EUR-Lex Access to European Union law

Back to EUR-Lex homepage

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 32023R1113

Rialachán (AE) 2023/1113 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 31 Bealtaine 2023 maidir le faisnéis a ghabhann le haistrithe cistí agus le cripteashócmhainní áirithe agus lena leasaítear Treoir (AE) 2015/849 (Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

PE/53/2022/REV/1

IO L 150, 9.6.2023, p. 1–39 (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

Legal status of the document In force

ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2023/1113/oj

9.6.2023   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 150/1


RIALACHÁN (AE) 2023/1113 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

an 31 Bealtaine 2023

maidir le faisnéis a ghabhann le haistrithe cistí agus le cripteashócmhainní áirithe agus lena leasaítear Treoir (AE) 2015/849

(athmhúnlú)

(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 114 de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

Tar éis dóibh an dréachtghníomh reachtach a chur chuig na parlaimintí náisiúnta,

Ag féachaint don tuairim ón mBanc Ceannais Eorpach (1),

Ag féachaint don tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa (2),

Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach (3),

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Rinneadh Rialachán (AE) 2015/847 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (4) a leasú go substaintiúil (5). Ós rud é go bhfuil tuilleadh leasuithe le déanamh ar an Rialachán, ba cheart é a athmhúnlú ar mhaithe le soiléireacht.

(2)

Glacadh Rialachán (AE) 2015/847 chun a áirithiú go gcuirfí chun feidhme ceanglais an Tascfhórsa um Ghníomhaíocht Airgeadais (FATF) maidir le soláthraithe seirbhísí aistrithe de dhroim sreinge, agus go háirithe an oibleagáid ar sholáthraithe seirbhísí íocaíochta faisnéis faoin íocóir agus faoin íocaí a chur le haistrithe cistí, go haonfhoirmeach ar fud an Aontais. Na hathruithe is déanaí a tugadh isteach i mí an Mheithimh 2019 i gcaighdeáin FATF maidir le teicneolaíochtaí nua, agus é mar aidhm leo sócmhainní fíorúla agus soláthraithe seirbhísí sócmhainní fíorúla a rialú, cuireadh ar fáil leis na hathruithe sin oibleagáidí nua agus comhchosúla le haghaidh soláthraithe seirbhísí sócmhainní fíorúla, chun inrianaitheacht aistrithe sócmhainní fíorúla a éascú. Sa bhreis ar na hathruithe sin, tá soláthraithe seirbhísí sócmhainní fíorúla le faisnéis faoi thionscnóirí agus tairbhithe na n-aistrithe sócmhainní fíorúla sin a chur leis na haistrithe sin. Ceanglaítear chomh maith ar sholáthraithe seirbhísí sócmhainní fíorúla an fhaisnéis sin a fháil, a shealbhú agus a roinnt lena gcontrapháirtí ar an taobh eile den aistriú sócmhainní fíorúla agus í a chur ar fáil ar iarraidh ó na húdaráis inniúla.

(3)

I bhfianaise nach bhfuil feidhm ag Rialachán (AE) 2015/847 faoi láthair ach maidir le haistrithe cistí, is é sin le rá maidir le nótaí bainc agus monaí, airgead scríbhinne, agus airgead leictreonach mar a shainmhínítear in Airteagal 2, pointe 2, de Threoir 2009/110/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (6), is iomchuí raon feidhme Rialachán (AE) 2015/847 a leathnú chun aistrithe sócmhainní fíorúla a chumhdach freisin.

(4)

Is féidir le sreafaí airgid neamhdhleathaigh a chuirtear i gcúrsaíocht trí aistrithe cistí agus sócmhainní fíorúla dochar a dhéanamh do shláine, do chobhsaíocht agus do chlú na hearnála airgeadais agus a bheith ina bhagairt ar mhargadh inmheánach an Aontais agus ar an bhforbairt idirnáisiúnta. Tá sciúradh airgid, maoiniú sceimhlitheoireachta agus coireacht eagraithe ina bhfadhbanna móra fós ar ceart aghaidh a thabhairt orthu ar leibhéal an Aontais. D’fhéadfaí fóntacht, sláine agus cobhsaíocht an chórais trína n-aistrítear cistí agus sócmhainní fíorúla, mar aon leis an muinín as an gcóras airgeadais sin ar fad a chur i mbaol de dheasca iarrachtaí ó choirpigh agus a gcomhpháirtithe bréagriocht a chur ar fhoinse a gcuid fáltas ó choireacht nó cistí nó sócmhainní fíorúla a aistriú le haghaidh gníomhaíochtaí coiriúla nó chun críoch sceimhlitheoireachta.

(5)

D’fhonn a gcuid gníomhaíochtaí coiriúla a éascú, is dócha go ndéanfaidh lucht sciúrtha airgid agus maoinitheoirí sceimhlitheoireachta iarracht buntáiste a bhaint as an tsaoirse i ngluaiseachtaí caipitil laistigh de limistéar comhtháite airgeadais an Aontais, mura nglactar bearta comhordaithe áirithe ar leibhéal an Aontais. Is é is aidhm leis an gcomhar idirnáisiúnta faoi chuimsiú FATF agus le cur chun feidhme domhanda a chuid moltaí sciúradh airgid agus maoiniú sceimhlitheoireachta a chosc le linn cistí nó sócmhainní fíorúla a aistriú.

(6)

Mar gheall ar fhairsinge na gníomhaíochta a bheidh le déanamh, ba cheart don Aontas a áirithiú go ndéanfaí na Caighdeáin Idirnáisiúnta maidir le Sciúradh Airgid agus maidir le Maoiniú Sceimhlitheoireachta agus Maoiniú Leata a Chomhrac a ghlac FATF an 16 Feabhra 2012 agus ar a rinne sé athbhreithniú ansin an 21 Meitheamh 2019 (“Moltaí athbhreithnithe FATF”), agus, go háirithe, Moladh 15 de chuid FATF maidir le teicneolaíochtaí nua, Moladh 16 de chuid FATF maidir le haistrithe de dhroim sreinge, agus na nótaí léirithe athbhreithnithe maidir leis na moltaí sin a chur i bhfeidhm go haonfhoirmeach ar fud an Aontais agus, go háirithe, nach mbeidh aon idirdhealú nó neamhréiteach ann idir íocaíochtaí náisiúnta nó aistrithe sócmhainní fíorúla laistigh de Bhallstát, ar thaobh amháin, agus íocaíochtaí trasteorann nó aistrithe sócmhainní fíorúla trasteorann idir Ballstáit, ar an taobh eile. Maidir le gníomhaíocht neamh-chomhordaithe arna déanamh ag Ballstáit ag gníomhú uathu féin i réimse na n-aistrithe trasteorann cistí agus sócmhainní fíorúla, d’fhéadfadh tionchar suntasach a bheith aici ar fheidhmiú rianúil córas íocaíochta agus seirbhísí sócmhainní fíorúla ar leibhéal an Aontais agus dá bhrí sin d’fhéadfadh sí dochar a dhéanamh don mhargadh inmheánach i réimse na seirbhísí airgeadais.

(7)

D’fhonn cur chuige comhleanúnach a chothú sa chomhthéacs idirnáisiúnta agus an éifeachtacht a fheabhsú maidir le sciúradh airgid agus maoiniú sceimhlitheoireachta a chomhrac, ba cheart d’aon ghníomhaíocht bhreise ón Aontas aird a thabhairt ar fhorbairtí ar an leibhéal idirnáisiúnta, go háirithe Moltaí athbhreithnithe FATF.

(8)

Leis an raon domhanda atá acu, an luas ar féidir idirbhearta a dhéanamh agus an anaithnideacht a d’fhéadfadh a bheith ann trína n-aistriú, bíonn sócmhainní fíorúla go háirithe i mbaol mí-úsáid choiriúil, lena n-áirítear i gcásanna trasteorann. Chun aghaidh a thabhairt go héifeachtach ar na rioscaí a bhaineann le mí-úsáid sócmhainní fíorúla chun críocha sciúrtha airgid agus maoinithe sceimhlitheoireachta, ba cheart don Aontas cur i bhfeidhm na gcaighdeán arna gcur chun feidhme leis an Rialachán seo agus forbairt ghné idirnáisiúnta agus thrasdlínse an chreata rialála agus maoirseachta a chur chun cinn ar an leibhéal domhanda le haghaidh aistrithe sócmhainní fíorúla a bhaineann le sciúradh airgid agus maoiniú sceimhlitheoireachta.

(9)

Le Treoir (AE) 2015/849 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (7), de thoradh an leasaithe a rinneadh uirthi le Treoir (AE) 2018/843 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (8), tugadh isteach sainmhíniú ar airgeadraí fíorúla agus tugadh aitheantas do sholáthraithe a ghabhann do sheirbhísí malartaithe idir airgeadraí fíorúla agus airgeadraí fiat, chomh maith le soláthraithe tiachóg coinneála, i measc na n-eintiteas atá faoi réir ceanglais maidir le sciúradh airgid agus maoiniú sceimhlitheoireachta a chomhrac faoi dhlí an Aontais. Mar gheall ar fhorbairtí idirnáisiúnta le déanaí, go háirithe faoi chuimsiú FATF, feictear go bhfuil gá le catagóirí breise de sholáthraithe seirbhíse sócmhainní fíorúla a rialú nach gcumhdaítear go fóill agus go bhfuil gá leis an sainmhíniú ar airgeadra fíorúil atá ann faoi láthair a leathnú.

(10)

Comhfhreagraíonn an sainmhíniú ar chripteashócmhainní i Rialachán (AE) 2023/1114 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (9) don sainmhíniú ar shócmhainní fíorúla a leagtar amach i Moltaí athbhreithnithe FATF, agus cuimsítear sa liosta seirbhísí cripteashócmhainní agus soláthraithe seirbhísí cripteashócmhainní a chumhdaítear sa Rialachán sin na soláthraithe seirbhísí sócmhainní fíorúla atá sainaitheanta mar sin ag FATF agus a mheastar gur dócha go n-ardófar leo ábhar imní maidir le sciúradh airgid agus maoiniú sceimhlitheoireachta. Chun comhleanúnachas dhlí an Aontais a áirithiú sa réimse sin, ba cheart na sainmhínithe céanna ar chripteashócmhainní, ar sheirbhísí cripteashócmhainní agus ar sholáthraithe seirbhísí cripteashócmhainní a úsáid sa Rialachán seo agus a úsáidtear i Rialachán (AE) 2023/1114.

(11)

Is modhanna ábhartha agus éifeachtacha iad cur chun feidhme agus forghníomhú an Rialacháin seo chun sciúradh airgid agus maoiniú sceimhlitheoireachta a chosc agus a chomhrac.

(12)

Ní bheartaítear leis an Rialachán seo ualaí ná costais nach bhfuil gá leo a fhorchur ar sholáthraithe seirbhísí íocaíochta, ar sholáthraithe seirbhísí cripteashócmhainní ná ar dhaoine a úsáideann a gcuid seirbhísí. Maidir leis sin, ba cheart an cur chuige a bheith coisctheach spriocdhírithe agus comhréireach agus ba cheart dó saorghluaiseacht an chaipitil, ar ní é a ráthaítear ar fud an Aontais, a chomhlíonadh go hiomlán.

(13)

Luaitear i Straitéis Leasaithe an Aontais maidir le Maoiniú Sceimhlitheoireachta an 17 Iúil 2008 (“an Straitéis Athbhreithnithe”), nach mór leanúint leis na hiarrachtaí chun maoiniú sceimhlitheoireachta a chosc agus chun rialú a dhéanamh ar sceimhlitheoirí amhrasta maidir lena gcuid acmhainní féin a úsáid. Aithnítear inti go bhfuil FATF de shíor ag iarraidh a mholtaí a fheabhsú agus go bhfuil sé ag oibriú i dtreo chomhthuiscint maidir leis an mbealach ina bhféadfar na moltaí sin a chur i bhfeidhm. Tugtar dá n-aire sa Straitéis Athbhreithnithe go ndéantar measúnú ar bhonn rialta ar an mbealach a dhéanann gach ball de FATF agus gach ball de chomhlachtaí réigiúnacha atá ar aon stíl le FATF Moltaí athbhreithnithe FATF a chur chun feidhme agus go bhfuil sé tábhachtach, dá bhrí sin, cur chuige coiteann a bheith ag na Ballstáit i ndáil le cur chun feidhme.

(14)

Sa bhreis air sin, i dteachtaireacht ón gCoimisiún an 7 Bealtaine 2020 dar teideal Action Plan for a comprehensive Union policy on preventing money laundering and terrorist financing [Plean Gníomhaíochta le haghaidh beartas cuimsitheach de chuid an Aontais maidir le sciúradh airgid agus maoiniú sceimhlitheoireachta a chosc], sainaithníodh sé réimse tosaíochta i dtaca le gníomhaíocht phráinneach chun feabhas a chur ar chóras an Aontais maidir le sciúradh airgid agus maoiniú sceimhlitheoireachta a chomhrac, lena n-áirítear creat rialála comhleanúnach a bhunú san Aontas le haghaidh an chóras sin chun rialacha níos mionsonraithe agus níos comhchuibhithe a fháil, go háirithe chun aghaidh a thabhairt ar impleachtaí na nuálaíochta teicneolaíochta agus forbairtí i gcaighdeáin idirnáisiúnta agus chun cur chun feidhme ilchineálach na rialacha atá ann faoi láthair a sheachaint. Tugtar le tuiscint mar gheall ar obair ar an leibhéal idirnáisiúnta go bhfuil gá le raon feidhme na n-earnálacha nó na n-eintiteas a chumhdaítear leis an gcóras sin a leathnú agus leis an mbealach ar cheart feidhm a bheith aige maidir le soláthraithe seirbhísí cripteashócmhainní nach gcumhdaítear go dtí seo a mheas.

(15)

D’fhonn maoiniú sceimhlitheoireachta a chosc, rinneadh bearta arb é is cuspóir dóibh cistí agus acmhainní eacnamaíocha daoine, grúpaí agus eintiteas áirithe a reo, lena n-áirítear Rialacháin (CE) Uimh. 2580/2001 (10), (CE) Uimh. 881/2002 (11) agus (AE) Uimh. 356/2010 (12) ón gComhairle. Chun na críche céanna sin, rinneadh bearta eile arb é is cuspóir dóibh an córas airgeadais a chosaint i gcoinne aistriú cistí agus acmhainní eacnamaíocha chun críocha sceimhlitheoireachta freisin. Tá roinnt beart den sórt sin i dTreoir (AE) 2015/849. Ní éiríonn go hiomlán leis na bearta sin, áfach, sceimhlitheoirí nó coirpigh eile a chosc ó rochtain a fháil ar chórais íocaíochta chun a gcistí a aistriú.

(16)

Is féidir inrianaitheacht i ndáil le haistrithe cistí agus cripteashócmhainní a bheith ina huirlis an-tábhachtach agus an-luachmhar chun sciúradh airgid nó maoiniú sceimhlitheoireachta a chosc, a imscrúdú agus a bhrath, agus chun bearta sriantacha a chur chun feidhme, go háirithe na cinn a fhorchuirtear le Rialachán (CE) Uimh. 2580/2001, le Rialachán (CE) Uimh. 881/2002 agus le Rialachán (AE) Uimh. 356/2010. Dá bhrí sin, chun a áirithiú go dtarchuirfí faisnéis fad an tslabhra íocaíochta nó an tslabhra aistrithe cripteashócmhainní, is iomchuí foráil a dhéanamh maidir le córas lena gcuirtear de cheangal ar sholáthraithe seirbhísí íocaíochta go ngabhfaidh faisnéis faoin íocóir agus faoin íocaí le haistrithe cistí, agus go gcuirtear de cheangal ar sholáthraithe seirbhísí cripteashócmhainní go ngabhfaidh faisnéis faoin tionscnóir agus faoin tairbhí le haistrithe cripteashócmhainní.

(17)

Bíonn fachtóirí sonracha ardriosca le haghaidh sciúrtha airgid, maoinithe sceimhlitheoireachta agus gníomhaíochtaí coiriúla eile i gceist le haistrithe áirithe cripteashócmhainní, go háirithe aistrithe a bhaineann le táirgí, idirbhearta nó teicneolaíochtaí a ceapadh chun anaithnideacht a fheabhsú, lena n-áirítear tiachóga príobháideachais, meascthóirí nó rothlóirí. Chun inrianaitheacht na n-aistrithe sin a áirithiú, ba cheart don Údarás Maoirseachta Eorpach (an tÚdarás Baincéireachta Eorpach), a bunaíodh le Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010 ó Parlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (13) (ÚBE), a shoiléiriú, go háirithe, conas a chuireann soláthraithe seirbhísí cripteashócmhainní na fachtóirí riosca a liostaítear in Iarscríbhinn III a ghabhann le Treoir (AE) 2015/849 san áireamh, lena n-áirítear agus idirbhearta á ndéanamh acu le heintitis nach eintitis den Aontas iad agus nach bhfuil rialáilte, cláraithe ná ceadúnaithe in aon tríú tír, nó le seoltaí féinóstáilte. I gcás ina sainaithnítear cásanna lena ngabhann riosca níos airde, ba cheart do ÚBE treoirlínte a eisiúint lena sonraítear na bearta díchill chuí feabhsaithe ar cheart d’eintitis faoi oibleagáid a bhreithniú iad a chur i bhfeidhm chun na rioscaí sin a mhaolú, lena n-áirítear nósanna imeachta iomchuí a ghlacadh ar nós uirlisí anailíseacha na teicneolaíochta mórleabhar dáilte (DLT) a úsáid, chun tionscnamh nó ceann scríbe cripteashócmhainní a bhrath.

(18)

Ba cheart feidhm a bheith ag an Rialachán seo gan dochar do na bearta sriantacha náisiúnta ná do bhearta sriantacha de chuid an Aontais a fhorchuirtear leis na Rialacháin a bhunaítear ar Airteagal 215 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, amhail Rialacháin (CE) Uimh. 2580/2001, (CE) Uimh. 881/2002 agus (AE) Uimh. 356/2010 agus Rialacháin (AE) Uimh. 267/2012 (14), (AE) 2016/1686 (15) agus (AE) 2017/1509 (16) ón gComhairle, a fhéadann a cheangal go ndéanfaidh soláthraithe seirbhísí íocaíochta na n-íocóirí agus na n-íocaithe, soláthraithe seirbhísí cripteashócmhainní na dtionscnóirí agus na dtairbhithe, chomh maith le soláthraithe seirbhísí íocaíochta idirghabhálacha agus soláthraithe seirbhísí cripteashócmhainní idirghabhálacha an beart iomchuí le cistí áirithe agus cripteashócmhainní a reo nó go gcomhlíonfaidh siad na srianta sonracha a bhaineann le haistrithe áirithe cistí nó cripteashócmhainní. Ba cheart beartais, nósanna imeachta agus rialuithe inmheánacha a bheith i bhfeidhm ag soláthraithe seirbhísí íocaíochta agus soláthraithe seirbhísí cripteashócmhainní chun cur chun feidhme na mbeart sriantach sin a áirithiú, lena n-áirítear bearta scagtha ó thaobh na ndaoine ainmnithe atá ar liosta an Aontais agus ar liostaí náisiúnta. Ba cheart do ÚBE treoirlínte a eisiúint ina sonraítear na beartais, na nósanna imeachta agus na rialuithe inmheánacha sin. Tá sé beartaithe go ndéanfar ceanglais an Rialacháin seo maidir le beartais, nósanna imeachta agus rialuithe inmheánacha a bhaineann le bearta sriantacha a aisghairm go luath amach anseo le Rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le húsáid an chórais airgeadais chun críoch sciúrtha airgid nó maoinithe sceimhlitheoireachta a chosc.

(19)

Ba cheart próiseáil sonraí pearsanta faoin Rialachán seo a dhéanamh i gcomhréir go hiomlán le Rialachán (AE) 2016/679 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (17). Ba cheart diantoirmeasc a chur ar phróiseáil bhreise a dhéanamh ar shonraí pearsanta chun críocha tráchtála. Aithníonn na Ballstáit go léir gur foras leasa phoiblí tábhachtach é an comhrac in aghaidh sciúradh airgid agus maoiniú sceimhlitheoireachta. Agus an Rialachán seo á chur i bhfeidhm, ní mór a cheangal aistriú sonraí pearsanta go tríú tír a dhéanamh i gcomhréir le Caibidil V de Rialachán (AE) 2016/679. Maidir le soláthraithe seirbhísí íocaíochta agus soláthraithe seirbhísí cripteashócmhainní a fheidhmíonn i roinnt dlínsí a bhfuil craobhacha nó fochuideachtaí acu atá lonnaithe lasmuigh den Aontas, tá sé tábhachtach nach gcuirfí cosc orthu sonraí faoi idirbhearta amhrasacha laistigh den eagraíocht chéanna a aistriú, ar an gcoinníoll go gcuireann siad cosaintí leordhóthanacha i bhfeidhm. Ina theannta sin, ba cheart bearta teicniúla agus eagraíochtúla iomchuí a bheith i bhfeidhm ag soláthraithe seirbhísí cripteashócmhainní an tionscnóra agus an tairbhí, ag soláthraithe seirbhísí íocaíochta an íocóra agus an íocaí agus ag na soláthraithe seirbhísí íocaíochta idirghabhálacha agus na soláthraithe seirbhísí cripteashócmhainní idirghabhálacha chun sonraí pearsanta a chosaint i gcoinne caillteanas timpisteach, athrú nó nochtadh nó rochtain neamhúdaraithe.

(20)

Maidir le daoine nach ndéanann ach doiciméid pháipéir a mhalartú ina sonraí leictreonacha agus atá ag gníomhú faoi chonradh le soláthraí seirbhísí íocaíochta agus maidir le daoine nach gcuireann ach córais teachtaireachtaí nó córais tacaíochta eile chun cistí a tharchur ar fáil do sholáthraithe seirbhísí íocaíochta nó nach gcuireann ach córais imréitigh agus socraíochta ar fáil dóibh, níor cheart dóibh teacht faoi raon feidhme an Rialacháin seo.

(21)

Maidir le daoine nach soláthraíonn ach bonneagar coimhdeach, amhail soláthraí seirbhísí líonra idirlín agus bonneagair, soláthraí néalseirbhísí nó forbróirí bogearraí, a chuireann ar chumas eintitis eile seirbhísí aistrithe le haghaidh cripteashócmhainní a sholáthar, níor cheart dóibh teacht faoi raon feidhme an Rialacháin seo mura ndéanann siad aistrithe cripteashócmhainní.

