EUR-Lex Access to European Union law

Back to EUR-Lex homepage

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 32023R1230

Rialachán (AE) 2023/1230 ó Pharlaiamint na hEorpa agus ón gComhairle an 14 Meitheamh 2023 maidir le hinnealra agus lena n-aisghairtear Treoir 2006/42/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus Treoir 73/361/CEE ón gComhairle (Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

PE/6/2023/REV/1

IO L 165, 29.6.2023, p. 1–102 (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

Legal status of the document In force: This act has been changed. Current consolidated version: 29/06/2023

ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2023/1230/oj

29.6.2023   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 165/1


RIALACHÁN (AE) 2023/1230 Ó PHARLAIAMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

an 14 Meitheamh 2023

maidir le hinnealra agus lena n-aisghairtear Treoir 2006/42/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus Treoir 73/361/CEE ón gComhairle

(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 114 de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

Tar éis dóibh an dréachtghníomh reachtach a chur chuig na parlaimintí náisiúnta,

Ag féachaint don tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa (1),

Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach (2),

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Glacadh Treoir 2006/42/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (3) i gcomhthéacs bhunú an mhargaidh inmheánaigh chun ceanglais sláinte agus sábháilteachta le haghaidh innealra i ngach Ballstát a chomhchuibhiú agus chun bacainní ar thrádáil innealra idir na Ballstáit a bhaint.

(2)

Is cuid thábhachtach de thionscal na hinnealtóireachta í earnáil an innealra agus tá sí ar cheann de phríomhréimsí tionsclaíocha gheilleagar an Aontais. An costas sóisialta a bhaineann leis an líon mór tionóiscí arb í úsáid an innealra is cúis dhíreach leo, is féidir é a laghdú ach an t-innealra a dhearadh agus a thógáil ar shlí atá sábháilte inti féin, sin agus leis an tsuiteáil agus an chothabháil cheart.

(3)

Is léir ón taithí a fuarthas de bharr chur chun feidhme Threoir 2006/42/CE go bhfuil easnaimh agus míréireachtaí ann maidir leis an gcumhdach táirgí agus na nósanna imeachta um measúnú comhréireachta. Is gá, dá bhrí sin, na forálacha a leagtar amach sa Treoir sin a fheabhsú, a shimpliú agus a chur in oiriúint do riachtanais an mhargaidh agus rialacha soiléire a sholáthar i ndáil leis an gcreat ina bhféadfar na táirgí a thagann faoi raon feidhme an Rialacháin seo a chur ar fáil ar an margadh.

(4)

Na rialacha lena leagtar amach na ceanglais maidir leis na táirgí a thagann faoi raon feidhme an Rialacháin seo, go háirithe na ceanglais riachtanacha sláinte agus sábháilteachta agus na nósanna imeachta um measúnú comhréireachta, ós rud é gur gá iad a chur i bhfeidhm go haonfhoirmeach i leith na n-oibreoirí go léir ar fud an Aontais, agus nár cheart an deis a bheith ag Ballstáit iad a chur i bhfeidhm ar bhealaí éagsúla, ba cheart rialachán a chur in ionad Threoir 2006/42/CE.

(5)

Is iad na Ballstáit atá freagrach as sláinte agus sábháilteacht daoine a chosaint, go háirithe oibrithe agus tomhaltóirí, agus, i gcás inarb iomchuí, sábháilteacht ainmhithe clóis agus slándáil réadmhaoine, a chosaint ar a gcríoch, agus, i gcás inarb infheidhme, as cosaint an chomhshaoil, go háirithe i ndáil leis na rioscaí a eascraíonn as an úsáid atá beartaithe nó as aon mhí-úsáid measartha intuartha a bhainfear as innealra nó táirgí gaolmhara. Chun amhras a sheachaint, ba cheart a mheas gur ainmhithe clóis atá san áireamh in ainmhithe feirme.

(6)

Le Rialachán (CE) Uimh. 765/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (4), leagtar síos rialacha maidir le creidiúnú comhlachtaí um measúnú comhréireachta, agus prionsabail ghinearálta na marcála CE. Ba cheart feidhm a bheith ag an Rialachán sin maidir leis na táirgí a thagann faoi raon feidhme an Rialacháin seo chun a áirithiú go ndéanfaidh na táirgí sin, a thairbhíonn de shaorghluaiseacht earraí laistigh den Aontas, ceanglais a chomhlíonadh lena gcuirtear ardleibhéal cosanta ar fáil do leasanna an phobail amhail cosaint sláinte nó sábháilteacht daoine agus, i gcás inarb iomchuí, sábháilteacht ainmhithe clóis agus slándáil réadmhaoine, agus, i gcás inarb infheidhme, cosaint an chomhshaoil.

(7)

Le Rialachán (AE) 2019/1020 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (5), leagtar síos na rialacha maidir le faireachas margaidh agus rialú táirgí a thagann isteach i margadh an Aontais. Ós rud é go liostaítear Treoir 2006/42/CE in Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (AE) 2019/1020, tá feidhm ag an Rialachán sin cheana maidir le táirgí a thagann faoi raon feidhme an Rialacháin seo. Mar sin féin, tá feidhm ag Rialachán (AE) 2019/1020 maidir leis na táirgí a thagann faoi raon feidhme an Rialacháin seo a mhéid nach ann d’aon fhorálacha sonracha a bhfuil an cuspóir céanna acu, lena rialaítear ar bhealach níos sonraí gnéithe ar leith den fhaireachas margaidh agus den fhorfheidhmiú.

(8)

Le Rialachán (AE) 2019/1020, leagtar síos cúraimí oibreoirí eacnamaíocha maidir le táirgí atá faoi réir reachtaíocht áirithe an Aontais um chomhchuibhiú. Foráiltear leis freisin nach gcuirfear táirgí den sórt sin ar an margadh ach amháin má tá oibreoir eacnamaíoch bunaithe san Aontas atá freagrach as na cúraimí sin. Áirítear Treoir 2006/42/CE ar reachtaíocht an Aontais um chomhchuibhiú sin. Mar thoradh air sin, ní bheidh na táirgí a thagann faoi raon feidhme an Rialacháin seo le cur ar an margadh ach amháin má tá oibreoir eacnamaíoch bunaithe san Aontas atá freagrach as na cúraimí a leagtar amach i Rialachán (AE) 2019/1020 i leith na dtáirgí sin.

(9)

Le Cinneadh Uimh. 768/2008/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (6), leagtar síos na prionsabail choiteanna agus forálacha tagartha coiteanna a bhfuil sé beartaithe feidhm a bheith acu síos tríd an reachtaíocht earnála. Chun comhsheasmhacht le reachtaíocht táirgí earnála eile a áirithiú, is iomchuí forálacha áirithe den Rialachán seo a ailíniú leis an gCinneadh sin, a mhéid nach n-éilíonn sainiúlachtaí earnála réiteach éagsúil. Dá bhrí sin, ba cheart sainmhínithe áirithe, oibleagáidí ginearálta oibreoirí eacnamaíocha, na rialacha maidir le toimhde comhréireachta, na rialacha maidir le dearbhú comhréireachta AE, na rialacha maidir le marcáil CE, na ceanglais maidir le comhlachtaí um measúnú comhréireachta, na rialacha maidir le nósanna imeachta i dtaobh fógra a thabhairt agus na nósanna imeachta um measúnú comhréireachta agus na rialacha maidir le nósanna imeachta chun déileáil le hinnealra nó le táirgí gaolmhara, agus, i gcás inarb infheidhme, le hinnealra páirtchríochnaithe, a bhfuil riosca ag baint leo a chur in oiriúint do na forálacha tagartha a leagtar síos sa Chinneadh sin.

(10)

Ba cheart go gcumhdófaí leis an Rialachán seo táirgí atá nua do mhargadh an Aontais nuair a chuirtear ar an margadh iad, ar táirgí nua iad arna ndéanamh ag monaróir atá bunaithe san Aontas nó ar táirgí iad, bídís nua nó athláimhe, a allmhairítear ó thríú tír.

(11)

I gcás ina bhféadfaidh tomhaltóir innealra nó táirgí gaolmhara a úsáid, is é sin le rá, úsáideoir neamhghairmiúil, ba cheart don mhonaróir a chur san áireamh nach bhfuil an t-eolas agus an taithí chéanna ag an tomhaltóir maidir le hinnealra nó táirgí gaolmhara a láimhseáil i ndearadh agus i dtógáil na dtáirgí. Beidh feidhm leis an méid sin freisin i gcás ina mbainfear gnáth-úsáid as innealra nó táirge gaolmhar chun seirbhís a sholáthar do thomhaltóir.

(12)

Le déanaí, tugadh innealra níos forbartha isteach ar an margadh, innealra nach bhfuil chomh spleách sin ar oibreoirí daonna. Tá an t-innealra sin ag obair ar thascanna sainithe agus i dtimpeallachtaí struchtúrtha, ach fós féin is féidir leis foghlaim chun bearta nua a dhéanamh sa chomhthéacs seo agus a bheith níos uathrialaithí. Ar na mionchoigeartuithe breise ar innealra, atá i bhfeidhm cheana féin nó a bhfuil coinne leo, tá próiseáil fíor-ama ar fhaisnéis, réiteach fadhbanna, soghluaisteacht, córais bhraiteoirí, foghlaim, inoiriúnaitheacht, agus an cumas oibriú i dtimpeallachtaí neamhstruchtúrtha (mar shampla láithreáin tógála). I dTuarascáil ón gCoimisiún maidir leis na himpleachtaí sábháilteachta agus dliteanais a bhaineann leis an Intleacht Shaorga, Idirlíon na Rudaí Nithiúla agus an Róbataic an 19 Feabhra 2020, luaitear go bhfuil dúshláin nua ann ó thaobh sábháilteacht táirgí de le teacht chun cinn teicneolaíochtaí digiteacha, amhail an intleacht shaorga, Idirlíon na rudaí nithiúla agus an róbataic. Is é an chonclúid ar ar thángthas sa tuarascáil go bhfuil roinnt bearnaí ina leith sin sa reachtaíocht atá ann faoi láthair maidir le sábháilteacht táirgí, lena n-áirítear Treoir 2006/42/CE, bearnaí ar gá aghaidh a thabhairt orthu. Dá bhrí sin, ba cheart go gcumhdófaí leis an Rialachán seo na rioscaí sábháilteachta a eascraíonn as teicneolaíochtaí digiteacha nua.

(13)

Chun cosaint sláinte agus sábháilteachta daoine, agus i gcás inarb iomchuí, ainmhithe clóis agus slándáil réadmhaoine a áirithiú, agus, i gcás inarb infheidhme, cosaint an chomhshaoil, ba cheart feidhm a bheith ag an Rialachán seo maidir le gach cineál soláthair táirgí a thagann faoi raon feidhme an Rialacháin seo, lena n-áirítear ciandíol dá dtagraítear i Rialachán (AE) 2019/1020.

(14)

Chun deimhneacht dhlíthiúil a áirithiú, ba cheart raon feidhme an Rialacháin seo a leagan amach ar bhealach soiléir agus ba cheart na coincheapa a bhaineann lena chur i bhfeidhm a shainiú chomh cruinn agus is féidir.

(15)

Chun a áirithiú go mbeidh raon feidhme an Rialacháin seo sách soiléir, ba cheart idirdhealú a dhéanamh idir innealra, táirgí gaolmhara agus innealra páirtchríochnaithe. Thairis sin, ba cheart a thuiscint gurb é atá i gceist le táirgí gaolmhara ná trealamh idirmhalartaithe, comhpháirteanna sábháilteachta, gabhálais ardaithe, slabhraí, téada agus caolrabhaisc, agus feistí trais-seolta meicniúla inbhainte, ar táirgí iad go léir a thagann faoi raon feidhme an Rialacháin seo.

(16)

Ionas nach ndéanfar reachtaíocht a rith i leith an táirge chéanna faoi dhó, is iomchuí airm, lena n-áirítear airm thine, a thagann faoi réir Threoir (AE) 2021/555 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (7) a eisiamh ó raon feidhme an Rialacháin seo.

(17)

Is é is cuspóir don Rialachán seo aghaidh a thabhairt ar na rioscaí a eascraíonn as feidhm an innealra seachas as iompar earraí, daoine nó ainmhithe. Dá bhrí sin, níor cheart feidhm a bheith ag an Rialachán seo maidir le modhanna iompair d’aer, ar uisce agus ar ghréasáin iarnróid cé gur cheart feidhm a bheith aige fós maidir le hinnealra a shuiteáiltear ar na modhanna iompair sin. Modhanna iompair de bhóthar nach gcumhdaítear go fóill le gníomh dlí sonrach de chuid an Aontais, ba cheart iad a rialáil leis an Rialachán seo seachas i leith rioscaí a d’fhéadfadh eascairt as cúrsaíocht ar bhóithre poiblí. Ciallaíonn sé sin go gcumhdaítear leis an Rialachán seo feithiclí, lena n-áirítear rothair leictreacha, scútair leictreacha agus feistí soghluaisteachta pearsanta eile nach bhfuil faoi réir chineálcheadú AE faoi Rialachán (AE) Uimh. 167/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (8) nó faoi Rialachán (AE) Uimh. 168/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (9) nó formheas faoi Rialachán (AE) 2018/858 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (10).

(18)

Fearais tí atá ceaptha le haghaidh úsáid tí, nach troscán a oibrítear go leictreach iad, clostrealamh agus fístrealamh, trealamh teicneolaíochta faisnéise, innealra oifige, giarlasc ísealvoltais agus trealamh rialaithe agus mótair leictreacha, tagann siad faoi raon feidhme Threoir 2014/35/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (11) agus, dá bhrí sin, ba cheart iad a eisiamh ó raon feidhme an Rialacháin seo. Tá feidhmeanna Wi-Fi á n-ionchorprú de réir a chéile ag cuid de na táirgí sin, mar shampla meaisíní níocháin, agus dá bhrí sin cumhdaítear iad le Treoir 2014/53/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (12) mar threalamh raidió. Ba cheart na táirgí sin a eisiamh ó raon feidhme an Rialacháin seo freisin.

(19)

De thoradh na forbartha atá tagtha ar earnáil an innealra, is mó an úsáid atá á baint as modhanna digiteacha agus is tábhachtaí an ról atá ag na bogearraí i ndearadh an innealra. Dá bhrí sin, ba cheart an sainmhíniú ar innealra a chur in oiriúint. Mar sin, níor cheart go dtiocfadh ach innealra nach bhfuil in easnamh air ach uaslódáil bogearraí atá ceaptha le haghaidh an fheidhmchláir shonraigh dá bhforáiltear ag an monaróir, agus atá faoi réir an nós imeachta um measúnú comhréireachta, teacht faoin sainmhíniú ar innealra agus ní faoi shainmhíniú táirgí gaolmhara nó innealra páirtchríochnaithe. Ina theannta sin, ba cheart go gcumhdófaí leis an sainmhíniú ar chomhpháirteanna sábháilteachta, ní hamháin feistí fisiceacha ach feistí digiteacha freisin. Chun a chur san áireamh go bhfuil úsáid níos mó á baint as bogearraí mar chomhpháirt sábháilteachta, ba cheart a mheas gur comhpháirt sábháilteachta iad bogearraí a bhfuil feidhm sábháilteachta acu agus a chuirtear go neamhspleách ar an margadh.

(20)

I bhfianaise a bhfeidhme cosanta criticiúla, ba cheart comhpháirteanna áirithe atá ar liosta táscach na gcomhpháirteanna sábháilteachta in Iarscríbhinn II a bheith faoi réir nósanna imeachta sonracha um measúnú comhréireachta agus ba cheart iad a áireamh in Iarscríbhinn I.

(21)

Is éard atá in innealra atá páirtchríochnaithe táirge a thagann faoi raon feidhme an Rialacháin seo nach mór tuilleadh tógála a dhéanamh air chun a fheidhm shonrach a chomhlíonadh, eadhon na hoibríochtaí dea-shainithe dá bhfuil an táirge deartha dóibh. Ní gá feidhm a bheith ag ceanglais uile an Rialacháin seo maidir le hinnealra páirtchríochnaithe ach chun sábháilteacht an táirge ina iomláine a áirithiú, is tábhachtach mar sin féin go ráthófaí saorghluaiseacht innealra páirtchríochnaithe den sórt sin trí nós imeachta sonrach.

(22)

Más rud é, maidir le táirgí a thagann faoi raon feidhme an Rialacháin seo go mbainfidh rioscaí leo a dtugtar aghaidh orthu leis na ceanglais riachtanacha sláinte agus sábháilteachta a leagtar amach sa Rialachán seo ach a chumhdaítear freisin go hiomlán nó go páirteach le reachtaíocht an Aontais um chomhchuibhiú atá níos sonraí ná an Rialachán seo, níor cheart feidhm a bheith ag an Rialachán seo a mhéid a chumhdaítear na rioscaí sin leis an dlí eile sin de chuid an Aontais. I gcásanna eile, maidir leis na táirgí a thagann faoi raon feidhme an Rialacháin seo, d’fhéadfadh rioscaí a bheith leo nach gcumhdaítear leis na ceanglais riachtanacha sláinte agus sábháilteachta a leagtar amach sa Rialachán seo. Mar shampla, d’fhéadfadh rioscaí a bheith ag baint le táirgí ina n-ionchorpraítear feidhm Wi-Fi nach dtugtar aghaidh orthu sna ceanglais riachtanacha sláinte agus sábháilteachta a leagtar amach sa Rialachán seo, toisc nach ndéileáiltear sa Rialachán seo le rioscaí a bhaineann go sonrach le feidhm Wi-Fi den sórt sin.

(23)

I gcás aontaí trádála, taispeántas agus léirsithe nó imeachtaí comhchosúla, ba cheart a bheith in ann na táirgí a thagann faoi raon feidhme an Rialacháin seo nach gcomhlíonann ceanglais an Rialacháin seo a thaispeáint, ós rud é nach mbeadh aon riosca sábháilteachta ag baint leis sin. Mar sin féin, ar mhaithe le trédhearcacht, ba cheart páirtithe leasmhara a chur ar an eolas mar is ceart nach bhfuil na táirgí a thagann faoi raon feidhme an Rialacháin seo comhlíontach agus nach féidir iad a cheannach.

(24)

Tá tionchar ag forbairt na húrscothachta in earnáil an innealra ar aicmiú catagóirí innealra nó táirgí gaolmhara a liostaítear in Iarscríbhinn I. D’fhonn léiriú ceart a thabhairt ar aon chatagóirí innealra nó táirgí gaolmhara a bhfuil fachtóir riosca níos airde ag baint leo, ba cheart critéir a bhunú chun measúnú a dhéanamh ar chatagóirí táirgí ar cheart iad a áireamh sa liosta catagóirí innealra nó táirgí gaolmhara atá faoi réir nós imeachta um measúnú comhréireachta níos déine.

(25)

Is rioscaí eile a bhaineann le teicneolaíochtaí digiteacha nua iad na rioscaí sin atá spreagtha ag tríú páirtithe mailíseacha a mbíonn tionchar acu ar shábháilteacht táirgí a thagann faoi raon feidhme an Rialacháin seo. Maidir leis sin, ba cheart do mhonaróirí bearta comhréireacha a ghlacadh atá teoranta do shábháilteacht an táirge a thagann faoi raon feidhme an Rialacháin seo a chosaint. Ní chuireann sé sin bac ar ghníomhartha eile dlí de chuid an Aontais lena dtugtar aghaidh go sonrach ar ghnéithe cibearshlándála a chur i bhfeidhm ar na táirgí a thagann faoi raon feidhme an Rialacháin seo.

(26)

Lena áirithiú nach mbeidh rioscaí sláinte agus sábháilteachta ag baint le hinnealra nó le táirgí gaolmhara do dhaoine ná d’ainmhithe clóis nuair a chuirtear na táirgí sin ar an margadh nó nuair a chuirtear iad i seirbhís, agus lena áirithiú nach ndéanfaidh siad dochar do réadmhaoin, agus, i gcás inarb infheidhme, don chomhshaol, ba cheart buncheanglais sláinte agus sábháilteachta a leagan amach nach mór a chomhlíonadh sula gceadaítear an t-innealra nó táirgí gaolmhara a chur ar an margadh. Ba cheart go gcomhlíonfadh innealra nó táirgí gaolmhara na buncheanglais sláinte agus sábháilteachta nuair a chuirtear ar an margadh iad nó nuair a chuirtear i seirbhís iad. I gcás ina ndéanfar na táirgí sin a mhodhnú ina dhiaidh sin, ar mhodh fisiceach nó digiteach, ar bhealach nach bhfuil beartaithe nó pleanáilte ag an monaróir agus a dhéanfaidh difear do shábháilteacht na dtáirgí sin trí ghuais nua a chruthú nó trí riosca atá ann cheana a mhéadú, ba cheart a mheas gur modhnú substaintiúil é an modhnú nuair atá gá le bearta cosanta suntasacha nua. Níor cheart a mheas, áfach, gur modhnuithe substaintiúla iad oibríochtaí deisithe agus cothabhála nach ndéanann difear do chomhlíontacht an innealra nó an táirge ghaolmhair leis na buncheanglais sláinte agus sábháilteachta ábhartha. Chun a áirithiú go gcomhlíonfaidh an táirge sin na ceanglais riachtanacha sláinte agus sábháilteachta ábhartha, ba cheart a cheangal ar an duine a dhéanann an modhnú substaintiúil measúnú comhréireachta nua a dhéanamh sula gcuirfear an táirge modhnaithe ar an margadh nó sula gcuirfear i seirbhís é. Chun ualach neamhriachtanach díréireach a sheachaint, níor cheart go gceanglófaí ar an duine a dhéanann an modhnú substaintiúil tástálacha a dhéanamh arís agus doiciméadacht nua a tháirgeadh maidir le hinnealra nó táirgí gaolmhara ar cuid de chóimeáil innealra iad, agus nach ndéanann an modhnú difear dóibh.

(27)

In earnáil an innealra, is fiontair bheaga nó mheánmhéide (FBManna) thart ar 98 % de na cuideachtaí. Chun an t-ualach rialála ar FBManna a laghdú, tá sé tábhachtach go ndéanfadh comhlachtaí faoina dtugtar fógra breithniú ar na táillí le haghaidh measúnú comhréireachta a chur in oiriúint agus iad a laghdú i gcomhréir le leasanna agus riachtanais shonracha FBManna.

(28)

Ba cheart d’oibreoirí eacnamaíocha a bheith freagrach as na táirgí a thagann faoi raon feidhme an Rialacháin seo a bheith ag comhlíonadh cheanglais an Rialacháin seo, maidir lena róil faoi seach sa slabhra soláthair, ionas go n-áiritheofaí ardleibhéal cosanta le haghaidh leasanna an phobail, amhail cosaint sláinte agus sábháilteacht daoine, go háirithe tomhaltóirí agus úsáideoirí gairmiúla, agus, i gcás inarb iomchuí, sábháilteacht ainmhithe clóis agus slándáil réadmhaoine agus, i gcás inarb infheidhme, cosaint an chomhshaoil, mar aon le hiomaíocht chóir ar mhargadh an Aontais.

(29)

Ba cheart do gach oibreoir eacnamaíoch a dhéanann idirghabháil sa slabhra soláthair agus dáilte bearta iomchuí a dhéanamh lena áirithiú nach gcuireann siad ar fáil ar an margadh ach táirgí a thagann faoi raon feidhme an Rialacháin seo, tairgí atá i gcomhréir leis an Rialachán seo. Ba cheart dáileadh soiléir, comhréireach oibleagáidí a fhreagraíonn do ról gach oibreora eacnamaíoch sa slabhra soláthair agus dáilte a chur ar fáil faoin Rialachán seo.

(30)

Chun cumarsáid idir oibreoirí eacnamaíocha, údaráis náisiúnta faireachais margaidh agus úsáideoirí a éascú, ba cheart do mhonaróirí agus allmhaireoirí suímh gréasáin, seoladh ríomhphoist nó teagmháil dhigiteach eile a chur in iúl chomh maith leis an seoladh poist.

(31)

Is é an monaróir, a bhfuil eolas mionsonraithe aige ar an bpróiseas deartha agus táirgthe, an duine is fearr chun an nós imeachta um measúnú comhréireachta a chur i gcrích. Dá bhrí sin, is ar an monaróir, agus air sin amháin atá an oibleagáid measúnú comhréireachta a dhéanamh.

(32)

Ba cheart don mhonaróir a áirithiú freisin go ndéanfar measúnú riosca ar an táirge a thagann faoi raon feidhme an Rialacháin seo, ar measúnú é ar mian leis an monaróir a chur ar an margadh nó a chur i seirbhís. Sa chomhthéacs sin, ba cheart don mhonaróir a chinneadh cé acu buncheanglais sláinte agus sábháilteachta is infheidhme maidir leis an táirge a thagann faoi raon feidhme an Rialacháin seo agus cé acu bearta is gá a dhéanamh chun aghaidh a thabhairt ar na rioscaí a d’fhéadfadh a bheith ag baint leis an táirge. Sa mheasúnú riosca, caithfear aghaidh a thabhairt freisin ar nuashonruithe nó forbairtí amach anseo ar bhogearraí atá suiteáilte san innealra nó sa táirge gaolmhar, a bhfuil foráil déanta ina leith nuair a chuirtear an t-innealra nó an táirge gaolmhar ar an margadh nó i seirbhís. Maidir leis na rioscaí a aithníodh le linn an mheasúnaithe riosca ba cheart go n-áireofaí orthu na rioscaí sin a d’fhéadfadh a bheith ann le linn shaolré an táirge mar gheall ar fhorbairt bheartaithe ar a iompraíocht chun oibriú de réir leibhéil éagsúla neamhspleáchais.

(33)

Braitheann sábháilteacht an innealra iomláin nó an táirge ghaolmhair ar na spleáchais agus ar na hidirghníomhaíochtaí idir a chomhpháirteanna, lena n-áirítear innealra páirtchríochnaithe, agus, i gcás inarb ábhartha, le hinnealra eile nó le táirgí gaolmhara a ghlacann páirt i gcóimeáil chomhordaithe de chóras innealra, a bhféadfadh cóimeáil innealra a bheith mar thoradh uirthi freisin. Dá bhrí sin, ba cheart a cheangal ar mhonaróirí measúnú a dhéanamh ar na hidirghníomhaíochtaí uile sin sa mheasúnú riosca.

(34)

Tá sé fíor-riachtanach, sula dtarraingeoidh sé suas dearbhú comhréireachta AE nó dearbhú corpraithe AE, go n-ullmhóidh an monaróir doiciméadacht theicniúil. Ba cheart a cheangal ar an monaróir an doiciméadacht theicniúil sin a chur ar fáil do na húdaráis náisiúnta arna iarraidh sin dóibh nó do chomhlachtaí faoina dtugtar fógra i gcomhthéacs an nós imeachta ábhartha um measúnú comhréireachta. Níor cheart pleananna mionsonraithe d’fhochóimeálacha a úsáidtear chun an táirge a mhonarú laistigh de raon feidhme an Rialacháin seo a cheangal ach amháin mar chuid den doiciméadacht theicniúil i gcás ina bhfuil eolas ar na pleananna sin riachtanach chun measúnú a dhéanamh ar chomhréireacht leis na buncheanglais sláinte agus sábháilteachta a leagtar amach sa Rialachán seo.

(35)

Meastar gur monaróir é nó í duine a mhonaraíonn innealra nó táirgí gaolmhara dá n-úsáid féin agus ba cheart a cheangal ar an monaróir na hoibleagáidí gaolmhara go léir a chomhlíonadh. Sa chás sin, ní chuirtear an t-innealra nó an táirge gaolmhar ar an margadh, ós rud é nach gcuireann an monaróir ar fáil do dhuine eile é ach go n-úsáideann an monaróir. Mar sin féin, ní mór d’innealra den sórt sin an Rialachán seo a chomhlíonadh sula gcuirtear i seirbhís é.

(36)

Is gá a áirithiú go gcomhlíonann táirgí a thagann faoi raon feidhme an Rialacháin seo ó thríú tíortha a thagann isteach i margadh an Aontais ceanglais an Rialacháin seo agus nach bhfuil riosca ag baint leo do shláinte agus sábháilteacht daoine, go háirithe tomhaltóirí agus úsáideoirí gairmiúla, agus, i gcás inarb iomchuí, do shábháilteacht ainmhithe clóis agus do shlándáil réadmhaoine, agus, i gcás inarb infheidhme, do chosaint an chomhshaoil, agus go háirithe go bhfuil nósanna imeachta iomchuí um measúnú comhréireachta curtha i gcrích ag na monaróirí maidir leis na táirgí sin. Ba cheart foráil a dhéanamh, dá bhrí sin, maidir le hallmhaireoirí chun a áirithiú go gcomhlíonann na táirgí, a thagann faoi raon feidhme an Rialacháin seo agus a chuireann siad ar an margadh, ceanglais an Rialacháin seo agus nach bhfuil riosca ag baint leo do shláinte nó sábháilteacht daoine, agus, i gcás inarb iomchuí, do shábháilteacht ainmhithe clóis agus do shlándáil réadmhaoine, agus, i gcás inarb infheidhme, do chosaint an chomhshaoil. Ar an gcúis chéanna, ba cheart foráil a dhéanamh freisin maidir le hallmhaireoirí chun a áirithiú go bhfuil na nósanna imeachta um measúnú comhréireachta curtha i gcrích agus go bhfuil marcáil CE greamaithe i gcás innealra agus táirgí gaolmhara agus go bhfuil an doiciméadacht theicniúil a tharraingíonn monaróirí suas ar fáil do na húdaráis náisiúnta inniúla le haghaidh cigireachta.

(37)

Agus táirgí a thagann faoi raon feidhme an Rialacháin seo á gcur ar an margadh, ba cheart do gach allmhaireoir a n-ainmneacha, a thrádainmneacha cláraithe nó a thrádmharcanna cláraithe, na seoltaí poist, suíomhanna gréasáin, seoltaí ríomhphoist nó teagmhálacha digiteacha eile ag ar féidir dul i dteagmháil leo, faoi seach, a chur in iúl ar na táirgí sin. Ba cheart foráil a dhéanamh maidir le heisceachtaí sna cásanna nach féidir é sin a dhéanamh de bharr mhéid nó chineál an táirge. Áirítear leis sin cásanna ina mbeadh ar allmhaireoirí an phacáistíocht a oscailt chun a n-ainmneacha agus a seoltaí a chur ar an táirge.

(38)

Ós rud é go gcuireann an dáileoir táirgí a thagann faoi raon feidhme an Rialacháin seo ar fáil ar an margadh tar éis don mhonaróir nó don allmhaireoir iad a chur ar an margadh, ba cheart don dáileoir gníomhú le cúram cuí chun a áirithiú nach ndéanfaidh a láimhseáil ar an táirge a thagann faoi raon feidhme an Rialacháin seo difear díobhálach do chomhlíonadh na gceanglas a leagtar amach sa Rialachán seo.

(39)

D’fhonn sláinte agus sábháilteacht úsáideoirí táirgí a thagann faoi raon feidhme an Rialacháin seo a áirithiú, ba cheart d’oibreoirí eacnamaíocha a áirithiú go bhfuil an doiciméadacht ábhartha uile, amhail treoracha úsáide, agus faisnéis bheacht agus intuigthe inti, éasca le tuiscint agus ar fáil i dteanga ar féidir leis na húsáideoirí í a thuiscint go héasca, teanga arna cinneadh ag an mBallstát lena mbaineann, go gcuirtear san áireamh inti forbairtí teicneolaíocha agus athruithe ar iompar an úsáideora, agus go bhfuil sí chomh cothrom le dáta is féidir. Nuair a chuirtear táirgí a thagann faoi raon feidhme an Rialacháin seo ar fáil ar an margadh i bpacáistí ina bhfuil roinnt aonad, ba cheart go mbeadh na treoracha agus an fhaisnéis ag gabháil leis an aonad is lú atá ar fáil ar bhonn tráchtála.

(40)

Féadfar treoracha agus doiciméid ábhartha eile a sholáthar i bhformáid dhigiteach inphriontáilte. Mar sin féin, ba cheart don mhonaróir a áirithiú gur féidir le dáileoirí, arna iarraidh sin don úsáideoir tráth an cheannaigh, na treoracha úsáide a chur ar fáil saor in aisce ar páipéar. Ba cheart don mhonaróir breithniú a dhéanamh freisin ar na sonraí teagmhála a sholáthar i gcás inar féidir leis an úsáideoir a iarraidh go seolfaí na treoracha tríd an bpost.

(41)

Ba cheart do dháileoirí agus d’allmhaireoirí a bheith rannpháirteach sna cúraimí faireachais margaidh a dhéanann na húdaráis inniúla náisiúnta toisc iad a bheith gar don mhargadh, agus ba cheart dóibh a bheith sásta a bheith rannpháirteach go gníomhach, agus an fhaisnéis uile is gá a bhaineann leis an táirge a thagann faoi raon feidhme an Rialacháin seo a sholáthar do na húdaráis sin.

(42)

Ba cheart a mheas gurb é nó í an monaróir aon oibreoir eacnamaíoch a chuireann táirge a thagann faoi raon feidhme an Rialacháin seo ar an margadh faoina ainm nó faoina hainm nó faoina thrádmharc féin nó faoina trádmharc féin nó a mhodhnaíonn táirge a thagann faoi raon feidhme an Rialacháin seo ar dhóigh ina bhféadfaí difear a dhéanamh do chomhlíonadh cheanglais an Rialacháin seo agus ba cheart dó oibleagáidí an mhonaróra a ghlacadh air féin.

(43)

Trí inrianaitheacht táirgí a thagann faoi raon feidhme an Rialacháin seo a áirithiú ar fud an tslabhra soláthair ar fad, is féidir faireachas margaidh níos simplí agus níos éifeachtúla a dhéanamh. Ba cheart go gceanglófaí ar oibreoirí eacnamaíocha, dá bhrí sin, an fhaisnéis maidir le hidirbhearta a dtáirgí a thagann faoi raon feidhme an Rialacháin seo a choinneáil ar feadh tréimhse ama áirithe. Mar sin féin, ba cheart an oibleagáid sin a bheith comhréireach le ról gach oibreora eacnamaíoch sa slabhra soláthair agus níor cheart a cheangal ar na hoibreoirí eacnamaíocha faisnéis nár tháirg siad a thabhairt cothrom le dáta.

(44)

Ba cheart an Rialachán seo a theorannú do na buncheanglais sláinte agus sábháilteachta a leagan amach, a fhorlíontar le roinnt ceanglas níos sonraí le haghaidh catagóirí áirithe táirgí a thagann faoi raon feidhme an Rialacháin seo. Chun measúnú comhréireachta leis na ceanglais sláinte agus sábháilteachta sin a éascú, is gá foráil a dhéanamh maidir le toimhde comhréireachta le haghaidh táirgí a thagann faoi raon feidhme an Rialacháin seo atá i gcomhréir le caighdeáin chomhchuibhithe a fhorbraítear agus a bhfoilsítear tagairtí dóibh in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 1025/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (13) chun sonraíochtaí teicniúla mionsonraithe na gceanglas sin a chur in iúl.

(45)

Maidir le creat caighdeánaithe reatha an Aontais atá bunaithe ar phrionsabail an Chur Chuige Nua a leagtar amach i Rún ón gComhairle an 7 Bealtaine 1985 maidir le cur chuige nua i leith comhchuibhiú teicniúil agus caighdeán (14) agus ar Rialachán (AE) Uimh. 1025/2012, is é atá ann, mar réamhshocrú, an creat chun caighdeáin a mhionsaothrú lena bhforáiltear do thoimhde comhréireachta le buncheanglais ábhartha sláinte agus sábháilteachta an Rialacháin seo. Ba cheart caighdeáin Eorpacha a bheith faoi thionchar an mhargaidh, leas an phobail a chur san áireamh, mar aon leis na cuspóirí beartais arna leagan amach go soiléir san iarraidh ón gCoimisiún do cheann amháin nó níos mó d’eagraíochtaí Eorpacha um chaighdeánú maidir le caighdeáin chomhchuibhithe a dhréachtú laistigh de spriocdháta socraithe, agus ba cheart dóibh a bheith bunaithe ar chomhthoil. In éagmais tagairtí ábhartha do chaighdeáin chomhchuibhithe, áfach, ba cheart an Coimisiún a bheith in ann gníomhartha cur chun feidhme a ghlacadh lena mbunaítear sonraíochtaí coiteanna do bhuncheanglais sláinte agus sábháilteachta an Rialacháin seo, ar choinníoll go n-urramaíonn sé, agus é sin á dhéanamh aige, ról agus feidhmeanna na n-eagraíochtaí um chaighdeánú, mar réiteach cúltaca eisceachtúil chun éascú a dhéanamh ar oibleagáid an mhonaróra na ceanglais sláinte agus sábháilteachta sin a chomhlíonadh, nó nuair a chuirtear bac ar an bpróiseas caighdeánaithe nó nuair a chuirtear moill ar bhunú caighdeán comhchuibhithe iomchuí. Más é castacht theicniúil an chaighdeáin atá ina cúis leis an moill sin, ba cheart don Choimisiún é sin a mheas sula mbeartaíonn sé sonraíochtaí coiteanna a bhunú.

(46)

D’fhonn sonraíochtaí coiteanna a bhunú, ar an mbealach is éifeachtúla is féidir, lena gcumhdaítear buncheanglais sláinte agus sábháilteachta an Rialacháin seo, ba cheart don Choimisiún ról a thabhairt do na geallsealbhóirí ábhartha sa phróiseas.

(47)

Ba cheart go gciallódh tréimhse réasúnta, i ndáil le foilsiú tagartha do chaighdeáin chomhchuibhithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 1025/2012, tréimhse ina bhfuil súil le foilsiú na tagartha don chaighdeán, dá cheartúchán nó dá leasú in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh agus ar tréimhse í nár cheart a bheith níos faide ná bliain amháin tar éis an spriocdháta chun caighdeán Eorpach a leagtar síos i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 1025/2012 a dhréachtú.

(48)

Ba cheart comhlíonadh na gcaighdeán comhchuibhithe agus na sonraíochtaí coiteanna a bhunaíonn an Coimisiún a bheith deonach. Dá bhrí sin, ba cheart réitigh theicniúla mhalartacha a bheith inghlactha i gcás ina léirítear sa chomhad teicniúil go gcomhlíonann na táirgí a thagann faoi raon feidhme an Rialacháin seo na buncheanglais ábhartha sláinte agus sábháilteachta.

(49)

Ba cheart na ceanglais riachtanacha sláinte agus sábháilteachta a chomhlíonadh chun a áirithiú go bhfuil an táirge a thagann faoi raon feidhme an Rialacháin seo sábháilte. Ba cheart na ceanglais sin a chur i bhfeidhm le tuiscint chun úrscothacht tráth na tógála agus na ceanglais theicniúla agus eacnamaíocha a chur san áireamh.

(50)

Déantar foráil i Rialachán (AE) Uimh. 1025/2012 maidir le nós imeachta chun agóidí a dhéanamh i gcoinne caighdeáin chomhchuibhithe i gcás nach gcomhlíonann na caighdeáin sin ceanglais an Rialacháin seo nó nach gcomhlíonann siad na ceanglais sin ina n-iomláine.

(51)

D’fhonn aghaidh a thabhairt ar na rioscaí a eascraíonn as gníomhaíochtaí mailíseacha tríú páirtí agus a bhfuil tionchar acu ar shábháilteacht na dtáirgí a thagann faoi raon feidhme an Rialacháin seo, ba cheart a áireamh sa Rialachán seo buncheanglais sláinte agus sábháilteachta ar féidir comhréireacht a thoimhdiú ina leith a mhéid is iomchuí mar thoradh ar dheimhniú nó ar ráiteas comhréireachta a eisítear le deimhniú nó ráiteas comhréireachta arna eisiúint i gcomhréir le scéim um dheimhniú cibearshlándála arna glacadh faoi Rialachán (AE) 2019/881 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (15).

(52)

Ba cheart do mhonaróirí dearbhú comhréireachta AE a dhréachtú chun faisnéis a sholáthar maidir le comhréireacht innealra nó táirgí gaolmhara leis an Rialachán seo. Féadfar a cheangal ar mhonaróirí le gníomhartha eile dlí de chuid an Aontais dearbhú comhréireachta AE a tharraingt suas freisin. Chun rochtain éifeachtach ar fhaisnéis a áirithiú chun críocha faireachais margaidh, ba cheart dearbhú comhréireachta aonair de chuid an Aontais a dhréachtú i ndáil le gach gníomh dlí de chuid an Aontais. Chun an t-ualach riaracháin ar oibreoirí eacnamaíocha a laghdú, ba cheart go bhféadfadh an dearbhú comhréireachta amháin sin de chuid an Aontais a bheith ina shainchomhad ina mbeidh na dearbhuithe comhréireachta aonair ábhartha.

(53)

Ba cheart a chur san áireamh, leis na caighdeáin chomhchuibhithe is ábhartha don Rialachán seo, ceanglais Threoir (AE) 2019/882 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (16) agus Choinbhinsiún na Náisiún Aontaithe ar Chearta Daoine faoi Mhíchumas (17).

(54)

Tá liosta na dtáirgí in Iarscríbhinn IV a ghabhann le Treoir 2006/42/CE bunaithe go dtí seo ar an riosca a bhaineann leis an úsáid atá beartaithe nó ar aon mhí-úsáid measartha intuartha a bhainfear as na táirgí sin nó as a bhfeidhm chosanta chriticiúil. Mar sin féin, cuimsíonn réimse an innealra bealaí nua chun innealra nó táirgí gaolmhara a dhearadh agus a thógáil a bhféadfadh fachtóirí riosca níos airde a bheith ag baint leo, gan beann ar an úsáid atá beartaithe sin nó ar aon mhí-úsáid measartha intuartha. Mar shampla, córais a bhfuil iompraíocht fhéinathraitheach acu, lena n-áirithítear feidhmeanna sábháilteachta, ba cheart iad a áireamh in Iarscríbhinn I mar gheall ar a saintréithe amhail spleáchas ar shonraí, teimhneacht, uathriail agus nascacht, rud a d’fhéadfadh dóchúlacht agus déine an dochair a mhéadú go mór agus tionchar tromchúiseach a imirt ar shábháilteacht an innealra nó an táirge ghaolmhair. Dá bhrí sin, ba cheart gur tríú páirtí a dhéanfadh an measúnú comhréireachta ar chomhpháirt sábháilteachta nó ar chóras ag a bhfuil iompraíocht fhéinathraitheach lena n-áirithítear feidhmeanna sábháilteachta, cibé acu ar cuireadh an chomhpháirt sábháilteachta go neamhspleách ar an margadh nó ar cuid de chóras atá leabaithe in innealra a chuirtear ar an margadh í nó nár cuireadh. Mar sin féin, i gcás ina leabaíonn an t-innealra córas a ndearnadh measúnú comhréireachta tríú páirtí ar an gcomhpháirt sábháilteachta cheana nuair a cuireadh go neamhspleách ar an margadh é, níor cheart go mbeadh ar thríú páirtí an t-innealra sin a athdheimhniú ar bhonn leabú an chórais sin amháin.

(55)

Forálacha a bhaineann le measúnú comhréireachta tríú páirtí ar bhogearraí lena n-áirithítear feidhmeanna sábháilteachta a leagtar amach sa Rialachán seo, níor cheart feidhm a bheith acu ach amháin maidir le córais ag a bhfuil iompraíocht fhéinathraitheach go hiomlán nó go páirteach ina n-úsáidtear cur chuige meaisínfhoghlama lena n-áirithítear feidhmeanna sábháilteachta. Os a choinne sin, níor cheart go mbeadh feidhm ag na forálacha sin maidir le bogearraí nach bhfuil ábalta foghlaim ná athrú, agus nach bhfuil ríomhchláraithe ach chun feidhmeanna uathoibrithe áirithe d’innealra nó de tháirgí gaolmhara a chomhlíonadh.

(56)

Is é marcáil CE, lena gcuirtear comhréireacht táirge in iúl, an toradh sofheicthe ar phróiseas iomlán a chuimsíonn measúnú comhréireachta sa chiall is leithne. Is i Rialachán (CE) Uimh. 765/2008 a leagtar amach na prionsabail ghinearálta lena rialaítear marcáil CE. Ba cheart rialacha a leagan síos sa Rialachán seo lena rialófar feistiú mharcáil CE ar innealra nó ar tháirgí gaolmhara.

(57)

Ba cheart gurb í an mharcáil CE an t-aon mharcáil amháin, lena ráthaítear go bhfuil an t-innealra nó táirgí gaolmhara i gcomhréir le ceanglais an Rialacháin seo. Ba cheart do na Ballstáit, dá bhrí sin, gníomhaíocht iomchuí a dhéanamh maidir le marcálacha eile ar dócha go gcuirfidh siad tríú páirtithe ar míthreoir maidir le brí nó foirm an mharcáil CE.

(58)

Is gá foráil a dhéanamh maidir le nósanna imeachta um measúnú comhréireachta d’fhonn é a chur ar a gcumas d’oibreoirí eacnamaíocha a léiriú go bhfuil innealra nó táirgí gaolmhara a chuirtear ar fáil ar an margadh i gcomhréir leis na buncheanglais sláinte agus sábháilteachta agus d’fhonn é a chur ar a gcumas do na húdaráis inniúla é sin a áirithiú. Le Cinneadh Uimh. 768/2008/CE, bunaítear modúil le haghaidh nósanna imeachta um measúnú comhréireachta, lena gcuimsítear idir na nósanna imeachta is scaoilte agus na cinn is déine, i gcomhréir le leibhéal an riosca lena mbaineann agus leibhéal na sábháilteachta is gá. Chun comhleanúnachas idir earnálacha a áirithiú agus chun malairtí ad hoc a sheachaint, ba cheart na nósanna imeachta um measúnú comhréireachta a roghnú ó na modúil sin.

(59)

Ba cheart do mhonaróirí a bheith freagrach as a áirithiú go ndéantar measúnú comhréireachta i leith a n-innealra nó táirgí gaolmhara i gcomhréir leis an Rialachán seo. Mar sin féin, i gcás catagóirí áirithe innealra nó táirgí gaolmhara a bhfuil fachtóir riosca níos airde acu, ba cheart go gceanglófaí nós imeachta um measúnú comhréireachta níos déine lena gceanglaítear rannpháirtíocht comhlachta faoina dtugtar fógra.

(60)

Tá sé fíor-riachtanach do gach comhlacht faoina dtugtar fógra a bhfeidhmeanna a dhéanamh ar an leibhéal céanna agus faoi dhálaí iomaíochta cothroma. Chuige sin is gá ceanglais éigeantacha a shocrú le haghaidh comhlachtaí um measúnú comhréireachta ar mian leo go dtabharfaí fógra dóibh chun seirbhísí um measúnú comhréireachta a chur ar fáil.

(61)

Má léiríonn comhlacht um measúnú comhréireachta go bhfuil sé i gcomhréir leis na critéir a leagtar síos sna caighdeáin chomhchuibhithe, ba cheart glacadh leis go gcomhlíonann sé na ceanglais chomhfhreagracha a leagtar amach sa Rialachán seo.

(62)

Chun leibhéal comhsheasmhach cáilíochta a áirithiú agus measúnú comhréireachta á dhéanamh ar innealra nó ar tháirgí gaolmhara, is gá ceanglais a shocrú freisin le haghaidh na n-údarás a thugann fógra agus le haghaidh comhlachtaí eile atá bainteach leis an measúnú, le fógra a thabhairt agus le faireachán a dhéanamh ar chomhlachtaí faoina dtugtar fógra.

(63)

Ba cheart an córas a leagtar amach sa Rialachán seo a chomhlánú leis an gcóras creidiúnúcháin dá ndéantar foráil i Rialachán (CE) Uimh. 765/2008. Ós rud é gur modh riachtanach é creidiúnú chun inniúlacht comhlachtaí um measúnú comhréireachta a fhíorú, ba cheart é a úsáid chun fógra a thabhairt freisin.

(64)

Ba cheart do na húdaráis phoiblí náisiúnta ar fud an Aontais creidiúnú trédhearcach amhail dá bhforáiltear i Rialachán (CE) Uimh. 765/2008, lena n-áirithítear an leibhéal muiníne is gá i ndeimhnithe comhréireachta, a mheas mar an rogha modha chun inniúlacht theicniúil comhlachtaí um measúnú comhréireachta a léiriú. Féadfaidh na húdaráis náisiúnta, áfach, a mheas go bhfuil modhanna cuí acu chun an mheastóireacht sin a dhéanamh iad féin. I gcásanna den sórt sin, chun a áirithiú go mbeidh an leibhéal cuí creidiúnachta ag meastóireachtaí a dhéanfaidh údaráis náisiúnta eile, ba cheart dóibh an fhianaise dhoiciméadach is gá a léiríonn go gcomhlíonann na comhlachtaí um measúnú comhréireachta na ceanglais rialála iomchuí a chur ar fáil don Choimisiún agus do na Ballstáit eile.

(65)

Is minic a dhéanann comhlachtaí um measúnú comhréireachta codanna dá gcuid oibre a bhaineann le measúnú comhréireachta a ligean ar fochonradh, sin nó téann siad in iontaoibh fochuideachta. Chun an leibhéal cosanta atá riachtanach chun an t-innealra nó na táirgí gaolmhara a chur ar an margadh a chosaint, ní mór go gcomhlíonfadh fochonraitheoirí agus fochuideachtaí um measúnú comhréireachta na ceanglais chéanna a chomhlíonann comhlachtaí faoina dtugtar fógra i dtaca le cúraimí um measúnú comhréireachta a fheidhmiú. Dá bhrí sin, tá sé tábhachtach go gcuimseofaí sa mheasúnú ar inniúlacht agus ar fheidhmíocht comhlachtaí a bhfuil fógra le tabhairt dóibh, agus san fhaireachán ar chomhlachtaí a bhfuil fógra tugtha dóibh cheana féin, gníomhaíochtaí a dhéanann fochonraitheoirí agus fochuideachtaí.

(66)

Ós rud é go bhféadfaidh comhlachtaí faoina dtugtar fógra a seirbhísí a thairiscint ar fud an Aontais, is iomchuí an deis a thabhairt do na Ballstáit eile agus don Choimisiún agóidí a dhéanamh maidir le comhlacht faoina dtugtar fógra. Tá sé tábhachtach, dá bhrí sin, foráil a dhéanamh maidir le tréimhse inar féidir amhras nó aon ábhar imní maidir le hinniúlacht comhlachtaí um measúnú comhréireachta a shoiléiriú sula dtosóidís ag feidhmiú mar chomhlachtaí faoina dtugtar fógra.

(67)

Ar mhaithe le hiomaíochas, tá sé ríthábhachtach go gcuirfidh na comhlachtaí faoina dtugtar fógra na nósanna imeachta um measúnú comhréireachta i bhfeidhm gan ualaí neamhriachtanacha a chur ar na hoibreoirí eacnamaíocha. Ar an gcúis chéanna, agus d’fhonn a áirithiú go gcaithfear go cothrom le gach oibreoir eacnamaíoch, ní mór comhsheasmhacht i gcur i bhfeidhm teicniúil na nósanna imeachta um measúnú comhréireachta a áirithiú. Is fearr is féidir é sin a bhaint amach trí chomhordú agus comhar iomchuí idir comhlachtaí faoina dtugtar fógra.

(68)

Is ionstraim fhíor-riachtanach é an faireachas margaidh chun cur i bhfeidhm ceart agus aonfhoirmeach dhlí an Aontais a áirithiú. Is iomchuí, dá bhrí sin, creat dlíthiúil a chur i bhfeidhm inar féidir faireachas margaidh a dhéanamh go comhchuí i ndáil le táirgí a thagann faoi raon feidhme an Rialacháin seo.

(69)

Ba cheart do na Ballstáit gach beart iomchuí a dhéanamh chun a áirithiú nach bhféadfar innealra nó táirgí gaolmhara a chur ar an margadh nó a chur i seirbhís ach amháin más rud é, i gcás ina shuiteáiltear i gceart iad agus a ndéantar cothabháil ceart orthu agus ina úsáidtear iad le haghaidh na críche a bhí beartaithe dóibh, nó faoi choinníollacha úsáide is féidir a thuar le go réasúnta, nach gcuirfear sláinte nó sábháilteacht daoine, go háirithe tomhaltóirí agus úsáideoirí gairmiúla, i mbaol agus, i gcás inarb iomchuí, nach gcuirfear sábháilteacht ainmhithe clóis agus slándáil réadmhaoine, agus, i gcás inarb infheidhme, cosaint an chomhshaoil i mbaol. Go háirithe, tá suiteáil cheart innealra ardaithe bunriachtanach chun a áirithiú go gcomhlíonfar na buncheanglais sláinte agus sábháilteachta is infheidhme. Níor cheart a mheas go bhfuil innealra nó táirgí gaolmhara neamhchomhlíontach leis na buncheanglais sláinte agus sábháilteachta a leagtar síos sa Rialachán seo ach amháin faoi choinníollacha úsáide a d’fhéadfadh eascairt as iompar daonna atá dleathach agus intuartha go héasca.

(70)

I gcomhthéacs an fhaireachais margaidh, ba cheart idirdhealú soiléir a bhunú idir cur in aghaidh caighdeáin chomhchuibhithe nó sonraíochtaí coiteanna lena dtugtar toimhde comhréireachta ar tháirgí a thagann faoi raon feidhme an Rialacháin seo agus an clásal coimirce i ndáil le táirgí a thagann faoi raon feidhme an Rialacháin seo.

(71)

Le Treoir 2006/42/CE, déantar foráil freisin maidir le nós imeachta cosanta a bhfuil gá leis ionas go mbeifí in ann cur in aghaidh comhréireacht táirgí a thagann faoi raon feidhme an Rialacháin seo. Chun cur leis an trédhearcacht agus chun am próiseála a laghdú, ní mór an nós imeachta cosanta atá ann cheana a fheabhsú d’fhonn é a dhéanamh níos éifeachtúla agus d’fhonn leas a bhaint as an saineolas atá ar fáil sna Ballstáit.

(72)

Ba cheart an nós imeachta coimirce atá ann cheana a fhorlíonadh le nós imeachta faoina gcuirtear páirtithe leasmhara ar an eolas faoi bhearta a bheartaítear a dhéanamh i ndáil le táirgí a thagann faoi raon feidhme an Rialacháin seo a bhfuil riosca ag baint leo do shláinte nó sábháilteacht daoine agus, i gcás inarb iomchuí, a chuireann sábháilteacht ainmhithe clóis agus slándáil réadmhaoine agus, i gcás inarb infheidhme, cosaint an chomhshaoil i mbaol. Ba cheart go bhféadfadh na húdaráis um fhaireachas margaidh, i gcomhar leis na hoibreoirí eacnamaíocha ábhartha, gníomhú ag céim níos luaithe i ndáil le táirgí den sórt sin.

(73)

I gcás ina mbeidh na Ballstáit agus an Coimisiún ar aon intinn faoin údar atá le beart a ghlac Ballstát, níor cheart a cheangal ar an gCoimisiún aon ní eile a dhéanamh, ach amháin más rud é gur easnaimh i gcaighdeán comhchuibhithe nó i sonraíochtaí coiteanna is cúis leis an neamhchomhlíonadh.

(74)

Chun an dul chun cinn teicniúil agus eolas nó fianaise nua eolaíoch a chur san áireamh, agus chun leibhéal leordhóthanach infhaighteachta sonraí a áirithiú, ba cheart an chumhacht chun gníomhartha a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 290 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh a tharmligean chuig an gCoimisiún i leith liosta na gcatagóir innealra agus táirgí gaolmhara in Iarscríbhinn I agus an liosta táscach de chomhpháirteanna sábháilteachta in Iarscríbhinn II a leasú, agus más gá, na hoibleagáidí a fhorlíonadh atá ar na Ballstáit sonraí agus faisnéis a chur ar fáil maidir leis na catagóirí innealra agus táirgí gaolmhara atá faoi réir nós imeachta um measúnú comhréireachta trí mhodheolaíocht choiteann a bhunú. I gcás ina gcuirtear catagóir nua innealra nó catagóir nua táirgí gaolmhara leis an liosta atá in Iarscríbhinn I, ba cheart don Choimisiún a áirithiú go dtabharfar dóthain ama d’oibreoirí eacnamaíocha chun a n-oibleagáidí faoin Rialachán seo a chomhlíonadh. Tá sé tábhachtach, go háirithe, go rachadh an Coimisiún i mbun comhairliúcháin iomchuí le linn a chuid oibre ullmhúcháin, lena n-áirítear ar leibhéal na saineolaithe leis na geallsealbhóirí lena mbaineann, agus go ndéanfaí na comhairliúcháin sin i gcomhréir leis na prionsabail a leagtar síos i gComhaontú Idirinstitiúideach an 13 Aibreán 2016 maidir le Reachtóireacht Níos Fearr (18). Go sonrach, chun rannpháirtíocht chomhionann in ullmhú na ngníomhartha tarmligthe a áirithiú, faigheann Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle na doiciméid uile ag an am céanna leis na saineolaithe sna Ballstáit, agus bíonn rochtain chórasach ag a gcuid saineolaithe ar chruinnithe ghrúpaí saineolaithe an Choimisiúin a bhíonn ag déileáil le hullmhú na ngníomhartha tarmligthe.

(75)

Chun coinníollacha aonfhoirmeacha a áirithiú maidir leis an Rialachán seo a chur chun feidhme, ba cheart cumhachtaí cur chun feidhme a thabhairt don Choimisiún chun teimpléad aonfhoirmeach a bhunú chun sonraí agus faisnéis a bhailiú chun catagóir innealra nó táirgí gaolmhara a chur le hIarscríbhinn I nó chun catagóir innealra nó táirgí gaolmhara a tharraingt siar ó Iarscríbhinn I, chun sonraíochtaí comhchoiteanna a bhunú le haghaidh na mbuncheanglas sláinte agus sábháilteachta a leagtar amach in Iarscríbhinn III, ina n-iarrfar ar an mBallstát a thugann fógra na bearta ceartaitheacha is gá a dhéanamh maidir le comhlacht faoina dtugtar fógra nach gcomhlíonann na ceanglais maidir lena fhógra, agus ina suífear an bhfuil bonn cirt le beart náisiúnta maidir le táirgí comhlíontacha a thagann faoi raon feidhme an Rialacháin seo a mheasann Ballstát a chuireann sláinte agus sábháilteacht daoine, go háirithe tomhaltóirí agus úsáideoirí gairmiúla, i mbaol, nó, i gcás inarb ábhartha, a chuireann sábháilteacht ainmhithe clóis agus slándáil réadmhaoine, nó, i gcás inarb infheidhme, an comhshaol, i mbaol. Ba cheart na cumhachtaí sin a fheidhmiú i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (19).

