EUR-Lex Access to European Union law

Back to EUR-Lex homepage

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 32023R0969

Rialachán (AE) 2023/969 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 10 Bealtaine 2023 lena mbunaítear ardán comhoibrithe chun tacú le feidhmiú na bhfoirne comhpháirteacha um imscrúdú agus lena leasaítear Rialachán (AE) 2018/1726

PE/73/2022/REV/1

IO L 132, 17.5.2023, p. 1–20 (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

Legal status of the document In force

ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2023/969/oj

17.5.2023   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 132/1


RIALACHÁN (AE) 2023/969 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

an 10 Bealtaine 2023

lena mbunaítear ardán comhoibrithe chun tacú le feidhmiú na bhfoirne comhpháirteacha um imscrúdú agus lena leasaítear Rialachán (AE) 2018/1726

TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 82(1), an dara fomhír, pointe (d), de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

Tar éis dóibh an dréachtghníomh reachtach a chur chuig na parlaimintí náisiúnta,

Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach (1),

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Tá sé leagtha síos mar chuspóir ag an Aontas limistéar saoirse, slándála agus ceartais a chur ar fáil dá shaoránaigh, gan teorainneacha inmheánacha, ina n-áiritheofar saorghluaiseacht daoine. Ag an am céanna, ba cheart don Aontas a áirithiú go leanfaidh an limistéar sin de bheith ina áit shábháilte. Ní féidir an cuspóir sin a bhaint amach ach trí chomhar níos éifeachtaí, níos comhordaithe idir na húdaráis forfheidhmithe dlí agus na húdaráis bhreithiúnacha náisiúnta agus idirnáisiúnta agus trí úsáid a bhaint as bearta iomchuí chun an choireacht a chosc agus a chomhrac, lena n-áirítear an choireacht eagraithe agus an sceimhlitheoireacht.

(2)

Tá sé thar a bheith dúshlánach an cuspóir sin a bhaint amach i gcás ina mbíonn gné thrasteorann ag baint leis an gcoireacht ar chríoch dhá Bhallstát nó níos mó agus/nó tríú tíortha. Sna cásanna sin, ní mór do na Ballstáit a bheith in ann dul i gcomhar lena bhfórsaí agus lena n-oibríochtaí chun imscrúduithe trasteorann agus ionchúisimh éifeachtacha agus éifeachtúla a cheadú, a bhfuil malartú faisnéise agus fianaise ríthábhachtach ina leith. Ceann de na huirlisí is rathúla don chomhar trasteorann sin is ea na foirne comhpháirteacha um Imscrúdú (‘JITanna’) trínar féidir comhar díreach agus cumarsáid dhíreach a dhéanamh idir na húdaráis bhreithiúnacha agus na húdaráis forfheidhmithe dlí in dhá Bhallstát nó níos mó agus b’fhéidir i dtríú tíortha, chun go bhféadfaidh siad a gcuid gníomhaíochtaí agus imscrúduithe a eagrú ar an mbealach is éifeachtúla is féidir. Déanann údaráis inniúla dhá Bhallstát nó níos mó agus b’fhéidir údaráis inniúla tríú tíortha JITanna a bhunú le haghaidh cuspóir sonrach agus tréimhse theoranta chun imscrúduithe coiriúla a bhfuil tionchar trasteorann acu a dhéanamh go comhpháirteach.

(3)

Tá sé cruthaithe go bhfuil JITanna ríthábhachtach maidir le feabhas a chur ar chomhar breithiúnach i dtaca le coireanna trasteorann, amhail an chibearchoireacht, an sceimhlitheoireacht agus an choireacht thromchúiseach agus eagraithe a imscrúdú agus a ionchúiseamh, trí nósanna imeachta agus foirmiúlachtaí am-íditheacha idir comhaltaí JITanna a laghdú. Le húsáid mhéadaithe JITanna, feabhsaíodh freisin cultúr an chomhair trasteorann in ábhair choiriúla idir údaráis bhreithiúnacha san Aontas.

(4)

Déantar foráil le acquis an Aontais maidir le dhá chreat dhlíthiúla chun JITanna a bhunú a mbeidh dhá Bhallstát ar a laghad rannpháirteach iontu: Airteagal 13 den Choinbhinsiún maidir le Cúnamh Frithpháirteach in Ábhair Choiriúla idir Ballstáit an Aontais Eorpaigh, arna bhunú ag an gComhairle i gcomhréir le hAirteagal 34 den Chonradh ar an Aontas Eorpach (2) agus Cinneadh Réime 2002/465/CGB ón gComhairle (3). Féadfaidh tríú tíortha a bheith rannpháirteach mar Pháirtithe in JITanna i gcás ina bhfuil bunús dlí leis an rannpháirtíocht sin, amhail Airteagal 20 den Dara Prótacal Breise a ghabhann leis an gCoinbhinsiún Eorpach maidir le Cúnamh Frithpháirteach in Ábhair Choiriúla, a síníodh in Strasbourg an 8 Samhain 2001 (4) agus Airteagal 5 den Chomhaontú maidir le cúnamh dlíthiúil frithpháirteach idir an tAontas Eorpach agus Stáit Aontaithe Mheiriceá (5).

(5)

Tá ról ríthábhachtach ag údaráis bhreithiúnacha idirnáisiúnta maidir le coireanna idirnáisiúnta a imscrúdú agus a ionchúiseamh. Féadfaidh a n-ionadaithe a bheith rannpháirteach in JIT áirithe ar chuireadh ó chomhaltaí JIT bunaithe ar an gcomhaontú ábhartha lena mbunaítear JIT (‘comhaontú JIT’). Dá bhrí sin, ba cheart freisin go n-éascófaí malartú faisnéise agus fianaise idir údaráis inniúla náisiúnta agus aon chúirt, binse nó sásra eile lena ndírítear ar aghaidh a thabhairt ar choireanna tromchúiseacha ar údar imní iad don phobal idirnáisiúnta i gcoitinne, go háirithe an Chúirt Choiriúil Idirnáisiúnta. Dá bhrí sin, ba cheart leis an Rialachán seo rochtain ar an ardán Teicneolaíochta Faisnéise (TF) (‘ardán comhoibrithe na JITanna’) a sholáthar d’ionadaithe údarás breithiúnach idirnáisiúnta den sórt sin chun feabhas a chur ar an gcomhar idirnáisiúnta i dtaca le coireanna idirnáisiúnta a imscrúdú agus a ionchúiseamh.

(6)

Tá géarghá le hardán comhoibrithe le haghaidh JITanna chun cumarsáid éifeachtúil a dhéanamh agus chun faisnéis agus fianaise a mhalartú ar bhealach slán chun a áirithiú gur féidir iad siúd atá freagrach as na coireanna is tromchúisí a thabhairt chun cuntais go pras. Leagtar béim ar an riachtanas sin le sainordú Ghníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um Chomhar Ceartais Choiriúil (Eurojust) a bunaíodh le Rialachán (AE) 2018/1727 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (6), agus a leasaíodh le Rialachán (AE) 2022/838 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (7), lena gcuirtear ar chumas Eurojust fianaise maidir le cinedhíothú, coireanna in aghaidh an chine dhaonna, coireanna cogaidh agus cionta coiriúla gaolmhara a chaomhnú, a anailísiú agus a stóráil agus lena gcumasaítear fianaise ghaolmhar a mhalartú le húdaráis inniúla náisiúnta agus le húdaráis bhreithiúnacha idirnáisiúnta, go háirithe an Chúirt Choiriúil Idirnáisiúnta.

(7)

Sna creataí dlíthiúla atá ann cheana ar leibhéal an Aontais, ní leagtar amach conas a dhéanann na heintitis atá rannpháirteach in JIT faisnéis a mhalartú agus cumarsáid a dhéanamh. Tagann na heintitis sin ar chomhaontú maidir le malartú agus cumarsáid den sórt sin ar bhonn riachtanas agus modhanna atá ar fáil. Tá ríthábhacht ag baint le luas, comhar agus éifeachtúlacht chun coireacht trasteorann, atá ag éirí níos casta i gcónaí agus ag forbairt go tapa, a chomhrac. Mar sin féin, níl aon chóras ann faoi láthair chun tacú le bainistiú JITanna, chun gur féidir fianaise a chuardach agus a thaifeadadh ar bhealach níos éifeachtúla, agus chun na sonraí a mhalartaítear idir iad siúd atá rannpháirteach in JIT a dhaingniú. Is léir nach bhfuil bealaí tiomnaithe slána agus éifeachtacha ann a bhféadfadh iad siúd go léir atá rannpháirteach in JIT leas a bhaint astu agus trína bhféadfaidís méideanna móra faisnéise agus fianaise a mhalartú go pras nó cumarsáid shlán agus éifeachtach a cheadú. Ina theannta sin, níl aon chóras ann chun tacú le bainistiú JITanna, lena n-áirítear inrianaitheacht na fianaise a mhalartaítear i measc na rannpháirtithe in JIT ar bhealach a chomhlíonann ceanglais dhlíthiúla os comhair na gcúirteanna náisiúnta, ná pleanáil agus comhordú oibríochtaí JIT.

(8)

I bhfianaise an mhéadaithe atá tagtha ar an bhféidearthacht go bhfaighidh coirpigh rochtain ar chórais TF, d’fhéadfadh an staid reatha bac a chur ar éifeachtacht agus ar éifeachtúlacht imscrúduithe trasteorann agus na himscrúduithe agus ionchúisimh sin a chur i mbaol agus a mhoilliú i ngeall ar fhaisnéis agus fianaise a bheith á malartú go neamhdhaingean agus go neamhdhigiteach, rud a d’fhágfadh go mbeadh siad níos costasaí. Ní mór do na húdaráis bhreithiúnacha agus do na húdaráis forfheidhmithe dlí, go háirithe, a áirithiú go mbeidh a gcórais chomh nua-aimseartha agus chomh sábháilte agus is féidir agus gur féidir le comhaltaí uile JITanna nascadh agus idirghníomhú go héasca, go neamhspleách ar a gcórais náisiúnta.

(9)

Tá sé tábhachtach feabhas a chur ar chomhar idir JITanna agus tacú leis le huirlisí TF nua-aimseartha. D’fhéadfaí luas agus éifeachtúlacht na malartuithe idir iad siúd atá rannpháirteach in JIT a fheabhsú go mór trí ardán tiomnaithe TF a chruthú chun tacú le feidhmiú JITanna. Dá bhrí sin, is gá rialacha a leagan síos lena mbunófar ardán comhoibrithe na JITanna ar leibhéal an Aontais chun cabhrú leo siúd atá rannpháirteach in JIT chun comhoibriú, cumarsáid shlán a dhéanamh agus faisnéis agus fianaise a roinnt.

(10)

Níor cheart ardán comhoibrithe na JITanna a úsáid ach amháin i gcás ina bhfuil, inter alia, bunús dlí de chuid an Aontais chun JIT a bhunú. Maidir le gach JIT arna bhunú go huile agus go hiomlán ar bhunúis dlí idirnáisiúnta, níor cheart ardán comhoibrithe na JITanna a úsáid, toisc gur maoiníodh é le buiséad an Aontais agus gur forbraíodh ar bhonn reachtaíocht an Aontais é. Mar sin féin, i gcás ina bhfuil údaráis náisiúnta de chuid tríú tír ina bPáirtí i gcomhaontú JIT a bhfuil bunús dlí de chuid an Aontais aige sa bhreis ar bhunús dlí idirnáisiúnta, ba cheart a mheas gur comhaltaí JIT iad ionadaithe údarás inniúil an tríú tír sin.