(22)

Níor cheart feidhm a bheith ag an Rialachán seo maidir le haistrithe cripteashócmhainní a dhéantar ó dhuine go duine gan baint a bheith ag soláthraí seirbhísí cripteashócmhainní leo, nó maidir le cásanna inar soláthraithe seirbhísí aistrithe le haghaidh cripteashócmhainní iad an tionscnóir agus an tairbhí ag gníomhú dóibh thar a gceann féin.

(23)

Maidir le haistrithe cistí a chomhfhreagraíonn do sheirbhísí dá dtagraítear in Airteagal 3, pointí (a) go (m) agus pointe (o), de Threoir (AE) 2015/2366 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (18), ní thagann siad faoi raon feidhme an Rialacháin seo. Is iomchuí freisin aistrithe cistí agus comharthaí ríomh-airgid, mar a shainmhínítear in Airteagal 3(1), pointe (7), de Rialachán (AE) 2023/1114 ar beag an baol leo go ndéanfar sciúradh airgid nó maoiniú sceimhlitheoireachta a eisiamh ó raon feidhme an Rialacháin seo. Ba cheart a chumhdach le heisiaimh den sórt sin cártaí íocaíochta, ionstraimí ríomh-airgid, fóin phóca nó feistí digiteacha nó teicneolaíochta faisnéise (TF) eile atá réamhíoctha nó iaríoctha agus a bhfuil saintréithe comhchosúla acu, i gcás ina mbaintear feidhm astu go heisiach le hearraí nó seirbhísí a cheannach agus ina ngabhann uimhir an chárta, na hionstraime nó na feiste le gach aistriú. Mar sin féin, maidir le húsáid cárta íocaíochta, ionstraime ríomh-airgid, fóin póca nó aon fheiste digití nó teicneolaíochta faisnéise eile atá réamhíoctha nó iaríoctha agus a bhfuil saintréithe comhchosúla acu chun aistriú cistí nó comharthaí ríomh-airgid idir daoine nádúrtha, ag gníomhú dóibh mar thomhaltóirí, a dhéanamh chun críoch eile seachas trádáil, gnó nó gníomhaíocht ghairmiúil, tagann an úsáid sin faoi raon feidhme an Rialacháin seo. Ina theannta sin, maidir le haistarraingtí ó uathmheaisín bainc, íocaíochtaí cánach, fíneálacha nó tobhaigh eile, aistrithe cistí a dhéantar trí íomhánna seiceanna a mhalartú, lena n-áirítear seiceanna teasctha, nó billí malairte, agus aistrithe cistí nuair is soláthraithe seirbhísí íocaíochta iad an t-íocóir agus an t-íocaí araon ag feidhmiú thar a gceann féin, ba cheart iad a eisiamh ó raon feidhme an Rialacháin seo.

(24)

Níl cripteashócmhainní uathúla neamh-idirmhalartacha faoi réir cheanglais an Rialacháin seo mura n-aicmítear iad mar chripteashócmhainní nó mar chistí faoi Rialachán (AE) 2023/1114.

(25)

Is féidir le uathmheaisíní bainc cripteashócmhainní (criptea-UMBanna) úsáideoirí a chumasú aistrithe cripteashócmhainní a dhéanamh chuig seoladh cripteashócmhainní trí airgead tirim a thaisceadh, go minic gan aon chineál aitheantais agus fíoraithe custaiméara. Bíonn criptea-UMBanna an-neamhchosanta ar rioscaí sciúrtha airgid agus maoinithe sceimhlitheoireachta toisc go bhfágann an anaithnideacht a sholáthraíonn siad agus an fhéidearthacht a bhaineann le hairgead tirim de bhunús anaithnid a úsáid gur uirlis fhoirfe iad le haghaidh gníomhaíochtaí aindleathacha. I bhfianaise ról criptea-UMBanna maidir le haistrithe cripteashócmhainní a sholáthar nó a éascú go gníomhach, ba cheart aistrithe cripteashócmhainní atá nasctha le criptea-UMBanna teacht faoi raon feidhme an Rialacháin seo.

(26)

D’fhonn léiriú a thabhairt ar shaintréithe na gcóras náisiúnta íocaíochta, agus ar choinníoll go bhfuil sé indéanta an t-aistriú cistí a rianú ar ais go dtí an t-íocóir i gcónaí, ba cheart do na Ballstáit a bheith in ann aistrithe cistí baile áirithe a bhfuil luach íseal ag gabháil leo, lena n-áirítear íocaíochtaí gíoró leictreonacha, a úsáidtear le hearraí nó seirbhísí a cheannach, a dhíolmhú ó raon feidhme an Rialacháin seo.

(27)

I ngeall ar chineál gan teorainn agus raon domhanda na n-aistrithe cripteashócmhainní agus soláthar seirbhísí cripteashócmhainní, níl aon chúiseanna oibiachtúla ann chun idirdhealú a dhéanamh idir an chaoi a gcaitear le rioscaí an sciúrtha airgid agus an mhaoinithe sceimhlitheoireachta a ghabhann le haistrithe náisiúnta ón gcaoi a gcaitear le haistrithe trasteorann. Chun na gnéithe sonracha sin a léiriú, níor cheart aon díolúine ó raon feidhme an Rialacháin seo a dheonú d’aistrithe cripteashócmhainní baile a bhfuil luach íseal ag gabháil leo, i gcomhréir le ceanglas FATF chun caitheamh le gach aistriú cripteashócmhainní mar aistrithe trasteorann.

(28)

Ba cheart do na soláthraithe seirbhísí íocaíochta agus soláthraithe seirbhísí cripteashócmhainní a áirithiú nach bhfuil an fhaisnéis faoin íocóir agus faoin íocaí ná faoin tionscnóir agus faoin tairbhí in easnamh ná neamhiomlán.

(29)

Ionas nach mbainfí ó éifeachtúlacht na gcóras íocaíochtaí agus d’fhonn an riosca go mbrúfaí idirbhearta faoi thalamh de thoradh ceanglas aitheantais ródhian a chothromú leis an mbagairt fhéideartha sceimhlitheoireachta ó mhion-aistrithe cistí, níor cheart an oibleagáid maidir le beachtas na faisnéise faoin íocóir nó faoin íocaí a sheiceáil a fhorchur, i gcás aistrithe cistí nach ndearnadh a fhíorú fós, ach amháin i gcás aistrithe aonair cistí os cionn EUR 1 000, mura rud é go ndealraíonn sé go bhfuil an t-aistriú nasctha le haistrithe cistí eile a bheadh os cionn EUR 1 000 lena chéile, i gcás ina bhfuarthas na cistí nó inar íocadh amach iad in airgead tirim nó in airgead leictreonach gan ainm, nó i gcás ina bhfuil forais réasúnacha ann chun bheith i ndrochamhras go bhfuil sciúradh airgid nó maoiniú sceimhlitheoireachta ag tarlú.

(30)

I gcomparáid le haistrithe cistí, is féidir aistrithe cripteashócmhainní a dhéanamh thar dhlínsí iomadúla ar scála níos mó agus ar luas níos airde mar gheall ar a raon domhanda agus a saintréithe teicneolaíochta. Sa bhreis ar bhréag-anaithnideacht cripteashócmhainní, tugann na gnéithe sin d’aistrithe cripteashócmhainní deis do choirpigh aistrithe móra aindleathacha a dhéanamh ar ardluas agus, ag an am céanna, dul timpeall ar oibleagáidí inrianaitheachta agus an brath a sheachaint, trí idirbheart mór a struchtúrú ina mhéideanna níos lú, trí úsáid a bhaint as iliomad seoltaí DLT a cheaptar a bheith neamhghaolmhar, lena n-áirítear úsáid aonuaire seoltaí DLT, agus próisis uathoibrithe a úsáid. Tá an chuid is mó de chripteashócmhainní an-ghuagach freisin agus féadfaidh a luach luainiú go suntasach laistigh de thréimhse ama an-ghearr, rud a fhágann go mbíonn éiginnteacht níos mó ag roinnt le hidirbheart nasctha a ríomh. Chun na gnéithe sonracha sin a léiriú, ba cheart aistrithe cripteashócmhainní a bheith faoi réir na gceanglas céanna gan beann ar a méid agus ar iad a bheith ina n-aistrithe intíre nó trasteorann.

(31)

I gcás aistrithe cistí nó i gcás aistrithe cripteashócmhainní ó chuntas ina meastar fíorú a bheith déanta, níor cheart a cheangal ar sholáthraithe seirbhísí íocaíochta agus ar sholáthraithe seirbhísí cripteashócmhainní beachtas na faisnéise faoin íocóir nó faoin íocaí a ghabhann le gach aistriú cistí nó faoin tionscnóir agus faoin tairbhí a ghabhann le gach aistriú cripteashócmhainní a fhíorú, ar an gcoinníoll go gcomhlíontar na hoibleagáidí a leagtar síos i dTreoir (AE) 2015/849.

(32)

I bhfianaise ghníomhartha reachtacha an Aontais i dtaca le seirbhísí íocaíochta, eadhon Rialachán (AE) Uimh. 260/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (19), Treoir (AE) 2015/2366 agus Rialachán (AE) 2021/1230 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (20), ba cheart gur leor foráil a dhéanamh gur faisnéis shimplithe agus í sin amháin a bheadh ag gabháil le haistrithe cistí laistigh den Aontas, amhail an uimhir chuntais íocaíochta nó aitheantóir idirbhirt uathúil.

(33)

Ionas go bhféadfaidh na húdaráis atá freagrach as sciúradh airgid nó maoiniú sceimhlitheoireachta a chomhrac i dtríú tíortha foinse na gcistí nó na gcripteashócmhainní a úsáidtear chun na gcríoch sin a rianú, ba cheart faisnéis iomlán faoin íocóir agus faoin íocaí a bheith ag gabháil le haistrithe cistí ón Aontas amach as an Aontas agus faoin tionscnóir agus faoin tairbhí i ndáil le haistrithe cripteashócmhainní ón Aontas lasmuigh den Aontas. Ba cheart a áireamh ar an bhfaisnéis iomlán faoin íocóir agus faoin íocaí an t-aitheantóir eintitis dhlítheanaigh (LEI), nó aon aitheantóir oifigiúil coibhéiseach, i gcás ina soláthraíonn an t-íocóir an t-aitheantóir sin dá sholáthraí seirbhísí íocaíochta, toisc go gcumasófaí leis sin sainaithint níos fearr na bpáirtithe atá páirteach in aistriú cistí agus bheadh sé éasca í a áireamh i bhformáidí teachtaireachta íocaíochta atá ann faoi láthair, mar shampla an ceann a d’fhorbair an Eagraíocht Idirnáisiúnta um Chaighdeánú ar mhaithe le cómhalartú sonraí leictreonacha idir institiúidí airgeadais. Níor cheart rochtain ar fhaisnéis iomlán faoin íocóir ná faoin íocaí ná faoin tionscnóir ná faoin tairbhí, de réir mar is infheidhme, a thabhairt do na húdaráis atá freagrach as sciúradh airgid nó maoiniú sceimhlitheoireachta a chomhrac i dtríú tíortha ach amháin chun sciúradh airgid agus maoiniú sceimhlitheoirí a chosc, a bhrath agus a imscrúdú.

(34)

Is ann do chripteashócmhainní i réaltacht fhíorúil gan teorainn agus féadfar iad a aistriú chuig aon soláthraí seirbhísí cripteashócmhainní, bíodh an soláthraí sin cláraithe i ndlínse nó ná bíodh. Tá rialacha i bhfeidhm maidir le cosaint sonraí agus forfheidhmiú cosanta sonraí ag roinnt mhaith dlínsí nach dlínsí de chuid an Aontais iad, ar rialacha iad atá éagsúil leis na rialacha san Aontas. Agus cripteashócmhainní á n-aistriú thar ceann cliant chuig soláthraí seirbhísí cripteashócmhainní nach bhfuil cláraithe san Aontas, ba cheart do sholáthraí seirbhísí cripteashócmhainní an tionscnóra measúnú a dhéanamh ar chumas sholáthraí seirbhísí cripteashócmhainní an tairbhí an fhaisnéis a cheanglaítear faoin Rialachán seo a fháil agus a choinneáil i gcomhréir le Rialachán (AE) 2016/679, agus úsáid á baint, i gcás inarb iomchuí, as na roghanna atá ar fáil i gCaibidil V de Rialachán (AE) 2016/679. Ba cheart don Bhord Eorpach um Chosaint Sonraí, tar éis dó dul i gcomhairle le ÚBE, treoirlínte a eisiúint maidir le cur chun feidhme praiticiúil na gceanglas cosanta sonraí le haghaidh aistrithe sonraí pearsanta chuig tríú tíortha i gcomhthéacs aistrithe cripteashócmhainní. D’fhéadfadh cásanna a bheith ann nuair nach féidir sonraí pearsanta a sheoladh toisc nach féidir ceanglais Rialachán (AE) 2016/679 a chomhlíonadh. Ba cheart do ÚBE treoirlínte a eisiúint maidir le nósanna imeachta oiriúnacha chun a chinneadh ar cheart aistriú cripteashócmhainní a fhorghníomhú, a dhiúltú nó a fhionraí i gcásanna den sórt sin.

(35)

Na húdaráis Ballstáit atá freagrach as sciúradh airgid agus maoiniú sceimhlitheoireachta a chomhrac, agus na húdaráis breithiúnacha agus na gníomhaireachtaí forfheidhmithe dlí ábhartha sna Ballstáit agus ar leibhéal an Aontais, ba cheart dóibh comhar a threisiú lena chéile agus le húdaráis ábhartha tríú tíortha, lena n-áirítear na húdaráis i dtíortha i mbéal forbartha, chun an trédhearcacht, comhroinnt na faisnéise agus na gcleachtas is fearr a neartú a thuilleadh.

(36)

Ba cheart do sholáthraí seirbhísí cripteashócmhainní an tionscnóra a áirithiú go mbeidh na nithe seo a leanas ag gabháil le haistrithe cripteashócmhainní: ainm an tionscnóra, seoladh mórleabhair dháilte an tionscnóra, i gcásanna ina bhfuil aistriú cripteashócmhainní cláraithe ar líonra a úsáideann DLT nó teicneolaíocht chomhchosúil, uimhir cuntais cripteashócmhainní an tionscnóra, i gcásanna inarb ann don chuntas sin agus ina n-úsáidtear é chun an t-idirbheart a phróiseáil, seoladh an tionscnóra lena n-áirítear ainm na tíre, uimhir dhoiciméid phearsanta oifigiúil agus uimhir aitheantais an chustaiméara, nó, de rogha air sin, dáta breithe agus áit bhreithe an tionscnóra, agus, faoi réir an réimse is gá a bheith ann san fhormáid ábhartha teachtaireachta agus i gcás ina gcuireann an tionscnóir ar fáil dá sholáthraí seirbhísí cripteashócmhainní é, an tAitheantóir Eintitis Dhlítheanaigh reatha nó, ina éagmais sin, aon aitheantóir coibhéiseach oifigiúil eile de chuid an tionscnóra atá ar fáil. Ba cheart an fhaisnéis a thíolacadh ar bhealach slán agus roimh aistriú cripteashócmhainní, nó go comhuaineach nó i gcomhthráth leis an aistriú sin.

(37)

Ba cheart do sholáthraí seirbhísí cripteashócmhainní an tionscnóra a áirithiú freisin go mbeidh na nithe seo a leanas ag gabháil le haistrithe cripteashócmhainní: ainm an tairbhí, seoladh mórleabhair dháilte an tairbhí ag gabháil le haistrithe cripteashócmhainní, i gcás ina gclárófar aistriú cripteashócmhainní ar líonra a bhaineann úsáid as DLT nó teicneolaíocht chomhchosúil, uimhir chuntais an tairbhí i gcás inarb ann don chuntas sin agus ina n-úsáidtear é chun an t-idirbheart a phróiseáil, agus, faoi réir an réimse is gá a bheith ann san fhormáid ábhartha teachtaireachta, agus i gcás inar sholáthraigh an tionscnóir é dá sholáthraí seirbhísí cripteashócmhainní, LEI reatha, nó ina éagmais sin, aon aitheantóir oifigiúil coibhéiseach eile de chuid an tairbhí atá ar fáil. Ba cheart an fhaisnéis a thíolacadh ar bhealach slán agus roimh aistriú cripteashócmhainní, nó go comhuaineach nó i gcomhthráth leis an aistriú sin.

(38)

Maidir le haistrithe cripteashócmhainní, ba cheart feidhm a bheith ag ceanglais an Rialacháin seo maidir le gach aistriú lena n-áirítear aistrithe cripteashócmhainní chuig seoladh féinóstáilte nó aistrithe cripteashócmhainní uaidh, fad a bheidh baint ag soláthraí seirbhísí cripteashócmhainní leo.

(39)

I gcás aistriú chuig seoladh féinóstáilte nó aistrithe uaidh, ba cheart don soláthraí seirbhísí cripteashócmhainní an fhaisnéis faoin tionscnóir agus faoin tairbhí araon a bhailiú, óna chliant de ghnáth. I bprionsabal, níor cheart a cheangal ar sholáthraí seirbhísí cripteashócmhainní an fhaisnéis faoi úsáideoir an tseolta fhéinóstáilte a fhíorú. Mar sin féin, i gcás aistriú méid ar mó é ná EUR 1 000 a sheoltar chuig seoladh féinóstáilte nó a fhaightear uaidh thar ceann cliaint de chuid soláthraí seirbhísí cripteashócmhainní, ba cheart don soláthraí seirbhísí cripteashócmhainní sin a fhíorú an bhfuil an seoladh féinóstáilte sin faoi úinéireacht nó faoi rialú éifeachtach an chliaint sin.

(40)

A mhéid a bhaineann le haistrithe cistí ó íocóir aonair chuig roinnt íocaithe a bheidh le cur in aistriú baisc-chomhaid ina mbeidh aistrithe aonair ón Aontas amach as an Aontas, ba cheart foráil a dhéanamh chun nach mbeidh ach uimhir chuntais íocaíochta an íocóra nó an t-aitheantóir idirbhirt uathúil a bheith ag gabháil le haistrithe aonair den sórt sin, chomh maith leis an bhfaisnéis iomlán faoin íocaí, ar choinníoll go mbeidh an fhaisnéis iomlán faoin íocóir sa bhaisc-chomhad a fhíorófar le haghaidh beachtais agus go mbeidh an fhaisnéis iomlán faoin íocaí iomlán inrianaithe.

(41)

A mhéid a bhaineann le haistrithe baisc-chomhaid cripteashócmhainní, ba cheart glacadh le faisnéis faoin tionscnóir agus faoin tairbhí a thíolacadh i mbaisceanna, ar choinníoll go dtíolactar iad láithreach agus go slán. Níor cheart é a cheadú an fhaisnéis a cheanglaítear a thíolacadh tar éis an aistrithe, ós rud é nach mór iad a thíolacadh sula gcuirfear nó tráth a chuirfear an t-idirbheart chun críche, agus ba cheart do sholáthraithe seirbhísí cripteashócmhainní nó eintitis eile faoi oibleagáid an fhaisnéis a cheanglaítear a thíolacadh san am céanna leis an aistriú baisc-chomhaid cripteashócmhainní.

(42)

Ar mhaithe le seiceáil an bhfuil an fhaisnéis a cheanglaítear faoin íocóir agus faoin íocaí ag gabháil le haistrithe cistí, agus mar chuidiú le hidirbhearta amhrasacha a aithint, ba cheart nósanna imeachta éifeachtacha a bheith i bhfeidhm ag soláthraí seirbhísí íocaíochta an íocaí agus ag an soláthraí seirbhísí íocaíochta idirghabhálach chun a bhrath an bhfuil faisnéis faoin íocóir agus faoin íocaí in easnamh nó neamhiomlán. Ba cheart a áireamh ar na nósanna imeachta sin faireachán tar éis aistrithe nó le linn aistrithe i gcás inarb iomchuí. Ba cheart d’údaráis inniúla a áirithiú go n-áireoidh na soláthraithe seirbhísí íocaíochta an fhaisnéis idirbhirt a cheanglaítear leis an aistriú de dhroim sreinge nó leis an teachtaireacht lena mbaineann fad an tslabhra íocaíochta.

(43)

A mhéid a bhaineann le haistrithe cripteashócmhainní, ba cheart do sholáthraí seirbhísí cripteashócmhainní an tairbhí nósanna imeachta éifeachtacha a chur chun feidhme chun a bhrath an bhfuil an fhaisnéis faoin tionscnóir nó faoin tairbhí in easnamh nó neamhiomlán. Ba cheart a áireamh ar na nósanna imeachta sin faireachán tar éis aistrithe nó le linn aistrithe, i gcás inarb iomchuí. Níor cheart é a bheith de cheangal go mbeidh an fhaisnéis ceangailte go díreach leis an aistriú cripteashócmhainní féin, ar choinníoll go dtíolactar an fhaisnéis sin roimh an aistriú cripteashócmhainní, nó go comhuaineach nó i gcomhthráth leis an aistriú sin, agus go bhfuil sí le fáil ar iarraidh sin ó na húdaráis iomchuí.

(44)

I bhfianaise na bagartha ionchasaí atá ag baint le haistrithe anaithnide go bhféadfar airgead a sciúradh agus an sceimhlitheoireacht a mhaoiniú, is iomchuí a cheangal ar sholáthraithe seirbhísí íocaíochta faisnéis faoin íocóir agus faoin íocaí a iarraidh agus a cheangal ar sholáthraithe seirbhísí cripteashócmhainní faisnéis faoin tionscnóir agus faoin tairbhí a iarraidh. I gcomhréir leis an gcur chuige rioscabhunaithe arna fhorbairt ag FATF, is iomchuí na réimsí lena mbaineann an riosca is airde agus an riosca is ísle a shainaithint, d’fhonn díriú níos fearr ar na rioscaí sciúrtha airgid agus maoinithe sceimhlitheoireachta. Dá réir sin, ba cheart nósanna imeachta éifeachtacha agus rioscabhunaithe a bheith ag soláthraí seirbhísí cripteashócmhainní an tairbhí, ag soláthraí seirbhísí íocaíochta an íocaí, ag an soláthraí seirbhísí íocaíochta idirghabhálach agus ag an soláthraí seirbhísí cripteashócmhainní idirghabhálach a bhfuil feidhm acu i gcás nach bhfuil an fhaisnéis a cheanglaítear faoin íocóir nó faoin íocaí ag gabháil le haistriú cistí, nó i gcás nach bhfuil an fhaisnéis a cheanglaítear faoin tionscnóir nó faoin tairbhí ag gabháil le haistriú cripteashócmhainní, chun ligean don soláthróir seirbhísí sin a chinneadh an t-aistriú sin a fhorghníomhú, a dhiúltú nó a fhionraí agus cén ghníomhaíocht leantach oiriúnach a bheadh le déanamh.