(76)

Chun cur chun feidhme cuí an Rialacháin seo a éascú, agus na gníomhartha cur chun feidhme á nglacadh aige lena leagtar amach agus lena nuashonraítear teimpléad a bhaineann le bailiú na sonraí agus na faisnéise ag na Ballstáit maidir le tionóiscí nó damáiste don tsláinte arb é innealra nó táirgí gaolmhara is cúis leo, ba cheart don Choimisiún treoir a eisiúint maidir le bailiú agus tarchur sonraí agus faisnéise inchomparáide ardcháilíochta.

(77)

Ba cheart don Choimisiún gníomhartha cur chun feidhme a ghlacadh a bheidh infheidhme láithreach lena gcinnfear cibé an bhfuil údar leis an mbeart náisiúnta maidir le táirgí innealra comhlíontacha a thagann faoi raon feidhme an Rialacháin seo lena ngabhann riosca, i gcásanna a bhfuil údar cuí leo agus a bhaineann le sláinte nó sábháilteacht daoine a chosaint, más gá sin de bharr mórfhorais phráinne.

(78)

I gcomhréir leis an gcleachtas seanbhunaithe, féadfaidh an coiste a bhunaítear faoin Rialachán seo ról fónta a bheith aige maidir le hábhair a scrúdú a bhaineann le cur i bhfeidhm an Rialacháin seo, ar ábhair iad a tharraing cathaoirleach an choiste anuas nó a tharraing ionadaí ó Bhallstát anuas i gcomhréir lena rialacha nós imeachta.

(79)

Nuair a bhíonn ábhair a bhaineann leis an Rialachán seo, seachas cur chun feidhme an Rialacháin nó sáruithe air, á scrúdú ag sainghrúpa de chuid an Choimisiúin, ba cheart an fhaisnéis agus an doiciméadacht uile a chur chuig Parlaimint na hEorpa, i gcomhréir leis an ngnáthchleachtas, agus nuair is iomchuí, ba cheart a iarraidh uirthi a bheith i láthair ag na cruinnithe sin.

(80)

Ba cheart go gcinnfeadh an Coimisiún, trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme agus, mar gheall ar an tábhacht faoi leith a bhaineann leo, ag gníomhú dó gan Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 a chur i bhfeidhm, cibé an bhfuil údar cuí leis na bearta a rinne na Ballstáit i ndáil le táirgí neamhchomhlíontacha a thagann faoi raon feidhme an Rialacháin seo.

(81)

Maidir le hinrianaitheacht na sonraí innealra is gá le haghaidh an chomhaid theicniúil agus chun críocha fhaireachas an mhargaidh, ba cheart dóibh rialacha rúndachta a chomhlíonadh chun monaróirí a chosaint.

(82)

Ba cheart do na Ballstáit rialacha a leagan síos i dtaca le pionóis is infheidhme maidir le sáruithe ar an Rialachán seo agus ba cheart dóibh a áirithiú go gcuirtear na rialacha sin chun feidhme. Ba cheart do na pionóis dá bhforáiltear a bheith éifeachtach, comhréireach agus athchomhairleach.

(83)

Ó tharla nach féidir leis na Ballstáit cuspóir an Rialacháin seo, eadhon a áirithiú go gcomhlíonann na táirgí a thagann faoi raon feidhme an Rialacháin seo a chuirtear ar an margadh na ceanglais lena ndéantar foráil maidir le hardleibhéal cosanta le haghaidh sláinte agus sábháilteacht daoine, agus, i gcás inarb iomchuí, ainmhithe clóis agus slándáil réadmhaoine agus, i gcás inarb infheidhme, cosaint an chomhshaoil, a bhaint amach go leordhóthanach ar leibhéal an Aontais, agus feidhmiú an mhargaidh inmheánaigh á ráthú, féadfaidh na Ballstáit bearta a ghlacadh, i gcomhréir le prionsabal na coimhdeachta a leagtar amach in Airteagal 5 den Chonradh ar an Aontas Eorpach. I gcomhréir le prionsabal na comhréireachta, mar a leagtar amach san Airteagal sin, ní théann an Rialachán seo thar a bhfuil riachtanach chun an cuspóir sin a bhaint amach.

(84)

Trí innealra agus gabhálais ardaithe agus slabhraí agus rópaí a chur san áireamh ina raon feidhme, tá Treoir 2006/42/CE tar éis dul in ionad Threoir 73/361/CEE (20) ón gComhairle ina hiomlán. Ba cheart, dá bhrí sin, Treoir 73/361/CEE ón gComhairle a aisghairm.

(85)

Leasaíodh Treoir 2006/42/CE roinnt uaireanta. Ós rud é go bhfuil gá le leasuithe substaintiúla breise agus chun cur chun feidhme aonfhoirmeach na rialacha maidir le táirgí a thagann faoi raon feidhme an Rialacháin seo ar fud an Aontais a áirithiú, ba cheart Treoir 2006/42/CE a aisghairm.

(86)

Is gá foráil a dhéanamh go mbeidh am leordhóthanach ag oibreoirí eacnamaíocha a n-oibleagáidí faoin Rialachán seo a chomhlíonadh, agus ag na Ballstáit chun an bonneagar riaracháin is gá chun é a chur i bhfeidhm a chur ar bun. Ba cheart, dá bhrí sin, cur i bhfeidhm an Rialacháin seo a chur siar,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

CAIBIDIL I

FORÁLACHA GINEARÁLTA

Airteagal 1

Ábhar

Leagtar síos leis an Rialachán seo ceanglais sláinte agus sábháilteachta maidir le dearadh agus tógáil innealra, táirgí gaolmhara agus innealra páirtchríochnaithe ionas gur féidir iad a chur ar fáil ar an margadh nó a chur i seirbhís agus ardleibhéal cosanta á áirithiú do shláinte agus do shábháilteacht daoine, go háirithe tomhaltóirí agus úsáideoirí gairmiúla, agus, i gcás inarb iomchuí, d’ainmhithe clóis agus do réadmhaoin, agus, i gcás inarb infheidhme, don chomhshaol. Bunaítear leis freisin rialacha maidir le saorghluaiseacht táirgí a thagann faoi raon feidhme an Rialacháin seo san Aontas.

Airteagal 2

Raon feidhme

1.   Tá feidhm ag an Rialachán seo maidir leis an innealra agus na táirgí seo a leanas:

(a)

trealamh idirmhalartaithe;

(b)

comhpháirteanna sábháilteachta;

(c)

codanna de na gabhálais ardaithe;

(d)

slabhraí, téada agus caolrabhaisc;

(e)

feistí trais-seolta meicniúla inbhainte.

Tá feidhm ag an Rialachán seo freisin maidir le hinnealra páirtchríochnaithe.

Chun críocha an Rialacháin seo, déanfar tagairt d’innealra, do na táirgí gaolmhara a liostaítear sa chéad fhomhír agus d’innealra páirtchríochnaithe le chéile mar “tháirgí a thagann faoi raon feidhme an Rialacháin seo”.

2.   Níl feidhm ag an Rialachán seo maidir leis na nithe seo a leanas:

(a)

comhpháirteanna sábháilteachta atá beartaithe lena n-úsáid mar pháirteanna spártha in ionad comhpháirteanna comhionanna agus atá á soláthar ag monaróir an táirge buninnealra, an táirge ghaolmhair nó innealra páirtchríochnaithe;

(b)

trealamh sonrach atá lena úsáid ar fhaichí aonaigh nó i bpáirceanna siamsaíochta;

(c)

innealra agus táirgí gaolmhara a saindearadh lena n-úsáid i suiteáil núicléach nó a úsáidtear inti agus a bhféadfadh a gcomhréireacht leis an Rialachán seo dochar a dhéanamh do shábháilteacht núicléach na suiteála sin;

(d)

airm, lena n-áirítear airm lámhaigh;

(e)

modhanna iompair d’aer, ar uisce nó ar líonraí iarnróid cé is moite d’innealra a shuiteáiltear ar na modhanna iompair sin;

(f)

táirgí, páirteanna agus trealamh aerloingseoireachta a thagann faoi raon feidhme Rialachán (AE) 2018/1139 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (21) agus an sainmhíniú ar innealra faoin Rialachán seo, a mhéid a chumhdaítear le Rialachán (AE) 2018/1139 na buncheanglais sláinte agus sábháilteachta ábhartha a leagtar amach sa Rialachán seo;

(g)

mótarfheithiclí agus a leantóirí, mar aon le córais, comhpháirteanna, aonaid theicniúla ar leithligh, páirteanna agus trealamh arna ndearadh agus arna dtógáil le haghaidh na bhfeithiclí sin, a thagann faoi raon feidhme Rialachán (AE) 2018/858, cé is moite d’innealra a shuiteáiltear ar na feithiclí sin;

(h)

feithiclí dhá nó trí roth agus cuadrothair, mar aon le córais, comhpháirteanna, aonaid theicniúla ar leithligh, páirteanna agus trealamh arna ndearadh agus arna dtógáil le haghaidh na bhfeithiclí sin, a thagann faoi raon feidhme Rialachán (AE) Uimh. 168/2013, cé is moite d’innealra a shuiteáiltear ar na feithiclí sin;

(i)

tarracóirí talmhaíochta agus foraoiseachta, mar aon le córais, comhpháirteanna, aonaid theicniúla ar leithligh, páirteanna agus trealamh arna ndearadh agus arna dtógáil le haghaidh na dtarracóirí sin, a thagann faoi raon feidhme Rialachán (AE) Uimh. 167/2013, cé is moite d’innealra a shuiteáiltear ar na tarracóirí sin;

(j)

feithiclí atá ceaptha go heisiach le haghaidh comórtais;

(k)

soithí farraige agus aonaid shoghluaiste amach ón gcósta agus innealra a shuiteáiltear ar bord na soithí nó na n-aonad sin;

(l)

innealra nó táirgí gaolmhara atá saindeartha agus saintógtha chun críoch míleata nó póilíneachta;

(m)

innealra nó táirgí gaolmhara atá saindeartha agus saintógtha chun críoch taighde lena úsáid go sealadach sna saotharlanna;

(n)

giar tochráin lena n-úsáid sna mianaigh;

(o)

innealra nó táirgí gaolmhara atá beartaithe chun taibheoirí a iompar le linn imeachtaí ealaíne;

(p)

na táirgí leictreacha agus leictreonacha seo a leanas, a mhéid a thagann siad faoi raon feidhme Threoir 2014/35/AE nó Threoir 2014/53/AE:

(i)

fearais tí atá ceaptha le haghaidh úsáid tí agus nach troscán leictreach iad;

(ii)

clostrealamh agus fístrealamh;

(iii)

trealamh faisnéise teicneolaíochta;

(iv)

gnáthinnealra oifige, seachas innealra priontála breiseán chun táirgí tríthoiseacha a tháirgeadh;

(v)

trealamh lasc ísealvoltais agus trealamh rialaithe;

(vi)

mótair leictreacha;

(q)

na táirgí leictreacha ardvoltais seo a leanas:

(i)

trealamh lasc agus trealamh rialaithe;

(ii)

claochladáin.

Airteagal 3

Sainmhínithe

Chun críocha an Rialacháin seo, tá feidhm ag na sainmhínithe seo a leanas:

(1)

ciallaíonn ‘innealra’:

(a)

cóimeáil atá feistithe le córas tiomántáin nó a bhfuil sé beartaithe é a fheistiú le córas tiomántáin nach é dícheall díreach an duine nó ainmhí atá i gceist, córas ina bhfuil páirteanna nasctha nó comhpháirteanna, agus ceann amháin ar a laghad acu ina pháirt shoghluaiste agus ar páirteanna iad a cheanglaítear le chéile i gcomhair feidhm shonrach;

(b)

cóimeáil dá dtagraítear i bpointe (a), nach bhfuil in easnamh uirthi ach na comhpháirteanna lena gceanglaítear ar an láthair í nó lena gceanglaítear í le foinsí fuinnimh agus gluaiseachta;

(c)

cóimeáil dá dtagraítear i bpointí (a) agus (b) atá réidh le suiteáil agus nach bhfuil i riocht feidhmiú aisti féin ach amháin má shuiteáiltear ar mhodh iompair í, nó má shuiteáiltear í i bhfoirgneamh nó ar struchtúr;

(d)

cóimeálacha déanta as innealra dá dtagraítear i bpointí (a), (b)agus (c), nó innealra páirtchríochnaithe, a chumraítear agus a rialaítear chun na críche céanna, sa chaoi go bhfeidhmíonn siad mar aonad iomlán dílis;

(e)

cóimeáil de pháirteanna nó comhpháirteanna nasctha, a bhfuil ceann amháin ar a laghad acu ina pháirt shoghluaiste, iad nasctha le chéile, iad ceaptha chun ualach a ardú, agus arb é dícheall an duine a chuirtear i bhfeidhm go díreach orthu an t-aon fhoinse chumhachta atá acu;

(f)

cóimeáil dá dtagraítear i bpointí (a), go (e) nach bhfuil in easnamh uirthi ach amháin bogearraí a bheartaítear don fheidhm shonrach a bhí tuartha ag an monaróir.

(2)

ciallaíonn ‘trealamh idirmhalartaithe’ feiste arna chóimeáil ag an oibreoir, tar éis innealra nó tarracóir talmhaíochta nó foraoiseachta a chur i seirbhís, leis an innealra nó leis an tarracóir talmhaíochta nó foraoiseachta sin chun a fheidhm a athrú nó chun feidhm nua a shannadh di, ar choinníoll nach uirlis é an trealamh sin;

(3)

ciallaíonn ‘comhpháirt sábháilteachta’ comhpháirt fhisiceach nó dhigiteach, lena n-áirítear bogearraí, de chuid táirge a thagann faoi raon feidhme an Rialacháin seo, a dearadh nó a bheartaítear chun feidhm sábháilteachta a chomhlíonadh agus a chuirtear ar an margadh go neamhspleách, a gcuireann a teip nó a mífheidhm sábháilteacht daoine i mbaol, ach nach bhfuil riachtanach chun go bhfeidhmeoidh an táirge sin nó a bhféadfaí gnáth-chomhpháirteanna a ionadú dó chun go bhfeidhmeoidh an táirge sin;

(4)

ciallaíonn ‘feidhm sábháilteachta’ feidhm a fhónann chun beart cosanta a chomhlíonadh atá ceaptha chun riosca a dhíothú nó, mura féidir é sin a dhéanamh, chun riosca a laghdú, a bhféadfadh méadú ar an riosca sin a bheith mar thoradh uirthi dá dteipfeadh uirthi;

(5)

ciallaíonn ‘gabhálas ardaithe’ comhpháirt nó trealamh, nach bhfuil ceangailte leis an innealra ardaithe, lena gcumasaítear an t-ualach a choinneáil, agus a chuirtear idir an t-innealra agus an t-ualach nó ar an ualach féin, nó atá ceaptha le bheith ina páirt dhílis den ualach agus a chuirtear go neamhspleách ar an margadh, lena n-áirítear crocháin agus a gcomhpháirteanna;

(6)

ciallaíonn ‘slabhraí’ slabhraí arna ndearadh agus arna dtógáil chun críocha ardaithe mar chuid d’innealra ardaithe nó de ghabhálais ardaithe;

(7)

ciallaíonn ‘téada’ téada arna ndearadh agus arna dtógáil chun críocha ardaithe mar chuid d’innealra tógála nó de ghabhálais ardaithe;

(8)

ciallaíonn ‘caolrabhaisc’ caolrabhaisc arna ndearadh agus arna dtógáil chun críocha ardaithe mar chuid d’innealra ardaithe nó de ghabhálais ardaithe;

(9)

ciallaíonn ‘feiste trais-seolta meicniúil inbhainte’ comhpháirt inbhainte chun cumhacht a tharchur idir innealra féinghluaiste nó tarracóir agus innealra nó táirgí gaolmhara eile ach iad a nascadh ag an gcéad imthaca fosaithe; nuair a chuirtear ar an margadh í le sciath, tá an feiste agus an sciath le meas mar aon earra amháin;

(10)

ciallaíonn ‘innealra páirtchríochnaithe’ cóimeáil ar innealra nach innealra go fóill é toisc nach féidir leis féin feidhm shonrach a chur i gcrích agus nach bhfuil sé beartaithe ach é a ionchorprú in innealra nó é a chóimeáil le hinnealra nó le hinnealra páirtchríochnaithe nó le trealamh eile agus ar an mbealach sin táirge innealra dhéanamh de;

(11)

ciallaíonn ‘cur ar fáil ar an margadh’ aon soláthar de tháirge a thagann faoi raon feidhme an Rialacháin seo lena dháileadh nó lena úsáid ar mhargadh an Aontais le linn gníomhaíocht tráchtála, bíodh sé ar íocaíocht nó saor in aisce;

(12)

ciallaíonn ‘cur ar an margadh’ táirge a thagann faoi raon feidhme an Rialacháin seo a chur ar mhargadh an Aontais den chéad uair;

(13)

ciallaíonn ‘cur i seirbhís’ an chéad úsáid a bhaintear as innealra nó táirgí gaolmhara san Aontas chun na críche dar ceapadh é;

(14)

ciallaíonn ‘buncheanglais sláinte agus sábháilteachta’ forálacha éigeantacha, a leagtar amach in Iarscríbhinn III, a bhaineann le dearadh agus le déanamh táirgí a thagann faoi raon feidhme an Rialacháin seo, chun ardleibhéal cosanta a áirithiú do shláinte agus sábháilteacht daoine, agus, i gcás inarb iomchuí, do shábháilteacht ainmhithe clóis agus do shlándáil réadmhaoine, agus, i gcás inarb infheidhme, don chomhshaol.

(15)

ciallaíonn ‘reachtaíocht an Aontais um chomhchuibhiú’ aon reachtaíocht de chuid an Aontais a dhéanann comhchuibhiú ar na dálaí chun táirgí a chur ar fáil ar an margadh;

(16)

ciallaíonn ‘modhnú substaintiúil’ modhnú ar tháirge innealra nó ar tháirge gaolmhar, ar mhodh fisiciúil nó digiteach tar éis an innealra sin nó an táirge gaolmhar sin a chur ar an margadh nó i seirbhís, modhnú nach bhfuil tuartha nó beartaithe ag an monaróir agus a d’fhéadfadh difear a dhéanamh do shábháilteacht an innealra nó an táirge ghaolmhair sin, trí ghuais nua a chruthú, nó trí riosca atá ann cheana a mhéadú, lena n-éilítear:

(a)

sciatha nó feistí cosanta a chur leis an innealra sin nó leis an táirge gaolmhar sin, ar gá, chun iad a phróiseáil, an córas rialaithe sábháilteachta atá ann cheana a mhodhnú, nó

(b)

bearta cosanta breise a ghlacadh chun cobhsaíocht nó neart meicniúil an innealra nó an táirge ghaolmhair sin a áirithiú;

(17)

ciallaíonn ‘treoracha úsáide’ an fhaisnéis a sholáthraíonn an monaróir nuair a chuirtear an t-innealra nó an táirge gaolmhar, cé is moite d’innealra páirtchríochnaithe, ar an margadh nó nuair a chuirtear i seirbhís é chun úsáideoir an innealra nó an táirge ghaolmhair a chur ar an eolas faoin gcuspóir beartaithe agus faoi úsáid chuí an innealra nó an táirge ghaolmhair sin chomh maith le faisnéis faoi aon réamhchúram a bheidh le glacadh le linn an innealra nó an táirge gaolmhar a úsáid nó a shuiteáil, lena n-áirítear faisnéis faoi faisnéis faoi na gnéithe sábháilteachta agus faoi conas an t-innealra nó an táirge gaolmhar a choinneáil sábháilte, agus a áirithiú go mbeidh sé ‘oiriúnach don fheidhm atá leis’ le linn a shaolré ar fad;

(18)

ciallaíonn ‘monaróir’ aon duine nádúrtha nó dlítheanach ar fíor an méid seo ina leith:

(a)

monaraíonn sé nó sí táirgí a thagann faoi raon feidhme an Rialacháin seo nó a bhfuil na táirgí sin deartha nó monaraithe dó, agus a mhargaíonn na táirgí sin faoina ainm nó faoina haimn nó faoina thrádmharc nó faoina trádmharc; nó

(b)

monaraíonn sé nó sí táirgí a thagann faoi raon feidhme an Rialacháin seo a mhonarú, agus a chuireann na táirgí sin i seirbhís le haghaidh a úsáide nó a húsáide féin;

(19)

ciallaíonn ‘ionadaí údaraithe’ duine nádúrtha nó dlítheanach atá bunaithe laistigh den Aontas a bhfuil sainordú i scríbhinn faighte aige nó aici ó mhonaróir gníomhú thar a cheann nó a ceann maidir le cúraimí sonraithe;

(20)

ciallaíonn ‘allmhaireoir’ aon duine nádúrtha nó dlítheanach atá bunaithe san Aontas agus a chuireann táirge a thagann faoi raon feidhme an Rialacháin seo ó thríú tír ar mhargadh an Aontais;

(21)

ciallaíonn ‘dáileoir’ aon duine nádúrtha nó dlítheanach sa slabhra soláthair, seachas an monaróir nó an t-allmhaireoir, a chuireann táirge a thagann faoi raon feidhme an Rialacháin seo ar fáil ar an margadh;

(22)

ciallaíonn ‘oibreoir eacnamaíoch’ an monaróir, an t-ionadaí údaraithe, an t-allmhaireoir nó an dáileoir;

(23)

ciallaíonn ‘sonraíochtaí teicniúla’ doiciméad ina leagtar síos na ceanglais theicniúla atá le comhlíonadh ag táirgí a thagann faoi raon feidhme an Rialacháin seo;

(24)

ciallaíonn ‘caighdeán comhchuibhithe’ caighdeán comhchuibhithe mar a shainítear in Airteagal 2, pointe 1, pointe (c), de Rialachán (AE) Uimh. 1025/2012;

(25)

ciallaíonn ‘marcáil CE’ marcáil lena gcuireann an monaróir in iúl go bhfuil innealra nó táirge gaolmhar i gcomhréir leis na ceanglais is infheidhme a leagtar amach i reachtaíocht an Aontais um chomhchuibhiú ina ndéantar foráil maidir lena ghreamú;

(26)

ciallaíonn ‘creidiúnú’ creidiúnú mar a shainítear in Airteagal 2, pointe (10), de Rialachán (CE) Uimh. 765/2008;

(27)

ciallaíonn ‘comhlacht creidiúnaithe náisiúnta’ comhlacht creidiúnaithe náisiúnta mar a shainítear in Airteagal 2, pointe (11), de Rialachán (CE) Uimh. 765/2008;

(28)

ciallaíonn ‘measúnú comhréireachta’ an próiseas ina dtaispeántar an bhfuil buncheanglais sláinte agus sábháilteachta is infheidhme sa Rialachán seo a bhaineann le hinnealra nó táirgí gaolmhara comhlíonta;

(29)

ciallaíonn ‘comhlacht um measúnú comhréireachta’ comhlacht a dhéanann gníomhaíochtaí um measúnú comhréireachta, lena n-áirítear calabrú, tástáil, deimhniú agus cigireacht;

(30)

ciallaíonn ‘comhlacht faoina dtugtar fógra’ comhlacht um measúnú comhréireachta faoina dtugtar fógra i gcomhréir leis an Rialachán seo;

(31)

ciallaíonn ‘údarás um fhaireachas margaidh’‘údarás um fhaireachas margaidh’ mar a shainítear in Airteagal 3, pointe (4), de Rialachán (AE) 2019/1020;

(32)

ciallaíonn ‘aisghairm’ aon bheart a bhfuil sé d'aidhm aige innealra a thagann faoi raon feidhme an Rialacháin seo atá curtha ar fáil cheana d’úsáideoir a fháil ar ais;

(33)

ciallaíonn ‘tarraingt siar’, i gcás táirge, aon bheart a bhfuil sé d’aidhm aige cosc a chur ar tháirge a thagann faoi raon feidhme an Rialacháin seo sa slabhra soláthair a chur ar fáil ar an margadh.

(34)

ciallaíonn ‘saolré’ an tréimhse ón nóiméad a chuirtear innealra nó táirge gaolmhar ar an margadh nó a chuirtear i seirbhís é go dtí an tráth a fhaightear réidh leis, lena n-áirítear an t-am éifeachtach ar féidir an t-innealra nó an táirge gaolmhar a úsáid agus na céimeanna iompair, cóimeála, díchóimeála, díchumasaithe, scriosta nó modhnuithe fisiciúla nó digiteacha eile atá beartaithe ag an monaróir;

(35)

ciallaíonn ‘cód foinse’ an leagan de bhogearraí atá suiteáilte faoi láthair ar táirge a thagann faoi raon feidhme an Rialacháin seo, agus é scríofa i dteanga ríomhchlárúcháin ionas go mbeidh sé gan débhrí agus intuigthe do dhaoine;

(36)

ciallaíonn ‘úsáideoir gairmiúil’ duine nádúrtha a úsáideann nó a oibríonn innealra nó táirge gaolmhar le linn a ghníomhaíochta nó a gníomhaíochta gairmiúla nó a oibre nó a hoibre gairmiúla.

Airteagal 4

Saorghluaiseacht

1.   Ní chuirfidh na Ballstáit bac, ar chúiseanna a bhaineann leis na gnéithe a chumhdaítear leis an Rialachán seo, ar tháirgí a thagann faoi raon feidhme an Rialacháin seo a chur ar fáil ar an margadh ná ar innealra nó táirgí gaolmhara a chomhlíonann an Rialachán seo a chur i seirbhís.

2.   Ag aontaí trádála, taispeántais agus léirithe nó imeachtaí comhchosúla, ní chuirfidh na Ballstáit cosc ar tháirge a thagann faoi raon feidhme an Rialacháin seo agus nach gcomhlíonann an Rialachán seo a chur ar taispeáint, ar choinníoll go gcuirtear in iúl ar chomhartha soléite nach gcomhlíonann sé an Rialachán seo agus nach gcuirfear ar fáil ar an margadh é go dtí go mbeidh sé tugtha chun comhréireachta.

Le linn léirithe, glacfar bearta leordhóthanacha chun cosaint daoine a áirithiú.

Airteagal 5

Daoine a chosaint le linn innealra nó táirgí gaolmhara a shuiteáil nó a úsáid

Féadfaidh na Ballstáit ceanglais a leagan síos chun a áirithiú go gcosnófar daoine, lena n-áirítear oibrithe, agus innealra nó táirgí gaolmhara á suiteáil agus á n-úsáid acu, ar choinníoll nach gceadaítear leis na rialacha sin innealra nó táirge gaolmhar a mhodhnú ar bhealach nach bhfuil i gcomhréir leis an Rialachán seo.

Airteagal 6

Catagóirí innealra agus táirgí gaolmhara a liostaítear in Iarscríbhinn I faoi réir nósanna imeachta ábhartha um measúnú comhréireachta

1.   Beidh innealra agus táirgí gaolmhara a thagann faoi na catagóirí a liostaítear in Iarscríbhinn I, Cuid A, faoi réir na nósanna imeachta sonracha um measúnú comhréireachta dá dtagraítear in Airteagal 25(2), agus beidh innealra agus táirgí gaolmhara a thagann faoi na catagóirí a liostaítear in Iarscríbhinn I, Cuid B, faoi réir na nósanna imeachta sonracha um measúnú comhréireachta dá dtagraítear in Airteagal 25(3).

2.   Tugtar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 47 chun Iarscríbhinn I a leasú, tar éis dó dul i gcomhairle leis na geallsealbhóirí lena mbaineann, i bhfianaise an dul chun cinn teicniúil, an dul chun cinn maidir le heolas nó fianaise eolaíoch nua trí chatagóir nua innealra nó táirgí gaolmhara a chur le liosta na gcatagóirí innealra agus táirgí gaolmhara in Iarscríbhinn I nó catagóir innealra nó táirgí gaolmhara atá ann cheana a tharraingt siar ón liosta sin, nó trí chatagóir nua innealra nó táirgí gaolmhara a bhogadh ó Chuid amháin d’Iarscríbhinn I go Cuid eile den Iarscríbhinn sin, i gcomhréir leis na critéir agus na nósanna imeachta a leagtar síos i míreanna 4, 5 agus 7 den Airteagal seo.

3.   Sula nglacfaidh sé gníomh tarmligthe, lorgóidh an Coimisiún tuairimí saineolaithe sa ghrúpa saineolaithe ábhartha i gcomhréir le hAirteagal 47(4).

4.   Déanfaidh an Coimisiún measúnú ar a thromchúisí atá an riosca bunúsach féideartha a bhaineann le catagóir innealra nó táirge ghaolmhair chun a chinneadh an gcuirfear an chatagóir innealra sin nó an chatagóir táirge ghaolmhair sin le hIarscríbhinn I nó an ndéanfar an chatagóir innealra sin nó an chatagóir táirge ghaolmhair sin a tharraingt siar ó Iarscríbhinn I. Suífear an measúnú sin a bhaineann le táirge innealra áirithe bunaithe ar an meascán den dóchúlacht go ndéanfaí dochar agus déine an dochair sin.

Agus cinneadh á dhéanamh maidir le dóchúlacht agus déine an dochair, cuirfear na critéir seo a leanas, i gcás inarb ábhartha, san áireamh:

(a)

cineál na guaise is gné dhílis d’fheidhm na catagóire innealra nó táirgí gaolmhara, agus an úsáid atá beartaithe agus aon mhí-úsáid measartha intuartha á cur san áireamh;

(b)

déine an dochair a fhulaingeodh duine, lena n-áirítear méid inchúlaitheachta an dochair sin;

(c)

an líon daoine dá bhféadfaí difear a dhéanamh mar gheall ar an dochar sin;

(d)

minicíocht agus fad an nochta don ghuais a mbeadh duine faoina lé le linn na húsáide atá beartaithe nó aon mhí-úsáid measartha intuartha a bhainfear as an gcatagóir innealra nó táirge ghaolmhair;

(e)

na féidearthachtaí chun dochar a sheachaint nó a theorannú;

(f)

i gcás comhpháirteanna sábháilteachta, an dóchúlacht go mbeidh iarmhairtí tromchúiseacha ann do shábháilteacht na ndaoine a nochtar do dhíobháil i gcás ina dteipfeadh orthu.

5.   Agus an measúnú dá dtagraítear i mír 4 á dhéanamh aige, cuirfidh an Coimisiún na heilimintí seo a leanas san áireamh:

(a)

tásca ar dhíobháil a rinneadh san am atá caite de bharr innealra nó táirgí gaolmhara a úsáideadh le haghaidh na húsáide atá beartaithe dóibh nó tar éis aon mhí-úsáid measartha intuartha;

(b)

faisnéis faoi lochtanna sábháilteachta a braitheadh le linn faireachas margaidh, agus faoi ábhar a d’fhéadfadh a bheith ar fáil sna córais faisnéise arna riar ag an gCoimisiún;

(c)

faisnéis faoi thionóiscí aitheanta agus faoi thionóiscí tromchúiseacha ‘ar dhóbair dóibh tarlú’, lena n-áirítear saintréithe na dtionóiscí sin nó na dtionóiscí sin ‘ar dhóbair dóibh tarlú’;

(d)

sonraí maidir le tionóiscí nó damáiste don tsláinte arbh é an t-innealra nó an táirge gaolmhar ba chúis leo ar feadh na gceithre bliana roimhe sin ar a laghad. Go háirithe, faisnéis a fuarthas, inter alia, ón gCóras Faisnéise agus Cumarsáide maidir le Faireachas Margaidh (ICSMS), ó chlásail choimirce, ón gCóras Mear-Rabhaidh Safety Gate, ón mBunachar Sonraí Eorpach maidir le Díobhála (EU-IDB), ó Staidreamh Eorpach Eurostat maidir le Tionóiscí ag an Obair (ESAW) agus ón nGrúpa um Chomhar Riaracháin Innealra (AdCo).

Sa bhreis ar phointí (a) go (d) den mhír seo, cuirfidh an Coimisiún san áireamh aon fhaisnéis eile atá ar fáil agus atá ábhartha maidir leis an measúnú dá dtagraítear i mír 4.

6.   Cuirfidh na Ballstáit na sonraí agus an fhaisnéis dá dtagraítear i mír 5, pointí (a) go (d), ar fáil i gcomhréir le mír 9.

7.   Áireofar catagóir innealra nó táirge ghaolmhair in Iarscríbhinn I, Cuid A, más rud é, de réir an mheasúnaithe dá dtagraítear i mír 4, agus an fhaisnéis atá ar fáil á cur san áireamh, lena n-áirítear na sonraí dá dtagraítear i mír 5, go bhfuil riosca tromchúiseach ionchasach ag baint léi, agus go gcomhlíontar ceann amháin nó níos mó de na coinníollacha seo a leanas:

(a)

tá easpa caighdeáin chomhchuibhithe nó sonraíochtaí comhchoiteanna ann lena gcumhdaítear na buncheanglais sláinte agus sábháilteachta ábhartha;

(b)

tá rioscaí iarmharacha ann, lena n-áirítear rioscaí iarmharacha a d’fhéadfaí a laghdú, de réir an mhonaróra, le hoiliúint ar leith nó le trealamh cosanta pearsanta ar leith, agus léiríonn na sonraí agus an fhaisnéis dá dtagraítear i mír 5 go dtarlaíonn tionóiscí tromchúiseacha nó marfacha comhchosúla nó damáiste don tsláinte arís i ndáil leis na rioscaí iarmharacha sin;

(c)

tá sonraí agus faisnéis ann a léiríonn, de réir an Choimisiúin, cur i bhfeidhm éagórach athfhillteach na gcaighdeán comhchuibhithe ábhartha nó na sonraíochtaí coiteanna agus nach bhfuil feabhsuithe móra ar staid an mhargaidh mar thoradh ar na gníomhaíochtaí faireachais margaidh a rinneadh ina leith, laistigh de thréimhse réasúnta;

(d)

tá méid neamhchinnteachta ann a bhaineann leis na modhanna measúnaithe riosca atá ann cheana maidir le catagóirí nua innealra nó teicneolaíochtaí.

Áireofar in Iarscríbhinn I, Cuid B, aon chatagóir eile innealra nó aon chatagóir eile táirge ghaolmhair lena mbaineann, de réir an mheasúnaithe sin, riosca bunúsach tromchúiseach féideartha ach nach gcomhlíonann ceann amháin nó níos mó de na coinníollacha i bpointe (a) go pointe (d).

8.   Maidir le Ballstát a bhfuil imní air maidir le catagóir innealra nó táirge ghaolmhair a bheith liostaithe nó gan bheith liostaithe in Iarscríbhinn I, cuirfidh sé an Coimisiún ar an eolas láithreach maidir leis na hábhair imní sin agus tabharfaidh sé cúiseanna chun tacú leis sin.

Déanfaidh an Coimisiún an measúnú dá dtagraítear i mír 4 láithreach tar éis do Bhallstát é a chur ar an eolas.

Tar éis dó an measúnú sin a dhéanamh, féadfaidh an Coimisiún an nós imeachta atá leagtha síos i mír 2 a thionscnamh.

9.   Faoin 14 Iúil 2025, agus gach cúig bliana ina dhiaidh sin, cuirfidh na Ballstáit na sonraí agus an fhaisnéis dá dtagraítear i mír 5 ar fáil, lena n-áirítear faisnéis a léiríonn nár tharla aon cheann de na teagmhais dá dtagraítear i mír 5, i gcás gach catagóire innealra nó táirgí gaolmhara a áirítear in Iarscríbhinn I nó nach n-áirítear in Iarscríbhinn I i gcás inar ábhar imní don Bhallstát an neamháireamh sin.

10.   Glacfaidh an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme lena leagfar amach agus, i gcás inar gá i bhfianaise na forbartha teicneolaíochta agus margaidh, lena dtabharfar teimpléad cothrom le dáta maidir le bailiú na sonraí agus na faisnéise dá dtagraítear i mír 5, pointí (a) go (d) ag na Ballstáit.

Agus na gníomhartha cur chun feidhme sin á nglacadh aige, eiseoidh an Coimisiún treoir do na Ballstáit maidir le bailiú agus tarchur sonraí agus faisnéise inchomparáide ardcháilíochta.

Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 48(3).

Déanfar an chéad cheann de na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh tráth nach déanaí ná an 14 Iúil 2024.

11.   Más gá tar éis na tuarascála ón gCoimisiún dá dtagraítear in Airteagal 53(3), glacfaidh an Coimisiún gníomhartha tarmligthe i gcomhréir le hAirteagal 47 chun mír 5 den Airteagal seo a fhorlíonadh trí shonrú a dhéanamh ar na hoibleagáidí atá ar na Ballstáit sonraí agus faisnéis a sholáthar a cheanglaítear de bhun an Airteagail seo trí mhodheolaíocht chomhchoiteann a bhunú maidir leis na sonraí agus an fhaisnéis atá le bailiú, lena n-áirítear na modhanna chun iad a bhailiú agus a thiomsú, agus na nósanna imeachta chun iad a tharchur, chomh maith leis na sainmhínithe ábhartha, chun a áirithiú go mbeidh sonraí leordhóthanacha inchomparáide ar fáil don Choimisiún chun an measúnú dá dtagraítear i mír 4 a dhéanamh.

Airteagal 7

Comhpháirteanna sábháilteachta

1.   Leagtar amach liosta táscach de chomhpháirteanna sábháilteachta in Iarscríbhinn II.

2.   Tugtar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 47 chun Iarscríbhinn II a leasú i bhfianaise an dul chun cinn theicniúil agus an eolais theicniúil nó na fianaise eolaíche nua trí chomhpháirt sábháilteachta nua a áireamh ar an liosta táscach de chomhpháirteanna sábháilteachta nó trí chomhpháirt sábháilteachta atá ann cheana a tharraingt siar ón liosta sin.

3.   Ballstát a bhfuil imní air faoi chomhpháirt sábháilteachta a bheith liostaithe nó gan bheith liostaithe in Iarscríbhinn II, cuirfidh sé an Coimisiún ar an eolas láithreach maidir leis na himní atá air agus tabharfaidh sé cúiseanna chun tacú leo sin.

Airteagal 8

Buncheanglais sláinte agus sábháilteachta le haghaidh táirgí a thagann faoi raon feidhme an Rialacháin seo

Ní dhéanfar innealra nó táirgí gaolmhara a chur ar fáil ar an margadh ná a chur i seirbhís ach amháin i gcás ina ndéanfar iad a shuiteáil agus a chothabháil i gceart agus a úsáid chun an úsáid atá beartaithe dóibh nó faoi choinníollacha is féidir a thuar go measartha, má chomhlíonann siad na buncheanglais sláinte agus sábháilteachta a leagtar amach in Iarscríbhinn III.

Ní chuirfear innealra páirtchríochnaithe ar fáil ar an margadh ach amháin má chomhlíonann sé na buncheanglais sláinte agus sábháilteachta ábhartha a leagtar amach in Iarscríbhinn III.

Airteagal 9

Reachtaíocht shonrach an Aontais um chomhchuibhiú

Más rud é, i gcás táirge áirithe a thagann faoi raon feidhme an Rialacháin seo, go ndéantar na rioscaí a dtugtar aghaidh orthu leis na buncheanglais sláinte agus sábháilteachta a leagtar amach in Iarscríbhinn III a chumhdach go hiomlán nó go páirteach le reachtaíocht an Aontais um chomhchuibhiú atá níos sonraí ná an Rialachán seo, ní bheidh feidhm ag an Rialachán seo maidir leis an táirge sin a mhéid a chumhdófar na rioscaí sin leis an reachtaíocht shonrach sin de chuid an Aontais.

CAIBIDIL II

OIBLEAGÁIDÍ OIBREOIRÍ EACNAMAÍOCHA

Airteagal 10

Oibleagáidí monaróirí innealra agus táirgí gaolmhara

1.   Agus innealra nó táirge gaolmhar á chur ar an margadh, nó á chur i seirbhís, ag monaróirí, áiritheoidh siad gur dearadh agus gur tógadh é i gcomhréir leis na buncheanglais sláinte agus sábháilteachta a leagtar amach in Iarscríbhinn III.

2.   Sula gcuirfear innealra nó táirge gaolmhar ar an margadh nó i seirbhís, tarraingeoidh monaróirí suas an doiciméadacht theicniúil a leagtar amach in Iarscríbhinn IV, Cuid A, agus déanfaidh siad an nós imeachta ábhartha um measúnú comhréireachta dá dtagraítear in Airteagal 25 nó socróidh siad go ndéanfar é.

I gcás inar léiríodh leis an nós imeachta um measúnú comhréireachta go gcomhlíonann innealra nó táirge gaolmhar na buncheanglais sláinte agus sábháilteachta a leagtar síos in Iarscríbhinn III, dréachtóidh monaróirí dearbhú comhréireachta AE i gcomhréir le hAirteagal 21 agus greamóidh siad an mharcáil CE de i gcomhréir le hAirteagal 24.

3.   Déanfaidh monaróirí an doiciméadacht theicniúil agus an dearbhú comhréireachta AE a choinneáil ar fáil do na húdaráis um fhaireachas margaidh go ceann 10 mbliana ar a laghad tar éis an innealra nó táirge gaolmhar a chur ar an margadh nó i seirbhís. I gcás inarb ábhartha, déanfar an cód foinse nó an loighic ríomhchlárúcháin a áirítear sa doiciméadacht theicniúil a chur ar fáil do na húdaráis náisiúnta inniúla, ar iarraidh réasúnaithe ó na húdaráis sin, i gcás ina bhfuil gá leis an gcód foinseach nó loighic ríomhchlárúcháin sin chun go mbeadh na húdaráis in ann a sheiceáil go bhfuil na buncheanglais sláinte agus sábháilteachta a leagtar amach in Iarscríbhinn III á gcomhlíonadh.

4.   Áiritheoidh monaróirí go mbeidh nósanna imeachta i bhfeidhm le go bhfanfaidh innealra nó táirge gaolmhar atá ina chuid de tháirgeadh sraithe i gcomhréir leis an Rialachán seo. Cuirfear san áireamh go leormhaith athruithe ar an bpróiseas táirgthe nó ar dhearadh nó ar shaintréithe an innealra nó an táirge ghaolmhair, agus athruithe ar na caighdeáin chomhchuibhithe, ar shonraíochtaí teicniúla eile, nó ar na sonraíochtaí coiteanna dá dtagraítear in Airteagal 20 ar faoina dtreoir a dhearbhaítear comhréireacht an innealra nó an táirge ghaolmhair.

Nuair a mheastar é a bheith iomchuí maidir leis na rioscaí a bhaineann le hinnealra nó le táirgí gaolmhara, déanfaidh monaróirí, chun sláinte agus sábháilteacht na n-úsáideoirí a chosaint, tástáil shamplach ar innealra nó ar tháirgí gaolmhara a chuirtear ar fáil ar an margadh agus a dtorthaí a imscrúdú. Más gá, coimeádfaidh monaróirí clár de ghearáin, d’innealra neamhchomhréireach nó de tháirgí gaolmhara agus d’innealra nó de tháirgí gaolmhara a aisghaireadh, agus coinneoidh siad dáileoirí ar an eolas faoi aon fhaireachán den sórt sin.

5.   Áiritheoidh monaróirí go mbeidh ar a laghad ainmniú ar an innealra nó ar an múnla táirge ghaolmhair, ar an tsraith nó ar an gcineál, ar an mbliain tógála, ar an innealra nó ar an táirge gaolmhar a chuireann siad ar an margadh nó i seirbhís, eadhon an bhliain inar cuireadh an próiseas monaraíochta i gcrích, agus aon bhaiscuimhir nó sraithuimhir nó aon eilimint eile lena gceadaítear é a shainaithint, nó, i gcás nach féidir é sin a dhéanamh de bharr mhéid nó chineál an innealra nó an táirge ghaolmhair, go soláthrófar an fhaisnéis is gá ar an bpacáistíocht nó i ndoiciméad a ghabhann leis an innealra nó leis an táirge gaolmhar.

6.   Déanfaidh monaróirí a n-ainm, a dtrádainm cláraithe nó a dtrádmharc cláraithe, an seoladh poist agus an suíomh gréasáin, an seoladh ríomhphoist nó teagmháil dhigiteach eile ag ar féidir teagmháil a dhéanamh leo a chur in iúl ar an táirge innealra nó ar an táirge gaolmhar, nó, i gcás nach bhfuil sé sin indéanta, ar a phacáistíocht nó i ndoiciméad a ghabhann leis an innealra nó leis an táirge gaolmhar. Luafar sa seoladh pointe aonair ag ar féidir dul i dteagmháil leis an monaróir. Beidh na sonraí teagmhála i dteanga atá éasca d’úsáideoirí agus d’údaráis um fhaireachas margaidh a thuiscint.

7.   Áiritheoidh monaróirí go mbeidh na treoracha úsáide agus an fhaisnéis a leagtar amach in Iarscríbhinn III ag gabháil leis an innealra nó leis na táirgí gaolmhara. Féadfar na treoracha a chur ar fáil i bhformáid dhigiteach. Tabharfar tuairisc shoiléir sna treoracha agus san fhaisnéis sin ar an múnla táirge dá bhfreagraíonn siad.

Nuair a chuirfear na treoracha úsáide ar fáil i bhformáid dhigiteach, déanfaidh an monaróir an méid seo a leanas:

(a)

marc a chur ar an innealra nó ar an táirge gaolmhar, nó, i gcás nach féidir é sin a dhéanamh, ar an bpacáistíocht nó i ndoiciméad tionlacain, maidir le conas rochtain a fháil ar na treoracha digiteacha;

(b)

iad a chur i láthair i bhformáid a fhágfaidh gur féidir leis an úsáideoir na treoracha úsáide a phriontáil agus a íoslódáil agus iad a shábháil ar fheiste leictreonach ionas gur féidir leis rochtain a fháil orthu i gcónaí, go háirithe nuair a chliseann an t-innealra nó an táirge gaolmhar; beidh feidhm ag an gceanglas sin freisin i gcás ina bhfuil na treoracha úsáide leabaithe i mbogearraí an innealra nó an táirge ghaolmhair;

(c)

iad a dhéanamh inrochtana ar líne le linn shaolré ionchasach an innealra nó an táirge ghaolmhair agus ar feadh 10 mbliana ar a laghad tar éis an t-innealra nó an táirge gaolmhar a chur ar an margadh.

Mar sin féin, arna iarraidh sin don úsáideoir tráth an cheannaigh, cuirfidh an monaróir na treoracha úsáide ar fáil saor in aisce ar páipéar laistigh d’aon mhí amháin.

I gcás innealra nó táirge gaolmhar atá beartaithe d’úsáideoirí neamhghairmiúla nó is féidir le húsáideoirí neamhghairmiúla a úsáid, faoi dhálaí atá measartha intuartha, fiú mura bhfuil sé ceaptha dóibh, soláthróidh an monaróir, ar páipéar, an fhaisnéis sábháilteachta atá riachtanach chun an t-innealra nó an táirge gaolmhar a chur i seirbhís agus chun é a úsáid ar bhealach sábháilte.

Is i dteanga ar féidir leis na húsáideoirí deiridh í a thuiscint go héasca a bheidh na treoracha úsáide, an fhaisnéis sábháilteachta agus an fhaisnéis a leagtar amach in Iarscríbhinn III, teanga arna cinneadh ag an mBallstát lena mbaineann, agus beidh siad soiléir, sothuigthe agus inléite.

8.   Áiritheoidh monaróirí go mbeidh dearbhú comhréireachta AE a leagtar amach in Iarscríbhinn V, Cuid A, ag gabháil leis an innealra nó leis an táirge gaolmhar nó, mar mhalairt air sin, soláthróidh monaróirí an seoladh idirlín nó an cód meaisín-inléite ag ar féidir rochtain a fháil ar an dearbhú comhréireachta AE sin sna treoracha úsáide agus san fhaisnéis a leagtar amach in Iarscríbhinn III.

Déanfar rochtain ar líne ar dhearbhuithe comhréireachta digiteacha AE ar feadh shaolré ionchasach an innealra nó an táirge ghaolmhair agus in aon chás ar feadh 10 mbliana ar a laghad tar éis an t-innealra nó an táirge gaolmhar a chur ar an margadh nó a chur i seirbhís.

9.   Monaróir a mheasann nó a bhfuil cúis acu a chreidiúint nach bhfuil innealra nó táirge gaolmhar atá curtha ar an margadh nó curtha i seirbhís acu i gcomhréir leis an Rialachán seo, déanfaidh siad láithreach na gníomhaíochtaí ceartaitheacha is gá chun an t-innealra nó an táirge gaolmhar sin a thabhairt chun comhréireachta, a tharraingt siar nó a aisghairm, de réir mar is iomchuí. Thairis sin, i gcás ina bhfuil riosca ag baint leis an innealra nó leis an táirge gaolmhar do shláinte nó do shábháilteacht daoine, agus, i gcás inarb iomchuí, d’ainmhithe clóis nó do mhaoin, agus, i gcás inarb infheidhme, don chomhshaol, cuirfidh monaróirí é sin in iúl gan mhoill d’údaráis náisiúnta inniúla na mBallstát inar chuir siad an t-innealra nó an táirge gaolmhar ar fáil ar an margadh nó inar chuir siad i seirbhís é, agus tabharfaidh siad sonraí, go háirithe, faoin neamh-chomhréireacht agus faoi aon ghníomhaíochtaí ceartaitheacha atá déanta.

10.   Mar thoradh ar iarraidh réasúnaithe ó údarás inniúil náisiúnta, cuirfidh monaróirí an fhaisnéis agus an doiciméadacht ar fad is gá chun comhréireacht an innealra nó na dtáirgí gaolmhara leis an Rialachán seo a léiriú ar fáil don údarás sin, ar páipéar nó i bhformáid dhigiteach, i dteanga is féidir leis an údarás sin a thuiscint go héasca. Comhoibreoidh siad i gcomhar leis an údarás sin, ar iarraidh uaidh, maidir le haon ghníomhaíochtaí a dhéanfar chun deireadh a chur leis na rioscaí a bhaineann leis an innealra nó leis na táirgí gaolmhara atá curtha ar an margadh nó atá curtha i seirbhís acu.

Airteagal 11

Oibleagáidí monaróirí innealra pháirtchríochnaithe

1.   Agus innealra páirtchríochnaithe á chur ar an margadh ag monaróirí, áiritheoidh siad gur dearadh agus gur tógadh é i gcomhréir leis na buncheanglais sláinte agus sábháilteachta ábhartha a leagtar amach in Iarscríbhinn III.

2.   Sula gcuirfear innealra páirtchríochnaithe ar an margadh, tarraingeoidh monaróirí suas an doiciméadacht theicniúil a leagtar amach in Iarscríbhinn IV, Cuid B.

I gcás inar léiríodh go gcomhlíonann an t-innealra páirtchríochnaithe na buncheanglais sláinte agus sábháilteachta ábhartha a leagtar síos in Iarscríbhinn III sa doiciméadacht theicniúil a leagtar amach in Iarscríbhinn IV, Cuid B, tarraingeoidh monaróirí suas dearbhú corpraithe AE i gcomhréir le hAirteagal 22.

3.   Déanfaidh monaróirí an doiciméadacht theicniúil agus an dearbhú ionchorpraithe de chuid an Aontais a choinneáil ar fáil do na húdaráis um fhaireachas margaidh go ceann deich mbliana ar a laghad tar éis an t-innealra páirtchríochnaithe a chur ar an margadh. I gcás inarb ábhartha, déanfar an cód foinse nó an loighic ríomhchlárúcháin a áirítear sa doiciméadacht theicniúil a chur ar fáil do na húdaráis náisiúnta inniúla, ar iarraidh réasúnaithe ó na húdaráis sin, i gcás ina bhfuil gá leis an gcód foinseach nó loighic ríomhchlárúcháin sin chun go mbeadh na húdaráis in ann a sheiceáil go bhfuil na buncheanglais sláinte agus sábháilteachta ábhartha a leagtar amach in Iarscríbhinn III á gcomhlíonadh.

4.   Áiritheoidh monaróirí go mbeidh nósanna imeachta i bhfeidhm le go bhfanfaidh innealra páirtchríochnaithe atá ina chuid de tháirgeadh sraithe de bheith i gcomhréir leis an Rialachán seo. Cuirfear san áireamh go leormhaith athruithe ar an bpróiseas táirgthe, nó ar dhearadh nó ar shaintréithe an innealra pháirtchríochnaithe, agus athruithe ar na caighdeáin chomhchuibhithe nó ar shonraíochtaí teicniúla eile, nó ar na sonraíochtaí coiteanna dá dtagraítear in Airteagal 20, ar faoina dtreoir a dhearbhaítear nó a fhíoraítear comhréireacht an innealra pháirtchríochnaithe.

5.   Áiritheoidh monaróirí go mbeidh ar a laghad ainmniú an innealra páirtchríochnaithe a chuireann siad ar an margadh, an bhliain tógála, eadhon an bhliain inar cuireadh an próiseas monaraíochta i gcrích, an tsamhail agus an tsraith nó an cineál agus aon bhaiscuimhir nó sraithuimhir nó aon eilimint eile lenar féidir é a shainaithint, nó, i gcás nach féidir é sin a dhéanamh de bharr mhéid nó chineál an innealra pháirtchríochnaithe, go soláthrófar an fhaisnéis is gá ar an bpacáistíocht nó i ndoiciméad a ghabhann leis an innealra páirtchríochnaithe.

6.   Déanfaidh monaróirí a n-ainm, a dtrádainm cláraithe nó a dtrádmharc cláraithe, agus an seoladh poist agus an suíomh gréasáin, an seoladh ríomhphoist nó teagmháil dhigiteach eile, ag ar féidir teagmháil a dhéanamh leo a chur in iúl ar an innealra páirtchríochnaithe nó, i gcás nach bhfuil sé sin indéanta, ar a phacáistíocht nó i ndoiciméad a ghabhann leis an innealra páirtchríochnaithe. Luafar sa seoladh pointe aonair ag ar féidir dul i dteagmháil leis an monaróir. Beidh na sonraí teagmhála i dteanga is éasca don duine a ionchorpraíonn an t-innealra páirtchríochnaithe san innealra agus do na húdaráis um fhaireachas margaidh í a thuiscint.

7.   Áiritheoidh monaróirí go mbeidh na treoracha cóimeála a leagtar amach in Iarscríbhinn XI ag gabháil leis an innealra páirtchríochnaithe.

Féadfaidh an monaróir na treoracha cóimeála a sholáthar i bhformáid dhigiteach.

Nuair a chuirfear na treoracha cóimeála ar fáil i bhformáid dhigiteach, déanfaidh an monaróir an méid seo a leanas:

(a)

marc a chur ar an innealra páirtchríochnaithe, nó, i gcás nach féidir é sin a dhéanamh, ar a phacáistíocht nó i ndoiciméad a ghabhann leis, conas rochtain a fháil ar na treoracha cóimeála digiteacha;

(b)

iad a chur i láthair i bhformáid lenar féidir leis an duine a ionchorpraíonn an t-innealra páirtchríochnaithe na treoracha cóimeála a phriontáil agus a íoslódáil agus iad a shábháil ar fheiste leictreonach ionas go mbeidh sé nó sí in ann rochtain a fháil orthu i gcónaí, go háirithe le linn cliseadh ar an innealra páirtchríochnaithe; tá feidhm ag an gceanglas seo freisin i gcás ina bhfuil na treoracha cóimeála leabaithe i mbogearraí an innealra pháirtchríochnaithe;

(c)

iad a dhéanamh inrochtana ar líne ar feadh 10 mbliana ar a laghad tar éis an t-innealra páirtchríochnaithe a chur ar an margadh.

Mar sin féin, arna iarraidh sin ag an duine a ionchorpraíonn an t-innealra páirtchríochnaithe tráth an cheannaigh, cuirfidh an monaróir na treoracha cóimeála ar fáil saor in aisce ar páipéar laistigh de mhí amháin.

Is i dteanga ar féidir an duine a ionchorpraíonn an t-innealra páirtchríochnaithe a thuiscint go héasca a bheidh na treoracha cóimeála, teanga arna cinneadh ag an mBallstát lena mbaineann, agus beidh siad soiléir, sothuigthe agus inléite.

8.   Áiritheoidh monaróirí go mbeidh dearbhú corpraithe AE a leagtar amach in Iarscríbhinn V, Cuid B, ag gabháil leis an innealra páirtchríochnaithe nó, de rogha air sin, soláthróidh monaróirí an seoladh idirlín nó an cód meaisín-inléite ag ar féidir rochtain a fháil ar an dearbhú corpraithe AE sin sna treoracha cóimeála a leagtar amach in Iarscríbhinn X.

Beidh rochtain ar líne ar dhearbhuithe corpraithe digiteacha AE ar feadh 10 mbliana ar a laghad tar éis an t-innealra páirtchríochnaithe a chur ar an margadh.

9.   Monaróirí a mheasann nó a bhfuil cúis acu a chreidiúint nach gcomhlíonann an t-innealra páirtchríochnaithe atá curtha ar an margadh acu an Rialachán seo, déanfaidh siad láithreach na gníomhaíochtaí ceartaitheacha is gá chun an t-innealra páirtchríochnaithe sin a thabhairt chun comhréireachta, a tharraingt siar nó a aisghairm, de réir mar is iomchuí. Thairis sin, i gcás ina bhfuil riosca ag baint leis an innealra páirtchríochnaithe maidir leis na buncheanglais sláinte agus sábháilteachta ábhartha, cuirfidh monaróirí é sin in iúl láithreach d’údaráis inniúla náisiúnta na mBallstát inar chuir siad an t-innealra páirtchríochnaithe ar fáil ar an margadh, agus tabharfaidh siad mionsonraí, go háirithe, faoin neamhchomhréireacht agus faoi aon ghníomhaíochtaí ceartaitheacha a rinneadh.