(11)

Ba cheart úsáid ardán comhoibrithe na JITanna a bheith ar bhonn deonach. Mar sin féin, i bhfianaise an bhreisluacha a bhaineann leis ó thaobh imscrúduithe trasteorann de, moltar go láidir é a úsáid. Níor cheart go ndéanfadh úsáid nó neamhúsáid ardán comhoibrithe na JITanna dochar ná difear do dhlíthiúlacht cineálacha eile cumarsáide nó malartaithe faisnéise ná níor cheart go n-athródh sé sin an chaoi a ndéantar na JITanna a bhunú, a eagrú nó a fheidhmiú. Maidir le hardán comhoibrithe na JITanna a bhunú, níor cheart go ndéanfadh sé sin difear do na bunúis dlí bhunúsacha chun JITanna a bhunú, ná níor cheart go ndéanfadh sé difear don reachtaíocht náisiúnta nós imeachta is infheidhme maidir le bailiú agus úsáid na fianaise a fhaightear. Ba cheart rochtain a bheith ag oifigigh ó údaráis inniúla náisiúnta eile, amhail lucht custaim, nuair is comhaltaí iad de JITanna arna mbunú de bhun Chinneadh Réime 2002/465/CGB, ar spásanna comhoibrithe na JITanna. Le hardán comhoibrithe na JITanna, níor cheart ach uirlis shlán TF a sholáthar chun comhar a fheabhsú, sreabhadh na faisnéise idir a úsáideoirí a luathú, agus slándáil na sonraí a mhalartaítear agus éifeachtacht na JITanna a mhéadú.

(12)

Ba cheart le hardán comhoibrithe na JITanna na céimeanna oibríochtúla agus iar-oibríochtúla de JIT a chumhdach ón nóiméad a shíneofar an comhaontú ábhartha JIT, go dtí go ndéanfar an mheastóireacht ar an JIT a thabhairt chun críche. Ós rud é nach ionann na gníomhaithe atá rannpháirteach i bpróiseas bunaithe an JIT agus na gníomhaithe atá ina gcomhaltaí de JIT nuair a bheidh sé bunaithe, níor cheart an próiseas maidir le JIT a bhunú a bhainistiú trí ardán comhoibrithe na JITanna, go háirithe maidir le caibidlíocht a dhéanamh ar an ábhar agus an comhaontú JIT a shíniú. Mar sin féin, i bhfianaise an ghá le huirlis leictreonach chun tacú leis an bpróiseas maidir le comhaontú JIT a shíniú, tá sé tábhachtach go ndéanfadh an Coimisiún breithniú i ndáil leis an bpróiseas sin a chumhdach leis an gCóras r-Fhianaise um Malartú Digiteach (eEDES), arb é atá ann tairseach shlán ar líne le haghaidh iarrataí agus freagairtí leictreonacha arna forbairt ag an gCoimisiún.

(13)

Maidir le gach JIT a bhaineann úsáid as ardán comhoibrithe na JITanna, ba cheart comhaltaí JIT a spreagadh chun meastóireacht a dhéanamh ar an JIT, le linn chéim oibríochtúil an JIT nó i ndiaidh clabhsúr a chur léi, trí úsáid a bhaint as na huirlisí atá curtha ar fáil ag ardán comhoibrithe na JITanna.

(14)

Ba cheart comhaontú JIT, lena n-áirítear aon fhoscríbhinní, a bheith ina réamhriachtanas chun ardán comhoibrithe na JITanna a úsáid. Ba cheart inneachar gach comhaontaithe JIT a bheidh ann amach anseo a oiriúnú chun forálacha ábhartha an Rialacháin seo a chur san áireamh.

(15)

D’fhorbair líonra na saineolaithe náisiúnta ar JITanna, arna bhunú in 2005 (‘an Líonra JITanna’), samhail-chomhaontú lena ngabhann foscríbhinní, chun bunú JITanna a éascú. Ba cheart ábhar an tsamhail-chomhaontaithe agus na foscríbhinní a oiriúnú chun an cinneadh úsáid a bhaint as ardán comhoibrithe na JITanna agus na rialacha maidir le rochtain ar ardán comhoibrithe na JITanna a chur san áireamh.

(16)

Ó thaobh na hoibríochta de, ba cheart ardán comhoibrithe na JITanna a bheith comhdhéanta de spásanna comhoibrithe leithlisithe a chruthaítear le haghaidh na JITanna aonair ar fad atá á n-óstáil ag ardán comhoibrithe na JITanna.

(17)

Ó thaobh na teicneolaíochta de, ba cheart rochtain a bheith ar ardán comhoibrithe na JITanna trí nasc slán ar an idirlíon agus ba cheart an t-ardán a bheith comhdhéanta de chóras faisnéise láraithe a mbeadh rochtain air trí thairseach gréasáin shlán, bogearraí cumarsáide le haghaidh feistí móibíleacha agus deisce, lena n-áirítear ardsásra logála agus rianaithe, agus nasc idir an córas faisnéise láraithe agus na huirlisí TF ábhartha lena dtacaítear le feidhmiú JITanna agus arna mbainistiú ag Rúnaíocht an Líonra JITanna.

(18)

Ba cheart é a bheith de chuspóir ag ardán comhoibrithe na JITanna comhordú agus bainistiú JIT a éascú. Ba cheart, le hardán comhoibrithe na JITanna malartú agus stóráil shealadach faisnéise oibríochtúla agus fianaise oibríochtúla a áirithiú, cumarsáid shlán a chur ar fáil, foráil a dhéanamh maidir le hinrianaitheacht fianaise agus tacú leis an bpróiseas chun meastóireacht a dhéanamh ar JIT. Ba cheart iad siúd go léir atá rannpháirteach in JIT a spreagadh chun úsáid a bhaint as feidhmiúlachtaí uile ardán comhoibrithe na JITanna agus chun bealaí cumarsáide agus malartaithe sonraí ardán comhoibrithe na JITanna a chur in ionad na mbealaí cumarsáide agus malartaithe sonraí atá in úsáid faoi láthair a mhéid is féidir.

(19)

Tá an comhardú agus an malartú sonraí idir gníomhaireachtaí agus comhlachtaí an Aontais sa limistéar saoirse, slándála agus ceartais, ar gníomhaireachtaí agus comhlachtaí iad atá rannpháirteach sa chomhar breithiúnach, agus comhaltaí JITanna ríthábhachtach chun freagairt chomhordaithe de chuid an Aontais ar ghníomhaíochtaí coireachta a áirithiú agus chun tacaíocht ríthábhachtach a sholáthar do na Ballstáit chun an choireacht a chomhrac. Le hardán comhoibrithe na JITanna, ba cheart na huirlisí atá ann cheana a chomhlánú, ar uirlisí iad a fhágann gur féidir sonraí a mhalartú ar bhealach slán idir údaráis bhreithiúnacha agus údaráis forfheidhmithe dlí, amhail an Feidhmchlár Líonra um Malartú Slán Faisnéise (SIENA) arna bhainistiú ag Gníomhaireacht an Aontais Eorpaigh i ndáil le Comhar i bhForfheidhmiú an Dlí (Europol) arna bunú le Rialachán (AE) 2016/794 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (8).

(20)

Ba cheart feidhmiúlachtaí cumarsáide ardán comhoibrithe na JITanna a chur ar fáil le bogearraí úrscothacha lenar féidir cumarsáid neamh-inrianaithe a stóráil go háitiúil ar fheistí de chuid úsáideoirí ardán comhoibrithe na JITanna.

(21)

Ba cheart feidhmiúlacht cheart a fhágann gur féidir faisnéis oibríochtúil agus fianaise oibríochtúil a mhalartú, lena n-áirítear comhaid mhóra, a áirithiú trí shásra uaslódála/íoslódála atá ceaptha chun na sonraí a stóráil go lárnach ar feadh na tréimhse teoranta ama is gá chun na sonraí a aistriú ar bhealach teicniúil agus ar feadh na tréimhse sin amháin. A luaithe a íoslódálfaidh na seolaithe uile na sonraí, ba cheart iad a léirscriosadh go huathoibríoch agus go buan ó ardán comhoibrithe na JITanna.

(22)

I bhfianaise na taithí atá aici ar chórais mhórscála a bhainistiú sa limistéar ceartais agus gnóthaí baile, ba cheart é a chur de chúram ar Ghníomhaireacht an Aontais Eorpaigh chun Bainistiú Oibríochtúil a dhéanamh ar Chórais Mhórscála TF sa Limistéar Saoirse, Slándála agus Ceartais (eu-LISA), a bunaíodh le Rialachán (AE) 2018/1726 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (9), ardán comhoibrithe na JITanna a dhearadh, a fhorbairt agus a oibriú trí úsáid a bhaint as feidhmiúlachtaí SIENA atá ann cheana agus feidhmiúlachtaí eile Europol chun comhlántacht agus, i gcás inarb iomchuí, nascacht, a áirithiú. Dá bhrí sin, ba cheart sainordú eu-LISA a leasú chun na cúraimí nua sin a léiriú agus ba cheart an cistiú agus an fhoireann iomchuí a sholáthar do eu-LISA chun a chuid freagrachtaí faoin Rialachán seo a chomhlíonadh. Maidir leis sin, ba cheart rialacha a bhunú maidir leis na freagrachtaí a bheidh ar eu-LISA, agus í ag feidhmiú mar an ghníomhaireacht ar a gcuirtear de chúram ardán comhoibrithe na JITanna a fhorbairt, a oibriú go teicniúil agus a chothabháil.

(23)

Ba cheart a áirithiú le eu-LISA go bhféadfaí, i gcás inar gá, sonraí atá ag údaráis forfheidhmithe dlí a tharchur go héasca ó SIENA chuig ardán comhoibrithe na JITanna. Chuige sin, ba cheart don Choimisiún tuarascáil a chur faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle ina ndéanfar measúnú ar a riachtanaí, a indéanta agus a oiriúnaí a bheadh sé nasc a dhéanamh idir ardán comhoibrithe na JITanna agus SIENA. Ba cheart na coinníollacha, na sonraíochtaí teicniúla agus na nósanna imeachta chun nasc agus malartú sonraí slán éifeachtúil a áirithiú a bheith sa tuarascáil sin. Ba cheart go gcuirfí san áireamh sa mheasúnú an leibhéal ard cosanta sonraí atá ag teastáil le haghaidh nasc den sórt sin, bunaithe ar chreat dlíthiúil an Aontais agus ar an gcreat náisiúnta um chosaint sonraí atá ann cheana, amhail Treoir (AE) 2016/680 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (10), Rialachán (AE) 2018/1725 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (11) agus na rialacha is infheidhme maidir le comhlachtaí, oifigí nó gníomhaireachtaí ábhartha de chuid an Aontais sna gníomhartha dlí lena mbunaítear iad. Ba cheart leibhéal cosanta na sonraí a mhalartófar trí ardán comhoibrithe na JITanna, eadhon sonraí íogaire agus neamh-rúnaicmithe, a thabhairt san áireamh. I gcomhréir le Rialachán (AE) 2018/1725, ba cheart don Choimisiún dul i gcomhairle leis an Maoirseoir Eorpach ar Chosaint Sonraí freisin sula gcuirfear an tuarascáil sin faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle maidir leis an tionchar ar chosaint cearta agus saoirsí na ndaoine aonair a eascraíonn as an bpróiseáil a bheartaítear a dhéanamh ar shonraí pearsanta.

(24)

Ó bunaíodh an Líonra JITanna in 2005, tacaíonn Rúnaíocht an Líonra JITanna le hobair an Líonra JITanna trí chruinnithe bliantúla agus gníomhaíochtaí oiliúna a eagrú, trí mheastóireachtaí ar na JITanna aonair a bhailiú agus anailís a dhéanamh orthu agus trí chlár cistiúcháin Eurojust maidir le JIT a bhainistiú. Ó 2011 i leith, tá Rúnaíocht an Líonra JITanna á hóstáil ag Eurojust mar aonad ar leith. Ba cheart an fhoireann iomchuí a chur ar fáil do Eurojust lena leithdháileadh ar Rúnaíocht an Líonra JITanna chun go bhfágfar gur féidir le Rúnaíocht an Líonra JITanna tacaíocht a thabhairt d’úsáideoirí ardán comhoibrithe na JITanna i gcur i bhfeidhm praiticiúil ardán comhoibrithe na JITanna, chun go gcuirfí treoir agus cúnamh ar fáil ó lá go lá, chun go ndéanfaí cúrsaí oiliúna a dhearadh agus a chur ar fáil agus chun go ndéanfaí feasacht a mhúscailt agus chun go gcuirfí úsáid ardán comhoibrithe na JITanna chun cinn.