(45)

Ba cheart do sholáthraithe seirbhísí cripteashócmhainní, mar ba cheart do gach eintiteas faoi oibleagáid, measúnú agus faireachán a dhéanamh ar an riosca a bhaineann lena gcliaint, lena dtáirgí agus lena mbealaí seachadta. Ba cheart do sholáthraithe seirbhísí cripteashócmhainní measúnú a dhéanamh freisin ar an riosca a bhaineann lena n-idirbhearta, lena n-áirítear i gcás ina ndéantar aistrithe chuig seoltaí féinóstáilte nó aistrithe uaidh. I gcás ina bhfuil an soláthraí seirbhísí cripteashócmhainní ar an eolas nó i gcás ina dtagann sé ar an eolas go bhfuil an fhaisnéis faoi thionscnóir nó faoi thairbhí a úsáideann an seoladh féinóstáilte míchruinn, nó i gcás ina dtugann an soláthraí seirbhísí cripteashócmhainní faoi deara patrúin neamhghnácha nó amhrasacha idirbheart nó cásanna lena ngabhann rioscaí níos airde sciúrtha airgid agus maoinithe sceimhlitheoireachta a bhaineann le haistrithe lena mbaineann seoltaí féinóstáilte, ba cheart don soláthraí seirbhísí cripteashócmhainní sin bearta díchill chuí feabhsaithe a chur chun feidhme, i gcás inarb iomchuí, chun na rioscaí a bhainistiú agus a mhaolú go hiomchuí. Ba cheart don soláthraí seirbhísí cripteashócmhainní na himthosca sin a chur san áireamh agus measúnú á dhéanamh aige an bhfuil aistriú cripteashócmhainní, nó aon idirbheart gaolmhar, neamhghnách agus an bhfuil sé le tuairisciú don Aonad um Fhaisnéis Airgeadais (AFA) i gcomhréir le Treoir (AE) 2015/849.

(46)

Ba cheart athbhreithniú a dhéanamh ar an Rialachán seo i gcomhthéacs Rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le cosc a chur le húsáid an chórais airgeadais chun críocha sciúrtha airgid agus maoinithe sceimhlitheoireachta, Treoir ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir leis na sásraí atá le cur i bhfeidhm ag na Ballstáit chun úsáid an chórais airgeadais chun críoch sciúrtha airgid nó maoinithe sceimhlitheoireachta a chosc agus lena n-aisghairtear Treoir (AE) 2015/849, agus Rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena mbunaítear an tÚdarás um an Sciúradh Airgid agus Maoiniú na Sceimhlitheoireachta a Chomhrac agus lena leasaítear Rialacháin (AE) Uimh. 1093/2010, (AE) Uimh. 1094/2010, (AE) Uimh. 1095/2010 a ghlacadh, chun comhsheasmhacht a áirithiú leis na forálacha ábhartha.

(47)

Agus measúnú á dhéanamh aige ar na rioscaí, ba cheart do sholáthraí seirbhísí íocaíochta an íocaí, don soláthraí seirbhísí íocaíochta idirghabhálach agus do sholáthraí seirbhísí cripteashócmhainní an tairbhí nó an soláthraí seirbhísí cripteashócmhainní idirghabhálach faireachas speisialta a dhéanamh, i gcás ina dtagann sé ar an eolas go bhfuil faisnéis faoin íocóir nó faoin íocaí, nó faoin tionscnóir nó faoin tairbhí, de réir mar is infheidhme, in easnamh nó neamhiomlán, nó i gcás nach mór a mheas go bhfuil aistriú cripteashócmhainní amhrasach bunaithe ar thionscnamh nó ceann scríbe na gcripteashócmhainní lena mbaineann, agus ba cheart dóibh idirbhearta amhrasacha a thuairisciú chuig na húdaráis inniúla, i gcomhréir leis na hoibleagáidí um thuairisciú a leagtar amach i dTreoir (AE) 2015/849.

(48)

Cosúil le haistrithe cistí idir soláthraithe seirbhísí íocaíochta, d’fhéadfadh aistrithe cripteashócmhainní lena mbaineann soláthraithe seirbhísí cripteashócmhainní idirghabhálacha a éascú mar eilimint idirmheánach i slabhra aistrithe cripteashócmhainní. I gcomhréir le caighdeáin idirnáisiúnta, ba cheart do sholáthraithe idirghabhálacha den sórt sin a bheith faoi réir na gceanglas a leagtar amach sa Rialachán seo freisin, ar an mbealach céanna leis na hoibleagáidí atá ann cheana ar sholáthraithe seirbhísí íocaíochta idirghabhálacha.

(49)

Tá feidhm leis na forálacha ar aistrithe cistí agus ar aistrithe cripteashócmhainní a bhfuil faisnéis ina leith faoin íocóir nó faoin íocaí nó faoin tionscnóir nó faoin tairbhí in easnamh nó neamhiomlán, agus ar ina leith nach mór a mheas gur amhrasach na haistrithe cripteashócmhainní bunaithe ar thionscnamh nó ar cheann scríbe na gcripteashócmhainní lena mbaineann, gan dochar d’aon oibleagáid atá ar sholáthraithe seirbhísí íocaíochta, ar sholáthraithe seirbhísí íocaíochta idirghabhálacha, ar sholáthraithe seirbhísí cripteashócmhainní agus ar sholáthraithe seirbhísí cripteashócmhainní idirghabhálacha, aon aistriú cistí agus aistrithe cripteashócmhainní a dhiúltú nó a fhionraí ar aistrithe iad a sháraíonn foráil de chuid an dlí shibhialta, riaracháin nó choiriúil.

(50)

Chun neodracht na teicneolaíochta a áirithiú, níor cheart don Rialachán seo sainordú a thabhairt d’úsáid teicneolaíochta ar leith le haghaidh aistriú faisnéise idirbhirt arna dhéanamh ag soláthraithe seirbhísí cripteashócmhainní. Chun cur chun feidhme éifeachtúil na gceanglas is infheidhme maidir le soláthraithe seirbhísí cripteashócmhainní faoin Rialachán seo a áirithiú, beidh an-tábhacht ag roinnt le tionscnaimh socraithe caighdeán a mbeidh tionscal na gcripteashócmhainní páirteach iontu nó á stiúradh. Ba cheart na réitigh atá mar thoradh a bheith idir-inoibritheach trí úsáid a bhaint as caighdeáin idirnáisiúnta nó caighdeáin uile-Aontais chun gur féidir faisnéis a mhalartú go tapa.

(51)

D’fhonn cabhrú le soláthraithe seirbhísí íocaíochta agus soláthraithe seirbhísí cripteashócmhainní nósanna imeachta éifeachtacha a chur i bhfeidhm chun cásanna a bhrath ina bhfaigheann siad aistrithe cistí nó aistrithe cripteashócmhainní ina bhfuil faisnéis faoin íocóir, faoin íocaí, faoin tionscnóir nó faoin tairbhí in easnamh nó neamhiomlán agus chun gníomhaíocht leantach éifeachtach a dhéanamh, ba cheart do ÚBE treoirlínte a eisiúint.

(52)

Chun gur féidir beart sciobtha a dhéanamh sa chomhrac in aghaidh sciúradh airgid agus maoiniú sceimhlitheoireachta, ba cheart do sholáthraithe seirbhísí íocaíochta agus soláthraithe seirbhísí cripteashócmhainní freagairt go pras ar iarratais ar fhaisnéis faoin íocóir agus faoin íocaí nó faoin tionscnóir agus faoin tairbhí ó na húdaráis atá freagrach as sciúradh airgid nó maoiniú sceimhlitheoireachta a chomhrac sa Bhallstát ina bhfuil na soláthraithe seirbhísí íocaíochta sin bunaithe nó ina bhfuil a n-oifig chláraithe ag na soláthraithe seirbhísí cripteashócmhainní sin.

(53)

Is é an líon laethanta oibre atá caite i mBallstát sholáthraí seirbhísí íocaíochta an íocóra a chinneann líon na laethanta chun freagairt a thabhairt ar iarratais ar fhaisnéis faoin íocóir.

(54)

Ós rud é go bhféadfaidh sé, i gcás imscrúduithe coiriúla, nach mbeifear in ann na sonraí ná na daoine lena mbaineann in idirbheart a shainaithint go ceann míonna, nó blianta fiú, tar éis an aistrithe bhunaidh cistí nó an aistrithe bhunaidh cripteashócmhainní, agus ionas go mbeifear in ann rochtain a fháil ar an bhfianaise bhunriachtanach i gcomhthéacs imscrúduithe, is iomchuí a cheangal ar sholáthraithe seirbhísí íocaíochta nó soláthraithe seirbhísí cripteashócmhainní taifid a choimeád ar fhaisnéis faoin íocóir agus faoin íocaí nó faoin tionscnóir agus faoin tairbhí go ceann tréimhse ama, chun sciúradh airgid agus maoiniú sceimhlitheoireachta a chosc, a bhrath agus a imscrúdú. Ba cheart nach rachadh an tréimhse sin os cionn 5 bliana, agus ba cheart na sonraí pearsanta uile a scriosadh ina dhiaidh sin, mura bhforáiltear a mhalairt sa dlí náisiúnta. Más gá chun sciúradh airgid nó maoiniú sceimhlitheoireachta a chosc, a bhrath nó a imscrúdú, agus tar éis measúnú a dhéanamh ar an ngá atá leis an mbeart agus ar a chomhréireacht, ba cheart do na Ballstáit a bheith in ann a cheadú, nó a cheangal go leanfaí de, na taifid a choinneáil go ceann tréimhse bhreise nach faide ná 5 bliana, gan dochar don dlí coiriúil náisiúnta maidir le fianaise is infheidhme i ndáil le himscrúduithe coiriúla leanúnacha agus imeachtaí dlíthiúla leanúnacha i gcomhréir go hiomlán le Treoir (AE) 2016/680 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (21). D’fhéadfaí na bearta sin a athbhreithniú i bhfianaise ghlacadh Rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le cosc a chur le húsáid an chórais airgeadais chun críocha sciúrtha airgid agus maoinithe sceimhlitheoirí.

(55)

Chun comhlíonadh ceanglais an Rialacháin seo a fheabhsú agus i gcomhréir le Teachtaireacht ón gCoimisiún an 9 Nollaig 2010 dar teideal Reinforcing sanctioning regimes in the financial services sector [Atreisiú córas smachtbhannaí in earnáil na seirbhísí airgeadais], ba cheart feabhas a chur ar an gcumhacht chun bearta maoirseachta a ghlacadh agus na cumhachtaí atá ag na húdaráis inniúla chun smachtbhannaí a fhorchur. Ba cheart foráil a dhéanamh maidir le smachtbhannaí riaracháin agus bearta riaracháin agus, ag cur san áireamh a thábhachtaí is atá an comhrac in aghaidh sciúradh airgid agus maoiniú sceimhlitheoireachta, ba cheart do na Ballstáit smachtbhannaí agus bearta a leagan síos atá éifeachtach, comhréireach agus athchomhairleach. Ba cheart do na Ballstáit fógra a thabhairt ina leith don Choimisiún agus don choiste inmheánach buan um chomhrac an sciúrtha airgid agus mhaoiniú na sceimhlitheoireachta dá dtagraítear in Airteagal 9a(7) de Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010.

(56)

Chun coinníollacha aonfhoirmeacha a áirithiú maidir leis an Rialachán seo a chur chun feidhme, ba cheart cumhachtaí cur chun feidhme a thabhairt don Choimisiún. Ba cheart na cumhachtaí sin a fheidhmiú i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (22).

(57)

Tá roinnt tíortha agus críoch nach bhfuil ina gcuid de chríoch an Aontais in aontas airgeadaíochta le Ballstát, ina gcuid de limistéar airgeadra Ballstáit nó tá coinbhinsiún airgeadaíochta sínithe acu leis an Aontas a ndéanann Ballstát ionadaíocht air, agus tá soláthraithe seirbhísí íocaíochta acu a bhíonn rannpháirteach go díreach nó go hindíreach i gcórais íocaíochta agus socraíochta sa Bhallstát sin. Ionas nach mbeidh mórthionchar diúltach ar gheilleagair na dtíortha nó na gcríoch sin i ngeall ar an Rialachán seo a chur i bhfeidhm maidir le haistrithe cistí idir na Ballstáit lena mbaineann agus na tíortha nó na críocha sin, is iomchuí foráil a dhéanamh go bhféadfaí déileáil le haistrithe cistí den chineál sin mar aistrithe cistí laistigh de na Ballstáit lena mbaineann.

(58)

I bhfianaise na rioscaí arda a d’fhéadfadh a bheith ag baint le seoltaí féinóstáilte, agus na castachta teicneolaíochta agus rialála a bhaineann leo, lena n-áirítear maidir le faisnéis úinéireachta a fhíorú, faoin Iúil 2026, ba cheart don Choimisiún measúnú a dhéanamh ar an ngá atá le bearta sonracha breise chun maolú a dhéanamh ar na rioscaí a bhaineann le haistrithe chuig seoltaí féinóstáilte nó uathu nó aistrithe chuig eintitis nach bhfuil bunaithe san Aontas nó uathu, lena n-áirítear an bhféadfaí srianta a thabhairt isteach, agus ba cheart dó measúnú a dhéanamh ar éifeachtacht agus comhréireacht na sásraí arna n-úsáid chun beachtas faisnéis maidir le húinéireacht seoltaí féinóstáilte a fhíorú.

(59)

Faoi láthair, níl feidhm ag Treoir (AE) 2015/849 ach maidir le dhá chatagóir soláthraithe seirbhísí cripteashócmhainní, eadhon soláthraithe tiachóg coinneála agus soláthraithe atá i mbun seirbhísí malartaithe idir airgeadraí fíorúla agus airgeadraí fiat. Chun na lúba ar lár atá sa chreat um an sciúradh airgid agus maoiniú na sceimhlitheoireachta a chomhrac a dhúnadh agus chun dlí an Aontais a ailíniú le moltaí idirnáisiúnta, ba cheart Treoir (AE) 2015/849 a leasú chun gach catagóir de sholáthraithe seirbhísí cripteashócmhainní a áireamh mar a shainmhínítear i Rialachán (AE) 2023/1114 lena gcumhdaítear raon níos leithne soláthraithe seirbhísí cripteashócmhainní. Go háirithe, d’fhonn a áirithiú go bhfuil soláthraithe seirbhísí cripteashócmhainní faoi réir na gceanglas agus an leibhéal maoirseachta céanna agus atá institiúidí creidmheasa agus airgeadais, is iomchuí nuashonrú a dhéanamh ar liosta na n-eintiteas faoi oibleagáid trí sholáthraithe seirbhísí cripteashócmhainní a áireamh faoi chatagóir na n-institiúidí airgeadais chun críoch Threoir (AE) 2015/849. Ina theannta sin, agus é á chur san áireamh go dtagann institiúidí airgeadais traidisiúnta faoin sainmhíniú ar sholáthraithe seirbhísí cripteashócmhainní agus seirbhísí den sórt sin á dtairiscint acu, agus soláthraithe seirbhísí cripteashócmhainní á sainaithint mar institiúidí airgeadais, ceadaítear sraith chomhsheasmhach aonair rialacha a bhfuil feidhm aici maidir le heintitis a sholáthraíonn seirbhísí airgeadais traidisiúnta agus seirbhísí cripteashócmhainní araon. Ba cheart Treoir (AE) 2015/849 a leasú freisin chun a áirithiú go mbeidh soláthraithe seirbhísí cripteashócmhainní in ann na rioscaí sciúrtha airgid agus maoinithe sceimhlitheoireachta a bhfuil siad neamhchosanta orthu a mhaolú go hiomchuí.

(60)

An ghaolmhaireacht idir soláthraithe seirbhísí cripteashócmhainní agus eintitis arna mbunú i dtríú tíortha chun aistrithe cripteashócmhainní a fhorghníomhú nó chun seirbhísí cripteashócmhainní comhchosúla a sholáthar, tá cosúlachtaí idir an ghaolmhaireacht sin agus an ghaolmhaireacht baincéireachta comhfhreagraí arna bunú le hinstitiúid is freagróir i dtríú tír. Ós rud é go bhfuil gné leanúnach agus atriallach ag baint leis an ngaolmhaireacht sin, ba cheart í a mheas mar chineál gaolmhaireachta comhfhreagraí agus é a bheith faoi réir bearta sonracha díchill chuí feabhsaithe atá comhchosúil i bprionsabal leis na bearta a chuirtear i bhfeidhm i gcomhthéacs seirbhísí baincéireachta agus airgeadais. Go háirithe, ba cheart do sholáthraithe seirbhísí cripteashócmhainní, agus gaolmhaireacht chomhfhreagrach nua á bunú acu le freagróir, bearta sonracha díchill chuí feabhsaithe a chur i bhfeidhm chun neamhchosaint riosca an fhreagróra sin a shainaithint agus a mheasúnú, bunaithe ar a chlú, cáilíocht na maoirseachta agus a rialuithe maidir le sciúradh airgid agus maoiniú na sceimhlitheoireachta a chomhrac (AML/CFT). Bunaithe ar an bhfaisnéis a bhailítear, ba cheart do na soláthraithe seirbhísí cripteashócmhainní comhfhreagracha bearta maolaithe riosca iomchuí a chur chun feidhme, ar cheart a chur san áireamh go háirithe an riosca níos airde sciúrtha airgid agus maoinithe sceimhlitheoireachta a d’fhéadfadh a bheith ann ó eintitis neamhchláraithe agus neamhcheadúnaithe. Tá sé sin ábhartha go háirithe fad atá cur chun feidhme chaighdeáin FATF maidir le cripteashócmhainní ar an leibhéal domhanda míchothrom, rud a chruthaíonn rioscaí agus dúshláin bhreise. Ba cheart do ÚBE treoir a thabhairt maidir leis an gcaoi ar cheart do sholáthraithe seirbhísí cripteashócmhainní an dícheall cuí feabhsaithe a dhéanamh agus ba cheart dó na bearta maolaithe riosca iomchuí a shonrú, lena n-áirítear an ghníomhaíocht íosta atá le déanamh, agus iad ag idirghníomhú le heintitis neamhchláraithe nó neamhcheadúnaithe a sholáthraíonn seirbhísí cripteashócmhainní.

(61)

Le Rialachán (AE) 2023/1114 bunaíodh creat rialála cuimsitheach le haghaidh soláthraithe seirbhísí cripteashócmhainní lena gcomhchuibhítear na rialacha a bhaineann le húdarú agus oibriú na soláthraithe seirbhísí cripteashócmhainní ar fud an Aontais. Chun dúbailt na gceanglas a sheachaint, ba cheart Treoir (AE) 2015/849 a leasú chun deireadh a chur le ceanglais chlárúcháin i ndáil leis na catagóirí sin de sholáthraithe seirbhísí cripteashócmhainní a bheidh faoi réir córas ceadúnúcháin aonair faoi Rialachán (AE) 2023/1114.

(62)

Ós rud é nach féidir leis na Ballstáit cuspóirí an Rialacháin seo, eadhon sciúradh airgid agus maoiniú sceimhlitheoireachta a chomhrac, lena n-áirítear trí chaighdeáin idirnáisiúnta a chur chun feidhme agus trí infhaighteacht bunfhaisnéise a áirithiú faoi íocóirí agus íocaithe aistrithe cistí, agus faoi thionscnóirí agus tairbhithe aistrithe cripteashócmhainní, a ghnóthú go leordhóthanach agus, de bharr fhairsinge nó éifeachtaí na gníomhaíochta, gur fearr is féidir iad a ghnóthú ar leibhéal an Aontais, féadfaidh an tAontas bearta a ghlacadh, i gcomhréir le prionsabal na coimhdeachta a leagtar amach in Airteagal 5 den Chonradh ar an Aontas Eorpach. I gcomhréir le prionsabal na comhréireachta a leagtar amach san Airteagal sin, ní théann an Rialachán seo thar a bhfuil riachtanach chun na cuspóirí sin a ghnóthú.

(63)

Tá an Rialachán seo faoi réir Rialachán (AE) 2016/679 agus Rialachán (AE) 2018/1725 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (23). Urramaítear leis na cearta bunúsacha agus na prionsabail a dtugtar aitheantas dóibh i gCairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh, go háirithe an meas ar an saol príobháideach agus ar shaol an teaghlaigh (Airteagal 7), an ceart go ndéanfar sonraí pearsanta a chosaint (Airteagal 8), an ceart chun leigheas éifeachtach agus triail chóir a fháil (Airteagal 47) agus prionsabal ne bis in idem.

(64)

Chun comhsheasmhacht a áirithiú le Rialachán (AE) 2023/1114 ba cheart feidhm a bheith ag an Rialachán seo ó dháta chur i bhfeidhm an Rialacháin sin. Faoin dáta sin, ba cheart do na Ballstáit na leasuithe ar Threoir (AE) 2015/849 a thrasuí freisin.