10.   Cuirfidh monaróirí ar fáil, ar páipéar nó i bhformáid dhigiteach, don údarás inniúil náisiúnta a iarrfaidh sin de bhun iarraidh réasúnaithe, an fhaisnéis agus na doiciméid ar fad is gá chun comhréireacht an innealra pháirtchríochnaithe sin leis an Rialachán seo a léiriú, agus sin i dteanga ar féidir leis an údarás í a thuiscint go héasca. Oibreoidh siad i gcomhar leis an údarás sin, arna iarraidh sin dó, maidir le haon ghníomhaíochtaí a dhéanfar chun deireadh a chur leis na rioscaí maidir leis na buncheanglais sláinte agus sábháilteachta ábhartha a bhaineann leis an innealra páirtchríochnaithe, atá curtha ar an margadh acu.

Airteagal 12

Ionadaithe údaraithe

1.   Féadfaidh monaróir táirge a thagann faoi raon feidhme an Rialacháin seo, trí bhíthin sainordú i scríbhinn, ionadaí údaraithe a cheapadh.

Ní bheidh na hoibleagáidí a leagtar síos in Airteagal 10(1) agus Airteagal 11(1) agus an oibleagáid maidir leis an doiciméadacht theicniúil a leagtar amach in Iarscríbhinn IV a dhréachtú mar chuid de shainordú an ionadaí údaraithe.

2.   Is ionadaí údaraithe a dhéanfaidh na cúraimí a shonrófar sa sainordú a gheofar ón monaróir. Ceadófar leis an sainordú don ionadaí údaraithe na nithe seo a leanas a dhéanamh ar a laghad:

(a)

an doiciméadacht theicniúil agus dearbhú comhréireachta AE maidir le hinnealra agus táirgí gaolmhara nó dearbhú corpraithe AE maidir le hinnealra páirtchríochnaithe a choinneáil ar fáil do na húdaráis náisiúnta um fhaireachas margaidh go ceann 10 mbliana ar a laghad tar éis an táirge a chur ar an margadh;

(b)

de thoradh iarraidh réasúnaithe ó údarás inniúil náisiúnta, an fhaisnéis agus an doiciméadacht ar fad is gá a chur ar fáil don údarás sin chun comhréireacht an táirge a thagann faoi raon feidhme an Rialacháin seo a léiriú, ar páipéar nó i bhformáid dhigiteach;

(c)

oibriú i gcomhar leis na húdaráis náisiúnta inniúla, arna iarraidh sin dóibh, maidir le haon ghníomhaíochtaí a dhéantar chun deireadh a chur leis na rioscaí a bhaineann le táirge a thagann faoi raon feidhme an Rialacháin seo a chumhdaítear le sainordú an ionadaí údaraithe.

Airteagal 13

Oibleagáidí allmhaireoirí innealra agus táirgí gaolmhara

1.   Ní chuirfidh allmhaireoirí ach innealra comhlíontach nó táirgí gaolmhara comhlíontacha ar an margadh.

2.   Sula gcuirfear innealra nó táirge gaolmhar ar an margadh, áiritheoidh allmhaireoirí go bhfuil na nósanna imeachta iomchuí um measúnú comhréireachta, dá dtagraítear in Airteagal 25, déanta ag an monaróir. Áiritheoidh siad go bhfuil an doiciméadacht theicniúil a leagtar amach in Iarscríbhinn IV, Cuid A, tarraingthe suas ag an monaróir, go bhfuil marcáil CE dá dtagraítear in Airteagal 23 greamaithe ar an innealra nó ar an táirge gaolmhar agus go bhfuil na doiciméid a cheanglaítear ag gabháil leis agus go bhfuil na ceanglais a leagtar amach in Airteagal 10(5), (6) agus (8) á gcomhlíonadh ag an monaróir.

I gcás ina measann allmhaireoir, nó ina mbíonn cúis acu a mheas, nach bhfuil an t-innealra ná táirge gaolmhar i gcomhréir leis an Rialachán seo, ní chuirfidh an t-allmhaireoir an t-innealra nó an táirge gaolmhar sin ar an margadh go dtí go mbeidh sé tugtha chun comhréireachta. Ina theannta sin, i gcás ina bhfuil riosca ag baint leis an innealra nó an táirge gaolmhar do shláinte nó sábháilteacht daoine i mbaol agus, i gcás inarb iomchuí, tear do shábháilteacht ainmhithe clóis agus slándáil réadmhaoine, agus, i gcás inarb infheidhme, do chosaint an chomhshaoil, cuirfidh an t-allmhaireoir é sin in iúl don mhonaróir agus do na húdaráis um fhaireachas margaidh.

3.   Déanfaidh allmhaireoirí a n-ainm, a dtrádainm cláraithe nó a dtrádmharc cláraithe, agus an seoladh poist agus an suíomh gréasáin, seoladh ríomhphoist nó teagmháil dhigiteach eile, ag ar féidir teagmháil a dhéanamh leo a chur in iúl ar an innealra nó ar an táirge gaolmhar nó, i gcás nach féidir é sin a dhéanamh, ar an bpacáistíocht nó i ndoiciméad a ghabhann leis an innealra nó leis an táirge gaolmhar. Beidh na sonraí teagmhála i dteanga atá éasca d’úsáideoirí agus d’údaráis um fhaireachas margaidh a thuiscint.

4.   Áiritheoidh allmhaireoirí go mbeidh na treoracha úsáide agus an fhaisnéis dá dtagraítear in Airteagal 10(7) ag gabháil leis an innealra nó leis an táirge gaolmhar.

5.   Áiritheoidh allmhaireoirí, fad atá an t-innealra nó an táirge gaolmhar faoina gcúram, nach ndéanfaidh dálaí stórála ná iompair difear dá gcomhréireacht leis na buncheanglais sláinte agus sábháilteachta a leagtar amach in Iarscríbhinn III.

6.   Nuair a mheastar é a bheith iomchuí maidir leis na rioscaí a bhaineann le hinnealra nó le táirge gaolmhar, déanfaidh allmhaireoirí, chun sláinte agus sábháilteacht daoine a chosaint, agus i gcás inarb iomchuí, chun sábháilteacht ainmhithe clóis agus slándáil réadmhaoine, agus, i gcás inarb infheidhme, an comhshaol a chosaint, tástáil shamplach a dhéanamh ar an innealra nó ar tháirgí gaolmhara a chuirtear ar fáil ar an margadh, déanfaidh siad gearáin a imscrúdú agus, más gá, coimeádfaidh siad clár gearán maidir le hinnealra neamhchomhréireach nó táirgí gaolmhara agus innealra nó táirgí gaolmhara a aisghaireadh, agus coinneoidh siad dáileoirí ar an eolas faoi aon fhaireachán den sórt sin.

7.   Allmhaireoirí a mheasann nó a bhfuil cúis acu a chreidiúint nach bhfuil an t-innealra nó an táirge gaolmhar a chuir siad ar an margadh i gcomhréir leis an Rialachán seo, déanfaidh siad láithreach na gníomhaíochtaí ceartaitheacha is gá chun an t-innealra nó an táirge gaolmhar sin a thabhairt chun comhréireachta, a tharraingt siar nó a aisghairm, de réir mar is iomchuí. Thairis sin, i gcás ina mbeidh riosca ag baint leis an innealra nó an táirge gaolmhar do shláinte agus sábháilteacht daoine agus, i gcás inarb iomchuí, do shábháilteacht ainmhithe clóis agus do shlándáil réadmhaoine, agus i gcás inarb infheidhme, do chosaint an chomhshaoil, cuirfidh allmhaireoirí é sin in iúl láithreach d’údaráis náisiúnta inniúla na mBallstát inar chuir siad an t-innealra nó an táirge gaolmhar ar fáil ar an margadh, agus tabharfaidh siad mionsonraí, go háirithe, faoin neamhchomhréireacht agus faoi aon ghníomhaíochtaí ceartaitheacha a rinneadh.

8.   Déanfaidh allmhaireoirí, go ceann 10 mbliana ar a laghad tar éis an t-innealra nó an táirge gaolmhar a chur ar an margadh, cóip den dearbhú comhréireachta AE a choinneáil ar fáil do na húdaráis um fhaireachas margaidh agus áiritheoidh siad gur féidir an doiciméadacht theicniúil a leagtar amach in Iarscríbhinn IV, Cuid A, a chur ar fáil do na húdaráis sin arna iarraidh sin dóibh.

I gcás inarb ábhartha, déanfar an cód foinse nó an loighic ríomhchlárúcháin a áirítear sa doiciméadacht theicniúil a chur ar fáil do na húdaráis náisiúnta inniúla, ar iarraidh réasúnaithe ó na húdaráis sin, i gcás ina bhfuil gá leis an gcód foinseach nó loighic ríomhchlárúcháin sin chun go mbeadh na húdaráis in ann a sheiceáil go bhfuil na buncheanglais sláinte agus sábháilteachta a leagtar amach in Iarscríbhinn III á gcomhlíonadh.

9.   Cuirfidh allmhaireoirí ar fáil, ar páipéar nó i bhformáid dhigiteach, don údarás inniúil náisiúnta a iarrfaidh sin de bhun iarraidh réasúnaithe, an fhaisnéis agus na doiciméid ar fad is gá chun comhréireacht an innealra nó na dtáirgí gaolmhara leis an Rialachán seo a léiriú, agus sin i dteanga ar féidir leis an údarás a thuiscint go héasca. Oibreoidh allmhaireoirí i gcomhar leis an údarás sin, arna iarraidh sin dó, maidir le haon ghníomhaíocht a dhéanfar chun deireadh a chur leis na rioscaí do shláinte agus sábháilteacht daoine agus, i gcás inarb iomchuí, do shábháilteacht ainmhithe clóis, do shlándáil réadmhaoine agus, más infheidhme, do chosaint an chomhshaoil a bhaineann leis an innealra nó táirgí gaolmhara, atá curtha ar an margadh acu.

Airteagal 14

Oibleagáidí allmhaireoirí innealra pháirtchríochnaithe

1.   Ní dhéanfaidh allmhaireoirí ach innealra páirtchríochnaithe comhlíontach a chur ar an margadh.

2.   Sula gcuirfidh siad innealra páirtchríochnaithe ar an margadh, áiritheoidh allmhaireoirí go bhfuil an doiciméadacht theicniúil a leagtar amach in Iarscríbhinn IV, Cuid B, tarraingthe suas ag an monaróir, go bhfuil na doiciméid a cheanglaítear ag gabháil leis an innealra páirtchríochnaithe agus go bhfuil na ceanglais a leagtar amach in Airteagal 11(5), (6) agus (8) á gcomhlíonadh ag an monaróir.

I gcás ina measann allmhaireoir, nó ina mbíonn cúis aige a mheas, nach bhfuil an t-innealra páirtchríochnaithe i gcomhréir leis an Rialachán seo, ní chuirfidh an t-allmhaireoir an t-innealra páirtchríochnaithe sin ar an margadh go dtí go mbeidh sé tugtha chun comhréireachta. Ina theannta sin, i gcás ina bhfuil riosca ag baint leis an innealra páirtchríochnaithe do shláinte an duine, na n-ainmhithe nó na bplandaí, nó don tsábháilteacht nó don chomhshaol, cuirfidh an t-allmhaireoir é sin in iúl don mhonaróir agus do na húdaráis um fhaireachas margaidh.

3.   Déanfaidh allmhaireoirí a n-ainm, a dtrádainm cláraithe nó a dtrádmharc cláraithe, an seoladh poist agus an seoladh ríomhphoist ag ar féidir teagmháil a dhéanamh leo a chur in iúl ar an táirge innealra nó, i gcás nach mbeidh sé sin indéanta, ar phacáistíocht an táirge innealra nó ar dhoiciméad a ghabhann leis an táirge innealra. Beidh na sonraí teagmhála i dteanga is éasca don duine a ionchorpraíonn an t-innealra páirtchríochnaithe agus na húdaráis um fhaireachas margaidh a thuiscint.

4.   Áiritheoidh allmhaireoirí go mbeidh na treoracha cóimeála dá dtagraítear in Airteagal 11(7) ag gabháil leis an innealra páirtchríochnaithe.

5.   Áiritheoidh allmhaireoirí, fad is atá an t-innealra páirtchríochnaithe faoina gcúram, nach ndéanfaidh dálaí stórála ná iompair difear dá gcomhréireacht leis na buncheanglais sláinte agus sábháilteachta ghaolmhara a leagtar amach in Iarscríbhinn III.

6.   Allmhaireoirí, a mheasann nó a bhfuil cúis acu a chreidiúint nach bhfuil an t-innealra páirtchríochnaithe atá curtha ar an margadh acu i gcomhréir leis an Rialachán seo, déanfaidh siad láithreach na gníomhaíochtaí ceartaitheacha is gá chun an t-innealra páirtchríochnaithe sin a thabhairt chun comhréireachta, a tharraingt siar nó a aisghairm, de réir mar is iomchuí. Thairis sin, i gcás ina mbeidh riosca ag baint leis an innealra páirtchríochnaithe maidir le buncheanglais sláinte agus sábháilteachta ábhartha, cuirfidh allmhaireoirí é sin in iúl gan mhoill d’údaráis náisiúnta inniúla na mBallstát inar chuir siad an táirge innealra ar fáil ar an margadh, agus tabharfaidh siad sonraí, go háirithe, faoin neamh-chomhréireacht agus faoi aon bheart ceartaitheach atá déanta.

7.   Coinneoidh allmhaireoirí, ar feadh 10 mbliana ar a laghad tar éis an t-innealra páirtchríochnaithe a chur ar an margadh, cóip den dhearbhú corpraithe AE ar fáil do na húdaráis um fhaireachas margaidh agus áiritheoidh siad gur féidir an doiciméadacht theicniúil a leagtar amach in Iarscríbhinn IV, Cuid B a chur ar fáil do na húdaráis sin arna iarraidh sin.

8.   Cuirfidh allmhaireoirí ar fáil, ar páipéar nó i bhformáid dhigiteach, don údarás inniúil náisiúnta a iarrfaidh sin de bhun iarraidh réasúnaithe, an fhaisnéis agus na doiciméid ar fad is gá chun comhréireacht an innealra pháirtchríochnaithe leis an Rialachán seo a léiriú, agus sin i dteanga is féidir leis an údarás a thuiscint go héasca. Comhoibreoidh allmhaireoirí leis an údarás sin, arna iarraidh sin dó, maidir le haon ghníomhaíocht a dhéanfar chun deireadh a chur leis na rioscaí i ndáil leis na buncheanglais sláinte agus sábháilteachta a bhaineann le hinnealra páirtchríochnaithe atá curtha ar an margadh acu.

Airteagal 15

Oibleagáidí dáileoirí innealra agus táirgí gaolmhara

1.   Agus an t-innealra nó táirge gaolmhar á gcur ar fáil ar an margadh, gníomhóidh dáileoirí leis an gcúram is cuí maidir le ceanglais an Rialacháin seo.

2.   Sula gcuirfidh dáileoirí an t-innealra nó táirge gaolmhar ar fáil ar an margadh, fíoróidh siad an méid seo a leanas:

(a)

go bhfuil marcáil CE ar an innealra nó an táirge gaolmhar;

(b)

go bhfuil dearbhú comhréireachta AE dá dtagraítear in Airteagal 10(8) ag gabháil leis an innealra nó leis an táirge gaolmhar;

(c)

go bhfuil na treoracha úsáide agus an fhaisnéis dá dtagraítear in Airteagal 10(7) ag gabháil leis an innealra nó leis an táirge gaolmhar, agus go bhfuil siad i dteanga ar féidir le húsáideoirí a thuiscint go héasca, teanga arna cinneadh ag an mBallstát ina gcuirfear an t-innealra nó an táirge gaolmhar ar fáil ar an margadh;

(d)

gur chomhlíon an monaróir agus an t-allmhaireoir na ceanglais dá dtagraítear in Airteagal 10(5) agus (6) agus in Airteagal 13(3) faoi seach.

3.   I gcás ina measann dáileoir, nó ina mbíonn cúis aige a mheas, nach bhfuil an t-innealra nó táirge gaolmhar i gcomhréir leis an Rialachán seo, ní chuirfidh an dáileoir an t-innealra nó táirge gaolmhar sin ar an margadh go dtí go mbeidh sé tugtha chun comhréireachta. Thairis sin, i gcás ina bhfuil riosca ag baint leis an innealra nó leis an táirge gaolmhar do shláinte agus do shábháilteacht daoine agus, i gcás inarb iomchuí, do shábháilteacht ainmhithe clóis agus do shlándáil réadmhaoine agus, i gcás inarb infheidhme, don chomhshaol, cuirfidh an dáileoir é sin in iúl don mhonaróir nó don allmhaireoir agus do na húdaráis um fhaireachas margaidh.

4.   Áiritheoidh dáileoirí, fad is atá an t-innealra nó táirge gaolmhar faoina gcúram, nach gcuirfidh dálaí stórála ná iompair comhréireacht an innealra ná an táirge ghaolmhair sin leis na buncheanglais sláinte agus sábháilteachta is infheidhme a leagtar amach in Iarscríbhinn III i mbaol.

5.   Dáileoirí a mheasann nó a bhfuil cúis acu a chreidiúint nach bhfuil innealra nó táirge gaolmhar a chuir siad ar an margadh i gcomhréir leis an Rialachán seo, áiritheoidh siad go ndéanfar na gníomhaíochtaí ceartaitheacha is gá chun an t-innealra nó an táirge gaolmhar sin a thabhairt chun comhréireachta, a tharraingt siar nó a aisghairm, de réir mar is iomchuí. Thairis sin, i gcás ina mbeidh riosca ag baint leis an innealra nó an táirge gaolmhar do shláinte agus sábháilteacht daoine agus, i gcás inarb iomchuí, do shábháilteacht ainmhithe clóis agus do shlándáil réadmhaoine, agus i gcás inarb infheidhme, do chosaint an chomhshaoil, cuirfidh allmhaireoirí é sin in iúl láithreach d’údaráis náisiúnta inniúla na mBallstát inar chuir siad an t-innealra nó an táirge gaolmhar ar fáil ar an margadh, agus tabharfaidh siad mionsonraí chuige sin faoin neamhchomhréireacht agus faoi aon ghníomhaíochtaí ceartaitheacha a rinneadh.

6.   Cuirfidh dáileoirí ar fáil, ar páipéar nó i bhformáid dhigiteach, don údarás inniúil náisiúnta a iarrfaidh sin de bhun iarraidh réasúnaithe, an fhaisnéis agus na doiciméid ar fad is gá chun comhréireacht an innealra nó an táirge ghaolmhair leis an Rialachán seo a léiriú, agus sin i dteanga ar féidir leis an údarás a thuiscint go héasca. Comhoibreoidh siad leis an údarás sin, arna iarraidh sin dó, maidir le haon ghníomhaíocht a dhéanfar chun deireadh a chur leis na rioscaí do shláinte agus do shábháilteacht daoine agus, i gcás inarb iomchuí, do shábháilteacht ainmhithe clóis, do shlándáil réadmhaoine agus, más infheidhme, don chomhshaol a bhaineann leis an innealra nó leis an táirge gaolmhar atá curtha ar fáil ar an margadh acu.

Airteagal 16

Oibleagáidí dáileoirí innealra pháirtchríochnaithe.

1.   Agus innealra páirtchríochnaithe á chur ar fáil ar an margadh, gníomhóidh dáileoirí leis an gcúram is cuí maidir le ceanglais an Rialacháin seo.

2.   Sula gcuirfidh dáileoirí innealra páirtchríochnaithe ar fáil ar an margadh, fíoróidh siad an méid seo a leanas:

(a)

go bhfuil dearbhú corpraithe AE dá dtagraítear in Airteagal 11(8) ag gabháil leis an innealra páirtchríochnaithe;

(b)

go bhfuil na treoracha cóimeála dá dtagraítear in Airteagal 11(7) ag gabháil leis an innealra páirtchríochnaithe, agus go bhfuil siad i dteanga ar féidir leis an duine a ionchorpraíonn an t-innealra páirtchríochnaithe í a thuiscint go héasca, teanga arna cinneadh ag an mBallstát ina gcuirfear an t-innealra páirtchríochnaithe ar fáil ar an margadh;

(c)

gur chomhlíon an monaróir agus an t-allmhaireoir na ceanglais dá dtagraítear in Airteagal 11(5) agus (6) agus in Airteagal 14(3) faoi seach.

3.   Dáileoir a mheasann, nó a bhfuil cúis aige a chreidiúint, nach bhfuil an t-innealra páirtchríochnaithe i gcomhréir leis an Rialachán seo, ní chuirfidh an dáileoir an t-innealra páirtchríochnaithe sin ar an margadh go dtí go mbeidh sé tugtha chun comhréireachta. Ina theannta sin, i gcás ina bhfuil riosca ag baint leis an innealra páirtchríochnaithe maidir le buncheanglais sláinte agus sábháilteachta ábhartha, cuirfidh an dáileoir é sin in iúl don mhonaróir nó don allmhaireoir agus do na húdaráis um fhaireachas margaidh.

4.   Áiritheoidh dáileoirí, fad is atá innealra páirtchríochnaithe faoina gcúram, nach gcuirfidh dálaí stórála ná iompair comhréireacht an innealra pháirtchríochnaithe sin leis na buncheanglais sláinte agus sábháilteachta is infheidhme a leagtar amach in Iarscríbhinn III i mbaol.

5.   Dáileoirí a mheasann nó a bhfuil cúis acu a chreidiúint nach bhfuil an t-innealra páirtchríochnaithe atá curtha ar an margadh acu i gcomhréir leis an Rialachán seo, áiritheoidh siad go ndéanfar na gníomhaíochtaí ceartaitheacha is gá chun an t-innealra páirtchríochnaithe sin a thabhairt chun comhréireachta, a tharraingt siar nó a aisghairm, de réir mar is iomchuí. Thairis sin, i gcás ina bhfuil riosca ag baint leis an innealra páirtchríochnaithe maidir leis na buncheanglais sláinte agus sábháilteachta ábhartha, cuirfidh dáileoirí údaráis inniúla náisiúnta na mBallstát inar chuir siad an t-innealra páirtchríochnaithe ar fáil ar an margadh ar an eolas láithreach ina thaobh sin, agus tabharfaidh siad mionsonraí, go háirithe, faoin neamhchomhréireacht agus faoi aon ghníomhaíochtaí ceartaitheacha a rinneadh.

6.   De bhun iarraidh réasúnaithe ó údarás inniúil náisiúnta, cuirfidh dáileoirí ar fáil don údarás sin, ar páipéar nó i bhformáid dhigiteach, an fhaisnéis agus na doiciméid ar fad is gá chun comhréireacht an innealra pháirtchríochnaithe leis an Rialachán seo a léiriú. Oibreoidh siad i gcomhar leis an údarás sin, arna iarraidh sin dó, maidir le haon ghníomhaíocht a dhéanfar chun deireadh a chur leis na rioscaí i ndáil leis na buncheanglais sláinte agus sábháilteachta a bhaineann leis an innealra páirtchríochnaithe atá curtha ar fáil ar an margadh acu.

Airteagal 17

Cásanna ina mbaineann oibleagáidí monaróirí le hallmhaireoirí agus le dáileoirí

Déanfar allmhaireoir nó dáileoir a mheas mar mhonaróir chun críocha an Rialacháin seo, agus beidh sé faoi réir oibleagáidí an mhonaróra a leagtar amach in Airteagail 10 agus in Airteagal 11, i gcás ina gcuireann an t-allmhaireoir nó an dáileoir sin táirge a thagann faoi raon feidhme an Rialacháin seo ar an margadh faoina ainm nó faoina trádmharc, nó i gcás ina modhnaíonn sé táirge a cuireadh ar an margadh cheana sa chaoi go bhféadfaí difear a dhéanamh do chomhlíonadh na gceanglas is infheidhme.

Airteagal 18

Cásanna eile ina bhfuil feidhm ag oibleagáidí monaróirí

Déanfar duine nádúrtha nó dlítheanach a dhéanann modhnú substaintiúil ar innealra nó ar tháirge gaolmhar a mheas mar mhonaróir é nó í chun críocha an Rialacháin seo agus beidh sé nó sí faoi réir oibleagáidí an mhonaróra a leagtar amach in Airteagal 10 maidir leis an innealra sin nó leis an táirge gaolmhar sin nó, mura bhfuil tionchar ag an modhnú substaintiúil ach ar shábháilteacht innealra nó táirge gaolmhar ar cuid de chóimeáil innealra é, don innealra nó don táirge gaolmhar sin a ndearnadh difear dó, mar a léirítear sa mheasúnú riosca.

Déanfaidh an duine a dhéanann an modhnú substaintiúil go háirithe, ach gan dochar d’oibleagáidí eile a leagtar amach in Airteagal 10, a áirithiú agus a dhearbhú ar a fhreagracht féin amháin go bhfuil an t-innealra nó an táirge gaolmhar lena mbaineann i gcomhréir le ceanglais infheidhme an Rialacháin seo, agus cuirfidh sé i bhfeidhm an nós imeachta ábhartha um measúnú comhréireachta dá bhforáiltear in Airteagal 25 (2), (3) agus (4) den Rialachán seo.

Maidir le húsáideoir neamhghairmiúil a dhéanann modhnú substaintiúil ar a innealra nó ar a tháirge gaolmhar, lena úsáid nó a húsáid féin, ní mheasfar gur monaróir é nó í chun críocha an Rialacháin seo agus ní bheidh sé nó sí faoi réir na n-oibleagáidí atá ar an monaróir a leagtar amach in Airteagal 10.

Airteagal 19

Sainaithint oibreoirí eacnamaíocha

1.   Sainaithneoidh oibreoirí eacnamaíocha, arna iarraidh sin, an méid seo a leanas do na húdaráis um fhaireachas margaidh:

(a)

aon oibreoir eacnamaíoch a sholáthair táirge dóibh faoi raon feidhme an Rialacháin seo;

(b)

aon oibreoir eacnamaíoch ar sholáthair siad táirge dó nó di a thagann faoi raon feidhme an Rialacháin seo.

2.   Ionas go mbeidh siad in ann an oibleagáid i mír 1 a chomhlíonadh, coinneoidh oibreoirí eacnamaíocha an fhaisnéis dá dtagraítear sa mhír sin ar feadh 10 mbliana ar a laghad tar éis dóibh na táirgí a thagann faoi raon feidhme an Rialacháin seo a sholáthar nó a fháil.

CAIBIDIL III

COMHRÉIREACHT TÁIRGÍ A THAGANN FAOI RAON FEIDHME AN RIALACHÁIN SEO

Airteagal 20

Toimhde comhréireachta táirgí a thagann faoi raon feidhme an Rialacháin seo

1.   Táirge a thagann faoi raon feidhme an Rialacháin seo agus atá i gcomhréir leis na caighdeáin chomhchuibhithe, nó le codanna díobh, ar foilsíodh a dtagairtí in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh, toimhdeofar go bhfuil sé i gcomhréir leis na buncheanglais sláinte agus sábháilteachta a leagtar amach in Iarscríbhinn III a chumhdaítear leis na caighdeáin sin nó ag codanna díobh.

2.   Iarrfaidh an Coimisiún, mar a fhoráiltear in Airteagal 10(1) de Rialachán (AE) Uimh. 1025/2012, ar cheann amháin nó níos mó d’eagraíochtaí Eorpacha um chaighdeánú caighdeáin chomhchuibhithe a dhréachtú le haghaidh na mbuncheanglas sláinte agus sábháilteachta a leagtar amach in Iarscríbhinn III.

3.   Féadfaidh an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme a ghlacadh lena mbunaítear sonraíochtaí coiteanna lena gcumhdaítear ceanglais theicniúla lena dtugtar modh chun na buncheanglais sláinte agus sábháilteachta a leagtar amach in Iarscríbhinn III a chomhlíonadh le haghaidh táirgí a thagann faoi raon feidhme an Rialacháin seo.

Ní ghlacfar na gníomhartha cur chun feidhme sin ach amháin i gcás ina gcomhlíontar na coinníollacha seo a leanas:

(a)

go bhfuil iarrtha ag an gCoimisiún, de bhun Airteagal 10(1) de Rialachán (AE) Uimh. 1025/2012, ar cheann amháin nó níos mó de na heagraíochtaí Eorpacha um chaighdeánú caighdeán comhchuibhithe a dhréachtú do na buncheanglais sláinte agus sábháilteachta a leagtar amach in Iarscríbhinn III agus:

(i)

nach bhfuil glactha leis an iarraidh; nó

(ii)

nach ndéantar na caighdeáin chomhchuibhithe lena dtugtar aghaidh ar an iarraidh sin a sholáthar laistigh den sprioc-am a leagtar síos i gcomhréir le hAirteagal 10(1) de Rialachán (AE) Uimh. 1025/2012; nó

(iii)

nach gcomhlíonann na caighdeáin chomhchuibhithe an iarraidh; agus

(b)

nach bhfuil aon tagairt do chaighdeáin chomhchuibhithe lena gcumhdaítear na buncheanglais sláinte agus sábháilteachta ábhartha a leagtar amach in Iarscríbhinn III foilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 1025/2012 agus nach meastar go bhfoilseofar tagairt den sórt sin laistigh de thréimhse réasúnta.

Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 48(3).

4.   Sula n-ullmhóidh an Coimisiún an dréachtghníomh cur chun feidhme dá dtagraítear i mír 3, cuirfidh sé in iúl don choiste dá dtagraítear in Airteagal 22 de Rialachán (AE) Uimh. 1025/2012 go measann sé gur comhlíonadh na coinníollacha i mír 3.

5.   Agus an dréachtghníomh cur chun feidhme dá dtagraítear i mír 3 á ullmhú, cuirfidh an Coimisiún tuairimí na gcomhlachtaí ábhartha nó an ghrúpa saineolaithe san áireamh agus rachaidh sé i gcomhairle go cuí leis na geallsealbhóirí ábhartha uile.

6.   Táirge a thagann faoi raon feidhme an Rialacháin seo agus atá i gcomhréir leis na sonraíochtaí coiteanna arna mbunú le gníomhartha cur chun feidhme dá dtagraítear i mír 3, nó codanna díobh, toimhdeofar go bhfuil sé i gcomhréir leis na buncheanglais sláinte agus sábháilteachta a leagtar amach in Iarscríbhinn III agus a chumhdaítear leis na sonraíochtaí coiteanna sin nó le codanna díobh.

7.   I gcás ina nglacfaidh eagraíocht Eorpach um chaighdeánú caighdeán comhchuibhithe agus ina molfar don Choimisiún é chun a thagairt a fhoilsiú in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh, déanfaidh an Coimisiún measúnú ar an gcaighdeán comhchuibhithe i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 1025/2012. Nuair a fhoilseofar tagairt do chaighdeán comhchuibhithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh, aisghairfidh an Coimisiún na gníomhartha cur chun feidhme dá dtagraítear i mír 3, nó codanna díobh lena gcumhdaítear na buncheanglais sláinte agus sábháilteachta chéanna nó iad siúd a chumhdaítear leis an gcaighdeán comhchuibhithe sin.

8.   Nuair a mheasann Ballstát nach gcomhlíonann sonraíocht choiteann na buncheanglais sláinte agus sábháilteachta a leagtar amach in Iarscríbhinn III ina n-iomláine, cuirfidh sé an Coimisiún ar an eolas faoi sin trí mhíniú mionsonraithe a thíolacadh. Déanfaidh an Coimisiún measúnú ar an míniú mionsonraithe sin agus féadfaidh sé, i gcás inarb iomchuí, an gníomh cur chun feidhme lena mbunaítear an tsonraíocht choiteann atá i gceist a leasú.

9.   Toimhdeofar go bhfuil an t-innealra agus na táirgí gaolmhara a deimhníodh nó ar eisíodh ráiteas comhréireachta ina leith faoi scéim um dheimhniú cibearshlándála arna glacadh i gcomhréir le Rialachán (AE) 2019/881 ar foilsíodh a dtagairtí in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh, i gcomhréir leis na buncheanglais sláinte agus sábháilteachta a leagtar amach in Iarscríbhinn III, ranna 1.1.9 agus 1.2.1, a mhéid a bhaineann le cosaint i gcoinne éillithe agus sábháilteachta agus iontaofacht na gcóras rialaithe a mhéid a chumhdaítear go dtí seo leis an deimhniú cibearshlándála nó leis an ráiteas comhréireachta nó le codanna de na ceanglais sin.

Airteagal 21

Dearbhú corpraithe AE maidir le hinnealra agus táirgí gaolmhara

1.   Sonrófar i ndearbhú comhréireachta AE gur léiríodh go bhfuil na buncheanglais sláinte agus sábháilteachta is infheidhme a leagtar amach in Iarscríbhinn III á gcomhlíonadh.

2.   Leanfaidh dearbhú comhréireachta AE an struchtúr samplach a leagtar amach in Iarscríbhinn V, Cuid A, agus áireofar ann na gnéithe a shonraítear sna modúil ábhartha a leagtar amach in Iarscríbhinní VI, VIII, IX agus X. Déanfar é a thabhairt cothrom le dáta ar bhonn leanúnach agus aistreofar é go dtí an teanga nó go dtí na teangacha a éilíonn an Ballstát ina ndéantar an t-innealra nó an táirge gaolmhar a chur ar an margadh, ina gcuirtear ar fáil ar an margadh é nó ina gcuirtear i seirbhís é.

3.   I gcás ina mbeidh an t-innealra nó an táirge gaolmhar faoi réir gníomh dlí amháin nó níos mó de chuid an Aontais a éilíonn dearbhú comhréireachta AE, déanfar dearbhú comhréireachta aonair AE a tharraingt suas maidir le gach gníomh den sórt sin. Beidh sainaithint na ngníomhartha dlí de chuid an Aontais lena mbaineann sa dearbhú, lena n-áirítear a dtagairtí foilseacháin.

4.   Le dréachtú dhearbhú comhréireachta AE, gabhfaidh an monaróir freagracht chuige féin as an innealra nó an táirge gaolmhar a bheith i gcomhréir leis na ceanglais a leagtar síos sa Rialachán seo.

Airteagal 22

Dearbhú corpraithe AE maidir le hinnealra páirtchríochnaithe

1.   Sonrófar i ndearbhú corpraithe AE gur léiríodh go bhfuil na buncheanglais sláinte agus sábháilteachta ábhartha a leagtar amach in Iarscríbhinn III á gcomhlíonadh.

2.   Beidh struchtúr na samhla a leagtar amach in Iarscríbhinn V, Cuid B, ag dearbhú corpraithe AE. Déanfar é a thabhairt cothrom le dáta ar bhonn leanúnach agus aistreofar é go dtí an teanga nó go dtí na teangacha a éilíonn an Ballstát ina ndéantar an t-innealra páirtchríochnaithe a chur ar an margadh nó ina gcuirtear ar fáil ar an margadh é.

3.   I gcás ina mbeidh innealra páirtchríochnaithe faoi réir níos mó ná gníomh dlí amháin de chuid an Aontais lena gceanglaítear dearbhú comhréireachta AE, áireofar i ndearbhú corpraithe AE abairt lena ndearbhaítear comhréireacht leis na gníomhartha sin. Beidh sainaithint na ngníomhartha dlí de chuid an Aontais lena mbaineann sa dearbhú, lena n-áirítear a dtagairtí foilseacháin.

4.   Le dréachtú dhearbhú corpraithe AE, gabhfaidh an monaróir freagracht chuige féin as an innealra páirtchríochnaithe a bheith i gcomhréir leis na ceanglais a leagtar síos sa Rialachán seo.

Airteagal 23

Prionsabail ghinearálta mharcáil CE

Beidh marcáil CE faoi réir na bprionsabal ginearálta a leagtar amach in Airteagal 30 de Rialachán (CE) Uimh. 765/2008.

Airteagal 24

Rialacha maidir le marcáil CE a ghreamú ar innealra agus ar tháirgí gaolmhara

1.   Greamófar marcáil CE go sofheicthe, go hinléite agus go doscriosta ar innealra nó ar tháirge gaolmhar. Mura féidir é sin a dhéanamh nó mura bhfuil gá leis mar gheall ar chineál an innealra nó an táirge ghaolmhair, greamófar ar an bpacáistíocht é agus ar na doiciméid a ghabhann leis an innealra nó an táirge gaolmhar.

2.   Greamófar marcáil CE sula gcuirfear an t-innealra nó an táirge gaolmhar ar an margadh nó i seirbhís.

3.   I gcás ina ndéantar measúnú ar chomhréireacht innealra nó táirge gaolmhar i gcomhréir leis an nós imeachta um measúnú comhréireachta dá dtagraítear in Airteagal 25(2), pointí (a) agus, (b) agus (c) agus in Airteagal 25(3), pointí (b), (c), agus (d), beidh uimhir aitheantais an chomhlachta faoina dtugtar fógra atá bainteach leis an nós imeachta sin i ndiaidh mharcáil CE.

Is é an comhlacht féin a ghreamóidh uimhir aitheantais an chomhlachta faoina dtugtar fógra, sin nó an monaróir nó ionadaí údaraithe an mhonaróra, ach treoir chuige sin a fháil ón gcomhlacht sin.

4.   Féadfar picteagram nó aon mharcáil eile lena léirítear riosca nó úsáid ar leith a chur i ndiaidh mharcáil CE agus, i gcás inarb infheidhme, uimhir aitheantais an chomhlachta faoina dtugtar fógra.

5.   Forbróidh na Ballstáit na sásraí atá ann cheana lena áirithiú go gcuirfear an córas lena rialaítear marcáil CE i bhfeidhm i gceart agus gníomhóidh siad go hiomchuí i gcás ina mbainfear úsáid mhíchuí as an marcáil sin.

CAIBIDIL IV

MEASÚNÚ COMHRÉIREACHTA

Airteagal 25

Nósanna imeachta um measúnú comhréireachta le haghaidh innealra agus táirgí gaolmhara

1.   Déanfaidh an monaróir nó an duine nádúrtha nó dlítheanach dá dtagraítear in Airteagal 18 ceann de na nósanna imeachta um measúnú comhréireachta dá dtagraítear i míreanna 2, 3 agus 4 a chur i bhfeidhm.

2.   I gcás ina liostaítear an chatagóir innealra nó táirge ghaolmhair in Iarscríbhinn I, Cuid A, cuirfidh an monaróir nó an duine nádúrtha nó dlítheanach dá dtagraítear in Airteagal 18 ceann de na nósanna imeachta seo a leanas i bhfeidhm:

(a)

cineálscrúdú AE (modúl B) a leagtar amach in Iarscríbhinn VII, de réir cineál-chomhréireacht bunaithe ar rialú táirgthe inmheánach (modúl C) a leagtar amach in Iarscríbhinn VIII;

(b)

an nós imeachta comhréireachta arna bhunú ar dhearbhú cáilíochta iomlán (modúl H), a leagtar amach in Iarscríbhinn IX.

(c)

an nós imeachta comhréireachta arna bhunú ar fhíorú aonaid (modúl G), a leagtar amach in Iarscríbhinn X.

3.   I gcás ina liostaítear an chatagóir innealra nó táirge ghaolmhair in Iarscríbhinn I, Cuid B, cuirfidh an monaróir nó an duine nádúrtha nó dlítheanach dá dtagraítear in Airteagal 18 ceann de na nósanna imeachta seo a leanas i bhfeidhm:

(a)

an nós imeachta um rialú inmheánach táirgthe (modúl A) a leagtar amach in Iarscríbhinn VI;

(b)

cineálscrúdú AE (modúl B) a leagtar amach in Iarscríbhinn VII de réir cineál-chomhréireacht bunaithe ar rialú inmheánach táirgthe (modúl C) a leagtar amach in Iarscríbhinn VIII;

(c)

an nós imeachta comhréireachta arna bhunú ar dhearbhú cáilíochta iomlán (modúl H), a leagtar amach in Iarscríbhinn IX.

(d)

an nós imeachta comhréireachta arna bhunú ar fhíorú aonaid (modúl G), a leagtar amach in Iarscríbhinn X;

Má chuireann monaróir an nós imeachta um rialú inmheánach táirgthe dá dtagraítear i bpointe (a) i bhfeidhm, déanfaidh sé nó sí an t-innealra nó an táirge gaolmhar a dhearadh agus a thógáil i gcomhréir leis na caighdeáin nó leis na sonraíochtaí coiteanna comhchuibhithe a bhaineann go sonrach leis an gcatagóir innealra sin nó leis an gcatagóir táirge ghaolmhair sin lena gcumhdaítear na buncheanglais sláinte agus sábháilteachta uile.

I gcás ina liostaítear an chatagóir innealra nó an chatagóir táirge ghaolmhair in Iarscríbhinn I, Cuid B, agus nár dearadh ná nár tógadh an t-innealra ná an táirge gaolmhar i gcomhréir leis na caighdeáin nó leis na sonraíochtaí coiteanna comhchuibhithe a bhaineann go sonrach leis an gcatagóir innealra sin nó leis an gcatagóir táirge ghaolmhair sin, lena gcumhdaítear na buncheanglais sláinte agus sábháilteachta ábhartha uile do catagóir an innealra sin nó an táirge ghaolmhair sin, cuirfidh an monaróir, lena n-áirítear duine nádúrtha nó dlítheanach dá dtagraítear in Airteagal 18 ceann de na nósanna imeachta dá dtagraítear i pointí (b), (c) nó (d) den mhír seo i bhfeidhm.

4.   I gcás nach liostaítear an chatagóir innealra nó an chatagóir táirge ghaolmhair in Iarscríbhinn I, cuirfidh an monaróir, lena n-áirítear duine nádúrtha nó dlítheanach dá dtagraítear in Airteagal 18, an nós imeachta um rialú inmheánach táirgthe (modúl A) a leagtar amach in Iarscríbhinn VI i bhfeidhm.

5.   Comhlachtaí faoina dtugtar fógra, cuirfidh siad leasanna agus riachtanais shonracha ag fiontair bheaga agus mheánmhéide san áireamh nuair a bheidh na táillí le haghaidh measúnú comhréireachta á socrú acu.

CAIBIDIL V

FÓGRA A THABHAIRT MAIDIR LE COMHLACHTAÍ UM MEASÚNÚ COMHRÉIREACHTA

Airteagal 26

Fógra a thabhairt

Tabharfaidh na Ballstáit fógra don Choimisiún agus do na Ballstáit eile maidir le comhlachtaí atá údaraithe chun cúraimí tríú páirtí um measúnú comhréireachta a dhéanamh i gcomhréir leis an Rialachán sin.

Airteagal 27

Na húdaráis a thugann fógra

1.   Ainmneoidh na Ballstáit údarás a thugann fógra a bheidh freagrach as na nósanna imeachta is gá a bhunú agus a dhéanamh maidir le measúnú ar chomhlachtaí um measúnú comhréireachta agus a bheidh freagrach as fógra a thabhairt dóibh agus as faireachán a dhéanamh ar chomhlachtaí faoina dtugtar fógra, lena n-áirítear comhlíonadh Airteagal 32.

2.   Féadfaidh na Ballstáit a chinneadh go ndéanfaidh comhlacht creidiúnaithe náisiúnta, mar a shainmhínítear i Rialachán (CE) Uimh. 765/2008 é, an measúnú agus an faireachán dá dtagraítear i mír 1 i gcomhréir leis an Rialachán sin.

3.   I gcás ina dtarmligeann an t-údarás a thugann fógra an measúnú, an fógra, nó an faireachán dá dtagraítear i mír 1 chun comhlachta nach eintiteas rialtais é, nó i gcás ina gcuireann sé, ar shlí eile, ar iontaoibh comhlachta nach eintiteas rialtais é, beidh an comhlacht sin ina eintiteas dlíthiúil agus comhlíonfaidh sé mutatis mutandis na ceanglais a leagtar síos in Airteagal 28. Ina theannta sin, beidh socruithe i bhfeidhm ag an gcomhlacht sin chun dliteanais a eascraíonn as a chuid gníomhaíochtaí a chumhdach.

4.   Glacfaidh an t-údarás a thugann fógra freagracht iomlán as na cúraimí a dhéanann an comhlacht dá dtagraítear i mír 3.

Airteagal 28

Na ceanglais i dtaca leis na húdaráis a thugann fógra

1.   Bunófar údarás a thugann fógra ar dhóigh nach mbeidh aon choinbhleacht leasa ann leis na comhlachtaí um measúnú comhréireachta.

2.   Beidh údarás a thugann fógra eagraithe agus déanfar é a oibriú ar dhóigh a chaomhnóidh oibiachtúlacht agus neamhchlaontacht a chuid gníomhaíochtaí.

3.   Eagrófar údarás a thugann fógra ar bhealach a áiritheoidh gur daoine inniúla, nach ionann iad agus na daoine a rinne an measúnú, a dhéanfaidh gach aon chinneadh a bhaineann le fógra a thabhairt faoi chomhlacht um measúnú comhréireachta.

4.   Ní thairgfidh ná ní sholáthróidh údarás a thugann fógra aon ghníomhaíochtaí a dhéanann comhlachtaí um measúnú comhréireachta, ná ní thairgfidh sé ná ní sholáthróidh sé seirbhísí comhairliúcháin ar bhonn tráchtála ná ar bhonn iomaíoch.

5.   Coimirceoidh údarás a thugann fógra rúndacht na faisnéise a fhaigheann sé.

6.   Beidh a dhóthain ball foirne inniúil ar fáil don údarás a thugann fógra le go bhféadfaidh sé a chuid cúraimí a dhéanamh mar is cuí.

Airteagal 29

Ceanglais faisnéise na n-údarás a thugann fógra

Cuirfidh na Ballstáit an Coimisiún ar an eolas faoina nósanna imeachta chun measúnú a dhéanamh ar chomhlachtaí um measúnú comhréireachta, maidir le fógra a thabhairt do na comhlachtaí sin agus maidir le faireachán a dhéanamh ar chomhlachtaí faoina dtugtar fógra, agus faoi aon athrú ar aon cheann acu sin.

Cuirfidh an Coimisiún an fhaisnéis sin ar fáil go poiblí.

Airteagal 30

Ceanglais a bhaineann le comhlachtaí faoina dtugtar fógra

1.   Chun críocha fógra a thabhairt, comhlíonfaidh comhlacht um measúnú comhréireachta na ceanglais a leagtar síos i míreanna 2 go 11.

2.   Bunófar comhlacht um measúnú comhréireachta faoi dhlí náisiúnta an Bhallstáit agus beidh pearsantacht dhlíthiúil aige.

3.   Beidh comhlacht um measúnú comhréireachta ina chomhlacht tríú páirtí atá neamhspleách ar an eagraíocht nó ar an innealra nó an táirge gaolmhar ar a ndéanann sé measúnú.

Féadfar a mheas gur comhlacht um measúnú comhréireachta é comhlacht a bhaineann le comhlachas gnó nó le cónaidhm ghairmiúil a dhéanann ionadaíocht ar ghnóthais a bhíonn ag plé le dearadh, monarú, soláthar, cóimeáil, úsáid nó cothabháil innealra nó táirgí gaolmhara a ndéanann sé measúnú orthu, ar choinníoll go léirítear go bhfuil sé neamhspleách agus nach bhfuil aon choinbhleacht leasa ann.

4.   Ní bheidh comhlacht um measúnú comhréireachta, lucht a ardbhainistíochta agus an pearsanra atá freagrach as cúraimí um measúnú comhréireachta a dhéanamh, ina ndearthóir, ina monaróir, ina soláthróir, ina allmhaireoir, ina dáileoir, ina suiteálaí, ina gceannaitheoir, ina n-úinéir, ina n-úsáideoir ná ina gcothabhálaí ar innealra nó ar tháirgí gaolmhara a ndéanann siad measúnú orthu, ná ní chomhlíonfaidh siad aon cheann de na róil sin maidir le hinnealra páirtchríochnaithe a corpraíodh sa táirge measúnaithe ná ní bheidh siad ina n-ionadaí thar ceann aon cheann de na páirtithe sin. Ní choiscfear leis sin úsáid a bhaint as innealra nó táirgí gaolmhara measúnaithe atá riachtanach le haghaidh oibríochtaí an chomhlachta um measúnú comhréireachta ná úsáid a bhaint as innealra nó táirgí gaolmhara measúnaithe chun críocha pearsanta.

Ní bheidh baint dhíreach ag comhlacht um measúnú comhréireachta, ag a bhainisteoirí barrleibhéil agus ag an bpearsanra atá freagrach as cúraimí um measúnú comhréireachta a dhéanamh leis an innealra nó na táirgí gaolmhara a dhearadh, a allmhairiú, a dháileadh, a mhonarú, a mhargú, a úsáid ná a chothabháil, ná ní dhéanfaidh siad ionadaíocht ar aon cheann de na páirtithe sin atá i mbun na ngníomhaíochtaí sin. Ní ghabhfaidh siad d'aon ghníomhaíocht a d’fhéadfadh teacht salach ar neamhspleáchas a mbreithiúnais ná a n-ionracais i ndáil le gníomhaíochtaí um measúnú comhréireachta faoina dtugtar fógra ina leith. Beidh feidhm aige sin go háirithe maidir le seirbhísí comhairleachta.

Áiritheoidh comhlacht um measúnú comhréireachta nach ndéanfaidh gníomhaíochtaí a fhochuideachtaí ná a fhochonraitheoirí difear do rúndacht, d’oibiachtúlacht ná do neamhchlaontacht a ghníomhaíochtaí um measúnú comhréireachta.

5.   Déanfaidh comhlacht um measúnú comhréireachta agus a phearsanra na gníomhaíochtaí um measúnú comhréireachta leis an ard-ionracas gairmiúil agus leis an inniúlacht theicniúil a bhíonn riachtanach sa réimse sonrach agus beidh sé saor ó gach brú agus mealladh, go háirithe ó thaobh airgid de, a d’fhéadfadh tionchar a imirt ar a bhreithiúnas nó ar thorthaí a ghníomhaíochtaí um measúnú comhréireachta, go háirithe maidir le brú agus mealladh ó dhaoine nó ó ghrúpaí daoine a bhfuil leas acu i dtorthaí na ngníomhaíochtaí sin.

6.   Beidh sé de chumas ag comhlacht um measúnú comhréireachta na cúraimí um measúnú comhréireachta uile arna sannadh dó in Iarscríbhinní VII, IX agus X agus a bhfuil fógra tugtha dó ina leith a dhéanamh, gan beann ar cé acu a dhéanann an comhlacht um measúnú comhréireachta féin na cúraimí sin nó a ndéantar iad thar a cheann agus faoina fhreagracht.

Beidh na nithe seo a leanas is gá ag comhlacht um measúnú comhréireachta i gcónaí, agus le haghaidh gach nóis imeachta um measúnú comhréireachta agus gach cineál innealra nó táirgí gaolmhara ar tugadh fógra dó i ndáil léi:

(a)

pearsanra ag a bhfuil eolas teicniúil agus taithí dhóthanach agus iomchuí chun na cúraimí measúnaithe comhréireachta a dhéanamh;

(b)

tuairiscí ar nósanna imeachta a ndéantar measúnú comhréireachta i gcomhréir leo, lena n-áiritheofar trédhearcacht na nósanna imeachta sin agus an cumas iad a atáirgeadh;

(c)

beartais agus nósanna imeachta iomchuí chun idirdhealú a dhéanamh idir cúraimí a dhéanann sé mar chomhlacht faoina dtugtar fógra agus gníomhaíochtaí eile;

(d)

na nósanna imeachta is gá maidir le feidhmiú na ngníomhaíochtaí ina dtugtar aird chuí ar mhéid gnóthais, ar an earnáil ina bhfuil sé, ar a struchtúr, ar a chasta atá an teicneolaíocht innealra nó an táirge gaolmhar atá i gceist agus mais an phróisis táirgeachta nó cineál srathach an phróisis sin.

Beidh na hacmhainní is gá ag comhlacht um measúnú comhréireachta chun na cúraimí teicniúla agus riaracháin a bhaineann leis na gníomhaíochtaí um measúnú comhréireachta a dhéanamh ar bhealach iomchuí agus beidh rochtain aige ar an trealamh nó ar na saoráidí uile is gá.

7.   Beidh na hinniúlachtaí seo a leanas ag an bpearsanra atá freagrach as na cúraimí um measúnú comhréireachta a dhéanamh:

(a)

oiliúint mhaith ghairme agus theicniúil ina gcumhdaítear na gníomhaíochtaí um measúnú comhréireachta uile a bhfuil fógra tugtha don chomhlacht um measúnú comhréireachta ina leith;

(b)

eolas sásúil ar cheanglais na measúnuithe a dhéanann siad agus údarás leordhóthanach chun na measúnuithe sin a dhéanamh;

(c)

eolas agus tuiscint iomchuí ar na buncheanglais sláinte agus sábháilteachta a leagtar amach in Iarscríbhinn III, ar na caighdeáin agus na sonraíochtaí coiteanna comhchuibhithe is infheidhme dá dtagraítear in Airteagal 20, agus ar fhorálacha ábhartha reachtaíocht an Aontais um chomhchuibhiú agus ar reachtaíocht náisiúnta;

(d)

an cumas deimhnithe, taifid agus tuarascálacha a dhréachtú lena léireofar go ndearnadh measúnuithe comhréireachta.

8.   Ráthófar neamhchlaontacht comhlachta um measúnú comhréireachta, a lucht bainistíochta ardleibhéil agus an phearsanra a bheidh freagrach as na cúraimí um measúnú comhréireachta a dhéanamh.

Ní bhraithfidh luach saothair an lucht bainistíochta ardleibhéil agus an phearsanra a bheidh freagrach as na cúraimí um measúnú comhréireachta a dhéanamh ar an líon measúnuithe comhréireachta a dhéantar ná ar thorthaí na measúnuithe sin.

9.   Beidh árachas dliteanais ag comhlacht um measúnú comhréireachta mura nglacann an Ballstát an dliteanas air féin i gcomhréir leis an dlí náisiúnta, nó mura bhfuil an Ballstát féin freagrach as an measúnú comhréireachta.

10.   Déanfaidh pearsanra comhlachta um measúnú comhréireachta rúndacht ghairmiúil a urramú maidir leis an bhfaisnéis uile a fhaightear agus iad ag déanamh na gcúraimí um measúnú comhréireachta i gcomhréir le hIarscríbhinní VII, IX agus X, ach amháin i ndáil le húdaráis inniúla an Bhallstáit ina ndéantar a chúraimí. Déanfar cearta dílseánaigh, cearta maoine intleachtúla agus rúin trádála a chosaint.

11.   Glacfaidh comhlacht um measúnú comhréireachta páirt sna gníomhaíochtaí ábhartha um chaighdeánú agus i ngníomhaíochtaí ghrúpa comhordaithe an chomhlachta faoina dtugtar fógra a bunaítear de bhun Airteagal 42, nó áiritheoidh comhlacht um measúnú comhréireachta go gcuirfear a phearsanra, a bheidh freagrach as na cúraimí um measúnú comhréireachta a dhéanamh, ar an eolas faoi na gníomhaíochtaí ábhartha um chaighdeánú agus feidhmeoidh an comhlacht um measúnú comhréireachta mar threoir ghinearálta na cinntí riaracháin agus na doiciméid riaracháin a tháirgtear de thoradh obair an ghrúpa comhordaithe sin.

Airteagal 31

Toimhde comhréireachta comhlachtaí faoina dtugtar fógra

I gcás ina léiríonn comhlacht um measúnú comhréireachta a chomhréireacht leis na critéir a leagtar síos sna caighdeáin chomhchuibhithe ábhartha nó sna codanna díobh a bhfuil a gcuid tagairtí foilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh, toimhdeofar go bhfuil na ceanglais a leagtar amach in Airteagal 30 á gcomhlíonadh aige a mhéid a chumhdaítear na ceanglais sin leis na caighdeáin chomhchuibhithe is infheidhme.

Airteagal 32

Úsáid fochonraitheoirí agus fochuideachtaí ag comhlachtaí faoina dtugtar fógra

1.   I gcás ina ndéanann comhlacht faoina dtugtar fógra cúraimí sonracha i dtaca le measúnú comhréireachta a chur amach ar fochonradh nó i gcás ina dtéann an comhlacht ar iontaoibh fochuideachta, áiritheoidh sé go gcomhlíonfaidh an fochonraitheoir nó an fhochuideachta na ceanglais a leagtar amach in Airteagal 30 agus cuirfidh sé an t-údarás a thugann fógra ar an eolas faoi sin dá réir.

2.   Glacfaidh comhlachtaí faoina dtugtar fógra freagracht iomlán as na cúraimí a dhéanann fochonraitheoir nó fochuideachta cibé áit a bhfuil siad sin bunaithe.

3.   Ní fhéadfar gníomhaíochtaí a chur amach ar fochonradh ná ní fhéadfaidh fochuideachta dul ina mbun ach amháin le toiliú an chliaint.

4.   Déanfaidh comhlacht faoina dtugtar fógra na doiciméid ábhartha a bhaineann le measúnú ar cháilíochtaí an fhochonraitheora nó na fochuideachta agus leis an obair a dhéanann siad faoi Iarscríbhinní VII, IX agus X a choinneáil ar fáil don údarás a thugann fógra.

Airteagal 33

Iarratas ar fhógra

1.   Déanfaidh comhlacht um measúnú comhréireachta iarratas ar fhógra a chur faoi bhráid an údaráis a thugann fógra sa Bhallstát ina bhfuil sé bunaithe.

2.   Beidh tuairisc ar na gníomhaíochtaí um measúnú comhréireachta ag gabháil leis an iarratas ar fhógra, agus tuairisc ar na nósanna imeachta um measúnú comhréireachta a leagtar amach in Iarscríbhinní VII, IX agus X agus ar na cineálacha nó catagóirí innealra nó táirgí gaolmhara a maíonn an comhlacht um measúnú comhréireachta a bheith inniúil ina leith, chomh maith le deimhniú creidiúnaithe, más ann dó, a eisíonn comhlacht creidiúnaithe náisiúnta lena bhfianaítear go gcomhlíonann an comhlacht um measúnú comhréireachta na ceanglais a leagtar síos in Airteagal 30.

