EUR-Lex Access to European Union law

Back to EUR-Lex homepage

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 32023L1544

Treoir (AE) 2023/1544 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 12 Iúil 2023 lena leagtar síos rialacha comhchuibhithe maidir le bunaíochtaí ainmnithe a ainmniú agus ionadaithe dlíthiúla a cheapadh chun críche fianaise a bhailiú in imeachtaí coiriúla

PE/3/2023/REV/1

IO L 191, 28.7.2023, p. 181–190 (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

Legal status of the document In force

ELI: http://data.europa.eu/eli/dir/2023/1544/oj

28.7.2023   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 191/181


TREOIR (AE) 2023/1544 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

an 12 Iúil 2023

lena leagtar síos rialacha comhchuibhithe maidir le bunaíochtaí ainmnithe a ainmniú agus ionadaithe dlíthiúla a cheapadh chun críche fianaise a bhailiú in imeachtaí coiriúla

TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagail 53 agus 62 de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

Tar éis dóibh an dréachtghníomh reachtach a chur chuig na parlaimintí náisiúnta,

Ag féachaint don tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa (1),

Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach (2),

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Is féidir seirbhísí líonrabhunaithe a sholáthar as aon áit agus ní theastaíonn aon bhonneagar fisiciúil, aon áitreabh ná aon fhoireann sa tír ina dtairgtear an tseirbhís ábhartha, ná go deimhin sa mhargadh inmheánach féin. Mar thoradh air sin, is féidir é a bheith deacair cur i bhfeidhm agus forfheidhmiú a dhéanamh ar na hoibleagáidí a leagtar síos sa dlí náisiúnta agus i ndlí an Aontais agus a bhfuil feidhm acu maidir leis na soláthraithe seirbhíse lena mbaineann, go háirithe an oibleagáid ordú nó cinneadh ó údarás breithiúnach a chomhlíonadh. Is amhlaidh a bhíonn, go háirithe, sa dlí coiriúil, i gcás ina mbíonn deacrachtaí ag údaráis na mBallstát a gcuid cinntí a sheirbheáil, a fhorfheidhmiú agus comhlíonadh na gcinntí sin a áirithiú, go háirithe i gcás ina soláthraítear na seirbhísí ábhartha as suíomh atá lasmuigh dá gcríoch féin. I bhfianaise an méid sin, ghlac na Ballstáit roinnt beart neamhionann ar mhaithe lena reachtaíocht féin a chur i bhfeidhm agus a fhorfheidhmiú ar bhealach níos éifeachtaí. Áirítear leis sin bearta chun dul i dteagmháil le soláthraithe seirbhíse i ndáil le fianaise leictreonach is ábhartha a fháil maidir le himeachtaí coiriúla. Chuige sin, tá roinnt Ballstát tar éis reachtaíocht a ghlacadh, nó tá siad ar tí a glactha, a fhorchuirfidh ar roinnt soláthraithe seirbhíse a thairgeann seirbhísí laistigh de chríoch na mBallstát sin ionadaíocht dhlíthiúil éigeantach a bheith acu ar an gcríoch sin. Cruthaítear le ceanglais den sórt sin bacainní ar shaorsholáthar seirbhísí laistigh den mhargadh inmheánach.

(2)

In éagmais cur chuige uile-Aontais, tá riosca ann go ndéanfaidh Ballstáit iarracht réiteach a fháil ar na heasnaimh atá ann cheana i dtaca le fianaise leictreonach a bhailiú in imeachtaí coiriúla trí oibleagáidí neamhionanna náisiúnta a fhorchur. Chruthódh oibleagáidí difriúla náisiúnta den sórt sin tuilleadh bacainní ar shaorsholáthar seirbhísí laistigh den mhargadh inmheánach.

(3)

In éagmais cur chuige uile-Aontais, tá éiginnteacht dhlíthiúil ann a dhéanann difear do lucht soláthair seirbhísí agus na húdaráis náisiúnta araon. Tá feidhm ag oibleagáidí neamhionanna a d’fhéadfadh a bheith ar neamhréir le chéile maidir le soláthraithe seirbhíse atá bunaithe nó a thairgeann seirbhísí i mBallstáit éagsúla, rud a fhágann go mbíonn na soláthraithe seirbhíse sin faoi réir pionóis dhifriúla i gcás ina dtarlaíonn sáruithe. Is dóigh go dtiocfaidh méadú eile ar na héagsúlachtaí sin sa chreat imeachtaí coiriúla i ngeall ar an tábhacht mhéadaitheach a bhaineann le seirbhísí cumarsáide agus seirbhísí na sochaí faisnéise ó lá go lá agus sa tsochaí. Ní amháin go bhfuil éagsúlachtaí den sórt sin ina bacainn ar fheidhmiú cuí an mhargaidh inmheánaigh, ach cruthaíonn siad fadhbanna maidir le bunú agus dea-fheidhmiú limistéar saoirse, slándála agus ceartais an Aontais freisin.