(65)

Chuathas i gcomhairle leis an Maoirseoir Eorpach ar Chosaint Sonraí i gcomhréir le hAirteagal 42(1) de Rialachán (AE) 2018/1725 agus thug an Maoirseoir tuairim an 22 Meán Fómhair 2021 (24),

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

CAIBIDIL I

Ábhar, raon feidhme agus sainmhínithe

Airteagal 1

Ábhar

Leagtar síos leis an Rialachán seo rialacha maidir le faisnéis faoi íocóirí agus íocaithe a ghabhann le haistrithe cistí, in aon airgeadra, agus maidir le faisnéis faoi thionscnóirí agus tairbhithe a ghabhann le haistriú cripteashócmhainní, chun sciúradh airgid agus maoiniú sceimhlitheoireachta a chosc, a bhrath agus a imscrúdú, i gcás ina bhfuil ceann amháin ar a laghad de na soláthraithe seirbhísí íocaíochta nó de na soláthraithe seirbhísí cripteashócmhainní a bhfuil baint acu le haistriú cistí nó aistriú cripteashócmhainní bunaithe san Aontas nó i gcás ina bhfuil a oifig chláraithe san Aontas, de réir mar is infheidhme. Ina theannta sin, leagtar síos leis an Rialachán seo rialacha maidir le beartais, nósanna imeachta agus rialuithe inmheánacha chun cur chun feidhme beart sriantach a áirithiú i gcás ina bhfuil ceann amháin ar a laghad de na soláthraithe seirbhísí íocaíochta nó de na soláthraithe cripteashócmhainní a bhfuil baint acu le haistriú cistí nó aistriú cripteashócmhainní bunaithe san Aontas nó i gcás ina bhfuil a oifig chláraithe san Aontas, de réir mar is infheidhme.

Airteagal 2

Raon feidhme

1.   Beidh feidhm ag an Rialachán seo maidir le haistrithe cistí, in aon airgeadra, a sheolfaidh nó a gheobhaidh soláthraí seirbhísí íocaíochta nó soláthraí seirbhísí íocaíochta idirghabhálach atá bunaithe san Aontas. Beidh feidhm aige freisin maidir le haistrithe cripteashócmhainní, lena n-áirítear aistrithe cripteashócmhainní a fhorghníomhaítear trí bhíthin criptea-UMBanna, i gcás ina bhfuil a oifig chláraithe ag soláthraí seirbhísí cripteashócmhainní an tionscnóra nó an tairbhí nó ag soláthraí seirbhísí cripteashócmhainní idirghabhálach an tionscnóra nó an tairbhí san Aontas.

2.   Ní bheidh feidhm ag an Rialachán seo maidir leis na seirbhísí a liostaítear in Airteagal 3, pointí (a) go (m) agus pointe (o), de Threoir (AE) 2015/2366.

3.   Ní bheidh feidhm ag an Rialachán seo maidir le haistrithe cistí nó maidir le haistrithe comharthaí ríomh-airgid, mar a shainmhínítear in Airteagal 3(1), pointe (7), de Rialachán (AE) 2023/1114, a dhéantar le cárta íocaíochta, le hionstraim ríomh-airgid, le fón póca nó le haon fheiste dhigiteach nó TF eile atá réamhíoctha nó iaríoctha agus a bhfuil saintréithe comhchosúla acu, ar choinníoll go gcomhlíontar na coinníollacha seo a leanas:

(a)

úsáidtear an cárta, an ionstraim nó an fheiste sin go heisiach chun íoc as earraí nó seirbhísí; agus

(b)

gabhann uimhir an chárta, na hionstraime nó na feiste sin le gach aistriú a thagann as an idirbheart.

Beidh feidhm ag an Rialachán seo, áfach, i gcás ina n-úsáidtear cárta íocaíochta, ionstraim ríomh-airgid, fón póca nó aon fheiste dhigiteach nó TF eile atá réamhíoctha nó iaríoctha agus a bhfuil saintréithe comhchosúla acu chun aistriú cistí nó comharthaí ríomh-airgid a dhéanamh idir daoine nádúrtha ag gníomhú dóibh mar thomhaltóirí chun críoch eile seachas trádáil, gnó nó gníomhaíocht ghairmiúil.

4.   Ní bheidh feidhm ag an Rialachán seo maidir le daoine nach bhfuil aon ghníomhaíocht ar bun acu seachas doiciméid pháipéir a iompú ina sonraí leictreonacha agus a dhéanann amhlaidh de bhun chonradh le soláthraí seirbhísí íocaíochta ná maidir le daoine arb í an aon ghníomhaíocht atá ar bun acu córais teachtaireachtaí nó córais tacaíochta eile chun cistí a tharchur nó córais imréitigh agus socraíochta a sholáthar do sholáthraithe seirbhísí íocaíochta.

Ní bheidh feidhm ag an Rialachán seo maidir le haistriú cistí i gcás ina gcomhlíontar aon cheann de na coinníollacha seo a leanas:

(a)

is é atá i gceist leis go ndéanann an t-íocóir airgead tirim a aistarraingt ó chuntas íocaíochta an íocóra féin;

(b)

is ionann é agus cistí a aistriú chuig údarás poiblí mar íocaíocht ar chánacha, ar fhíneálacha nó ar thobhaigh eile laistigh de Bhallstát;

(c)

is soláthraithe seirbhísí íocaíochta iad an t-íocóir agus an t-íocaí araon ag gníomhú dóibh thar a gceann féin;

(d)

déantar é trí íomhánna seiceanna a mhalartú, lena n-áirítear seiceanna teasctha.

Ní bheidh feidhm ag an Rialachán seo maidir le haistriú cistí cripteashócmhainní i gcás ina gcomhlíontar aon cheann de na coinníollacha seo a leanas:

(a)

is soláthraithe seirbhísí cripteashócmhainní iad an tionscnóir agus an tairbhí araon ag gníomhú dóibh thar a gceann féin;

(b)

is ionann an t-aistriú agus aistriú cripteashócmhainní ó dhuine go duine a dhéantar gan baint a bheith ag soláthraí seirbhísí cripteashócmhainní.

Comharthaí ríomh-airgid, mar a shainmhínítear in Airteagal 3(1), pointe (7), de Rialachán (AE) 2023/1114, caithfear leo mar chripteashócmhainní faoin Rialachán seo.

5.   Féadfaidh Ballstát a chinneadh gan an Rialachán seo a chur i bhfeidhm ar aistrithe cistí laistigh dá chríoch chuig cuntas íocaíochta íocaí lena gceadófar íocaíocht go heisiach chun earraí nó seirbhísí a sholáthar i gcás ina gcomhlíontar na coinníollacha uile seo a leanas:

(a)

tá soláthraí seirbhísí íocaíochta an íocaí faoi réir Threoir (AE) 2015/849;

(b)

tá soláthraí seirbhísí íocaíochta an íocaí in ann, trí bhíthin aitheantóir idirbhirt uathúil, an t-aistriú cistí ón duine a bhfuil comhaontú aige leis an íocaí chun earraí nó seirbhísí a sholáthar, a rianú siar tríd an íocaí;

(c)

ní mó méid an aistrithe cistí ná EUR 1 000.

Airteagal 3

Sainmhínithe

Chun críocha an Rialacháin seo, tá feidhm ag na sainmhínithe seo a leanas:

(1)

ciallaíonn “maoiniú sceimhlitheoireachta” maoiniú sceimhlitheoireachta mar a shainmhínítear in Airteagal 1(5) de Threoir (AE) 2015/849;

(2)

ciallaíonn “sciúradh airgid” na gníomhaíochtaí sciúrtha airgid dá dtagraítear in Airteagal 1(3) agus (4) de Threoir (AE) 2015/849;

(3)

ciallaíonn “íocóir” duine ag a bhfuil cuntas íocaíochta agus a cheadaíonn aistriú cistí ón gcuntas íocaíochta sin nó, i gcás nach bhfuil cuntas íocaíochta ann, duine a thugann ordú aistrithe cistí;

(4)

ciallaíonn “íocaí” duine atá ceaptha an t-aistriú cistí a fháil;

(5)

ciallaíonn “soláthraí seirbhísí íocaíochta” na catagóirí soláthraithe seirbhísí íocaíochta dá dtagraítear in Airteagal 1(1) de Threoir (AE) 2015/2366, daoine nádúrtha nó dlítheanacha a thairbhíonn de tharscaoileadh de bhun Airteagal 32 di agus daoine dlítheanacha a thairbhíonn de tharscaoileadh faoi Airteagal 9 de Threoir 2009/110/CE, lena soláthraítear seirbhísí aistrithe cistí;

(6)

ciallaíonn “soláthraí seirbhísí íocaíochta idirghabhálach” soláthraí seirbhísí íocaíochta, nach soláthraí seirbhísí íocaíochta an íocóra ná an íocaí é, a fhaigheann agus a tharchuireann aistriú cistí thar ceann sholáthraí seirbhísí íocaíochta an íocóra nó an íocaí nó thar ceann soláthraí seirbhísí íocaíochta idirghabhálach eile;

(7)

ciallaíonn “cuntas íocaíochta” cuntas íocaíochta mar a shainmhínítear in Airteagal 4, pointe (12), de Threoir (AE) 2015/2366;

(8)

ciallaíonn “cistí” cistí mar a shainmhínítear in Airteagal 4, pointe (25), de Threoir (AE) 2015/2366;

(9)

ciallaíonn “aistriú cistí” aon idirbheart a dhéantar go páirteach ar a laghad trí mhodhanna leictreonacha thar ceann íocóra trí sholáthraí seirbhísí íocaíochta, d’fhonn cistí a chur ar fáil d’íocaí trí sholáthraí seirbhísí íocaíochta, beag beann arb é an t-íocóir agus an t-íocaí an duine céanna agus beag beann arb é soláthraí seirbhísí íocaíochta an íocóra agus soláthraí seirbhísí íocaíochta an íocaí an duine céanna, lena n-áirítear:

(a)

aistriú creidmheasa mar a shainmhínítear in Airteagal 4, pointe (24), de Threoir (AE) 2015/2366;

(b)

dochar díreach mar a shainmhínítear in Airteagal 4, pointe (23), de Threoir (AE) 2015/2366;

(c)

seoltán airgid mar a shainmhínítear in Airteagal 4, pointe (22), de Threoir (AE) 2015/2366, bíodh sé náisiúnta nó trasteorann;

(d)

aistriú cistí a dhéantar le cárta íocaíochta, le hionstraim ríomh-airgid, le fón póca nó le feiste dhigiteach nó TF eile atá réamhíoctha nó iaríoctha agus a bhfuil saintréithe comhchosúla acu;

(10)

ciallaíonn “aistriú cripteashócmhainní” aon idirbheart darb aidhm cripteashócmhainní a aistriú ó sheoladh mórleabhair dháilte amháin, ó chuntas cripteashócmhainní amháin nó ó fheiste eile lenar féidir cripteashócmhainní a stóráil go ceann eile, arna dhéanamh ag soláthraí seirbhísí cripteashócmhainní amháin ar a laghad, ag gníomhú dó thar ceann tionscnóra nó tairbhí, gan beann ar cé acu is é nó nach é an t-aon duine amháin é an tionscnóir agus an tairbhí agus gan beann ar cé acu is é nó nach é an t-aon duine amháin é soláthraí seirbhísí cripteashócmhainní an tionscnóra agus soláthraí seirbhísí cripteashócmhainní an tairbhí;

(11)

ciallaíonn “aistriú baisc-chomhaid” beart aistrithe éagsúla aonair cistí nó aistrithe cripteashócmhainní arna gcur le chéile le haghaidh seachadadh;

(12)

ciallaíonn “aitheantóir idirbhirt uathúil” teaglaim de litreacha, d’uimhreacha nó de shiombailí arna cinneadh ag an soláthraí seirbhísí íocaíochta, i gcomhréir le prótacail na gcóras socraíochta agus íocaíochta nó na gcóras teachtaireachtaí a úsáidtear chun na cistí a aistriú, nó arna cinneadh ag soláthraí seirbhísí cripteashócmhainní, lenar féidir an t-idirbheart a rianú siar go dtí an t-íocóir agus an t-íocaí nó aistriú na gcripteashócmhainní a rianú siar go dtí an tionscnóir agus an tairbhí;

(13)

ciallaíonn “aistriú cripteashócmhainní ó dhuine go duine” aistriú cripteashócmhainní gan baint a bheith ag aon soláthraí seirbhísí cripteashócmhainní leis;

(14)

“ciallaíonn ‘cripteashócmhainn” cripteashócmhainn mar a shainmhínítear in Airteagal 3(1), pointe (5), de Rialachán (AE) 2023/1114 ach amháin i gcás ina dtagann sí faoi na catagóirí a liostaítear in Airteagal 2(2), (3) agus (4) den Rialachán sin nó i gcás ina gcáilíonn sí mar chistí ar chaoi eile;

(15)

ciallaíonn “soláthraí seirbhísí cripteashócmhainní” soláthraí seirbhísí cripteashócmhainní mar a shainmhínítear in Airteagal 3(1), pointe (15), de Rialachán (AE) 2023/1114, i gcás ina bhfuil seirbhís cripteashócmhainní amháin nó níos mó á soláthar aige mar a shainmhínítear in Airteagal 3(1), pointe (16), den Rialachán sin;

(16)

ciallaíonn “soláthraí seirbhísí cripteashócmhainní idirghabhálach” soláthraí seirbhísí cripteashócmhainní, nach soláthraí seirbhísí cripteashócmhainní an tionscnóra ná an tairbhí é, a fhaigheann agus a tharchuireann aistriú cripteashócmhainní thar ceann sholáthraí seirbhísí cripteashócmhainní an tionscnóra nó an tairbhí nó thar ceann soláthraí seirbhísí cripteashócmhainní idirghabhálach eile;

(17)

ciallaíonn “uathmheaisíní bainc cripteashócmhainní” nó “criptea-UMBanna” teirminéil leictreonacha fhisiceacha nó teirminéil leictreonacha ar líne a chuireann ar chumas soláthraí seirbhísí cripteashócmhainní gníomhaíocht sheirbhísí an aistrithe le haghaidh cripteashócmhainní a dhéanamh, go háirithe, dá dtagraítear in Airteagal 3(1), pointe (16)(j), de Rialachán (AE) 2023/1114;

(18)

ciallaíonn “seoladh mórleabhair dháilte” cód alfa-uimhriúil lena n-aithnítear seoladh ar líonra a úsáideann teicneolaíocht mórleabhar dáilte (DLT) nó teicneolaíocht chomhchosúil lenar féidir cripteashócmhainní a sheoladh nó a fháil;

(19)

ciallaíonn “cuntas cripteashócmhainní ” cuntas atá ag soláthraí seirbhísí cripteashócmhainní in ainm duine nádúrtha nó dlítheanach amháin nó níos mó agus is féidir a úsáid chun aistrithe cripteashócmhainní a fhorghníomhú;

(20)

ciallaíonn “seoladh féinóstáilte” seoladh mórleabhair dháilte nach bhfuil nasctha le ceachtar díobh seo a leanas:

(a)

soláthraí seirbhísí cripteashócmhainní;

(b)

eintiteas nach bhfuil bunaithe san Aontas agus a sholáthraíonn seirbhísí atá cosúil leis na seirbhísí a sholáthraíonn soláthraí seirbhísí cripteashócmhainní;

(21)

ciallaíonn “tionscnóir” duine ag a bhfuil cuntas cripteashócmhainní le soláthraí seirbhísí cripteashócmhainní, seoladh mórleabhair dháilte nó feiste eile lenar féidir cripteashócmhainní a stóráil, agus a cheadaíonn aistriú cripteashócmhainní ón gcuntas, ón seoladh mórleabhair dháilte, nó ón bhfeiste, nó, i gcás nach ann do chuntas den sórt sin, seoladh mórleabhair dháilte, nó feiste, duine a ordaíonn nó a thionscnaíonn aistriú cripteashócmhainní;

(22)

ciallaíonn “tairbhí” faighteoir beartaithe an aistrithe cripteashócmhainní;

(23)

ciallaíonn “aitheantóir eintitis dhlítheanaigh” nó “LEI” cód tagartha alfa-uimhriúil uathúil atá bunaithe ar chaighdeán ISO 17442 a shanntar d’eintiteas dlíthiúil;

(24)

ciallaíonn “teicneolaíocht mórleabhar dáilte” nó “DLT” teicneolaíocht mórleabhar dáilte mar a shainmhínítear in Airteagal 3(1), pointe (1), de Rialachán (AE) 2023/1114.

CAIBIDIL II

Oibleagáidí ar sholáthraithe seirbhísí íocaíochta

Roinn 1

Oibleagáidí ar sholáthraithe seirbhísí íocaíochta an íocóra

Airteagal 4

Faisnéis a ghabhann le haistrithe cistí

1.   Áiritheoidh soláthraí seirbhísí íocaíochta an íocóra go ngabhfaidh an fhaisnéis seo a leanas faoin íocóir leis na haistrithe cistí:

(a)

ainm an íocóra;

(b)

uimhir chuntais íocaíochta an íocóra;

(c)

seoladh an íocóra, lena n-áirítear ainm na tíre, uimhir dhoiciméid phearsanta oifigiúil, agus uimhir aitheantais chustaiméara nó, de rogha air sin, dáta breithe agus áit bhreithe an íocóra; agus

(d)

faoi réir an réimse is gá a bheith ann san fhormáid ábhartha teachtaireachta íocaíochtaí, agus i gcás ina gcuireann an t-íocóir ar fáil dá sholáthraí seirbhísí íocaíochta é, LEI reatha an íocóra nó, ina éagmais sin, aon aitheantóir coibhéiseach oifigiúil atá ar fáil.

2.   Áiritheoidh soláthraí seirbhísí íocaíochta an íocóra go ngabhfaidh an fhaisnéis seo a leanas faoin íocaí leis na haistrithe cistí:

(a)

ainm an íocaí;

(b)

uimhir chuntais íocaíochta an íocaí; agus

(c)

faoi réir an réimse is gá a bheith ann san fhormáid ábhartha teachtaireachta íocaíochtaí, agus i gcás ina gcuireann an t-íocóir ar fáil dá sholáthraí seirbhísí íocaíochta é, LEI reatha an íocaí nó, ina éagmais sin, aon aitheantóir coibhéiseach oifigiúil atá ar fáil.

3.   De mhaolú ar mhír 1, pointe (b), agus mír 2, pointe (b), i gcás aistrithe nach ndéantar chuig cuntas íocaíochta nó ó chuntas íocaíochta, áiritheoidh soláthraí seirbhísí íocaíochta an íocóra go bhfuil aitheantóir idirbhirt uathúil ag gabháil leis an aistriú cistí in ionad uimhir an chuntais íocaíochta.

4.   Sula n-aistreoidh sé na cistí, áiritheoidh soláthraí seirbhísí íocaíochta an íocóra beachtas na faisnéise dá dtagraítear i mír 1 agus, i gcás inarb infheidhme, i mír 3, ar bhonn doiciméad, sonraí nó faisnéise a fuarthas ó fhoinse iontaofa agus neamhspleách.

5.   Measfar an fíorú dá dtagraítear i mír 4 den Airteagal seo a bheith déanta i gcásanna ina bhfuil feidhm ag ceann amháin díobh seo a leanas:

(a)

fíoraíodh céannacht an íocóra i gcomhréir le hAirteagal 13 de Threoir (AE) 2015/849 agus rinneadh an fhaisnéis atá faighte de bhun an fhíoraithe sin a choinneáil i gcomhréir le hAirteagal 40 den Treoir sin;

(b)

tá feidhm ag Airteagal 14(5) de Threoir (AE) 2015/849 maidir leis an íocóir.

6.   Gan dochar do na maoluithe dá bhforáiltear in Airteagal 5 agus Airteagal 6, ní dhéanfaidh soláthraí seirbhísí íocaíochta an íocóra aon aistriú cistí a fhorghníomhú sula n-áiritheoidh sé go bhfuil an tAirteagal seo á chomhlíonadh ina iomláine.

Airteagal 5

Aistrithe cistí laistigh den Aontas

1.   De mhaolú ar Airteagal 4(1) agus (2), i gcás ina bhfuil na soláthraithe seirbhísí íocaíochta uile a bhfuil baint acu leis an slabhra íocaíochta bunaithe san Aontas, beidh uimhir chuntais íocaíochta an íocóra agus an íocaí araon, nó, i gcás ina bhfuil feidhm ag Airteagal 4(3), an t-aitheantóir idirbhirt uathúil, ar a laghad, ag gabháil leis an aistriú cistí gan dochar, i gcás inarb infheidhme, do na ceanglais faisnéise a leagtar síos i Rialachán (AE) Uimh. 260/2012.

2.   D’ainneoin mhír 1, déanfaidh soláthraí seirbhísí íocaíochta an íocóra, laistigh de thrí lá oibre ó iarraidh ar fhaisnéis a fháil, in easnamh ó sholáthraí seirbhísí íocaíochta an íocaí nó ón soláthraí seirbhísí íocaíochta idirghabhálach, an méid seo a leanas a chur ar fáil:

(a)

i gcás aistrithe cistí ar mó ná EUR 1 000 iad, cibé acu a dhéantar aistrithe den sórt sin in idirbheart aonair nó i roinnt idirbheart a dhealraíonn a bheith nasctha le chéile, an fhaisnéis faoin íocóir nó faoin íocaí i gcomhréir le hAirteagal 4;

(b)

i gcás aistrithe cistí nach mó ná EUR 1 000 agus nach ndealraíonn a bheith nasctha le haistrithe cistí eile, ar mó ná EUR 1 000 iad, agus an t-aistriú i dtrácht san áireamh, ar a laghad:

(i)

ainmneacha an íocóra agus an íocaí; agus

(ii)

uimhreacha cuntais íocaíochta an íocóra agus an íocaí nó, i gcás ina bhfuil feidhm ag Airteagal 4(3), an t-aitheantóir idirbhirt uathúil.

3.   De mhaolú ar Airteagal 4(4), i gcás aistrithe cistí dá dtagraítear i mír 2, pointe (b), den Airteagal seo, ní gá do sholáthraí seirbhísí íocaíochta an íocóra an fhaisnéis a fhíorú, ar faisnéis í a bhaineann leis an íocóir, ach amháin:

(a)

i gcás ina mbeidh na cistí atá le haistriú faighte ag soláthraí seirbhísí íocaíochta an íocóra in airgead tirim nó in airgead leictreonach anaithnid; nó

(b)

i gcás ina bhfuil forais réasúnacha ag soláthraí seirbhísí íocaíochta an íocaí chun drochamhras a bheith air, go bhfuil sciúradh airgid nó maoiniú sceimhlitheoireachta ag tarlú.