3.   I gcás nach féidir leis an gcomhlacht um measúnú comhréireachta lena mbaineann deimhniú creidiúnaithe dá dtagraítear i mír 2 a chur ar fáil, soláthróidh sé don údarás a thugann fógra an fhianaise dhoiciméadach uile is gá chun fíorú, aithint agus faireachán rialta a dhéanamh ar a chomhlíontacht leis na ceanglais a leagtar síos in Airteagal 30.

Airteagal 34

An nós imeachta um fhógra a thabhairt

1.   Ní dhéanfaidh údaráis a thugann fógra ach fógra a thabhairt do chomhlachtaí um measúnú comhréireachta amháin a bhfuil na ceanglais a leagtar síos in Airteagal 30 comhlíonta acu.

2.   Déanfaidh an t-údarás a thugann fógra, fógra a thabhairt don Choimisiún agus do na Ballstáit eile, agus úsáid á baint aige as an uirlis leictreonach um fhógra a thabhairt arna forbairt agus arna bainistiú ag an gCoimisiún.

3.   Áireofar an méid seo a leanas san fhógra dá dtagraítear i mír 2:

(a)

sonraí iomlána na ngníomhaíochtaí um measúnú comhréireachta a bheidh le déanamh;

(b)

léiriú ar an modúl nó ar na modúil um measúnú comhréireachta agus ar chatagóirí an innealra nó na dtáirgí gaolmhara lena mbaineann;

(c)

fianú ábhartha na hinniúlachta.

4.   I gcás nach bhfuil fógra bunaithe ar dheimhniú creidiúnaithe dá dtagraítear in Airteagal 33(2), déanfaidh an t-údarás a thugann fógra fianaise dhoiciméadach a sholáthar don Choimisiún agus do na Ballstáit eile lena bhfianaítear inniúlacht an chomhlachta um measúnú comhréireachta mar aon leis na socruithe atá i bhfeidhm chun a áirithiú go ndéanfar faireachán rialta ar an gcomhlacht sin agus go leanfaidh sé de na ceanglais a leagtar síos in Airteagal 30 a chomhlíonadh.

5.   Ní fhéadfaidh an comhlacht um measúnú comhréireachta lena mbaineann gníomhaíochtaí comhlachta faoina dtugtar fógra a dhéanamh ach amháin mura ndéanann an Coimisiún nó na Ballstáit eile aon agóidí ina choinne laistigh de 2 sheachtain ó thráth bailíochtaithe an fhógra i gcás ina n-áirítear ann deimhniú creidiúnaithe dá dtagraítear in Airteagal 33(2), nó laistigh de 2 mhí ó thráth déanta an fhógra i gcás ina n-áirítear ann fianaise dhoiciméadach dá dtagraítear i mír 4 den Airteagal seo.

Ní dhéanfar ach comhlacht den sórt sin amháin a mheas ina chomhlacht faoina dtugtar fógra chun críocha an Rialacháin seo.

6.   Déanfaidh an t-údarás a thugann fógra, fógra a thabhairt don Choimisiún agus do na Ballstáit eile faoi aon athruithe ábhartha ina dhiaidh sin a dhéanfar ar an bhfógra dá dtagraítear i mír 2.

Airteagal 35

Uimhreacha aitheantais agus liostaí na gcomhlachtaí faoina dtugtar fógra

1.   Sannfaidh an Coimisiún uimhir aitheantais do chomhlacht faoina dtugtar fógra.

Sannfaidh sé aon uimhir aitheantais amháin fiú i gcás ina dtugtar fógra don chomhlacht faoi roinnt gníomhartha de chuid an Aontais.

2.   Cuirfidh an Coimisiún liosta de na comhlachtaí faoina dtugtar fógra faoin Rialachán seo ar fáil don phobal, lena n-áirítear na huimhreacha aitheantais atá sannta dóibh agus na gníomhaíochtaí um measúnú comhréireachta a bhfuil fógra tugtha dóibh ina leith.

Áiritheoidh an Coimisiún go gcoinneofar an liosta cothrom le dáta.

Airteagal 36

Athruithe ar na fógraí

1.   I gcás ina bhfuil sé fionnta ag údarás a thugann fógra nach bhfuil comhlacht faoina dtugtar fógra ag comhlíonadh na gceanglas a leagtar síos in Airteagal 30 a thuilleadh nó go bhfuil an comhlacht ag mainneachtain a oibleagáidí mar a leagtar amach in Airteagal 38 a chomhlíonadh nó i gcás ina bhfuil sé sin curtha in iúl dó, déanfaidh an t-údarás a thugann fógra an fógra a shrianadh, a fhionraí nó a tharraingt siar, de réir mar is iomchuí, ag brath ar a thromchúisí atá an mhainneachtain maidir leis na ceanglais sin a chomhlíonadh nó na hoibleagáidí sin a chomhlíonadh. Cuirfidh sé an Coimisiún agus na Ballstáit eile ar an eolas láithreach dá réir sin.

2.   I gcás fógra a bheith srianta, curtha ar fionraí nó tarraingthe siar, nó i gcás ina bhfuil scortha ag comhlacht faoina dtugtar fógra dá ghníomhaíocht, déanfaidh an t-údarás a thugann fógra bearta iomchuí chun a áirithiú go bpróiseálfaidh comhlacht eile faoina dtugtar fógra comhaid an chomhlachta sin nó go gcoinneofar na comhaid sin ar fáil do na húdaráis a thugann fógra agus do na húdaráis um fhaireachas margaidh a bheidh freagrach arna iarraidh sin dóibh.

Airteagal 37

Agóidí in aghaidh inniúlacht na gcomhlachtaí faoina dtugtar fógra

1.   Imscrúdóidh an Coimisiún gach cás a bhfuil amhras air ina leith, nó a gcuirtear amhras ina leith in iúl dó, maidir le hinniúlacht comhlachta faoina dtugtar fógra nó maidir le comhlíonadh leanúnach na gceanglas agus na bhfreagrachtaí a bhfuil comhlacht faoina dtugtar fógra faoina réir.

2.   Soláthróidh an Ballstát a thugann fógra, arna iarraidh sin don Choimisiún, an fhaisnéis uile a bhaineann leis an mbonn atá leis an bhfógra nó le hinniúlacht an chomhlachta faoina dtugtar fógra lena mbaineann a choinneáil ar bun.

3.   Áiritheoidh an Coimisiún go bpléifear le gach faisnéis íogair a fhaightear le linn a chuid imscrúduithe mar fhaisnéis atá rúnda.

4.   I gcás ina bhfionnann an Coimisiún nach gcomhlíonann comhlacht faoina dtugtar fógra na ceanglais maidir lena fhógra nó nach gcomhlíonann sé iad a thuilleadh, glacfaidh sé gníomh cur chun feidhme ina n-iarrfar ar an mBallstát a thugann fógra na bearta ceartaitheacha is gá a dhéanamh, lena n-áirítear an fógra a tharraingt siar más gá.

Glacfar an gníomh cur chun feidhme sin i gcomhréir leis an nós imeachta comhairleach dá dtagraítear in Airteagal 48(2).

Airteagal 38

Oibleagáidí oibríochtúla na gcomhlachtaí faoina dtugtar fógra

1.   Déanfaidh comhlacht faoina dtugtar fógra measúnuithe comhréireachta i gcomhréir leis na nósanna imeachta um measúnú comhréireachta a leagtar amach in Iarscríbhinní VII, IX agus X.

2.   Déanfaidh comhlacht faoina dtugtar fógra a ghníomhaíochtaí ar bhealach comhréireach, lena seachnófar ualaí neamhriachtanacha d’oibreoirí eacnamaíocha, agus aird chuí á tabhairt ar mhéid gnóthais, an earnáil ina n-oibríonn an gnóthas, struchtúr an ghnóthais, a chasta atá an teicneolaíocht atá i gceist, agus mais nó cineál srathach an phróisis táirgeachta.

Ag déanamh amhlaidh, urramóidh an comhlacht faoina dtugtar fógra mar sin féin, an méid smachta agus an leibhéal cosanta a cheanglaítear chun go gcomhlíonfaidh an t-innealra nó táirge gaolmhar ceanglais an Rialacháin seo.

3.   I gcás ina bhfionnann comhlacht faoina dtugtar fógra nach bhfuil na buncheanglais sláinte agus sábháilteachta a leagtar amach in Iarscríbhinn III, ná na caighdeáin chomhchuibhithe chomhfhreagracha ná na sonraíochtaí coiteanna dá dtagraítear in Airteagal 20 comhlíonta ag an monaróir, ceanglóidh sé ar an monaróir gníomhaíochtaí ceartaitheacha iomchuí a dhéanamh agus ní eiseoidh sé deimhniú ar chineálscrúdú AE, ní ghlacfaidh siad cinneadh formheasa maidir leis an gcóras cáilíochta ná ní eiseoidh siad deimhniú fíoraithe aonaid.

4.   I gcás ina bhfionnann comhlacht faoina dtugtar fógra le linn an fhaireacháin ar chomhréireacht, tar éis cinneadh formheasa a ghlacadh, i gcomhréir le hIarscríbhinn IX, nach bhfuil innealra nó táirge gaolmhar comhlíontach a thuilleadh, ceanglóidh sé ar an monaróir gníomhaíochtaí ceartaitheacha iomchuí a dhéanamh agus déanfaidh sé an cinneadh formheasa a fhionraí nó a tharraingt siar, más gá.

I gcás nach ndéantar gníomhaíochtaí ceartaitheacha nó nach bhfuil an éifeacht is gá leo, déanfaidh an comhlacht faoina dtugtar fógra aon chinntí formheasa a shrianadh, a fhionraí nó a tharraingt siar, de réir mar is iomchuí.

Airteagal 39

Achomharc in aghaidh chinntí na gcomhlachtaí faoina dtugtar fógra

Áiritheoidh na comhlachtaí faoina dtugtar fógra go mbeidh nós imeachta achomhairc trédhearcach agus inrochtana in aghaidh a gcuid cinntí ar fáil.

Airteagal 40

Oibleagáid faisnéise na gcomhlachtaí faoina dtugtar fógra

1.   Cuirfidh na comhlachtaí faoina dtugtar fógra an méid seo a leanas in iúl don údarás a thugann fógra:

(a)

aon diúltú, srianadh, fionraí nó tarraingt siar a dhéantar maidir le deimhniú ar chineálscrúdú AE, cinneadh formheasa maidir leis an gcóras cáilíochta nó deimhniú fíoraithe aonaid;

(b)

aon chúinsí a dhéanann difríocht do raon feidhme nó do na coinníollacha maidir lena fhógra;

(c)

aon iarraidh ar fhaisnéis atá faighte aige ó údaráis um fhaireachas margaidh maidir lena ghníomhaíochtaí um measúnú comhréireachta;

(d)

arna iarraidh sin, aon ghníomhaíochtaí um measúnú comhréireachta a dhéantar laistigh de raon feidhme a fhógra agus aon ghníomhaíocht eile a dhéantar, lena n-áirítear gníomhaíochtaí trasteorann agus fochonraitheoireacht.

2.   Soláthróidh comhlacht faoina dtugtar fógra faisnéis ábhartha maidir le saincheisteanna a bhaineann le torthaí diúltacha agus, arna iarraidh sin, torthaí dearfacha ar mheasúnú comhréireachta do na comhlachtaí eile faoina dtugtar fógra faoin Rialachán seo a dhéanann gníomhaíochtaí comhchosúla um measúnú comhréireachta ina gcumhdaítear na cineálacha céanna innealra nó táirgí gaolmhara.

Airteagal 41

Malartú taithí

Déanfaidh an Coimisiún foráil maidir le malartú taithí a eagrú idir údaráis náisiúnta na mBallstát a bhíonn freagrach as beartas maidir le fógra a thabhairt.

Airteagal 42

Comhordú na gcomhlachtaí faoina dtugtar fógra

Áiritheoidh an Coimisiún go mbunófar comhordú agus comhar iomchuí idir comhlachtaí dá dtugtar fógra faoin Rialachán seo agus go bhfeidhmeoidh siad go maith i bhfoirm grúpa earnála de chomhlachtaí dá dtugtar fógra.

Beidh comhlachtaí dá dtugtar fógra rannpháirteach in obair an ghrúpa sin, go díreach nó trí bhíthin ionadaithe ainmnithe.

CAIBIDIL VI

FAIREACHAS MARGAIDH AN AONTAIS AGUS NÓSANNA IMEACHTA COIMIRCE AN AONTAIS

Airteagal 43

Nós imeachta ar an leibhéal náisiúnta chun déileáil le táirgí a thagann faoi raon feidhme an Rialacháin seo lena mbaineann riosca

1.   I gcás ina bhfuil cúis leordhóthanach ag údaráis um fhaireachas margaidh Ballstáit amháin chun a chreidiúint go bhfuil riosca ag baint le táirge a thagann faoi raon feidhme an Rialacháin seo do shláinte nó sábháilteacht daoine, agus i gcás inarb iomchuí, do shláinte agus sábháilteacht ainmhithe clóis nó do shlándáil réadmhaoine, agus i gcás inarb infheidhme, don chomhshaoil, déanfaidh siad meastóireacht i ndáil leis an táirge lena mbaineann lena gcumhdófar gach ceanglas ábhartha a leagtar síos sa Rialachán seo. De réir mar is gá, comhoibreoidh na hoibreoirí eacnamaíocha ábhartha leis na húdaráis um fhaireachas margaidh chun na críche sin.

I gcás ina bhfionnann na húdaráis um fhaireachas margaidh, le linn na meastóireachta dá dtagraítear sa chéad fhomhír, nach gcomhlíonann an táirge a thagann faoi raon feidhme an Rialacháin seo na ceanglais a leagtar síos sa Rialachán seo, ceanglóidh siad gan mhoill ar an oibreoir eacnamaíoch ábhartha gníomhaíocht cheartaitheach iomchuí agus chomhréireach a dhéanamh, dá bhforáiltear in Airteagal 16(3) de Rialachán (AE) 2019/1020, chun deireadh a chur leis an neamhchomhlíonadh, nó chun guaiseacha a dhíothú nó, mura féidir é sin a dhéanamh, laghdú a dhéanamh ar an riosca atá sonraithe ag na húdaráis um fhaireachas margaidh laistigh de thréimhse réasúnta ama atá i gcomhréir leis an gcineál riosca dá dtagraítear sa chéad fhomhír.

Cuirfidh na húdaráis um fhaireachas margaidh an comhlacht ábhartha dá dtugtar fógra ar an eolas dá réir sin.

2.   I gcás ina measann na húdaráis um fhaireachas margaidh nach bhfuil an neamhchomhlíonadh srianta dá gcríoch náisiúnta, cuirfidh siad an Coimisiún agus na Ballstáit eile ar an eolas faoi thorthaí na meastóireachta agus faoi na gníomhaíochtaí atá éilithe acu ar an oibreoir eacnamaíoch a dhéanamh.

3.   Áiritheoidh an t-oibreoir eacnamaíoch go ndéanfar gach gníomhaíocht cheartaitheach iomchuí i leith na dtáirgí a thagann faoi raon feidhme an Rialacháin seo lena mbaineann, ar táirgí iad atá curtha ar fáil ar an margadh ag an oibreoir eacnamaíoch, ar fud an Aontais.

4.   I gcás nach ndéanann an t-oibreoir eacnamaíoch ábhartha an ghníomhaíocht cheartaitheach dá dtagraítear i mír 1, an dara fomhír, laistigh den tréimhse shonraithe nó i gcás ina leantar den neamhchomhlíonadh, dá dtagraítear i mír 1, an dara fomhír, nó den riosca dá dtagraítear i mír, an chéad fhomhír, áiritheoidh na húdaráis um fhaireachas margaidh go dtarraingeofar siar nó go n-aisghairfear an táirge lena mbaineann, nó go gcuirfear toirmeasc nó srian ar an táirge a chur ar fáil ar an margadh. I gcásanna den sórt sin, áiritheoidh na húdaráis um fhaireachas margaidh go gcuirfear an pobal, an Coimisiún agus na Ballstáit eile ar an eolas dá réir sin, gan mhoill.

5.   Áireofar san fhaisnéis dá dtagraítear i mír 4 na sonraí uile atá ar fáil, go háirithe na sonraí is gá chun an táirge neamhchomhlíontach a thagann faoi raon feidhme an Rialacháin seo a shainaithint, tionscnamh an táirge sin, an cineál neamhchomhlíontachta a líomhnaítear agus an riosca a bhaineann leis, cineál agus fad tréimhse na mbeart náisiúnta atá déanta agus na hargóintí atá curtha ar aghaidh ag an oibreoir eacnamaíoch ábhartha. Go háirithe, tabharfaidh na húdaráis um fhaireachas margaidh le fios cibé an bhfuil aon cheann de na nithe seo a leanas ina gcúis leis an neamhchomhlíonadh:

(a)

mainneachtain an táirge na ceanglais maidir leis na buncheanglais sláinte agus sábháilteachta a leagtar amach in Iarscríbhinn III a chomhlíonadh;

(b)

easnaimh sna caighdeáin chomhchuibhithe dá dtagraítear in Airteagal 20(1);

(c)

easnaimh sna sonraíochtaí coiteanna dá dtagraítear in Airteagal 20(6).

6.   Déanfaidh na Ballstáit, cé is moite den Bhallstát a thionscnaíonn an nós imeachta faoin Airteagal seo, an Coimisiún agus na Ballstáit eile a chur ar an eolas gan mhoill faoi aon bhearta atá glactha acu agus faoi aon fhaisnéis bhreise a bhfuil fáil acu uirthi maidir le neamhchomhlíonadh an táirge a thagann faoi raon feidhme an Rialacháin seo lena mbaineann, agus, sa chás nach n-aontaíonn siad leis an mbeart náisiúnta atá glactha, cuirfidh siad ar an eolas iad faoina n-agóidí.

7.   I gcás, laistigh de 3 mhí tar éis an fhaisnéis dá dtagraítear i mír 4 a bheith faighte acu, nach bhfuil aon agóid déanta ag Ballstát nó ag an gCoimisiún i leith beart sealadach atá déanta ag Ballstát, measfar go bhfuil bonn cirt leis an mbeart sin.

8.   Áiritheoidh na Ballstáit go ndéanfar bearta sriantacha iomchuí, amhail an táirge a tharraingt siar, i leith an táirge a thagann faoi raon feidhme an Rialacháin seo lena mbaineann gan mhoill.

Airteagal 44

Nós imeachta coimirce an Aontais

1.   I gcás, tar éis an nós imeachta a leagtar amach in Airteagal 43(4), (6) agus (7) a thabhairt chun críche, ina ndéantar agóidí i gcoinne beart atá déanta ag Ballstáit, nó i gcás ina measann an Coimisiún beart náisiúnta a bheith contrártha le gníomhartha dlí de chuid an Aontais, rachaidh an Coimisiún i gcomhairle, gan mhoill, leis na Ballstáit agus leis an oibreoir eacnamaíoch ábhartha nó na hoibreoirí eacnamaíocha ábhartha agus déanfaidh sé meastóireacht ar an mbeart náisiúnta.

Ar bhonn thorthaí na meastóireachta sin, glacfaidh an Coimisiún gníomh cur chun feidhme, i bhfoirm cinnidh, lena gcinnfear cé acu atá údar leis an mbeart náisiúnta nó nach bhfuil.

Díreoidh an Coimisiún a chinneadh chuig na Ballstáit uile agus cuirfidh sé in iúl dóibh é gan mhoill agus don oibreoir eacnamaíoch ábhartha nó do na hoibreoirí eacnamaíocha ábhartha.

2.   Má mheastar go bhfuil bonn cirt leis an mbeart náisiúnta, áiritheoidh na Ballstáit uile go ndéanfar bearta sriantacha iomchuí, amhail tarraingt siar, i leith an táirge neamhchomhlíontach a thagann faoi raon feidhme an Rialacháin seo, agus cuirfidh siad an Coimisiún ar an eolas dá réir sin.

Má mheastar nach bhfuil bonn cirt leis an mbeart náisiúnta, déanfaidh an Ballstát lena mbaineann an beart sin a tharraingt siar.

3.   I gcás ina meastar go bhfuil bonn cirt leis an mbeart náisiúnta agus go ndéantar neamhchomhlíonadh an táirge a thagann faoi raon feidhme an Rialacháin seo a chur i leith easnaimh atá sna caighdeáin chomhchuibhithe dá dtagraítear in Airteagal 43(5), pointe (b), den Rialachán seo nó atá sna sonraíochtaí coiteanna dá dtagraítear in Airteagal 43(5), pointe (c), den Rialachán seo, cuirfidh an Coimisiún an nós imeachta dá bhforáiltear in Airteagal 11 de Rialachán (AE) Uimh. 1025/2012 nó in Airteagal 20(8) den Rialachán seo faoi seach i bhfeidhm.

Airteagal 45

Táirgí comhlíontacha a thagann faoi raon feidhme an Rialacháin seo lena mbaineann riosca

1.   I gcás ina bhfionnann Ballstát, tar éis dó meastóireacht a dhéanamh faoi Airteagal 43(1), cé go bhfuil táirge a thagann faoi raon feidhme an Rialacháin seo i gcomhréir leis na buncheanglais sláinte agus sábháilteachta a leagtar amach in Iarscríbhinn III, go bhfuil riosca ag baint leis do shláinte agus sábháilteacht daoine agus, i gcás inarb iomchuí, do shábháilteacht ainmhithe clóis nó do shlándáil réadmhaoine agus, i gcás inarb iomchuí, don chomhshaoil, ceanglóidh sé ar an oibreoir eacnamaíoch ábhartha gach beart iomchuí a dhéanamh chun a áirithiú nach mbainfidh an riosca sin a thuilleadh leis an táirge lena mbaineann nuair a chuirtear ar an margadh é, an táirge sin a tharraingt siar nó é a aisghairm laistigh de thréimhse réasúnta, atá i gcomhréir le cineál an riosca.

2.   Áiritheoidh an t-oibreoir eacnamaíoch go ndéanfar gach gníomhaíocht cheartaitheach iomchuí i leith na dtáirgí uile a thagann faoi raon feidhme an Rialacháin seo lena mbaineann, ar táirgí iad atá curtha ar fáil ar an margadh ag an oibreoir eacnamaíoch, ar fud an Aontais.

3.   Cuirfidh na Ballstáit an Coimisiún agus na Ballstáit eile ar an eolas láithreach faoin táirge lena mbaineann riosca, dá dtagraítear i mír 1. Áireofar san fhaisnéis sin na mionsonraí uile a bheidh ar fáil, go háirithe na sonraí is gá chun an táirge lena mbaineann a shainaithint, tionscnamh agus slabhra soláthair an táirge sin, an cineál riosca a bhaineann leis agus cineál agus fad tréimhse na mbeart náisiúnta atá déanta.

4.   Rachaidh an Coimisiún i gcomhairle leis na Ballstáit agus leis an oibreoir eacnamaíoch ábhartha nó leis na hoibreoirí eacnamaíocha ábhartha gan mhoill agus déanfaidh sé meastóireacht ar na bearta náisiúnta atá déanta.

Ar bhonn thorthaí na meastóireachta sin, déanfaidh an Coimisiún gníomh cur chun feidhme a ghlacadh, i bhfoirm cinnidh, lena gcinnfear cé acu atá bonn cirt leis an mbeart náisiúnta nó nach bhfuil, agus i gcás inar gá, bearta iomchuí a ordú.

Glacfar an gníomh cur chun feidhme sin i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 48(3).

Ar mhórfhorais phráinne a bhfuil bonn cirt leo a bhaineann le sláinte agus sábháilteacht daoine a chosaint, glacfaidh an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme atá infheidhme láithreach i gcomhréir leis an nós imeachta dá dtagraítear in Airteagal 48(4).

5.   Díreoidh an Coimisiún a chinneadh chuig na Ballstáit uile agus cuirfidh sé in iúl láithreach dóibh é agus don oibreoir eacnamaíoch nó do na hoibreoirí eacnamaíocha ábhartha.

Airteagal 46

Neamhchomhlíonadh foirmiúil

1.   Gan dochar d’Airteagal 43, i gcás ina ndéanann Ballstát ceann de na fionnachtana seo a leanas maidir le hinnealra nó táirge gaolmhar, ceanglóidh sé ar an oibreoir eacnamaíoch ábhartha deireadh a chur leis an neamhchomhlíonadh lena mbaineann:

(a)

tá marcáil CE atá greamaithe de shárú ar Airteagal 30 de Rialachán (CE) Uimh. 765/2008 nó ar Airteagal 24 den Rialachán seo;

(b)

níl marcáil CE greamaithe;

(c)

tá uimhir aitheantais an chomhlachta faoina dtugtar fógra atá bainteach leis an gcéim rialaithe ar tháirgeacht greamaithe de shárú ar Airteagal 24(3) nó níl sí greamaithe;

(d)

níl dearbhú comhréireachta AE tarraingthe suas nó níl sé tarraingthe suas i gceart;

(e)

níl an doiciméadacht theicniúil ar fáil nó níl sí iomlán;

(f)

tá an fhaisnéis dá dtagraítear in Airteagal 10(6) nó in Airteagal 13(3) in easnamh, bréagach nó neamhiomlán;

(g)

níl aon cheanglas riaracháin eile dá bhforáiltear in Airteagail 10 ná in Airteagal 13 comhlíonta.

2.   Gan dochar d’Airteagal 43, i gcás ina ndéanann Ballstát ceann de na fionnachtana seo a leanas maidir le hinnealra páirtchríochnaithe, ceanglóidh sé ar an oibreoir eacnamaíoch ábhartha deireadh a chur leis an neamhchomhlíonadh lena mbaineann:

(a)

níl dearbhú corpraithe AE tarraingthe suas nó níl sé tarraingthe suas i gceart;

(b)

níl an doiciméadacht theicniúil ar fáil nó níl sí iomlán;

(c)

tá an fhaisnéis dá dtagraítear in Airteagal 11(5) nó in Airteagal 14(3) in easnamh, bréagach nó neamhiomlán;

(d)

níl aon cheanglas riaracháin eile dá bhforáiltear in Airteagail 11 ná in Airteagal 14 comhlíonta.

3.   I gcás ina leantar den neamhchomhlíonadh dá dtagraítear i míreanna 1 agus 2, déanfaidh na Ballstáit lena mbaineann gach beart iomchuí chun srian nó cosc a chur ar an táirge a thagann faoi raon feidhme an Rialacháin seo lena mbaineann ó bheith curtha ar fáil ar an margadh, nó áiritheoidh sé go ndéanfar an táirge a aisghairm nó a tharraingt siar ón margadh.

CAIBIDIL VII

CUMHACHTAÍ TARMLIGTHE AGUS NÓS IMEACHTA COISTE

Airteagal 47

An tarmligean a fheidhmiú

1.   Is faoi réir na gcoinníollacha a leagtar síos san Airteagal seo a thugtar an chumhacht don Choimisiún chun gníomhartha tarmligthe a ghlacadh.

2.   Déanfar an chumhacht chun gníomhartha tarmligthe a ghlacadh dá dtagraítear in Airteagail 6(2), 6(11) agus 7(2) a thabhairt don Choimisiún ar feadh thréimhse 5 bliana ón 13 Iúil 2023. Déanfaidh an Coimisiún, tráth nach déanaí ná 9 mí roimh dheireadh na tréimhse 5 bliana, tuarascáil a tharraingt suas i leith tharmligean na cumhachta. Déanfar tarmligean na cumhachta a fhadú go hintuigthe go ceann tréimhsí comhfhaid, mura rud é go gcuireann Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle in aghaidh an fhadaithe sin tráth nach déanaí ná 3 mhí roimh dheireadh gach tréimhse.

3.   Féadfaidh Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle tarmligean na cumhachta dá dtagraítear in Airteagail 6(2), 6(11) agus 7(2) a chúlghairm aon tráth. Le cinneadh chun cúlghairm a dhéanamh, cuirfear deireadh le tarmligean na cumhachta atá sonraithe sa chinneadh sin. Gabhfaidh éifeacht leis an lá tar éis fhoilsiú an chinnidh in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh nó ar dháta is déanaí a shonrófar sa chinneadh. Ní dhéanfaidh sé difear do bhailíocht aon ghnímh tharmligthe atá i bhfeidhm cheana.

4.   Sula nglacfaidh sé gníomh tarmligthe, rachaidh an Coimisiún i mbun comhairliúchán le saineolaithe arna n-ainmniú ag gach Ballstát i gcomhréir leis na prionsabail a leagtar síos i gComhaontú Idirinstitiúideach an 13 Aibreán 2016 maidir le Reachtóireacht Níos Fearr.

5.   A luaithe a ghlacfaidh sé gníomh tarmligthe, tabharfaidh an Coimisiún fógra, an tráth céanna, do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle faoi.

6.   Ní thiocfaidh gníomh tarmligthe a ghlactar de bhun Airteagail 6(2), 6(11) nó 7(2) i bhfeidhm ach amháin mura mbeidh aon agóid curtha in iúl ag Parlaimint na hEorpa ná ag an gComhairle laistigh de thréimhse 2 mhí tar éis fógra faoin ngníomh sin a thabhairt do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle nó más rud é, roimh dheireadh na tréimhse sin, go mbeidh Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle tar éis a chur in iúl don Choimisiún nach ndéanfaidh siad aon agóid. Déanfar an tréimhse sin a fhadú 2 mhí ar thionscnamh Pharlaimint na hEorpa nó na Comhairle.

Airteagal 48

An nós imeachta coiste

1.   Tabharfaidh coiste cúnamh don Choimisiún. Beidh an coiste sin ina choiste de réir bhrí Rialachán (AE) Uimh. 182/2011.

2.   I gcás ina ndéantar tagairt don mhír seo, beidh feidhm ag Airteagal 4 de Rialachán (AE) Uimh. 182/2011.

3.   I gcás ina ndéantar tagairt don mhír seo, beidh feidhm ag Airteagal 5 de Rialachán (AE) Uimh. 182/2011.

I gcás nach dtugann an coiste aon tuairim maidir leis an dréachtghníomh cur chun feidhme dá dtagraítear in Airteagal 20(3), beidh feidhm ag Airteagal 5(4), an tríú fomhír, de Rialachán (AE) Uimh. 182/2011.

4.   I gcás ina ndéantar tagairt don mhír seo, beidh feidhm ag Airteagal 8 de Rialachán (AE) Uimh. 182/2011, i gcomhar le hAirteagal 5 de.

5.   Rachaidh an Coimisiún i gcomhairle leis an gcoiste maidir le haon ábhar a gceanglaítear comhairliúchán saineolaithe earnálacha ina leith le Rialachán (AE) Uimh. 1025/2012 nó le haon ghníomh dlí eile de chuid an Aontais.

Féadfaidh an coiste, thairis sin, scrúdú a dhéanamh ar aon ábhar eile a bhaineann le cur i bhfeidhm an Rialacháin seo arna tharraingt anuas ag an gcathaoirleach nó ag ionadaí Ballstáit i gcomhréir lena rialacha nós imeachta.

CAIBIDIL VIII

RÚNDACHT AGUS PIONÓIS

Airteagal 49

Rúndacht

1.   Urramóidh gach páirtí rúndacht na faisnéise agus na sonraí seo a leanas a fhaightear agus a gcúraimí á ndéanamh acu i gcomhréir leis an Rialachán seo:

(a)

sonraí pearsanta;

(b)

faisnéis rúnda tráchtála agus rúin trádála atá ag duine nádúrtha nó ag duine dlítheanach, lena n-áirítear cearta maoine intleachtúla, murar rud é gur ar mhaithe le leas an phobail é an nochtadh.

2.   Gan dochar do mhír 1, faisnéis a mhalartaítear ar bhonn rúnda idir na húdaráis náisiúnta inniúla agus idir na húdaráis náisiúnta inniúla agus an Coimisiún, ní nochtfar í gan réamhthoiliú an údaráis náisiúnta inniúil a sholáthair an fhaisnéis ar dtús.

3.   Ní dhéanfaidh míreanna 1 ná 2 difear do chearta ná d’oibleagáidí an Choimisiúin, na mBallstát agus na gcomhlachtaí faoina dtugtar fógra maidir le malartú faisnéise agus scaipeadh rabhadh, ná d’oibleagáidí na ndaoine lena mbaineann i leith faisnéis a thabhairt faoin dlí coiriúil.

4.   Féadfaidh an Coimisiún agus na Ballstáit faisnéis rúnda a mhalartú le húdaráis rialála tríú tíortha a bhfuil socruithe agus comhaontuithe rúndachta iltaobhacha nó déthaobhacha acu leo nuair a áirithíonn na comhaontuithe agus na socruithe sin go bhfuil aon mhalartú faisnéise i gcomhréir le dlí an Aontais is infheidhme.

Airteagal 50

Pionóis

1.   Déanfaidh na Ballstáit na rialacha a leagan síos a bhaineann leis na pionóis is infheidhme i leith sáruithe ar an Rialachán seo ag oibreoirí eacnamaíocha agus déanfaidh siad gach beart is gá chun a áirithiú go ndéanfar iad a chur chun feidhme. Beidh na pionóis dá bhforáiltear éifeachtach, comhréireach agus athchomhairleach agus d’fhéadfadh pionóis choiriúla as sáruithe tromchúiseacha a bheith i gceist leo.

2.   Déanfaidh na Ballstáit, faoin ... 14 Deireadh Fómhair 2026, fógra a thabhairt don Choimisiún faoi na rialacha agus na bearta sin agus tabharfaidh siad fógra dó, gan mhoill, faoi aon leasú ina dhiaidh sin a dhéanfaidh difear dóibh.

CAIBIDIL IX

FORÁLACHA IDIRTHRÉIMHSEACHA AGUS CRÍOCHNAITHEACHA

Airteagal 51

Aisghairmeacha

1.   Aisghairtear Treoir 73/361/CEE.

Déanfar na tagairtí do Threoir aisghairthe 73/361/CEE a fhorléiriú mar thagairtí don Rialachán seo.

2.   Déantar Treoir 2006/42/CE a aisghairm le héifeacht ón 14 Eanáir 2027.

Déanfar tagairtí do Threoir aisghairthe 2006/42/CE a fhorléiriú mar thagairtí don Rialachán seo agus léifear iad i gcomhréir leis an tábla comhghaoil atá in Iarscríbhinn XII.

Airteagal 52

Forálacha idirthréimhseacha

1.   Ní chuirfidh na Ballstáit bac ar tháirgí a cuireadh ar fáil ar an margadh i gcomhréir le Treoir 2006/42/EC roimh an 14 Eanáir 2027. Beidh feidhm mutatis mutandis ag Caibidil VI den Rialachán seo, áfach, ón. 13 Iúil 2023, i leith na dtáirgí sin in ionad Airteagal 11 den Treoir sin, lena n-áirítear táirgí a bhfuil nós imeachta tionscanta cheana féin ina leith faoi Airteagal 11 de Threoir 2006/42/CE.

2.   Leanfaidh deimhnithe ar chineálscrúdú CE agus cinntí formheasa a eisítear i gcomhréir le hAirteagal 12 de Threoir 2006/42/CE de bheith bailí go dtí go rachaidh siad in éag.

Airteagal 53

Meastóireacht agus athbhreithniú

1.   Faoin 14 Iúil 2028 agus gach 4 bliana ina dhiaidh sin, cuirfidh an Coimisiún tuarascáil ar mheastóireacht agus athbhreithniú an Rialacháin seo faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle. Cuirfear na tuarascálacha ar fáil go poiblí.

2.   An dul chun cinn teicniúil agus taithí phraiticiúil atá bainte amach sna Ballstáit mar a léirítear in Airteagal 6 á gcur san áireamh, áireoidh an Coimisiún ina thuarascáil meastóireacht na gnéithe seo a leanas den Rialachán seo:

(a)

na buncheanglais sláinte agus sábháilteacht a leagtar amach in Iarscríbhinn III;

(b)

an nós imeachta um measúnú comhréireachta is infheidhme i leith innealra nó táirgí gaolmhara a liostaítear in Iarscríbhinn I.

I gcás inarb iomchuí, beidh togra reachtach ag gabháil leis an tuarascáil chun na forálacha ábhartha den Rialachán seo a leasú.

3.   Faoin 14 Iúil 2026 agus gach 5 bliana ina dhiaidh sin, cuirfidh an Coimisiún tuarascáil shonrach ar mheastóireacht agus athbhreithniú Airteagal 6(4) agus (5) den Rialacháin seo faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle. Cuirfear na tuarascálacha ar fáil go poiblí.

Cuirfidh an Coimisiún an méid seo a leanas san áireamh ina thuarascálacha:

(a)

achoimre ar shonraí agus ar fhaisnéis arna soláthar ag na Ballstáit i gcomhréir le hAirteagal 6(5) le linn na tréimhse tuairiscithe;

(b)

measúnú ar liosta na gcatagóirí innealra nó táirgí gaolmhara in Iarscríbhinn I i bhfianaise na gcritéar a leagtar amach in Airteagal 6(4).

Sna tuarascálacha, déanfaidh an Coimisiún measúnú ar oiriúnacht agus infhaighteacht na sonraí agus na faisnéise a chuireann na Ballstáit ar fáil, lena n-áirítear a leordhóthanacht agus a oiriúnacht chun críocha comparáidí a dhéanamh, lena sainaithnítear aon easnaimh is gá chun feidhmiú agus forfheidhmiú éifeachtach Airteagal 6 a áirithiú.

Airteagal 54

Teacht i bhfeidhm agus cur i bhfeidhm

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh feidhm aige ón 14 Enaair 2027.

Beidh feidhm ag na hAirteagail seo a leanas, áfach, ó na dátaí seo a leanas:

(a)

Airteagail 26 go 42 ón 14 Eanáir 2024;

(b)

Airteagal 50(1) ón 14 Deireadh Fómhair 2023;

(c)

Airteagal 6(7) agus Airteagail 48 agus 52 ón 13 Iúil 2023;

(d)

Airteagal 6(2) go (6), (8) agus (11) agus Airteagail 47 agus 53(3) ón 14 Iúil 2024.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh in Strasbourg an 14 Meitheamh 2023.

Thar ceann Pharlaimint na hEorpa

An tUachtarán

R. METSOLA

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

J. ROSWALL


(1)  IO C 517, 22.12.2021, lch. 67.

(2)  Seasamh Pharlaimint na hEorpa an 18 Aibreán 2023 (nár foilsíodh fós san Iris Oifigiúil) agus cinneadh ón gComhairle an 22 Bealtaine 2023.

(3)  Treoir 2006/42/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Bealtaine 2006 maidir le hinnealra, agus lena leasaítear Treoir 95/16/CE (IO L 157, 9.6.2006, lch. 24).

(4)  Rialachán (CE) Uimh. 765/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 9 Iúil 2008 lena leagtar amach na ceanglais maidir le creidiúnú agus lena n-aisghairtear Rialachán (CEE) Uimh. 339/93 (IO L 218, 13.8.2008, lch. 30).

(5)  Rialachán (AE) 2019/1020 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Meitheamh 2019 maidir le faireachas margaidh ar tháirgí agus comhlíonadh táirgí agus lena leasaítear Treoir 2004/42/CE agus Rialacháin (CE) Uimh. 765/2008 agus (AE) Uimh. 305/2011 (IO L 169, 25.6.2019, lch. 1).

(6)  Cinneadh Uimh. 768/2008/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 9 Iúil 2008 maidir le comhchreat le haghaidh margú táirgí, agus lena n-aisghairtear Cinneadh 93/465/CEE ón gComhairle (IO L 218, 13.8.2008, lch. 82).

(7)  Treoir (AE) 2021/555 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 24 Márta 2021 maidir le fáil agus seilbh arm a rialú (IO L 115, 6.4.2021, lch. 1).

(8)  Rialachán (AE) Uimh. 167/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 5 Feabhra 2013 maidir le formheas agus le faireachas margaidh ar fheithiclí talmhaíochta agus foraoiseachta (IO L 60, 2.3.2013, lch. 1).

(9)  Rialachán (AE) Uimh. 168/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 15 Eanáir 2013 maidir le ceadú agus le faireachas margaidh ar fheithiclí dhá nó trí roth agus cuadrothair (IO L 60, 2.3.2013, lch. 52).

(10)  Rialachán (AE) 2018/858 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 30 Bealtaine 2018 maidir le ceadú mótarfheithiclí agus a leantóirí, agus córas, comhpháirteanna agus aonad teicniúil ar leithligh atá ceaptha le haghaidh feithiclí den sórt sin, agus faireachas margaidh orthu, lena leasaítear Rialacháin (CE) Uimh. 715/2007 agus (CE) Uimh. 595/2009 agus lena n-aisghairtear Treoir 2007/46/CE (IO L 151, 14.6.2018, lch. 1).

(11)  Treoir 2014/35/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 26 Feabhra 2014 maidir le comhchuibhiú dhlíthe na mBallstát a bhaineann le trealamh leictreach a chur ar fáil ar an margadh, ar trealamh é a dheartar lena úsáid laistigh de theorainneacha áirithe voltais (IO L 96, 29.3.2014, lch. 357).

(12)  Treoir 2014/53/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Aibreán 2014 maidir le comhfhogasú dhlíthe na mBallstát a bhaineann le trealamh raidió a chur ar fáil ar an margadh agus lena n-aisghairtear Treoir 1999/5/CE (IO L 153, 22.5.2014, lch. 62).

(13)  Rialachán (AE) Uimh. 1025/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 25 Deireadh Fómhair 2012 maidir le caighdeánú Eorpach, lena leasaítear Treoir 89/686/CEE agus Treoir 93/15/CEE ón gComhairle agus Treoracha 94/9/CE, 94/25/CE, 95/16/CE, 97/23/CE, 98/34/CE, 2004/22/CE, 2007/23/CE, 2009/23/CE agus 2009/105/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus lena n-aisghairtear Cinneadh 87/95/CEE ón gComhairle agus Cinneadh Uimh. 1673/2006/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (IO L 316, 14.11.2012, lch. 12).

(14)  IO C 136, 4.6.1985, lch. 1.

(15)  Rialachán (AE) 2019/881 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Aibreán 2019 maidir le ENISA (Gníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um Chibearshlándáil) agus maidir le deimhniú i ndáil le cibearshlándáil theicneolaíocht na faisnéise agus na cumarsáide agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE) Uimh. 526/2013 (an Gníomh um Chibearshlándáil) (IO L 151, 7.6.2019, lch. 15).

(16)  Treoir (AE) 2019/882 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Aibreán 2019 i ndáil leis na ceanglais inrochtaineachta le haghaidh táirgí agus seirbhísí (IO L 151, 7.6.2019, lch. 70).

(17)  IO L 23, 27.1.2010, lch. 35.

(18)  IO L 123, 12.5.2016, lch. 1.

(19)  Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Feabhra 2011 lena leagtar síos na rialacha agus na prionsabail ghinearálta a bhaineann leis na sásraí maidir le rialú ag na Ballstáit ar fheidhmiú cumhachtaí cur chun feidhme ag an gCoimisiún (IO L 55, 28.2.2011, lch. 13).

(20)  Treoir 73/361/CEE ón gComhairle an 19 Samhain 1973 maidir le comhfhogasú dhlíthe, rialacháin agus fhorálacha riaracháin na mBallstát a bhaineann le téada sreinge, slabhraí agus crúcaí a dheimhniú agus a mharcáil (IO L 335, 5.12.1973, lch. 51).

(21)  Rialachán (AE) 2018/1139 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 4 Iúil 2018 maidir le rialacha comhchoiteanna i réimse na heitlíochta sibhialta agus lena mbunaítear Gníomhaireacht Sábháilteachta Eitlíochta na hEorpa, agus lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 2111/2005, Rialachán (CE) Uimh. 1008/2008, Rialachán (AE) Uimh. 996/2010, Rialachán (AE) Uimh. 376/2014 agus Treoir 2014/30/AE agus Treoir 2014/53/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 552/2004 agus Rialachán (CE) Uimh. 216/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus Rialachán (CEE) Uimh. 3922/91 ón gComhairle (IO L 212, 22.8.2018, lch. 1).


IARSCRÍBHINN I

CATAGÓIRÍ INNEALRA NÓ TÁIRGÍ GAOLMHARA A NDÉANFAR CEANN DE NA NÓSANNA IMEACHTA DÁ DTAGRAÍTEAR IN AIRTEAGAL 25(2) AGUS (3) A CHUR I BHFEIDHM INA LEITH

CUID A

Catagóirí innealra nó táirgí gaolmhara a ndéanfar an nós imeachta dá dtagraítear in Airteagal 25(2) a chur i bhfeidhm ina leith:

1.

Feistí trais-seolta meicniúla inbhainte lena n-áirítear a sciatha.

2.

Sciatha le haghaidh feistí trais-seolta meicniúla inbhainte.

3.

Ardaitheoirí seirbhísithe feithiclí.

4.

Innealra daingnithe iniompartha arna oibriú le cartús agus innealra imbhuailte eile.

5.

Comhpháirteanna sábháilteachta ag a bhfuil iompraíocht atá féinathraitheach go hiomlán nó go páirteach agus úsáid á baint as cuir chuige mheaisínfhoghlama lena n-áirithítear feidhmeanna sábháilteachta.

6.

Innealra ina bhfuil córais leabaithe le hiompraíocht atá féinathraitheach go hiomlán nó go páirteach agus úsáid á baint as cuir chuige mheaisínfhoghlama lena n-áirithítear feidhmeanna sábháilteachta nach bhfuil curtha go neamhspleách ar an margadh, i leith na gcóras sin amháin.

CUID B

Catagóirí innealra nó táirgí gaolmhara a ndéanfar ceann de na nósanna imeachta dá dtagraítear in Airteagal 25(3) a chur i bhfeidhm ina leith:

1.

Sábha ciorclacha (lann shingil nó il-lannach) chun adhmad agus ábhar a shaothrú le saintréithe fisiciúla comhchosúla nó chun saothrú leis an bhfeoil agus le hábhar le saintréithe fisiciúla comhchosúla, de na cineálacha seo a leanas:

1.1.

innealra sáfa le lann(a) f(h)osaithe le linn gearradh, lena mbaineann leaba fhosaithe nó taca le fotha de láimh an phíosa saothair nó le fotha cumhachtaithe soscaoilte;

1.2.

innealra sáfa le lann(a) f(h)osaithe le linn gearradh, lena mbaineann binse sábhadóireachta nó carráiste frithingeach a oibrítear de láimh;

1.3.

innealra sáfa le lann(a) f(h)osaithe le linn gearradh, lena mbaineann feiste fothaithe mheicniúil iontógtha do phíosaí saothair, le luchtú agus/nó díluchtú láimhe;

1.4.

innealra sáfa le lann(a) soghluaiste le linn gearradh, lena mbaineann gluaiseacht mheicniúil na lainne, le luchtú agus/nó díluchtú láimhe.

2.

Innealra plánála lámhfhothaithe don adhmadóireacht.

3.

Tiúsóirí do chóireáil ar thaobh amháin le feiste fothaithe mheicniúil iontógtha, le luchtú agus/nó díluchtú láimhe don adhmadóireacht.

4.

Crios-sábha le luchtú agus/nó díluchtú láimhe chun adhmad a shaothrú, agus ábhar le saintréithe fisiciúla comhchosúla nó chun saothrú le feoil agus le hábhar de shaintréithe fisiciúla comhchosúla, de na cineálacha seo a leanas:

4.1.

innealra sábhadóireachta le lann(a) f(h)osaithe le linn gearradh, lena mbaineann leaba nó taca gluaiseachta frithingí don phíosa saothair;

4.2.

innealra sábhadóireachta le lann(a) arna cóimeáil/gcóimeáil ar charráiste le gluaisne fhrithingeach.

5.

Innealra teaglamaithe de na cineálacha dá dtagraítear i bpointe 1 go pointe 4 agus i bpointe 7 chun saothrú le hadhmad agus le hábhar de shaintréithe fisiciúla comhchosúla.

6.

Innealra tionúraithe lámhfhothaithe le roinnt coinneálaithe uirlisí le haghaidh na hadhmadóireachta.

7.

Innealra múnlaithe fearsaide ceartingearach lámhfhothaithe chun adhmad agus ábhar de shaintréithe fisiciúla comhchosúla a shaothrú.

8.

Sábha slabhracha iniompartha don adhmadóireacht.

9.

Fáisceáin, lena n-áirítear coscáin fáisceán, le haghaidh fuarshaoirsiú miotal, le luchtú agus/nó díluchtú láimhe, a bhféadfadh a bpáirteanna inghluaiste oibre bogadh níos mó ná 6 mm agus luas is mó ná 30 mm/s a bheith acu.

10.

Innealra insteallta nó comhbhrúite múnlaithe plaisteach le luchtú nó díluchtú láimhe.

11.

Innealra instealla nó comhbhrúite múnlaithe rubair le luchtú nó díluchtú láimhe.

12.

Innealra do shaothrú fo-thalún na gcineálacha seo a leanas:

12.1.

innill féinghluaiste agus carráistí coscánaithe;

12.2.

tacaí dín cumhachtaithe le hiodrálaic.

13.

Trucailí arna luchtú de láimh do bhailiú dramhaíola teaghlaigh lena n-áirítear sásra comhbhrúite.

14.

Feistí chun daoine nó daoine agus earraí a ardú lena mbaineann titim d’airde cheartingearach níos mó ná 3 m.

15.

Feistí cosanta atá ceaptha chun láithreacht daoine a bhrath.

16.

Sciatha inghluaiste comhghlasála faoi oibriú cumhachta atá ceaptha lena n-úsáid mar fheistí cosanta san innealra dá dtagraítear i míreanna 9, 10 agus 11 den Chuid seo.

17.

Aonaid loighce chun feidhmeanna sábháilteachta a áirithiú.

18.

Struchtúir chosanta i gcás iompaithe (ROPS).

19.

Struchtúir chosanta ar rudaí atá ag titim (FOPS).


IARSCRÍBHINN II

LIOSTA TÁSCACH NA GCOMHPHÁIRTEANNA SÁBHÁILTEACHTA

1.

Sciatha le haghaidh feistí trais-seolta meicniúla inbhainte.

2.

Feistí cosanta atá ceaptha chun láithreacht daoine a bhrath.

3.

Sciatha inghluaiste comhghlasála faoi oibriú cumhachta atá ceaptha lena n-úsáid mar fheistí cosanta san innealra dá dtagraítear i míreanna 9, 10 agus 11 d’Iarscríbhinn I, Cuid B.

4.

Aonaid loighce chun feidhmeanna sábháilteachta a áirithiú.

5.

Comhlaí le modhanna breise chun cliseadh a bhrath, comhlaí atá ceaptha le gluaiseachtaí contúirteacha a rialú san innealra.

6.

Córais eastósctha d’astaíochtaí innealra.

7.

Sciatha agus feistí cosanta atá ceaptha chun daoine a chosaint ar pháirteanna gluaisteacha le linn phróiseas an innealra.

8.

Feistí faireacháin lena rialaítear luchtú agus gluaiseacht in innealra ardaithe.

9.

Córais bhactha chun daoine a choinneáil ina gcuid suíochán.

10.

Stopfheistí éigeandála.

11.

Córais scaoilte chun carnadh luchtanna leictreastatacha contúirteacha féideartha a chosc.

12.

Teorantóirí fuinnimh agus feistí faoisimh dá dtagraítear i míreanna 1.5.7, 3.4.7 agus 4.1.2.6 d’ Iarscríbhinn III.

13.

Córais agus feistí chun astaíochtaí torainn agus creathanna a laghdú.

14.

Struchtúir chosanta i gcás iompaithe (ROPS).

15.

Struchtúir chosanta ar rudaí atá ag titim (FOPS).

16.

Feistí rialaithe dhá lámh.

17.

Na comhpháirteacha d’innealra seo a leanas atá ceaptha chun daoine a ardú agus/nó a ísliú idir léibhinn éagsúla:

(a)

feistí chun comhlaí doirse léibhinn a ghlasáil;

(b)

feistí chun an t-aonad iompair ualaigh a chosc ó thitim nó ó ghluaiseacht suas gan srianadh;

(c)

feistí teorannaithe róluais;

(d)

maolairí turrainge carntha fuinnimh, iad neamh-líneach nó le maolú na gluaiseachta fillte;

(e)

maolairí turrainge ídithe fuinnimh;

(f)

feistí sábháilteachta a fheistítear le seaic de chiorcaid chumhachta hiodrálaí agus a úsáidtear chun titimí a chosc;

(g)

lasca sábháilteachta ina bhfuil comhpháirteanna leictreonacha.

18.

Bogearraí a áirithíonn feidhmeanna sábháilteachta.

19.

Comhpháirteanna sábháilteachta ag a bhfuil iompraíocht atá féinathraitheach go hiomlán nó go páirteach agus úsáid á baint as cuir chuige mheaisínfhoghlama lena n-áirithítear feidhmeanna sábháilteachta.

20.

Córais scagacháin atá ceaptha lena gcomhtháthú i gcábáin innealra chun oibreoirí nó daoine eile a chosaint ar ábhair agus ar shubstaintí guaiseacha, lena n-áirítear táirgí cosanta plandaí, agus scagairí le haghaidh córais scagacháin den sórt sin.

IARSCRÍBHINN III

BUNCHEANGLAIS SLÁINTE AGUS SÁBHÁILTEACHTA A BHAINEANN LE DEARADH AGUS LE TÓGÁIL INNEALRA NÓ TÁIRGÍ GAOLMHARA

CUID A

Sainmhínithe

Chun críocha na hIarscríbhinne seo, beidh feidhm ag na sainmhínithe seo a leanas:

(a)

ciallaíonn ‘guais’ foinse fhéideartha díobhála nó damáiste don tsláinte;

(b)

ciallaíonn ‘crios contúirte’ aon chrios laistigh d’innealra agus/nó timpeall ar innealra ina mbíonn duine faoi réir riosca dá shláinte nó dá shábháilteacht;

(c)

ciallaíonn ‘duine neamhchosanta’ aon duine atá go hiomlán laistigh de chrios contúirte, nó laistigh de chuid de;

(d)

ciallaíonn ‘oibreoir’ an duine nó na daoine a dhéanann innealra nó táirge gaolmhar a shuiteáil, a oibriú, a choigeartú, a chothabháil, a ghlanadh, a dheisiú nó a bhogadh;

(e)

ciallaíonn ‘riosca’ meascán den dóchúlacht agus den ghéire díobhála nó damáiste don tsláinte a d’fhéadfadh tarlú i ndála contúirte áirithe;

(f)

ciallaíonn ‘sciath’ cuid den innealra nó den táirge gaolmhar a úsáidtear go sonrach chun cosaint a sholáthar trí bhíthin bacainn fhisiceach;

(g)

ciallaíonn ‘feiste chosanta’ feiste éigin (seachas sciath) lena laghdaítear an riosca, bíodh sí ann aisti féin nó i gcomhar le sciath;

(h)

ciallaíonn ‘úsáid atá beartaithe’ úsáid an innealra nó táirge ghaolmhair i gcomhréir leis an bhfaisnéis arna soláthar sna treoracha úsáide;

(i)

ciallaíonn ‘mí-úsáid measartha intuartha’ úsáid innealra nó táirge ghaolmhair ar bhealach nach bhfuil ceaptha de réir na dtreoracha úsáide, ach a d’fhéadfadh a bheith mar thoradh ar iompraíocht an duine atá intuartha go héasca.

CUID B

Prionsabail Ghinearálta

1.

Déanfaidh monaróir innealra nó táirge ghaolmhair a áirithiú go ndéanfar measúnú riosca chun na ceanglais sláinte agus sábháilteachta a bhfuil feidhm acu i leith an innealra nó an táirge ghaolmhair a chinneadh. Déanfar an innealra nó táirge gaolmhar a dhearadh agus a thógáil ansin chun guaiseacha a dhíothú nó, mura féidir é sin a dhéanamh, chun na rioscaí ábhartha go léir a íoslaghdú, agus torthaí an mheasúnaithe riosca á gcur san áireamh.

De bhun phróiseas atriallach an mheasúnaithe riosca agus an laghdaithe riosca dá dtagraítear sa chéad fomhír déanfaidh an monaróir an méid a leanas:

(a)

teorainneacha an innealra nó táirge ghaolmhair a chinneadh, lena n-áirítear an úsáid atá beartaithe díobh agus aon mhí-úsáid atá measartha intuartha a bhainfear astu;

(b)

na guaiseacha a d’fhéadfaí a ghiniúint leis an innealra nó an táirge gaolmhar agus na dálaí contúirte a ghabhann leo a shainaithint,

(c)

na rioscaí a mheas, agus aird á tabhairt ar ghéire na díobhála nó an damáiste fhéideartha don tsláinte, agus an dóchúlacht a bhaineann leo;

(d)

meastóireacht ar na rioscaí, d’fhonn an gá le laghdú riosca a chinneadh, i gcomhréir le cuspóir an Rialacháin seo;

(e)

na guaiseacha a dhíothú nó na rioscaí a laghdú i ndáil leis na guaiseacha sin ach bearta cosanta a chur i bhfeidhm, de réir an oird tosaíochta a bunaíodh in alt 1.1.2(b).

Áireofar leis an measúnú riosca agus laghdú riosca guaiseacha a d’fhéadfaí teacht chun cinn le linn shaolré an innealra nó táirge ghaolmhair ar féidir iad a thuar tráth a chuirtear an t-innealra nó táirge gaolmhar ar an margadh mar éabhlóid bheartaithe ar a iompraíocht nó ar a loighic atá ag athrú go hiomlán nó go páirteach, mar thoradh ar an innealra nó táirge gaolmhar atá ceaptha chun oibriú de réir leibhéil éagsúla neamhspleáchais. Áireofar leis an measúnú riosca agus laghdú riosca na rioscaí is toradh ar idirghníomhaíochtaí idir meaisínre ar mhaithe leis an gcuspóir céanna a bhaint amach, meaisínre atá socraithe agus rialaithe ionas go bhfeidhmeoidh siad mar aon aonad amháin, agus gur meaisínre atá iontu dá bhrí sin, de réir mar a shainmhínítear in Airteagal 3, pointe 1, pointe (d).

2.

Ní bheidh feidhm ag na hoibleagáidí a leagtar síos leis na buncheanglais sláinte agus sábháilteachta ach nuair is ann don ghuais chomhfhreagrach don innealra nó táirge gaolmhar i gceist agus é in úsáid de réir na ndálaí a raibh coinne ag an monaróir leo nó sna cásanna mínormálta a mbeadh coinne leo. Mar sin féin, beidh feidhm i ngach cás ag prionsabail an chomhtháthaithe sábháilteachta dá dtagraítear in alt 1.1.2 agus ag na hoibleagáidí maidir le hinnealra nó táirge gaolmhar a mharcáil dá dtagraítear in alt 1.7.3, agus ag na treoracha úsáide dá dtagraítear in alt 1.7.4.