(4)

Chun éagsúlachtaí sa chreat dlíthiúil a sheachaint agus chun a áirithiú go mbeidh gnóthais atá gníomhach sa mhargadh inmheánach faoi réir na n-oibleagáidí céanna nó oibleagáidí comhchosúla, tá roinnt gníomhartha dlí glactha ag an Aontas i réimsí gaolmhara amhail cosaint sonraí, eadhon Rialachán (AE) 2016/679 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (3) agus Treoir 2002/58/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (4). Chun an leibhéal cosanta a thugtar do na hábhair sonraí a mhéadú, foráiltear le Rialachán (AE) 2016/679, maidir le rialaitheoirí nó próiseálaithe nach bhfuil bunaithe san Aontas ach a thairgeann earraí nó seirbhísí d’ábhair sonraí san Aontas nó a dhéanann faireachán ar iompraíocht na n-ábhar sonraí i gcás ina ndéantar an iompraíocht sin san Aontas, go ndéanfaidh siad ionadaí dlíthiúil san Aontas a ainmniú, ach amháin i gcás nach ndéantar an phróiseáil ar shonraí ach ó am go chéile, nach n-áirítear léi próiseáil mhórscála ar chatagóirí speisialta sonraí pearsanta nó próiseáil ar shonraí pearsanta a bhaineann le ciontuithe agus cionta coiriúla, agus nach dóigh go mbeidh riosca ann do chearta agus saoirsí daoine nádúrtha dá barr, agus aird á tabhairt ar chineál, comhthéacs, raon feidhme agus críocha na próiseála nó ar cé acu údarás nó comhlacht poiblí an rialaitheoir nó an próiseálaí.

(5)

Trí rialacha comhchuibhithe a leagan amach maidir le bunaíochtaí ainmnithe a ainmniú agus ionadaithe dlíthiúla soláthraithe seirbhísí áirithe san Aontas a cheapadh chun cinntí agus orduithe arna n-eisiúint ag údaráis inniúla na mBallstát a fháil, a chomhlíonadh agus a fhorfheidhmiú, chun críoch fianaise leictreonach a bhailiú in imeachtaí coiriúla, ba cheart na bacainní atá ann faoi láthair ar shaorsholáthar seirbhísí a bhaint, agus ba cheart cosc a chur le haon chur chuige éagsúil náisiúnta a bheith á fhorchur ina leith sin amach anseo. Ba cheart, dá bhrí sin, cothrom na Féinne a bhaint amach do sholáthraithe seirbhísí. Ag brath ar cé acu atá nó nach bhfuil soláthraithe seirbhíse bunaithe san Aontas, ba cheart do na Ballstáit a áirithiú go n-ainmneoidh soláthraithe seirbhíse bunaíocht ainmnithe nó go gceapfaidh siad ionadaí dlíthiúil. Níor cheart go ndéanfadh na rialacha comhchuibhithe sin maidir le bunaíochtaí ainmnithe a ainmniú agus ionadaithe dlíthiúla a cheapadh difear do na hoibleagáidí atá ar sholáthraithe seirbhíse faoi reachtaíocht eile de chuid an Aontais. Thairis sin, ba cheart forfheidhmiú níos éifeachtaí ar an dlí coiriúil a éascú i limistéar saoirse, slándála agus ceartais an Aontais.

(6)

Ba cheart na bunaíochtaí ainmnithe agus na hionadaithe dlíthiúla dá bhforáiltear sa Treoir seo fónamh mar sheolaithe le haghaidh cinntí agus orduithe chun críche fianaise leictreonach a bhailiú ar bhonn Rialachán (AE) 2023/1543 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (5), Threoir 2014/41/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (6) agus an Choinbhinsiúin arna bhunú ag an gComhairle i gcomhréir le hAirteagal 34 den Chonradh ar an Aontas Eorpach, um Chúnamh Frithpháirteach in Ábhair Choiriúla idir Ballstáit an Aontais Eorpaigh (7), lena n-áirítear i gcás ina ndéantar na cinntí agus na horduithe sin a tharchur i bhfoirm deimhnithe.