(25)

I bhfianaise na n-uirlisí TF atá ann faoi láthair lena dtacaítear le hoibríochtaí na JITanna, atá á n-óstáil ag Eurojust agus á mbainistiú ag Rúnaíocht an Líonra JITanna, is gá ardán comhoibrithe na JITanna a nascadh leis na huirlisí TF sin chun bainistiú JITanna a éascú. Chuige sin, ba cheart do Eurojust a áirithiú go ndéanfar an t-oiriúnú teicniúil is gá ar a chórais chun nasc den sórt sin a bhunú. Ba cheart an cistiú agus an fhoireann iomchuí a chur ar fáil freisin do Eurojust chun a fhreagrachtaí a chomhlíonadh ina leith sin.

(26)

Le linn chéim oibríochtúil JIT, tugann Eurojust agus Europol tacaíocht luachmhar oibríochtúil do chomhaltaí de JITanna trí raon leathan uirlisí tacaíochtaí a chur ar fáil, lena n-áirítear oifigí soghluaisteachta, trí anailísí crosmheaits agus anailíseacha, ionaid chomhordaithe agus oibríochtúla, comhordú ionchúisimh, saineolas agus cistiú a chur ar fáil.

(27)

Chun leithroinnt shoiléir ceart agus cúraimí a áirithiú, ba cheart rialacha a bhunú maidir le freagrachtaí na mBallstát, Eurojust, Europol, Oifig an Ionchúisitheora Phoiblí Eorpaigh (‘OIPE’) a bunaíodh le Rialachán (AE) 2017/1939 ón gComhairle (12), na hOifige Eorpaí Frith-Chalaoise (OLAF) a bunaíodh le Cinneadh 1999/352/CE, CEGC, Euratom ón gCoimisiún (13) agus comhlachtaí, oifigí agus gníomhaireachtaí inniúla eile de chuid an Aontais, lena n-áirítear na coinníollacha faoinar féidir leo úsáid a bhaint as ardán comhoibrithe na JITanna chun críoch oibriúcháin.

(28)

Leagtar amach sa Rialachán seo na mionsonraí i dtaca le sainordú, comhdhéanamh agus gnéithe eagraíochtúla Boird Bainistíochta Clár ar cheart do Bhord Bainistíochta eu-LISA a bhunú. Ba cheart don Bhord Bainistíochta Clár a áirithiú go ndéanfar bainistiú leordhóthanach ar chéim deartha agus forbartha ardán comhoibrithe na JITanna. Is gá freisin mionsonraí faoi shainordú, comhdhéanamh agus gnéithe eagraíochtúla an Ghrúpa Chomhairligh a mbunóidh eu-LISA a leagan amach chun saineolas a fháil a bhaineann le hardán comhoibrithe na JITanna, go háirithe i gcomhthéacs clár oibre bliantúil agus tuarascáil bhliantúil ar ghníomhaíochtaí eu-LISA a ullmhú.

(29)

Bunaítear leis an Rialachán seo rialacha maidir le rochtain ar ardán comhoibrithe na JITanna agus na coimircí is gá. Ba cheart é a bheith de chúram ar riarthóir spáis nó riarthóirí spáis na JITanna cearta rochtana ar spásanna comhoibrithe aonair an JIT a bhainistiú. Ba cheart iad a bheith i gceannas ar rochtain a bhainistiú, le linn chéimeanna oibríochtúla agus iar-oibríochtúla an JIT, d’úsáideoirí ardán comhoibrithe na JITanna, ar bhonn an chomhaontaithe ábhartha JIT. Ba cheart do riarthóirí spáis JIT a bheith in ann a gcúraimí teicniúla agus riaracháin a tharmligean chuig Rúnaíocht an Líonra JITanna, ach amháin i gcás fhíorú na sonraí arna n-uaslódáil ag tríú tíortha nó ag ionadaithe na n-údarás breithiúnach idirnáisiúnta.

(30)

Agus aird á tabhairt ar a íogaire atá na sonraí oibríochtúla a mhalartaítear i measc úsáideoirí ardán comhoibrithe na JITanna, ba cheart leibhéal ard slándála a áirithiú le hardán comhoibrithe na JITanna. Ba cheart do eu-LISA gach beart teicniúil agus eagraíochtúil is gá a dhéanamh chun slándáil an mhalartaithe sonraí a áirithiú trí algartaim chriptiúcháin láidre ó cheann go ceann a úsáid chun sonraí faoi bhealach nó ar fos a chriptiú.

(31)

Leis an Rialachán seo, bunaítear rialacha maidir le dliteanas Ballstát, eu-LISA, Eurojust, Europol, OIPE, OLAF agus comhlachtaí, oifigí agus gníomhaireachtaí inniúla eile de chuid an Aontais i ndáil le damáiste ábhartha nó neamhábhartha a tharlaíonn mar thoradh ar aon ghníomh nach bhfuil ag luí leis an Rialachán seo. Maidir le tríú tíortha agus údaráis bhreithiúnacha idirnáisiúnta, ba cheart clásail dliteanais i leith damáiste ábhartha nó neamhábhartha a bheith sna comhaontuithe ábhartha JIT.

(32)

Leagtar síos sa Rialachán seo forálacha cosanta sonraí sonracha a bhaineann le sonraí oibríochtúla agus sonraí neamhoibríochtúla araon. Tá gá leis na forálacha cosanta sonraí sin chun na socruithe atá ann cheana maidir le cosaint sonraí a fhorlíonadh agus chun foráil a dhéanamh maidir le leibhéal foriomlán leordhóthanach cosanta sonraí, slándála sonraí agus cosanta i dtaca le cearta bunúsacha na ndaoine lena mbaineann.

(33)

Ba cheart an phróiseáil sonraí pearsanta faoin Rialachán seo a bheith i gcomhréir le creat dlíthiúil an Aontais maidir le cosaint sonraí pearsanta. Tá feidhm ag Treoir (AE) 2016/680 maidir le próiseáil sonraí pearsanta a dhéanann údaráis inniúla náisiúnta chun cionta coiriúla a chosc, a imscrúdú, a bhrath nó a ionchúiseamh nó chun pionóis choiriúla a fhorghníomhú, lena n-áirítear coimirciú a dhéanamh in aghaidh bagairtí ar an tslándáil phoiblí agus cosc a chur ar na bagairtí sin. Maidir le próiseáil sonraí a dhéanann institiúidí, comhlachtaí, oifigí agus gníomhaireachtaí an Aontais, tá feidhm ag Rialachán (AE) 2018/1725 i gcomhthéacs an Rialacháin seo. Chuige sin, ba cheart coimircí iomchuí maidir le cosaint sonraí a áirithiú.

(34)

Maidir le gach údarás inniúil náisiúnta de chuid Ballstáit, agus i gcás inarb iomchuí, Eurojust, Europol, OIPE, OLAF nó aon chomhlacht, oifig nó gníomhaireacht inniúil eile de chuid an Aontais, ba cheart dóibh a bheith freagrach go haonar as sonraí pearsanta oibríochtúla a phróiseáil agus ardán comhoibrithe na JITanna á úsáid acu. Ba cheart a mheas gur chomhrialaitheoirí de réir bhrí Rialachán (AE) 2018/1725 iad úsáideoirí ardán comhoibrithe na JITanna, maidir le próiseáil sonraí pearsanta neamhoibríochtúla.

(35)

I gcomhréir leis an gcomhaontú ábhartha JIT, ba cheart riarthóirí spáis JIT a bheith in ann rochtain ar spás comhoibrithe JIT a dheonú d’ionadaithe ó údaráis inniúla de chuid tríú tíortha, údaráis ar páirtithe iad i gcomhaontú JIT nó d’ionadaithe na n-údarás breithiúnach idirnáisiúnta atá rannpháirteach in JIT. I gcomhthéacs comhaontaithe JIT, aon aistriú sonraí pearsanta a dhéantar chuig tríú tíortha nó chuig údaráis bhreithiúnacha idirnáisiúnta agus na húdaráis sin á meas a bheith ina n-eagraíochtaí idirnáisiúnta chun na críche sin, tá sé faoi réir chomhlíonadh na bhforálacha a leagtar amach i gCaibidil V de Threoir (AE) 2016/680. Ba cheart malartuithe sonraí oibríochtúla le tríú tíortha nó údaráis bhreithiúnacha idirnáisiúnta a bheith teoranta do na malartuithe a bhfuil fíorghá leo chun cuspóirí an chomhaontaithe ábhartha JIT a chomhlíonadh.

(36)

I gcás ina bhfuil roinnt riarthóirí spáis ag JIT, ba cheart ceann amháin acu a ainmniú sa chomhaontú ábhartha JIT mar rialaitheoir ar na sonraí arna n-uaslódáil ag tríú tíortha nó ag ionadaithe na n-údarás breithiúnach idirnáisiúnta, sula gcruthófar spás comhoibrithe JIT ina bhfuil tríú tíortha nó ionadaithe ó údaráis bhreithiúnacha idirnáisiúnta rannpháirteach.

(37)

Ba cheart do eu-LISA a áirithiú go ndéanfar rochtain ar an gcóras faisnéise láraithe agus ar gach oibríocht próiseála sonraí sa chóras faisnéise láraithe a logáil chun faireachán a dhéanamh ar shláine agus slándáil sonraí agus ar dhlíthiúlacht na próiseála sonraí agus chun críoch féinfhaireacháin chomh maith. Níor cheart rochtain a bheith ag eu-LISA ar na sonraí oibríochtúla agus neamhoibríochtúla a stóráiltear ar spásanna comhoibrithe na JITanna.

(38)

Leis an Rialachán seo, forchuirtear oibleagáidí tuairiscithe ar eu-LISA maidir le forbairt agus feidhmiú ardán comhoibrithe na JITanna i bhfianaise na gcuspóirí a bhaineann le pleanáil, aschur teicniúil, éifeachtúlacht costais, slándáil, agus cáilíocht seirbhíse. Thairis sin, ba cheart don Choimisiún meastóireacht fhoriomlán a dhéanamh ar ardán comhoibrithe na JITanna lena ndéantar cuspóirí an Rialacháin seo a chur san áireamh, chomh maith le torthaí comhiomlánaithe na meastóireachtaí ar JITanna aonair, tráth nach déanaí ná 2 bhliain ón dáta a rachfar i mbun oibríochtaí ardán comhoibrithe na JITanna agus gach 4 bliana ina dhiaidh sin.

(39)

Cé gur cheart gurb é buiséad an Aontais a d’íocfadh as ardán comhoibrithe na JITanna a bhunú agus a chothabháil agus le ról tacaíochta Eurojust ón dáta a rachfar i mbun oibríochtaí ardán comhoibrithe na JITanna, maidir le gach Ballstáit, mar aon le Eurojust, Europol, OIPE, OLAF agus aon chomhlacht, oifig agus gníomhaireacht inniúil eile de chuid an Aontais, ba cheart gurb orthu féin a bheadh sé na costais a sheasamh a thiocfaidh as úsáid a bhaint as ardán comhoibrithe na JITanna.

(40)

Chun coinníollacha aonfhoirmeacha a bhunú maidir le forbairt theicniúil agus cur chun feidhme ardán comhoibrithe na JITanna, ba cheart cumhachtaí cur chun feidhme a thabhairt don Choimisiún. Ba cheart na cumhachtaí sin a fheidhmiú i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (14).

(41)

Ba cheart don Choimisiún na gníomhartha ábhartha cur chun feidhme is gá chun ardán comhoibrithe na JITanna a fhorbairt go teicniúil a ghlacadh a luaithe is féidir tar éis dháta theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo.

(42)

Ba cheart don Choimisiún an dáta a rachfar i mbun oibríochtaí ardán comhoibrithe na JITanna a chinneadh a luaithe a ghlacfar na gníomhartha cur chun feidhme ábhartha is gá chun ardán comhoibrithe na JITanna a fhorbairt go teicniúil agus a luaithe a bheidh tástáil chuimsitheach déanta ag eu-LISA ar ardán comhoibrithe na JITanna, le rannpháirtíocht na mBallstát.