3.

Is éigeantach na buncheanglais sláinte agus sábháilteachta a leagtar síos san Iarscríbhinn seo; mar sin féin, agus aird á tabhairt ar an úrscothacht, d’fhéadfadh sé nach mbeifear in ann na cuspóirí a leagtar síos leis na ceanglais sin a chomhlíonadh. Sa chás sin, déanfar an t-innealra nó táirge gaolmhar, a mhéid is a féidir, a dhearadh agus a thógáil chun na cuspóirí sin a bhaint amach.

4.

Tá sé chaibidil ag baint leis an Iarscríbhinn seo. Tá raon feidhme ginearálta ag an gcéad chaibidil, agus tá feidhm aici i leith innealra nó táirgí gaolmhara uile. Baineann na caibidlí eile le cineálacha áirithe guaiseacha níos sonraithe. Mar sin féin, is gá scrúdú a dhéanamh ar iomláine na hIarscríbhinne seo lena chinntiú go bhfuil na buncheanglais sláinte agus sábháilteachta ábhartha uile á gcomhlíonadh. Nuair atá innealra nó táirge gaolmhar á dhearadh, tabharfar aird ar na ceanglais sa chéad chaibidil agus ar na ceanglais atá i gceann amháin nó níos mó de na caibidlí eile, ag brath ar thorthaí an mheasúnaithe riosca a dhéantar i gcomhréir le pointe 1 de na Prionsabail Ghinearálta seo. Ní bheidh feidhm ag buncheanglais sláinte agus sábháilteachta maidir le cosaint an chomhshaoil ach amháin i leith an innealra nó táirge gaolmhar dá dtagraítear in roinn 2.4.

5.

Beidh feidhm ag na prionsabail ghinearálta sin maidir leis an measúnú riosca a dhéanann monaróir an innealra pháirtchríochnaithe.

1.   BUNCHEANGLAIS SLÁINTE AGUS SÁBHÁILTEACHTA

1.1.   Barúlacha ginearálta

1.1.1.   Infheidhmeacht

Tá na hoibleagáidí a leagtar síos leis na buncheanglais sláinte agus sábháilteachta infheidhme maidir le hinnealra páirtchríochnaithe sa mhéid go bhfuil na ceanglais sin ábhartha.

Ní chumhdaítear leis na ceanglais ábhartha maidir le hinnealra páirtchríochnaithe na ceanglais nach féidir a chomhlíonadh ach amháin nuair a ionchorpraítear an t-innealra páirtchríochnaithe. Tá prionsabail an chomhtháthaithe sábháilteachta a bhunaítear i roinn 1.1.2 infheidhme i ngach cás, áfach.

1.1.2.   Prionsabal an chomhtháthaithe sábháilteachta

(a)

Déanfar innealra nó táirgí gaolmhara a dhearadh agus a thógáil sa chaoi go mbeidh siad oiriúnach don fheidhm atá leo, agus gur féidir iad a oibriú, a choigeartú agus a chothabháil gan daoine a chur i mbaol nuair a dhéantar na hoibríochtaí sin faoi na ndálaí a raibh coinne leo, agus aird á tabhairt freisin ar aon mhí-úsáid measartha intuartha a bhainfear astu. Is é a bheidh mar aidhm ag na bearta cosanta aon riosca a dhíothú ar feadh shaolré intuartha an innealra nó an táirge ghaolmhair, lena n-áirítear na céimeanna iompair, cóimeála, díchóimeála, díchumasaithe agus briste.

(b)

Agus na modhanna is iomchuí á roghnú, déanfaidh an monaróir na prionsabail seo a leanas a chur i bhfeidhm, san ord seo a leanas:

(i)

guaiseacha a dhíothú nó, mura féidir é sin a dhéanamh, rioscaí a íoslaghdú (innealra nó táirgí gaolmhara atá sábháilte iontu féin a dhearadh agus a thógáil);

(ii)

na bearta cosanta is gá a ghlacadh i ndáil le rioscaí nach féidir a dhíothú;

(iii)

úsáideoirí a chur ar an eolas faoi na rioscaí iarmharacha de bharr aon easnamh atá sna bearta cosanta a glacadh, é a thabhairt le fios má theastaíonn aon oiliúint shonrach, agus aon ghá le soláthar trealaimh cosanta pearsanta a shonrú.

(c)

Agus innealra nó táirge gaolmhar á dhearadh agus á thógáil aige nó aici, agus na treoracha úsáide á ndréachtú aige nó aici, tabharfaidh an monaróir aird ní hamháin ar úsáid bheartaithe an innealra nó an táirge ghaolmhair ach ar aon mhí-úsáid measartha intuartha a bhainfear astu freisin. Déanfar an t-innealra nó an táirge gaolmhar a dhearadh agus a thógáil ar bhealach a dhéanfar úsáid mhínormálta a chosc más rud é go mbeadh riosca ag baint le húsáid den sórt sin. I gcás inarb iomchuí, sna treoracha úsáide, díreofar aird an úsáideora ar bhealaí nár cheart úsáid a bhaint as an innealra ná as an táirge gaolmhar, ar bhealaí iad d’fhéadfadh teacht chun cinn mar atá léirithe ag taithí a fuarthas cheana.

(d)

Déanfar innealra nó táirgí gaolmhara a dhearadh agus a thógáil chun na srianta a bhfuil an t-oibreoir faoina réir mar thoradh ar úsáid riachtanach nó intuartha an trealaimh cosanta phearsanta a chur san áireamh.

(e)

Déanfar innealra nó táirgí gaolmhara a dhearadh agus a thógáil sa chaoi gur féidir leis an úsáideoir, i gcás inarb infheidhme, na feidhmeanna sábháilteachta a thástáil. Soláthrófar don innealra nó don táirge gaolmhar an trealamh speisialta agus na gabhálais speisialta go léir, agus i gcás inarb iomchuí, an tuairisc ar nósanna imeachta sonracha um thástálacha feidhmiúla atá riachtanach chun go bhféadfar an t-innealra nó an táirge gaolmhar a thástáil, a choigeartú, a chothabháil agus a úsáid go sábháilte.

1.1.3.   Ábhair agus táirgí

Leis na hábhair a úsáidtear chun innealra nó táirgí gaolmhara a thógáil, nó na táirgí a úsáidtear nó a cruthaítear le linn a n-úsáide, ní gcuirfear sábháilteacht nó sláinte daoine i mbaol. Go háirithe, i gcás ina n-úsáidtear leachtanna, déanfar innealra nó táirgí gaolmhara a dhearadh agus a thógáil chun rioscaí a chosc de bharr líonadh, úsáide, aisghabhála nó draenála.

1.1.4.   Soilsiú

Soláthrófar innealra nó táirgí gaolmhara le soilsiú ionsuite atá oiriúnach do na hoibríochtaí lena mbaineann, i gcás inar dócha go mbeadh riosca ann dá éagmais sin d’ainneoin soilsiú comhthimpeallach gnáthdhéine a bheith ann.

Déanfar innealra nó táirgí gaolmhara a dhearadh agus a thógáil sa chaoi nach mbeidh aon limistéar faoi scáth ar dócha go mbeidh sé ina bhearrán, nach mbeidh solas dallraitheach bearránach ann, agus nach mbeidh éifeachtaí stróbascópacha contúirteacha ar pháirteanna gluaisteacha de dheasca an tsoilsithe.

Soláthrófar soilsiú iomchuí do pháirteanna inmheánacha ar gá iad a imscrúdú agus a choigeartú go minic, agus do limistéir chothabhála.

1.1.5.   Innealra nó táirge gaolmhar a dhearadh chun a láimhseáil a éascú

Maidir le hinnealra nó táirge gaolmhar nó gach comhpháirt de:

(a)

beifear in ann é a láimhseáil agus a iompar go sábháilte;

(b)

beidh sé pacáistithe nó deartha sa chaoi gur féidir é a stóráil go sábháilte agus gan dochar dó.

Le linn iompar an innealra nó an táirge ghaolmhair nó a chomhpháirteanna, ní bheidh aon riosca ann go mbainfí gluaiseachtaí tobanna as nó go mbeidh aon ghuais ann de dheasca éagobhsaíochta fad is go bhfuil an t-innealra nó an táirge gaolmhar nó a chomhpháirteanna á láimhseáil i gcomhréir leis na treoracha.

I gcás ina gcoisceann meáchan, méid nó cruth an innealra nó an táirge ghaolmhair nó a chomhpháirteanna éagsúla é nó iad a aistriú de láimh, is mar seo a leanas a bheidh an t-innealra nó an táirge gaolmhar nó gach comhpháirt:

(a)

feistithe le forbhaill le haghaidh trealamh ardaithe; nó

(b)

deartha sa chaoi gur féidir é nó í a fheistiú leis na forbhaill sin; nó

(c)

deartha sa chaoi gur féidir trealamh ardaithe caighdeánach a cheangal go héasca leis nó léi.

I gcás ina mbeidh innealra nó táirge gaolmhar nó ceann dá chuid chomhpháirteanna le haistriú de láimh, is mar seo a leanas a bheidh sé:

(a)

inghluaiste go héasca; nó

(b)

feistithe lena phiocadh suas agus lena aistriú go sábháilte.

Déanfar socruithe speisialta chun uirlisí agus/nó páirteanna d’innealra nó de tháirge gaolmhar a láimhseáil, a d’fhéadfadh a bheith guaiseach fiú más éadrom dóibh.

1.1.6.   An eirgeanamaíocht

Faoi na coinníollacha úsáide atá beartaithe, déanfar an míchompord, an tuirse agus an strus fisiceach agus síceolaíoch a bhíonn ar an oibreoir a dhíothú nó a laghdú a mhéid is féidir, agus na prionsabail eirgeanamaíocha seo a leanas á gcur san áireamh ar a laghad:

(a)

inathraitheacht thoisí fisiciúla, neart agus theacht aniar an oibreora a chur san áireamh;

(b)

an gá le staidiúirí nó gluaiseachtaí oibre déine agus saothair láimhe a sháraíonn inniúlacht an oibreora a sheachaint;

(c)

dóthain spáis a fhágáil don ghluaiseacht a bhainfidh an t-oibreoir as na baill éagsúla dá chorp nó dá corp;

(d)

ráta oibre arna chinneadh ag meaisín a sheachaint;

(e)

faireachán a éilíonn aird a dhíriú ar rud ar feadh i bhfad a sheachaint;

(f)

an comhéadan duine le meaisín a chur in oiriúint do shaintréithe intuartha na n-oibreoirí, lena n-áirítear maidir le hinnealra nó táirge gaolmhar ag a bhfuil iompraíocht nó loighic fhéinathraitheach go hiomlán nó go páirteach, ar iompraíocht nó loighic bheartaithe í, atá deartha chun oibriú de réir leibhéil éagsúla neamhspleáchais;

(g)

i gcás inarb ábhartha, innealra nó táirge gaolmhar ag a bhfuil iompraíocht nó loighic fhéinathraitheach go hiomlán nó go páirteach, ar iompraíocht nó loighic bheartaithe í, atá deartha chun oibriú de réir leibhéil éagsúla neamhspleáchais, an t-innealra nó táirge sin a oiriúnú chun go bhfreagróidh sé daoine go leormhaith agus go hiomchuí (amhail trí fhocail labhartha agus go neamhbhriathartha trí chomharthaí, gothaí gnúise nó gluaiseacht choirp) agus chun a ghníomhaíochtaí beartaithe a chur in iúl (amhail an rud a dhéanfaidh sé agus an fáth leis sin) d’oibreoirí ar bhealach sothuigthe.

1.1.7.   Suíomhanna oibriúcháin

Déanfar an suíomh oibriúcháin a dhearadh agus a thógáil sa chaoi go seachnófar gach riosca de bharr gáis sceite nó easpa ocsaigine.

Má tá an t-innealra nó an táirge gaolmhar beartaithe lena úsáid i dtimpeallacht ghuaiseach lena mbaineann rioscaí do shláinte agus do shábháilteacht an oibreora, nó má bhíonn timpeallacht ghuaiseach ann de dheasca an innealra nó an táirge ghaolmhair féin, déanfar acmhainní leormhaithe a sholáthar chun a áirithiú go mbeidh dálaí maithe oibre ag an oibreoir agus go gcosnófar é ar aon ghuais intuartha.

I gcás inarb iomchuí, feisteofar an suíomh oibriúcháin le cábán leormhaith a dhéanfar a dhearadh, a thógáil nó a fheistiú chun na ceanglais thuas a chomhlíonadh. Ní mór a bheith in ann éalú tríd an mbealach amach go tapa. Thairis sin, i gcás inarb infheidhme, cuirfear bealach éalaithe ar fáil i dtreo atá éagsúil leis an ngnáthbhealach amach.

1.1.8.   Suíocháin

I gcás inarb iomchuí agus de réir mar a cheadaítear sna dálaí oibre, déanfar stáisiúin oibre ar cuid dhílis den innealra nó den táirge gaolmhar iad a dhearadh sa chaoi gur féidir suíocháin a shuiteáil iontu.

Má tá sé beartaithe an t-oibreoir a bheith ina shuí nó ina suí le linn oibriúcháin, agus más cuid dhílis den innealra nó den táirge gaolmhar an suíomh oibriúcháin, soláthrófar an suíochán leis an innealra nó leis an táirge gaolmhar.

Ní mór an t-oibreoir a bheith in ann suí go socair ar an suíochán. Ina theannta sin, beifear in ann an suíochán, agus a fhad ó na feistí rialaithe, a chur in oiriúint don oibreoir.

Má bhaineann creathanna don innealra nó don táirge gaolmhar, déanfar an suíochán a dhearadh agus a thógáil sa chaoi go laghdófar na creathanna a sheoltar chuig an oibreoir go dtí an leibhéal is ísle is féidir go réasúnta. Beidh na gléasanna suíocháin in ann seasamh in aghaidh gach strus ar féidir teacht ina gcoinne. I gcás nach bhfuil urlár faoi chosa an oibreora, déanfar tacaí coise a sholáthar a mbeidh clúdach d’ábhar frithshleamhain orthu.

1.1.9.   Cosaint ar éilliú

Déanfar an t-innealra nó an táirge gaolmhar a dhearadh agus a thógáil sa chaoi nach gcruthófar dálaí contúirte má dhéantar é a cheangal le feiste eile, trí aon ghné den feiste cheangailte féin nó trí aon chianfheiste a dhéanann cumarsáid leis an innealra nó an táirge gaolmhar.

Comhpháirt chrua-earraí lena dtarchuirtear comhartha nó sonraí, atá ábhartha chun ceangail le bogearraí nó rochtain a fháil ar bhogearraí atá ríthábhachtach chun go mbeidh na buncheanglais sláinte agus sábháilteachta ábhartha á gcomhlíonadh ag an innealra nó an táirge gaolmhar, déanfar í a dhearadh sa chaoi go mbeidh cosaint leormhaith aici ar éilliú a dhéantar de thaisme nó d’aon ghnó. Baileoidh an t-innealra nó an táirge gaolmhar fianaise maidir le hidirghabháil dhlisteanach nó neamhdhlisteanach sa chomhpháirt crua-earraí sin, nuair is ábhartha chun ceangal le bogearraí nó rochtain a fháil ar bhogearraí atá fíor-thábhachtach le haghaidh chomhlíonadh an innealra nó an táirge ghaolmhair.

Bogearraí agus sonraí atá ríthábhachtach chun go mbeidh na buncheanglais sláinte agus sábháilteachta ábhartha á gcomhlíonadh ag an innealra nó an táirge gaolmhar, déanfar iad a shainaithint amhlaidh agus déanfar iad a chosaint go leordhóthanach ar éilliú a dhéantar de thaisme nó d’aon ghnó.

Leis an innealra nó an táirge gaolmhar, sainaithneofar na bogearraí atá suiteáilte air, ar bogearraí iad atá riachtanach chun gur féidir leis oibriú go sábháilte, agus beidh sé in ann an fhaisnéis sin a chur ar fáil i gcónaí ar bhealach ar féidir teacht uirthi go héasca.

Leis an innealra nó an táirge gaolmhar, baileofar fianaise maidir le hidirghabháil dhlisteanach nó neamhdhlisteanach sna bogearraí nó maidir le modhnú ar na bogearraí atá suiteáilte ar an innealra nó ar an táirge gaolmhar nó ar a gcumraíocht.

1.2.   Córais rialaithe

1.2.1.   Sábháilteacht agus iontaofacht na gcóras rialaithe

Déanfar córais rialaithe a dhearadh agus a thógáil sa chaoi go ndéanfar teacht chun cinn dálaí contúirte a chosc.

Déanfar córais rialaithe a dhearadh agus a thógáil sa chaoi:

(a)

go mbeidh siad, i gcás inarb iomchuí ó thaobh na n-imthosca agus na rioscaí de, in ann na struis oibriúcháin atá beartaithe agus na tionchair sheachtracha atá beartaithe agus neamhbheartaithe a sheasamh, lena n-áirítear iarrachtaí mailíseacha ó thríú páirtithe, ar iarrachtaí iad is féidir a thuar go réasúnta, a mbeadh dála contúirte mar thoradh orthu;

(b)

nach mbeidh dálaí contúirte mar thoradh ar locht i gcrua-earraí nó i loighic an chórais rialaithe;

(c)

nach mbeidh dálaí contúirte mar thoradh ar earráidí i loighic an chórais rialaithe;

(d)

go bhfuil teorainneacha na bhfeidhmeanna sábháilteachta le bunú mar chuid den mheasúnú riosca arna dhéanamh ag an monaróir agus nach gceadófar aon mhodhnú ar na socruithe ná ar na rialacha arna nginiúint ag an innealra nó ag an táirge gaolmhar nó ag oibreoirí, lena n-áirítear le linn chéim foghlama an innealra nó an táirge ghaolmhair, i gcás ina bhféadfadh dálaí contúirte a bheith mar thoradh ar na modhnuithe sin;

(e)

nach mbeidh dálaí contúirte mar thoradh ar earráidí daonna atá measartha intuartha le linn an oibriúcháin;

(f)

go ndéanfar loga rianaithe na sonraí arna nginiúint i ndáil le hidirghabháil agus na leaganacha de bhogearraí sábháilteachta arna n-uaslódáil tar éis an t-innealra nó an táirge gaolmhar a chur ar an margadh nó i seirbhís a chumasú ar feadh cúig bliana tar éis na huaslódála sin, go heisiach chun comhréireacht an innealra nó an táirge ghaolmhair leis an Iarscríbhinn seo a léiriú i dtaca le hiarraidh réasúnaithe ó údarás inniúil náisiúnta.

Córais rialaithe an innealra nó na dtáirgí gaolmhara ag a bhfuil iompraíocht nó loighic fhéinathraitheach go hiomlán nó go páirteach agus atá deartha chun oibriú de réir leibhéil éagsúla neamhspleáchais, déanfar iad a dhearadh agus a thógáil sa chaoi seo a leanas:

(a)

nach mbeidh siad ina gcúis leis an innealra nó an táirge gaolmhar gníomhaíochtaí a dhéanamh thar an gcúram agus an spás gluaiseachta a shainítear;

(b)

go gcumasófar sonraí a thaifeadadh maidir leis an bpróiseas cinnteoireachta a bhaineann le sábháilteacht le haghaidh córais sábháilteachta atá bunaithe ar bhogearraí lena n-áirithítear feidhm sábháilteachta, lena n-áirítear comhpháirteanna sábháilteachta, tar éis an t-innealra nó an táirge gaolmhar a chur ar an margadh nó i seirbhís, agus go gcoinneofar na sonraí sin ar feadh bliain amháin tar éis a mbailithe, go heisiach chun comhréireacht an innealra nó an táirge ghaolmhair leis an Iarscríbhinn seo a léiriú i dtaca le hiarraidh réasúnaithe ó údarás inniúil náisiúnta;

(c)

go mbeidh sé indéanta an t-innealra nó an táirge gaolmhar a cheartú i gcónaí chun a shábháilteacht bhunúsach a choimeád.

Tabharfar aird faoi leith ar na pointí seo a leanas:

(a)

ní thosóidh an t-innealra ná an táirge gaolmhar gan choinne;

(b)

ní thiocfaidh athrú ar pharaiméadair an innealra nó an táirge ghaolmhair ar bhealach neamhrialaithe, i gcás ina bhféadfadh an t-athrú sin dálaí contúirte a chruthú;

(c)

coiscfear modhnuithe ar na socruithe nó ar na rialacha, arna nginiúint ag an innealra nó ag an táirge gaolmhar nó ag oibreoirí, lena n-áirítear le linn chéim foghlama an innealra nó an táirge ghaolmhair, i gcás ina bhféadfadh dálaí contúirte a bheith mar thoradh ar na modhnuithe sin;

(d)

ní chuirfear cosc ar an innealra nó an táirge gaolmhar stopadh más rud é gur tugadh an t-ordú stoptha cheana;

(e)

ní thitfidh ná ní eisteilgfear aon pháirt ghluaisteach den innealra nó den táirge gaolmhar nó píosa atá ag an innealra nó ag an táirge gaolmhar;

(f)

ní chuirfear bac ar stopadh uathoibríoch nó stopadh de láimh na bpáirteanna gluaisteacha, cibé páirt iad féin;

(g)

beidh na feistí cosanta lán-éifeachtach i gcónaí nó tabharfaidh siad ordú stoptha;

(h)

beidh feidhm ag páirteanna an chórais rialaithe a bhaineann le sábháilteacht ar bhealach comhleanúnach maidir le cóimeáil iomlán innealra nó táirgí gaolmhara nó maidir le hinnealra páirtchríochnaithe, nó maidir le teaglaim díobh sin.

Maidir le rialú gan sreang, má mhainníonn an chumarsáid nó an ceangal nó má bhíonn nasc lochtach ann, ní chruthófar dála contúirte dá bharr.

1.2.2.   Feistí rialaithe

Is mar seo a leanas a bheidh na feistí rialaithe:

(a)

infheicthe agus inaitheanta go soiléir, agus picteagraim a n-úsáid acu i gcás inarb iomchuí;

(b)

suite sa chaoi go mbeifear in ann iad a oibriú go sábháilte gan mhoilleadóireacht ná diomailt ama agus gan doiléireacht;

(c)

deartha sa chaoi go mbeidh gluaiseacht na feiste rialaithe i gcomhréir lena héifeacht;

(d)

suite lasmuigh de na criosanna contúirte, seachas i gcás inar gá i leith feistí rialaithe áirithe, amhail stop éigeandála nó rialaitheoir teagaisc;

(e)

suite sa chaoi nach mbeidh riosca breise ann de bharr a n-oibrithe;

(f)

deartha nó cosanta sa chaoi nach mbeifear in ann an éifeacht inmhianaithe a ghnóthú ach amháin le gníomh a dhéantar d’aon ghnó i gcás inarb ann do ghuais;

(g)

déanta sa chaoi go mbeidh siad in ann fórsaí intuartha a sheasamh, agus aird ar leith á tabhairt ar stopfheistí éigeandála a d’fhéadfadh a bheith faoi réir ag fórsaí suntasacha.

I gcás ina bhfuil feiste rialaithe deartha agus tógtha chun roinnt gníomhaíocht éagsúla a dhéanamh, eadhon i gcás nach bhfuil an ghníomhaíocht soiléir, déanfar an ghníomhaíocht atá le déanamh a thaispeáint go soiléir agus a chur faoi réir dearbhú, i gcás inar gá.

Déanfar na feistí rialaithe a eagrú sa chaoi go mbeidh a leagan amach, a mbogadh agus a bhfriotaíocht in aghaidh oibriúcháin comhoiriúnach leis an ngníomhaíocht atá le déanamh, agus aird á tabhairt ar na prionsabail eirgeanamaíocha.

Déanfar innealra nó táirgí gaolmhara a fheistiú le táscairí de réir mar is gá le haghaidh oibriú sábháilte. Beidh an t-oibreoir in ann iad a léamh ón suíomh rialaithe.

Beidh an t-oibreoir in ann a áirithiú ó gach suíomh rialaithe nach bhfuil aon duine sna criosanna contúirte, nó déanfar an córas rialaithe a dhearadh agus a thógáil sa chaoi go gcoiscfear an tosú agus duine sa chrios contúirte.

Mura bhfuil ceachtar den dá fhéidearthacht sin infheidhme, tabharfar comhartha rabhaidh fuaime agus/nó físe roimh don innealra nó don táirge gaolmhar tosú. Beidh am ag na daoine neamhchosanta chun an crios contúirte a fhágáil nó tosú an innealra a chosc.

Déanfar acmhainní a sholáthar más gá chun a áirithiú nach féidir an t-innealra nó an táirge gaolmhar a rialú ach amháin ó na suíomhanna rialaithe atá suite i gcriosanna nó i suíomhanna réamhshocraithe amháin nó níos mó.

I gcás gur ann do níos mó ná suíomh rialaithe amháin, déanfar an córas rialaithe a dhearadh sa chaoi go gcoiscfear le húsáid ceann amháin acu úsáid na gceann eile, seachas i gcás stoprialtán agus stopanna éigeandála.

Nuair atá dhá shuíomh oibriúcháin nó níos mó ag an innealra nó ag an táirge gaolmhar, soláthrófar gach suíomh leis na feistí rialaithe is gá gan na hoibreoirí ag cur bac ar a chéile ná a chéile a chur i ndála contúirte.

1.2.3.   Tosú

Ní bheifear in ann an t-innealra nó an táirge gaolmhar a chur ar siúl ach amháin le gníomhrú deonach de chuid feiste rialaithe a sholáthraítear chun na críche sin.

Bíonn feidhm ag an riachtanas céanna sna cásanna seo a leanas:

(a)

nuair a atosaítear an t-innealra nó an táirge gaolmhar tar éis stopadh, cibé cúis a bhaineann leis;

(b)

nuair a dhéantar athrú suntasach sna dálaí oibriúcháin.

Mar sin féin, féadfar atosú an innealra nó an táirge ghaolmhair nó athrú ar na dálaí oibriúcháin a dhéanamh trí ghníomhrú deonach de chuid feiste seachas an fheiste rialaithe a sholáthraítear chun na críche sin, ar choinníoll nach mbeidh dála contúirte mar thoradh air.

I gcás an innealra nó an táirge ghaolmhair a fheidhmíonn sa mhód uathoibríoch, d’fhéadfadh tosú an innealra nó an táirge ghaolmhair, atosú tar éis stopadh, nó athrú ar na dálaí oibriúcháin a bheith indéanta gan idirghabháil a dhéanamh, ar choinníoll nach mbeidh dála contúirte mar thoradh ar an méid sin.

I gcás ina bhfuil roinnt feistí rialaithe um thosú ag an innealra nó ag an táirge gaolmhar agus, dá bhrí sin, gur féidir na hoibreoirí a chéile a chur i mbaol, feisteofar feistí breise chun na rioscaí sin a chur as an áireamh. Más rud é go n-éilítear leis an tsábháilteacht an tosú agus/nó an stopadh a dhéanamh i seicheamh sonrach, beidh feistí ann chun a áirithiú go ndéanfar na hoibríochtaí sin san ord ceart.

1.2.4.   Stopadh

1.2.4.1.   An gnáthstop

Déanfar an t-innealra nó an táirge gaolmhar a fheistiú le feiste rialaithe lenar féidir an t-innealra a stopadh go hiomlán ar bhealach sábháilte.

Déanfar gach stáisiún oibre a fheistiú le feiste rialaithe chun roinnt feidhmeanna nó gach feidhm den innealra nó den táirge gaolmhar a stopadh, ag brath ar na guaiseacha atá ann, chun an t-innealra nó an táirge gaolmhar a dhéanamh sábháilte.

Tabharfar tosaíocht do stoprialtán an innealra nó an táirge ghaolmhair thar na rialtáin tosaithe.

A luaithe a bheidh an t-innealra nó an táirge gaolmhar nó a fheidhmeanna guaiseacha stoptha, déanfar soláthar fuinnimh na ngníomhróirí lena mbaineann a ghearradh.

1.2.4.2.   An stop oibríochta

I gcás inar gá, ar chúiseanna oibríochta, stoprialtán nach ngearrann soláthar fuinnimh na ngníomhróirí, déanfar faireachán agus cothabháil ar an staid stoptha.

1.2.4.3.   An stop éigeandála

Déanfar an t-innealra nó an táirge gaolmhar a fheistiú le stopfheiste éigeandála amháin nó níos mó chun gur féidir contúirt iarbhír nó contúirt atá ag bagairt a sheachaint.

Tá feidhm ag na heisceachtaí seo a leanas:

(a)

an t-innealra nó an táirge gaolmhar nach laghdódh stopfheiste éigeandála an riosca, toisc nach laghdódh sí an t-am stoptha nó toisc nach gcumasódh sí na bearta speisialta is gá chun dul i ngleic leis an riosca a ghlacadh;

(b)

innealra nó táirgí gaolmhara iniompartha láimhe nó a threoraítear de láimh

Maidir leis an bhfeiste:

(a)

beidh feistí rialaithe aici atá inaitheanta go soiléir, infheicthe go soiléir agus inrochtana go mear;

(b)

cuirfidh sí stop leis an bpróiseas guaiseach chomh tapa agus is féidir, gan rioscaí breise a chruthú;

(c)

i gás inar gá, spreagfaidh sí gluaiseachtaí cosanta áirithe nó ceadóidh sí spreagadh gluaiseachtaí cosanta áirithe.

A luaithe a scoirfear d’oibriú gníomhach na stopfheiste éigeandála tar éis ordú stoptha, leanfar den ordú sin tríd an stopfheiste éigeandála a oibriú go dtí go sárófar go sonrach an t-oibriú sin; ní bheifear in ann an feiste a oibriú gan ordú stoptha a spreagadh; ní fhéadfar an feiste a dhíscor ach amháin le hoibríocht iomchuí a dhéanamh, agus ní hé go n-atosófar an t-innealra nó an táirge gaolmhar uair a dhéanfar an feiste a dhíscor, ach ceadófar é a atosú.

Beidh an fheidhm stop éigeandála ar fáil agus oibríochtúil i gcónaí, beag beann ar an mód oibriúcháin.

Beidh na stopfheistí éigeandála ina gcúltaca le bearta coimirce eile agus ní chuirfear iad in áit na mbeart sin.

1.2.4.4.   Cóimeáil innealra nó táirgí gaolmhara

I gcás innealra nó táirge gaolmhar nó páirteanna d’innealra nó táirge gaolmhar atá deartha chun oibriú le chéile, déanfar innealra nó táirge gaolmhar a dhearadh agus a thógáil sa chaoi gur féidir leis na stoprialtáin, lena n-áirítear na stopfheistí éigeandála, stop a chur ní hamháin leis an innealra nó an táirge gaolmhar féin ach leis an trealamh uile a bhaineann leis freisin, dá mba rud é go mbeadh contúirt ann dá leanfaí ar aghaidh lena oibriúchán.

1.2.5.   Roghnú mód rialaithe nó oibriúcháin

Déanfaidh an mód rialaithe nó oibriúcháin arna roghnú gach mód rialaithe nó oibriúcháin eile a shárú, cé is moite den stop éigeandála.

Má rinneadh an t-innealra nó an táirge gaolmhar a dhearadh agus a thógáil chun gur féidir é a úsáid i roinnt móid rialaithe nó oibriúcháin a éilíonn bearta cosanta agus/nó nósanna imeachta éagsúla, déanfar é a fheistiú le roghnóir móid ar féidir é a ghlasáil i ngach suíomh. Beidh gach suíomh den roghnóir inaitheanta go soiléir agus comhfhreagróidh sé do mhód oibriúcháin nó rialaithe aonair.

Is féidir an roghnóir a athsholáthar le modh roghnúcháin eile, lena gcuirtear srian le húsáid fheidhmeanna áirithe an innealra nó an táirge ghaolmhair maidir le catagóirí áirithe oibreoirí.

Más rud é, le haghaidh oibríochtaí áirithe, go mbeidh an t-innealra nó an táirge gaolmhar in ann oibriú le sciath atá curtha as áit nó bainte de agus/nó le feiste cosanta atá díchumasaithe, déanfaidh an roghnóir móid rialaithe nó oibriúcháin an méid seo a leanas go comhuaineach:

(a)

díchumasóidh sé gach mód rialaithe nó oibriúcháin eile;

(b)

ní cheadóidh sé oibriú feidhmeanna guaiseacha ach amháin trí fheistí rialaithe a éilíonn gníomh marthanach;

(c)

ní cheadóidh sé oibriú feidhmeanna guaiseacha ach amháin i ndálaí riosca laghdaithe agus guaiseacha ó sheichimh nasctha á gcosc;

(d)

cuirfidh sé cosc le haon oibriú feidhmeanna guaiseacha trí ghníomh deonach nó neamhdheonach ar bhraiteoirí an innealra nó an táirge ghaolmhair.

Mura féidir na ceithre choinníoll sin a chomhlíonadh go comhuaineach, déanfaidh an roghnóir móid rialaithe nó oibriúcháin bearta cosanta eile a ghníomhachtú atá deartha agus déanta chun crios idirghabhála sábháilte a áirithiú.

Ina theannta sin, beidh an t-oibreoir in ann na páirteanna a bhfuil sé nó sí i mbun oibre orthu a rialú ón bpointe coigeartaithe.

1.2.6.   Cliseadh an tsoláthair cumhachta nó cliseadh cheangal an líonra cumarsáide

Ní bheidh dálaí contúirte ann mar thoradh ar bhriseadh, ar athbhunú tar éis briseadh nó ar luaineacht, i gcibé foirm, sa soláthair cumhachta nó i gceangal an líonra cumarsáide leis an innealra nó an táirge gaolmhar.

Tabharfar aird ar leith ar an méid seo a leanas:

(a)

ní thosóidh an t-innealra nó an táirge gaolmhar gan choinne;

(b)

ní athróidh paraiméadair an innealra ar bhealach neamhrialaithe nuair a d’fhéadfadh dálaí contúirte a bheith mar thoradh ar athrú den sórt sin;

(c)

ní chuirfear cosc ar an innealra nó ar an táirge gaolmhar stopadh más rud é gur tugadh an t-ordú stoptha cheana;

(d)

ní thitfidh ná ní eisteilgfear aon pháirt ghluaisteach den innealra nó den táirge gaolmhar nó aon phíosa atá ag an innealra nó ag an táirge gaolmhar;

(e)

ní chuirfear bac ar stopadh uathoibríoch nó stopadh de láimh na bpáirteanna gluaisteacha, cibé páirt iad féin;

(f)

beidh na feistí cosanta lán-éifeachtach i gcónaí nó tabharfaidh siad ordú stoptha.

1.3.   Cosaint ar rioscaí meicniúla

1.3.1.   Riosca caillteanais cobhsaíochta

Beidh an t-innealra nó an táirge gaolmhar agus a chomhpháirteanna agus a fheistithe cobhsaí go leor chun iompú bunoscionn, titim nó gluaiseachtaí neamhrialaithe a chosc le linn iompair, cóimeála, díchóimeála agus le linn aon ghníomhaíocht eile a bhaineann leis an innealra nó an táirge gaolmhar.

Mura bhfuil cobhsaíocht leordhóthanach ag baint le cruth an innealra nó an táirge ghaolmhair féin ná leis an tsuiteáil atá beartaithe dó, déanfar modhanna iomchuí ancaireachta a áireamh agus a léiriú sna treoracha úsáide.

1.3.2.   Riosca an bhriste suas le linn oibriúcháin

Beidh na páirteanna éagsúla den innealra nó den táirge gaolmhar agus a naisc in ann seasamh i gcoinne na strus a chuirtear orthu agus iad á n-úsáid.

Beidh inmharthanacht na n-ábhar a úsáidtear leormhaith don chineál timpeallachta oibre a bhfuil coinne ag an monaróir leis, go háirithe maidir le feiniméin na strustuirse, an aosaithe, an chreimthe agus scríobtha.

Léireoidh na treoracha úsáide cineál agus minice na n-iniúchtaí agus na cothabhála is gá ar mhaithe le cúiseanna sábháilteachta. Cuirfidh siad in iúl, i gcás inarb iomchuí, na páirteanna atá faoi réir caithimh agus na critéir maidir le hathsholáthar.

I gcás ina mbíonn riosca réabtha nó díscaoilte ann d’ainneoin na mbeart a glacadh, déanfar na páirteanna lena mbaineann a fheistiú, a shuí nó a chosaint sa chaoi go gcoinneofar smacht ar aon bhloghanna, rud a choiscfidh dálaí contúirte.

Píobáin dholúbtha agus sholúbtha trína ngabhann leachtanna, go háirithe iad siúd faoi ardbhrú, beidh siad in ann seasamh i gcoinne na strus intuartha inmheánach agus seachtrach agus beidh siad greamaithe go daingean nó faoi chosaint chun a áirithiú, i gcás réabadh, nach mbeidh aon riosca ann.

I gcás ina gcuirtear an t-ábhar atá le próiseáil isteach san uirlis go huathoibríoch, déanfar na coinníollacha seo a leanas a chomhlíonadh chun rioscaí do dhaoine a sheachaint:

(a)

nuair a bhíonn teagmháil ag an bpáirt oibre leis an uirlis, beidh a gnáthdhála oibre bainte amach ag an uirlis;

(b)

nuair a thosaíonn agus/nó nuair a stopann an uirlis (d’aon ghnó nó de thaisme), déanfar an ghluaiseacht fothaithe agus an ghluaiseacht uirlise a chomhordú.

1.3.3.   Rioscaí de bharr rudaí ag titim nó rudaí eisteilgthe

Déanfar réamhchúraimí a ghlacadh chun rioscaí ó rudaí atá ag titim nó rudaí eisteilgthe a chosc.

1.3.4.   Rioscaí de bharr dromchlaí, ciumhaiseanna nó uillinneacha

A mhéid a cheadaítear é leis an rud is cuspóir dóibh, ní bheidh ciumhaiseanna géara, uillinneacha géara ná dromchlaí garbha ar dócha dóibh díobháil a dhéanamh ag páirteanna inrochtana an innealra ná an táirge ghaolmhair.

1.3.5.   Rioscaí a bhaineann le hinnealra teaglamaithe nó táirge gaolmhar

I gcás ina mbeartaítear roinnt oibríochtaí éagsúla a dhéanamh leis an innealra nó an táirge gaolmhar agus an píosa a bhaint de láimh idir gach oibríocht (innealra teaglamaithe nó táirge gaolmhar), déanfar é a dhearadh agus a thógáil sa chaoi gur féidir gach eilimint a úsáid ar leithligh gan na heilimintí eile a bheith ina riosca do dhaoine neamhchosanta.

Chun na críche sin, beifear in ann aon eilimintí nach bhfuil cosanta a thosú agus a stopadh ar leithligh.

1.3.6.   Rioscaí a bhaineann le héagsúlachtaí i ndálaí oibriúcháin

I gcás ina ndéantar oibríochtaí leis an innealra nó an táirge gaolmhar faoi dhálaí úsáide éagsúla, déanfar é a dhearadh agus a thógáil sa chaoi gur féidir roghnú agus coigeartú na ndálaí sin a dhéanamh go sábháilte agus go hiontaofa.

1.3.7.   Rioscaí a bhaineann le páirteanna gluaisteacha

Déanfar na páirteanna gluaisteachta den innealra nó den táirge gaolmhar a dhearadh agus a thógáil sa chaoi go gcoiscfear rioscaí teagmhála a bhféadfadh tionóiscí teacht astu nó, i gcás ina mbeidh rioscaí fós ann, feisteofar iad le sciatha nó le feistí cosanta.

Déanfar gach beart is gá chun calcadh timpisteach na bpáirteanna gluaisteacha a chosc. Sna cásanna inar dócha go dtarlóidh calcadh, d’ainneoin na réamhchúraimí arna nglacadh, déanfar na feistí cosanta agus na huirlisí sonracha is gá a sholáthar, i gcás inarb iomchuí, chun díchalcadh sábháilte an trealaimh a chumasú.

Is leis na treoracha úsáide agus, i gcás inar féidir, le comhartha ar an innealra nó ar an táirge gaolmhar a shainaithneofar na feistí cosanta sonracha sin agus an chaoi ar cheart iad a úsáid.

Déanfar an cosc ar rioscaí teagmhála as a n-eascraíonn dálaí contúirte agus an strus síceolaíoch a d’fhéadfadh teacht as an idirghníomhaíocht leis an innealra a chur in oiriúint do na nithe seo a leanas:

(a)

cómhaireachtáil idir an duine agus an meaisín i spás comhroinnte gan comhoibriú díreach;

(b)

idirghníomhaíocht idir duine agus an meaisín.

1.3.8.   Rogha cosanta ar rioscaí a bhaineann le páirteanna gluaisteacha

Na sciatha nó feistí cosanta atá deartha chun cosaint a thabhairt ar rioscaí a eascraíonn as páirteanna gluaisteacha, roghnófar iad ar bhonn an chineáil riosca. Bainfear leas as na treoirlínte seo a leanas chun cuidiú leis an rogha a dhéanamh.

1.3.8.1.   Páirteanna trais-seolta gluaisteacha

Na sciatha atá ceaptha le daoine a chosaint ó na guaiseacha a chruthaíonn páirteanna trais-seolta gluaisteacha, is mar seo a leanas a bheidh siad:

(a)

ina sciatha daingne dá dtagraítear i roinn 1.4.2.1; nó

(b)

ina sciatha inghluaiste comhghlasála dá dtagraítear i roinn 1.4.2.2.

Bainfear úsáid as sciatha inghluaiste comhghlasála i gcás ina mbeidh rochtain rialta beartaithe.

1.3.8.2.   Páirteanna gluaisteacha atá páirteach sa phróiseas

Na sciatha nó na feistí cosanta atá deartha le daoine a chosaint ar na guaiseacha a chruthaítear le páirteanna gluaisteacha atá páirteach sa phróiseas, is mar seo a leanas a bheidh siad:

(a)

ina sciatha daingne dá dtagraítear i roinn 1.4.2.1; nó

(b)

ina sciatha inghluaiste comhghlasála dá dtagraítear i roinn 1.4.2.2; nó

(c)

ina bhfeistí cosanta dá dtagraítear i roinn 1.4.3; nó

(d)

ina dteaglaim den mhéid thuas.

Mar sin féin, na páirteanna gluaisteacha a bhíonn páirteach go díreach sa phróiseas, nuair nach féidir leo a bheith dorochtana go hiomlán le linn an oibrithe de bharr oibríochtaí a éilíonn idirghabháil oibreora, feisteofar na páirteanna sin leis an méid seo a leanas:

(a)

sciatha daingne nó sciatha inghluaiste comhghlasála lena gcoisctear rochtain ar na codanna sin de na páirteanna nach bhfuil in úsáid san obair; agus

(b)

sciatha insocraithe dá dtagraítear i roinn 1.4.2.3 lena gcuirtear srian le rochtain ar na codanna sin de na páirteanna gluaisteacha ar a mbíonn rochtain de dhíth.

1.3.9.   Rioscaí na ngluaiseachtaí neamhrialaithe

Nuair atá stop curtha le páirt den innealra nó den táirge gaolmhar, aon ghluaisteacht ón áit ar tharla an stopadh, ar aon chúis seachas gníomh a dhéantar ar na feistí rialaithe, coiscfear í nó gluaiseacht a bheidh ann nach mbeidh riosca ag baint léi.

1.4.   Saintréithe riachtanacha na sciath agus na bhfeistí cosanta

1.4.1.   Ceanglais ghinearálta

Maidir leis na sciatha agus na feistí cosanta:

(a)

beidh déanamh láidir acu;

(b)

beidh siad feistithe go daingean;

(c)

ní bheidh siad ina gcúis le haon ghuais bhreise;

(d)

ní bheidh sé éasca dul timpeall orthu ná iad a chur as feidhm;

(e)

beidh siad suite achar leormhaith ón gcrios contúirte;

(f)

cruthóidh siad an bac is íosta ar radharc an phróisis táirgthe, agus;

(g)

déanfaidh siad obair riachtanach ar shuiteáil agus/nó athsholáthar uirlisí a chumasú, agus chun críoch cothabhála trí rochtain a theorannú go heisiach ar an limistéar inar gá an obair a dhéanamh, más féidir, gan gá a bheith ann an sciath nó an fheiste chosanta a dhíchumasú.

Ina theannta sin, beidh sciatha ina gcosaint, i gcás inar féidir, ar eisteilgean nó titim ábhar nó rudaí, agus ar astaíochtaí a ghineann an t-innealra nó an táirge gaolmhar.

1.4.2.   Ceanglais speisialta maidir le sciatha

1.4.2.1.   Sciatha daingnithe

Déanfar sciatha daingnithe a dhaingniú le córais nach féidir a oscailt ná a bhaint ach le huirlisí.

Beidh na córais um dhaingniú ceangailte i gcónaí leis na sciatha nó leis an innealra nó an táirge gaolmhar nuair a bhainfear na sciatha.

I gcás inar féidir, ní bheidh sciatha in ann coinneáil in áit gan a ndaingnitheoirí.

1.4.2.2.   Sciatha inghluaiste comhghlasála

Maidir leis na sciatha inghluaiste chomhghlasála:

(a)

fanfaidh siad ceangailte a mhéid is féidir leis an innealra nó an táirge gaolmhar agus iad ar oscailt;

(b)

déanfar iad a dhearadh agus a thógail sa chaoi nach mbeifear in ann iad a choigeartú ach amháin trí ghníomh a dhéantar d’aon ghnó.

Beidh na sciatha inghluaiste ceangailte le feiste chomhghlasála a dhéanfaidh an méid seo a leanas:

(a)

cosc a chur ar thosú fheidhmeanna guaiseacha an innealra nó an táirge ghaolmhair go dtí go ndúnfar na sciatha sin; agus

(b)

ordú stoptha a thabhairt nuair nach bhfuil na sciatha sin dúnta a thuilleadh.

I gcás inar féidir le hoibreoir teacht ar an gcrios contúirte sula mbeidh deireadh leis an riosca de bharr fheidhmeanna guaiseacha an innealra nó an táirge ghaolmhair, beidh na sciatha inghluaiste ceangailte le feiste glasála sciath sa bhreis ar fheiste chomhghlasála a dhéanfaidh an méid seo a leanas:

(a)

cosc a chur ar thosú fheidhmeanna guaiseacha an innealra nó an táirge ghaolmhair go dtí go ndúnfar agus go nglasálfar an sciath; agus

(b)

an sciath a choinneáil dúnta agus glasáilte go dtí go mbeidh deireadh leis an riosca gortaithe ó fheidhmeanna guaiseacha an innealra nó an táirge ghaolmhair.

Déanfar na sciatha inghluaiste comhghlasála a dhearadh sa chaoi, i gcás cliseadh nó easnamh ceann amháin dá gcomhpháirteanna, go gcoiscfear tosú nó go gcuirfear stop le feidhmeanna guaiseacha an innealra nó an táirge ghaolmhair.

1.4.2.3.   Sciatha insocraithe lena gcuirtear srian le rochtain

Na sciatha insocraithe lena gcuirtear srian le rochtain ar na limistéir sin de na páirteanna gluaisteacha a bhfuil fíorghá leo le haghaidh na hoibre, beidh siad:

(a)

insocraithe de láimh nó go huathoibríoch, ag brath ar an gcineál oibre lena mbaineann; agus

(b)

insocraithe go héasca gan uirlisí a úsáid.

1.4.3.   Ceanglais speisialta le haghaidh feistí cosanta

Déanfar na feistí cosanta a dhearadh agus a ionchorprú sa chóras rialaithe sa chaoi:

(a)

nach mbeifear in ann páirteanna gluaisteacha a chur ar siúl agus iad fad láimhe ón oibreoir;

(b)

nach mbeidh daoine in ann síneadh chomh fada le páirteanna gluaisteacha agus na páirteanna ag gluaiseacht, agus

(c)

go gcoiscfear tosú nó go stopfar na páirteanna gluaisteacha i gcás easnamh nó cliseadh ar cheann de na comhpháirteanna.

Ní bheidh na feistí cosanta insocraithe ach amháin trí ghníomh a dhéantar d’aon ghnó.

1.5.   Rioscaí de bharr cúiseanna eile

1.5.1.   Soláthar leictreachais

I gcás ina bhfuil soláthar leictreachais ag innealra nó ag táirgí gaolmhara, déanfar iad a dhearadh, a thógáil agus a fheistiú sa chaoi go gcoiscfear guaiseacha uile de chineál leictreach nó gur féidir na guaiseacha sin a chosc.

Beidh feidhm ag na cuspóirí sábháilteachta a leagtar amach i dTreoir 2014/35/AE maidir leis an innealra nó na táirgí gaolmhara. Mar sin féin, is leis an Rialachán seo amháin a rialaítear na hoibleagáidí ó thaobh rioscaí leictreachais de a bhaineann le measúnú comhréireachta agus le hinnealra nó táirgí gaolmhara a chur ar an margadh nó a chur i seirbhís.

1.5.2.   Leictreachas statach

Déanfar innealra nó táirgí gaolmhara a dhearadh agus a thógáil chun carnadh luchtanna leictreastatacha a d’fhéadfadh a bheith contúirteach a chosc nó a theorannú agus/nó feisteofar iad le córas díluchtaithe.

1.5.3.   Soláthar fuinnimh seachas an leictreachas

I gcás ina gcumhachtaítear innealra nó táirgí gaolmhara le foinse fuinnimh seachas an leictreachas, déanfar iad a dhearadh, a thógail agus a fheistiú chun gach riosca a d’fhéadfadh a bheith ag baint leis na foinsí fuinnimh sin a sheachaint.

1.5.4.   Earráidí maidir le feistiú

Más amhlaidh atá earráidí ann is dócha a dhéanfar agus páirteanna áirithe á bhfeistiú nó á n-athfheistiú agus a d’fhéadfadh a bheith ina riosca, féachfar chuige, trí dhearadh agus déanamh páirteanna den sórt sin, nó mura féidir sin, trí fhaisnéis a lua ar na páirteanna féin nó ar a gcásáil, nach bhféadfar na hearráidí sin a dhéanamh. Tabharfar an fhaisnéis chéanna maidir le páirteanna gluaisteacha nó maidir lena gcásáil i gcás inar gá treo na gluaiseachta a bheith ar eolas chun riosca a sheachaint.

I gcás inar gá, tabharfar breis faisnéise sna treoracha úsáide maidir leis na rioscaí sin.

I gcás inar féidir ceangal lochtach a bheith ina riosca, féachfar chuige, trí dhearadh nó, mura féidir sin, trí fhaisnéis a lua ar na heilimintí atá le ceangal agus, i gcás inarb iomchuí, ar na modhanna ceangailte, nach bhféadfar ceangail mhíchearta a dhéanamh.

1.5.5.   Teochtaí foircneacha

Déanfar bearta chun deireadh a chur le haon riosca gortaithe a thagann as teagmháil le páirteanna an innealra nó na dtáirgí gaolmhara nó le hábhair atá faoi theocht ard nó fíor-íseal, nó as cóngar do pháirteanna nó d’ábhair den sórt sin.

Déanfar na bearta is gá freisin chun an riosca go n-eisteilgfear ábhar te nó fíorfhuar a sheachaint nó cosaint a thabhairt ar an riosca sin.

1.5.6.   Dóiteán

Déanfar innealra nó táirgí gaolmhara a dhearadh agus a thógáil sa chaoi go seachnófar aon riosca dóiteáin nó róthéimh a bhaineann leis an innealra nó an táirge gaolmhar féin nó le gáis, leachtanna, deannach, gala nó substaintí eile a tháirgeann nó a úsáideann an t-innealra nó an táirge gaolmhar.

1.5.7.   Pléascadh

Déanfar innealra nó táirgí gaolmhara a dhearadh agus a thógáil sa chaoi go seachnófar aon riosca pléasctha a bhaineann leis an innealra nó an táirge gaolmhar féin nó le gáis, leachtanna, deannach, gala nó le substaintí eile a tháirgeann nó a úsáideann an t-innealra nó an táirge gaolmhar.

Déanfaidh innealra nó táirgí gaolmhara forálacha reachtaíocht shonrach an Aontais um chomhchuibhiú a chomhlíonadh, a mhéid a bhaineann sé leis an riosca pléasctha de bharr a n-úsáide in atmaisféar pléascach.

1.5.8.   Torann

Déanfar innealra nó táirgí gaolmhara a dhearadh agus a thógáil sa chaoi go laghdófar rioscaí a eascraíonn as astaíocht torainn aeriompartha go dtí an leibhéal is ísle, agus aird á tabhairt ar dhul chun cinn teicniúil agus ar na modhanna atá ar fáil chun torann a laghdú, go háirithe ag an bhfoinse.

Is féidir measúnú a dhéanamh ar leibhéal na hastaíochta torainn trí thagairt a dhéanamh do shonraí comparáideacha maidir le hastaíochtaí d’innealra comhchosúil nó do tháirgí gaolmhara comhchosúla.

1.5.9.   Creathanna

Déanfar innealra nó táirgí gaolmhara a dhearadh agus a thógáil sa chaoi go laghdófar rioscaí a thagann as creathanna a dhéanann an t-innealra nó an táirge gaolmhar go dtí an leibhéal is ísle, agus aird á tabhairt ar dhul chun cinn teicniúil agus ar na modhanna atá ar fáil chun creathadh a laghdú, go háirithe ag an bhfoinse.

Is féidir measúnú a dhéanamh ar leibhéal na hastaíochta creatha trí thagairt a dhéanamh do shonraí comparáideacha maidir le hastaíochtaí d’innealra comhchosúil nó do tháirgí gaolmhara comhchosúla.

1.5.10.   Radaíocht

Déanfar astaíochtaí radaíochta neamh-inmhianaithe ón innealra nó ó na táirgí gaolmhara a dhíothú nó a laghdú go dtí leibhéil nach bhfuil tionchar diúltach acu ar dhaoine.

Déanfar aon astaíochtaí radaíochta ianúcháin feidhmeacha a theorannú don leibhéal is ísle, ar leor é d’fheidhmiú cuí an innealra nó an táirge ghaolmhair le linn socrú, oibriú agus glanadh. I gcás ina bhfuil riosca ann, glacfar na bearta cosanta is gá.

Déanfar aon astaíochtaí radaíochta neamh-ianúcháin feidhmeacha le linn socrú, oibriú agus glanadh a theorannú do leibhéil nach bhfuil tionchar diúltach acu ar dhaoine.

1.5.11.   Radaíocht sheachtrach

Déanfar innealra nó táirgí gaolmhara a dhearadh agus a thógáil sa chaoi nach gcuirfidh radaíocht sheachtrach isteach ar a n-oibriú.

1.5.12.   Radaíocht léasair

I gcás ina mbaintear leas as trealamh léasair, cuirfear na nithe seo a leanas san áireamh:

(a)

déanfar an trealamh léasair ar innealra nó ar tháirgí gaolmhara a dhearadh agus a thógáil sa chaoi go gcoiscfear aon radaíocht thimpisteach;

(b)

déanfar trealamh léasair ar innealra nó ar tháirgí gaolmhara a chosaint sa chaoi nach ndéanfaidh radaíocht éifeachtach, radaíocht arna táirgeadh ag frithchaitheamh nó idirleathadh agus radaíocht thánaisteach díobháil don tsláinte;

(c)

an trealamh optúil do bhreathnóireacht nó coigeartú trealaimh léasair ar innealra nó ar tháirgí gaolmhara, ní chruthófar aon riosca don tsláinte ó radaíocht léasair leis.

1.5.13.   Astaíochtaí ó ábhair agus ó shubstaintí guaiseacha

Déanfar innealra nó táirgí gaolmhara a dhearadh agus a thógáil sa chaoi go bhféadfar na rioscaí go ndéanfaí ábhair agus substaintí guaiseacha a ionanálú agus a ionghabháil, na rioscaí go mbeadh teagmháil ag ábhair agus substaintí guaiseacha leis an gcraiceann, na súile agus na seicní múcasacha, na rioscaí go ndéanfaí an craiceann a threá le hábhair agus substaintí guaiseacha, ar ábhair agus substaintí iad a tháirgtear le hinnealra agus táirgí gaolmhara, a sheachaint.

I gcás nach féidir guais a dhíothú, déanfar an t-innealra nó an táirge gaolmhar a fheistiú ionas gur féidir ábhair agus substaintí guaiseacha a choinneáil, a ghabháil, a aslonnú, a dheascadh trí uisce a spraeáil, a scagadh nó a chóireáil trí mhodh eile atá chomh héifeachtach céanna.

I gcás nach mbíonn an próiseas iata go hiomlán le linn ghnáthoibriú an innealra nó an táirge ghaolmhair, beidh na feistí do choinneáil nó gabháil, scagachán nó scaradh agus aslonnú suite sa chaoi go mbeidh an éifeacht is mó acu.

1.5.14.   Riosca a bhaineann le bheith i bhfostú laistigh de mheaisín

Déanfar innealra nó táirgí gaolmhara a dhearadh, a thógáil nó a fheistiú le modh chun cosc a chur le duine a bheith iniata laistigh díobh nó, mura féidir é sin a dhéanamh, le modh chun fios a chur ar chabhair.

1.5.15.   Riosca sleamhnaithe, tuisle nó titime

Na páirteanna den innealra nó den táirge gaolmhar, inar dócha go mbogfaidh daoine timpeall nó go seasfaidh siad, déanfar iad a dhearadh agus a thógáil sa chaoi go gcoiscfear sleamhnú, tuisle nó titim daoine ar na páirteanna sin nó anuas ó na páirteanna sin.

I gcás inarb iomchuí, déanfar na páirteanna sin a fheistiú le greamáin láimhe a dhaingneofar i gcoibhneas leis an úsáideoir, agus a chuirfidh ar a chumas a chobhsaíocht a choinneáil.

1.5.16.   Tintreach

Innealra nó táirgí gaolmhara a bhfuil cosaint de dhíth orthu i gcoinne éifeachtaí na tintrí agus iad á n-úsáid, déanfar iad a fheistiú le córas chun an lucht leictreach a bhíonn mar thoradh air sin a sheoladh chun talún.