Ba cheart dul i muinín na bunaíochta ainmnithe nó an ionadaí dhlíthiúil i gcomhréir leis na nósanna imeachta a leagtar amach sna hionstraimí agus sa reachtaíocht is infheidhme maidir leis na himeachtaí breithiúnacha, lena n-áirítear i gcás ina gceadaítear leis na hionstraimí lena mbaineann orduithe a sheirbheáil go díreach i gcásanna trasteorann ar an mbunaíocht ainmnithe nó ar ionadaí dlíthiúil an tsoláthraí seirbhíse, nó i gcás ina bhfuil na hionstraimí sin bunaithe ar an gcomhar idir na húdaráis bhreithiúnacha inniúla. Ba cheart d’údaráis inniúla an Bhallstáit ina bhfuil an bhunaíocht ainmnithe bunaithe nó ina bhfuil cónaí ar an ionadaí dlíthiúil gníomhú i gcomhréir leis an ról a leagtar amach dóibh san ionstraim lena mbaineann i gcás ina ndéantar foráil maidir lena rannpháirtíocht. Maidir le cinntí agus orduithe chun críche fianaise leictreonach a bhailiú ar bhonn an dlí náisiúnta, ba cheart na Ballstáit a bheith in ann iad a dhíriú ar dhuine nádúrtha nó dlítheanach atá ag gníomhú mar ionadaí dlíthiúil nó mar bhunaíocht ainmnithe soláthraí seirbhíse ar a gcríoch.

(7)

Ba cheart do na Ballstát a áirithiú go mbeidh sé d’oibleagáid ar sholáthraithe seirbhíse a bheidh ag tairiscint seirbhísí san Aontas an 18 Feabhra 2026 aon bhunaíocht ainmnithe amháin a ainmniú nó aon ionadaí dlíthiúil amháin a cheapadh ar a laghad faoin 18 Lúnasa 2026 agus go ndéanfaidh soláthraithe seirbhíse a thosóidh ag tairiscint seirbhísí san Aontas tar éis an dáta sin aon bhunaíocht ainmnithe amháin a ainmniú nó aon ionadaí dlíthiúil amháin a cheapadh ar a laghad a ainmniú laistigh de 6 mhí ón dáta a thosóidh siad ag tairiscint seirbhísí san Aontas. Gan dochar do na coimircí cosanta sonraí, d’fhéadfaí an bhunaíocht ainmnithe sin nó an t-ionadaí dlíthiúil sin a roinnt idir soláthraithe seirbhíse éagsúla, go háirithe soláthraithe seirbhíse ar fiontair bheaga nó mheánmhéide iad.

(8)

An oibleagáid bunaíocht ainmnithe a ainmniú nó ionadaí dlíthiúil a cheapadh, ba cheart feidhm a bheith ag an oibleagáid sin maidir le soláthraithe seirbhísí a thairgeann seirbhísí san Aontas, is é sin le rá i mBallstát amháin nó níos mó. Maidir le cás ina mbíonn soláthraí seirbhísí bunaithe ar chríoch Ballstáit agus ina dtairgeann sé seirbhísí ar chríoch an Bhallstáit sin agus ar an gcríoch sin amháin, níor cheart cás den sórt sin a chumhdach faoin Treoir seo.

(9)

Chun críche fianaise leictreonach a bhailiú in imeachtaí coiriúla, ba cheart na Ballstáit a bheith fós in ann dul i dteagmháil le soláthraithe seirbhíse atá bunaithe ar a gcríoch i gcásanna nach mbaineann ach leis an tír sin i gcomhréir le dlí an Aontais agus a ndlí náisiúnta faoi seach. D’ainneoin na bhféidearthachtaí dá bhforáiltear faoi láthair sa dlí náisiúnta chun dul i dteagmháil le soláthraithe seirbhíse ar a gcríoch féin, níor cheart do na Ballstáit dul timpeall ar na prionsabail is bun leis an Treoir seo ná le Rialachán (AE) 2023/1543.

