cistiú náisiúnta maidir le himscaradh;

(d)

úsáid uirlisí agus seirbhísí seanbhunaithe a spreagadh lena gcuirtear chun cinn sainaithint torthaí a bhfuil acmhainneacht ard-nuálaíochta acu agus lena dtacaítear le straitéisí agus pleananna gnó a fhorbairt lena nglacadh sa tsochaí.

3.3.2.   Moltar acmhainní a chomhthiomsú agus páirt a ghlacadh i mbonneagair chomhpháirteacha agus i saoráidí comhchruthaithe chun comhchruthú idir an tionscal agus an saol acadúil a neartú tríd an méid seo a leanas a dhéanamh:

(a)

infheistíocht a dhéanamh i mbonneagair chomhpháirteacha taighde agus teicneolaíochta (42), agus i saoráidí comhchruthaithe, amhail spásanna oibre comhroinnte, binsí tástála agus páirceanna nuálaíochta, saoráidí tástála agus turgnamhaíochta (43) agus línte píolótacha (44), agus páirt a ghlacadh iontu, rud a d’fhéadfadh tacaíocht ghairmiúil foirne a chur ar fáil i réimsí amhail forbairt ghnó, idirchaidreamh tionscail, bainistiú KT/TTOanna agus bainistiú cistithe taighde chun an bhearna idir an tionscal agus an saol acadúil a dhúnadh;

(b)

rochtain ar acmhainní a sholáthar, amhail saoráidí comhroinnte, trealamh agus stórais sonraí, chun tacú le gníomhaíochtaí comhpháirteacha taighde agus nuálaíochta (agus saincheisteanna rúndachta gaolmhara á gcur san áireamh);

(c)

tacú le hardáin nuálaíochta oscailte agus páirt a ghlacadh iontu (lena n-áirítear timpeallachtaí agus uirlisí digiteacha le haghaidh comhchruthaithe agus meaitseáil ghairmiúil idir an tionscal agus an saol acadúil) chun tionscadail nuálaíochta a thionscnamh agus a fhorbairt, ag tosú le smaointe nuálaíochta, dúshláin thionsclaíocha agus riachtanais agus iad a thabhairt chun críche trí chuibhreannais agus foirne tionscadail nuálaíochta a thógáil;

(d)

treoraíocht a chur ar fáil maidir le modhanna comhchruthaithe, nuálaíocht oscailte agus dea-chleachtais luachshocraithe atá saincheaptha do spriocanna agus cuspóirí sonracha na comhpháirtíochta; féadfar a áireamh ar na modhanna sin smaointeoireacht deartha, cineálacha cur chuige atá dírithe ar an úsáideoir agus gníomhaíocht rannpháirtíochta.

3.4.   Measúnú a dhéanamh ar thorthaí, ar an luach a chruthaítear agus ar an tionchar

3.4.1.   Moltar measúnú a dhéanamh ar thorthaí, ar an luach a chruthaítear agus ar thionchar na ngníomhaíochtaí comhchruthaithe idir an tionscal agus an saol acadúil tríd an méid seo a leanas a dhéanamh:

(a)

méadrachtaí oiriúnacha le haghaidh measúnuithe den sórt sin a chomhaontú go comhpháirteach agus cothromaíocht a áirithiú idir méadrachtaí atá dírithe ar ghnó, ar an tsochaí agus ar thaighde. Féadfar a áireamh orthu sin nuálaíochtaí sainaitheanta, ceadúnais, trádmharcanna agus bogearraí, rannchuidithe le caighdeáin agus comhfhoilseacháin phoiblí-príobháideacha. Ba cheart meastóireacht a dhéanamh ar an tionchar (amhail éifeachtaí comhshaoil, teicneolaíochta, eacnamaíocha, sochaíocha, polaitíochta agus sláinte). Ba cheart tionchair dhiúltacha a thuairisciú, agus ba cheart measúnú a dhéanamh ar ábhair imní eiticiúla;

(b)

méadrachtaí cáilíochtúla a chomhaontú agus a fhorbairt go comhpháirteach chun meastóireacht a dhéanamh ar thorthaí na comhpháirtíochta (amhail caidrimh ghairmiúla, iontaoibhe a fhorbraítear agus comhroinnt eolais) mar shampla trí shuirbhéanna spriocdhírithe agus trí bhabhtaí aiseolais tráthrialta a úsáid;

(c)

cás-staidéir a úsáid chun measúnú a dhéanamh ar an tionchar sochaíoch agus ar an luach a chruthaítear, go háirithe le haghaidh tionscadail a chistítear go poiblí den chuid is mó, agus na cás-staidéir sin a chur ar fáil go poiblí;

(d)

athbhreithniú a dhéanamh ar mhéadrachtaí agus ar tháscairí le himeacht ama agus faireachán a dhéanamh ar thionchar fadtéarmach na comhpháirtíochta i dtéarmaí comhsheasmhachta, inbhuanaitheachta, inscálaitheachta agus in-athúsáideachta;

(e)

comhroinnt chóir agus chothrom an luacha arna ghiniúint ag gníomhaíochtaí comhchruthaithe idir an tionscal agus an saol acadúil a áirithiú bunaithe ar an tionchar a chruthaíonn na gníomhaíochtaí sin;

(f)

a áirithiú go mbreithneoidh na páirtithe uile lena mbaineann an luach agus an tionchar a chruthaíonn an chomhpháirtíocht agus gníomhaíochtaí agus comhpháirtíochtaí a bheidh ann amach anseo á bhforbairt acu.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 1 Márta 2024.