1.6.   Cothabháil

1.6.1.   Cothabháil an innealra nó an táirge ghaolmhair

Beidh na pointí socraithe agus cothabhála suite lasmuigh de na criosanna contúirte. Beifear in ann oibríochtaí socraithe, cothabhála, deisithe, glanta agus seirbhísithe a dhéanamh agus an t-innealra nó an táirge gaolmhar ina stad.

Mura féidir ceann amháin nó níos mó de na coinníollacha thuas a shásamh ar chúiseanna teicniúla, glacfar bearta chun a áirithiú gur féidir na hoibríochtaí sin a dhéanamh go sábháilte (féach roinn 1.2.5).

I gcás innealra uathoibrithe agus, de réir mar is gá, innealra nó táirgí gaolmhara eile, soláthrófar feiste um nascadh chun trealamh diagnóiseach um aimsiú fabhtanna a shuí.

Na comhpháirteanna innealra nó táirgí gaolmhara uathoibrithe is gá a athrú go minic, beifear in ann iad a bhaint agus a athsholáthar go héasca agus go sábháilte. Trí rochtain a fháil ar na comhpháirteanna sin, beifear in ann na cúraimí sin a dhéanamh leis na modhanna teicniúla is gá i gcomhréir le modh oibriúcháin sonraithe.

1.6.2.   Rochtain ar shuíomhanna oibriúcháin agus pointí seirbhísithe

Déanfar an t-innealra nó táirgí gaolmhara a dhearadh agus a thógáil sa chaoi go ligfear do rochtain shábháilte ar gach limistéar mar a dteastaíonn idirghabháil le linn oibriú, athrú agus chothabháil an innealra nó an táirge ghaolmhair.

I gcás innealra nó táirgí gaolmhara a dtéann daoine isteach iontu le haghaidh oibriú, coigeartú, cothabhála nó glantacháin, déanfar bealaí isteach an innealra a thoisiú agus a chur in oiriúint do threalamh tarrthála sa chaoi go mbeidh tarrtháil éigeandála ar dhaoine indéanta.

1.6.3.   Leithlisiú foinsí fuinnimh

Déanfar innealra nó táirgí gaolmhara a fheistiú le modhanna chun é a leithlisiú ó gach foinse fuinnimh. Beidh na haonraitheoirí sin so-aitheanta. Beifear in ann iad a ghlasáil dá gcuirfeadh an t-athnascadh daoine i mbaol. Ina theannta sin, beifear in ann na haonraitheoirí a ghlasáil i gcás nach féidir le hoibreoir, ó aon cheann de na pointí rochtana atá aige, seiceáil go bhfuil an fuinneamh sin múchta de go fóill.

I gcás innealra nó táirgí gaolmhara ar féidir iad a phlugáil isteach sa soláthar leictreachais, is leor an phlocóid a bhaint de, ar choinníoll gur féidir leis an oibreoir seiceáil ó aon cheann de na pointí rochtana atá aige, go bhfuil an phlocóid fós bainte de.

Tar éis mhúchadh an fhuinnimh, beifear in ann aon fhuinneamh atá fágtha nó stóráilte i gciorcaid an innealra nó an táirge ghaolmhair a scaipeadh go normálta gan daoine a chur i mbaol.

Mar eisceacht ar an gceanglas a leagadh síos sna míreanna roimhe seo, d’fhéadfadh ciorcaid áirithe fanacht i gceangal lena bhfoinsí fuinnimh chun, mar shampla, páirteanna a choinneáil, faisnéis a chosaint, taobh istigh a shoilsiú, etc. Sa chás sin, glacfar bearta speisialta chun sábháilteacht an oibreora a áirithiú.

1.6.4.   Idirghabháil an oibreora

Déanfar an t-innealra nó an táirge gaolmhar a dhearadh, a dhéanamh agus a fheistiú chun an gá le hidirghabháil oibreora a theorannú. Mura féidir idirghabháil an oibreora a sheachaint, beidh sé in ann í a dhéanamh go héasca agus go sábháilte.

1.6.5.   Glanadh páirteanna inmheánacha

Déanfar an t-innealra nó táirge gaolmhar a dhearadh agus a thógáil sa chaoi gur féidir páirteanna inmheánacha a raibh substaintí nó meascáin chontúirteacha iontu a ghlanadh gan dul isteach iontu; beifear in ann aon díchalcadh riachtanach a dhéanamh ón taobh amuigh freisin. Mura bhfuil neart air ach dul isteach san innealra féin, déanfar an t-innealra nó táirge gaolmhar a dhearadh agus a thógáil sa chaoi gur féidir an glanadh a dhéanamh go sábháilte.

1.7.   Faisnéis

1.7.1.   Faisnéis agus rabhaidh ar an innealra nó ar an táirge gaolmhar

Déanfar faisnéis agus rabhaidh ar an innealra nó ar an táirge gaolmhar a sholáthar i bhfoirm siombailí nó picteagram sothuigthe, más féidir.

Ní mór aon fhaisnéis agus rabhaidh i scríbhinn nó ó bhéal a chur in iúl i dteanga ar féidir le húsáideoirí í a thuiscint go héasca, teanga arna cinneadh ag an mBallstát lena mbaineann.

1.7.1.1.   Faisnéis agus feistí faisnéise

Cuirfear an fhaisnéis is gá le haghaidh rialú an innealra nó táirge ghaolmhair ar fáil i bhfoirm gan débhríocht agus sothuigthe. Ní bheidh an iomarca faisnéise ann ar fhaitíos go mbeadh sé iomarcach don oibreoir.

Na haonaid fístaispeána nó aon mhodh idirghníomhach cumarsáide eile idir an t-oibreoir agus an innealra nó táirge gaolmhar, beidh sé éasca le tuiscint agus le húsáid.

1.7.1.2.   Feistí rabhaidh

I gcás ina bhféadfaí sláinte agus sábháilteacht daoine a chur i mbaol de bharr fabht in oibriú innealra nó táirge ghaolmhair gan mhaoirseacht, beidh an t-innealra nó an táirge gaolmhar feistithe sa chaoi go dtabharfar comhartha fuaime nó solais iomchuí mar fholáireamh.

I gcás ina mbeidh feistí rabhaidh ag an innealra nó ag táirge gaolmhar, beidh siad glan soiléir agus so-bhraite. Beidh áiseanna ag an oibreoir chun go mbeidh sé in ann oibriú na bhfeistí rabhaidh sin a sheiceáil tráth ar bith.

Cloífear le ceanglais ghníomhartha dlí sonracha an Aontais maidir le dathanna agus le comharthaí sábháilteachta.

1.7.2.   Rabhadh faoi rioscaí iarmharacha

I gcás ina mbíonn rioscaí fós ann d’ainneoin na mbeart um dhearadh sábháilte, na mbeart coimirce agus na mbeart comhlántach cosanta a glacadh, soláthrófar na rabhaidh is gá, lena n-áirítear feistí rabhaidh.

1.7.3.   Innealra nó táirgí gaolmhara a dhéanamh

I dteannta na gceanglas marcála in Airteagal 10 agus Airteagal 24, beidh innealra nó táirgí gaolmhara marcáilte go sofheicthe, go hinléite agus go doscriosta.

Déanfar innealra nó táirgí gaolmhara a chumhdaítear faoi chaibidlí 2 go 6 den Iarscríbhinn seo a mharcáil freisin de réir na gceanglas breise a leagtar amach sna caibidlí sin.

Ina theannta sin, innealra, nó táirge gaolmhar, arna dhearadh agus arna thógáil lena úsáid in atmaisféar pléascach, déanfar é a mharcáil dá réir.

Ina theannta sin, cuirfear ar an t-innealra nó táirgí gaolmhara an fhaisnéis uile is ábhartha dá gcineál agus is gá le haghaidh úsáid shábháilte. Tiocfaidh an fhaisnéis sin faoi réir na gceanglas a leagtar amach i roinn 1.7.1.

I gcás go gcaithfear innealra nó táirge gaolmhar a láimhsiú le linn úsáide le trealamh ardaithe, déanfar an mhais atá ann a scríobh air go hinléite, go doscriosta agus gan débhríocht.

1.7.4.   Treoracha úsáide

I dteannta na n-oibleagáidí a leagtar amach in Airteagal 10(7), déanfar treoracha úsáide a tharraingt suas mar a leagtar amach thíos.

Mar eisceacht ar Airteagal 10(7), na treoracha cothabhála atá beartaithe lena n-úsáid ag pearsanra speisialaithe arna shainordú ag an monaróir nó ag a ionadaí údaraithe, féadfar iad a sholáthar in aon teanga oifigiúil amháin den Aontas más teanga é a thuigfidh an pearsanra speisialaithe.

1.7.4.1.   Prionsabail ghinearálta maidir le dréachtú treoracha úsáide

(a)

Cumhdóidh ábhar na dtreoracha úsáide ní hamháin úsáid bheartaithe an innealra nó an táirge ghaolmhair ach cuirfear san áireamh freisin aon mhí-úsáid measartha intuartha a d’fhéadfaí a bhainfear as;

(b)

I gcás innealra nó táirgí gaolmhara atá beartaithe lena úsáid ag oibreoirí neamhghairmiúla, tabharfar aird sa bhfoclaíocht agus i leagan amach na dtreoracha úsáide leibhéal an oideachais ghinearálta agus an dreama a bhféadfaí a bheith ag súil leis go réasúnta ó na hoibreoirí sin.

1.7.4.2.   Ábhar na dtreoracha úsáide

1.

Beidh an fhaisnéis seo a leanas ar a laghad sna treoracha úsáide, i gcás inarb infheidhme:

(a)

ainm gnó agus seoladh iomlán an mhonaróra agus, i gcás inarb infheidhme, a ionadaí údaraithe;

(b)

ainmniú an innealra nó an táirge ghaolmhair arna mharcáil ar an innealra nó ar an táirge gaolmhar féin, cé is moite den tsraithuimhir (féach roinn 1.7.3);

(c)

dearbhú comhréireachta AE, nó seoladh idirlín nó an cód meaisín-inléite, ar a bhféadfar rochtain a fháil ar dhearbhú comhréireachta AE, i gcomhréir le hAirteagal 10(8);

(d)

sonraí ginearálta an innealra nó an táirge ghaolmhair;

(e)

na líníochtaí, na léaráidí, na tuairiscí agus na mínithe is gá chun an t-innealra nó táirge gaolmhar a úsáid, a chothabháil agus a dheisiú agus chun a dhea-fheidhmiú a sheiceáil;

(f)

tuairisc ar an stáisiún oibre nó na stáisiúin oibre is dóigh a bheidh á áitiú ag oibreoirí;

(g)

tuairisc ar úsáid bheartaithe an innealra nó an táirge ghaolmhair;

(h)

rabhaidh a bhaineann leis na bealaí toirmiscthe nach féidir an t-innealra nó an táirge gaolmhar a úsáid, rud is fios de bharr taithí;

(i)

treoracha cóimeála, suiteála agus nasctha, lena n-áirítear líníochtaí, léaráidí agus modhanna daingnithe agus ainmniú an fhonnaidh nó na suiteála ar a bhfuil an t-innealra nó an táirge gaolmhar le feistiú;

(j)

treoracha a bhaineann le suiteáil agus cóimeáil chun torann nó tonnchrith a laghdú;

(k)

treoracha maidir leis an innealra nó an táirge gaolmhar a chur i seirbhís agus a úsáid agus, más gá, treoracha maidir le hoiliúint oibreoirí;

(l)

faisnéis faoi na rioscaí iarmharacha atá fós ann d’ainneoin na mbeart bunúsach um dhearadh sábháilte, na mbeart coimirce agus na mbeart comhlántach cosanta a glacadh;

(m)

treoracha maidir leis na bearta cosanta atá le déanamh ag an úsáideoir, lena n-áirítear, i gcás inarb iomchuí, an trealamh cosanta pearsanta a bheidh le soláthar;

(n)

saintréithe sár-riachtanacha uirlisí, a fhéadfar a fheistiú ar an innealra nó ar an táirge gaolmhar;

(o)

na coinníollacha ina gcomhlíonann an t-innealra nó an táirge gaolmhar an ceanglas cobhsaíochta le linn úsáide, iompair, cóimeála, díchóimeála agus é as seirbhís, tástála nó cliseadh intuartha;

(p)

treoracha d’fhonn a áirithiú gur féidir oibríochtaí iompair, láimhsithe agus stórála a dhéanamh go sábháilte, ina sonraítear mais an innealra nó an táirge ghaolmhair agus a chodanna éagsúla i gcás ina mbeidh siad le hiompar ar leithligh go rialta;

(q)

an modh oibriúcháin ar gá cloí leis i gcás timpiste nó cliste; más dócha go dtarlóidh calcadh, an modh oibriúcháin ar gá cloí leis ionas go bhféadfar an trealamh a dhíchalcadh go sábháilte;

(r)

an tuairisc ar na hoibríochtaí coigeartaithe agus cothabhála ar cheart don úsáideoir iad a dhéanamh agus na bearta coisctheacha cothabhála is ceart a chomhlíonadh agus dearadh agus úsáid an innealra nó an táirge ghaolmhair á gcur san áireamh;

(s)

treoracha atá ceaptha chun coigeartú agus cothabháil a dhéanamh go sábháilte, lena n-áirítear na bearta cosanta is gá a dhéanamh i rith na n-oibríochtaí sin;

(t)

sonraíochtaí na bpáirteanna spártha a bheidh le húsáid, i gcás ina mbeidh tionchar acu sin ar shláinte agus ar shábháilteacht na n-oibreoirí;

(u)

an fhaisnéis seo a leanas maidir le hastaíochtaí torainn aeriompartha:

(i)

an leibhéal astaíochta fuaimbhrú A-ualaithe i stáisiúin oibre, i gcás inar mó é sin ná 70 dB (A); i gcás nach sáraíonn an leibhéal sin 70 dB (A), sonrófar an fhíric sin;

(ii)

luach buaicbhrú fuaime láithrigh C-ualaithe i stáisiúin oibre, nuair is mó é sin ná 63 Pa (130 dB i ndáil le 20 μPa);

(iii)

an leibhéal fuaimbhrú A-ualaithe a astaíonn as an innealra nó an táirge gaolmhar, i gcás inar mó ná 80 dB(A) leibhéal fuaimbhrú A-ualaithe i stáisiúin oibre.

Is éard a bheidh sna luachanna sin na luachanna sin a tomhaiseadh go hiarbhír don innealra nó don táirge gaolmhar atá i gceist nó na luachanna sin arna mbunú ar bhonn tomhas a rinneadh i gcomhair innealra nó táirge gaolmhar atá inchomparáide go teicniúil, ar innealra nó táirge gaolmhar é atá ionadaíoch ar an innealra atá le táirgeadh.

I gcás innealra nó táirge gaolmhar atá an-mhór ar fad, in ionad an leibhéil cumhachta fuaime A-ualaithe, d’fhéadfaí na leibhéil bhrú fuaime astaíochta A-ualaithe ag suíomhanna sonraithe timpeall an innealra nó an táirge ghaolmhair a léiriú.

I gcás nach féidir na caighdeáin chomhchuibhithe nó na sonraíochtaí coiteanna arna nglacadh ag an gCoimisiún i gcomhréir le hAirteagal 20(3) a chur i bhfeidhm, déanfar leibhéil fuaime a thomhas agus úsáid a bhaint as an modh is iomchuí don innealra nó don táirge gaolmhar.

Aon uair a léirítear luachanna astaíochta fuaime, sonrófar na héiginnteachtaí a bhaineann leis na luachanna sin. Sonrófar dálaí oibriúcháin an innealra nó an táirge ghaolmhair le linn tomhais agus ar na modhanna tomhais a úsáidtear.

I gcás neamhshainiú an stáisiúin/na stáisiún oibre, nó i gcás nach féidir iad a shainiú, déanfar leibhéil an bhrú fuaime A-ualaithe a thomhas ag achar 1 mhéadar amháin ó dhromchla an innealra nó táirge ghaolmhair agus ag airde 1.6 mhéadar ón urlár nó ón ardán rochtana. Sonrófar suíomh agus luach an uasbhrú fuaime.

Maidir le hinnealra laghdaithe torainn nó táirgí gaolmhara, sonrófar sna treoracha úsáide, nuair is iomchuí, conas an trealamh sin a chóimeáil agus a shuiteáil i gceart (féach freisin roinn 1.7.4.2(1), pointe (j)).

I gcás ina leagtar síos ceanglais eile le gníomhartha dlí an Aontais maidir le leibhéil fuaimbhrú nó leibhéil chumhachta fuaime a thomhas, cuirfear na gníomhartha dlí sin i bhfeidhm agus ní bheidh feidhm ag forálacha comhfhreagracha na roinne seo;

(v)

faisnéis maidir leis na réamhchúraimí, na feistí agus na modhanna is gá chun daoine a tharrtháil láithreach agus go réidh;

(w)

i gcás gur dócha go n-astófar le hinnealra nó le táirgí gaolmhara radaíocht neamh-ianúcháin a d’fhéadfadh a bheith ina díobháil do dhaoine, go háirithe do dhaoine le feistí leighis gníomhacha nó neamhghníomhacha, faisnéis maidir leis an radaíocht arna hastú don oibreoir agus do dhaoine neamhchosanta.

(x)

i gcás ina gceadaíonn dearadh innealra nó táirge ghaolmhair astaíochtaí substaintí guaiseacha ón innealra nó ón táirge gaolmhar, saintréithe na feiste gabhála, scagacháin nó scaoilte amach mura soláthraítear an fheiste sin leis an innealra nó leis an táirge gaolmhar, agus aon cheann díobh seo a leanas:

(i)

an ráta sreafa d’astú ábhar guaiseach agus substaintí as an innealra nó as an táirge gaolmhar;

(ii)

an tiúchan d’ábhair ghuaiseacha nó de shubstaintí guaiseacha timpeall ar an innealra nó ar an táirge gaolmhar a thagann as an innealra nó an táirge gaolmhar nó as ábhair nó substaintí a úsáidtear leis an innealra nó leis an táirge gaolmhar;

(iii)

éifeachtacht na feiste gabhála nó scagacháin agus na coinníollacha atá le comhlíonadh chun a héifeachtacht a choinneáil ar bun le himeacht ama.

Déanfar na luachanna dá dtagraítear sa chéad mhír a thomhas go hiarbhír le haghaidh an innealra nó an táirge ghaolmhair atá i gceist, sin nó bunófar iad ar bhonn na dtomhas i ndáil le hinnealra nó táirge gaolmhar atá inchomparáide go teicniúil agus atá ionadaíoch ar an úrscothacht.

1.7.5.   Litríocht díolachán

Ní thiocfaidh litríocht díolacháin ina dtugtar tuairisc ar an innealra nó ar an táirge gaolmhar salach ar na treoracha úsáide maidir le gnéithe sláinte agus sábháilteachta. I litríocht díolacháin ina ndéantar cur síos ar shaintréithe feidhmíochta an innealra nó an táirge ghaolmhair, beidh an fhaisnéis chéanna maidir le hastaíochtaí agus atá sna treoracha úsáide.

2.   BUNCHEANGLAIS SLÁINTE AGUS SÁBHÁILTEACHTA FHORLÍONTACHA MAIDIR LE CATAGÓIRÍ ÁIRITHE INNEALRA AGUS TÁIRGÍ GAOLMHARA

Innealra agus táirgí gaolmhara d’ábhair bia, innealra agus táirgí gaolmhara do chosmaidí nó do tháirgí cógaisíochta, innealra nó táirgí gaolmhara iniompartha láimhe nó a threoraítear de láimh, innealra agus táirgí gaolmhara feistithe iniompartha agus innealra agus táirgí gaolmhara eile imbhuailte, innealra agus táirgí gaolmhara chun adhmad agus ábhair a bhfuil saintréithe fisiceacha comhchosúla acu a oibriú, agus innealra agus táirgí gaolmhara le haghaidh leathadh tairgí cosanta plandaí, comhlíonfaidh siad na buncheanglais sláinte agus sábháilteachta go léir a leagtar amach sa chaibidil seo (féach na Prionsabail Ghinearálta, pointe 4).

2.1.   Innealra agus táirgí gaolmhara d’ábhair bia agus innealra agus táirgí gaolmhara do chosmaidí nó táirgí cógaisíochta

2.1.1.   Ginearálta

Déanfar innealra nó táirgí gaolmhara atá ceaptha lena n-úsáid le hearraí bia nó le cosmaidí nó táirgí cógaisíochta a dhearadh agus a thógáil ar bhealach a sheachnóidh aon riosca ionfhabhtaithe, breoiteachta nó tógála.

Comhlíonfar na ceanglais seo a leanas:

(a)

maidir le hábhair a bhíonn i dteagmháil le bia-ábhair nó uisce atá ceaptha do thomhaltas an duine nó le cosmaidí nó le táirgí cógaisíochta nó a bheartaítear a bheith i dteagmháil leo, comhlíonfaidh siad na coinníollacha a leagtar síos i ngníomhartha ábhartha dlí an Aontais; déanfar an t-innealra nó an táirge gaolmhar a dhearadh agus a thógáil sa chaoi gur féidir na hábhair sin a ghlanadh roimh gach úsáid agus i gcás nach bhfuil sé sin indéanta, úsáidfear páirteanna indiúscartha;

(b)

maidir leis na dromchlaí uile a bhíonn i dteagmháil le bia-ábhair nó uisce atá ceaptha do thomhaltas an duine nó le cosmaidí nó le táirgí cógaisíochta, seachas dromchlaí de pháirteanna indiúscartha, beidh an méid seo a leanas fíor ina leith:

(i)

beidh siad réidh agus ní bheidh iomairí ná bearnaí iontu a d’fhéadfadh ábhair orgánacha a choimeád, agus is amhlaidh an cás maidir lena gceangail;

(ii)

déanfar iad a dhearadh agus a thógáil sa chaoi go laghdófar a laghad is féidir starrtha, imill agus cuasa na cóimeála;

(iii)

beidh siad soghlanta agus so-dhífhabhtaithe, i gcás inar gá, tar éis páirteanna so-dhíchóimeáilte a bhaint díobh; na dromchlaí atá ar an taobh istigh, beidh a ndóthain de chuar iontu lena nglanadh agus a sciúradh;

(c)

leachtanna, gáis agus aerasóil ó ábhair bhia, cosmaidí nó táirgí cógaisíochta maille le táirgí glanta, dífhabhtaithe agus sruthlaithe leachtanna, beifear in ann a sceitheadh go hiomlán as an innealra nó an táirge gaolmhar (más féidir i suíomh ‘glantacháin’);

(d)

déanfar an t-innealra nó táirgí gaolmhara a dhearadh agus a thógáil sa chaoi go gcoiscfear aon substaintí nó créatúir bheo, go háirithe feithidí, ar dhul isteach i limistéir nach féidir a ghlanadh agus go gcoiscfear aon ábhar orgánach ar charnadh sna limistéir sin;

(e)

déanfar an t-innealra nó na táirgí gaolmhara a dhearadh agus a thógáil sa chaoi nach bhféadfaidh aon substaint choimhdeach atá guaiseach don tsláinte, lena n-áirítear na bealaí a úsáidtear, teacht i dteagmháil le hearraí bia nó uisce ceapadh lena chaitheamh ag an duine, cosmaidí ná táirgí cógaisíochta. I gcás inar gá, déanfar innealra nó táirgí gaolmhara a dhearadh agus a thógáil sa chaoi gur féidir comhlíonadh leanúnach an cheanglais seo a sheiceáil.

2.1.2.   Treoracha úsáide

Sna úsáide le haghaidh innealra nó táirgí gaolmhara le haghaidh earraí bia agus innealra nó táirgí gaolmhara atá le húsáid le cosmaidí nó le táirgí cógaisíochta, léireofar táirgí molta agus modhanna glantacháin, díghalraithe agus sruthlaithe, ní hamháin do limistéir a bhfuil rochtain éasca orthu ach freisin do limistéir nach féidir rochtain a fháil orthu nó nach bhfuil sé inmholta rochtain a fháil orthu.

2.2.   Innealra nó táirgí gaolmhara iniompartha láimhe nó a threoraítear de láimh

2.2.1.   Ginearálta

Maidir le hinnealra nó táirgí gaolmhara iniompartha láimhe nó a threoraítear de láimh, beidh an méid seo a leanas fíor ina leith:

(a)

ag brath ar an gcineál innealra nó táirge ghaolmhair, beidh dromchla tacaíochta ar mhéid leordhóthanach aige agus líon leordhóthanach luamhán agus tacaíochtaí de mhéid iomchuí a bheith air, agus iad socraithe sa chaoi go n-áiritheofar cobhsaíocht an innealra nó an táirge ghaolmhair faoi na dálaí oibrithe beartaithe;

(b)

seachas i gcás ina bhfuil sé dodhéanta go teicniúil, nó i gcás ina bhfuil feiste rialaithe neamhspleách ann, maidir le luamhán nach féidir a scaoileadh go hiomlán sábháilte, is amhlaidh a fheisteofar feistí rialaithe láimhe um thosú nó stopadh orthu sa chaoi gur féidir leis an oibreoir iad a oibriú gan na luamháin a ligean uaidh;

(c)

ní bheidh aon riosca ann go dtosóidh an t-imeall de thaisme nó go leanfaidh sé air ag oibriú tar éis don oibreoir na luamháin a ligean uaidh; glacfar bearta coibhéiseacha mura mbeidh an ceanglas seo indéanta go teicniúil;

(d)

ceadóidh sé, nuair is gá, amharcbhreathnóireacht ar an gcrios contúirte agus ar ghníomh na huirlise leis an ábhar atá á phróiseáil;

(e)

beidh feiste nó sceithchóras ceangailte acu, le hasraon nasctha eastósctha nó córas coibhéiseach chun astaíochtaí substaintí guaiseacha a ghabháil nó a laghdú; níl feidhm ag an gceanglas sin i gcás ina mbeadh guais nua ann mar thoradh air, nó i gcás inarb é príomhfheidhm an innealra nó an táirge ghaolmhair substaintí guaiseacha a leathadh agus astaíochtaí inneall dócháin inmheánaigh;

(f)

déanfar iad a dhearadh agus a thógáil sa chaoi go n-éascófar tosú agus stopadh de dheasca luamhán innealra iniompartha nó táirgí gaolmhara.

2.2.1.1.   Treoracha úsáide

Beidh an fhaisnéis seo a leanas sna treoracha úsáide maidir le creathanna, arna sloinneadh mar luasghéarú (m/s2), agus arna tarchur ag innealra láimhe iniompartha nó innealra a threoraítear de láimh nó tairgí gaolmhara:

(a)

luach iomlán na gcreathanna leanúnacha a bhfuil an córas láimhe faoina réir;

(b)

meánluach bhuaic-aimplitiúid an luasghéaraithe ó chreathanna turrainge arís agus arís eile, a bhfuil an córas láimhe faoina réir;

(c)

neamhchinnteacht an dá thomhas.

Na luachanna dá dtagraítear sa chéad mhír, déanfar iad a thomhas go hiarbhír le haghaidh an innealra nó táirge ghaolmhair atá i gceist, nó bunófar iad ar bhonn na dtomhas i ndáil le hinnealra nó táirge gaolmhar atá inchomparáide go teicniúil agus atá ionadaíoch ar an úrscothacht.

I gcás nach féidir na caighdeáin chomhchuibhithe nó na sonraíochtaí coiteanna arna nglacadh ag an gCoimisiún i gcomhréir le hAirteagal 20(3) a chur i bhfeidhm, déanfar na sonraí creathaidh a thomhas trí úsáid a bhaint as an gcód tomhais is iomchuí don innealra nó don táirge gaolmhar.

Sonrófar na dálaí oibriúcháin le linn tomhais agus na modhanna a úsáidtear i gcomhair tomhais, nó tagairt don chaighdeán comhchuibhithe arna chur i bhfeidhm.

2.2.2.   Innealra iniompartha daingnithe agus innealra imbhuailte eile nó tairgí gaolmhara

2.2.2.1.   Ginearálta

Déanfar innealra iniompartha daingnithe agus innealra imbhuailte eile nó táirgí gaolmhara a dhearadh agus a thógáil mar seo a leanas:

(a)

déanfar fuinneamh a tharchur chuig an eilimint imbhuailte tríd an gcomhpháirt idirmheánach nach bhfágann an fheiste;

(b)

cuirfidh feiste chumasúcháin cosc ar imbhualadh mura bhfuil an t-innealra nó an táirge gaolmhar suite i gceart le brú leordhóthanach ar an mbunábhar;

(c)

coiscfear spreagadh neamhdheonach; i gcás inar gá, beidh gá le seicheamh iomchuí gníomhaíochtaí ar an bhfeiste chumasúcháin agus ar an bhfeiste rialaithe chun imbhualadh a spreagadh;

(d)

coisctear spreagadh de thaisme le linn a láimhseála nó i gcás turrainge;

(e)

is féidir oibríochtaí luchtaithe agus díluchtaithe a dhéanamh go héasca agus go sábháilte.

Nuair is gá, beifear in ann an fheiste a fheistiú le sciath nó sciatha sceilpe agus cuirfidh monaróir an innealra nó an tairge ghaolmhair an sciath nó na sciatha is iomchuí ar fáil.

2.2.2.2.   Treoracha úsáide

Tabharfar an fhaisnéis riachtanach sna treoracha úsáide maidir leis na nithe seo a leanas:

(a)

na gabhálais agus an trealamh idirmhalartaithe is féidir a úsáid leis an innealra nó an táirge gaolmhar;

(b)

na heilimintí oiriúnacha daingnithe nó imbhuailte eile a bheidh le húsáid leis an innealra nó an táirge gaolmhar;

(c)

i gcás inarb iomchuí, na cartúis oiriúnacha atá le húsáid.

2.3.   Innealra nó táirgí gaolmhara le haghaidh saoirsiú adhmaid agus ábhar le saintréithe fisiciceacha comhchosúla

An t-innealra nó na táirgí gaolmhara le haghaidh saoirsiú adhmad agus ábhair a bhfuil saintréithe fisiceacha comhchosúla acu, comhlíonfaidh sé na ceanglais seo a leanas:

(a)

déanfar an t-innealra nó an táirge gaolmhar a dhearadh, a dhéanamh nó a fheistiú sa chaoi gur féidir an píosa atá á mheaisíniú a shuiteáil agus a threorú go sábháilte; i gcás píosa láimhe ar bhinse oibre, beidh an dara ceann díobh sách cobhsaí le linn na hoibre agus ní chuirfidh sé bac ar ghluaiseacht an phíosa;

(b)

más dócha go n-úsáidfear an t-innealra nó an táirge gaolmhar i ndálaí a bhaineann le riosca píosaí oibre nó páirteanna díobh a bheith eisteilgthe, déanfar é a dhearadh, a dhéanamh nó a fheistiú sa chaoi go gcoiscfear an t-eisteilg sin, nó, mura féidir é sin a dhéanamh, ionas nach nginfidh an t-eisteilg sin rioscaí don oibreoir agus/nó do na daoine neamhchosanta;

(c)

feisteofar an t-innealra nó an táirge gaolmhar le coscán uathoibríoch a stopfaidh an uirlis in am sách gearr má tá riosca ann go ndéanfar teagmháil leis an uirlis agus í ag imeacht síos;

(d)

i gcás ina gcomhtháthófar an uirlis in innealra nó i dtáirge gaolmhar nach bhfuil go hiomlán uathoibrithe, déanfar an uirlis nó an táirge gaolmhar sin a dhearadh agus a thógáil sa chaoi go ndíothófar nó go laghdófar an riosca díobhála de thaisme.

2.4.   Innealra nó táirgí gaolmhara le haghaidh leatadh táirgí cosanta plandaí

2.4.1.   Chun críocha roinn 2.4, tá feidhm ag an sainmhíniú seo a leanas:

 

Ciallaíonn ‘innealra nó táirgí gaolmhara le haghaidh leathadh táirgí cosanta plandaí’ an t-innealra nó táirgí gaolmhara atá ceaptha go sonrach le haghaidh leathadh táirgí cosanta plandaí de réir bhrí Airteagal 2(1) de Rialachán (CE) Uimh. 1107/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (1).

2.4.2.   Ginearálta

Áiritheoidh monaróir an innealra nó táirgí gaolmhara le haghaidh leathadh táirgí cosanta plandaí go ndéanfar measúnú ar na rioscaí a bhaineann le nochtadh neamhbheartaithe táirgí cosanta plandaí sa chomhshaol, i gcomhréir leis an bpróiseas measúnaithe riosca agus laghdaithe riosca dá dtagraítear sna Prionsabail Ghinearálta, pointe 1.

Déanfar innealra nó táirgí gaolmhara le haghaidh leathadh táirgí cosanta plandaí a dhearadh agus a thógáil agus aird á tabhairt ar thorthaí an mheasúnaithe riosca dá dtagraítear sa chéad fhomhír ionas gur féidir an t-innealra nó na táirgí gaolmhara a oibriú, a choigeartú agus a chothabháil gan scaoileadh neamhbheartaithe táirgí cosanta plandaí sa chomhshaol.

Déanfar sceitheadh a chosc i gcónaí.

2.4.3.   Rialuithe agus faireachán

Beifear in ann leathadh na táirgí cosanta plandaí a rialú, faireachán a dhéanamh orthu, agus stop a chur leo láithreach go héasca agus go cruinn ó na suíomhanna oibriúcháin.

2.4.4.   Líonadh agus folmhú

Déanfar an t-innealra nó an táirge gaolmhar a dhearadh agus a thógáil chun líonadh beacht leis an méid táirgí cosanta plandaí is gá a éascú agus chun folmhú éasca agus iomlán a áirithiú, agus cosc á chur san am céanna ar dhoirteadh táirgí cosanta plandaí agus éilliú foinse an uisce a sheachaint le linn na n-oibríochtaí sin.

2.4.5.   Leathadh táirgí cosanta plandaí

2.4.5.1.   An ráta leata

Feisteofar an t-innealra nó táirge gaolmhar le modh chun an ráta leata a choigeartú go héasca, go cruinn agus go hiontaofa.

2.4.5.2.   Dáileadh, teascadh agus síobadh táirgí cosanta plandaí

Déanfar an t-innealra nó táirge gaolmhar a dhearadh agus a thógáil ar bhealach a áiritheoidh go gcuirfear an táirge cosanta plandaí i sprioclimistéir, go laghdófar a mhéid is féidir sileadh i limistéir eile agus go seachnófar síobadh táirgí cosanta plandaí sa chomhshaol. I gcás inarb iomchuí, áiritheofar dáileadh cothrom agus deascadh aonchineálach.

2.4.5.3.   Tástálacha

Ionas gur féidir a fhíorú go gcomhlíonann na páirteanna ábhartha den innealra nó táirge gaolmhar na ceanglais a leagtar amach i ranna 2.4.5.1 agus 2.4.5.2, déanfaidh an monaróir tástálacha iomchuí a fheidhmiú i leith gach cineál innealra nó táirge ghaolmhair atá i gceist, nó a chur faoi deara na tástálacha sin a dhéanamh.

2.4.5.4.   Sileadh le linn don inneall a bheith stoptha

Déanfar an t-innealra nó an táirge gaolmhar a dhearadh agus a thógáil ar bhealach a choiscfear sileadh le linn don leathadh táirgí cosanta plandaí a bheith stoptha.

2.4.6.   Cothabháil

2.4.6.1.   Glanadh

Déanfar an t-innealra nó an táirge gaolmhar a dhearadh agus a thógáil ionas gur féidir é a ghlanadh agus a sciúradh gan dua agus gan éilliú an chomhshaoil.

2.4.6.2.   Cothabháil

Déanfar an t-innealra nó an táirge gaolmhar a dhearadh agus a thógáil chun go n-éascófar athrú páirteanna caite gan éilliú an chomhshaoil.

2.4.7.   Iniúchtaí

Beifear in ann na hionstraimí tomhais riachtanacha a cheangal go héasca leis an innealra nó an táirge gaolmhar chun feidhmiú ceart an innealra nó an táirge ghaolmhair a sheiceáil.

2.4.8.   Buinní, síothláin agus scagairí a mharcáil

Déanfar buinní, síothláin agus scagairí a mharcáil ionas gur féidir a gcineál agus a méid a shainaithint go soiléir.

2.4.9.   An táirge cosanta plandaí atá in úsáid a léiriú

I gcás inarb iomchuí, feisteofar an t-innealra nó an táirge gaolmhar le gléasadh ar leith ar féidir leis an oibreoir ainm an táirge cosanta plandaí atá in úsáid a chur air.

2.4.10.   Treoracha úsáide

Beidh an fhaisnéis seo a leanas le fáil sna treoracha úsáide:

(a)

réamhchúraimí atá le glacadh le linn oibríochtaí measctha, luchtaithe, leata, folmhaithe, glantacháin, cothabhála agus iompair chun éilliú an chomhshaoil a sheachaint;

(b)

coinníollacha úsáide mionsonraithe do na timpeallachtaí oibríochta éagsúla atá beartaithe, lena n-áirítear an t-ullmhúchán agus na coigeartuithe a bheidh ag teastáil chun a áirithiú go ndéanfar an táirge cosanta plandaí a dheascadh sna sprioclimistéir agus, san am céanna, sileadh i limistéir eile a íoslaghdú, chun síobadh isteach sa chomhshaol a chosc agus, i gcás inarb iomchuí, chun dáileadh cothrom agus deascadh aonchineálach an táirge cosanta plandaí a áirithiú;

(c)

raon na gcineálacha agus na méideanna buinní, síothlán agus scagairí is féidir a úsáid leis an innealra nó táirge gaolmhar;

(d)

minicíocht seiceálacha agus na critéir agus an modh chun páirteanna a athsholáthar ar páirteanna iad atá faoi réir caithimh agus a mbíonn tionchar acu ar fheidhmiú ceart an innealra nó táirge ghaolmhair, amhail buinní, síothláin agus scagairí;

(e)

sonrú maidir le calabrú, cothabháil laethúil, ullmhúchán geimhridh agus seiceálacha eile is gá chun dea-fheidhmiú an innealra nó táirge ghaolmhair a áirithiú;

(f)

cineálacha an táirgí cosanta plandaí a d’fhéadfadh a bheith ina gcúis le feidhmiú mícheart an innealra nó táirge ghaolmhair;

(g)

léiriú gur cheart don oibreoir ainm an táirge cosanta plandaí atá in úsáid a choinneáil cothrom le dáta ar an ngléasadh sonrach dá dtagraítear i roinn 2.4.9;

(h)

ceangal agus úsáid aon trealaimh nó gabhálas speisialta, agus na réamhchúraimí is gá a ghlacadh;

(i)

é a thabhairt le fios go bhféadfadh an t-innealra nó táirge gaolmhar teacht faoi réir ceanglais náisiúnta maidir le himscrúdú rialta ag comhlachtaí ainmnithe, faoi mar a fhoráiltear i dTreoir 2009/128/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (2);

(j)

gnéithe an innealra nó an táirge ghaolmhair, a ndéanfar cigireacht orthu chun a áirithiú go bhfeidhmeoidh sé mar is ceart;

(k)

treoracha maidir leis na hionstraimí tomhais is gá a cheangal.

3.   BUNCHEANGLAIS SLÁINTE AGUS SÁBHÁILTEACHTA FHORLÍONTACHA CHUN RIOSCAÍ MAR GHEALL AR SHOGHLUAISTEACHT AN INNEALRA NÓ TÁIRGÍ GAOLMHARA A FHRITHÁIREAMH

Maidir le hinnealra nó táirgí gaolmhara a bhfuil rioscaí ag baint leo mar gheall ar a soghluaisteacht, comhlíonfaidh sé na buncheanglais sláinte agus sábháilteachta go léir a leagtar amach sa chaibidil seo (féach Prionsabail Ghinearálta, pointe 4).

3.1.   Ginearálta

3.1.1.   Chun críocha na ranna seo, beidh feidhm ag na sainmhínithe seo a leanas:

(a)

ciallaíonn ‘innealra nó táirgí gaolmhara a bhfuil riosca ag baint leo mar gheall ar a soghluaisteacht’:

(i)

innealra nó táirgí gaolmhara óna dteastaíonn soghluaisteacht dá n-oibriú agus iad ar siúl, nó gluaiseacht leanúnach nó leathleanúnach idir seicheamh d’ionaid oibre seasta; nó

(ii)

innealra nó táirgí gaolmhara a oibrítear gan iad a bhogadh, ach ar féidir iad a fheistiú sa chaoi gur féidir iad a aistriú níos éasca ó áit go háit;

(b)

ciallaíonn ‘tiománaí’ oibreoir a bhfuil cúram ghluaiseacht innealra nó táirge ghaolmhair air, a bhféadfaí é a iompar leis an innealra, nó a d’fhéadfadh a bheith ar cois, a ghabhann leis an innealra, nó a fhéadfaidh an t-innealra a threorú trí chianrialtán;

(c)

ciallaíonn ‘innealra soghluaiste uathrialaitheach’ innealra soghluaiste ag a bhfuil mód uathrialaitheach, lena n-áirithítear feidhmeanna riachtanacha sábháilteachta uile an innealra shoghluaiste ina limistéar oibríochtaí agus ina limistéir bhogtha gan idirghníomhú buan ó oibreoir;

(d)

ciallaíonn ‘maoirseoir’ duine atá freagrach as maoirseacht a dhéanamh ar innealra soghluaiste uathrialaitheach;

(e)

ciallaíonn ‘feidhm mhaoirseachta’ cianfhaireachas neamhbhuan ar innealra soghluaiste uathrialaitheach trí ghléas lenar féidir faisnéis nó foláirimh a fháil agus chun orduithe teoranta a thabhairt don innealra sin.

3.2.   Suíomhanna oibre

3.2.1.   An suíomh tiomána

Fágfaidh infheictheacht an tsuímh tiomána gur féidir leis an tiománaí, le sábháilteacht iomlán dó féin agus do na daoine neamhchosanta, an t-innealra nó táirge gaolmhar agus a uirlisí a oibriú faoi choinníollacha úsáide measartha intuartha. I gcás inar gá, cuirfear feistí iomchuí ar fáil chun rioscaí a leigheas mar gheall ar radharc díreach neamhleor a bheith ann.

Déanfar innealra nó táirge gaolmhar ar a n-iomprófar an tiománaí a dhearadh agus a thógáil sa chaoi nach mbeidh aon riosca ann don tiománaí, ó na suíomhanna tiomána, teagmháil a dhéanamh leis na rothaí agus na rianta de thaisme.

Déanfar suíomh tiomána na dtiománaithe marcaíochta a dhearadh agus a thógáil sa chaoi gur féidir cábán a fheistiú don tiománaí ar choinníoll nach méadófar an riosca leis sin agus go mbeidh spás ann dó. Beidh áit sa chábán do na treoracha úsáide is gá don tiománaí.

3.2.2.   Suíocháin

I gcás ina bhfuil riosca ann go bhféadfaí oibreoirí nó daoine eile atá á n-iompar ag an innealra a bhascadh idir páirteanna den innealra agus an áit mórthimpeall air dá dtiontódh an t-innealra nó dá n-iompódh sé bunoscionn, go háirithe i gcás innealra atá feistithe le struchtúr cosanta dá dtagraítear i roinn 3.4.3 nó roinn 3.4.4:

(a)

déanfar an t-innealra a dhearadh nó a fheistiú le córas srianta ionas go gcoinneofaí na daoine ina suíocháin nó sa struchtúr cosanta, gan srian a chur ar na gluaiseachtaí is gá le haghaidh oibríochtaí nó gluaiseachtaí a bhaineann leis an struchtúr;

i gcás ina bhfuil riosca suntasach ann go dtiontódh an t-innealra nó go n-iompódh sé bunoscionn agus nach n-úsáidtear a chóras srianta, ní bheidh an t-innealra in ann gluaiseacht;

sna córais srianta nó trealamh den sórt sin cuirfear i gcuntas prionsabail eirgeanamaíocha agus ní fheisteofar iad má mhéadaíonn siad an riosca;

(b)

déanfar comhartha amhairc agus comhartha inchloiste ag an suíomh tiomána chun foláireamh a thabhairt don tiománaí nuair atá an tiománaí sa suíomh tiomána agus nach bhfuil an córas srianta á úsáid aige.

3.2.3.   Suíomhanna le haghaidh daoine eile

Má fhoráiltear leis na coinníollacha úsáide gur féidir daoine seachas an tiománaí a iompar ar an innealra nó gur féidir leo a bheith ag obair air ó am go ham nó go rialta, cuirfear suíomhanna iomchuí ar fáil dóibh ionas gur féidir leo a bheith á n-iompar air nó a bheith ag obair air gan riosca.

Beidh feidhm ag an dara mír agus ag an tríú mír de roinn 3.2.1 freisin maidir leis na háiteanna a chuirfear ar fáil do dhaoine seachas an tiománaí.

3.2.4.   Feidhm mhaoirseachta

I gcás inarb ábhartha, beidh feidhm maoirseachta a bhaineann go sonrach leis an mód uathrialaitheach ag innealra soghluaiste uathrialaitheacha nó táirgí gaolmhara. Leis an bhfeidhm seo, beidh an maoirseoir in ann faisnéis a fháil go cianda ón meaisín. Ní cheadófar, leis an bhfeidhm maoirseachta, ach gníomhaíochtaí chun an t-innealra nó táirge gaolmhar a stopadh agus a thosú go cianda nó é a aistriú go suíomh sábháilte agus staid shábháilte chun rioscaí eile a sheachaint. Déanfar é a dhearadh agus a thógáil sa chaoi nach féidir na ngníomhaíochtaí sin a dhéanamh ach amháin más féidir leis an maoirseoir gluaiseacht agus limistéar oibre an mheaisín a fheiceáil go díreach nó go hindíreach, agus nuair atá na feistí cosanta in úsáid.

Leis an bhfaisnéis a fhaigheann an maoirseoir ón innealra nuair atá an fheidhm maoirseachta gníomhach, beidh an maoirseoir in ann léargas iomlán cruinn a bheith aige nó aici ar oibriú, gluaiseacht agus suíomh sábháilte an innealra ina limistéar bhogtha agus oibre.

Cuirfidh an fhaisnéis an maoirseoir ar a airdeall nó a hairdeall faoi chásanna gan choinne nó cásanna contúirteacha atá ann nó atá ar tí tarlú, ar gá idirghabháil an maoirseora ina leith.

Mura bhfuil an fheidhm maoirseachta gníomhach, ní bheidh an t-innealra in ann oibriú.

3.3.   Córais rialaithe

Más gá, glacfar bearta úsáid neamhúdaraithe na rialtáin a chosc.

I gcás cianrialtán, sonrófar go soiléir ar gach aonad rialtán an t-innealra nó táirge gaolmhar atá le rialú ón aonad sin.

Déanfar an córas cianrialtán a dhearadh agus a thógáil sa chaoi nach mbeidh éifeacht aige ach amháin ar an méid seo a leanas:

(a)

ar an innealra nó an táirge gaolmhar atá i gceist;

(b)

ar na feidhmeanna atá i gceist.

Déanfar innealra cianrialaithe nó táirgí gaolmhara a dhearadh agus a thógáil sa chaoi nach bhfreagróidh siad ach do chomharthaí ó na haonaid rialtán atá beartaithe dóibh.

Maidir le hinnealra soghluaiste uathrialaitheach nó táirgí gaolmhara, dearfar an córas rialtán sa chaoi go bhfeidhmeoidh sé féin na feidhmeanna sábháilteachta mar a leagtar amach sa roinn seo iad, fiú nuair a ordaítear gníomhaíochtaí trí fheidhm chianmhaoirseachta a úsáid.

3.3.1.   Feistí rialaithe

Beidh an tiománaí in ann gníomhú ar gach feiste rialaithe is gá chun an t-innealra nó táirge gaolmhar a oibriú ón suíomh tiomána, seachas feidhmeanna, nach féidir a ghníomhú go sábháilte ach amháin trí úsáid a bhaint as feistí rialaithe atá lonnaithe in áit eile. Áirítear ar na feidhmeanna sin, go háirithe, na feidhmeanna sin a bhfuil oibreoirí eile seachas an tiománaí freagrach astu nó ar gá an tiománaí an suíomh tiomána a fhágáil chun iad a rialú go sábháilte.

I gcás ina bhfuil troitheáin ann, déanfar iad a dhearadh, a thógáil agus a fheistiú sa chaoi go bhféadfaidh an tiománaí oibriú go sábháilte agus go mbeidh an riosca is lú ann go n-oibreoidh siad ar bhealach mícheart. Ní mór dromchla frithshleamhain a bheith orthu agus iad soghlanta.

I gcás ina bhféadfadh guaiseacha, go háirithe gluaiseachtaí contúirteacha, a bheith mar thoradh ar a n-oibriú, fillfidh na feistí rialaithe ar an suíomh neodrach, seachas iad siúd a bhfuil suíomhanna réamhshocraithe acu, a luaithe a scaoileann an t-oibreoir iad.

I gcás innealra ar rothaí, déanfar an córas stiúrtha a dhearadh agus a thógáil sa chaoi go laghdófar fórsa ghluaiseachtaí tobanna an rotha stiúrtha nó an luamháin stiúrtha de bharr suaití sna rothaí treoraithe.

Déanfar aon rialú a ghlasálann an difreálach a dhearadh agus a shocrú sa chaoi go bhféadfar an difreálach a dhíghlasáil nuair a bheidh an t-innealra á bhogadh.

Ní bheidh feidhm ag an séú mír de roinn 1.2.2 a bhaineann le comharthaí rabhaidh fuaime agus/nó amhairc ach amháin i gcás cúlú.

3.3.2.   Tosú/gluaiseacht

Ní féidir aon ghluaiseacht bhogtha de chuid innealra fhéinghluaiste le tiománaí marcaíochta a dhéanamh ach amháin má bhíonn an tiománaí i bhfeighil na rialtán.

I gcás ina bhfeistítear innealra, chun críocha oibriúcháin, le feistí a sháraíonn a ghnáthchrios glanspáis (e.g. cobhsaitheoirí, géag, etc.), cuirfear ar fáil don tiománaí an bealach chun seiceáil a dhéanamh go héasca, roimh an innealra a bhogadh, go bhfuil feistí den sórt sin i suíomh áirithe a ligean do ghluaiseacht shábháilte.

Tá feidhm aige seo freisin maidir le gach cuid eile; chun go mbeidh gluaiseacht shábháilte ann, ní mór iad a bheith i suíomhanna áirithe, faoi ghlas más gá.

I gcás nach n-eascróidh rioscaí eile as, beidh gluaiseacht an innealra ag brath ar shuí sábháilte na bpáirteanna thuasluaite.

Ní fhéadfar an t-innealra a ghluaiseacht ar bhealach neamhbheartaithe le linn an t-inneall a bheith á thosú.

Cuirfear san áireamh, le gluaisteacht an innealra shoghluaiste uathrialaithigh, na rioscaí a bhaineann leis an limistéar ina bhfuil sé beartaithe bogadh agus oibriú.

3.3.3.   Feidhm bhogtha

Gan dochar do rialacháin maidir le trácht ar bhóithre, comhlíonfaidh innealra féinghluaiste agus a leantóirí na ceanglais maidir le moilliú, stopadh, coscánú agus bac gluaiseachta chun sábháilteacht a áirithiú faoi na dálaí oibríochta, ualaigh, luais, talún agus grádáin uile a cheadaítear.

Beidh an tiománaí in ann an t-innealra féinghluaiste a mhoilliú agus a stopadh trí bhíthin príomhfheiste. I gcás inar gá sin ó thaobh sábháilteachta de, i gcás ina gcliseann an phríomhfheiste, nó in éagmais an tsoláthair fuinnimh is gá chun an phríomhfheiste a ghníomhú, soláthrófar feiste éigeandála le feiste rialaithe atá go hiomlán neamhspleách agus a bhfuil rochtain éasca uirthi, chun moilliú agus stad a dhéanamh.

I gcás ina n-éilíonn sábháilteacht amhlaidh, soláthrófar feiste loctha chun innealra nach bhfuil ag bogadh a dhéanamh do-aistrithe. Féadfar an fheiste sin a chomhcheangal le ceann de na feistí dá dtagraítear sa dara mír más feiste mheicniúil amháin í.

Déanfar innealra cianrialaithe a fheistiú le feistí chun oibriú a stopadh go huathoibríoch agus láithreach agus chun oibríochtaí a d’fhéadfadh a bheith contúirteach a chosc sna cásanna seo a leanas:

(a)

má chailleann an tiománaí smacht;

(b)

má fhaigheann sé comhartha stoptha;

(c)

má bhraitear locht i gcuid den chóras a bhaineann le sábháilteacht;

(d)

mura bhraitear aon chomhartha bailíochtaithe laistigh d’am sonraithe.

Níl feidhm ag Roinn 1.2.4 maidir leis an bhfeidhm bhogtha.

Comhlíonfaidh innealra soghluaiste uathrialaitheach nó táirgí gaolmhara aon cheann de na coinníollacha seo a leanas nó an dá cheann, i gcás inar gá de réir an mheasúnaithe riosca:

(i)

aistreoidh agus oibreoidh sé i gcrios iata a bheith feistithe le córas cosanta forimeallach ina mbeidh sciatha nó feistí cosanta;

(ii)

beidh sé feistithe le feistí atá ceaptha chun aon duine, aon ainmhí clóis nó aon bhac eile ina chomharsanacht a bhrath, i gcás ina bhféadfadh na constaicí sin a bheith ina gcúis le riosca do shláinte agus do shábháilteacht daoine nó ainmhithe clóis nó d’oibriú sábháilte an innealra nó an táirge ghaolmhair.

Maidir le gluaiseachtaí innealra shoghluaiste nó táirge ghaolmhair a bhaineann le leantóir nó trealamh ar tarraingt amháin nó níos mó, lena n-áirítear innealra soghluaiste uathrialaitheach nó táirge gaolmhar, atá nasctha le leantóir nó trealamh ar tarraingt amháin nó níos mó nó, ní bheidh siad ina gcúis le rioscaí do dhaoine, d’ainmhithe clóis ná d’aon bhac eile i gcrios contúirte an innealra nó táirge ghaolmhair, na leantóirí agus an trealaimh ar tarraingt sin.

3.3.4.   Gluaiseacht innealra faoi rialú coisithe

Ní bheifear in ann innealra féinghluaiste faoi rialú coisithe a bhogadh ach amháin trí ghníomhaíocht leanúnach ar an bhfeiste rialaithe ábhartha ag an tiománaí. Go háirithe, ní bheidh gluaiseacht in ann tarlú agus an t-inneall á thosú. Déanfar na córais rialaithe le haghaidh innealra atá faoi rialú coisithe a dhearadh sa chaoi go n-íoslaghdófar na rioscaí a eascraíonn as gluaiseacht neamhbheartaithe an innealra i dtreo an tiománaí, go háirithe:

(a)

bascadh;

(b)

gortú ó uirlisí rothlacha.

Beidh luas taistil an innealra i gcomhréir le luas an tiománaí de shiúl na gcos.

I gcás innealra ar féidir uirlis rothlach a fheistiú air, ní fhéadfar an uirlis a ghníomhú nuair a bheidh an rialú cúlaithe á dhéanamh, ach amháin i gcás ina dtagann gluaiseacht an innealra mar thoradh ar ghluaiseacht na huirlise. Sa chás deireanach sin, níor cheart don luas cúlaithe an tiománaí a chur i mbaol.

3.3.5.   Cliseadh an chiorcaid rialaithe

Má chliseann ar an soláthar cumhachta leis an stiúradh cumhachtchúnta, má bhíonn sé feistithe, ní choiscfidh sé innealra a stiúradh le linn an ama a bheidh ag teastáil chun é a stopadh.

I gcás innealra soghluaiste uathrialaitheach, ní bheidh tionchar ag cliseadh sa chóras stiúrtha ar shábháilteacht an innealra.

3.4.   Cosaint ar rioscaí meicniúla

3.4.1.   Gluaiseachtaí neamhrialaithe

Déanfar innealra nó táirge gaolmhar a dhearadh, a thógáil agus, nuair is iomchuí, a chur ar thaca soghluaiste sa chaoi go n-áiritheofar, nuair a ghluaistear é, nach gcuirfidh ascaluithe a dhomhanláir isteach ar a chobhsaíocht nó nach gcuirfidh siad brú iomarcach ar a struchtúr.

3.4.2.   Páirteanna trais-seolta gluaisteacha

Mar eisceacht ar roinn 1.3.8.1, i gcás inneall, na sciatha inghluaiste a choisceann rochtain ar na páirteanna gluaisteacha in urrann an innill, ní gá do na sciatha sin feistí comhghlasála a bheith orthu más gá iad a oscailt le uirlis nó eochair, sin nó le rialtán atá suite sa suíomh tiomána, ar choinníoll go bhfuil an rialtán sin i gcábán lániata faoi ghlas chun rochtain neamhúdaraithe a chosc.

3.4.3.   Iompú thart agus iompú bunoscionn

Más rud é, i gcás innealra féinghluaiste le tiománaí, oibreoir/oibreoirí nó duine/daoine eile ar bord, go bhfuil riosca ann go n-iompófar thart nó go n-iompófar bunoscionn iad, feisteofar an t-innealra le struchtúr cosanta iomchuí, mura méadóidh sé sin an riosca.

Beidh an struchtúr sin de chineál a fhágfaidh, i gcás iompú thart nó iompú bunoscionn, go mbeidh toirt leordhóthanach ann lena gciorraítear sraonadh le haghaidh an duine/na ndaoine ar bord.

Chun a fhíorú go gcomhlíonann an struchtúr an ceanglas a leagtar síos sa dara mír, déanfaidh an monaróir na tástálacha iomchuí, nó na tástálacha sin a chur faoi deara a fheidhmiú, ar gach cineál struchtúir lena mbaineann.

3.4.4.   Rudaí ag titim

Más rud é, i gcás innealra féinghluaiste le tiománaí, oibreoir/oibreoirí nó duine/daoine eile ar bord, go bhfuil riosca ann mar gheall ar rudaí nó ábhar atá ag titim, déanfar an t-innealra a dhearadh agus a thógáil sa chaoi go gcuirfear an riosca sin san áireamh agus go bhfeisteofar struchtúr cosanta iomchuí air, más féidir é sin a dhéanamh de réir a mhéide.