(43)

Ós rud é nach féidir leis na Ballstáit cuspóir an Rialacháin seo, eadhon comhar, cumarsáid agus malartú faisnéise agus fianaise atá éifeachtach agus éifeachtúil a éascú idir comhaltaí JIT, ionadaithe údarás breithiúnach idirnáisiúnta, Eurojust, Europol, OLAF agus comhlachtaí, oifigí agus gníomhaireachtaí inniúla eile de chuid an Aontais, a ghnóthú go leordhóthanach, agus gur fearr is féidir é a ghnóthú ar leibhéal an Aontais trí rialacha comhchoiteanna a leagan amach, féadfaidh an tAontas bearta a ghlacadh, i gcomhréir le prionsabal na coimhdeachta a leagtar amach in Airteagal 5 den Chonradh ar an Aontas Eorpach (CAE). I gcomhréir le prionsabal na comhréireachta a leagtar amach san Airteagal sin, ní théann an Rialachán seo thar a bhfuil riachtanach chun an cuspóir sin a ghnóthú.

(44)

I gcomhréir le hAirteagail 1 agus 2 de Phrótacal Uimh. 22 maidir le seasamh na Danmhairge, atá i gceangal leis an gConradh ar an Aontas Eorpach agus leis an gConradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, níl an Danmhairg rannpháirteach i nglacadh an Rialacháin seo agus níl sí faoi cheangal aige ná faoi réir a chur i bhfeidhm.

(45)

I gcomhréir le hAirteagal 3 de Phrótacal Uimh. 21 maidir le seasamh na Ríochta Aontaithe agus na hÉireann i dtaca leis an limistéar saoirse, slándála agus ceartais, atá i gceangal le CAE agus le CFAE, tá fógra tugtha ag Éirinn, le litir an 7 Aibreán 2022, gur mian léi a bheith rannpháirteach i nglacadh agus i gcur i bhfeidhm an Rialacháin seo.

(46)

Chuathas i gcomhairle leis an Maoirseoir Eorpach ar Chosaint Sonraí i gcomhréir le hAirteagal 42(1) de Rialachán (AE) 2018/1725 agus thug an Maoirseoir barúlacha foirmiúla an 25 Eanáir 2022,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

CAIBIDIL I

FORÁLACHA GINEARÁLTA

Airteagal 1

Ábhar

Leis an Rialachán seo:

(a)

bunaítear ardán TF (‘ardán comhoibrithe na JITanna’) atá le húsáid ar bhonn deonach, chun comhar na n-údarás inniúil atá rannpháirteach i bhfoirne comhpháirteacha um imscrúdú (‘JITanna’) arna mbunú ar bhonn Airteagal 13 den Choinbhinsiún um Chúnamh Frithpháirteach in Ábhair Choiriúla idir Ballstáit an Aontais Eorpaigh, arna bhunú ag an gComhairle i gcomhréir le hAirteagal 34 den Chonradh ar an Aontas Eorpach nó ar bhonn Chinneadh Réime 2002/465/CGB, a éascú;

(b)

leagtar síos rialacha maidir le freagrachtaí a roinnt idir úsáideoirí ardán comhoibrithe na JITanna agus an ghníomhaireacht atá freagrach as ardán comhoibrithe na JITanna a fhorbairt agus a chothabháil;

(c)

leagtar amach na coinníollacha faoina bhféadfar rochtain a thabhairt d’úsáideoirí ardán comhoibrithe na JITanna ar ardán comhoibrithe na JITanna;

(d)

leagtar síos forálacha cosanta sonraí sonracha a bhfuil gá leo chun na socruithe atá ann cheana maidir le cosaint sonraí a fhorlíonadh agus chun foráil a dhéanamh maidir le leibhéal foriomlán leordhóthanach cosanta sonraí, slándála sonraí agus cosanta i dtaca le cearta bunúsacha na ndaoine lena mbaineann.

Airteagal 2

Raon feidhme

1.   Tá feidhm ag an Rialachán seo maidir le próiseáil faisnéise, lena n-áirítear sonraí pearsanta, i gcomhthéacs JIT. Áirítear leis sin malartú agus stóráil sonraí oibríochtúla, chomh maith le sonraí neamhoibríochtúla.

2.   Tá feidhm ag an Rialachán seo maidir le céimeanna oibríochtúla agus iar-oibríochtúla JIT, ag tosú ón nóiméad a shíneofar an comhaontú ábhartha JIT go dtí go mbainfear sonraí oibríochtúla agus neamhoibríochtúla uile an JIT sin den chóras faisnéise láraithe.

3.   Leis an Rialachán seo ní dhéantar leasú ar na forálacha dlí atá ann cheana maidir le JITanna a bhunú, a stiúradh nó meastóireacht a dhéanamh orthu, ná ní dhéantar leis difear dóibh ar aon bhealach eile.

Airteagal 3

Sainmhínithe

Chun críocha an Rialacháin seo, tá feidhm ag na sainmhínithe seo a leanas:

(1)

ciallaíonn ‘córas faisnéise láraithe’ lárchóras TF ina ndéantar na sonraí a bhaineann le JITanna a stóráil agus a phróiseáil;

(2)

ciallaíonn ‘bogearraí cumarsáide’ bogearraí lena n-éascaítear malartú comhad agus teachtaireachtaí i bhformáidí téacs, fuaime, íomhá nó físe idir úsáideoirí ardán comhoibrithe na JITanna;

(3)

ciallaíonn ‘údaráis inniúla’ údaráis na mBallstát atá inniúil chun bheith rannpháirteach in JIT a bunaíodh i gcomhréir le hAirteagal 13 den Choinbhinsiún arna bhunú ag an gComhairle i gcomhréir le hAirteagal 34 den Chonradh ar an Aontas Eorpach maidir le Cúnamh Frithpháirteach in Ábhair Choiriúla idir Ballstáit an Aontais Eorpaigh agus i gcomhréir le hAirteagal 1 de Chinneadh Réime 2002/465/CGB, OIPE ag gníomhú dó de bhun a hinniúlachtaí dá bhforáiltear in Airteagail 22, 23 agus 25 de Rialachán (AE) 2017/1939, chomh maith le húdaráis inniúla de chuid tríú tír i gcás inar páirtithe iad i gcomhaontú JIT faoi bhunús breise dlí;

(4)

ciallaíonn ‘comhaltaí JIT’ ionadaithe na n-údarás inniúil;

(5)

ciallaíonn ‘úsáideoirí ardán comhoibrithe na JITanna’ comhaltaí JIT, Eurojust, Europol, OLAF agus comhlachtaí, oifigí agus gníomhaireachtaí inniúla eile de chuid an Aontais nó ionadaithe de chuid údaráis bhreithiúnaigh idirnáisiúnta atá rannpháirteach in JIT;

(6)

ciallaíonn ‘údarás breithiúnach idirnáisiúnta’ comhlacht, cúirt, binse, nó sásra idirnáisiúnta arna bhunú nó arna bunú chun coireanna tromchúiseacha, ar údar imní iad don phobal idirnáisiúnta i gcoitinne, a imscrúdú agus a ionchúiseamh, eadhon coireanna cinedhíothaithe, coireanna in aghaidh an chine dhaonna, coireanna cogaidh agus cionta coiriúla gaolmhara a dhéanann difear don tsíocháin agus don tslándáil idirnáisiúnta;

(7)

ciallaíonn ‘spás comhoibrithe JIT’ spás ar leith le haghaidh gach JIT a óstáiltear ar ardán comhoibrithe na JITanna;

(8)

ciallaíonn ‘riarthóir spáis JIT’ comhalta JIT de chuid Ballstáit, nó comhalta JIT de chuid OIPE, arna ainmniú i gcomhaontú JIT, atá i gceannas ar spás comhoibrithe JIT;

(9)

ciallaíonn ‘sonraí oibríochtúla’ faisnéis agus fianaise a phróiseálann ardán comhoibrithe na JITanna le linn chéim oibríochtúil JIT chun tacú le himscrúduithe trasteorann agus ionchúisimh;

(10)

ciallaíonn ‘sonraí neamhoibríochtúla’ sonraí riaracháin a phróiseálann ardán comhoibrithe na JITanna, go háirithe chun bainistiú JIT agus comhar idir úsáideoirí ardán comhoibrithe na JITanna a éascú.

Airteagal 4

Ailtireacht theicniúil ardán comhoibrithe na JITanna

Beidh ardán comhoibrithe na JITanna comhdhéanta den mhéid seo a leanas:

(a)

córas faisnéise láraithe a fhágann gur féidir sonraí a stóráil go lárnach ar bhonn sealadach;

(b)

bogearraí cumarsáide a fhágann gur féidir sonraí cumarsáide a stóráil go slán agus go háitiúil ar fheistí úsáideoirí ardán comhoibrithe na JITanna;

(c)

nasc idir an córas faisnéise láraithe agus na huirlisí TF ábhartha lena dtacaítear le feidhmiú JITanna agus atá á mbainistiú ag Rúnaíocht an Líonra JITanna.

Is é eu-LISA a dhéanfaidh an córas faisnéise láraithe a óstáil ar a shuíomhanna teicniúla.

Airteagal 5

Cuspóir ardán comhoibrithe na JITanna

Is é an cuspóir a bheidh ag ardán comhoibrithe na JITanna an méid seo a leanas a éascú:

(a)

comhordú agus bainistiú a dhéanamh ar JIT, trí shraith feidhmiúlachtaí lena dtacaítear leis na próisis riaracháin agus airgeadais laistigh den JIT;

(b)

sonraí oibríochtúla, lena n-áirítear comhaid mhóra, a mhalartú go gasta agus go slán agus iad a stóráil go sealadach, trí fheidhmiúlacht uaslódála agus íoslódála;

(c)

cumarsáid shlán trí fheidhmiúlacht lena gcumhdaítear teachtaireachtaí meandracha, comhráite, closchomhdháil agus físchomhdháil;

(d)

inrianaitheacht malartuithe fianaise trí shásra logála agus rianaithe ardfhorbartha a fhágann gur féidir an fhianaise go léir a mhalartaítear, lena n-áirítear an rochtain atá uirthi agus a próiseáil, a rianú trí ardán comhoibrithe na JITanna;

(e)

measúnú a dhéanamh ar JIT trí phróiseas tiomnaithe meastóireachta comhoibríoch.

CAIBIDIL II

FORBAIRT AGUS BAINISTIÚ OIBRÍOCHTÚIL

Airteagal 6

Gníomhartha cur chun feidhme arna nglacadh ag an gCoimisiún

Glacfaidh an Coimisiún na gníomhartha cur chun feidhme is gá chun ardán comhoibrithe na JITanna a fhorbairt go teicniúil a luaithe is féidir tar éis an 7 Meitheamh 2023, agus glacfaidh sé, go háirithe, gníomhartha cur chun feidhme a bhaineann leis an méid seo a leanas:

(a)

liosta de na feidhmiúlachtaí is gá chun comhordú agus bainistiú a dhéanamh ar JIT, lena n-áirítear meaisínaistriúchán ar shonraí neamhoibríochtúla;

(b)

liosta de na feidhmiúlachtaí is gá le haghaidh cumarsáid shlán;

(c)

sonraíochtaí gnó an naisc dá dtagraítear in Airteagal 4, an chéad mhír, pointe (c);

(d)

slándáil dá dtagraítear in Airteagal 19;

(e)

logaí teicniúla dá dtagraítear in Airteagal 25;

(f)

staitisticí agus faisnéis dá dtagraítear in Airteagal 26;

(g)

ceanglais feidhmíochta agus infhaighteachta ardán comhoibrithe na JITanna.

Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme dá dtagraítear sa chéad mhír den Airteagal seo a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 29(2).

Airteagal 7

Freagrachtaí eu-LISA

1.   Déanfaidh eu-LISA dearadh ailtireacht fhisiceach ardán comhoibrithe na JITanna a bhunú, lena n-áirítear a shonraíochtaí teicniúla agus an éabhlóid a thiocfaidh ar na sonraíochtaí sin, ar bhonn na ngníomhartha cur chun feidhme dá dtagraítear in Airteagal 6. Déanfaidh an Bord Bainistíochta an dearadh sin a fhormheas, faoi réir tuairim fhabhrach ón gCoimisiún.

2.   Beidh eu-LISA freagrach as ardán comhoibrithe na JITanna a fhorbairt i gcomhréir leis an bprionsabal maidir le cosaint sonraí trí dhearadh agus mar réamhshocrú. Is éard a bheidh i bhforbairt den sórt sin mionsaothrú agus cur chun feidhme na sonraíochtaí teicniúla, tástáil agus comhordú foriomlán an tionscadail.