Thar ceann an Choimisiúin

Iliana IVANOVA

Comhalta den Choimisiún


(1)  Moladh (AE) 2022/2415 ón gComhairle an 2 Nollaig 2022 maidir leis na treoirphrionsabail le haghaidh luachshocrú eolais (IO L 317, 9.12.2022, lch. 141, ELI: http://data.europa.eu/eli/reco/2022/2415/oj).

(2)  Teachtaireacht ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle, chuig Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa agus chuig Coiste na Réigiún, Clár Oibre Eorpach Nua um Nuálaíocht (COM(2022) 332 final).

(3)  Teachtaireacht ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle, chuig Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa agus chuig Coiste na Réigiún maidir le straitéis Eorpach d’ollscoileanna (COM(2022) 16 final).

(4)  Conclúidí ón gComhairle maidir leis an gClár Oibre Eorpach Nua um Nuálaíocht a glacadh an 17 Samhain 2022 (Doiciméad 14705/22 ón gComhairle).

(5)  Conclúidí ón gComhairle maidir le straitéis Eorpach lena gcumhachtaítear institiúidí ardoideachais ar mhaithe le todhchaí na hEorpa (2022/C 167/03).

(6)  Moladh ón gComhairle an 18 Nollaig 2023 maidir le creat Eorpach chun daoine tréitheacha taighde, nuálaíochta agus fiontraíochta a mhealladh agus a choinneáil san Eoraip (IO C, C/2023/1640, 29.12.2023, ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2023/1640/oj).

(7)  Teachtaireacht ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle, chuig Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa agus chuig Coiste na Réigiún maidir leis an gCur Chuige Domhanda i leith Taighde agus Nuálaíochta – Europe’s strategy for international cooperation in a changing world [Straitéis na hEorpa um chomhar idirnáisiúnta i ndomhan atá ag athrú], COM(2021) 252 final, 18.5.2021.

(8)  An Coimisiún Eorpach, Ard-Stiúrthóireacht an Taighde agus na Nuálaíochta, Tackling R&I foreign interference [Dul i ngleic le cur isteach eachtrach ar T&N] – Doiciméad inmheánach oibre, Oifig Foilseachán an Aontais Eorpaigh, 2022.

(9)  Teachtaireacht Chomhpháirteach chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle Eorpach agus chuig an gComhairle maidir le ‘Straitéis Eorpach um an tSlándáil Eacnamaíoch’, JOIN/2023/20 final, 20.6.2023.

(10)  An Nuálaíocht a Ghiaráil trí Chomhar: Dúshláin agus Deiseanna Maoine Intleachtúla do FBManna i gComhthéacs na dTionscadal Taighde Comhoibríoch arna gCistiú ag an Aontas Eorpach (lesi.org).

(11)  Clár Oibre Beartais an Limistéir Eorpaigh Taighde (europa.eu).

(12)  Moladh (AE) 2022/2415.

(13)  Arna oiriúnú ó choincheap an chomhchruthaithe eolais i dTuarascáil Beartais ECFE ‘Comhchruthú eolais san 21ú hAois’.

(14)  Arna oiriúnú ón sainmhíniú ar an earnáil acadúil sa tSamhail-Chomhaontú Deontais Anótáilte maidir le Fís 2020 https://ec.europa.eu/research/participants/data/ref/h2020/grants_manual/amga/h2020-amga_en.pdf.

(15)  Rialachán (AE) 2021/695 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 28 Aibreán 2021 lena mbunaítear Fís Eorpach – an Clár Réime um Thaighde agus um Nuálaíocht, lena leagtar síos a rialacha maidir le rannpháirtíocht agus scaipeadh, agus lena n-aisghairtear Rialacháin (AE) Uimh. 1290/2013 agus (AE) Uimh. 1291/2013 (IO L 170, 12.5.2021, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2021/695/oj).

(16)  Moladh (AE) 2023/499 ón gCoimisiún an 1 Márta 2023 maidir le Cód Cleachtais i ndáil le bainistíocht sócmhainní intleachtúla ar mhaithe le luachshocrú eolais sa Limistéar Eorpach Taighde (IO L 69, 7.3.2023, lch. 75, ELI: http://data.europa.eu/eli/reco/2023/499/oj).

(17)  Amhail na cinn sin a bhunaigh comhghuaillíochtaí d’Ollscoileanna Eorpacha.

(18)  Is féidir teacht ar shamplaí den dea-chleachtas i Stór na nDea-Chleachtas | Taighde agus Nuálaíocht (europa.eu).