Leis an struchtúr sin, i gcás ina dtiteann rudaí nó ábhar, ráthófar toirt leordhóthanach lena gciorraítear sraonadh le haghaidh na ndaoine ar bord.

Chun a fhíorú go gcomhlíonann an struchtúr an ceanglas a leagtar síos sa dara mír, déanfaidh an monaróir tástálacha iomchuí, nó socróidh sé go ndéanfar na tástálacha sin, ar gach cineál struchtúir lena mbaineann.

3.4.5.   Bealaí rochtana

Déanfar greamáin láimhe agus céimeanna a dhearadh, a thógáil agus a eagrú sa chaoi go mbainfidh na hoibreoirí úsáid astu go hinstinneach agus nach n-úsáidfidh siad na feistí rialaithe chun rochtain a éascú.

3.4.6.   Feistí tarraingthe

An t-innealra go léir a úsáidfear le haghaidh tarraingt nó a bheidh le tarraingt, feisteofar é le feistí tarraingthe nó cúplála arna ndearadh, arna dtógáil agus arna socrú sa chaoi go n-áiritheofar ceangal agus dícheangal atá éasca agus slán agus go gcuirfear cosc le dínascadh tionóisceach le linn a n-úsáide.

De réir mar a theastaíonn ó ualach an bharra tarraingthe, feisteofar an t-innealra sin le taca a bhfuil dromchla imthaca air a oireann don ualach agus don talamh.

3.4.7.   Tras-seoladh cumhachta idir innealra féinghluaiste (nó tarracóir) agus innealra tiomáinte

Feistí trais-seolta meicniúla inbhainte a nascann innealra féinghluaiste (nó tarracóir) leis an gcéad imthaca daingean de chuid an innealra tiomáinte, déanfar iad a dhearadh agus a thógáil sa chaoi go mbeidh aon pháirt a ghluaiseann le linn an oibriúcháin cosanta feadh a faid iomláin.

Ar thaobh an innealra fhéinghluaiste (nó an tarracóra), an chumhachtdúiseacht lena nasctar an fheiste trais-seolta meicniúla inbhainte, déanfar é a chosaint le sciath dhaingean arna nascadh leis an innealra féinghluaiste (nó an tarracóir) nó le haon fheiste eile a chuireann cosaint choibhéiseach ar fáil.

Beifear in ann an sciath sin a oscailt chun rochtain a fháil ar an bhfeiste trais-seolta inbhainte. Nuair a bheidh sí san áit cheart, beidh dóthain spáis ann ionas nach ndéanfaidh an seafta tiomána damáiste don sciath nuair a bheidh an t-innealra (nó an tarracóir) ag gluaiseacht.

Ar thaobh an innealra tiomáinte, beidh an seafta ionchuir dúnta i gcásáil chosanta a bheidh greamaithe den innealra.

Ní fhéadfar teorantóirí casmhóiminte nó saor-rothaí a fheistiú ar thras-seoltaí comhpháirteacha uilíocha ach amháin ar an taobh le hais an innealra tiomáinte. Marcálfar an fheiste trais-seolta meicniúil inbhainte dá réir.

Gach innealra tiomáinte a n-éilíonn a oibriú go mbeadh feiste trais-seolta meicniúil inbhainte aige chun é a cheangal le hinnealra féinghluaiste (nó tarracóir), beidh córas aige chun an fheiste trais-seolta meicniúil inbhainte a cheangal sa chaoi, nuair a bheidh an t-innealra dícheangailte, nach ndéanfar damáiste don fheiste trais-seolta meicniúil inbhainte agus dá sciath trí theagmháil a dhéanamh leis an talamh nó le cuid den innealra.

Déanfar codanna seachtracha na scéithe a dhearadh, a thógáil agus a shocrú sa chaoi nach féidir leo casadh leis an bhfeiste trais-seolta meicniúil inbhainte. Clúdóidh an sciath an tras-seoladh go foircinn na ngiall inmheánach i gcás ailt uilíocha shimplí agus ar a laghad chuig lár an ailt nó na n-alt seachtrach i gcás ailt uilíocha leathana.

Má sholáthraítear modhanna rochtana ar shuíomhanna oibre gar don fheiste trais-seolta meicniúil inbhainte, déanfar iad a dhearadh agus a thógáil sa chaoi nach féidir na sciatha seafta a úsáid mar chéimeanna, mura rud é go bhfuil siad deartha agus tógtha chun na críche sin.

3.5.   Cosaint ar rioscaí eile

3.5.1.   Ceallraí

Déanfar tithíocht an cheallra a dhearadh agus a thógáil sa chaoi nach n-eisteilgfear an leictrilíte anuas ar an oibreoir i gcás iompú thart nó iompú bunoscionn, agus chun carnadh gal a sheachaint sna háiteanna a mbíonn na hoibreoirí iontu.

Déanfar táirge innealra nó táirgí gaolmhara a dhearadh agus a thógáil sa chaoi gur féidir an ceallra a dhícheangal le cabhair ó fheiste shorochtana a cuireadh ar fáil chuige sin.

Na ceallraí a luchtaítear go huathoibríoch le haghaidh innealra soghluaiste nó táirgí gaolmhara, lena n-áirítear innealra soghluaiste uathrialaitheach nó táirgí gaolmhara, déanfar iad a dhearadh sa chaoi go gcoiscfear na guaiseacha dá dtagraítear i ranna 1.3.8.2. agus 1.5.1., lena n-áirítear na rioscaí a bhaineann le teagmháil nó imbhualadh an innealra nó an táirge ghaolmhair le duine nó le hinnealra nó táirgí gaolmhara eile nuair a bhogann an t-innealra nó an táirge gaolmhar go huathrialaitheach chuig an stáisiún luchtaithe.

3.5.2.   Dóiteán

Ag brath ar na guaiseacha a bhfuil coinne ag an monaróir leo, beidh an méid seo a leanas fíor faoi innealra, i gcás inar féidir de réir mhéid an innealra:

(a)

beifear in ann múchtóirí dóiteáin sorochtana a fheistiú ann; nó

(b)

beidh córais múchtóirí ionsuite ann.

3.5.3.   Astaíochtaí substaintí guaiseacha

Ní bheidh feidhm ag an dara mír agus an tríú mír de roinn 1.5.13 i gcás inarb é príomhfheidhm an innealra substaintí guaiseacha a leathadh. Déanfar an t-oibreoir a chosaint, áfach, ar an riosca a bhaineann le nochtadh d’astaíochtaí guaiseacha den sórt sin.

Maidir le hinnealra soghluaiste ina mbíonn tiománaí ar bord arb é substaintí guaiseacha a leathadh an phríomhfheidhm atá aige, beidh cábáin scagacháin feistithe ann nó beidh bearta sábháilteachta coibhéiseacha i bhfeidhm.

3.5.4.   Riosca teagmhála le línte cumhachta fuinnmhithe lasnairde

Ag brath ar a n-airde, déanfar innealra soghluaiste nó táirge gaolmhar, i gcás inarb ábhartha, a dhearadh, a thógáil agus a fheistiú, chun an riosca go rachfaí i dteagmháil le líne chumhachta bheo lasnairde a chosc nó chun an riosca go gcruthófaí stua leictreach idir aon chuid den innealra nó oibreoir a bheidh ag tiomáint an innealra agus líne chumhachta fhuinnmhithe lasnairde a chosc.

Nuair nach féidir an riosca teagmhála le líne chumhachta lasnairde fhuinnmhithe do na daoine atá ag oibriú innealra a sheachaint go hiomlán, déanfar innealra soghluaiste nó táirgí gaolmhara a dhearadh, a thógáil agus a fheistiú sa chaoi go gcoiscfear aon ghuaiseacha leictreacha.

3.6.   Faisnéis agus tásca

3.6.1.   Comharthaí, teachtaireachtaí agus rabhaidh

Beidh comharthaí agus/nó plátaí treoracha ag gach innealra nó táirge gaolmhar maidir le húsáid, oiriúnú agus cothabháil, cibé uair is gá, chun sláinte agus sábháilteacht na ndaoine a áirithiú. Déanfar iad a roghnú, a dhearadh agus a thógáil ionas go mbeidh siad sofheicthe agus doscriosta.

Gan dochar d’fhorálacha na rialachán um thrácht ar bhóithre, beidh an trealamh seo a leanas ag an innealra nó táirgí gaolmhara ina mbíonn tiománaí ar bord:

(a)

feiste rabhaidh fuaime chun daoine a chur ar an airdeall;

(b)

córas comharthaí soilse i gcomhair na ndálaí úsáide atá beartaithe; níl feidhm ag an dara ceanglas thuas maidir leis an innealra nó táirgí gaolmhara nach bhfuil ceaptha ach oibriú faoin talamh agus nach bhfuil aon chumhacht leictreach acu;

(c)

i gcás inar gá, beidh ceangal iomchuí ann idir leantóir agus an t-innealra nó táirge gaolmhar i gcomhair oibriú na gcomharthaí.

Innealra nó táirgí gaolmhara cianrialaithe lena mbaineann riosca imbhuailte nó basctha daoine faoi na gnáthdhálaí úsáide a bhaineann leis, déanfar é a fheistiú le modhanna iomchuí chun a ghluaiseachtaí a léiriú nó le modhanna chun daoine a chosaint ar na rioscaí sin. Beidh feidhm ag an méid sin maidir le hinnealra nó táirgí gaolmhara nuair a bhíonn siad ag gluaiseacht chun tosaigh agus ar gcúl ar an ais chéanna go leanúnach, agus iad in úsáid, i gcás nach féidir leis an tiománaí an limistéar laistiar den innealra a fheiceáil go díreach.

Déanfar an t-innealra nó táirgí gaolmhara a thógáil ionas nach féidir na feistí rabhaidh agus comharthaíochta a dhíchumasú de thaisme. I gcás ina mbeidh sé riachtanach don tsábháilteacht, beidh feidhmeanna ag feistí den sórt sin chun a sheiceáil go bhfuil siad in ord maith oibrithe agus chun a chur in iúl don oibreoir má chliseann siad.

I gcás ina mbeidh guais ar leith ag baint le gluaiseacht innealra nó a chuid uirlisí, cuirfear comharthaí ar an innealra chun rabhadh a thabhairt do dhaoine gan teacht i gcóngar an innealra le linn dó a bheith ag oibriú; beidh na comharthaí inléite fada go leor ón innealra chun sábháilteacht na ndaoine a áirithiú nuair is gá dóibh a bheith i ngar dó.

3.6.2.   Marcáil

(1)

Taispeánfar na nithe seo a leanas go soléite agus go doscriosta ar gach innealra nó táirge gaolmhar:

(a)

an chumhacht ainmniúil arna sloinneadh i gcileavatanna (kW);

(b)

mais na cumraíochta is coitianta, i gcileagraim (kg).

(2)

Sa bhreis air sin, i gcás inarb iomchuí, taispeánfar na nithe seo a leanas go soléite agus go doscriosta ar gach innealra nó táirge gaolmhar:

(a)

tarraingt uasta an bharra tarraingthe a cheadaítear ar an gcrúca cúplála, i niútain (N);

(b)

an t-ualach ingearach uasta a cheadaítear ar an gcrúca cúplála, i niútain (N).

3.6.3.   Treoracha úsáide

3.6.3.1.   Creathanna

Gheofar an fhaisnéis seo a leanas sna treoracha úsáide maidir le creathanna, arna sloinneadh mar luasghéarú (m/s2), arna dtarchur ag an innealra nó táirge gaolmhar chuig an gcóras láimhe nó chuig an gcorp ar fad:

(a)

luach iomlán na gcreathanna leanúnacha a bhfuil an córas láimhe faoina réir;

(b)

meánluach bhuaic-aimplitiúid an luasghéaraithe ó chreathanna turrainge arís agus arís eile, a bhfuil an córas láimhe faoina réir;

(c)

meánluach fhréamh na gcearnóg is airde luathú ualaithe a théann i gcion ar an gcorp ar fad, má sháraíonn sé 0,5 m/s2; i gcás nach sáraíonn an luach sin 0,5 m/s2, luafar é sin;

(d)

éiginnteacht na dtomhas.

Is éard a bheidh sna luachanna sin na luachanna a tomhaiseadh go hiarbhír don innealra nó don táirge gaolmhar atá i gceist nó na luachanna sin arna mbunú ar bhonn tomhais a rinneadh i ndáil le hinnealra nó táirgí gaolmhara atá inchomparáide go teicniúil agus atá ionadaíoch ar an innealra nó na táirgí gaolmhara atá le táirgeadh.

I gcás nach féidir na caighdeáin chomhchuibhithe nó na sonraíochtaí coiteanna arna nglacadh ag an gCoimisiún i gcomhréir le hAirteagal 20(3) a chur i bhfeidhm, déanfar an creathadh a thomhas trí úsáid a bhaint as an gcód tomhais is iomchuí don innealra nó do na táirgí gaolmhara lena mbaineann.

Sonrófar na dálaí oibre a bheidh ann le linn tomhas a dhéanamh mar aon leis na cóid tomhais a úsáidfear.

3.6.3.2.   An ilúsáid

Na treoracha úsáide le haghaidh innealra nó táirge gaolmhar is féidir a úsáid ar bhealaí éagsúla, ag brath ar an trealamh atá in úsáid agus ar na treoracha úsáide le haghaidh an trealaimh idirmhalartaithe, beidh an fhaisnéis riachtanach sna treoracha sin maidir le cóimeáil agus úsáid shábháilte an bhuninnealra nó an bhuntáirge ghaolmhair agus an trealamh idirmhalartaithe is féidir a fheistiú.

3.6.3.3.   Innealra soghluaiste uathrialaitheach nó táirgí gaolmhara

I dtreoracha úsáide an innealra shoghluaiste uathrialaithigh nó na dtáirgí gaolmhara, sonrófar na tréithe a bhaineann leis an mbogadh atá beartaithe, na limistéir oibre agus na criosanna contúirte a ghabhann leis.

4.   BUNCHEANGLAIS SLÁINTE AGUS SÁBHÁILTEACHTA FHORLÍONTACHA CHUN RIOSCAÍ MAR GHEALL AR OIBRÍOCHTAÍ ARDAITHE A FHRITHÁIREAMH

Maidir le hinnealra nó táirge gaolmhar a bhfuil rioscaí ag baint leo mar gheall ar oibríochtaí ardaithe, comhlíonfaidh sé na buncheanglais sláinte agus sábháilteachta ábhartha go léir a leagtar amach sa chaibidil seo (féach pointe 4 de na Prionsabail Ghinearálta).

4.1.   Ginearálta

4.1.1.   Chun críocha roinn 4.1, beidh feidhm ag na sainmhínithe seo a leanas:

(a)

ciallaíonn ‘oibríocht ardaithe’ gluaiseachtaí ualaí aonaid ina mbíonn earraí agus/nó daoine ar gá a leibhéal a athrú ag am áirithe;

(b)

ciallaíonn ‘ualach treoraithe’ ualach i gcás ina ndéantar gluaiseacht iomlán de réir treoracha dolúbtha nó solúbtha a gcinntítear a suíomh le pointí seasta;

(c)

ciallaíonn ‘comhéifeacht oibre’ an cóimheas uimhríochta idir an t-ualach atá ráthaithe ag an monaróir ar féidir le comhpháirt é a choinneáil ar a mhéad agus an t-ualach oibre uasta a mharcáiltear ar an gcomhpháirt;

(d)

ciallaíonn ‘comhéifeacht tástála’ an cóimheas uimhríochta idir an t-ualach a úsáidtear chun tabhairt faoi thástálacha statacha nó dinimiciúla ar an innealra nó ar an táirge gaolmhar nó ar an ngabhálas ardaithe agus an t-ualach oibre uasta a mharcáiltear ar an innealra nó ar an táirge gaolmhar nó ar an ngabhálas ardaithe;

(e)

ciallaíonn ‘tástáil statach’ an tástáil ina ndéantar an chéad scrúdú ar an innealra nó ar an táirge gaolmhar nó ar an ngabhálas ardaithe, agus ina gcuirtear faoi fhórsa é a chomhfhreagraíonn don ualach oibre uasta arna iolrú faoin gcomhéifeacht tástála statach iomchuí agus a ndéantar athscrúdú air ansin ach a scaoiltear an t-ualach sin chun a áirithiú nár tharla aon díobháil;

(f)

ciallaíonn ‘tástáil dhinimiciúil’ an tástáil ina n-oibrítear an táirge innealra nó an táirge gaolmhar ina gcumraíochtaí féideartha go léir faoin ualach oibre uasta, arna iolrú faoin gcomhéifeacht tástála dinimiciúla iomchuí, agus iompar dinimiciúil an táirge innealra ardaithe á chur san áireamh chun a sheiceáil an bhfuil sé ag feidhmiú sé mar is ceart;

(g)

ciallaíonn ‘iompróir’ páirt den innealra nó den táirge gaolmhar ar a dtacaítear nó ina dtacaítear le daoine agus/nó le hearraí chun go n-ardófar iad.

4.1.2.   Cosaint ar rioscaí meicniúla

4.1.2.1.   Rioscaí de bharr easpa cobhsaíochta

Déanfar an t-innealra nó táirgí gaolmhara a dhearadh agus a thógáil ionas go gcoinneofar an chobhsaíocht a leagtar síos i roinn 1.3.1 agus é i mbun seirbhíse agus as seirbhís, lena n-áirítear gach céim iompraíochta, cóimeála agus díchóimeála, le linn cliseadh comhpháirte intuartha agus le linn na dtástálacha arna ndéanamh i gcomhréir leis na treoracha úsáide. Chun na críche sin, bainfidh an monaróir úsáid as modhanna fíorúcháin iomchuí.

4.1.2.2.   Innealra nó táirgí gaolmhara a ghluaiseann ar ráillí treorach agus ar ráillí iarnróid

Beidh feistí mar chuid d’innealra nó táirgí gaolmhara a fheidhmeoidh ar na ráillí treorach nó iarnróid chun díráilliú a chosc.

Más rud é, d’ainneoin feistí den sórt sin, go bhfuil riosca fós ann go dtarlódh díráilliú nó go gclisfeadh ar chomhpháirt treorach nó iarnróid, soláthrófar feistí a chuirfidh cosc le titim an trealaimh, na comhpháirte nó an ualaigh nó le hiompú bunoscionn an innealra.

4.1.2.3.   Neart meicniúil

Beidh innealra nó táirgí gaolmhara, lena n-áirítear gabhálais ardaithe agus a gcomhpháirteanna in ann an brú a chuirtear orthu le linn a saolré, le linn a n-úsáide agus, i gcás inarb infheidhme, le linn dóibh a bheith as úsáid a sheasamh faoi na dálaí suiteála agus oibriúcháin dá bhforáiltear agus sna cumraíochtaí ábhartha uile, agus aird chuí á tabhairt, i gcás inarb iomchuí, ar an éifeacht a bhíonn ag tosca atmaisféaracha agus ag fórsa an duine. Comhlíonfar an ceanglas sin freisin le linn iompair, cóimeála agus díchóimeála.

Déanfar innealra nó táirgí gaolmhara, lena n-áirítear gabhálais ardaithe a dhearadh agus a thógáil sa chaoi nach gclisfidh siad de barr strustuirse nó caithimh, agus an úsáid atá beartaithe dóibh agus aon mhí-úsáid measartha intuartha á gcur san áireamh.

Roghnófar na hábhair a úsáidfear ar bhonn na dtimpeallachtaí oibre atá beartaithe, go háirithe maidir le creimeadh, scríobadh, imbhuailtí, teochtaí foircneacha, strustuirse, sobhristeacht, radaíocht agus aosú.

Déanfar innealra nó táirgí gaolmhara, lena n-áirítear gabhálais ardaithe a dhearadh agus a thógáil ar bhealach a sheasfaidh an ró-ualach sna tástálacha statacha gan dífhoirmiú buan ná locht paitinne a bheith ann. Cuirfear san áireamh i ríomhanna an nirt luach na comhéifeachta tástála stataí a roghnófar chun leibhéal leordhóthanach sábháilteachta a ráthú. Baineann na luachanna seo a leanas leis an gcomhéifeacht sin, mar riail ghinearálta:

(a)

innealra lámhoibrithe nó táirgí gaolmhara, lena n-áirítear gabhálais ardaithe: 1,5;

(b)

innealra eile nó táirgí gaolmhara: 1,25.

Déanfar innealra nó táirgí gaolmhara a dhearadh agus a thógáil ar bhealach a fhágann go seasfaidh sé, gan chliseadh, na tástálacha dinimiciúla a dhéanfar agus úsáid á baint as an ualach oibre uasta arna iolrú faoin gcomhéifeacht tástála dinimiciúla. Roghnaítear an chomhéifeacht tástála dinimiciúla sin chun leibhéal leordhóthanach sábháilteachta a ráthú: is é 1,1 an chomhéifeacht, mar riail ghinearálta. Mar riail ghinearálta, is ag na luasanna ainmniúla dá bhforáiltear a dhéanfar na tástálacha. Más féidir roinnt gluaiseachtaí comhuaineacha a dhéanamh le ciorcad rialaithe an innealra nó an táirge ghaolmhair, déanfar na tástálacha faoi na dálaí is mífhabhraí, mar riail ghinearálta, trí na gluaiseachtaí atá i gceist a chumasc.

4.1.2.4.   Ulóga, drumaí, rothaí, téada agus slabhraí

Beidh trastomhas na n-ulóg, na ndrumaí agus na rothaí ar aon tomhas le tiús na dtéad nó na slabhraí is féidir a fheistiú orthu.

Déanfar drumaí agus rothaí a dhearadh, a thógáil agus a shuiteáil ar bhealach a fhágann gur féidir na téada nó na slabhraí lena bhfuil siad feistithe a chasadh gan iad a bheith ag teacht díobh.

Na téada a úsáidfear go díreach chun an t-ualach a ardú nó chun tacú leis, ní dhéanfar aon spladhsáil orthu seachas ag a gceann. Glactar le spladhsáil, áfach, laistigh de shuiteálacha atá beartaithe lena n-athrú go tráthrialta d’aon ghnó de réir mar is gá ag brath ar a n-úsáid.

Ní mór comhéifeacht oibre a bheith ag téada iomlána agus ag a dhá gceann a roghnófar ar bhealach a ráthóidh leibhéal leordhóthanach sábháilteachta. Mar riail ghinearálta, is ionann an chomhéifeacht sin agus 5.

Beidh comhéifeacht oibre ag slabhraí ardaithe a roghnófar ar bhealach a ráthóidh leibhéal leordhóthanach sábháilteachta. Mar riail ghinearálta, is ionann an chomhéifeacht sin agus 4.

Chun a fhíorú gur gnóthaíodh comhéifeacht oibre leordhóthanach, déanfaidh an monaróir, le haghaidh gach cineáil slabhra agus téide a úsáidtear go díreach chun an t-ualach a ardú agus i gcomhair dhá cheann na téide, na tástálacha iomchuí a chur i gcrích nó socróidh sé go gcuirfear i gcrích iad.

4.1.2.5.   Gabhálais ardaithe agus na comhpháirteanna a ghabhann leo

Déanfar na gabhálais ardaithe agus na comhpháirteanna a ghabhann leo a thomhas agus aird chuí á tabhairt ar an strustuirse agus ar an aosú le haghaidh roinnt timthriallta oibriúcháin atá i gcomhréir lena saolré ionchasach mar a shonraítear í sna coinníollacha oibriúcháin i gcomhair feidhm faoi leith.

Thairis sin:

(a)

déanfar comhéifeacht oibre na dtéad sreinge agus dhá cheann na dtéad sin le chéile a roghnú ar bhealach a ráthóidh leibhéal leordhóthanach sábháilteachta; mar riail ghinearálta, is ionann an chomhéifeacht sin agus 5. Níor cheart aon spladhsáil ná lúb a bheith sna téada seachas ag an dá cheann;

(b)

i gcás ina n-úsáidfear slabhraí le naisc tháthaithe, gearrnaisc a bheidh iontu. Roghnófar comhéifeacht oibre na slabhraí ar bhealach a ráthóidh leibhéal leordhóthanach sábháilteachta; mar riail ghinearálta, is ionann an chomhéifeacht sin agus 4;

(c)

braitheann an chomhéifeacht oibre le haghaidh téada, crocháin nó caolrabhaisc teicstíle ar an ábhar, ar an modh monaraíochta, ar na toisí agus ar an úsáid. Déanfar an chomhéifeacht sin a roghnú ar bhealach a ráthóidh leibhéal leordhóthanach sábháilteachta; mar riail ghinearálta, is ionann an chomhéifeacht sin agus 7, ar choinníoll go léireofar gur de chaighdeán den chéad scoth iad na hábhair sin agus go bhfuil an modh monaraíochta oiriúnach don úsáid atá beartaithe dóibh. Murab amhlaidh, is ag leibhéal níos airde a shocrófar an chomhéifeacht mar riail ghinearálta chun an leibhéal sábháilteachta céanna a ráthú. Ní bheidh aon snaidhm, nasc ná spladhsáil ar théada, crocháin nó caolrabhaisc teicstíle seachas ag dhá cheann an chrocháin féin, ach amháin i gcás crochán gan deireadh;

(d)

na comhpháirteanna miotalacha uile atá sa chrochán nó a úsáidtear leis, beidh comhéifeacht oibre acu a roghnófar ar bhealach a ráthóidh leibhéal leordhóthanach sábháilteachta; mar riail ghinearálta, is ionann an chomhéifeacht sin agus 4;

(e)

cinntear an t-ualach oibre uasta atá ag crochán ilchosach ar bhonn na comhéifeachta oibre atá ag an gcos is laige, líon na gcos agus fachtóir laghdaithe atá ag brath ar chumraíocht an chrocháin;

(f)

chun a fhíorú gur gnóthaíodh comhéifeacht oibre leordhóthanach, déanfaidh an monaróir, le haghaidh gach cineáil comhpháirte dá dtagraítear in (a), go (d), na tástálacha iomchuí a chur i gcrích nó socróidh sé nó sí go gcuirfear i gcrích iad.

4.1.2.6.   Rialú gluaiseachtaí

Maidir le feistí rialaithe gluaiseachtaí, feidhmeoidh siad ar bhealach a fhágann go gcoinneofar an t-innealra nó an táirge gaolmhar ar a bhfuil siad suiteáilte sábháilte.

(a)

Déanfar an t-innealra nó táirge gaolmhar a dhearadh agus a thógáil nó a fheistiú le feistí ar bhealach a fhágann go gcoinneofar aimplitiúid na gluaiseachta dá chomhpháirteanna laistigh de na teorainneacha sonraithe. Tabharfar rabhadh roimh oibriú na bhfeistí sin, i gcás inarb iomchuí.

(b)

I gcás inar féidir roinnt innealraí nó táirgí gaolmhara atá feistithe go daingean nó suite ar ráillí a ionramháil go comhuaineach sa láthair chéanna, agus riosca ann go dtarlódh imbhualadh, déanfar an t-innealra sin a dhearadh agus a thógáil ar bhealach a fhágfaidh gur féidir córais a fheistiú trínar féidir an riosca sin a sheachaint.

(c)

Déanfar an t-innealra nó táirgí gaolmhara a dhearadh agus a thógáil ar bhealach a fhágfaidh nach féidir le hualaí bogadh go contúirteach nó titim gan srian agus gan choinne, fiú amháin i gcás leathchliseadh nó lánchliseadh an tsoláthair cumhachta nó nuair a éiríonn an t-oibreoir as oibriú an innealra.

(d)

Beidh sé dodhéanta, faoi ghnáthdhálaí oibriúcháin, an t-ualach a ísliú leis an gcoscán frithchuimilte amháin, seachas i gcás innealra nó táirge gaolmhar nach mór é a oibriú sa chaoi sin de bharr na feidhme atá leis.

(e)

Déanfar feistí coinneála a dhearadh agus a thógáil ar bhealach a sheachnóidh titim na n-ualaí trí thimpiste.

4.1.2.7.   Gluaiseachtaí na n-ualaí le linn láimhseála

Beidh suíomh oibriúcháin an innealra suite ar bhealach a áiritheoidh an radharc is leithne is féidir ar chonair na bpáirteanna atá ag gluaiseacht chun imbhualadh féideartha le daoine, le trealamh nó le hinnealra eile a chosc, rud a d’fhéadfadh a bheith ag gluaiseacht an tráth céanna agus a bheith ina ghuais.

Déanfar an t-innealra ina bhfuil ualaí treoraithe a dhearadh agus a thógáil ar bhealach a chuirfidh cosc le daoine a bheith á ngortú de dheasca ghluaiseacht an ualaigh, an iompróra nó na bhfrithmheáchan, más ann dóibh.

4.1.2.8.   Innealra atá ag freastal ar léibhinn dhaingnithe

4.1.2.8.1.   Gluaiseachtaí an iompróra

Déanfar gluaiseacht iompróir an innealra atá ag freastal ar léibhinn dhaingnithe a threorú go docht chuig na léibhinn agus ag na léibhinn. Meastar gur treoir dhocht iad córais na siosúr freisin.

4.1.2.8.2.   Rochtain ar an iompróir

I gcás ina mbeidh rochtain ag daoine ar an iompróir, déanfar an t-innealra a dhearadh agus a thógáil ar bhealach a áiritheoidh go bhfanfaidh an t-iompróir ina stad le linn na rochtana, go háirithe fad a bheidh sé á luchtú nó á dhíluchtú.

Déanfar an t-innealra a dhearadh agus a thógáil ar bhealach a áiritheoidh nach gcruthófar riosca tuisle de bharr na difríochta idir leibhéal an iompróra agus leibhéal an léibhinn a bhfuiltear ag freastal air.

4.1.2.8.3.   Rioscaí de bharr teagmháil leis an iompróir atá ag gluaiseacht

I gcás inar gá chun an ceanglas a shonraítear sa dara mír de roinn 4.1.2.7 a chomhlíonadh, ní bheidh rochtain ar an limistéar taistil le linn an ghnáthoibriúcháin.

Má tá riosca ann, le linn cigireachta nó cothabhála, go mbrúfaí daoine atá lonnaithe faoin iompróir nó os a chionn idir an t-iompróir agus aon pháirteanna atá feistithe go daingean, cuirfear dóthain spáis saor ar fáil trí bhíthin tearmainn fhisiceacha nó trí bhíthin feistí meicniúla lena gcuirfear bac ar ghluaiseacht an iompróra.

4.1.2.8.4.   Riosca de bharr ualach ag titim den iompróir

I gcás riosca a bheith ann go dtitfeadh ualach den iompróir, déanfar an t-innealra a dhearadh agus a thógáil ar bhealach a chuirfear cosc leis an riosca sin.

4.1.2.8.5.   Léibhinn

Cuirfear cosc leis an riosca go mbeadh teagmháil idir daoine ag na léibhinn agus an t-iompróir atá ag gluaiseacht nó páirteanna eile atá ag gluaiseacht.

Má tá riosca ann go dtitfeadh daoine isteach sa limistéar taistil nuair nach mbíonn an t-iompróir i láthair ag na léibhinn, feisteofar sciatha chun an riosca sin a chosc. Ní osclófar na sciatha sin i dtreo an limistéir taistil. Beidh siad feistithe le feiste glasála sciath a rialaítear ó shuíomh an iompróra chun cosc a chur leis na nithe seo a leanas:

(a)

gluaiseachtaí guaiseacha an iompróra go dtí go mbeidh na sciatha dúnta agus faoi ghlas;

(b)

oscailt ghuaiseach scéithe go dtí go stopfaidh an t-iompróir ag an léibheann comhfhreagrach.

4.1.3.   Oiriúnacht don fheidhm

Nuair a chuirtear innealra ardaithe nó táirgí gaolmhara, lena n-áirítear nó gabhálais ardaithe ar an margadh nó nuair a chuirtear i seirbhís iad den chéad uair, áiritheoidh an monaróir, trí bhearta iomchuí a dhéanamh nó trína shocrú go ndéanfar iad, go mbeidh an t-innealra nó táirgí gaolmhara, lena n-áirítear gabhálais ardaithe atá réidh lena n-úsáid – is cuma más de láimh nó le cumhacht a oibrítear iad – in ann a gcuid sainfheidhmeanna a chomhlíonadh go sábháilte.

Déanfar na tástálacha statacha agus dinimiciúla dá dtagraítear i roinn 4.1.2.3 ar gach innealra ardaithe nó táirgí gaolmhara atá réidh le cur i seirbhís.

I gcás nach féidir an t-innealra nó táirgí gaolmhara a chur le chéile in áitreabh an mhonaróra, déanfaidh an monaróir na bearta iomchuí ag an láthair úsáide. Seachas sin, is féidir na bearta a dhéanamh in áitreabh an mhonaróra nó ag an láthair úsáide.

4.2.   Ceanglais maidir le hinnealra nó táirgí gaolmhara nach é neart na lámh is foinse chumhachta dóibh

4.2.1.   Rialú gluaiseachtaí

Úsáidfear feistí rialaithe a bhrúitear lena n-oibriú chun gluaiseachtaí an innealra nó na dtáirgí gaolmhara nó a dtrealaimh a rialú. I gcás gluaiseachtaí páirteacha nó iomlána nach bhfuil aon riosca ann go mbuailfeadh an t-ualach nó an t-innealra nó an táirge gaolmhar in aghaidh a chéile, áfach, féadfar feistí rialaithe a chur in ionad na bhfeistí sin lena n-údaraítear stadanna uathoibríocha i suíomhanna réamhroghnaithe gan feiste rialaithe a bhrúitear lena oibriú a bheith i lámh an oibreora.

4.2.2.   Rialú ualaithe

Maidir le hinnealra nó táirgí gaolmhara ag a bhfuil ualach oibre uasta nach lú ná 1 000 kg nó ag a bhfuil móimint iompaithe bunoscionn nach lú ná 40 000 Nm, feisteofar feistí orthu lena dtabharfar rabhadh don tiománaí agus chun gluaiseachtaí contúirteacha a chosc sna cásanna seo a leanas:

(a)

an ró-luchtú, mar thoradh ar an ualach uasta oibre nó an uas-mheicphointe oibre de bharr an ualaigh a bheith sáraithe; nó

(b)

an mhóimint iompaithe bunoscionn a bheith sáraithe.

4.2.3.   Suiteálacha arna dtreorú ag rópaí

Coinneofar iompróirí rópaí, tarracóirí nó iompróirí tarracóirí le frithmheáchain nó le feiste lenar féidir srian a choinneáil ar an teannas go buan.

4.3.   Faisnéis agus marcálacha

4.3.1.   Slabhraí, téada agus caolrabhaisc

Cuirfear marc ar gach píosa de shlabhra, téad nó caolrabhaisc ardaithe nach cuid de chóimeáil é nó, i gcás nach féidir sin, cuirfear pláta nó fáinne dobhainte air ar a bhfuil ainm agus seoladh an mhonaróra agus tagairt aitheantais an deimhnithe ábhartha.

Taispeánfar an fhaisnéis seo a leanas ar a laghad sa deimhniú a luaitear thuas:

(a)

ainm agus seoladh an mhonaróra;

(b)

tuairisc ar an slabhra nó ar an téad lena n-áirítear:

(i)

a mhéid nó a méid ainmniúil;

(ii)

an déanamh atá air nó uirthi;

(iii)

an t-ábhar as a ndearnadh é nó í; agus

(iv)

aon chóireáil mhiotalóireachta speisialta a cuireadh ar an ábhar;

(c)

an modh tástála ar baineadh úsáid as;

(d)

an t-ualach uasta ba cheart a chur ar an slabhra nó ar an téad agus é nó í i mbun seirbhíse. Féadfar réimse luachanna a thabhairt ar bhonn na bhfeidhmeanna atá beartaithe.

4.3.2.   Gabhálais ardaithe

Léireofar na sonraí seo a leanas ar na gabhálais ardaithe:

(a)

faisnéis faoin ábhar i gcás ina dteastaíonn sí ar mhaithe le húsáid shábháilte;

(b)

an t-ualach oibre uasta.

I gcás gabhálais ardaithe a bhfuil sé dodhéanta go fisiceach marcáil a chur orthu, taispeánfar na sonraí dá dtagraítear sa chéad mhír ar phláta nó modh coibhéiseach eile a ghreamófar go daingean den ghabhálas.

Beidh na sonraí inléite agus lonnaithe in áit nach dócha go scriosfar iad de bharr a gcaite nó in áit nach gcuirfidh siad neart an ghabhálais i mbaol.

4.3.3.   Innealra ardaithe nó táirgí gaolmhara

Beidh an t-ualach uasta oibre marcáilte go feiceálach ar an innealra ardaithe nó ar an táirge gaolmhar. Beidh an mharcáil sin inléite, doscriosta agus i bhfoirm neamhchódaithe.

I gcás ina mbeidh an t-ualach uasta oibre ag brath ar chumraíocht an innealra ardaithe nó an táirge ghaolmhair, cuirfear pláta ualaigh ar fáil do gach suíomh oibriúcháin ina léireofar, i bhfoirm léaráide de nó trí bhíthin táblaí, an t-ualach oibre atá ceadaithe do gach cumraíocht.

Maidir le hinnealra nó táirgí gaolmhara atá beartaithe le haghaidh earraí a ardú agus lena aghaidh sin amháin agus a bhfuil iompróir feistithe air a thugann rochtain do dhaoine, beidh rabhadh soiléir agus doscriosta air lena gcuirfear toirmeasc ar dhaoine a bheith á n-ardú. Beidh an rabhadh sin infheicthe i ngach áit ar féidir rochtain a fháil.

4.4.   Treoracha úsáide

4.4.1.   Gabhálais ardaithe

Beidh treoracha ag gabháil le gach gabhálas ardaithe nó le gach baisc de ghabhálas ardaithe atá doroinnte ó thaobh tráchtála de, ina leagfar amach, ar a laghad, na sonraí seo a leanas:

(a)

an úsáid atá beartaithe dóibh;

(b)

na teorainneacha úsáide (go háirithe maidir le gabhálais ardaithe ar nós pillíní maighnéadacha nó folúis nach gcomhlíonann roinn 4.1.2.6(e) ina hiomláine);

(c)

treoracha cóimeála, úsáide agus cothabhála;

(d)

an chomhéifeacht tástála stataí a úsáidtear.

4.4.2.   Innealra ardaithe nó táirgí gaolmhara

Beidh treoracha úsáide ag gabháil le hinnealra ardaithe nó le táirgí gaolmhara ina mbeidh faisnéis faoi na nithe seo a leanas:

(a)

saintréithe teicniúla an innealra ardaithe nó an táirge ghaolmhair, agus go háirithe:

(i)

an t-ualach uasta oibre agus, i gcás inarb iomchuí, cóip den phláta ualaigh nó den tábla ualaigh a shonraítear sa dara mír de roinn 4.3.3;

(ii)

na frithghníomhartha ag na tacaí nó na hancairí agus, i gcás inarb iomchuí, tréithe na ráillí;

(iii)

i gcás inarb iomchuí, sainmhíniú ar an mballasta agus modh suiteála an bhallasta;

(b)

inneachar an logleabhair, mura gcuirtear an méid sin ar fáil leis an innealra ardaithe;

(c)

comhairle úsáide, go háirithe chun easpa radhairc dhírigh an oibreora ar an ualach a chúiteamh;

(d)

de réir mar is iomchuí, tuairisc tástála ina mionsonraítear na tástálacha statacha agus dinimiciúla a rinne an monaróir nó thar a cheann;

(e)

maidir le hinnealra ardaithe nó táirgí gaolmhara nach gcóimeáiltear in áitreabh an mhonaróra san fhoirm ina n-úsáidfear iad, na treoracha is gá chun na bearta dá dtagraítear i roinn 4.1.3 a chomhlíonadh sula gcuirfear i seirbhís iad den chéad uair.

5.   BUNCHEANGLAIS SLÁINTE AGUS SÁBHÁILTEACHTA FHORLÍONTACHA MAIDIR LE hINNEALRA NÓ TÁIRGÍ GAOLMHARA ATÁ BEARTAITHE DON OBAIR FAOIN TALAMH

Innealra nó táirgí gaolmhara atá beartaithe don obair faoin talamh, caithfidh siad gach buncheanglas sláinte agus sábháilteachta a shonraítear sa chaibidil seo a chomhlíonadh (féach pointe 4 de na Prionsabail Ghinearálta).

5.1.   Rioscaí de bharr easpa cobhsaíochta

Déanfar tacaí dín leictreacha a dhearadh agus a thógáil ar bhealach a choinneoidh treo áirithe le linn dóibh a bheith ag gluaiseacht agus nach sciorrfaidh siad sula gcuirfear ualach orthu, le linn ualach a bheith á chur orthu agus nuair a bhainfear an t-ualach sin. Beidh siad feistithe le hancaireachtaí le haghaidh phlátaí uachtair na dtacaí hiodrálacha aonair.

5.2.   Gluaiseacht

Fágfaidh tacaí dín leictreacha gur féidir le daoine gluaiseacht gan srian.

5.3.   Feistí rialaithe

Déanfar an luasaire agus na rialuithe coscán le haghaidh innealra a ritheann ar ráillí a oibriú de láimh. Is féidir leis na feistí cumasúcháin a oibriú leis an gcos, áfach.

Déanfar feistí rialaithe na dtacaí dín leictreacha a dhearadh agus a shuí ar bhealach a fhágfaidh go mbeidh tacaíocht ann d’oibreoirí le linn oibríochtaí díláithriúcháin. Déanfar na feistí rialaithe a chosaint ar aon scaoileadh de thaisme.

5.4.   Stopadh

Innealra féinghluaiste a ritheann ar ráillí agus a úsáidtear in obair faoi thalamh, feisteofar é le feiste chumasúcháin a bheidh ag feidhmiú ar an gciorcad lena rialaítear gluaiseacht an innealra, rud a fhágann go stopfar an ghluaiseacht mura mbeidh an ghluaiseacht faoi smacht an tiománaí a thuilleadh.

5.5.   Dóiteán

Tá roinn 3.5.2 (b) éigeantach i dtaca le hinnealra nó táirgí gaolmhara ina bhfuil páirteanna atá an-inadhainte.

Córas coscánaithe an innealra nó na dtáirgí gaolmhara atá ceaptha lena úsáid in oibreacha faoi thalamh, déanfar é a dhearadh agus a thógáil sa chaoi nach mbeidh sé ina chúis le splancacha ná dóiteán.

An t-innealra nó táirgí gaolmhara ag a bhfuil innill dócháin inmheánaigh atá le húsáid in oibreacha faoi thalamh, ní fheisteofar iad ach le hinnill a úsáideann breosla ag a bhfuil brú galaithe íseal agus nach n-eascraíonn aon splanc leictreach astu.

5.6.   Astaíochtaí sceite

Ní dhéanfar astaíochtaí sceite ó innill dócháin inmheánaigh a scaoileadh suas.

6.   BUNCHEANGLAIS SLÁINTE AGUS SÁBHÁILTEACHTA FHORLÍONTACHA MAIDIR LE hINNEALRA NÓ TÁIRGÍ GAOLMHARA A mBAINEANN RIOSCA AR LEITH LEO I nGEALL AR OIBRÍOCHTAÍ ARDAITHE DAOINE

Maidir le hinnealra nó táirgí gaolmhara a mbaineann riosca ar leith leo i ngeall ar oibríochtaí ardaithe daoine, comhlíonfaidh siad na buncheanglais sláinte agus sábháilteachta ábhartha go léir a leagtar amach sa chaibidil seo (féach pointe 4 de na Prionsabail Ghinearálta).

6.1.   Ginearálta

6.1.1.   Neart meicniúil

Déanfar an t-iompróir, lena n-áirítear aon chomhlaí tógála, a dhearadh agus a thógáil ar bhealach a fhágfaidh go mbeidh an spás agus an neart ann a fhreagraíonn don uaslíon daoine a cheadaítear ar an iompróir agus don ualach oibre uasta.

Ní leor na comhéifeachtaí oibre do chomhpháirteanna a leagtar amach i ranna 4.1.2.4 agus 4.1.2.5 le haghaidh innealra nó táirgí gaolmhara atá beartaithe le haghaidh daoine a ardú agus déanfar iad a dhúbailt, mar riail ghinearálta. Innealra nó táirgí gaolmhara atá ceaptha le haghaidh daoine nó daoine agus earraí a ardú, feisteofar iad le córas crochta nó tacaíochta don iompróir arna dhearadh agus arna thógáil ar bhealach a áiritheoidh leibhéal ginearálta leordhóthanach sábháilteachta agus chun an riosca go dtitfeadh an t-iompróir a chosc.

Má úsáidtear téada nó slabhraí chun an t-iompróir a chrochadh, mar riail ghinearálta, beidh gá le dhá rópa nó dhá shlabhra neamhspleácha ar a laghad, agus a ancaireacht féin ag gach ceann acu.

6.1.2.   Rialú luchtaithe le haghaidh innealra nó táirgí gaolmhara a ghluaistear le cumhacht seachas neart an duine

Tá feidhm ag ceanglais roinn 4.2.2 gan beann ar an ualach oibre uasta agus ar an móimint iompaithe bunoscionn uasta, ach amháin i gcás inar féidir leis an monaróir a léiriú nach bhfuil aon riosca ann go dtarlódh ró-ualú nó iompú bunoscionn.

6.2.   Feistí rialaithe

I gcás nach bhforchuirtear réitigh eile sna ceanglais sábháilteachta, déanfar, mar riail ghinearálta, an t-iompróir a dhearadh agus a thógáil ar bhealach a fhágfaidh go mbeidh daoine san iompróir in ann gluaiseachtaí suas agus anuas a rialú agus, más iomchuí, gluaiseachtaí eile de chuid an iompróra a rialú.

Agus iad i mbun oibriúcháin, sáróidh na feistí rialaithe sin aon fheistí eile a rialaíonn an ghluaiseacht chéanna cé is moite de stopfheistí éigeandála.

Ní mór gur feistí rialaithe a bhrúitear lena n-oibriú a bheidh sna feistí rialaithe le haghaidh na ngluaiseachtaí dá dtagraítear sa chéad mhír ach amháin i gcás ina mbeidh an t-iompróir go hiomlán iata. Mura bhfuil aon riosca ann go mbuailfeadh daoine nó rudaí ar an iompróir in aghaidh a chéile nó go dtitfidís de, agus mura bhfuil aon rioscaí eile ann mar gheall ar ghluaiseachtaí suas agus anuas an iompróra, féadfar feistí rialaithe lena n-údaraítear stadanna uathoibríocha i suíomhanna réamhroghnaithe a úsáid in ionad feistí rialaithe a bhrúitear lena n-oibriú.

6.3.   Riosca do dhaoine atá san iompróir nó ar an iompróir

6.3.1.   Riosca de bharr ghluaiseachtaí an iompróra

Déanfar innealra nó táirgí gaolmhara le haghaidh daoine a ardú a dhearadh, a thógáil nó a fheistiú ar bhealach nach gcuirfear daoine i mbaol i ngeall ar luasghéarú nó luasmhoilliú an iompróra.

6.3.2.   An riosca go dtitfeadh daoine den iompróir

Ní chlaonfaidh an t-iompróir a mhéid a chruthódh riosca go dtitfeadh na daoine den iompróir, lena n-áirítear nuair a bhíonn an t-innealra nó an táirge gaolmhar agus an t-iompróir ag gluaiseacht.

I gcás ina mbeidh an t-iompróir deartha mar stáisiún oibre, déanfar cobhsaíocht a áirithiú agus gluaiseachtaí guaiseacha a chosc.

Mura leor na bearta dá dtagraítear i roinn 1.5.15, feisteofar an t-iompróir le líon leordhóthanach pointí ancaireachta do líon na ndaoine a cheadaítear ar an iompróir. Beidh na pointí ancaireachta láidir go leor chun trealamh cosanta pearsanta a úsáid in aghaidh titim ó phointe ard.

Déanfar aon chomhla thógála in urláir nó i síleálacha nó taobhdhoras a dhearadh agus a thógáil sa chaoi nach n-osclóidh siad de thimpiste agus osclóidh siad i dtreo a sheachnóidh aon riosca titime, i gcás ina n-osclódh sé nó sí gan choinne.

6.3.3.   Riosca de bharr rudaí a bheith ag titim ar an iompróir

I gcás ina mbeidh riosca ann go dtitfeadh rudaí ar an iompróir agus go gcuirfí daoine i mbaol, beidh díon cosanta ar an iompróir.

6.4.   Innealra nó táirgí gaolmhara atá ag freastal ar léibhinn dhaingnithe

6.4.1.   Riosca do dhaoine atá san iompróir nó ar an iompróir

Déanfar an t-iompróir a dhearadh agus a thógáil ar bhealach a chuirfidh cosc le rioscaí mar gheall ar theagmháil idir daoine agus/nó rudaí atá san iompróir nó ar an iompróir agus aon pháirteanna atá daingnithe nó atá ag gluaiseacht. I gcás inar gá chun an ceanglas sin a chomhlíonadh, beidh an t-iompróir féin iata go hiomlán le doirse a mbeidh feiste chomhghlasála feistithe orthu a chuirfidh cosc le gluaiseachtaí guaiseacha an iompróra mura mbeidh na doirse dúnta. Fanfaidh na doirse dúnta má stopann an t-iompróir idir léibhinn i gcás ina bhfuil riosca ann go dtitfeadh daoine den iompróir.

Déanfar an t-innealra nó táirgí gaolmhara a dhearadh, a thógáil agus, más gá, a fheistiú le feistí ar bhealach a sheachnóidh aon ghluaiseacht suas nó anuas gan smacht a dhéanfadh an t-iompróir. Beidh na feistí sin in ann an t-iompróir a stopadh ag a ualach oibre uasta agus ag an uasluas intuartha.

Ní bheidh an gníomh stoptha ina chúis le luasmhoilliú a dhéanfadh díobháil do na daoine atá ar bord, is cuma cad iad dálaí an ualaigh.

6.4.2.   Rialtáin ag léibhinn

Na rialtáin ag léibhinn, seachas na rialtáin sin le haghaidh úsáid éigeandála, ní chuirfidh siad tús le gluaiseachtaí an iompróra sna cásanna seo a leanas:

(a)

nuair a bhíonn na feistí rialaithe san iompróir á n-oibriú;

(b)

nuair nach mbíonn an t-iompróir ag léibheann.

6.4.3.   Rochtain ar an iompróir

Déanfar na sciatha ag na léibhinn agus ar an iompróir a dhearadh agus a thógáil ar bhealach a áiritheoidh go ndéanfar aistriú sábháilte chuig an iompróir agus uaidh, agus réimse intuartha na n-earraí agus na ndaoine a bheidh le hardú á chur san áireamh.

6.5.   Marcálacha

Cuirfear an fhaisnéis is gá chun sábháilteacht a áirithiú ar an iompróir, lena n-áirítear:

(a)

líon na ndaoine a cheadaítear ar an iompróir;

(b)

an t-ualach oibre uasta.


(1)  Rialachán (CE) Uimh. 1107/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 21 Deireadh Fómhair 2009 maidir le táirgí cosanta plandaí a chur ar an margadh agus lena n-aisghairtear Treoracha 79/117/CEE agus 91/414/CEE ón gComhairle (IO L 309, 24.11.2009, lch. 1).

(2)  Treoir 2009/128/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 21 Deireadh Fómhair 2009 lena mbunaítear creat le haghaidh gníomhaíocht Chomhphobail chun úsáid inbhuanaithe lotnaidicídí a bhaint amach (IO L 309, 24.11.2009, lch. 71).


IARSCRÍBHINN IV

Doiciméadacht theicniúil

CUID A

Doiciméadacht theicniúil le haghaidh innealra agus táirgí gaolmhara

Sonrófar sa doiciméadacht theicniúil na modhanna a úsáidfidh an monaróir chun a áirithiú go gcomhlíonann an t-innealra nó an táirge gaolmhar na buncheanglais sláinte agus sábháilteachta is infheidhme a leagtar amach in Iarscríbhinn III.

Beidh na heilimintí seo a leanas ar a laghad sa doiciméadacht theicniúil:

(a)

tuairisc iomlán ar an innealra nó táirge gaolmhar agus ar an úsáid atá beartaithe dóibh;

(b)

an doiciméadacht maidir le measúnú riosca ina léirítear an nós imeachta a cuireadh i gcrích, lena n-áirítear:

(i)

liosta de na buncheanglais sláinte agus sábháilteachta is infheidhme maidir leis an innealra nó táirge gaolmhar;

(ii)

tuairisc ar na bearta cosanta a cuireadh chun feidhme chun gach buncheanglas sláinte agus sábháilteachta is infheidhme a chomhlíonadh agus, nuair is iomchuí, léiriú ar na rioscaí iarmharacha a bhaineann leis an innealra nó táirge gaolmhar;

(c)

líníochtaí agus scéimeanna deartha agus monaraíochta maidir leis an innealra nó táirge gaolmhar agus maidir lena chomhpháirteanna, lena fhochóimeálacha agus lena chiorcaid;

(d)

na tuairiscí agus na sainmhínithe is gá chun na líníochtaí agus na scéimeanna dá dtagraítear i bpointe (c) agus oibriú an innealra nó an táirge ghaolmhair a thuiscint;

(e)

cóid thagartha na gcaighdeán comhchuibhithe dá dtagraítear in Airteagal 20(1) nó na sonraíochtaí coiteanna arna nglacadh ag an gCoimisiún i gcomhréir le hAirteagal 20(3) ar cuireadh i bhfeidhm iad maidir le dearadh agus monarú an innealra nó an táirge ghaolmhair. Más rud é nach bhfuil iomlán na gcaighdeán comhchuibhithe nó na sonraíochtaí coiteanna curtha i bhfeidhm, sonróidh an doiciméadacht na codanna a cuireadh i bhfeidhm;

(f)

i gcás nár cuireadh caighdeáin chomhchuibhithe nó sonraíochtaí coiteanna i bhfeidhm nó nár cuireadh i bhfeidhm go hiomlán iad, sonrófar na sonraíochtaí teicniúla eile a cuireadh i bhfeidhm chun gach buncheanglais sláinte agus sábháilteachta is infheidhme a chomhlíonadh;

(g)

tuarascálacha agus/nó torthaí ríomhanna, thástálacha, chigireachtaí agus scrúduithe an deartha a rinneadh chun a fhíorú go bhfuil an t-innealra nó an táirge gaolmhar i gcomhréir leis na buncheanglais sláinte agus sábháilteachta is infheidhme;

(h)

tuairisc ar na modhanna a d’úsáid an monaróir le linn dó an t-innealra nó an táirge gaolmhar a tháirgeadh chun a áirithiú go mbeidh an t-innealra nó an táirge gaolmhar arna tháirgeadh i gcomhréir leis na sonraíochtaí deartha;

(i)

cóip de threoracha úsáide agus den fhaisnéis a leagtar amach i roinn 1.7.4 d’Iarscríbhinn III;

(j)

i gcás inarb iomchuí, dearbhú corpraithe AE le haghaidh innealra nach bhfuil go hiomlán críochnaithe a leagtar amach in Iarscríbhinn V, Cuid B, agus na treoracha cóimeála a leagtar amach in Iarscríbhinn XI;

(k)

i gcás inarb iomchuí, cóipeanna de dhearbhuithe comhréireachta AE atá ag gabháil leis an innealra nó táirgí gaolmhara chomh maith le haon táirge a chumhdaítear le reachtaíocht eile an Aontais um chomhchuibhiú atá ionchorpraithe san innealra nó sa táirge gaolmhar;

(l)

i gcás innealra nó táirgí gaolmhara a tháirgtear i sraith, na bearta inmheánacha a chuirfear chun feidhme chun a áirithiú go mbeidh an t-innealra nó an táirge gaolmhar i gcomhréir leis an Rialachán seo i gcónaí;

(m)

cód foinseach nó loighic ríomhchlárúcháin na mbogearraí a bhaineann le sábháilteacht chun a léiriú go bhfuil an t-innealra nó an táirge gaolmhar i gcomhréir leis an Rialachán seo de thoradh iarraidh réasúnaithe ó údarás náisiúnta inniúil ar choinníoll go mbeidh sé nó sí riachtanach chun go mbeidh na húdaráis sin in ann a sheiceáil go gcomhlíontar na buncheanglais sláinte agus sábháilteachta a leagtar amach in Iarscríbhinn III;

(n)

maidir le hinnealra nó tairgí gaolmhara atá braiteoir-thiomáinte, ciantiomáinte nó uathrialaitheach, más le sonraí braiteora a rialaítear na hoibríochtaí sábháilteachta, tuairisc, i gcás inarb iomchuí, ar shaintréithe, cumais agus teorainneacha ginearálta an chórais, na sonraí agus na bpróiseas forbartha, tástála agus bailíochtaithe a úsáidtear;

(o)

torthaí an taighde agus na dtástálacha ar chomhpháirteanna, ar ghabhálais nó ar an innealra nó an táirge gaolmhar a dhéanann an monaróir chun a chinneadh cibé acu trína dhearadh nó trína thógáil is féidir é a chóimeáil agus a chur i mbun seirbhíse go sábháilte.

CUID B

Doiciméadacht theicniúil maidir le hinnealra páirtchríochnaithe

Sonrófar sa doiciméadacht theicniúil na modhanna a úsáidfidh an monaróir chun a áirithiú go gcomhlíonann an t-innealra páirtchríochnaithe na buncheanglais sláinte agus sábháilteachta ábhartha a leagtar amach in Iarscríbhinn III.