Airteagal 6

Aistrithe cistí amach as an Aontas

1.   Maidir le haistriú baisc-chomhaid ó íocóir aonair i gcás ina bhfuil soláthraithe seirbhísí íocaíochta na n-íocaithe bunaithe lasmuigh den Aontas, ní bheidh feidhm ag Airteagal 4(1) maidir leis na haistrithe aonair cuachta le chéile iontu, ar choinníoll go bhfuil san aistriú baisc-chomhaid an fhaisnéis dá dtagraítear in Airteagal 4(1), (2) agus (3), gur fíoraíodh an fhaisnéis sin i gcomhréir le hAirteagal 4(4) agus (5), agus go bhfuil uimhir chuntais íocaíochta an íocóra nó, i gcás ina bhfuil feidhm ag Airteagal 4(3), go bhfuil an t-aitheantóir idirbhirt uathúil ar na haistrithe aonair.

2.   De mhaolú ar Airteagal 4(1), agus, i gcás inarb iomchuí, gan dochar don fhaisnéis a cheanglaítear i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 260/2012, i gcás ina bhfuil soláthraí seirbhísí íocaíochta an íocaí bunaithe lasmuigh den Aontas, is é a bheidh ag gabháil le haistrithe cistí nach mó ná EUR 1 000 agus a dhealraíonn nach bhfuil siad nasctha le haistrithe cistí eile, ar mó ná EUR 1 000 iad agus an t-aistriú i dtrácht san áireamh, an méid seo a leanas ar laghad:

(a)

ainmneacha an íocóra agus an íocaí; agus

(b)

uimhreacha cuntais íocaíochta an íocóra agus an íocaí nó, i gcás ina bhfuil feidhm ag Airteagal 4(3), an t-aitheantóir idirbhirt uathúil.

De mhaolú ar Airteagal 4(4), ní gá do sholáthraí seirbhísí íocaíochta an íocóra an fhaisnéis dá dtagraítear sa mhír seo a bhaineann leis an íocóir a fhíorú ach amháin:

(a)

i gcás ina mbeidh na cistí atá le haistriú faighte ag soláthraí seirbhísí íocaíochta an íocóra in airgead tirim nó in airgead leictreonach anaithnid; nó

(b)

i gcás ina bhfuil forais réasúnacha ag soláthraí seirbhísí íocaíochta an íocóra chun drochamhras a bheith air, gurb ann do sciúradh airgid nó maoiniú sceimhlitheoireachta.

Roinn 2

Oibleagáidí ar sholáthraí seirbhísí íocaíochta an íocaí

Airteagal 7

Faisnéis faoin íocóir agus faoin íocaí atá in easnamh a bhrath

1.   Cuirfidh soláthraí seirbhísí íocaíochta an íocaí nósanna imeachta éifeachtacha chun feidhme le brath an bhfuil na réimsí a bhaineann leis an bhfaisnéis faoin íocóir agus faoin íocaí sa chóras teachtaireachtaí nó sa chóras íocaíochta agus socraíochta a úsáidtear chun aistriú cistí a dhéanamh, líonta isteach agus carachtair nó ionchuir atá inghlactha i gcomhréir le cleachtais an chórais sin á n-úsáid.

2.   Cuirfidh soláthraí seirbhísí íocaíochta an íocaí nósanna imeachta éifeachtacha chun feidhme, lena n-áirítear, i gcás inarb iomchuí, faireachán tar éis na n-aistrithe nó lena linn, chun a bhrath an bhfuil an fhaisnéis seo a leanas faoin íocóir agus faoin íocaí in easnamh:

(a)

le haghaidh aistrithe cistí i gcás ina bhfuil soláthraí seirbhísí íocaíochta an íocóra bunaithe san Aontas, an fhaisnéis dá dtagraítear in Airteagal 5;

(b)

le haghaidh aistrithe cistí i gcás ina bhfuil soláthraí seirbhísí íocaíochta an íocóra bunaithe lasmuigh den Aontas, an fhaisnéis dá dtagraítear in Airteagal 4(1), pointí (a), (b) agus (c), agus Airteagal 4(2), pointí (a) agus (b);

(c)

le haghaidh aistrithe baisc-chomhaid i gcás ina bhfuil soláthraí seirbhísí íocaíochta an íocóra bunaithe lasmuigh den Aontas, an fhaisnéis dá dtagraítear in Airteagal 4(1), pointí (a), (b) agus (c), agus Airteagal 4(2), pointí (a) agus (b), i leith an aistrithe baisc-chomhaid sin.

3.   I gcás aistrithe cistí ar mó ná EUR 1 000 iad, cibé an ndéantar na haistrithe sin in idirbheart aonair nó i roinnt idirbheart a dhealraíonn a bheith nasctha le chéile, sula ndéanfaidh sé iad a chur do shochar chuntas íocaíochta an íocaí nó na cistí a chur ar fáil don íocaí, déanfaidh soláthraí seirbhísí íocaíochta an íocaí beachtas na faisnéise faoin íocaí dá dtagraítear i mír 2 den Airteagal seo a fhíorú ar bhonn doiciméad, sonraí nó faisnéise a bheidh faighte ó fhoinse iontaofa agus neamhspleách, gan dochar do na ceanglais a leagtar síos in Airteagail 83 agus 84 de Threoir (AE) 2015/2366.

4.   I gcás aistrithe cistí nach mó ná EUR 1 000 agus a dhealraíonn nach bhfuil siad nasctha le haistrithe cistí eile, ar mó ná EUR 1 000 iad agus an t-aistriú atá i gceist san áireamh, ní gá do sholáthraí seirbhísí íocaíochta an íocaí beachtas na faisnéise a bhaineann leis an íocaí a fhíorú, ach amháin:

(a)

i gcás ina ndéanann soláthraí seirbhísí íocaíochta an íocaí na cistí a íoc amach in airgead tirim nó in airgead leictreonach anaithnid; nó

(b)

i gcás ina bhfuil forais réasúnacha ag soláthraí seirbhísí íocaíochta an íocaí chun drochamhras a bheith air, go bhfuil sciúradh airgid nó maoiniú sceimhlitheoireachta ag tarlú.

5.   Measfar an fíorú dá dtagraítear i míreanna 3 agus 4 den Airteagal seo a bheith déanta i gcásanna ina bhfuil feidhm ag ceann amháin díobh seo a leanas:

(a)

fíoraíodh céannacht an íocaí i gcomhréir le hAirteagal 13 de Threoir (AE) 2015/849 agus rinneadh an fhaisnéis atá faighte de bhun an fhíoraithe sin a choinneáil i gcomhréir le hAirteagal 40 den Treoir sin;

(b)

tá feidhm ag Airteagal 14(5) de Threoir (AE) 2015/849 maidir leis an íocaí.

Airteagal 8

Aistrithe cistí ina bhfuil faisnéis faoin íocóir nó faoin íocaí in easnamh nó neamhiomlán

1.   Cuirfidh soláthraí seirbhísí íocaíochta an íocaí nósanna imeachta éifeachtacha riosca-bhunaithe chun feidhme, lena n-áirítear nósanna imeachta atá bunaithe ar an mbonn riosca-íogair dá dtagraítear in Airteagal 13 de Threoir (AE) 2015/849 chun a chinneadh an ndéanfaidh sé aistriú cistí ina bhfuil an fhaisnéis iomlán a cheanglaítear faoin íocóir agus faoin íocaí in easnamh a fhorghníomhú, a dhiúltú nó a fhionraí agus chun an ghníomhaíocht leantach iomchuí a dhéanamh.

I gcás ina dtagann soláthraí seirbhísí íocaíochta an íocaí ar an eolas, agus é ag fáil aistriú cistí, go bhfuil an fhaisnéis faoin íocóir nó faoin íocaí dá dtagraítear in Airteagal 4(1), pointí (a), (b) agus (c), Airteagal 4(2), pointí (a) agus (b), Airteagal 5(1), nó Airteagal 6, in easnamh nó neamhiomlán, nó nach bhfuil sí líonta isteach agus na carachtair nó na hionchuir atá inghlactha faoi chleachtais an chórais teachtaireachtaí nó an chórais íocaíochta agus socraíochta dá dtagraítear in Airteagal 7(1) á n-úsáid, déanfaidh soláthraí seirbhísí íocaíochta an íocaí an méid seo a leanas ar bhonn riosca-íogair:

(a)

an t-aistriú a dhiúltú; nó

(b)

an fhaisnéis a cheanglaítear faoin íocóir agus faoin íocaí a iarraidh sula ndéanfaidh sé na cistí a chur do shochar chuntas íocaíochta an íocaí nó na cistí a chur ar fáil don íocaí.

2.   I gcás ina mainníonn soláthraí seirbhísí íocaíochta arís agus arís eile an fhaisnéis a cheanglaítear faoin íocóir nó faoin íocaí a sholáthar, déanfaidh soláthraí seirbhísí íocaíochta an íocaí an méid seo a leanas:

(a)

bearta a dhéanamh, agus féadfar a áireamh orthu sin ar dtús rabhaidh a eisiúint agus sprioc-amanna a shocrú, sula ndéanfar aistriú a dhiúltú, a shrianadh nó a fhoirceannadh i gcomhréir le pointe (b) mura bhfuil an fhaisnéis a cheanglaítear curtha ar fáil go fóill; nó

(b)

aon aistriú cistí amach anseo ón soláthraí seirbhísí íocaíochta sin a dhiúltú go díreach, nó a ghaolmhaireacht ghnó leis an soláthraí seirbhísí íocaíochta sin a shrianadh nó a fhoirceannadh.

Tabharfaidh soláthraí seirbhísí íocaíochta an íocaí tuairisc faoin mainneachtain sin, agus faoi na bearta a rinneadh, don údarás inniúil atá freagrach as faireachán a dhéanamh ar chomhlíonadh forálacha maidir le sciúradh airgid agus maoiniú sceimhlitheoireachta a chomhrac.

Airteagal 9

Measúnú agus tuairisciú

Déanfaidh soláthraí seirbhísí íocaíochta an íocaí faisnéis faoin íocóir nó faoin íocaí atá in easnamh nó neamhiomlán a chur san áireamh le linn dó measúnú a dhéanamh an bhfuil aistriú cistí, nó aon idirbheart lena mbaineann, amhrasach, agus an bhfuil sé le tuairisciú don Aonad um Fhaisnéis Airgeadais (AFA) i gcomhréir le Treoir (AE) 2015/849.

Roinn 3

Oibleagáidí ar sholáthraithe seirbhísí íocaíochta idirghabhálacha

Airteagal 10

Faisnéis faoin íocóir agus faoin íocaí a ghabhann leis an aistriú a choinneáil

Áiritheoidh soláthraithe seirbhísí íocaíochta idirghabhálacha go gcoinneofar an fhaisnéis ar fad a fuarthas faoin íocóir agus faoin íocaí a ghabhann le haistriú cistí leis an aistriú.

Airteagal 11

Faisnéis faoin íocóir nó faoin íocaí atá in easnamh a bhrath

1.   Déanfaidh an soláthraí seirbhísí íocaíochta idirghabhálach nósanna imeachta éifeachtacha a chur chun feidhme le brath an bhfuil na réimsí a bhaineann leis an bhfaisnéis faoin íocóir agus faoin íocaí sa chóras teachtaireachtaí nó sa chóras íocaíochta agus socraíochta a úsáidtear chun aistriú cistí a dhéanamh líonta isteach agus carachtair nó ionchuir atá inghlactha i gcomhréir le cleachtais an chórais sin á n-úsáid.

2.   Cuirfidh an soláthraí seirbhísí íocaíochta idirghabhálach nósanna imeachta éifeachtacha chun feidhme, lena n-áirítear, i gcás inarb iomchuí, faireachán tar éis na n-aistrithe nó lena linn, chun a bhrath an bhfuil an fhaisnéis seo a leanas faoin íocóir nó faoin íocaí in easnamh:

(a)

le haghaidh aistrithe cistí i gcás ina bhfuil soláthraí seirbhísí íocaíochta an íocóra agus an íocaí bunaithe san Aontas, an fhaisnéis dá dtagraítear in Airteagal 5;

(b)

le haghaidh aistrithe cistí i gcás ina bhfuil soláthraí seirbhísí íocaíochta an íocóra nó an íocaí bunaithe lasmuigh den Aontas, an fhaisnéis dá dtagraítear in Airteagal 4(1), pointí (a), (b) agus (c), agus Airteagal 4(2), pointí (a) agus (b);

(c)

le haghaidh aistrithe baisc-chomhaid i gcás ina bhfuil soláthraí seirbhísí íocaíochta an íocóra nó an íocaí bunaithe lasmuigh den Aontas, an fhaisnéis dá dtagraítear in Airteagal 4(1), pointí (a), (b) agus (c), agus Airteagal 4(2), pointí (a) agus (b), i leith an aistrithe baisc-chomhaid sin.

Airteagal 12

Aistrithe cistí ina bhfuil faisnéis faoin íocóir nó faoin íocaí in easnamh

1.   Bunóidh an soláthraí seirbhísí íocaíochta idirghabhálach nósanna imeachta éifeachtacha riosca-bhunaithe chun a chinneadh aistriú cistí ina bhfuil an fhaisnéis a cheanglaítear faoin íocóir agus faoin íocaí in easnamh a fhorghníomhú, a dhiúltú nó a fhionraí agus chun an ghníomhaíocht leantach iomchuí a dhéanamh.

I gcás ina dtagann an soláthraí seirbhísí íocaíochta idirghabhálach ar an eolas, agus é ag fáil aistriú cistí, go bhfuil an fhaisnéis dá dtagraítear in Airteagal 4(1), pointí (a), (b) agus (c), Airteagal 4(2), pointí (a) agus (b), Airteagal 5(1), nó Airteagal 6, in easnamh nó nach bhfuil sí líonta isteach agus na carachtair nó na hionchuir atá inghlactha faoi chleachtais an chórais teachtaireachtaí nó an chórais íocaíochta agus socraíochta dá dtagraítear in Airteagal 7(1) á n-úsáid, déanfaidh an soláthraí seirbhísí íocaíochta idirghabhálach sin an méid seo a leanas ar bhonn riosca-íogair:

(a)

an t-aistriú a dhiúltú; nó

(b)

an fhaisnéis a cheanglaítear faoin íocóir agus faoin íocaí a iarraidh sula dtarchuirfear an t-aistriú cistí nó ina dhiaidh sin.

2.   I gcás ina mainníonn soláthraí seirbhísí íocaíochta arís is arís eile an fhaisnéis a cheanglaítear faoin íocóir nó faoin íocaí a sholáthar, déanfaidh an soláthraí seirbhísí íocaíochta idirghabhálach an méid seo a leanas:

(a)

bearta a dhéanamh, agus féadfar a áireamh orthu sin ar dtús rabhaidh a eisiúint agus sprioc-amanna a shocrú, sula ndéanfar aistriú a dhiúltú, a shrianadh nó a fhoirceannadh i gcomhréir le pointe (b) mura bhfuil an fhaisnéis a cheanglaítear curtha ar fáil go fóill; nó

(b)

aon aistriú cistí amach anseo ón soláthraí seirbhísí íocaíochta sin a dhiúltú go díreach, nó a ghaolmhaireacht ghnó leis an soláthraí seirbhísí íocaíochta sin a shrianadh nó a fhoirceannadh.

Tabharfaidh an soláthraí seirbhísí íocaíochta idirghabhálach tuairisc faoin mainneachtain sin, agus faoi na bearta a rinneadh, don údarás inniúil atá freagrach as faireachán a dhéanamh ar chomhlíonadh forálacha maidir le sciúradh airgid agus maoiniú sceimhlitheoireachta a chomhrac.

Airteagal 13

Measúnú agus tuairisciú

Cuirfidh an soláthraí seirbhísí íocaíochta idirghabhálach faisnéis faoin íocóir nó faoin íocaí atá in easnamh san áireamh mar thoisc le linn dó measúnú a dhéanamh an bhfuil aistriú cistí, nó aon idirbheart lena mbaineann, amhrasach, agus an bhfuil sé le tuairisciú do AFA i gcomhréir le Treoir (AE) 2015/849.

CAIBIDIL III

Oibleagáidí ar sholáthraithe seirbhísí cripteashócmhainní

Roinn 1

Oibleagáidí ar sholáthraithe seirbhísí íocaíochta an íocóra

Airteagal 14

Faisnéis a ghabhann le haistrithe cripteashócmhainní

1.   Áiritheoidh soláthraí seirbhísí cripteashócmhainní an tionscnóra go ngabhfaidh an fhaisnéis seo a leanas faoin tionscnóir le haistrithe cripteashócmhainní:

(a)

ainm an tionscnóra;

(b)

seoladh mórleabhair dháilte an tionscnóra, i gcásanna ina bhfuil aistriú cripteashócmhainní cláraithe ar líonra ina n-úsáidtear DLT nó teicneolaíocht chomhchosúil, agus uimhir cuntais cripteashócmhainní an tionscnóra, i gcás inarb ann don chuntas sin agus ina n-úsáidtear é chun an t-idirbheart a phróiseáil;

(c)

uimhir cuntais cripteashócmhainní an tionscnóra, i gcásanna nach bhfuil aistriú cripteashócmhainní cláraithe ar líonra ina n-úsáidtear DLT nó teicneolaíocht chomhchosúil;

(d)

seoladh an tionscnóra, lena n-áirítear ainm na tíre, uimhir dhoiciméid phearsanta oifigiúil, agus uimhir aitheantais chustaiméara, nó, de rogha air sin, dáta breithe agus áit bhreithe an tionscnóra; agus

(e)

faoi réir an réimse is gá a bheith ann san fhormáid teachtaireachta ábhartha, agus i gcás ina ndéanann an tionscnóir é a chur ar fáil dá sholáthraí seirbhísí cripteashócmhainní, do LEI reatha nó, ina éagmais sin, d’aon aitheantóir coibhéiseach oifigiúil de chuid an tionscnóra atá ar fáil.

2.   Áiritheoidh soláthraí seirbhísí cripteashócmhainní an tionscnóra go ngabhfaidh an fhaisnéis seo a leanas faoin tairbhí le haistrithe cripteashócmhainní:

(a)

ainm an tairbhí;

(b)

seoladh mórleabhair dháilte an tairbhí, i gcásanna ina bhfuil aistriú cripteashócmhainní cláraithe ar líonra ina n-úsáidtear DLT nó teicneolaíocht chomhchosúil, agus uimhir cuntais cripteashócmhainní an tairbhí, i gcás inarb ann don chuntas sin agus ina n-úsáidtear é chun an t-idirbheart a phróiseáil;

(c)

uimhir cuntais cripteashócmhainní an tairbhí, i gcásanna nach bhfuil aistriú cripteashócmhainní cláraithe ar líonra ina n-úsáidtear DLT nó teicneolaíocht chomhchosúil; agus

(d)

faoi réir an réimse is gá a bheith ann san fhormáid ábhartha teachtaireachta, agus i gcás ina ndéanann an tionscnóir é a chur ar fáil dá sholáthraí seirbhísí cripteashócmhainní, LEI reatha nó, ina éagmais sin, aon aitheantóir oifigiúil coibhéiseach eile de chuid an tairbhí atá ar fáil.

3.   De mhaolú ar mhír 1, pointe (c), agus mír 2, pointe (c), i gcás aistriú cripteashócmhainní nach bhfuil cláraithe ar líonra a úsáideann DLT nó teicneolaíocht chomhchosúil agus nach ndéantar chuig cuntas cripteashócmhainní ná ó chuntas cripteashócmhainní, áiritheoidh soláthraí seirbhísí cripteashócmhainní an tionscnóra go mbeidh aitheantóir idirbhirt uathúil ag gabháil leis an aistriú cripteashócmhainní.

4.   Déanfar an fhaisnéis dá dtagraítear i míreanna 1 agus 2 a thíolacadh sula ndéanfar aistriú na gcripteashócmhainní, nó go comhuaineach nó i gcomhthráth leis an aistriú sin, ar bhealach slán agus i gcomhréir le Rialachán (AE) 2016/679.

Ní cheanglófar an fhaisnéis dá dtagraítear i míreanna 1 agus 2 a bheith ag gabháil go díreach leis an aistriú cripteashócmhainní ná ní cheanglófar an fhaisnéis a bheith san áireamh ann.

5.   I gcás aistriú cripteashócmhainní a dhéantar chuig seoladh féinóstáilte, déanfaidh soláthraí seirbhísí cripteashócmhainní an tionscnóra an fhaisnéis dá dtagraítear i míreanna 1 agus 2 a fháil agus a shealbhú agus áiritheoidh sé gur féidir aistriú cripteashócmhainní a shainaithint ar bhonn aonair.

Gan dochar do bhearta maolaithe riosca sonracha arna ndéanamh i gcomhréir le hAirteagal 19b de Threoir (AE) 2015/849, i gcás aistriú méid ar mó é ná EUR 1 000 chuig seoladh féinóstáilte, déanfaidh soláthraí seirbhísí cripteashócmhainní an tionscnóra bearta leordhóthanacha chun a mheas an bhfuil an seoladh sin faoi úinéireacht nó faoi rialú an tionscnóra.

6.   Sula n-aistreoidh sé na cripteashócmhainní, áiritheoidh soláthraí seirbhísí cripteashócmhainní an tionscnóra beachtas na faisnéise dá dtagraítear i mír 1 ar bhonn doiciméad, sonraí nó faisnéise a fuarthas ó fhoinse iontaofa agus neamhspleách.

7.   Measfar an fíorú dá dtagraítear i mír 6 den Airteagal seo a bheith déanta i gcásanna ina bhfuil feidhm ag ceann amháin díobh seo a leanas:

(a)

fíoraíodh céannacht an tionscnóra i gcomhréir le hAirteagal 13 de Threoir (AE) 2015/849 agus rinneadh an fhaisnéis atá faighte de bhun an fhíoraithe sin a choinneáil i gcomhréir le hAirteagal 40 den Treoir sin;

(b)

tá feidhm ag Airteagal 14(5) de Threoir (AE) 2015/849 maidir leis an tionscnóir.

8.   Ní cheadófar do sholáthraí seirbhísí cripteashócmhainní an tionscnóra aon aistriú cripteashócmhainní a thionscnamh ná a fhorghníomhú sula n-áiritheofar go gcomhlíonfar an tAirteagal seo go hiomlán.