3.   Cuirfidh eu-LISA na bogearraí cumarsáide ar fáil d’úsáideoirí ardán comhoibrithe na JITanna.

4.   Is é eu-LISA a dhéanfaidh ardán comhoibrithe na JITanna a fhorbairt agus a chur chun feidhme a luaithe is féidir tar éis an 7 Meitheamh 2023 agus tar éis na gníomhartha cur chun feidhme dá dtagraítear in Airteagal 6 a ghlacadh.

5.   Áiritheoidh eu-LISA go ndéanfar ardán comhoibrithe na JITanna a oibriú i gcomhréir leis an Rialachán seo agus leis na gníomhartha cur chun feidhme dá dtagraítear in Airteagal 6 den Rialachán seo, agus i gcomhréir le Rialachán (AE) 2018/1725chomh maith.

6.   Is é eu-LISA a bheidh freagrach as bainistiú oibríochtúil ardán comhoibrithe na JITanna. Is éard a bheidh i gceist le bainistiú oibríochtúil ardán comhoibrithe na JITanna na cúraimí go léir is gá chun ardán comhoibrithe na JITanna a choinneáil ag obair i gcomhréir leis an Rialachán seo, agus go háirithe an obair chothabhála agus na forbairtí teicniúla is gá chun a áirithiú go bhfeidhmeoidh ardán comhoibrithe na JITanna ar leibhéal sásúil i gcomhréir leis na sonraíochtaí teicniúla.

7.   Áiritheoidh eu-LISA go gcuirfear oiliúint ar fáil do Rúnaíocht an Líonra JITanna maidir le húsáid theicniúil ardán comhoibrithe na JITanna, lena n-áirítear trí ábhair oiliúna a sholáthar.

8.   Bunóidh eu-LISA seirbhís tacaíochta chun maolú a dhéanamh, go tráthúil, ar theagmhais a thuairiscítear dó.

9.   Ar bhonn leanúnach, déanfaidh eu-LISA feabhsuithe ar ardán comhoibrithe na JITanna agus cuirfidh sé leis na feidhmiúlachtaí atá aige, bunaithe ar an ionchur a fhaigheann sé ón nGrúpa Comhairleach dá dtagraítear in Airteagal 12 agus ar thuarascáil bhliantúil Rúnaíocht an Líonra JITanna dá dtagraítear in Airteagal 10, pointe (e).

10.   Ní bheidh rochtain ag eu-LISA ar na sonraí oibríochtúla agus neamhoibríochtúla a stóráiltear ar spásanna comhoibrithe na JITanna.

11.   Gan dochar d’Airteagal 17 de Rialacháin Foirne Oifigigh an Aontais Eorpaigh agus Coinníollacha Fostaíochta Sheirbhísigh Eile an Aontais, a leagtar síos i Rialachán (CEE, Euratom, CEGC) Uimh. 259/68 ón gComhairle (15), cuirfidh eu-LISA rialacha iomchuí rúndachta gairmiúla nó oibleagáidí comhionanna rúndachta eile i bhfeidhm maidir lena chuid ball foirne ar fad ar gá dóibh a bheith ag obair le sonraí atá cláraithe sa chóras faisnéise láraithe. Beidh feidhm ag an oibleagáid sin chomh maith tar éis do na baill foirne sin imeacht as oifig nó scor den fhostaíocht nó tar éis fhoirceannadh a ngníomhaíochtaí.

Airteagal 8

Freagrachtaí na mBallstát

1.   Déanfaidh gach Ballstát na socruithe teicniúla is gá chun go mbeidh rochtain ag a údaráis inniúla ar ardán comhoibrithe na JITanna i gcomhréir leis an Rialachán seo.

2.   Áiritheoidh na Ballstáit go mbeidh rochtain ag úsáideoirí ardán comhoibrithe na JITanna ar chúrsaí oiliúna a chuireann Rúnaíocht an Líonra JITanna ar fáil de bhun Airteagal 10, pointe (c), nó ar chúrsaí oiliúna coibhéiseacha arna soláthar ar an leibhéal náisiúnta. Ina theannta sin, áiritheoidh na Ballstáit go bhfuil úsáideoirí ardán comhoibrithe na JITanna ar an eolas go hiomlán faoi na ceanglais cosanta sonraí faoi dhlí an Aontais.

Airteagal 9

Freagrachtaí na gcomhlachtaí, na n-oifigí agus na ngníomhaireachtaí inniúla de chuid an Aontais

1.   Déanfaidh Eurojust, Europol, OIPE, OLAF agus comhlachtaí, oifigí agus gníomhaireachtaí inniúla eile de chuid an Aontais na socruithe teicniúla is gá chun go mbeidh rochtain acu ar ardán comhoibrithe na JITanna.

2.   Beidh Eurojust freagrach as an oiriúnú teicniúil is gá a dhéanamh ar a chuid córas, oiriúnú is gá chun an nasc dá dtagraítear in Airteagal 4, an chéad mhír, pointe (c), a bhunú.

Airteagal 10

Freagrachtaí Rúnaíocht an Líonra JITanna

Tacóidh Rúnaíocht an Líonra JITanna le feidhmiú ardán comhoibrithe na JITanna tríd an méid seo a leanas a dhéanamh:

(a)

tacaíocht riaracháin, dlí agus theicniúil a sholáthar, arna iarraidh sin don riarthóir spáis nó do na riarthóirí spáis JITanna, i gcomhthéacs cruthú spásanna comhoibrithe JIT aonair agus na gceart rochtana orthu a bhainistiú, de bhun Airteagal 14(3);

(b)

treoir, tacaíocht fheidhmiúil agus cúnamh a thabhairt ó lá go lá do chleachtóirí maidir le húsáid ardán comhoibrithe na JITanna agus feidhmiúlachtaí an ardáin sin;

(c)

cúrsaí oiliúna a dhearadh agus a chur ar fáil d’úsáideoirí ardán comhoibrithe na JITanna, agus ar an dóigh sin is é is aidhm léi úsáid ardán comhoibrithe na JITanna a éascú;

(d)

feabhas a chur ar chultúr comhair laistigh den Aontas maidir le comhar trasteorann in ábhair choiriúla trí fheasacht a mhúscailt agus úsáid ardán comhoibrithe na JITanna a chur chun cinn i measc cleachtóirí;

(e)

nuair a rachfar i mbun oibríochtaí ardán comhoibrithe na JITanna, eu-LISA a choinneáil ar an eolas maidir le ceanglais fheidhmiúla bhreise an chórais trí thuarascáil bhliantúil a thíolacadh maidir leis na feabhsuithe a d’fhéadfaí a chur ar ardán comhoibrithe na JITanna agus na feidhmiúlachtaí nua a d’fhéadfaí a chur leis bunaithe ar an aiseolas maidir le húsáid phraiticiúil ardán comhoibrithe na JITanna a bhailítear ó úsáideoirí ardán comhoibrithe na JITanna.

Airteagal 11

Bord Bainistíochta an Chláir

1.   Roimh chéim deartha agus forbartha ardán comhoibrithe na JITanna, bunóidh Bord Bainistíochta eu-LISA Bord Bainistíochta Clár ar feadh ré chéim an deartha agus na forbartha.

2.   Beidh deichniúr comhaltaí ar Bhord Bainistíochta an Chláir mar a leanas:

(a)

ochtar comhaltaí a cheapfaidh Bord Bainistíochta eu-LISA;

(b)

Cathaoirleach an Ghrúpa Chomhairligh dá dtagraítear in Airteagal 12;

(c)

comhalta amháin a cheapfaidh an Coimisiún.

3.   Áiritheoidh Bord Bainistíochta eu-LISA go mbeidh, ag na comhaltaí a cheapfaidh sé ar an mBord Bainistíochta Clár, an taithí agus an saineolas is gá maidir le forbairt agus bainistiú córas TF lena dtugtar tacaíocht d’údaráis bhreithiúnacha.

4.   Beidh eu-LISA rannpháirteach in obair an Bhoird Bainistíochta Clár. Chuige sin, freastalóidh ionadaithe de chuid eu-LISA ar chruinnithe an Bhoird Bainistíochta Clár chun tuarascáil a chur le chéile i ndáil le dearadh agus le forbairt ardán comhoibrithe na JITanna agus i ndáil le haon obair ghaolmhar eile agus le haon ghníomhaíochtaí gaolmhara eile.

5.   Tiocfaidh an Bord Bainistíochta Clár le chéile uair amháin gach 3 mhí ar a laghad, agus níos minice ná sin nuair is gá. Áiritheoidh sé go ndéanfar bainistiú leormhaith ar chéim deartha agus forbartha ardán comhoibrithe na JITanna. Cuirfidh an Bord Bainistíochta Clár tuarascálacha i scríbhinn faoi bhráid Bhord Bainistíochta eu-LISA go tráthrialta, agus gach mí i gcás inar féidir, maidir le dul chun cinn ardán comhoibrithe na JITanna. Ní bheidh aon chumhacht cinnteoireachta ná aon sainordú ag an mBord Bainistíochta Clár chun ionadaíocht a dhéanamh thar ceann chomhaltaí Bhord Bainistíochta eu-LISA.

6.   Bunóidh an Bord Bainistíochta Clár, i gcomhairle le Bord Bainistíochta eu-LISA, a rialacha nós imeachta, lena n-áireofar go háirithe rialacha maidir le cathaoirleacht, ionaid le haghaidh cruinnithe, ullmhú cruinnithe, cead isteach a thabhairt do shaineolaithe freastal ar chruinnithe agus pleananna cumarsáide lena n-áiritheofar go mbeidh an fhaisnéis iomlán ag comhaltaí Bhord Bainistíochta eu-LISA nach comhaltaí den Bhord Bainistíochta Cláir iad.

7.   Beidh cathaoirleacht an Bhoird Bainistíochta Clár ag Ballstát.

8.   Is é eu-LISA a sholáthróidh rúnaíocht don Bhord Bainistíochta Clár.

Airteagal 12

Grúpa Comhairleach

1.   Bunóidh eu-LISA Grúpa Comhairleach chun an saineolas a bhaineann le hardán comhoibrithe na JITanna a fháil, go háirithe agus clár oibre bliantúil agus tuarascáil bhliantúil ar ghníomhaíochtaí de chuid eu-LISA á n-ullmhú aige, agus chun feabhsuithe a d’fhéadfaí a dhéanamh ar ardán comhoibrithe na JITanna agus feidhmiúlachtaí nua a bheidh le cur chun feidhme ar an ardán sin a shainaithint.

2.   Beidh an Grúpa Comhairleach comhdhéanta d’ionadaithe ó na Ballstáit, ón gCoimisiún agus ó Rúnaíocht an Líonra JITanna. Is é eu-LISA a bheidh ina chathaoirleach air. Déanfaidh sé an méid seo a leanas:

(a)

tiocfaidh sé le chéile uair sa mhí ar a laghad go dtí go rachfar i mbun oibríochtaí ardán comhoibrithe na JITanna, más féidir, agus tiocfaidh sé le chéile go tráthrialta ina dhiaidh sin;

(b)

le linn chéim deartha agus forbartha ardán comhoibrithe na JITanna, tabharfaidh sé tuairisc don Bhord Bainistíochta Clár tar éis gach cruinnithe;

(c)

le linn chéim deartha agus forbartha ardán comhoibrithe na JITanna, cuirfidh sé saineolas teicniúil ar fáil chun tacú le cúraimí an Bhoird Bainistíochta Clár.

CAIBIDIL III

SPÁSANNA COMHOIBRITHE JITANNA A CHRUTHÚ AGUS ROCHTAIN ORTHU

Airteagal 13

Na spásanna comhoibrithe JIT a chruthú

1.   I gcás ina ndéantar foráil i gcomhaontú JIT ardán comhoibrithe na JITanna a úsáid i gcomhréir leis an Rialachán seo, cruthófar spás comhoibrithe JIT laistigh d’ardán comhoibrithe na JITanna le haghaidh gach JIT.