Beidh na heilimintí seo a leanas ar a laghad sa doiciméadacht theicniúil:

(a)

tuairisc iomlán ar an innealra páirtchríochnaithe agus ar an bhfeidhm atá beartaithe dó nuair a ionchorpraítear é in innealra nó in innealra nó trealamh páirtchríochnaithe eile nó nuair a chóimeáiltear é leo sin;

(b)

an doiciméadacht measúnaithe riosca ina léirítear an nós imeachta a cuireadh i gcrích, lena n-áirítear:

(i)

liosta de na buncheanglais sláinte agus sábháilteachta a bhfuil feidhm acu maidir leis an innealra páirtchríochnaithe;

(ii)

tuairisc ar na bearta cosanta a cuireadh chun feidhme chun guaiseacha sainaitheanta a dhíothú nó chun rioscaí a laghdú agus, i gcás inarb iomchuí, faisnéis faoi na rioscaí iarmharacha;

(c)

líníochtaí agus scéimeanna deartha agus monaraíochta an innealra pháirtchríochnaithe agus a chomhpháirteanna, a fhochóimeálacha agus a chiorcad;

(d)

na tuairiscí agus na sainmhínithe is gá chun na líníochtaí agus na scéimeanna dá dtagraítear i bpointe (c) agus oibriú an innealra pháirtchríochnaithe a thuiscint;

(e)

cóid thagartha na gcaighdeán comhchuibhithe dá dtagraítear in Airteagal 20(1) nó na sonraíochtaí coiteanna arna nglacadh ag an gCoimisiún i gcomhréir le hAirteagal 20(3) ar cuireadh i bhfeidhm iad maidir le dearadh agus monarú an innealra pháirtchríochnaithe. Más rud é nach bhfuil iomlán na gcaighdeán comhchuibhithe nó na sonraíochtaí coiteanna curtha i bhfeidhm, sonróidh an doiciméadacht na codanna a cuireadh i bhfeidhm;

(f)

i gcás nár cuireadh caighdeáin chomhchuibhithe nó sonraíochtaí coiteanna i bhfeidhm nó nár cuireadh i bhfeidhm go hiomlán iad, sonrófar na sonraíochtaí teicniúla eile a cuireadh i bhfeidhm chun gach buncheanglais sláinte agus sábháilteachta is infheidhme a chomhlíonadh;

(g)

tuarascálacha agus/nó torthaí ríomhanna, tastálacha, cigireachtaí agus scrúduithe an deartha a rinneadh chun comhréireacht an innealra pháirtchríochnaithe leis na buncheanglais sláinte agus sábháilteachta is infheidhme a fhíorú;

(h)

tuairisc ar na modhanna a d’úsáid an monaróir le linn an t-innealra páirtchríochnaithe a tháirgeadh lena áirithiú go mbeidh an t-innealra páirtchríochnaithe arna tháirgeadh i gcomhréir leis na sonraíochtaí deartha;

(i)

cóip de na treoracha cóimeála don innealra páirtchríochnaithe a leagtar amach in Iarscríbhinn XI;

(j)

maidir le hinnealra páirtchríochnaithe a tháirgtear i sraith, na bearta inmheánacha a chuirfear chun feidhme chun a áirithiú gur comhréireach é an t-innealra páirtchríochnaithe i gcónaí leis na buncheanglais sláinte agus sábháilteachta a cuireadh i bhfeidhm;

(k)

cód foinseach nó loighic ríomhchlárúcháin na mbogearraí a bhaineann le sábháilteacht, ar iarraidh réasúnaithe ó údarás inniúil náisiúnta ar choinníoll go mbeidh sé riachtanach chun go mbeidh na húdaráis sin in ann a sheiceáil go gcomhlíontar na buncheanglais sláinte agus sábháilteachta a leagtar amach in Iarscríbhinn III:

(l)

maidir le hinnealra páirtchríochnaithe braiteoir-thiomáinte, ciantiomáinte, nó uathrialaitheach, más le sonraí braiteora a rialaítear na hoibríochtaí sábháilteachta, tuairisc, i gcás inarb iomchuí, ar shaintréithe, ar chumais agus ar theorainneacha ginearálta an chórais, na sonraí, na forbartha, na tástála agus na bpróiseas bailíochtaithe a úsáidtear;

(m)

torthaí an taighde agus na dtástálacha ar chomhpháirteanna, ar fheistis nó ar an innealra páirtchríochnaithe a dhéanann an monaróir lena chinneadh cibé acu trína dhearadh nó trína thógáil is féidir é a chóimeáil agus a ionchorprú go sábháilte.


IARSCRÍBHINN V

DEARBHÚ COMHRÉIREACHTA AE AGUS DEARBHÚ CORPRAITHE AE

CUID A

Dearbhú comhréireachta AE maidir le hinnealra agus táirgí gaolmhara Uimh. … (1)

Beidh na sonraí seo a leanas i ndearbhú comhréireachta AE:

1.

An t-innealra nó an táirge gaolmhar (táirge, cineál, múnla, baisc nó sraithuimhir) nó innealra nó táirge gaolmhar atá modhnaithe go substaintiúil:

2.

Ainm agus seoladh an mhonaróra agus, i gcás inarb infheidhme, a ionadaí údaraithe:

3.

Maidir le hinnealra ardaithe a bhfuil sé beartaithe é a shuiteáil go buan i bhfoirgneamh nó i struchtúr agus nach féidir é a chóimeáil in áitreabh an mhonaróra agus nach féidir é a chóimeáil ach ag an áit úsáide, seoladh na háite sin:

4.

Eisítear an dearbhú comhréireachta seo faoi fhreagracht an mhonaróra amháin.

5.

Cuspóir an dearbhaithe (aitheantas an innealra nó an táirge ghaolmhair ar mhaithe le hinrianaitheacht; i gcás inar gá chun an t-innealra nó an táirge gaolmhar a shainaithint, féadfar íomhá dhaite atá soiléir go leor a chur leis):

6.

Tá aidhm an dearbhaithe dá dtagraítear i bpointe 5 i gcomhréir le reachtaíocht an Aontais um chomhchuibhiú seo a leanas:

7.

Tagairtí do na caighdeáin chomhchuibhithe dá dtagraítear in Airteagal 20(1) nó do na sonraíochtaí coiteanna arna nglacadh ag an gCoimisiún i gcomhréir le hAirteagal 20(3) a cuireadh i bhfeidhm, lena n-áirítear dáta foilsithe na tagartha do chaighdeáin chomhchuibhithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh nó dáta foilsithe an chaighdeáin nó na sonraíochta coitinne, nó tagairtí do na sonraíochtaí teicniúla eile, a ndáta san áireamh, ar ina leith a dhearbhaítear an chomhréireacht. Más rud é nach bhfuil iomlán na gcaighdeán comhchuibhithe nó na sonraíochtaí coiteanna curtha i bhfeidhm, sonrófar i ndearbhú comhréireachta AE na codanna a cuireadh i bhfeidhm:

8.

I gcás inarb infheidhme, an comhlacht faoina dtugtar fógra… (ainm, uimhir)… cineálscrúdú AE déanta aige (Modúl B) agus deimhniú ar chineálscrúdú AE eisithe aige… (tagairt don deimhniú sin), maille le cineál-chomhréireacht bunaithe ar rialú inmheánach táirgthe (modúl C) nó an chomhréireacht bunaithe ar an aonad fíorúcháin (modúl G) nó dearbhú iomlán cáilíochta (modúl H):

9.

I gcás inarb infheidhme, tá an t-innealra nó an táirge gaolmhar faoi réir an nós imeachta um measúnú comhréireachta bunaithe ar rialú inmheánach táirgthe (Modúl A):

10.

Faisnéis bhreise:

Arna shíniú le haghaidh agus thar ceann: …

(áit agus dáta eisiúna):

(ainm, feidhm) (síniú):

CUID B

Dearbhú corpraithe AE an innealra pháirtchríochnaithe Uimh … (2)

Beidh na sonraí seo a leanas sa dearbhú corpraithe:

1.

Innealra páirtchríochnaithe (táirge, cineál, múnla, baiscuimhir nó sraithuimhir):

2.

Ainm agus seoladh an mhonaróra agus, i gcás inarb infheidhme, a ionadaí údaraithe:

3.

Eisítear an dearbhú corpraithe seo faoi fhreagracht an mhonaróra amháin.

4.

Cuspóir an dearbhaithe (aitheantas an innealra pháirtchríochnaithe ar mhaithe le hinrianaitheacht; i gcás inar gá chun an t-innealra páirtchríochnaithe a shainaithint, féadfar íomhá dhaite atá soiléir go leor a chur leis):

5.

Abairt a dhearbhaíonn cé na buncheanglais sláinte agus sábháilteachta a leagtar amach in Iarscríbhinn III de Rialachán (AE) 2023/1230 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (3) arna gcur i bhfeidhm agus arna gcomhlíonadh agus gur tarraingíodh suas an doiciméadacht theicniúil ábhartha i gcomhréir le hIarscríbhinn IV, Cuid B, agus, i gcás inarb iomchuí, abairt a dhearbhaíonn comhréireacht an innealra pháirtchríochnaithe le reachtaíocht ábhartha eile an Aontais um chomhchuibhiú:

6.

Tagairtí do na caighdeáin chomhchuibhithe dá dtagraítear in Airteagal 20(1) nó do na sonraíochtaí coiteanna arna nglacadh ag an gCoimisiún i gcomhréir le hAirteagal 20(3) a cuireadh i bhfeidhm, lena n-áirítear dáta an chaighdeáin nó na sonraíochta coitinne, nó tagairtí do na sonraíochtaí teicniúla eile, a ndáta san áireamh, ar ina leith a dhearbhaítear an chomhréireacht. Más rud é nach bhfuil iomlán na gcaighdeán comhchuibhithe nó na sonraíochtaí coiteanna curtha i bhfeidhm, sonrófar i ndearbhú corpraithe AE na codanna a cuireadh i bhfeidhm;

7.

Gealltanas chun faisnéis ábhartha a thraschur de réir iarraidh réasúnta ó na húdaráis náisiúnta, faisnéis ábhartha maidir leis an táirge innealra páirtchríochnaithe. Áireofar leis sin an modh tarchuir, agus ní dhéanfar dochar do chearta maoine intleachtúla mhonaróir an innealra pháirtchríochnaithe:

8.

Ráiteas á rá nach gcuirfear an t-innealra páirtchríochnaithe i seirbhís go dtí go ndearbhófar go bhfuil an t-innealra deiridh a mbeidh sé le corprú ann i gcomhréir leis an Rialachán seo

9.

Faisnéis bhreise:

Arna shíniú le haghaidh agus thar ceann: …

(áit agus dáta eisiúna):

(ainm, feidhm) (síniú):


(1)  Tá sé de rogha ag an monaróir uimhir a shannadh don dearbhú comhréireachta.

(2)  Tá sé roghnach uimhir a shannadh don dearbhú comhréireachta.

(3)  Rialachán (AE) 2023/1230 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 14 Meitheamh 2023 maidir le hinnealra agus lena n-aisghairtear Treoir 2006/42/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus Treoir 73/361/CEE ón gComhairle (IO L 165, 29.6.2023, lch. 1).


IARSCRÍBHINN VI

RIALÚ INMHEÁNACH TÁIRGTHE

(Modúl A)

1.   Is éard atá i gceist le rialú inmheánach táirgthe an nós imeachta um measúnú comhréireachta ina gcomhlíonann an monaróir na hoibleagáidí a leagtar síos i bpointí 2, 3 agus 4, agus ina n-áirithíonn agus ina ndearbhaíonn an monaróir agus an monaróir féin amháin as a bheith freagrach, go gcomhlíonann an t-innealra nó an táirge gaolmhar lena mbaineann ceanglais infheidhme an Rialacháin seo.

2.   Doiciméadacht theicniúil

Tarraingeoidh an monaróir suas an doiciméadacht theicniúil a shonraítear in Iarscríbhinn IV, Cuid A.

3.   Monaraíocht

Déanfaidh an monaróir gach beart is gá ionas go n-áiritheoidh an próiseas monaraíochta agus an faireachán air go gcomhlíonann an t-innealra nó na táirgí gaolmhara monaraithe an doiciméadacht theicniúil dá dtagraítear i bpointe 2 agus ceanglais infheidhme an Rialacháin seo.

4.   Marcáil CE agus dearbhú comhréireachta AE

4.1.

Greamóidh an monaróir marcáil CE ar innealra aonair nó ar tháirgí gaolmhara, ar bhonn indibhidiúil, a chomhlíonann ceanglais infheidhme an Rialacháin seo.

4.2.

Tarraingeoidh an monaróir suas dearbhú comhréireachta AE do gach múnla d’innealra nó de gach táirge gaolmhar i gcomhréir le hAirteagal 21 agus coinneoidh sé é, mar aon leis an doiciméadacht theicniúil, ar fáil do na húdaráis náisiúnta ar feadh deich mbliana tar éis an t-innealra nó an táirge gaolmhar a chur ar an margadh nó a chur i seirbhís. Sainaithneofar le dearbhú comhréireachta AE an t-innealra nó an múnla táirge gaolmhar dár tarraingíodh suas é.

Cuirfear cóip den dearbhú comhréireachta AE ar fáil do na húdaráis ábhartha arna iarraidh sin.

5.   Ionadaí údaraithe

Oibleagáidí an mhonaróra a leagtar amach i bpointe 4, féadfaidh a ionadaí údaraithe na hoibleagáidí a chomhlíonadh thar a cheann, agus faoina fhreagracht, ar choinníoll go sonrófar sa sainordú iad.


IARSCRÍBHINN VII

CINEÁLSCRÚDÚ AE

(Modúl B)

1.   Is é is cineálscrúdú AE ann an chuid sin den nós imeachta um measúnú comhréireachta ina scrúdaíonn comhlacht faoina dtugtar fógra dearadh teicniúil innealra nó táirge ghaolmhair agus ina bhfíoraíonn agus ina bhfianaíonn sé go gcomhlíonann dearadh teicniúil an innealra nó an táirge ghaolmhair ceanglais an Rialacháin seo.

2.   Déanfar cineálscrúdú AE trí mheasúnú a dhéanamh ar shásúlacht dhearadh teicniúil an innealra nó an táirge ghaolmhair trí scrúdú a dhéanamh ar an doiciméadacht theicniúil, mar aon le scrúdú a dhéanamh ar shampla den innealra nó den táirge gaolmhar atá ionadaíoch don táirgeadh atá beartaithe (cineál an táirgthe).

3.   Iarratas ar chineálscrúdú AE

Cuirfidh an monaróir iarratas ar chineálscrúdú AE faoi bhráid comhlacht amháin dá rogha féin faoina dtugtar fógra.

Áireofar leis an iarratas:

(a)

ainm agus seoladh an mhonaróra agus, más é an t-ionadaí údaraithe a chuireann an t-iarratas isteach, ainm agus seoladh an ionadaí údaraithe sin freisin;

(b)

dearbhú i scríbhinn nár cuireadh an t-iarratas céanna isteach chuig aon chomhlacht eile faoina dtugtar fógra;

(c)

an doiciméadacht theicniúil a shonraítear in Iarscríbhinn IV, Cuid A;

(d)

rochtain ar shamplaí den innealra nó den táirge gaolmhar atá ionadaíoch don táirgeadh atá beartaithe. Féadfaidh an comhlacht faoina dtugtar fógra samplaí breise a iarraidh más gá sin chun an clár tástála a chur i gcrích. Maidir le hinnealra nó le táirgí gaolmhara a tháirgtear i sraith a bhfuil gach ítim curtha in oiriúint le go bhfeilfeadh sé d’úsáideoir aonair, cuirfear sampla ar fáil atá ionadaíoch do raon úsáideoirí éagsúla, agus i gcás innealra nó táirgí gaolmhara a tháirgtear mar aonad aonair chun freastal ar riachtanais speisialta úsáideora aonair, cuirfear bunmhúnla ar fáil.

4.   Cineálscrúdú AE

Déanfaidh an comhlacht faoina dtugtar fógra an méid seo a leanas:

(a)

na doiciméid theicniúla a scrúdú chun measúnú a dhéanamh ar shásúlacht dhearadh teicniúil an innealra nó an táirge ghaolmhair. agus scrúdú den sórt sin á dhéanamh, ní gá Iarscríbhinn IV, Cuid A, an dara fomhír, pointí (h) agus (l), a chur san áireamh;

(b)

i gcás innealra nó táirgí gaolmhara a tháirgtear i sraith agus ar cuireadh gach ítim in oiriúint le go bhfeilfidh sé d’úsáideoir aonair, scrúdóidh sé an tuairisc ar na bearta chun a sásúlacht a mheas;

(c)

fíoróidh sé gur monaraíodh an sampla/na samplaí i gcomhréir leis an doiciméadacht theicniúil, agus na heilimintí a shainaithint arna ndearadh i gcomhréir leis na forálacha is infheidhme maidir leis na caighdeáin chomhchuibhithe ábhartha nó leis na sonraíochtaí coiteanna arna nglacadh ag an gCoimisiún i gcomhréir le hAirteagal 20(3), maille leis na heilimintí arna ndearadh i gcomhréir le sonraíochtaí teicniúla eile;

(d)

déanfaidh sé scrúduithe agus tástálacha iomchuí nó cuirfidh sé á ndéanamh iad, chun a sheiceáil, i gcás inar roghnaigh an monaróir na réitigh atá sna caighdeáin chomhchuibhithe ábhartha, nó sna sonraíochtaí arna nglacadh ag an gCoimisiún i gcomhréir le hAirteagal 20(3), ar cuireadh i bhfeidhm i gceart iad;

(e)

déanfaidh sé scrúduithe agus tástálacha iomchuí, nó socróidh sé lena ndéanamh, lena sheiceáil, i gcás nár cuireadh i bhfeidhm na réitigh sna caighdeáin chomhchuibhithe ábhartha nó na sonraíochtaí coiteanna arna nglacadh ag an gCoimisiún i gcomhréir le hAirteagal 20(3), an gcomhlíonann na réitigh a ghlac an monaróir, lena n-áirítear iad siúd i sonraíochtaí teicniúla eile a cuireadh i bhfeidhm, na ceanglais chomhfhreagracha sláinte agus sábháilteachta agus ar cuireadh i bhfeidhm i gceart iad.

5.   Tuarascáil mheastóireachta

Dréachtóidh an comhlacht faoina dtugtar fógra tuarascáil mheastóireachta ina ndéanfar taifead ar na gníomhaíochtaí atá déanta agus ar a dtorthaí i gcomhréir le pointe 4. Gan dochar dá oibleagáidí i leith na n-údarás a thugann fógra, ní scaoilfidh an comhlacht faoina dtugtar fógra ábhar na tuarascála sin, ina iomláine nó i bpáirt, ach tar éis comhaontú a fháil ón monaróir.

6.   Deimhniú ar chineálscrúdú AE

6.1.

Nuair a chomhlíonann an cineál táirge na buncheanglais sláinte agus sábháilteachta is infheidhme, eiseoidh an comhlacht faoina dtugtar fógra deimhniú ar chineálscrúdú AE don mhonaróir.

Tréimhse bhailíochta an deimhnithe nua arna eisiúint, agus i gcás inarb iomchuí, tréimhse bhailíochta deimhnithe athnuaite, ní rachaidh sí thar chúig bliana.

6.2.

Is é a bheidh sa deimhniú ar chineálscrúdú AE an fhaisnéis seo a leanas ar a laghad:

(a)

ainm agus uimhir aitheantais an chomhlachta faoina dtugtar fógra;

(b)

ainm agus seoladh an mhonaróra agus, más é an t-ionadaí údaraithe a chuireann an t-iarratas isteach, ainm agus seoladh an ionadaí údaraithe sin freisin;

(c)

aitheantas an innealra nó an táirge ghaolmhair a chumhdaítear leis an deimhniú (uimhir an chineáil);

(d)

ráiteas ina shonraítear go gcomhlíonann an cineál innealra nó an cineál táirge ghaolmhair na buncheanglais sláinte agus sábháilteachta is infheidhme;

(e)

i gcás ina bhfuil caighdeáin chomhchuibhithe nó sonraíochtaí coiteanna arna nglacadh ag an gCoimisiún i gcomhréir le hAirteagal 20(3) curtha i bhfeidhm go hiomlán nó go páirteach, cóid thagartha na gcaighdeán nó na sonraíochtaí coiteanna sin nó codanna díobh;

(f)

i gcás inar cuireadh sonraíochtaí teicniúla eile i bhfeidhm, cóid thagartha na sonraíochtaí teicniúla sin;

(g)

an dáta eisiúna, an dáta éaga agus, i gcás inarb iomchuí, an dáta/na dátaí athnuachana;

(h)

aon choinníoll a bhaineann leis an deimhniúchán a eisiúint.

6.3.

Féadfaidh iarscríbhinn amháin nó níos mó a bheith i gceangal leis an deimhniú ar chineálscrúdú AE.

6.4.

Nuair nach gcomhlíonann an cineál táirge na buncheanglais sláinte agus sábháilteachta is infheidhme, diúltóidh an comhlacht faoina dtugtar fógra deimhniú ar chineálscrúdú AE a eisiúint agus cuirfidh sé é sin in iúl don iarratasóir dá réir, agus tabharfaidh sé cúiseanna mionsonraithe lena dhiúltú.

7.   Athbhreithniú ar dheimhniú ar chineálscrúdú AE

7.1.

Coinneoidh an comhlacht faoina dtugtar fógra é féin ar an eolas maidir le hathruithe a bhaineann leis an úrscothacht atá aitheanta go ginearálta, a léiríonn go bhféadfadh sé nach gcomhlíonann an cineál formheasta na buncheanglais sláinte agus sábháilteachta is infheidhme a thuilleadh, agus cinnfidh sé an bhfuil imscrúdú sa bhreis ag teastáil maidir le hathruithe den sórt sin. Más amhlaidh atá, cuirfidh an comhlacht faoina dtugtar fógra an monaróir ar an eolas dá réir sin.

7.2.

An comhlacht faoina dtugtar fógra ag a bhfuil an doiciméadacht theicniúil a bhaineann le deimhniú ar chineálscrúdú AE, cuirfidh an monaróir an comhlacht sin ar an eolas maidir leis na modhnuithe ar fad ar an gcineál formheasta agus maidir leis na modhnuithe uile ar an doiciméadacht theicniúil a d’fhéadfadh difear a dhéanamh do chomhréireacht an innealra nó an táirge ghaolmhair leis na buncheanglais sláinte agus sábháilteachta is infheidhme nó leis na coinníollacha le haghaidh bhailíocht an deimhnithe sin. Beidh formheas sa bhreis ag teastáil maidir le modhnuithe den sórt sin, is é sin le rá formheas breise a chuirfear isteach sa bhundeimhniú ar chineálscrúdú AE.

7.3.

Áiritheoidh an monaróir go gcomhlíonfaidh an t-innealra nó an táirge gaolmhar na buncheanglais sláinte agus sábháilteachta is infheidhme i gcónaí de réir na húrscothachta.

7.4.

Iarrfaidh an monaróir ar an gcomhlacht faoina dtugtar fógra athbhreithniú a dhéanamh ar an deimhniú ar chineálscrúdú AE:

(a)

i gcás modhnú ar an gcineál formheasta dá dtagraítear i bpointe 7.2;

(b)

i gcás athrú ar an úrscothacht dá dtagraítear i bpointe 7.3;

(c)

ar a dhéanaí, roimh dheireadh dháta éaga an deimhnithe.

Sa chás dá dtagraítear i bpointe (c), ní fhéadfar athnuachan a dhéanamh ar an deimhniú ar chineálscrúdú AE mar thoradh ar athbhreithniú ach amháin i gcás ina gcuireann an monaróir an t-iarratas isteach tráth nach luaithe ná 12 mhí roimh dháta éaga an deimhnithe ar chineálscrúdú AE agus ar a dhéanaí 6 mhí roimhe. I gcás nach gcomhlíonfaidh an monaróir na spriocanna a luadh thuas, ní fhéadfaidh formheas eascairt ón athbhreithniú ach amháin i bhfoirm cur leis an mbundeimhniú ar chineálscrúdú AE agus is é dáta éaga an deimhnithe bunaidh dáta éaga an deimhnithe.

7.5.

Scrúdóidh an comhlacht faoina dtugtar fógra an t-innealra nó an táirge gaolmhar agus, i gcás inar gá i bhfianaise na n-athruithe a rinneadh, déanfaidh sé na tástálacha ábhartha chun go n-áiritheofar go gcomhlíonfaidh an cineál formheasta na buncheanglais sláinte agus sábháilteachta is infheidhme i gcónaí. Más rud é go bhfuil an comhlacht faoina dtugtar fógra sásta go gcomhlíonann an cineál formheasta na ceanglais sláinte agus sábháilteachta is infheidhme i gcónaí, déanfaidh sé an deimhniú ar chineálscrúdú AE a athnuachan nó eiseoidh sé ábhar breise leis an mbundeimhniú ar chineálscrúdú AE. Áiritheoidh an comhlacht faoina dtugtar fógra go dtabharfar an nós imeachta um athbhreithniú chun críche roimh dháta éaga an deimhnithe ar chineálscrúdú AE.

7.6.

I gcás nach gcomhlíontar na coinníollacha dá dtagraítear i bpointe 7.4, pointí (a) agus (b), beidh feidhm ag nós imeachta simplithe um athbhreithniú. Cuirfidh an monaróir an méid a leanas ar fáil don chomhlacht faoina dtugtar fógra:

(a)

a ainm agus a sheoladh agus na sonraí lena sainaithnítear an deimhniú ar chineálscrúdú AE lena mbaineann;

(b)

dearbhú nach ndearnadh aon mhodhnú ar an gcineál formheasta dá dtagraítear i bpointe 7.2, lena n-áirítear ábhair, fo-chomhpháirteanna nó fochóimeálacha, ná ar na caighdeáin ábhartha chomhchuibhithe ná ar na sonraíochtaí coiteanna arna nglacadh ag an gCoimisiún i gcomhréir le hAirteagal 20(3) ná ar shonraíochtaí teicniúla eile a cuireadh i bhfeidhm;

(c)

dearbhú nach ndearnadh aon athrú ar an úrscothacht mar a thagraítear dó i bpointe 7.3; agus

(d)

mura bhfuil siad curtha ar fáil cheana féin, cóipeanna de líníochtaí reatha agus de ghrianghraif reatha den táirge, marcáil táirge agus faisnéis;

I gcás inar dhearbhaigh an comhlacht faoina dtugtar fógra nach ndearnadh aon mhodhnú ar an úrscothacht dá dtagraítear i bpointe 7.2 agus nach ndearnadh aon athrú ar staid na teicníochta dá dtagraítear i bpointe 7.3, cuirfear an nós imeachta simplithe um athbhreithniú i bhfeidhm agus ní dhéanfar na scrúduithe ná na tástálacha dá dtagraítear i bpointe 7.5. Sa chás sin, déanfaidh an comhlacht faoina dtugtar fógra an deimhniú ar chineálscrúdú AE a athnuachan.

Beidh na costais a bhaineann leis an athnuachan sin comhréireach le hualach riaracháin an nós imeachta simplithe.

Má chinneann an comhlacht faoina dtugtar fógra gur tháinig athrú ar an úrscothacht dá dtagraítear i bpointe 7.3, beidh feidhm ag an nós imeachta a leagtar amach i bpointe 7.5.

7.7.

Má chinneann an comhlacht faoina dtugtar fógra, tar éis an athbhreithnithe, nach bhfuil an deimhniú ar chineálscrúdú AE bailí a thuilleadh, tarraingeoidh an comhlacht siar é agus scoirfidh an monaróir de bheith ag cur an t-innealra nó an táirge gaolmhar lena mbaineann ar an margadh.

8.   Cuirfidh gach comhlacht faoina dtugtar fógra in iúl don údarás a thugann fógra maidir le deimhnithe ar chineálscrúdú AE agus/nó le breiseanna atá eisithe nó aistarraingthe aige, agus cuirfidh sé ar fáil don údarás a thugann fógra, ó am go chéile nó arna iarraidh sin dó, liosta de dheimhnithe den sórt sin agus/nó de bhreiseanna eile atá diúltaithe, atá curtha ar fionraí nó a bhfuil teorannú déanta ar shlí eile orthu.

Gach comhlacht faoina dtugtar fógra, cuirfidh sé na comhlachtaí eile sin faoina dtugtar fógra ar an eolas maidir le deimhnithe ar chineálscrúdú AE agus/nó maidir le breiseanna atá diúltaithe nó aistarraingthe nó curtha ar fionraí aige nó a bhfuil teorannú déanta ar shlí eile orthu agus, arna iarraidh sin air, maidir le deimhnithe ar chineálscrúdú AE agus/nó breiseanna atá eisithe aige.

Féadfaidh an Coimisiún, na Ballstáit agus na comhlachtaí eile faoin dtugtar fógra, arna hiarraidh sin dóibh, cóip de dheimhniú ar chineálscrúdú AE agus/nó de bhreiseanna a cuireadh leis a fháil. Arna iarraidh sin, féadfaidh an Coimisiún agus na Ballstáit cóip den doiciméadacht theicniúil agus de thorthaí na scrúduithe a rinne an comhlacht faoina dtugtar fógra a fháil.

Maidir le deimhniú ar chineálscrúdú AE, na hiarscríbhinní agus na breiseanna a ghabhann leis, chomh maith leis an gcomhad teicniúil ina n-áirítear an doiciméadacht atá curtha isteach ag an monaróir, coinneoidh an comhlacht faoina dtugtar fógra cóip díobh go ceann tréimhse cúig bliana tar éis do bhailíocht an deimhnithe sin dul in éag.

9.   Maidir le deimhniú ar chineálscrúdú AE, na hiarscríbhinní agus na breiseanna a ghabhann leis, chomh maith leis an gcomhad teicniúil a cuireadh ar fáil do na húdarás náisiúnta, coinneoidh an monaróir cóip díobh go ceann 10 mbliana tar éis don innealra nó don táirge gaolmhar a bheith curtha ar an margadh.

10.   Féadfaidh ionadaí údaraithe an mhonaróra an t-iarratas dá dtagraítear i bpointe 3 a chur isteach agus na hoibleagáidí a leagtar amach i bpointí 7.2, 7.4 agus 9 a chomhlíonadh, ar choinníoll go sonrófar sa sainordú iad.


IARSCRÍBHINN VIII

CINEÁL-CHOMHRÉIREACHT BUNAITHE AR RIALÚ INMHEÁNACH TÁIRGTHE

(Modúl C)

1.   Is é atá i gceist le cineál-chomhréireacht bunaithe ar rialú inmheánach táirgthe an chuid de nós imeachta um measúnú comhréireachta ina gcomhlíonann an monaróir na hoibleagáidí a leagtar síos i bpointí 2 agus 3, agus ina n-áirithíonn agus ina ndearbhaíonn sé as féin agus é amháin freagrach, go bhfuil an táirge innealra lena mbaineann i gcomhréir leis an gcineál a shonraítear sa deimhniú ar chineálscrúdú AE agus go gcomhlíonann sé ceanglais infheidhme an Rialacháin seo.

2.   Monaraíocht

Déanfaidh an monaróir na bearta uile is gá sa chaoi go n-áiritheofar sa phróiseas táirgthe agus san faireachán air sin go gcomhlíonann an t-innealra nó an táirge gaolmhar monaraithe an cineál a shonraítear sa deimhniú ar chineálscrúdú AE agus ceanglais infheidhme an Rialacháin seo.

3.   Marcáil CE agus dearbhú comhréireachta AE

3.1.

Feisteoidh an monaróir marcáil CE ar gach innealra nó ar gach táirgí gaolmhara atá i gcomhréir leis an gcineál a shonraítear sa deimhniú ar chineálscrúdú AE agus a chomhlíonann ceanglais infheidhme an Rialacháin seo.

3.2.

Tarraingeoidh an monaróir suas dearbhú comhréireachta AE i scríbhinn do mhúnla innealra nó táirge ghaolmhair agus coinneoidh sé ar fáil do na húdaráis náisiúnta é go ceann tréimhse 10 mbliana tar éis don innealra nó don táirge gaolmhar a bheith curtha ar an margadh nó curtha i seirbhís. Sainaithneofar le dearbhú comhréireachta AE an t-innealra nó an táirge gaolmhar dár tarraingíodh suas é.

Cuirfear cóip de dhearbhú comhréireachta AE ar fáil do na húdaráis ábhartha arna iarraidh sin.

4.   Ionadaí údaraithe

Oibleagáidí an mhonaróra a leagtar amach i bpointí 3agus 6, féadfaidh a ionadaí údaraithe na hoibleagáidí a chomhlíonadh thar a cheann nó thar a ceann, agus faoina fhreagracht nó faoina freagracht, ar choinníoll go sonrófar sa sainordú iad.


IARSCRÍBHINN IX

COMHRÉIREACHT BUNAITHE AR DHEARBHÚ CÁILÍOCHTA IOMLÁN

(Modúl H)

1.   Is ionann comhréireacht a bhunaítear ar dhearbhú iomlán cáilíochta agus an nós imeachta um measúnú comhréireachta ina gcomhlíonann an monaróir na hoibleagáidí a leagtar síos i bpointí 2 agus 5, agus ina n-áirithíonn agus ina ndearbhaíonn an monaróir agus an monaróir amháin as a bheith freagrach, go gcomhlíonann an t-innealra nó an táirge gaolmhar lena mbaineann ceanglais an Rialacháin seo a bhfuil feidhm acu maidir leis.

2.   Monaraíocht

Oibreoidh an monaróir córas cáilíochta formheasta maidir le dearadh, monarú, agus cigireacht ar an táirge deiridh agus le tástáil an innealra nó an táirge ghaolmhair lena mbaineann, mar a shonraítear i bpointe 3, agus beidh sé faoi réir faireachais, mar a shonraítear i bpointe 4.

3.   Córas cáilíochta

3.1.

Cuirfidh an monaróir isteach iarratas ar mheasúnú a dhéanamh ar a chóras cáilíochta féin chuig a rogha féin de chomhlacht faoina dtugtar fógra, i dtaca leis an innealra agus an táirge gaolmhar lena mbaineann.

Áireofar leis an iarratas:

(a)

ainm agus seoladh an mhonaróra agus, más é an t-ionadaí údaraithe a chuireann an t-iarratas isteach, ainm agus seoladh an ionadaí údaraithe sin freisin;

(b)

an doiciméadacht theicniúil a bhfuil tuairisc uirthi in Iarscríbhinn IV, Cuid A, pointí (a) go (g), (i) go (k) agus (m) go (o) maidir le múnla amháin de gach catagóire innealra nó gach catagóire táirge ghaolmhair a bheartaítear a mhonarú.

(c)

an doiciméadacht maidir leis an gcóras cáilíochta; agus

(d)

dearbhú i scríbhinn nár cuireadh an t-iarratas céanna isteach chuig aon chomhlacht eile faoina dtugtar fógra.

3.2.

Áiritheofar leis an gcóras cáilíochta go gcomhlíonfaidh an t-innealra nó na táirgí gaolmhara ceanglais an Rialacháin seo a bhfuil feidhm acu maidir leis.

Déanfar na heilimintí, na ceanglais agus na forálacha uile arna nglacadh ag an monaróir a dhoiciméadú ar bhealach córasach agus ordúil trí bhíthin beartais, nósanna imeachta agus treoracha scríofa. Ceadófar le doiciméadacht an chórais cáilíochta sin léirmhíniú comhsheasmhach a dhéanamh ar na cláir, pleananna, lámhleabhair agus taifid cháilíochta.

Sa doiciméadacht sin, beidh tuairisc leormhaith ar an méid seo a leanas go háirithe:

(a)

cuspóirí cáilíochta agus struchtúr eagraíochtúil, freagrachtaí agus cumhachtaí an lucht bainistíochta ó thaobh dhearadh agus cháilíocht an táirge;

(b)

na sonraíochtaí maidir leis an dearadh teicniúil, lena n-áirítear na caighdeáin a chuirfear i bhfeidhm agus, i gcás nach ndéanfar na caighdeáin chomhchuibhithe ábhartha nó sonraíochtaí coiteanna eile arna nglacadh ag an gCoimisiún i gcomhréir le hAirteagal 20(3) a chur i bhfeidhm ina n-iomláine, na modhanna a úsáidfear, lena n-áirítear sonraíochtaí teicniúla eile, lena áirithiú go gcomhlíonfar buncheanglais sláinte agus sábháilteachta an Rialacháin seo a bhfuil feidhm acu maidir leis an innealra nó an táirge gaolmhar;

(c)

na teicnící, na próisis agus gníomhaíochtaí córasacha um rialú deartha agus um fhíorú deartha, a úsáidfear nuair a bheidh an t-innealra nó an táirge gaolmhar á ndearadh;

(d)

na teicníochtaí, na próisis agus na gníomhaíochtaí córasacha comhfhreagracha monaraíochta, rialaithe cáilíochta agus dearbhaithe cáilíochta a mbainfear úsáid astu;

(e)

na scrúduithe agus na tástálacha a dhéanfar roimh an mhonaraíocht, lena linn agus ina diaidh agus cé chomh minic is a dhéanfar iad;

(f)

na taifid cháilíochta, amhail tuarascálacha cigireachta agus sonraí tástála, sonraí calabrúcháin, tuarascálacha maidir le cáilíocht an phearsanra lena mbaineann, etc.;

(g)

an tslí ina ndéanfar faireachán ar cháilíocht riachtanach an deartha agus an táirge agus ar oibriú éifeachtúil an chórais cháilíochta.

3.3.

Déanfaidh an comhlacht faoina dtugtar fógra an córas cáilíochta a mheasúnú chun cinneadh a dhéanamh i dtaobh an gcomhlíonann sé na ceanglais dá dtagraítear i bpointe 3.2.

Glacfaidh an comhlacht leis go gcomhlíontar na ceanglais maidir leis na heilimintí den chóras cáilíochta a chomhlíonann sonraíochtaí comhfhreagracha an chaighdeáin chomhchuibhithe iomchuí.

Chomh maith le taithí i gcórais bhainistíochta cáilíochta, ar an bhfoireann iniúchóireachta beidh ar a laghad ball amháin a bhfuil taithí aige mar mheasúnóir i réimse an innealra ábhartha nó an táirge ghaolmhair agus i dteicneolaíocht an táirge lena mbaineann, agus eolas aige ar bhuncheanglais sláinte agus sábháilteachta infheidhme a leagtar amach in Iarscríbhinn III. Mar chuid den iniúchóireacht, tabharfar cuairt ar áitreabh an mhonaróra chun measúnú a dhéanamh. Déanfaidh an fhoireann iniúchóireachta athbhreithniú ar an doiciméadacht theicniúil dá dtagraítear i bpointe 3.1(b), chun fíorú a dhéanamh ar chumas an mhonaróra bunceanglais sláinte agus sábháilteachta infheidhme a leagtar amach in Iarscríbhinn III a shainaithint agus na scrúduithe is gá a chur i gcrích d’fhonn a áirithiú go gcomhlíonfaidh an t-innealra nó an táirge gaolmhar na ceanglais sin.

Tabharfar fógra don mhonaróir nó dá ionadaí údaraithe faoin gcinneadh sin.

Sonrófar conclúidí na hiniúchóireachta agus an cinneadh réasúnaithe faoin mheasúnú san fhógra sin.

3.4.

Geallfaidh an monaróir go gcomhlíonfaidh sé na hoibleagáidí a bhaineann leis an gcóras cáilíochta mar atá formheasta agus go gcoinneoidh sé ar bun é ionas go mbeidh sé leormhaith agus éifeachtúil i gcónaí.

3.5.

Coinneoidh an monaróir an comhlacht faoina dtugtar fógra agus a bhfuil an córas cáilíochta formheasta aige ar an eolas maidir le haon athrú atá beartaithe maidir leis an gcóras cáilíochta.

Déanfaidh an comhlacht faoina dtugtar fógra meastóireacht ar aon athrú atá beartaithe agus cinnfidh sé an gcomhlíonfaidh an córas cáilíochta modhnaithe na ceanglais dá dtagraítear i bpointe 3.2 i gcónaí nó an bhfuil gá le hathmheasúnú.

Tabharfaidh sé fógra don mhonaróir faoina chinneadh. Sonrófar conclúidí an scrúdaithe san fhógra mar aon leis an gcinneadh réasúnaithe faoin measúnú.

4.   Faireachas faoi fhreagracht an chomhlachta faoina dtugtar fógra

4.1.

Is é is cuspóir don fhaireachas a áirithiú go gcomhlíonann an monaróir na hoibleagáidí a bhaineann leis an gcóras cáilíochta formheasta.

4.2.

Tabharfaidh an monaróir, chun críocha measúnachta, cead don chomhlacht faoina dtugtar fógra, rochtain a fháil ar na láithreáin deartha, mhonaraíochta, chigireachta, tástála agus stórála agus tabharfaidh sé an fhaisnéis go léir is gá don chomhlacht sin, go háirithe:

(a)

an doiciméadacht a bhaineann leis an gcóras cáilíochta;

(b)

na taifid cháilíochta dá bhforáiltear sa chuid den chóras cáilíochta a bhaineann leis an dearadh amhail torthaí anailísí, ríomhanna, tástálacha, etc;

(c)

na taifid cháilíochta dá bhforáiltear sa chuid den chóras cáilíochta a bhaineann leis an monaraíocht amhail tuairiscí cigireachta agus sonraí tástála, sonraí calabrúcháin, tuairiscí maidir le cáilíochtaí an phearsanra lena mbaineann, etc.

4.3.

Déanfaidh an comhlacht faoina dtugtar fógra iniúchtaí tréimhsiúla lena áirithiú go gcoinníonn an monaróir an córas cáilíochta ar bun agus go gcuireann sé i bhfeidhm é agus tabharfaidh sé tuarascáil iniúchóireachta don mhonaróir.

4.4.

Ina theannta sin, féadfaidh an comhlacht faoina dtugtar fógra cuairteanna gan choinne a thabhairt ar an monaróir. Le linn cuairteanna den sórt sin, féadfaidh an comhlacht faoina dtugtar fógra, más gá, tástálacha a dhéanamh ar an táirge, nó socrú lena ndéanamh, chun feidhmiú cuí an chórais cháilíochta a sheiceáil. Tabharfaidh sé tuarascáil cuairte don mhonaróir agus, má rinneadh tástálacha, cuirfidh sé tuarascáil tástála ar fáil.

5.   Marcáil CE agus dearbhú comhréireachta AE

5.1.

Greamóidh an monaróir marcáil CE is gá a leagtar amach sa Rialachán seo, agus, faoi fhreagracht an chomhlachta faoina dtugtar fógra dá dtagraítear i bpointe 3.1, uimhir aitheantais an chomhlachta sin, de gach táirge aonair a chomhlíonann ceanglais infheidhme an Rialacháin seo.

5.2.

Tarraingeoidh an monaróir suas dearbhú AE i scríbhinn le haghaidh gach innealra nó táirge ghaolmhair agus coinneoidh sé ar fáil do na húdaráis náisiúnta é go ceann tréimhse deich mbliana ar a laghad tar éis don innealra nó don táirge gaolmhar a bheith curtha ar an margadh nó a bheith curtha i seirbhís. Le dearbhú comhréireachta AE, sainaithneofar an múnla innealra nó múnla táirge ghaolmhair dár tarraingíodh suas é.

Cuirfear cóip de dhearbhú comhréireachta AE ar fáil do na húdaráis ábhartha arna iarraidh sin.

6.   Ar feadh deich mbliana ar a laghad tar éis an t-innealra nó an táirge gaolmhar a chur ar an margadh nó a chur i seirbhís, coinneoidh an monaróir an méid seo a leanas ar fáil do na húdaráis náisiúnta:

(a)

an doiciméadacht theicniúil dá dtagraítear i bpointe 3.1(b);

(b)

an doiciméadacht a bhaineann leis an gcóras cáilíochta dá dtagraítear i bpointe 3.1(c);

(c)

an fhaisnéis a bhaineann leis an athrú dá dtagraítear i bpointe 3.5, faoi mar a formheasadh;

(d)

cinntí agus tuarascálacha an chomhlachta faoina dtugtar fógra dá dtagraítear i bpointí 3.5, 4.3 agus 4.4.

7.   Gach comhlacht faoina dtugtar fógra, cuirfidh sé an t-údarás a thugann fógra ina leith ar an eolas faoi chinntí maidir le formheas a eisíodh nó a aistarraingíodh, agus cuirfidh sé ar fáil do na húdaráis sin a thugann fógra, go tréimhsiúil nó arna iarraidh sin, liosta de cinntí maidir le formheas na gcóras cáilíochta a diúltaíodh, a cuireadh ar fionraí nó ar cuireadh srian leo ar shlí eile.

Cuirfidh gach comhlacht faoina dtugtar fógra na comhlachtaí eile faoina dtugtar fógra ar an eolas faoi chinntí maidir le formheas na gcóras cáilíochta a rinne sé a dhiúltú, a chur ar fionraí nó a tharraingt siar, agus, arna iarraidh sin, cinntí maidir le formheas na gcóras cáilíochta, a d’eisigh sé.

8.   Ionadaí údaraithe

Oibleagáidí an mhonaróra a leagtar amach i bpointí 3.1, 3.5, 5 agus 6, féadfaidh a ionadaí údaraithe na hoibleagáidí a chomhlíonadh thar a cheann agus faoina fhreagracht, ar choinníoll go sonrófar sa sainordú iad.


IARSCRÍBHINN X

COMHRÉIREACHT ARNA BUNÚ AR FHÍORÚ AONAD

(Modúl G)

1.   Is í an chomhréireacht arna bunú ar fhíorú, an nós imeachta um measúnú comhréireachta ina gcomhlíonann an monaróir na hoibleagáidí a leagtar síos i bpointí 2, 3 agus 5, agus ina n-áirithíonn agus ina ndearbhaíonn an monaróir agus an monaróir féin amháin go bhfuil an t-innealra nó an táirge gaolmhar, a bhí faoi réir phointe 4, i gcomhréir leis na buncheanglais sláinte agus sábháilteachta a leagtar amach in Iarscríbhinn III.

2.   Doiciméadacht theicniúil

Déanfaidh an monaróir an doiciméadacht theicniúil a bhunú agus a chur ar fáil don chomhlacht faoina dtugtar fógra dá dtagraítear i bpointe 4. Leis an doiciméadacht beifear in ann measúnú a dhéanamh ar an innealra nó ar a mhéid atá an táirge gaolmhar i gcomhréir leis na buncheanglais ábhartha sláinte agus sábháilteachta a leagtar amach in Iarscríbhinn III, agus áireofar inti anailís leormhaith agus measúnú ar an riosca/na rioscaí. Sonrófar sa doiciméadacht theicniúil na buncheanglais infheidhme sláinte agus sábháilteachta agus cumhdófar ann, chomh fada agus is ábhartha don mheasúnú, dearadh, monarú agus oibriú an innealra nó an táirge ghaolmhair.

Beidh ar a laghad ceann amháin de na heilimintí seo a leanas sa doiciméadacht theicniúil, i gcás inarb infheidhme:

(a)

ainm agus seoladh an mhonaróra agus, más é an t-ionadaí údaraithe a chuireann an t-iarratas isteach, ainm agus seoladh an ionadaí údaraithe sin freisin;

(b)

an doiciméadacht theicniúil don aonad innealra nó táirge gaolmhar a bheidh le monarú.

Ina theanna sin, beidh ar a laghad an méid seo a leanas sa doiciméadacht theicniúil, i gcás inarb infheidhme:

(i)

na heilimintí a leagtar amach i bpointí (a), go (g) d’Iarscríbhinn IV, Cuid A;

(ii)

an doiciméadacht maidir leis an gcóras cáilíochta; agus

(iii)

dearbhú i scríbhinn nár cuireadh an t-iarratas céanna isteach chuig aon chomhlacht eile faoina dtugtar fógra.

2.1

Coimeádfaidh monaróirí an doiciméadacht theicniúil faoina réir ag na húdaráis ábhartha náisiúnta ar feadh tréimhse 10 mbliana ar a laghad tar éis an t-innealra nó an táirge gaolmhar a chur ar an margadh.

3.   Monaraíocht

Déanfaidh an monaróir gach beart is gá chun go n-áiritheoidh an próiseas monaraíochta agus an faireachán air go gcomhlíonann an t-innealra nó an táirge gaolmhar na buncheanglais sláinte agus sábháilteachta is infheidhme a leagtar amach in Iarscríbhinn III.

4.   Fíorú

Déanfaidh comhlacht faoina dtugtar fógra arna roghnú ag an monaróir scrúduithe agus tástálacha ábhartha a chur i gcrích, a leagtar amach sna caighdeáin chomhchuibhithe ábhartha agus/nó sna sonraíochtaí coiteanna, nó tástálacha coibhéiseacha, chun comhréireacht an innealra nó an táirge ghaolmhair le buncheanglais sláinte agus sábháilteachta infheidhme a leagtar amach in Iarscríbhinn III a sheiceáil, nó tabharfaidh sé go gcuirfear i gcrích iad. In éagmais caighdeáin chomhchuibhithe, agus/nó sonraíocht choiteann den sórt sin, cinnfidh an comhlacht lena mbaineann faoina dtugtar fógra na tástálacha iomchuí a bheidh le cur i gcrích.

Eiseoidh an comhlacht faoina dtugtar fógra deimhniú maidir leis na scrúduithe agus na tástálacha a dhéantar agus greamóidh sé a uimhir aitheantais den innealra nó den táirge gaolmhar, nó socróidh sé go ngreamófar í faoina chúram.

Coinneoidh an monaróir na deimhnithe faoina réir ag na húdaráis náisiúnta ar feadh 10 mbliana ar a laghad tar éis an t-innealra nó an táirge gaolmhar a chur ar an margadh.

5.   Marcáil CE agus dearbhú comhréireachta AE

5.1.

Greamóidh an monaróir marcáil CE, a leagtar amach in Airteagal 10(2), agus, faoi chúram an chomhlachta faoina dtugtar fógra, ar comhlacht é dá dtagraítear i bpointe 4, uimhir aitheantais an chomhlachta, ar an innealra nó ar an táirge gaolmhar a chomhlíonann na buncheangais sláinte agus sábháilteachta is infheidhme a leagtar amach in Iarscríbhinn III.

5.2.

Déanfaidh an monaróir dearbhú comhréireachta AE i scríbhinn a tharraingt suas agus beidh sé ar fáil do na húdaráis náisiúnta, ar feadh 10 mbliana ar a laghad tar éis an t-innealra nó an táirge gaolmhar a chur ar an margadh nó a chur i seirbhís. Sainaithneofar le dearbhú comhréireachta AE an t-innealra nó an táirge gaolmhar dár tarraingíodh suas é.

Cuirfear cóip den dearbhú comhréireachta AE ar fáil do na húdaráis ábhartha arna iarraidh sin.

6.   Ionadaí údaraithe

Oibleagáidí an mhonaróra atá leagtha amach i bpointí 2.1 agus 5, féadfaidh a ionadaí údaraithe na hoibleagáidí a chomhlíonadh, thar a cheann, agus faoina fhreagracht, ar choinníoll go sonrófar na hoibleagáidí sa sainordú.


IARSCRÍBHINN XI

TREORACHA COIMÉALA LE HAGHAIDH INNEALRA PÁIRTCHRÍOCHNAITHE

1.

Sna treoracha cóimeála le haghaidh innealra páirtchríochnaithe, beidh tuairisc ar na coinníollacha atá le comhlíonadh lena áirithiú go mbeidh an t-innealra páirtchríochnaithe corpraithe i gceart san innealra nó in innealra páirtchríochnaithe eile nó i dtrealamh deiridh, agus nach gcuireann an t-innealra nó an t-innealra páirtchríochnaithe eile nó an trealamh deiridh a bhfuil an t-innealra páirtchríochnaithe ionchorpraithe ann isteach ar shláinte agus sábháilteacht daoine agus, i gcás inarb iomchuí, ainmhithe clóis agus maoin, agus, i gcás inarb infheidhme, an comhshaol.

2.

Beidh sna treoracha cóimeála faisnéis ábhartha atá le húsáid i dtreoracha an innealra nó i dtreoracha innealra pháirtchríochnaithe nó trealaimh eile, ina bhfuil an t-innealra páirtchríochnaithe le cóimeáil. Beidh an fhaisnéis seo a leanas ar a laghad i ngach treoir maidir le cóimeáil, i gcás inarb infheidhme:

(a)

tuairisc ghinearálta ar an innealra páirtchríochnaithe.;

(b)

na líníochtaí, na léaráidí, na tuairiscí agus na míniúcháin riachtanacha do chorprú san innealra deiridh, d’úsáid, do chothabháil agus do dheisiú an innealra pháirtchríochnaithe agus don tseiceáil ar an bhfeidhmiú ceart;

(c)

foláirimh a bhaineann leis na bealaí toirmiscthe nár cheart an t-innealra páirtchríochnaithe a úsáid, rud is fios de bharr taithí;

(d)

treoracha cóimeála, suiteála agus ceangail, lena n-áirítear líníochtaí, léaráidí agus modh ceangailte agus ainmniú an fhonnaidh nó na suiteála ar a bhfuil an t-innealra páirtchríochnaithe le feistiú;

(e)

faisnéis maidir le torann nó creathadh is dócha a laghdófar mar gheall ar a ionchorprú;

(f)

liosta de na buncheanglais sláinte agus sábháilteachta is infheidhme a leagtar amach in Iarscríbhinn III maidir leis an innealra páirtchríochnaithe;

(g)

buntréithe na n-uirlisí a bhféadfaí an t-innealra páirtchríochnaithe a ghléasadh leo;

(h)

na coinníollacha ina sásaíonn an t-innealra páirtchríochnaithe ceanglas na cobhsaíochta, iompair, cóimeála, díchóimeála nuair a bhíonn siad as feidhm, faoi thástáil agus cliseadh a mbeadh coinne leo;

(i)

treoracha d’fhonn a áirithiú gur féidir leis an iompar, láimhsiú agus oibríochtaí stórála a bheith sábháilte, ag tabhairt mhais an innealra pháirtchríochnaithe agus dá pháirteanna éagsúla mar a n-iomprófar go rialta ceann ar cheann iad;

(j)

an modh oibriúcháin ar gá cloí leis i gcás timpiste nó cliste; más dócha go dtarlóidh calcadh, an modh oibriúcháin ar gá cloí leis ionas go bhféadfar an trealamh a dhíchalcadh go sábháilte;

(k)

tuairisc ar an gcoigeartú agus ar na hoibríochtaí cothabhála ba cheart don úsáideoir a dhéanamh, agus na bearta cothabhála coiscthí ar cheart cloí leo, agus an dearadh á chur san áireamh;

(l)

treoracha atá ceaptha chun coigeartú agus cothabháil a dhéanamh go sábháilte, lena n-áirítear na bearta cosanta is gá a dhéanamh i rith na n-oibríochtaí sin;

(m)

sonraíochtaí na bpáirteanna spártha a bheidh le húsáid, i gcás ina mbeidh tionchar acu sin ar shláinte agus ar shábháilteacht na n-oibreoirí;

(n)

tuairisc shoiléir ar an leagan de na treoracha cóimeála a chomhfhreagraíonn do mhúnla d’innealra páirtchríochnaithe;

Má tá sé i gceist an t-innealra páirtchríochnaithe a úsáid in innealra a chumhdaítear in Iarscríbhinn III, caibidlí 2 go 6, ní mór faisnéis ábhartha a bheith sna treoracha cóimeála atá le húsáid i dtreoracha úsáide an innealra sin.

3.

Áireofar sna treoracha cóimeála le haghaidh innealra páirtchríochnaithe dearbhú AE maidir le corprú, nó seoladh idirlín nó cód meaisín-inléite i gcás nach féidir rochtain a fháil ar dhearbhú corpraithe AE.

IARSCRÍBHINN XII

AN TÁBLA COMHGHAOIL

Treoir 2006/42/CE

An Rialachán seo

Airteagal 1

Airteagal 2

Airteagal 2

Airteagal 3

Airteagal 3

Airteagal 9

Airteagal 4 (1) agus (2)

Airteagal 8

Airteagal 4 (3) agus (4)

Airteagal 5

Airteagal 10 agus Airteagal 11

Airteagal 6

Airteagal 4

Airteagal 7

Airteagal 20 (1)

Airteagal 8 (1)

Airteagal 6 (1) agus Airteagal 7 (1)

Airteagal 8 (2)

Airteagal 9

Airteagal 10

Airteagal 44 (3)

Airteagal 11

Airteagail 43, 44 agus 45

Airteagal 12

Airteagal 25

Airteagal 13

- Airteagal 11

Airteagal 14 (agus Iarscríbhinn XI)

Airteagal 26 go dtí Airteagal 42

Airteagal 15

Airteagal 5 -

Airteagal 16

Airteagal 23 agus Airteagal 24

Airteagal 17

Airteagal 46

Airteagal 18

Airteagal 49

Airteagal 19

Airteagal 20

Airteagal 21

Airteagal 53

Airteagal 21 a

Airteagal 47

Airteagal 22

Airteagal 48

Airteagal 23

Airteagal 50

Airteagal 24

Airteagal 25

Airteagal 51

Airteagal 26

Airteagal 27

Airteagal 28

Airteagal 54 (an chéad mhír)

Airteagal 29

Airteagal 54 (an dara agus an tríú mír)

Iarscríbhinn I – Prionsabail ghinearálta agus Roinn 1.1.1 (Sainmhínithe)

Iarscríbhinn III – Cuid A (Sainmhínithe) agus Cuid B (Prionsabail ghinearálta)

Iarscríbhinn I, Roinn 1.1.2 – 1.1.8.

Iarscríbhinn III, Caibidil 1

Iarscríbhinn I, Roinn 2

Iarscríbhinn III, Caibidil 2

Iarscríbhinn I, Roinn 3

Iarscríbhinn III, Caibidil 3

Iarscríbhinn I, Roinn 4

Iarscríbhinn III, Caibidil 4

Iarscríbhinn I, Roinn 5

Iarscríbhinn III, Caibidil 5

Iarscríbhinn I, Roinn 6

Iarscríbhinn III, Caibidil 6

Iarscríbhinn II, Cuid A agus Cuid B

Iarscríbhinn V, Cuid A agus Cuid B

Iarscríbhinn III

Iarscríbhinn IV

Iarscríbhinn I

Iarscríbhinn V

Iarscríbhinn II

Iarscríbhinn VI

Iarscríbhinn XI

Iarscríbhinn VII, Cuid A agus Cuid B

Iarscríbhinn IV, Cuid A agus Cuid B

Iarscríbhinn VIII, nuair a léitear í i gcomhar le hAirteagal 12(3)(a)

Iarscríbhinn VI

Iarscríbhinn VIII, nuair a léitear í I gcomhar le hAirteagal 12(3)(b)

Iarscríbhinn VIII

Iarscríbhinn IX

Iarscríbhinn VII

Iarscríbhinn X

Iarscríbhinn IX

Iarscríbhinn XI

Airteagal 30


Top