Airteagal 15

Aistrithe baisc-chomhaid cripteashócmhainní

Maidir le haistriú baisc-chomhaid cripteashócmhainní ó thionscnóir aonair, ní bheidh feidhm ag Airteagal 14(1) maidir leis na haistrithe aonair cuachta le chéile iontu, ar choinníoll go bhfuil san aistriú baisc-chomhaid an fhaisnéis dá dtagraítear in Airteagal 14 (1), (2) agus (3), gur fíoraíodh an fhaisnéis sin i gcomhréir le hAirteagal 14(6) agus (7), agus go bhfuil seoladh mórleabhair dháilte an tionscnóra ag gabháil leis na haistrithe aonair, i gcás ina bhfuil feidhm ag Airteagal 14(2), pointe (b), go bhfuil uimhir cuntais cripteashócmhainní an tionscnóra ag gabháil leis na haistrithe aonair, i gcás ina bhfuil feidhm ag Airteagal 14(2), pointe (c), nó go bhfuil an t-aitheantóir idirbhirt uathúil ag gabháil leis na haistrithe aonair, i gcás ina bhfuil feidhm ag Airteagal 14(3).

Roinn 2

Oibleagáidí ar sholáthraí seirbhísí cripteashócmhainní an tairbhí

Airteagal 16

Faisnéis faoin tionscnóir agus faoin tairbhí atá in easnamh a bhrath

1.   Cuirfidh soláthraí seirbhísí cripteashócmhainní an tairbhí nósanna imeachta éifeachtacha chun feidhme, lena n-áirítear, nuair is iomchuí, faireachán tar éis na n-aistrithe nó lena linn, chun a bhrath an bhfuil an fhaisnéis dá dtagraítear in Airteagal 14(1) agus (2) faoin tionscnóir agus faoin tairbhí san áireamh, nó an eascraíonn an fhaisnéis as aistriú nó as aistriú baisc-chomhaid cripteashócmhainní.

2.   I gcás aistriú cripteashócmhainní a dhéanfar ó sheoladh féinostáilte, déanfaidh soláthraí seirbhísí cripteashócmhainní an tairbhí an fhaisnéis dá dtagraítear in Airteagal 14(1) agus (2) a fháil agus a shealbhú agus áiritheoidh sé gur féidir aistriú cripteashócmhainní a shainaithint ar bhonn aonair.

Gan dochar do bhearta maolaithe riosca sonracha arna ndéanamh i gcomhréir le hAirteagal 19b de Threoir (AE) 2015/849, i gcás aistriú méid ar mó é ná EUR 1 000 ó sheoladh féinóstáilte, déanfaidh soláthraí seirbhísí cripteashócmhainní an tairbhí bearta leordhóthanacha chun measúnú a dhéanamh an bhfuil an seoladh sin faoi úinéireacht nó faoi rialú an tairbhí.

3.   Sula gcuirfear na cripteashócmhainní ar fáil don tairbhí, fíoróidh soláthraí seirbhísí cripteashócmhainní an tairbhí beachtas na faisnéise maidir leis an tairbhí dá dtagraítear in Airteagal 14(2) ar bhonn doiciméad, sonraí nó faisnéise a fhaightear ó fhoinse iontaofa agus neamhspleách.

4.   Measfar an fíorú dá dtagraítear i míreanna 2 agus 3 den Airteagal seo a bheith déanta i gcás ina bhfuil feidhm ag ceann amháin díobh seo a leanas:

(a)

fíoraíodh céannacht an tairbhí i gcomhréir le hAirteagal 13 de Threoir (AE) 2015/849 agus rinneadh an fhaisnéis atá faighte de bhun an fhíoraithe sin a choinneáil i gcomhréir le hAirteagal 40 den Treoir sin;

(b)

tá feidhm ag Airteagal 14(5) de Threoir (AE) 2015/849 maidir leis an tairbhí.

Airteagal 17

Aistrithe cripteashócmhainní ina bhfuil faisnéis faoin tionscnóir nó faoin tairbhí in easnamh nó neamhiomlán

1.   Cuirfidh soláthraí seirbhísí cripteashócmhainní an tairbhí nósanna imeachta éifeachtacha riosca-bhunaithe chun feidhme, lena n-áirítear nósanna imeachta atá bunaithe ar an mbonn riosca-íogair dá dtagraítear in Airteagal 13 de Threoir (AE) 2015/849, chun a chinneadh an ndéanfaidh sé aistriú cripteashócmhainní ina bhfuil an fhaisnéis iomlán a cheanglaítear faoin tionscnóir agus faoin tairbhí in easnamh a fhorghníomhú, a dhiúltú, a chur ar ais nó a chur ar fionraí agus chun an ghníomhaíocht leantach iomchuí a dhéanamh.

I gcás ina dtagann soláthraí seirbhísí cripteashócmhainní an tairbhí ar an eolas go bhfuil an fhaisnéis dá dtagraítear in Airteagal 14(1) nó (2) nó in Airteagal 15 in easnamh nó neamhiomlán, déanfaidh an soláthraí seirbhísí cripteashócmhainní sin an méid seo a leanas, ar bhonn riosca-íogair agus gan moill mhíchuí:

(a)

an t-aistriú a dhiúltú nó na cripteashócmhainní a aistríodh a chur ar ais chuig cuntas cripteashócmhainní an tionscnóra; nó

(b)

an fhaisnéis a cheanglaítear faoin tionscnóir nó faoin tairbhí a iarraidh sula gcuirfear na criptea-sócmhainní ar fáil don tairbhí.

2.   I gcás ina mainneoidh soláthraí seirbhísí íocaíochta arís is arís eile an fhaisnéis a cheanglaítear faoin tionscnóir nó faoin tairbhí a sholáthar, déanfaidh soláthraí seirbhísí cripteashócmhainní an tairbhí an méid seo a leanas:

(a)

bearta a dhéanamh, agus féadfar a áireamh orthu sin ar dtús rabhaidh a eisiúint agus sprioc-amanna a shocrú, sula ndéanfar aistriú a dhiúltú, a shrianadh nó a fhoirceannadh i gcomhréir le pointe (b) mura bhfuil an fhaisnéis a cheanglaítear curtha ar fáil go fóill; nó

(b)

aon aistriú cripteashócmhainní amach anseo chuig an soláthraí seirbhísí cripteashócmhainní sin nó ón soláthraí seirbhísí cripteashócmhainní sin a dhiúltú go díreach, nó a ghaolmhaireacht ghnó leis an soláthraí seirbhísí cripteashócmhainní sin a shrianadh nó a fhoirceannadh.

Tabharfaidh soláthraí seirbhísí cripteashócmhainní an tairbhí tuairisc faoin mhainneachtain sin, agus faoi na bearta a rinneadh, don údarás inniúil atá freagrach as faireachán a dhéanamh ar chomhlíonadh forálacha maidir le sciúradh airgid agus maoiniú sceimhlitheoireachta a chomhrac.

Airteagal 18

Measúnú agus tuairisciú

Cuirfidh soláthraí seirbhísí cripteashócmhainní an tairbhí faisnéis faoin tionscnóir nó faoin tairbhí atá in easnamh nó neamhiomlán san áireamh mar thoisc le linn dó measúnú a dhéanamh i dtaobh an bhfuil aistriú cripteashócmhainní, nó aon idirbheart lena mbaineann, amhrasach, agus i dtaobh an bhfuil sé le tuairisciú chuig an AFA i gcomhréir le Treoir (AE) 2015/849.

Roinn 3

Oibleagáidí ar sholáthraithe seirbhísí cripteashócmhainní idirghabhálacha

Airteagal 19

Faisnéis faoin tionscnóir agus faoin tairbhí a ghabhann leis an aistriú a choinneáil

Áiritheoidh soláthraithe seirbhísí cripteashócmhainní idirghabhálacha go ndéanfar an fhaisnéis uile a fhaightear faoin tionscnóir agus faoin tairbhí a ghabhann le haistriú cripteashócmhainní a tharchur leis an aistriú agus go ndéanfar taifid den fhaisnéis sin a choimeád agus a chur ar fáil do na húdaráis inniúla arna iarraidh sin.

Airteagal 20

Faisnéis faoin tionscnóir agus faoin tairbhí atá in easnamh a bhrath

Cuirfidh an soláthraí seirbhísí cripteashócmhainní idirghabhálach nósanna imeachta éifeachtacha chun feidhme, lena n-áirítear, i gcás inarb iomchuí, faireachán tar éis na n-aistrithe nó lena linn, chun a bhrath an bhfuil an fhaisnéis faoin tionscnóir nó faoin tairbhí dá dtagraítear in Airteagal 14(1), pointí (a), (b) agus (c), agus in Airteagal 14(2) pointí (a), (b) agus (c), tíolactha roimhe sin, go comhuaineach nó i gcomhthráth le haistriú cripteashócmhainní nó aistriú baisc-chomhaid cripteashócmhainní, lena n-áirítear i gcás ina ndéantar an t-aistriú chuig seoladh féinóstáilte nó ó sheoladh féinóstáilte.

Airteagal 21

Aistrithe cripteashócmhainní ina bhfuil faisnéis faoin tionscnóir nó faoin tairbhí in easnamh nó neamhiomlán

1.   Bunóidh an soláthraí seirbhísí cripteashócmhainní idirghabhálach nósanna imeachta éifeachtacha riosca-bhunaithe, lena n-áirítear nósanna imeachta atá bunaithe ar an mbonn riosca-íogair dá dtagraítear in Airteagal 13 de Threoir (AE) 2015/849, chun a chinneadh an ndéanfaidh sé aistriú cripteashócmhainní ina bhfuil an fhaisnéis a cheanglaítear faoin tionscnóir ná faoin tairbhí in easnamh a fhorghníomhú, a dhiúltú, a chur ar ais nó a chur ar fionraí agus chun an ghníomhaíocht leantach iomchuí a dhéanamh.

I gcás ina dtagann an soláthraí seirbhísí cripteashócmhainní idirghabhálach ar an eolas, nuair a fhaigheann sé aistriú cripteashócmhainní, go bhfuil an fhaisnéis dá dtagraítear in Airteagal 14(1), pointí (a), (b) agus (c) agus Airteagal 14(2), pointí (a), (b) agus (c) nó Airteagal 15(1), in easnamh nó neamhiomlán, déanfaidh an soláthraí seirbhísí cripteashócmhainní idirghabhálach sin an méid seo a leanas, ar bhonn riosca-íogair agus gan moill mhíchuí:

(a)

an t-aistriú a dhiúltú nó na cripteashócmhainní aistrithe a thabhairt ar ais; nó

(b)

an fhaisnéis a cheanglaítear faoin tionscnóir agus faoin tairbhí a iarraidh sula dtarchuirfear aistriú cripteashócmhainní.

2.   I gcás ina mainneoidh soláthraí seirbhísí íocaíochta arís is arís eile an fhaisnéis a cheanglaítear faoin tionscnóir nó faoin tairbhí a sholáthar, déanfaidh an soláthraí seirbhísí cripteashócmhainní idirghabhálach an méid seo a leanas:

(a)

bearta a dhéanamh, agus féadfar a áireamh orthu sin ar dtús rabhaidh a eisiúint agus sprioc-amanna a shocrú, sula ndéanfar aistriú a dhiúltú, a shrianadh nó a fhoirceannadh i gcomhréir le pointe (b) mura bhfuil an fhaisnéis a cheanglaítear curtha ar fáil go fóill; nó

(b)

aon aistriú cripteashócmhainní amach anseo chuig an soláthraí seirbhísí cripteashócmhainní sin nó ón soláthraí seirbhísí cripteashócmhainní sin a dhiúltú go díreach, nó a ghaolmhaireacht ghnó leis an soláthraí seirbhísí cripteashócmhainní sin a shrianadh nó a fhoirceannadh.

Tabharfaidh an soláthraí seirbhísí cripteashócmhainní idirghabhálach tuairisc faoin mainneachtain sin, agus na bearta a rinneadh, don údarás inniúil atá freagrach as faireachán a dhéanamh ar chomhlíonadh forálacha maidir le sciúradh airgid agus maoiniú sceimhlitheoireachta a chomhrac.

Airteagal 22

Measúnú agus tuairisciú

Déanfaidh an soláthraí seirbhísí cripteashócmhainní idirghabhálach faisnéis atá in easnamh faoin tionscnóir nó faoin tairbhí a chur san áireamh mar thoisc le linn dó measúnú a dhéanamh i dtaobh an bhfuil aistriú cripteashócmhainní, nó aon idirbheart gaolmhar, amhrasach, agus an bhfuil sé le tuairisciú don AFA i gcomhréir le Treoir (AE) 2015/849.

CAIBIDIL IV

Comhbhearta is infheidhme ag soláthraithe seirbhísí íocaíochta agus soláthraithe seirbhísí cripteashócmhainní

Airteagal 23

Beartais, nósanna imeachta agus rialuithe inmheánacha chun cur chun feidhme beart sriantach a áirithiú

Beidh beartais, nósanna imeachta agus rialuithe inmheánacha i bhfeidhm ag soláthraithe seirbhísí íocaíochta agus soláthraithe seirbhísí cripteashócmhainní chun cur chun feidhme beart sriantach de chuid an Aontais agus cur chun feidhme beart sriantach náisiúnta a áirithiú agus aistrithe cistí agus cripteashócmhainní á ndéanamh acu faoin Rialachán seo.

Eiseoidh an tÚdarás Baincéireachta Eorpach (ÚBE) treoirlínte faoin 30 Nollaig 2024 ina sonrófar na bearta dá dtagraítear san Airteagal seo.

CAIBIDIL V

Faisnéis, cosaint sonraí, agus taifid a choinneál

Airteagal 24

Faisnéis a chur ar fáil

Freagróidh soláthraithe seirbhísí íocaíochta agus soláthraithe seirbhísí cripteashócmhainní go hiomlán agus gan mhoill, lena n-áirítear trí phointe teagmhála lárnach i gcomhréir le hAirteagal 45(9) de Threoir (AE) 2015/849 i gcás inar ceapadh pointe teagmhála den sórt sin, agus i gcomhréir leis na ceanglais nós imeachta atá leagtha síos i ndlí náisiúnta an Bhallstáit ina bhfuil na soláthraithe seirbhísí íocaíochta sin bunaithe nó ina bhfuil a n-oifig chláraithe ag na soláthraithe seirbhísí íocaíochta sin, de réir mar is infheidhme, d’fhiosrúcháin a thig go heisiach ó údaráis an Bhallstáit sin atá freagrach as sciúradh airgid nó maoiniú sceimhlitheoireachta a chosc agus a chomhrac maidir leis an bhfaisnéis a cheanglaítear faoin Rialachán seo.

Airteagal 25

Cosaint sonraí

1.   Tá próiseáil sonraí pearsanta faoin Rialachán seo faoi réir Rialachán (AE) 2016/679. Tá sonraí pearsanta a phróiseálann an Coimisiún nó ÚBE de bhun an Rialacháin seo faoi réir Rialachán (AE) 2018/1725.

2.   Ní dhéanfaidh soláthraithe seirbhísí íocaíochta ná soláthraithe seirbhísí cripteashócmhainní sonraí pearsanta a phróiseáil ar bhonn an Rialacháin seo ach amháin chun sciúradh airgid agus maoiniú sceimhlitheoireachta a chosc agus ní dhéanfar tuilleadh próiseála orthu ar bhealach nach bhfuil ag luí leis na críocha sin. Toirmeascfar sonraí pearsanta a phróiseáil ar bhonn an Rialacháin seo chun críoch tráchtála.

3.   Déanfaidh soláthraithe seirbhísí íocaíochta agus soláthraithe seirbhísí cripteashócmhainní an fhaisnéis a cheanglaítear a sholáthar de bhun Airteagal 13 de Rialachán (AE) 2016/679 a chur ar fáil do chliaint nua sula mbunófar gaolmhaireacht ghnó nó sula ndéanfar idirbheart ócáideach. Soláthrófar an fhaisnéis sin i bhfoirm atá gonta, trédhearcach, intuigthe agus a bhfuil rochtain éasca uirthi i gcomhréir le hAirteagal 12 de Rialachán (AE) 2016/679 agus áireofar inti go háirithe fógra ginearálta faoi na hoibleagáidí dlíthiúla atá ar sholáthraithe seirbhísí íocaíochta agus soláthraithe seirbhísí cripteashócmhainní faoin Rialachán seo nuair a bhíonn sonraí pearsanta á bpróiseáil acu chun sciúradh airgid agus maoiniú sceimhlitheoireachta a chosc.

4.   Áiritheoidh soláthraithe seirbhísí íocaíochta agus soláthraithe seirbhísí cripteashócmhainní i gcónaí go ndéanfar aon sonraí pearsanta faoi na páirtithe a bhfuil baint acu le haistriú cistí nó aistriú cripteashócmhainní a tharchur i gcomhréir le Rialachán (AE) 2016/679.

Eiseoidh an Bord Eorpach um Chosaint Sonraí, tar éis dó dul i gcomhairle le ÚBE, treoirlínte maidir le cur chun feidhme praiticiúil na gceanglas cosanta sonraí le haghaidh aistrithe sonraí pearsanta chuig tríú tíortha i gcomhthéacs aistrithe cripteashócmhainní. Eiseoidh ÚBE treoirlínte maidir le nósanna imeachta oiriúnacha chun a chinneadh cé acu a dhéanfar nó nach ndéanfar aistriú cripteashócmhainní a fhorghníomhú, a dhiúltú, a chur ar ais nó a chur ar fionraí, i gcásanna nach féidir comhlíonadh ceanglas cosanta sonraí maidir le haistriú sonraí pearsanta chuig tríú tíortha a áirithiú.

Airteagal 26

Taifid a choimeád

1.   Ní dhéanfar faisnéis faoin íocóir ná faoin íocaí ná faoin tionscnóir ná faoin tairbhí a choinneáil níos faide ná mar is géarghá. Coinneoidh soláthraithe seirbhísí íocaíochta an íocóra agus an íocaí taifid den fhaisnéis dá dtagraítear in Airteagail 4 go 7, agus coinneoidh soláthraithe seirbhísí cripteashócmhainní an tionscnóra agus an tairbhí taifid den fhaisnéis dá dtagraítear in Airteagail 14 go 16, ar feadh tréimhse 5 bliana.

2.   Ar dhul in éag don tréimhse choinneála dá dtagraítear i mír 1, áiritheoidh soláthraithe seirbhísí íocaíochta agus soláthraithe seirbhísí cripteashócmhainní go scriosfar na sonraí pearsanta, mura bhforáiltear a mhalairt leis an dlí náisiúnta lena gcinntear na himthosca faoina bhféadfaidh nó faoina ndéanfaidh soláthraithe seirbhísí íocaíochta agus soláthraithe seirbhísí cripteashócmhainní sonraí den sórt sin a choinneáil a thuilleadh. Ní fhéadfaidh na Ballstáit tréimhse choinneála is faide a cheadú nó a cheangal ach amháin tar éis dóibh measúnú iomlán a dhéanamh ar an ngá le coinneáil bhreise den sórt sin agus ar a comhréireacht, agus i gcás ina measfaidh siad go bhfuil údar le coinneáil bhreise den sórt sin chun sciúradh airgid nó maoiniú sceimhlitheoireachta a chosc, a bhrath nó a imscrúdú. Ní rachaidh an tréimhse choinneála bhreise sin os cionn 5 bliana.

3.   I gcás ina mbeidh imeachtaí dlíthiúla ar feitheamh i mBallstát an 25 Meitheamh 2015, ar imeachtaí iad a bhaineann le sciúradh airgid amhrasta nó maoiniú sceimhlitheoireachta amhrasta a chosc, a bhrath, a imscrúdú nó a ionchúiseamh, agus i gcás ina mbeidh faisnéis nó doiciméid a bhaineann leis na himeachtaí sin ar feitheamh i seilbh ag soláthraí seirbhísí íocaíochta, féadfaidh an soláthraí seirbhísí íocaíochta an fhaisnéis sin nó na doiciméid sin a choinneáil i gcomhréir leis an dlí náisiúnta ar feadh tréimhse 5 bliana ón 25 Meitheamh 2015. Gan dochar don dlí coiriúil náisiúnta maidir le fianaise is infheidhme i ndáil le himscrúduithe coiriúla leanúnacha agus imeachtaí dlíthiúla leanúnacha, féadfaidh na Ballstáit coinneáil faisnéise nó sonraí den sórt sin a cheadú nó a cheangal ar feadh tréimhse bhreise 5 bliana, i gcás inar suíodh gá agus comhréireacht coinneála breise den sórt sin chun sciúradh airgid amhrasta nó maoiniú sceimhlitheoireachta amhrasta a chosc, a bhrath, a imscrúdú nó a ionchúiseamh.

Airteagal 27

Comhar idir na húdaráis inniúla

Beidh an malartú faisnéise idir údaráis inniúla agus le húdaráis ábhartha tríú tír faoin Rialachán seo faoi réir Threoir (AE) 2015/849.

CAIBIDIL VI

Smachtbhannaí agus faireachán

Airteagal 28

Smachtbhannaí agus bearta riaracháin

1.   Gan dochar don cheart chun foráil a dhéanamh do smachtbhannaí coiriúla agus chun iad a fhorchur, leagfaidh na Ballstáit síos na rialacha maidir leis na smachtbhannaí riaracháin agus na bearta riaracháin is infheidhme i leith aon sárú ar fhorálacha an Rialacháin seo agus déanfaidh siad na bearta uile is gá chun a áirithiú go gcuirfear chun feidhme iad. Beidh na smachtbhannaí agus na bearta dá bhforáiltear éifeachtach, comhréireach agus athchomhairleach agus beidh siad ar aon dul leis na smachtbhannaí a leagtar síos i gcomhréir le Caibidil VI, Roinn 4, de Threoir (AE) 2015/849.

Féadfaidh na Ballstáit a chinneadh gan rialacha a leagan síos maidir le smachtbhannaí riaracháin nó bearta riaracháin mar gheall ar shárú ar fhorálacha an Rialacháin seo ar forálacha iad atá faoi réir smachtbhannaí coiriúla ina ndlí náisiúnta. Sa chás sin, cuirfidh na Ballstáit na forálacha ábhartha sin den dlí coiriúil in iúl don Choimisiún.

2.   I gcás ina bhfuil feidhm ag oibleagáidí maidir le soláthraithe seirbhísí íocaíochta agus soláthraithe seirbhísí cripteashócmhainní, áiritheoidh na Ballstáit i gcás sáraithe ar fhorálacha an Rialacháin seo, go bhféadfar smachtbhannaí nó bearta a chur i bhfeidhm, faoi réir an dlí náisiúnta, ar chomhaltaí chomhlacht bainistithe an tsoláthraí seirbhísí ábhartha agus ar aon duine nádúrtha eile atá, faoin dlí náisiúnta, freagrach as an sárú.