(19)  Moladh (AE) 2024/736 ón gCoimisiún an 1 Márta 2024 maidir le Cód Cleachtais maidir le rannpháirtíocht saoránach le haghaidh luachshocrú eolais (IO L, 2024/736, 5.3.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/reco/2024/736/oj).

(20)  Ní hamháin go n-áirítear taighdeoirí leis an bhfoireann uile ach baill foirne eile freisin amhail gairmithe aistrithe eolais agus teicneolaíochta agus bainisteoirí atá freagrach as idirghabháil a dhéanamh ar an idirghníomhaíocht idir an tionscal agus an saol acadúil.

(21)  Ag tarraingt ar obair na Comhghuaillíochta um Measúnú Taighde a Chur Chun Cinn (CoARA).

(22)  Comhaltachtaí iardhochtúireachta GMSC.

(23)  Líonra Dochtúireachta GMSC.

(24)  Cruthúnas Coincheapa | An Chomhairle Eorpach um Thaighde (ERC) (europa.eu).

(25)  Tionscnamh na nOllscoileanna Eorpacha | An Limistéar Eorpach Oideachais (europa.eu).

(26)  I gcomhréir leis an bPlean Gníomhaíochta um Cholún Eorpach na gCeart Sóisialta.

(27)  Ionaid Barr Feabhais Gairme - Fostaíocht, Gnóthaí Sóisialta agus Cuimsiú - An Coimisiún Eorpach (europa.eu).

(28)  Moladh (AE) 2023/498 ón gCoimisiún an 1 Márta 2023 maidir le Cód Cleachtais i ndáil le caighdeánú sa Limistéar Eorpach Taighde (IO L 69, 7.3.2023, lch. 63, ELI: http://data.europa.eu/eli/reco/2023/498/oj).

(29)  Malartuithe Foirne | Gníomhaíochtaí Marie Skłodowska-Curie (europa.eu).

(30)  COFUND | Gníomhaíochtaí Marie Skłodowska-Curie (europa.eu).

(31)  Baile | Erasmus+ (europa.eu).

(32)  Oideachas Fiontraíochta EIT: Foghlaim ó Cheannairí sa Nuálaíocht Eorpach | EIT (europa.eu).

(33)  Amhail Alumni EIT | EIT (europa.eu).

(34)  Amhail Leathanach baile | Ardán Comhair do Bhraislí Fiontar Eorpacha.

(35)  Amhail An Líonra Fiontar Eorpach | An Líonra Fiontar Eorpach (europa.eu) agus pobail eolais agus nuálaíochta EIT agus an saineolas seanbhunaithe atá acu ar thaighde, nuálaíocht agus oideachas a chomhtháthú i gcomhthéacs an chomhair idir an tionscal agus an saol acadúil.

(36)  Amhail an tArdán um Thorthaí Fhís (europa.eu).

(37)  An Coimisiún Eorpach, Ard-Stiúrthóireacht an Taighde agus na Nuálaíochta, Tackling R&I foreign interference [Dul i ngleic le cur isteach eachtrach ar T&N] – Doiciméad inmheánach oibre, Oifig Foilseachán an Aontais Eorpaigh, 2022.

(38)  Sonraí atá ar fáil in Anailís Tionchair RISE: Gníomhaíochtaí Marie Skłodowska-Curie - Oifig Foilseachán an Aontais Eorpaigh (europa.eu).

(39)  Moltar cloí leis an treoraíocht a sholáthraítear sa Chód cleachtais i ndáil le bainistiú sócmhainní intleachtúla ar mhaithe le luachshocrú eolais in LET maidir le bainistiú sócmhainní intleachtúla i ngníomhaíochtaí comhpháirteacha taighde agus nuálaíochta agus na moltaí i dtaca le tionscadail a chistítear go poiblí den chuid is mó.

(40)  Áirítear ar idirghabhálaithe, mar shampla, gairmithe aistrithe eolais agus teicneolaíochta, gorlanna, páirceanna eolaíochta, moil nó braislí nuálaíochta an Aontais, náisiúnta agus réigiúnacha, saineolaithe maoine intleachtúla, sainchomhairleoirí agus gairmithe tacaíochta nuálaíochta, foirne cumarsáide eolaíochta agus rannpháirtíochta beartais, eolas d’eagraíochtaí comhairle beartais/eolaíochta agus gairmithe rannpháirtíochta saoránach.

(41)  Bealaí agus uirlisí luachshocraithe taighde & nuálaíochta - Oifig Foilseachán an Aontais Eorpaigh (europa.eu).

(42)  Maidir le bonneagair thaighde nó theicneolaíochta a bhunú, féach an Teachtaireacht ón gCoimisiún, Creat do Státchabhair le haghaidh taighde, forbartha agus nuálaíochta (IO C 414, 28.10.2022, lch. 1).

(43)  An Clár don Eoraip Dhigiteach.

(44)  An Tionscnamh ‘Sliseanna don Eoraip’.


ELI: http://data.europa.eu/eli/reco/2024/774/oj

ISSN 1977-0839 (electronic edition)


Top