2.   Leis an gcomhaontú ábhartha JIT, déanfar foráil maidir le rochtain a thabhairt d’údaráis inniúla na mBallstát agus do OIPE ar spás comhoibrithe ábhartha JIT agus féadfar foráil a dhéanamh ann go dtabharfar rochtain ar an spás comhoibrithe ábhartha JIT do chomhlachtaí, d’oifigí agus do ghníomhaireachtaí inniúla de chuid an Aontais, d’údaráis inniúla de chuid tríú tíortha a bhfuil an comhaontú sínithe acu, agus d’ionadaithe na n-údarás breithiúnach idirnáisiúnta. Déanfar foráil, sa chomhaontú ábhartha JIT, do na rialacha maidir le rochtain den sórt sin.

3.   Is é riarthóir nó riarthóirí an spáis JITanna a chruthóidh ardán comhoibrithe ábhartha na JITanna, agus tacaíocht theicniúil á fáil ó eu-LISA.

4.   I gcás ina gcinnfidh comhaltaí JIT gan leas a bhaint as ardán comhoibrithe na JITanna tráth shíniú an chomhaontaithe JIT ach ina dtoileoidh siad tosú ar ardán comhoibrithe na JITanna a úsáid fad a mhairfidh an JIT ábhartha, leasófar an comhaontú JIT sin i gcás nach ndéantar foráil ann don fhéidearthacht sin, agus beidh feidhm ag míreanna 1, 2 agus 3. I gcás ina n-aontóidh comhaltaí JIT éirí as ardán comhoibrithe na JITanna a úsáid fad a mhairfidh an JIT, leasófar an comhaontú ábhartha JIT i gcás nach ndéantar foráil cheana don fhéidearthacht sin sa chomhaontú JIT sin.

Airteagal 14

Ainmniú agus ról riarthóir spáis JIT

1.   Má dhéantar foráil sa chomhaontú JIT maidir le leas a bhaint as ardán comhoibrithe na JITanna, ainmneofar riarthóir spáis JIT amháin nó níos mó as measc chomhaltaí JIT de chuid na mBallstát nó de chuid Oifig an Ionchúisitheora Phoiblí Eorpaigh sa chomhaontú JIT sin.

2.   Déanfaidh an riarthóir spáis nó na riarthóirí spáis JIT cearta rochtana úsáideoirí ardán comhoibrithe na JITanna ar an spás comhoibrithe JIT ábhartha a bhainistiú, i gcomhréir leis an gcomhaontú ábhartha JIT.

3.   Féadfar foráil a dhéanamh, le comhaontú JIT, go mbeidh rochtain ag Rúnaíocht an Líonra JITanna ar spás comhoibrithe JIT ar mhaithe le tacaíocht theicniúil agus riaracháin, agus ar mhaithe le tacaíocht theicniúil, dlíthiúil agus riaracháin maidir le cearta rochtana a bhainistiú. Sna cásanna sin, mar a chomhaontaigh comhaltaí an JIT, tabharfaidh riarthóir spáis nó riarthóirí spáis JIT rochtain ar an spás comhoibrithe JIT sin do Rúnaíocht an Líonra JITanna.

Airteagal 15

Rochtain ar na spásanna comhoibrithe JIT a bheith ag údaráis inniúla na mBallstát agus ag Oifig an Ionchúisitheora Phoiblí Eorpaigh

I gcomhréir leis an gcomhaontú ábhartha JIT, tabharfaidh an riarthóir spáis nó na riarthóirí spáis JIT rochtain ar spás comhoibrithe JIT d’údaráis inniúla na mBallstát a ainmnítear sa chomhaontú sin agus do OIPE i gcás ina n-ainmnítear é sa chomhaontú JIT sin.

Airteagal 16

Rochtain ar na spásanna comhoibrithe JIT a bheith ag comhlachtaí, oifigí agus gníomhaireachtaí inniúla an Aontais

I gcomhréir leis an gcomhaontú ábhartha JIT, tabharfaidh an riarthóir spáis nó na riarthóirí spáis JIT rochtain, a mhéid is gá, ar spás comhoibrithe JIT dóibh seo a leanas:

(a)

Eurojust, chun na cúraimí a leagtar amach i Rialachán (AE) 2018/1727 a chomhlíonadh;

(b)

Europol, chun na cúraimí a leagtar amach i Rialachán (AE) 2016/794 a chomhlíonadh;

(c)

OLAF, chun na cúraimí a leagtar amach i Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 883/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a chomhlíonadh (16); agus

(d)

comhlachtaí, oifigí agus gníomhaireachtaí inniúla eile de chuid an Aontais, chun na cúraimí a leagtar amach sna gníomhartha dlí ábhartha lena mbunaítear iad a chomhlíonadh.

Airteagal 17

Rochtain ar na spásanna comhoibrithe JIT a bheith ag údaráis inniúla tríú tíortha

1.   I gcomhréir leis an gcomhaontú ábhartha JIT, agus chun na gcríoch a liostaítear in Airteagal 5, tabharfaidh an riarthóir spáis nó na riarthóirí spáis JIT rochtain ar spás comhoibrithe JIT d’údaráis inniúla tríú tíortha a bhfuil an comhaontú JIT sin sínithe acu.

2.   Uair ar bith a uaslódálann comhaltaí JIT de chuid na mBallstát agus comhalta JIT OIPE, i gcás ina mbíonn sé rannpháirteach sa JIT ábhartha, sonraí oibríochtúla chuig spás comhoibrithe JIT le go bhféadfaidh tríú tír iad a íoslódáil, fíoróidh comhalta JIT na mBallstát ábhartha nó comhalta JIT OIPE go bhfuil na sonraí atá uaslódáilte acu faoi seach teoranta don mhéid is gá chun críocha an chomhaontaithe ábhartha JIT agus go gcomhlíonann na sonraí sin na coinníollacha a leagtar síos ann.

3.   Uair ar bith a uaslódálann tríú tír sonraí oibríochtúla chuig spás comhoibrithe JIT, fíoróidh riarthóir spáis nó riarthóirí spáis an JIT go bhfuil na sonraí sin teoranta don mhéid is gá chun críocha an chomhaontaithe ábhartha JIT agus go gcomhlíonann na sonraí sin na coinníollacha a leagtar síos ann, sular féidir le húsáideoirí eile spás comhoibrithe JIT iad a íoslódáil.

4.   Áiritheoidh údaráis inniúla na mBallstát nach n-aistreofar a gcuid sonraí pearsanta chuig tríú tíortha dár tugadh rochtain ar spás comhoibrithe JIT ach amháin i gcás ina gcomhlíonfar na coinníollacha a leagtar síos i gCaibidil V de Threoir (AE) 2016/680.

5.   Áiritheoidh comhlachtaí, oifigí agus gníomhaireachtaí an Aontais nach dtarlóidh aistrithe sonraí pearsanta chuig tríú tíortha dár tugadh rochtain ar spás comhoibrithe JIT ach amháin i gcás ina gcomhlíonfar na coinníollacha a leagtar síos i gCaibidil IX de Rialachán (AE) 2018/1725, gan dochar do na rialacha cosanta sonraí is infheidhme maidir le comhlachtaí, oifigí agus gníomhaireachtaí den sórt sin de chuid an Aontais sna gníomhartha dlí ábhartha lena mbunaítear iad, i gcás ina bhforchuirtear leis na rialacha sin coinníollacha sonracha le haghaidh aistrithe sonraí.

6.   Áiritheoidh OIPE, ag gníomhú dó i gcomhréir lena inniúlachtaí mar a fhoráiltear in Airteagail 22, 23 agus 25 de Rialachán (AE) 2017/1939, nach n-aistreoidh sé sonraí pearsanta chuig tríú tíortha ar tugadh rochtain dóibh ar spás comhoibrithe JIT ach amháin i gcás ina gcomhlíonfar na coinníollacha a leagtar síos in Airteagail 80 go 84 den Rialachán sin.

Airteagal 18

Rochtain ar na spásanna comhoibrithe JIT a bheith ag ionadaithe na n-údarás breithiúnach idirnáisiúnta atá rannpháirteach in JIT

1.   Chun na gcríoch a liostaítear in Airteagal 5, déanfaidh an riarthóir spáis nó na riarthóirí spáis JIT, i gcás ina bhforáiltear maidir leis sa chomhaontú ábhartha JIT, rochtain ar spás comhoibrithe JIT a thabhairt d’ionadaithe na n-údarás breithiúnach idirnáisiúnta atá rannpháirteach sa JIT ábhartha.

2.   Fíoróidh agus áiritheoidh an riarthóir spáis nó na riarthóirí spáis JIT go mbeidh malartuithe sonraí oibríochtúla le hionadaithe na n-údarás breithiúnach idirnáisiúnta dár tugadh rochtain ar spás comhoibrithe JIT teoranta don mhéid is gá chun críocha an chomhaontaithe ábhartha JIT agus go gcomhlíonann na sonraí sin na coinníollacha a leagtar síos ann.

3.   Áiritheoidh na Ballstáit nach n-aistreofar a gcuid sonraí pearsanta chuig ionadaithe na n-údarás breithiúnach idirnáisiúnta dár tugadh rochtain ar spás comhoibrithe JIT ach amháin i gcás ina gcomhlíontar na coinníollacha a leagtar síos i gCaibidil V de Threoir (AE) 2016/680.

4.   Áiritheoidh comhlachtaí, oifigí agus gníomhaireachtaí an Aontais nach dtarlóidh aistrithe sonraí pearsanta chuig ionadaithe na n-údarás breithiúna idirnáisiúnta dár tugadh rochtain ar spás comhoibrithe JIT ach amháin i gcás ina gcomhlíonfar na coinníollacha a leagtar síos i gCaibidil IX de Rialachán (AE) 2018/1725, gan dochar do na rialacha cosanta sonraí is infheidhme maidir le comhlachtaí, oifigí agus gníomhaireachtaí den sórt sin de chuid an Aontais sna gníomhartha dlí ábhartha lena mbunaítear iad, i gcás ina bhforchuirtear leis na rialacha sin coinníollacha sonracha le haghaidh aistrithe sonraí.

CAIBIDIL IV

SLÁNDÁIL AGUS DLITEANAS

Airteagal 19

Slándáil

1.   Déanfaidh eu-LISA na bearta teicniúla agus eagraíochtúla is gá chun leibhéal ard cibearshlándála ardán comhoibrithe na JITanna agus slándáil faisnéise na sonraí laistigh d’ardán comhoibrithe na JITanna a áirithiú, go háirithe chun rúndacht agus sláine na sonraí oibríochtúla agus neamhoibríochtúla a stóráiltear sa chóras faisnéise láraithe a áirithiú.

2.   Cuirfidh eu-LISA cosc ar rochtain neamhúdaraithe ar ardán comhoibrithe na JITanna agus áiritheoidh sé nach mbeidh rochtain ag na daoine a bheidh údaraithe chun rochtain a fháil ar ardán comhoibrithe na JITanna ach ar na sonraí a chumhdaítear faoina n-údarú rochtana.

3.   Chun críocha mhíreanna 1 agus 2 den Airteagal seo, glacfaidh eu-LISA plean slándála agus plean leanúnachais gnó agus plean athshlánaithe ó thubaiste, chun a áirithiú go bhféadfar an córas faisnéise láraithe a aischur i gcás ina dtarlóidh briseadh. Déanfaidh eu-LISA foráil maidir le socrú oibre leis an bhfoireann phráinnfhreagartha ríomhaire le haghaidh institiúidí, comhlachtaí agus gníomhaireachtaí an Aontais a bunaíodh le Socrú idir Parlaimint na hEorpa, an Chomhairle Eorpach, Comhairle an Aontais Eorpaigh, an Coimisiún Eorpach, Cúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh, an Banc Ceannais Eorpach, Cúirt Iniúchóirí na hEorpa, nó an tSeirbhís Eorpach Gníomhaíochta Seachtraí (‘SEGS’), Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa, Coiste Eorpach na Réigiún agus an Banc Eorpach Infheistíochta maidir le heagrú agus le hoibriú foirne práinnfhreagartha ríomhaire d’institiúidí, comhlachtaí agus gníomhaireachtaí an Aontais (CERT-EU) (17). Agus an plean slándála sin á ghlacadh, cuirfidh eu-LISA san áireamh na moltaí a d’fhéadfadh teacht ó na saineolaithe slándála a bhíonn i láthair ag an nGrúpa Comhairleach dá dtagraítear in Airteagal 12 den Rialachán seo.