3.   Tabharfaidh na Ballstáit fógra don Choimisiún agus don choiste inmheánach buan um chomhrac an sciúrtha airgid agus mhaoiniú na sceimhlitheoireachta dá dtagraítear in Airteagal 9a(7) de Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010. Tabharfaidh na Ballstáit fógra gan moill mhíchuí don Choimisiún agus don choiste inmheánach buan sin faoi aon leasú a dhéanfar ina dhiaidh sin orthu.

4.   I gcomhréir le hAirteagal 58(4) de Threoir (AE) 2015/849, beidh na cumhachtaí maoirseachta agus imscrúdaithe uile is gá chun a gcuid feidhmeanna a fheidhmiú ag na húdaráis inniúla. I bhfeidhmiú a gcumhachtaí chun smachtbhannaí riaracháin agus bearta riaracháin a fhorchur, rachaidh na húdaráis inniúla i ndlúthchomhar le chéile chun a áirithiú go mbeidh an toradh inmhianaithe ar na smachtbhannaí riaracháin sin nó ar na bearta riaracháin sin agus déanfaidh siad a ngníomhaíocht a chomhordú agus iad ag déileáil le cásanna trasteorann.

5.   Áiritheoidh na Ballstáit go bhféadfar daoine dlítheanacha a chur faoi dhliteanas mar gheall ar na sáruithe dá dtagraítear in Airteagal 29 ar bhain siad tairbhe astu, agus a rinne duine ar bith, ag gníomhú dó go leithleach nó mar chuid de chomhlacht de chuid an duine dhlítheanaigh sin, agus a bhfuil post ceannaireachta aige laistigh den duine dlítheanach atá bunaithe ar aon cheann díobh seo a leanas:

(a)

an chumhacht ionadaíocht a dhéanamh don duine dlítheanach;

(b)

údarás chun cinntí a dhéanamh thar ceann an duine dhlítheanaigh;

(c)

údarás chun rialú a fheidhmiú laistigh den duine dlítheanach.

6.   Áiritheoidh na Ballstáit freisin go bhféadfar daoine dlítheanacha a chur faoi dhliteanas i gcás inarbh fhéidir le duine faoi údarás an duine dhlítheanaigh ceann de na sáruithe dá dtagraítear in Airteagal 29 a dhéanamh chun leasa an duine dhlítheanaigh sin, mar thoradh ar easpa maoirseachta nó rialaithe ag duine dá dtagraítear i mír 5 den Airteagal seo.

7.   Feidhmeoidh údaráis inniúla a gcuid cumhachtaí chun smachtbhannaí riaracháin agus bearta riaracháin a fhorchur i gcomhréir leis an Rialachán seo, ar aon cheann de na bealaí seo a leanas:

(a)

trí fheidhm dhíreach;

(b)

i gcomhar le húdaráis eile;

(c)

trína bhfreagracht a tharmligean d’údaráis eile den sórt sin;

(d)

trí iarratas a chur isteach chuig na húdaráis bhreithiúnacha inniúla.

Maidir le feidhmiú a gcumhachtaí chun smachtbhannaí riaracháin agus bearta riaracháin a fhorchur, rachaidh na húdaráis inniúla i ndlúthchomhar le chéile chun a áirithiú go mbeidh an toradh inmhianaithe ar na smachtbhannaí riaracháin sin nó ar na bearta riaracháin sin agus déanfaidh siad a ngníomhaíocht a chomhordú agus iad ag déileáil le cásanna trasteorann.

Airteagal 29

Forálacha sonracha

Áiritheoidh na Ballstáit go n-áireofar lena smachtbhannaí riaracháin agus lena mbearta riaracháin ar a laghad na cinn sin a leagtar síos in Airteagal 59(2) agus (3) de Threoir (AE) 2015/849 i gcás na sáruithe seo a leanas ar an Rialachán seo:

(a)

mainneachtain arís is arís eile, nó mainneachtain chórasach, arna déanamh ag soláthraí seirbhísí íocaíochta chun an fhaisnéis a cheanglaítear faoin íocóir nó faoin íocaí a chur leis an aistriú cistí, de shárú ar Airteagail 4, 5, nó 6 nó ag soláthraí seirbhísí cripteashócmhainní chun an fhaisnéis a cheanglaítear faoin tionscnóir agus faoin tairbhí a chur leis an aistriú cripteashócmhainní, de shárú ar Airteagal 14 nó 15;

(b)

mainneachtain arís is arís eile, mainneachtain chórasach nó mainneachtain thromchúiseach arna déanamh ag soláthraí seirbhísí íocaíochta nó soláthraí seirbhísí cripteashócmhainní taifid a choinneáil, de shárú ar Airteagal 26;

(c)

mainneachtain arna déanamh ag soláthraí seirbhísí íocaíochta nósanna imeachta éifeachtacha riosca-bhunaithe a chur chun feidhme, de shárú ar Airteagail 8 nó 12, nó ag soláthraí seirbhísí cripteashócmhainní nósanna imeachta éifeachtacha riosca-bhunaithe a chur chun feidhme, de shárú ar Airteagal 17;

(d)

mainneachtain thromchúiseach arna déanamh ag soláthraí seirbhísí íocaíochta idirghabhálach Airteagal 11 nó Airteagal 12 a chomhlíonadh nó mainneachtain thromchúiseach ag soláthraí seirbhísí cripteashócmhainní idirghabhálach Airteagail 19, 20 nó 21 a chomhlíonadh.

Airteagal 30

Smachtbhannaí agus bearta a fhoilsiú

I gcomhréir le hAirteagal 60(1), (2) agus (3) de Threoir (AE) 2015/849, déanfaidh na húdaráis inniúla na smachtbhannaí riaracháin agus na bearta riaracháin a fhorchuirtear sna cásanna dá dtagraítear in Airteagail 28 agus 29 den Rialachán seo a fhoilsiú gan moill mhíchuí, lena n-áirítear faisnéis faoi shaghas agus chineál an tsáraithe agus faoi chéannacht na ndaoine atá freagrach as, más rud é gur gá agus gur comhréireach déanamh amhlaidh tar éis meastóireacht de réir an cháis.

Airteagal 31

Na smachtbhannaí agus na bearta á gcur i bhfeidhm ag údaráis inniúla

1.   Agus cineál na smachtbhannaí riaracháin nó na mbeart riaracháin agus leibhéal na smachtbhannaí riaracháin airgid á gcinneadh acu, déanfaidh na húdaráis inniúla na himthosca ábhartha ar fad a chur san áireamh, lena n-áirítear na cinn sin a liostaítear in Airteagal 60(4) de Threoir (AE) 2015/849.

2.   Maidir le smachtbhannaí riaracháin agus bearta riaracháin a fhorchuirtear i gcomhréir leis an Rialachán seo, beidh feidhm ag Airteagal 62 de Threoir (AE) 2015/849.

Airteagal 32

Sáruithe a thuairisciú

1.   Bunóidh na Ballstáit sásraí éifeachtacha chun go ndéanfar tuairisciú sáruithe ar an Rialachán seo chuig na húdaráis inniúla a spreagadh.

Maidir leis na sásraí sin, áireofar orthu ar a laghad na cinn dá dtagraítear in Airteagal 61(2) de Threoir (AE) 2015/849.

2.   Déanfaidh soláthraithe seirbhísí íocaíochta agus soláthraithe seirbhísí cripteashócmhainní, i gcomhar leis na húdaráis inniúla, nósanna imeachta inmheánacha iomchuí a bhunú dá gcuid fostaithe, nó do dhaoine a bhfuil post inchomparáide acu, chun sáruithe a thuairisciú go hinmheánach trí bhealach slán, neamhspleách, sonrach agus anaithnid, ar bealach é a bheidh comhréireach le cineál agus méid an tsoláthraí seirbhísí íocaíochta nó an tsoláthraí seirbhísí cripteashócmhainní lena mbaineann.

Airteagal 33

Faireachán

1.   Ceanglóidh na Ballstáit ar na húdaráis inniúla faireachán éifeachtach a dhéanamh ar chomhlíonadh an Rialacháin seo, agus na bearta is gá a dhéanamh chun an comhlíonadh sin a áirithiú agus spreagfaidh siad tuairisciú chuig na húdaráis inniúla, trí shásraí éifeachtacha, ar sháruithe ar fhorálacha an Rialachán seo.

2.   Faoin 31 Nollaig 2026, agus gach 3 bliana ina dhiaidh sin, cuirfidh an Coimisiún tuarascáil faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle maidir le cur i bhfeidhm Chaibidil VI, agus aird ar leith á tabhairt ar chásanna trasteorann.

CAIBIDIL VII

Cumhachtaí cur chun feidhme

Airteagal 34

Nós imeachta coiste

1.   Tabharfaidh an Coiste um Chosc ar Sciúradh Airgid agus ar Mhaoiniú Sceimhlitheoireachta cúnamh don Choimisiún. Beidh an coiste sin ina choiste de réir bhrí Rialachán (AE) Uimh. 182/2011.

2.   I gcás ina ndéanfar tagairt don mhír seo, beidh feidhm ag Airteagal 5 de Rialachán (AE) Uimh. 182/2011.

CAIBIDIL VIII

Maoluithe

Airteagal 35

Comhaontuithe le tíortha agus le críocha nach cuid de chríoch an Aontais iad

1.   Féadfaidh an Coimisiún údarás a thabhairt d’aon Bhallstát comhaontú a thabhairt i gcrích le tríú tír nó le críoch atá lasmuigh de raon feidhme críochach an Chonartha ar an Aontas Eorpach agus an Chonartha ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (CFAE) dá dtagraítear in Airteagal 355 CFAE (“an tír nó an chríoch lena mbaineann”), ar comhaontú é ina bhfuil maoluithe ón Rialachán seo, ionas gur féidir déileáil le haistrithe cistí idir an tír nó an chríoch sin agus an Ballstát lena mbaineann amhail is gur aistrithe cistí iad laistigh den Bhallstát sin.

Ní fhéadfar comhaontuithe den sórt sin a údarú ach amháin i gcás ina gcomhlíonfar na coinníollacha seo ar fad a leanas:

(a)

go bhfuil an tír nó an chríoch lena mbaineann in aontas airgeadaíochta leis an mBallstát lena mbaineann, go bhfuil sí mar chuid de limistéar airgeadra an Bhallstáit sin nó go bhfuil coinbhinsiún airgeadaíochta sínithe aici leis an Aontas a ndéanann Ballstát ionadaíocht dó;

(b)

go bhfuil na soláthraithe seirbhísí íocaíochta sa tír nó sa chríoch lena mbaineann rannpháirteach go díreach nó go hindíreach i gcórais íocaíochta agus socraíochta sa Bhallstát sin;

(c)

go gceanglaíonn an tír nó an chríoch lena mbaineann ar sholáthraithe seirbhísí íocaíochta atá faoina dlínse na rialacha céanna leis na rialacha a bhunaítear faoin Rialachán seo a chur i bhfeidhm.

2.   Ballstát ar mian leis comhaontú dá dtagraítear i mír 1 a thabhairt i gcrích, seolfaidh sé iarraidh chuig an gCoimisiún agus cuirfidh sé an fhaisnéis ar fad is gá chun breithmheas a dhéanamh ar an iarraidh ar fáil dó.

3.   Ar iarraidh den sórt sin a fháil don Choimisiún, déileálfar go sealadach le haistrithe cistí idir an Ballstát sin agus an tír nó an chríoch lena mbaineann amhail is gur aistrithe cistí iad laistigh den Bhallstát sin, go dtí go dtiocfar ar chinneadh i gcomhréir leis an Airteagal seo.

4.   Más rud é, laistigh de 2 mhí ón iarraidh a fháil, go measann an Coimisiún nach bhfuil an fhaisnéis ar fad is gá chun breithmheas a dhéanamh ar an iarraidh aige, rachaidh sé i dteagmháil leis an mBallstát lena mbaineann agus sonróidh sé an fhaisnéis bhreise a cheanglaítear.

5.   Laistigh de mhí amháin tar éis don Choimisiún an fhaisnéis ar fad a fháil a mheasann sé is gá chun breithmheas a dhéanamh ar an iarraidh, tabharfaidh an Coimisiún fógra don Bhallstát iarrthach dá réir sin agus tarchuirfidh sé cóipeanna den iarraidh chuig na Ballstáit eile.

6.   Laistigh de 3 mhí ón bhfógra dá dtagraítear i mír 5 den Airteagal seo a thabhairt, cinnfidh an Coimisiún, trí bhíthin gníomh cur chun feidhme, i gcomhréir le hAirteagal 34(2) an údaróidh sé don Bhallstát lena mbaineann an comhaontú is ábhar don iarraidh a thabhairt i gcrích.

Déanfaidh an Coimisiún, in aon chás, cinneadh dá dtagraítear sa chéad fhomhír den mhír seo a ghlacadh laistigh de 18 mí ón iarraidh a fháil.

CAIBIDIL IX

Forálacha eile

Airteagal 36

Treoirlínte

Déanfaidh ÚBE treoirlínte a eisiúint a bheidh dírithe ar na húdaráis inniúla agus ar na soláthraithe seirbhísí íocaíochta i gcomhréir le hAirteagal 16 de Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010 maidir le bearta a bheidh le déanamh i gcomhréir leis an Rialachán seo, go háirithe maidir le hAirteagail 7, 8, 11 agus 12 den Rialachán seo a chur chun feidhme. Faoin 20 Meitheamh 2024, déanfaidh ÚBE treoirlínte a eisiúint a bheidh dírithe ar na húdaráis inniúla agus ar na soláthraithe seirbhísí cripteashócmhainní maidir le bearta a bheidh le déanamh a mhéid a bhaineann le cur chun feidhme Airteagail 14 go 17, agus Airteagail 19 go 22 den Rialachán seo.

Eiseoidh ÚBE treoirlínte lena sonrófar gnéithe teicniúla de chur i bhfeidhm an Rialacháin seo maidir le dochair dhíreacha mar aon leis na bearta a bheidh le déanamh ag soláthraithe seirbhísí tionscanta íocaíochta, mar a shainmhínítear in Airteagal 4, pointe (18), de Threoir (AE) 2015/2366, faoin Rialachán seo, agus an ról teoranta atá acu in idirbhearta íocaíochta á chur san áireamh.

Déanfaidh ÚBE treoirlínte a eisiúint, a bheidh dírithe ar na húdaráis inniúla, maidir le saintréithe cur chuige rioscabhunaithe i leith maoirseacht a dhéanamh ar sholáthraithe seirbhísí cripteashócmhainní agus maidir leis na bearta atá le déanamh agus maoirseacht den sórt sin á déanamh acu.

Áiritheoidh ÚBE go mbeidh idirphlé tráthrialta ann le geallsealbhóirí maidir le réitigh idir-inoibritheacha theicniúla a fhorbairt d’fhonn cur chun feidhme na gceanglas a leagtar síos sa Rialachán seo a éascú.

Airteagal 37

Athbhreithniú

1.   Faoi 12 mhí tar éis theacht i bhfeidhm Rialacháin maidir le cosc a chur le húsáid an chórais airgeadais chun críoch sciúrtha airgid nó maoinithe sceimhlitheoireachta, déanfaidh an Coimisiún athbhreithniú ar an Rialachán seo agus, i gcás inarb iomchuí, leasuithe a mholadh chun cur chuige comhsheasmhach agus ailíniú leis an Rialachán maidir le cosc a chur le húsáid an chórais airgeadais chun críoch sciúrtha airgid nó maoinithe sceimhlitheoireachta a áirithiú.

2.   Faoin 1 Iúil 2026, eiseoidh an Coimisiún, tar éis dó dul i gcomhairle le ÚBE, tuarascáil ina ndéanfar measúnú ar na rioscaí a bhaineann le haistrithe ó sheoltaí féinóstáilte nó eintitis nach bhfuil bunaithe san Aontas nó chucu, chomh maith leis an ngá atá le bearta sonracha chun na rioscaí sin a mhaolú, agus molfaidh sé, más iomchuí, leasuithe ar an Rialachán seo.

3.   Faoin 30 Meitheamh 2027, cuirfidh an Coimisiún tuarascáil faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle maidir le cur i bhfeidhm agus forfheidhmiú an Rialacháin seo, lena ngabhfaidh, más iomchuí, togra reachtach.

Beidh na gnéithe seo a leanas sa tuarascáil dá dtagraítear sa chéad fhomhír:

(a)

measúnú ar éifeachtacht na mbeart dá bhforáiltear sa Rialachán seo agus ar an méid atá an Rialachán seo á chomhlíonadh ag soláthraithe seirbhísí íocaíochta agus ag soláthraithe seirbhísí cripteashócmhainní;

(b)

measúnú ar na réitigh theicneolaíocha chun na hoibleagáidí a fhorchuirtear ar sholáthraithe seirbhísí cripteashócmhainní faoin Rialachán seo a chomhlíonadh, lena n-áirítear ar an bhforbairt is déanaí ar réitigh atá slán ó thaobh na teicneolaíochta de agus idir-inoibrithe chun an Rialachán seo a chomhlíonadh agus ar úsáid uirlisí anailíseacha DLT chun tionscnamh agus ceann scríbe na n-aistrithe i gcripteashócmhainní a shainaithint agus chun measúnú “bí eolach ar d’idirbheart” (KYT) a dhéanamh;

(c)

measúnú ar éifeachtacht agus oiriúnacht na dtairseach de minimis a bhaineann le haistrithe cistí, go háirithe maidir lena raon feidhme agus an tacar faisnéise a ghabhann le haistrithe, agus measúnú ar an ngá atá leis na tairsí sin a ísliú nó a bhaint;

(d)

measúnú ar na costais agus na tairbhí a bhaineann le tairseacha de minimis a thabhairt isteach a bhaineann leis an tacar faisnéise a ghabhann le haistrithe cripteashócmhainní, lena n-áirítear measúnú ar na rioscaí gaolmhara sciúrtha airgid agus maoinithe sceimhlitheoireachta;

(e)

anailís ar na treochtaí i dtaca leis an úsáid a bhainfear as seoltaí féinóstáilte chun aistrithe a dhéanamh gan baint a bheith ag tríú páirtí leo, in éineacht le measúnú ar na rioscaí gaolmhara sciúrtha airgid agus maoinithe sceimhlitheoireachta agus meastóireacht ar an ngá atá le bearta maolaithe breise agus éifeachtacht agus in-fhorfheidhmitheacht na mbeart sin, amhail na hoibleagáidí sonracha ar sholáthraithe tiachóg crua-earraí agus bogearraí agus teorannú, rialú nó toirmeasc ar aistrithe lena mbaineann seoltaí féinóstáilte.

Cuirfear san áireamh sa tuarascáil sin forbairtí nua i réimse chomhrac an sciúrtha airgid agus mhaoiniú na sceimhlitheoireachta, chomh maith le meastóireachtaí, measúnuithe agus tuarascálacha ábhartha sa réimse sin arna dtarraingt suas ag eagraíochtaí idirnáisiúnta agus ag bunaitheoirí caighdeán, údaráis forfheidhmithe dlí agus gníomhaireachtaí faisnéise, soláthraithe seirbhísí cripteashócmhainní nó foinsí iontaofa eile.

CAIBIDIL X

Forálacha críochnaitheacha

Airteagal 38

Leasuithe ar Threoir (AE) 2015/849

Leasaítear Treoir (AE) 2015/849 mar a leanas:

(1)

in Airteagal 2(1), pointe (3), scriostar pointí (g) agus (h);

(2)

leasaítear Airteagal 3 mar a leanas:

(a)

i bpointe (2), cuirtear an pointe seo a leanas leis:

“(g)

soláthraithe seirbhísí cripteashócmhainní.”;

(b)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (8):

“(8)

ciallaíonn ‘gaolmhaireacht chomhfhreagrach’:

(a)

seirbhísí baincéireachta a bheith á soláthar ag banc amháin mar an comhfhreagraí do bhanc eile mar an freagróir, lena n-áirítear cuntas dliteanais reatha nó eile agus seirbhísí gaolmhara a sholáthar, amhail bainistíocht airgid thirim, aistrithe cistí idirnáisiúnta, imréiteach seiceanna, cuntais ‘iníoctha tríd’ agus seirbhísí malairte eachtraí;

(b)

an ghaolmhaireacht idir agus i measc institiúidí creidmheasa agus institiúidí airgeadais, lena n-áirítear i gcás ina soláthraíonn institiúid chomhfhreagrach seirbhísí comhchosúla d’institiúid is freagróir, agus lena n-áirítear an ghaolmhaireacht arna bunú le haghaidh idirbhearta urrús nó aistrithe cistí nó an ghaolmhaireacht arna bunú le haghaidh idirbhearta cripteashócmhainní nó aistrithe cripteashócmhainní;”;

(c)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointí 18 agus 19:

“(18)

ciallaíonn ‘cripteashócmhainn’ cripteashócmhainn mar a shainmhínítear in Airteagal 3(1), pointe (5), de Rialachán (AE) 2023/1114 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (*1) ach amháin i gcás ina dtagann sí faoi na catagóirí a liostaítear in Airteagal 2(2), (3) agus (4) den Rialachán sin nó i gcás ina gcáilíonn sí mar chistí ar chaoi eile;

(19)

ciallaíonn ‘soláthraí seirbhísí cripteashócmhainní’ soláthraí seirbhísí cripteashócmhainní mar a shainmhínítear in Airteagal 3(1), pointe (15), de Rialachán (AE) 2023/1114 i gcás ina bhfuil seirbhís cripteashócmhainne amháin nó níos mó á soláthar aige mar a shainmhínítear in Airteagal 3(1), pointe (16), den Rialachán sin, cé is moite de chomhairle a sholáthar maidir le cripteashócmhainní dá dtagraítear in Airteagal 3(1), pointe (16)(h), den Rialachán sin;

(*1)  Rialachán (AE) 2023/1114 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 31 Bealtaine 2023 maidir le margaí cripteashócmhainní, agus lena leasaítear Rialacháin (AE) Uimh. 1093/2010 agus (AE) Uimh. 1095/2010 agus Treoracha 2013/36/AE agus (AE) 2019/1937 (IO L 150, 9.6.2023, lch. 40.).”;"

(d)

cuirtear an pointe seo a leanas leis:

“(20)

ciallaíonn ‘seoladh féinóstáilte’ seoladh féinóstáilte mar a shainmhínítear in Airteagal 3, pointe (20), de Rialachán (AE) 2023/1113 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (*2).