4.   Déanfaidh eu-LISA faireachán ar éifeachtacht na mbeart uile a dtugtar tuairisc orthu san Airteagal seo agus déanfaidh sé na bearta eagraíochtúla is gá maidir le féinfhaireachán agus maoirseacht chun a áirithiú go gcomhlíontar an Rialachán seo.

Airteagal 20

Dliteanas

1.   I gcás ina ndéanfaidh Ballstát, Eurojust, Europol, OIPE, OLAF nó aon chomhlacht, oifig nó gníomhaireacht inniúil eile de chuid an Aontais damáiste d’ardán comhoibrithe na JITanna, toisc nár éirigh leo a gcuid oibleagáidí faoin Rialachán seo a chomhlíonadh, beidh an Ballstát sin, Eurojust, Europol, OIPE, OLAF nó comhlacht, oifig nó gníomhaireacht inniúil eile de chuid an Aontais faoi seach, faoi dhliteanas i leith an damáiste sin, ach amháin agus a mhéid nach ndearna eu-LISA bearta réasúnacha chun an damáiste sin a sheachaint nó chun a thionchar a íoslaghdú.

2.   Éilimh ar chúiteamh a dhéanfar i gcoinne Ballstáit as an damáiste dá dtagraítear i mír 1, is faoi dhlí an Bhallstáit sin a rialófar iad. Maidir le héilimh ar chúiteamh a dhéanfar i gcoinne Eurojust, Europol, OIPE, OLAF nó aon chomhlacht, oifig nó gníomhaireacht inniúil eile de chuid an Aontais as damáiste den sórt sin, is faoi na gníomhartha dlí ábhartha lena mbunaítear iad a rialófar iad.

CAIBIDIL V

COSAINT SONRAÍ

Airteagal 21

Tréimhse choinneála chun sonraí oibríochtúla a stóráil

1.   Déanfar sonraí oibríochtúla a bhaineann le gach spás comhoibrithe JIT a stóráil sa chóras faisnéise láraithe a fhad is gá chun go gcuirfidh úsáideoirí uile ardán comhoibrithe na JITanna lena mbaineann próiseas a íoslódála i gcrích. Ní bheidh an tréimhse choinneála níos faide ná 4 seachtaine ó dháta uaslódáil na sonraí sin ar ardán comhoibrithe na JITanna.

2.   A luaithe a bheidh an próiseas íoslódála curtha i gcrích ag gach úsáideoir a bhfuil sé beartaithe aige ardán comhoibrithe na JITanna a úsáid nó, ar a dhéanaí, ar dhul in éag don tréimhse choinneála dá dtagraítear i mír 1, scriosfar na sonraí go huathoibríoch agus go buan ón gcóras faisnéise láraithe.

Airteagal 22

Tréimhse choinneála chun sonraí neamhoibríochtúla a stóráil

1.   I gcás ina mbeidh sé beartaithe meastóireacht a dhéanamh ar JIT, déanfar sonraí neamhoibríochtúla a bhaineann le gach spás comhoibrithe JIT a stóráil sa chóras faisnéise láraithe go dtí go mbeidh an mheastóireacht ábhartha ar na JITanna curtha i gcrích. Ní bheidh an tréimhse choinneála níos faide ná 5 bliana ón dáta a iontráiltear na sonraí sin ar ardán comhoibrithe na JITanna.

2.   Má chinntear gan an mheastóireacht a dhéanamh tráth a chuirfear an clabhsúr ar JIT nó, ar a dhéanaí, ar dhul in éag don tréimhse choinneála dá dtagraítear i mír 1, scriosfar na sonraí go huathoibríoch ón gcóras faisnéise láraithe.

Airteagal 23

Rialaitheoir sonraí agus próiseálaí sonraí

1.   Maidir le gach údarás inniúil náisiúnta de chuid Ballstáit agus, i gcás inarb iomchuí, Eurojust, Europol, OIPE, OLAF nó aon chomhlacht, oifig nó gníomhaireacht inniúil eile de chuid an Aontais, measfar gur rialaitheoirí sonraí iad i gcomhréir le rialacha cosanta sonraí an Aontais is infheidhme maidir le sonraí pearsanta oibríochtúla a phróiseáil faoin Rialachán seo.

2.   Maidir le sonraí a uaslódálann údaráis inniúla tríú tíortha nó ionadaithe na n-údarás breithiúnach idirnáisiúnta ar ardán comhoibrithe na JITanna, ainmneofar duine de na riarthóirí spáis JIT sa chomhaontú ábhartha JIT le bheith ina rialaitheoir sonraí i ndáil leis na sonraí pearsanta a mhalartaítear agus a stóráiltear trí ardán comhoibrithe na JITanna agus a stóráiltear ann.

Ní uaslódálfar aon sonraí arna bhfáil ó thríú tíortha nó ó údaráis bhreithiúnacha idirnáisiúnta sula n-ainmneofar an rialaitheoir sonraí.

3.   Measfar eu-LISA a bheith ina phróiseálaí sonraí i gcomhréir le Rialachán (AE) 2018/1725 a mhéid a bhaineann leis na sonraí pearsanta a mhalartaítear trí ardán comhoibrithe na JITanna agus a stóráiltear ann.

4.   Beidh úsáideoirí ardán comhoibrithe na JITanna ina rialaitheoirí comhpháirteacha, de réir bhrí Airteagal 28 de Rialachán (AE) 2018/1725, le haghaidh phróiseáil sonraí pearsanta neamhoibríochtúla in ardán comhoibrithe na JITanna.

Airteagal 24

An cuspóir atá le próiseáil sonraí pearsanta

1.   Na sonraí a iontráiltear in ardán comhoibrithe na JITanna, déanfar iad a phróiseáil chun na gcríoch seo a leanas, agus chun na gcríoch sin amháin:

(a)

malartú sonraí oibríochtúla idir úsáideoirí ardán comhoibrithe na JITanna, chun na críche dár bunaíodh an JIT ábhartha sin;

(b)

malartú sonraí neamhoibríochtúla idir úsáideoirí ardán comhoibrithe na JITanna, chun an JIT ábhartha a bhainistiú.

2.   Beidh rochtain ar ardán comhoibrithe na JITanna teoranta do bhaill foirne chuí-údaraithe údaráis inniúla na mBallstát agus tríú tíortha, Eurojust, Europol, OIPE, OLAF agus comhlachtaí, oifigí nó gníomhaireachtaí inniúla eile de chuid an Aontais nó ionadaithe na n-údarás breithiúnach idirnáisiúnta, a mhéid is gá chun a gcúraimí a chomhlíonadh i gcomhréir leis na cuspóirí dá dtagraítear i mír 1, agus don mhéid a bhfuil fíorghá leis agus is comhréireach leis na cuspóirí atá á saothrú.

Airteagal 25

Logaí teicniúla

1.   Áiritheoidh eu-LISA go gcoimeádfar loga teicniúil ar an rochtain uile ar an gcóras faisnéise láraithe agus ar gach oibríocht próiseála sonraí sa chóras faisnéise láraithe, i gcomhréir le mír 2.

2.   Léireoidh na logaí teicniúla an méid seo a leanas:

(a)

an dáta, an crios ama agus an t-am beacht rochtana ar an gcóras faisnéise láraithe;

(b)

marc aitheantais gach úsáideora aonair ar ardán comhoibrithe na JITanna a fuair rochtain ar an gcóras faisnéise láraithe;

(c)

dáta, crios ama agus am rochtana gach oibríochta a rinne gach úsáideoir aonair ar ardán comhoibrithe na JITanna;

(d)

an oibríocht a rinne gach úsáideoir aonair ar ardán comhoibrithe na JITanna.

Úsáidfear bearta teicniúla iomchuí chun na logaí teicniúla a chosaint ar mhodhnú agus rochtain neamhúdaraithe. Coinneofar na logaí teicniúla ar feadh trí bliana nó ar feadh tréimhse is faide ná sin de réir mar is gá chun nósanna imeachta faireacháin leanúnacha a fhoirceannadh.

3.   Arna iarraidh sin, cuirfidh eu-LISA na logaí teicniúla ar fáil d’údaráis inniúla na mBallstát a ghlac páirt in JIT áirithe gan moill mhíchuí.

4.   Laistigh de theorainneacha a n-inniúlachtaí agus chun a ndualgais a chomhlíonadh, beidh rochtain ag na húdaráis mhaoirseachta náisiúnta atá freagrach as faireachán a dhéanamh ar dhlíthiúlacht na próiseála sonraí ar na logaí teicniúla arna iarraidh sin.

5.   Laistigh de theorainneacha a inniúlachtaí agus chun a dhualgais mhaoirseachta a chomhlíonadh i gcomhréir le Rialachán (AE) 2018/1725, beidh rochtain ag an Maoirseoir Eorpach ar Chosaint Sonraí ar na logaí teicniúla arna iarraidh sin.

CAIBIDIL VI

FORÁLACHA CRÍOCHNAITHEACHA

Airteagal 26

Faireachán agus meastóireacht

1.   Bunóidh eu-LISA nósanna imeachta chun faireachán a dhéanamh ar fhorbairt ardán comhoibrithe na JITanna maidir leis na cuspóirí a bhaineann le pleanáil agus costais agus chun faireachán a dhéanamh ar fheidhmiú ardán comhoibrithe na JITanna maidir leis na cuspóirí a bhaineann le haschur teicniúil, cost-éifeachtúlacht, inúsáidteacht, slándáil agus cáilíocht seirbhíse.

2.   Leis na nósanna imeachta dá dtagraítear i mír 1, déanfar foráil maidir leis an bhféidearthacht staitisticí teicniúla tráthrialta a sholáthar chun críoch faireacháin agus rannchuideofar leis an meastóireacht fhoriomlán ar ardán comhoibrithe na JITanna.

3.   Más baol moill shuntasach a bheith ar an bpróiseas forbartha, cuirfidh eu-LISA Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle ar an eolas a luaithe is féidir maidir le cúiseanna na moille sin, an tionchar a bheidh aici i dtéarmaí tráthchlár agus airgeadais, agus na céimeanna atá beartaithe aige a thabhairt chun é sin a leigheas.

4.   A luaithe a bheidh forbairt ardán comhoibrithe na JITanna tugtha chun críche, cuirfidh eu-LISA tuarascáil faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle ina míneofar an chaoi ar baineadh amach na cuspóirí, go háirithe i dtaca le pleanáil agus costais, agus ina dtabharfar údar maith le haon neamhréireachtaí.

5.   I gcás uasghrádú teicniúil ar ardán comhoibrithe na JITanna, uasghrádú a bhféadfadh costais mhóra a bheith mar thoradh air, cuirfidh eu-LISA Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle ar an eolas sula ndéanfar an t-uasghrádú.

6.   Tráth nach déanaí ná 2 bhliain ón dáta a rachfar i mbun oibríochtaí ardán comhoibrithe na JITanna, déanfar an méid seo a leanas:

(a)

cuirfidh eu-LISA tuarascáil ar fheidhmiú teicniúil ardán comhoibrithe na JITanna, lena n-áirítear a ghnéithe slándála neamhíogaire, faoi bhráid an Choimisiúin, agus cuirfidh sé an tuarascáil sin ar fáil go poiblí;

(b)

ar bhonn na tuarascála dá dtagraítear i bpointe (a), déanfaidh an Coimisiún meastóireacht fhoriomlán ar ardán comhoibrithe na JITanna agus tarchuirfidh sé tuarascáil fhoriomlán mheastóireachta chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle.

Gach bliain tar éis an tuarascáil dá dtagraítear i bpointe (a) den chéad fhomhír a tharchur, cuirfidh eu-LISA tuarascáil ar fheidhmiú teicniúil ardán comhoibrithe na JITanna faoi bhráid an Choimisiúin, lena n-áirítear a ghnéithe slándála neamhíogaire, agus cuirfidh sé an tuarascáil sin ar fáil go poiblí.

Gach 4 bliana tar éis an tuarascáil meastóireachta fhoriomlán dá dtagraítear i bpointe (b) den chéad fhomhír a tharchur agus ar bhonn na dtuarascálacha a chuirfidh eu-LISA isteach i gcomhréir leis an dara fomhír, déanfaidh an Coimisiún meastóireacht fhoriomlán ar ardán comhoibrithe na JITanna agus tarchuirfidh sé tuarascáil fhoriomlán mheastóireachta chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle.