(*2)  Rialachán (AE) 2023/1113 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 31 Bealtaine 2023 maidir le faisnéis a ghabhann le haistrithe cistí agus le cripteashócmhainní áirithe agus lena leasaítear Treoir (AE) 2015/849 (IO L 150, 9.6.2023, lch. 1).”;"

(3)

in Airteagal 18, cuirtear na míreanna seo a leanas leis:

“5.   Faoin.30 Nollaig 2024, déanfaidh ÚBE treoirlínte a eisiúint maidir le hathróga riosca agus fachtóirí riosca a bheidh le cur san áireamh ag soláthraithe seirbhísí cripteashócmhainní agus iad ag dul i mbun gaolmhaireacht ghnó nó ag déanamh idirbhearta i gcripteashócmhainní.

6.   Soiléireoidh ÚBE, go háirithe, conas a chuirfidh soláthraithe seirbhísí cripteashócmhainní na fachtóirí riosca a liostaítear in Iarscríbhinn III san áireamh, lena n-áirítear nuair a bheidh idirbhearta á ndéanamh acu le daoine agus le heintitis nach gcumhdaítear leis an Treoir seo. Chuige sin, tabharfaidh ÚBE aird ar leith ar tháirgí, idirbhearta agus teicneolaíochtaí a d’fhéadfadh anaithnideacht a éascú, amhail tiachóga príobháideachais, meascthóirí nó rothlóirí.

I gcás ina sainaithnítear cásanna lena ngabhann riosca níos airde, áireofar sna treoirlínte dá dtagraítear i mír 5 na bearta díchill chuí feabhsaithe a bhféachfaidh eintitis faoi oibleagáid an bhféadfaí iad a chur i bhfeidhm chun na rioscaí sin a mhaolú, lena n-áirítear nósanna imeachta iomchuí a ghlacadh chun tionscnamh nó ceann scríbe cripteashócmhainní a bhrath.”

;

(4)

cuirtear na hairteagail seo a leanas isteach:

“Airteagal 19a

1.   Ceanglóidh na Ballstáit ar sholáthraithe seirbhísí cripteashócmhainní an riosca sciúrtha airgid agus maoinithe sceimhlitheoireachta a shainaithint agus a mheasúnú i ndáil le haistrithe cripteashócmhainní atá dírithe ar sheoladh féinóstáilte nó ar de thionscnamh seolta fhéinóstáilte iad. Chuige sin, beidh beartais, nósanna imeachta agus rialuithe inmheánacha i bhfeidhm ag soláthraithe seirbhísí cripteashócmhainní. Ceanglóidh na Ballstáit ar sholáthraithe seirbhísí cripteashócmhainní bearta maolaitheacha a chur i bhfeidhm i gcomhréir leis na rioscaí sainaitheanta. Ar na bearta maolaitheacha sin, áireofar ceann amháin nó níos mó díobh seo a leanas:

(a)

bearta rioscabhunaithe a dhéanamh chun tionscnóir nó tairbhí an aistrithe arna dhéanamh chuig seoladh féinóstáilte nó ó sheoladh féinóstáilte nó úinéir tairbhiúil an tionscnóra nó an tairbhí sin a shainaithint agus a fhíorú, lena n-áirítear trí spleáchas ar thríú páirtithe;

(b)

faisnéis bhreise a éileamh maidir le tionscnamh agus ceann scríbe na gcripteashócmhainní arna n-aistriú;

(c)

faireachán leanúnach feabhsaithe a dhéanamh ar na hidirbhearta sin;

(d)

aon bheart eile chun na rioscaí sciúrtha airgid agus maoinithe sceimhlitheoireachta a mhaolú agus a bhainistiú chomh maith leis an riosca nach gcuirfear smachtbhannaí airgeadais spriocdhírithe chun feidhme agus go seachnófar iad agus smachtbhannaí airgeadais spriocdhírithe a bhaineann le maoiniú leata.

2.   Faoin 30 Nollaig 2024, déanfaidh ÚBE treoirlínte a eisiúint chun na bearta dá dtagraítear san Airteagal seo a shonrú, lena n-áirítear na critéir agus na modhanna chun céannacht thionscnóir nó thairbhí an aistrithe arna dhéanamh chuig seoladh féinóstáilte nó ó sheoladh féinóstáilte a shainaithint agus a fhíorú, go háirithe trí spleáchas ar thríú páirtithe, agus na forbairtí teicneolaíochta is déanaí á gcur san áireamh.

Airteagal 19b

1.   De mhaolú ar Airteagal 19, i ndáil le gaolmhaireacht chomhfhreagrach trasteorann lena mbaineann forghníomhú seirbhísí cripteashócmhainní mar a shainmhínítear in Airteagal 3(1), pointe (16), de Rialachán (AE) 2023/1114, cé is moite de phointe (h) den phointe sin, le heintiteas is freagróir nach bhfuil bunaithe san Aontas agus a sholáthraíonn seirbhísí comhchosúla, lena n-áirítear aistrithe cripteashócmhainní, ceanglóidh na Ballstáit, sa bhreis ar na bearta díchill chuí do chustaiméirí a leagtar síos in Airteagal 13 den Treoir seo, ar sholáthraithe seirbhísí cripteashócmhainní, agus iad ag dul i mbun gaolmhaireacht ghnó le heintiteas den sórt sin, an méid seo a leanas a dhéanamh:

(a)

a chinneadh an bhfuil an t-eintiteas is freagróir ceadúnaithe nó cláraithe;

(b)

faisnéis leordhóthanach a bhailiú faoin eintiteas is freagróir chun cineál gnó an fhreagróra a thuiscint go hiomlán agus chun cáil an eintitis agus cáilíocht na maoirseachta a chinneadh ó fhaisnéis atá ar fáil go poiblí;

(c)

measúnú a dhéanamh ar rialuithe AML/CFT an eintitis is freagróir;

(d)

formheas a fháil ón mbainistíocht shinsearach sula mbunófar gaolmhaireacht chomhfhreagrach nua;

(e)

freagrachtaí faoi seach gach páirtí sa ghaolmhaireacht chomhfhreagrach a dhoiciméadú;

(f)

maidir le cuntais cripteashócmhainní ‘iníoctha tríd’, a bheith sásta gur fhíoraigh an t-eintiteas is freagróir céannacht na gcustaiméirí agus go ndearnadh dícheall cuí leanúnach ar na custaiméirí a bhfuil rochtain dhíreach acu ar chuntais an eintitis comhfhreagraigh, agus go bhfuil sé ábalta sonraí ábhartha díchill chuí do chustaiméirí a sholáthar don eintiteas is freagróir, arna iarraidh sin.

I gcás ina gcinnfidh soláthraithe seirbhísí cripteashócmhainní gaolmhaireacht chomhfhreagrach a fhoirceannadh ar chúiseanna a bhaineann le beartas in aghaidh sciúradh airgid agus maoiniú sceimhlitheoireachta, déanfaidh siad a gcinneadh a dhoiciméadú agus a thaifeadadh.

Déanfaidh soláthraithe seirbhísí cripteashócmhainní an fhaisnéis díchill chuí don ghaolmhaireacht chomhfhreagrach a thabhairt cothrom le dáta ar bhonn tráthrialta nó nuair a thagann rioscaí nua chun cinn i ndáil leis an eintiteas is freagróir.

2.   Áiritheoidh na Ballstáit go gcuirfidh soláthraithe seirbhísí cripteashócmhainní an fhaisnéis dá dtagraítear i mír 1 san áireamh chun na bearta iomchuí a chinneadh, ar bhonn riosca-íogair, atá le déanamh chun na rioscaí a bhaineann leis an eintiteas is freagróir a mhaolú.

3.   Faoin 30 Meitheamh 2024, déanfaidh ÚBE treoirlínte a eisiúint chun na critéir agus na heilimintí a shonrú a chuirfidh soláthraithe seirbhísí cripteashócmhainní san áireamh agus an measúnú dá dtagraítear i mír 1 agus na bearta maolaithe riosca dá dtagraítear i mír 2 á ndéanamh, lena n-áirítear an ghníomhaíocht íosta atá le déanamh ag soláthraithe seirbhísí cripteashócmhainní i gcás nach bhfuil an t-eintiteas is freagróir cláraithe ná ceadúnaithe.”

;

(5)

cuirtear an t-airteagal seo a leanas isteach:

“Airteagal 24a

Faoin 1 Eanáir 2024, déanfaidh ÚBE treoirlínte a eisiúint ina sonrófar conas a bheidh feidhm ag bearta díchill chuí feabhsaithe do custaiméirí sa Roinn seo nuair a dhéanann eintitis faoi oibleagáid seirbhísí cripteashócmhainní mar a shainítear in Airteagal 3(1), pointe (16), de Rialachán (AE) 2023/1114, cé is moite de phointe (h) den phointe sin, chomh maith le haistrithe cripteashócmhainne mar a shainmhínítear in Airteagal 3, pointe 10, de Rialachán (AE) 2023/1113. Go háirithe, sonróidh ÚBE conas agus cathain a gheobhaidh na heintitis faoi oibleagáid sin faisnéis bhreise faoin tionscnóir agus faoin tairbhí.”

;

(6)

in Airteagal 45, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 9:

“9.   Féadfaidh na Ballstáit a cheangal ar eisitheoirí ríomh-airgid mar a shainmhínítear in Airteagal 2, pointe (3), de Threoir 2009/110/CE, ar sholáthraithe seirbhísí íocaíochta mar a shainmhínítear in Airteagal 4, pointe (11), de Threoir (AE) 2015/2366 agus ar sholáthraithe seirbhísí cripteashócmhainní atá bunaithe ar a gcríoch i bhfoirmeacha seachas brainse, agus a bhfuil a gceannoifig lonnaithe i mBallstát eile, pointe teagmhála lárnach a cheapadh ina gcríoch. Áiritheoidh an pointe teagmhála lárnach sin, thar ceann an eintitis atá ag feidhmiú ar bhonn trasteorann, go gcomhlíonfar rialacha AML/CFT agus éascóidh sé an mhaoirseacht a dhéanfaidh maoirseoirí, lena n-áirítear trí dhoiciméid agus faisnéis a sholáthar do mhaoirseoirí arna iarraidh sin dóibh.”

;

(7)

in Airteagal 47, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 1:

“1.   Áiritheoidh na Ballstáit go mbeidh oifigí malartaithe airgeadra agus briste seiceanna, agus soláthraithe seirbhísí iontaobhais nó cuideachta ceadúnaithe nó cláraithe, agus go rialófar soláthraithe seirbhísí cearrbhachais.”

;

(8)

in Airteagal 67, cuirtear an mhír seo a leanas leis:

“3.   Na forálacha reachtaíochta, rialúcháin agus riaracháin is gá chun Airteagal 2(1), pointe 3, Airteagal 3, pointe (2)(g), Airteagal 3, pointí (8), (18), (19) agus (20), Airteagal 19ú(1), Airteagal 19b(1) agus (2), Airteagal 45(9) agus Airteagal 47(1) a chomhlíonadh, déanfaidh na Ballstáit iad a ghlacadh agus a fhoilsiú faoin 30 Nollaig 2024, agus foilseoidh siad iad. Cuirfidh siad téacs na bhforálacha sin in iúl don Choimisiún láithreach.

Cuirfidh siad na forálacha sin i bhfeidhm ón 30 Nollaig 2024”.

Airteagal 39

Aisghairm

Aisghairtear Rialachán (AE) 2015/847 le héifeacht ó dháta chur i bhfeidhm an Rialacháin seo.

Déanfar tagairtí don Rialachán aisghairthe a fhorléiriú mar thagairtí don Rialachán seo agus léifear iad i gcomhréir leis an tábla comhghaoil atá in Iarscríbhinn II.

Airteagal 40

Teacht i bhfeidhm

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh feidhm aige ón 30 Nollaig 2024.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil an 31 Bealtaine 2023.

Thar ceann Pharlaimint na hEorpa

An tUachtarán

R. METSOLA

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

P. KULLGREN


(1)  IO C 68, 9.2.2022, lch. 2.

(2)  IO C 152, 6.4.2022, lch. 89.

(3)  Seasamh ó Pharlaimint na hEorpa an 20 Aibreán 2023 (nár foilsíodh fós san Iris Oifigiúil) agus cinneadh ón gComhairle an 16 Bealtaine 2023.

(4)  Rialachán (AE) 2015/847 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Bealtaine 2015 maidir le faisnéis a ghabhann le haistrithe cistí, agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 1781/2006 (IO L 141, 5.6.2015, lch. 1).

(5)  Féach Iarscríbhinn I.

(6)  Treoir 2009/110/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Meán Fómhair 2009 maidir le dul i mbun an ghnó a ghabhann le hinstitiúidí airgid leictreonaigh agus leanúint den ghnó sin agus maoirseacht stuamachta a dhéanamh air, lena leasaítear Treoir 2005/60/CE agus Treoir 2006/48/CE, agus lena n-aisghairtear Treoir 2000/46/CE (IO L 267, 10.10.2009, lch. 7).

(7)  Treoir (AE) 2015/849 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Bealtaine 2015 maidir le húsáid an chórais airgeadais chun sciúradh airgid nó maoiniú sceimhlitheoireachta a chosc, lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 648/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, agus lena n-aisghairtear Treoir 2005/60/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus Treoir 2006/70/CE ón gCoimisiún (IO L 141, 5.6.2015, lch. 73).

(8)  Treoir (AE) 2018/843 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 30 Bealtaine 2018 lena leasaítear Treoir (AE) 2015/849 maidir le húsáid an chórais airgeadais chun sciúradh airgid nó maoiniú sceimhlitheoireachta a chosc, agus lena leasaítear Treoir 2009/138/CE agus Treoir 2013/36/AE (IO L 156, 19.6.2018, lch. 43).

(9)  Rialachán (AE) 2023/1114 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 31 Bealtaine 2023 maidir le margaí cripteashócmhainní, agus lena leasaítear Rialacháin (AE) Uimh. 1093/2010 agus (AE) Uimh. 1095/2010 agus Treoracha 2013/36/AE agus (AE) 2019/1937 (IO L 150, 9.6.2023, lch. 40).

(10)  Rialachán (CE) Uimh. 2580/2001 ón gComhairle an 27 Nollaig 2001 maidir le bearta sriantacha sonracha atá dírithe i gcoinne daoine agus eintitis áirithe d’fhonn an sceimhlitheoireacht a chomhrac (IO L 344, 28.12.2001, lch. 70).

(11)  Rialachán (CE) Uimh. 881/2002 ón gComhairle an 27 Bealtaine 2002 lena bhforchuirtear bearta sriantacha sonracha atá dírithe i gcoinne daoine agus eintitis áirithe atá bainteach leis na heagraíochtaí ISIL (Da’esh) agus Al-Qaida (IO L 139, 29.5.2002, lch. 9).

(12)  Rialachán (AE) Uimh. 356/2010 ón gComhairle an 26 Aibreán 2010 lena bhforchuirtear bearta sriantacha sonracha atá dírithe i gcoinne daoine nádúrtha nó dlíthiúla, eintitis áirithe nó comhlachtaí áirithe i bhfianaise na staide sa tSomáil (IO L 105, 27.4.2010, lch. 1).

(13)  Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 24 Samhain 2010 lena mbunaítear Údarás Maoirseachta Eorpach (an tÚdarás Baincéireachta Eorpach), lena leasaítear Cinneadh Uimh. 716/2009/CE agus lena n-aisghairtear Cinneadh 2009/78/CE ón gCoimisiún (IO L 331, 15.12.2010, lch. 12).

(14)  Rialachán (AE) Uimh. 267/2012 ón gComhairle an 23 Márta 2012 a bhaineann le bearta sriantacha i gcoinne na hIaráine agus lena n‐aisghairtear Rialachán (AE) Uimh. 961/2010 (IO L 88, 24.3.2012, lch. 1).

(15)  Rialachán (AE) 2016/1686 ón gComhairle an 20 Meán Fómhair 2016 lena bhforchuirtear bearta sriantacha breise i gcoinne ISIL (Da’esh) agus Al-Qaeda, agus daoine nádúrtha agus dlítheanacha, eintiteas nó comhlachtaí a bhaineann leo (IO L 255, 21.9.2016, lch. 1).

(16)  Rialachán (AE) 2017/1509 ón gComhairle an 30 Lúnasa 2017 a bhaineann le bearta sriantacha i gcoinne Dhaon-Phoblacht Dhaonlathach na Cóiré agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 329/2007 (IO L 224, 31.8.2017, lch. 1).

(17)  Rialachán (AE) 2016/679 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 27 Aibreán 2016 maidir le daoine nádúrtha a chosaint i ndáil le sonraí pearsanta a phróiseáil agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin, agus lena n-aisghairtear Treoir 95/46/CE (Rialachán Ginearálta maidir le Cosaint Sonraí) (IO L 119, 4.5.2016, lch. 1).

(18)  Treoir (AE) 2015/2366 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 25 Samhain 2015 maidir le seirbhísí íocaíochta sa mhargadh inmheánach, lena leasaítear Treoir 2002/65/CE, Treoir 2009/110/CE agus Treoir 2013/36/AE agus Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010, agus lena n-aisghairtear Treoir 2007/64/CE (IO L 337, 23.12.2015, lch. 35).

(19)  Rialachán (AE) Uimh. 260/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 14 Márta 2012 lena mbunaítear ceanglais theicniúla agus gnó le haghaidh aistrithe creidmheasa agus dochar díreach in euro agus lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 924/2009 (IO L 94, 30.3.2012, lch. 22).

(20)  Rialachán (AE) 2021/1230 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 14 Iúil 2021 maidir le híocaíochtaí trasteorann san Aontas (IO L 274, 30.7.2021, lch. 20).

(21)  Treoir (AE) 2016/680 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 27 Aibreán 2016 i ndáil le cosaint daoine nádúrtha maidir le próiseáil sonraí pearsanta ag údaráis inniúla chun cionta coiriúla a chosc, a imscrúdú, a bhrath nó a ionchúiseamh nó chun pionóis choiriúla a fhorghníomhú, agus saorghluaiseacht sonraí den sórt sin, agus lena n-aisghairtear Cinneadh Réime 2008/977/CGB ón gComhairle (IO L 119, 4.5.2016, lch. 89).

(22)  Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Feabhra 2011 lena leagtar síos na rialacha agus na prionsabail ghinearálta a bhaineann leis na sásraí maidir le rialú ag na Ballstáit ar fheidhmiú cumhachtaí cur chun feidhme ag an gCoimisiún (IO L 55, 28.2.2011, lch. 13).

(23)  Rialachán (AE) 2018/1725 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Deireadh Fómhair 2018 maidir le daoine nádúrtha a chosaint i ndáil le sonraí pearsanta a phróiseáil ag institiúidí, comhlachtaí, oifigí agus gníomhaireachtaí an Aontais agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin, agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 45/2001 agus Cinneadh Uimh. 1247/2002/CE (IO L 295, 21.11.2018, lch. 39).

(24)  IO C 524, 29.12.2021, lch. 10.


IARSCRÍBHINN I

AN RIALACHÁN AISGHAIRTHE AGUS AN LEASÚ A RINNEADH AIR

Rialachán (AE) 2015/847 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle

(IO L 141, 5.6.2015, lch. 1)

 

Rialachán (AE) 2019/2175 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle

(IO L 334, 27.12.2019, lch. 1)

[Airteagal 6 agus an tAirteagal sin amháin)


IARSCRÍBHINN II

TÁBLA COMHGHAOIL

Rialachán (AE) 2015/847

An Rialachán seo

Airteagal 1

Airteagal 1

Airteagal 2(1), (2) agus (3)

Airteagal 2(1), (2) agus (3)

Airteagal 2(4), an chéad fhomhír agus an dara fomhír

Airteagal 2(4), an chéad fhomhír agus an dara fomhír

Airteagal 2(4), an tríú fomhír agus an ceathrú fomhír

Airteagal 2(5)

Airteagal 2(5)

Airteagal 3, an fhoclaíocht tosaigh

Airteagal 3, an fhoclaíocht tosaigh

Airteagal 3, pointí 1 go 9

Airteagal 3, pointí 1 go 9

Airteagal 3, pointe 10

Airteagal 3, pointe 10

Airteagal 3, pointe 11

Airteagal 3, pointe 11

Airteagal 3, pointe 12

Airteagal 3, pointe 12

Airteagal 3, pointí 13 go 24

Airteagal 4(1), an fhoclaíocht tosaigh

Airteagal 4(1), an fhoclaíocht tosaigh

Airteagal 4(1), pointí (a), (b) agus (c)

Airteagal 4(1), pointí (a), (b) agus (c)

Airteagal 4(1), pointe (d)

Airteagal 4(2), an fhoclaíocht tosaigh

Airteagal 4(2), an fhoclaíocht tosaigh

Airteagal 4(2), pointí (a) agus (b)

Airteagal 4(2), pointí (a) agus (b)

Airteagal 4(2), pointe (c)

Airteagal 4(3) go (6)

Airteagal 4(3) go (6)

Airteagail 5 go 13

Airteagail 5 go 13

Airteagail 14 go 23

Airteagal 14

Airteagal 24

Airteagal 15(1), (2) agus (3)

Airteagal 25(1), (2) agus (3)

Airteagal 15(4), an t-aon fhomhír amháin

Airteagal 25(4), an chéad fhomhír

Airteagal 25(4), an dara fomhír

Airteagal 16

Airteagal 26

Airteagal 27

Airteagal 17

Airteagal 28

Airteagal 18

Airteagal 29

Airteagal 19

Airteagal 30

Airteagal 20

Airteagal 31

Airteagal 21

Airteagal 32

Airteagal 22

Airteagal 33

Airteagal 23

Airteagal 34

Airteagal 24(1) go (6)

Airteagal 35(1) go (6)

Airteagal 24(7)

Airteagal 25, an t-aon fhomhír amháin

Airteagal 36, an chéad fhomhír

Airteagal 36, an dara, an tríú agus an ceathrú fomhír

Airteagal 37

Airteagal 38

Airteagal 26

Airteagal 39

Airteagal 27

Airteagal 40

Iarscríbhinn

Iarscríbhinn I

Iarscríbhinn II


Top