7.   Laistigh de 18 mí ón dáta a rachfar i mbun oibríochtaí ardán comhoibrithe na JITanna, cuirfidh an Coimisiún, tar éis dó dul i gcomhairle le Europol agus leis an nGrúpa Comhairleach dá dtagraítear in Airteagal 12, tuarascáil faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle ina mbeidh measúnú ar a riachtanaí, a indéanta, a oiriúnaí agus a chost-éifeachtúla a bheadh sé dá bhféadfaí nasc a dhéanamh idir ardán comhoibrithe na JITanna agus SIENA. Sa tuarascáil sin, freisin, beidh coinníollacha, sonraíochtaí teicniúla agus nósanna imeachta maidir le nasc slán éifeachtúil a áirithiú. I gcás inarb iomchuí, beidh na tograí reachtacha is gá ag gabháil leis an tuarascáil sin, agus d’fhéadfadh sé, sna tograí sin, go dtabharfaí de chumhacht don Choimisiún sonraíochtaí teicniúla an naisc sin a ghlacadh.

8.   Déanfaidh údaráis inniúla na mBallstát, Eurojust, Europol, OIPE, OLAF agus comhlachtaí, oifigí agus gníomhaireachtaí inniúla eile de chuid an Aontais cibé faisnéis is gá a sholáthar do eu-LISA agus don Choimisiún chun an tuarascáil dá dtagraítear i mír 4 den Airteagal seo agus an tuarascáil fhoriomlán mheastóireachta ón gCoimisiúin dá dtagraítear i mír 6 den Airteagal seo a dhréachtú. Soláthróidh siad freisin do Rúnaíocht an Líonra JITanna an fhaisnéis is gá chun an tuarascáil bhliantúil dá dtagraítear in Airteagal 10, pointe (e), a dhréachtú. Ní chuirfidh an fhaisnéis dá dtagraítear sa chéad abairt agus sa dara habairt den mhír seo aon mhodh oibre i gcontúirt ná ní bheidh faisnéis ar áireamh inti ina nochtfar foinsí, ainmneacha ball foirne ná imscrúduithe.

9.   Soláthróidh eu-LISA don Choimisiún an fhaisnéis is gá chun an mheastóireacht fhoriomlán dá dtagraítear i mír 6 a dhéanamh.

Airteagal 27

Costais

Is as buiséad ginearálta an Aontais a sheasfar na costais a thabhófar i mbunú agus oibriú ardán comhoibrithe na JITanna.

Airteagal 28

Tús a chur le hoibríochtaí

1.   Cinnfidh an Coimisiún an dáta a rachfar i mbun oibríochtaí ardán comhoibrithe na JITanna, a luaithe a bheidh sé sásta go bhfuil na coinníollacha seo a leanas á gcomhlíonadh:

(a)

go mbeidh na gníomhartha cur chun feidhme dá dtagraítear in Airteagal 6, pointí (a) go (g), glactha;

(b)

go mbeidh tástáil chuimsitheach ar ardán comhoibrithe na JITanna tugtha i gcrích go rathúil ag eu-LISA, le rannpháirtíocht na mBallstát, agus úsáid á baint as sonraí tástála anaithnide.

In aon chás, ní bheidh an dáta sin níos déanaí ná an 7 Nollaig 2025.

2.   I gcás ina gcinnfidh an Coimisiún an dáta a rachfar i mbun oibríochtaí ardán comhoibrithe na JITanna i gcomhréir le mír 1, cuirfidh sé an dáta sin in iúl do na Ballstáit, Eurojust, Europol, OIPE agus OLAF. Cuirfidh sé Parlaimint na hEorpa ar an eolas freisin.

3.   An cinneadh ón gCoimisiún lena gcinnfear an dáta a rachfar i mbun oibríochtaí ardán comhoibrithe na JITanna, dá dtagraítear i mír 1, déanfar é a fhoilsiú in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

4.   Tosóidh úsáideoirí ardán comhoibrithe na JITanna ag baint úsáide as ardán comhoibrithe na JITanna ón dáta a rachfar i mbun oibríochtaí ardán comhoibrithe na JITanna a chinnfidh an Coimisiún i gcomhréir le mír 1.

Airteagal 29

Nós imeachta coiste

1.   Tabharfaidh coiste cúnamh don Choimisiún. Beidh an coiste sin ina choiste de réir bhrí Rialachán (AE) Uimh. 182/2011.

2.   I gcás ina ndéanfar tagairt don mhír seo, beidh feidhm ag Airteagal 5 de Rialachán (AE) Uimh. 182/2011.

3.   I gcás nach dtabharfaidh an coiste aon tuairim, ní dhéanfaidh an Coimisiún an dréachtghníomh cur chun feidhme a ghlacadh agus beidh feidhm ag Airteagal 5(4), an tríú fomhír, de Rialachán (AE) Uimh. 182/2011.

Airteagal 30

Leasuithe ar Rialachán (AE) 2018/1726

Leasaítear Rialachán (AE) 2018/1726 mar a leanas:

(1)

in Airteagal 1, cuirtear an mhír seo a leanas isteach:

‘4b.   Beidh an Ghníomhaireacht freagrach as forbairt agus bainistiú oibríochtúil, lena n-áirítear forbairtí teicniúla, ardán comhoibrithe de chuid na bhfoirne comhpháirteacha um imscrúdú, (‘ardán comhoibrithe na JITanna’)’;

(2)

cuirtear an t-airteagal seo a leanas isteach:

‘Airteagal 8c

Cúraimí a bhaineann le hardán comhoibrithe na JITanna

I ndáil le hardán comhoibrithe na JITanna, déanfaidh an Ghníomhaireacht an méid seo a leanas:

(a)

na cúraimí arna dtabhairt di le Rialachán (AE) 2023/969 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (*1);

(b)

cúraimí a bhaineann le hoiliúint maidir le húsáid theicniúil ardán comhoibrithe na JITanna arna soláthar do Rúnaíocht an Líonra JITanna, lena n-áirítear ábhair oiliúna a sholáthar.

(*1)  Rialachán (AE) 2023/969 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 10 Bealtaine 2023 lena mbunaítear ardán comhoibrithe chun tacú le feidhmiú na bhfoirne comhpháirteacha um imscrúdú agus lena leasaítear Rialachán (AE) 2018/1726 (IO L 132, 17.5.2023, lch. 1).’;."

(3)

in Airteagal 14, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 1:

‘1.   Déanfaidh an Ghníomhaireacht faireachán ar na forbairtí i dtaighde is ábhartha do bhainistiú oibríochtúil SIS II, VIS, Eurodac, EES, ETIAS, DubliNet, ECRIS-TCN, chóras e-CODEX, ardán comhoibrithe na JITanna agus córais mhórscála TF eile dá dtagraítear in Airteagal 1(5).’

;

(4)

in Airteagal 19(1), pointe (ff), cuirtear an pointe seo a leanas leis:

‘(viii)

ardán comhoibrithe na JITanna de bhun Airteagal 26(6) de Rialachán (AE) 2023 2023/969 ;’;

(5)

in Airteagal 27(1), cuirtear an pointe seo a leanas isteach:

‘(dd)

Grúpa Comhairleach ardán comhoibrithe na JITanna;’.

Airteagal 31

Teacht i bhfeidhm

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach sna Ballstáit i gcomhréir leis na Conarthaí.

Arna dhéanamh in Strasbourg, an 10 Bealtaine 2023.

Thar ceann Pharlaimint na hEorpa

An tUachtarán

R. METSOLA

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

J. ROSWALL


(1)  Seasamh ó Pharlaimint na hEorpa an 30 Márta 2023 (nár foilsíodh fós san Iris Oifigiúil) agus cinneadh ón gComhairle an 24 Aibreán 2023.

(2)  IO C 197, 12.7.2000, lch. 3.

(3)  Cinneadh Réime 2002/465/CGB ón gComhairle an 13 Meitheamh 2002 maidir le foirne comhpháirteacha um imscrúdú (IO L 162, 20.6.2002, lch. 1).

(4)  ETS Uimh. 182.

(5)  IO L 181, 19.7.2003, lch. 34.

(6)  Rialachán (AE) 2018/1727 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 14 Samhain 2018 maidir le Gníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um Chomhar Ceartais Choiriúil (Eurojust), agus a ghabhann ionad Chinneadh 2002/187/CGB ón gComhairle agus lena n-aisghairtear an cinneadh sin (IO L 295, 21.11.2018, lch. 138).

(7)  Rialachán (AE) 2022/838 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 30 Bealtaine 2022 lena leasaítear Rialachán (AE) 2018/1727 a mhéid a bhaineann le fianaise a chaomhnú, a anailísiú agus a stóráil ag Eurojust, ar fianaise í a bhaineann le cinedhíothú, coireanna in aghaidh an chine dhaonna, coireanna cogaidh agus cionta coiriúla gaolmhara (IO L 148, 31.5.2022, lch. 1.).

(8)  Rialachán (AE) 2016/794 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Bealtaine 2016 maidir le Gníomhaireacht an Aontais Eorpaigh i ndáil le Comhar i bhForfheidhmiú an Dlí (Europol) agus lena n-aisghairtear Cinntí 2009/371/CGB, 2009/934/CGB, 2009/935/CGB, 2009/936/CGB agus 2009/968/CGB ón gComhairle agus a ghabhann ionad na gCinntí sin (IO L 135, 24.5.2016, lch. 53).

(9)  Rialachán (AE) 2018/1726 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 14 Samhain 2018 maidir le Gníomhaireacht an Aontais Eorpaigh chun Bainistiú Oibríochtúil a dhéanamh ar Chórais Mhórscála TF sa Limistéar Saoirse, Slándála agus Ceartais (eu-LISA), agus lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 1987/2006 agus Cinneadh 2007/533/CGB ón gComhairle agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE) Uimh. 1077/2011 (IO L 295, 21.11.2018, lch. 99).

(10)  Treoir (AE) 2016/680 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 27 Aibreán 2016 maidir le cosaint daoine nádúrtha i ndáil le próiseáil sonraí pearsanta ag údaráis inniúla chun cionta coiriúla a chosc, a imscrúdú, a bhrath nó a ionchúiseamh nó chun pionóis choiriúla a fhorghníomhú, agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin agus lena n-aisghairtear Cinneadh Réime 2008/977/CGB ón gComhairle (IO L 119, 4.5.2016, lch. 89).

(11)  Rialachán (AE) 2018/1725 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Deireadh Fómhair 2018 maidir le daoine nádúrtha a chosaint i ndáil le sonraí pearsanta a phróiseáil ag institiúidí, comhlachtaí, oifigí agus gníomhaireachtaí an Aontais agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin, agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 45/2001 agus Cinneadh Uimh. 1247/2002/CE (IO L 295, 21.11.2018, lch. 39).

(12)  Rialachán (AE) Uimh. 2017/1939 ón gComhairle an 12 Deireadh Fómhair 2017 lena gcuirtear comhar feabhsaithe chun feidhme maidir le bunú Oifig an Ionchúisitheora Phoiblí Eorpaigh (OIPE), (IO L 283, 31.10.2017, lch. 1).

(13)  Cinneadh 1999/352/CE, CEGC, Euratom ón gCoimisiún an 28 Aibreán 1999 lena mbunaítear an Oifig Eorpach Frith-Chalaoise (OLAF) (IO L 136, 31.5.1999, lch. 20).

(14)  Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Feabhra 2011 lena leagtar síos na rialacha agus na prionsabail ghinearálta a bhaineann leis na sásraí maidir le rialú ag na Ballstáit ar fheidhmiú cumhachtaí cur chun feidhme ag an gCoimisiún (IO L 55, 28.2.2011, lch. 13).

(15)  IO L 56, 4.3.1968, lch. 1.

(16)  Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 883/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Meán Fómhair 2013 maidir le himscrúduithe arna ndéanamh ag an Oifig Eorpach Frith-Chalaoise (OLAF) agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 1073/1999 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus Rialachán (Euratom) Uimh. 1074/1999 ón gComhairle (IO L 248, 18.9.2013, lch. 1).

(17)  IO C 12, 13.1.2018, lch. 1.


Top