(10)

Chun a chinneadh an bhfuil seirbhísí á dtairiscint ag soláthraí seirbhíse san Aontas, ní mór a mheas an gcuireann an soláthraí seirbhíse ar chumas daoine nádúrtha nó dlítheanacha i mBallstát amháin nó níos mó a chuid seirbhísí a úsáid. Ba cheart a mheas, áfach, nach leor, ann féin, rochtain a bheith ar chomhéadan ar líne san Aontas, mar shampla rochtain ar shuíomh gréasáin nó seoladh ríomhphoist nó sonraí teagmhála eile soláthraí seirbhíse nó idirghabhálaí, chun a chinneadh an bhfuil seirbhísí á dtairiscint ag soláthraí seirbhíse san Aontas de réir bhrí na Treorach seo.

(11)

Chun a chinneadh an bhfuil seirbhísí á dtairiscint ag soláthraí seirbhíse san Aontas, ní mór a shuí, sa bhreis ar a mheas an gcuireann an soláthraí seirbhíse ar chumas daoine nádúrtha nó dlítheanacha i mBallstát amháin nó níos mó a chuid seirbhísí a úsáid, an bhfuil nasc substaintiúil ann leis an Aontas. Ba cheart a mheas gur ann do nasc substaintiúil den sórt sin leis an Aontas i gcás ina bhfuil bunaíocht ag an soláthraí seirbhíse san Aontas. In éagmais bunaíocht den sórt sin, ba cheart an critéar le haghaidh nasc substaintiúil a bhunú ar chritéir shonracha fhíriciúla amhail líon suntasach úsáideoirí i mBallstát amháin nó níos mó, nó ar an mbonn go bhfuil gníomhaíochtaí á spriocdhíriú ar Bhallstát amháin nó níos mó. Ba cheart a chinneadh an bhfuil gníomhaíochtaí á spriocdhíriú ar Bhallstát amháin nó níos mó ar bhonn na n-imthosca ábhartha go léir, lena n-áirítear tosca amhail úsáid teanga nó airgeadra a mbaintear úsáid aisti nó as go forleathan sa Bhallstát sin nó an deis a bhaineann le hearraí nó seirbhísí a ordú.

D’fhéadfaí a mheas go bhfuil gníomhaíochtaí á spriocdhíriú ar Bhallstát freisin bunaithe ar fheidhmchlár (“aip”) a bheith ar fáil san aipmhargadh náisiúnta ábhartha, ar fhógraíocht a bheith á soláthar go háitiúil nó sa teanga a úsáidtear go forleathan sa Bhallstát sin nó ar an gcaoi a láimhseáiltear an caidreamh le custaiméirí, amhail trí sheirbhís do chustaiméirí a bheith á soláthar sa teanga a úsáidtear go forleathan sa Bhallstát sin. Ba cheart a mheas go bhfuil ceangal tábhachtach ann freisin i gcás ina ndíríonn soláthraí seirbhísí a chuid gníomhaíochtaí ar Bhallstát amháin nó níos mó mar a leagtar amach i Rialachán (AE) Uimh. 1215/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (8). Ar an taobh eile, maidir le seirbhís a sholáthar chun an toirmeasc ar idirdhealú a leagtar síos i Rialachán (AE) 2018/302 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (9) a chomhlíonadh, níor cheart a mheas, gan aon fhorais bhreise, go bhfuil an soláthar sin ag díriú nó ag spriocdhíriú gníomhaíochtaí ar chríoch ar leith laistigh den Aontas. Ba cheart feidhm a bheith ag na tosca céanna agus cinneadh á dhéanamh cé acu atá nó nach bhfuil seirbhísí á dtairiscint ag soláthraí seirbhíse i gcríoch Ballstáit.

(12)

Tá feidhm ag ionstraimí difriúla a thagann faoi raon feidhme Theideal V de Chaibidil 4 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh maidir leis an gcomhar idir na Ballstáit le linn fianaise a bhailiú in imeachtaí coiriúla. Mar thoradh ar an ngeoiméadracht athraitheach atá i limistéar saoirse, slándála agus ceartais an Aontais, is gá a áirithiú nach n-éascaítear leis an Treoir seo go gcruthófar tuilleadh neamhionannas nó bacainní maidir le soláthar seirbhísí sa mhargadh inmheánach trí chead a thabhairt do sholáthraithe seirbhíse a bhfuil seirbhísí á dtairiscint acu ar chríoch na mBallstát bunaíochtaí ainmnithe a ainmniú nó ionadaithe dlíthiúla a cheapadh sna Ballstáit nach bhfuil rannpháirteach san ionstraimí dlí ábhartha. Dá bhrí sin, ba cheart aon bhunaíocht ainmnithe amháin nó aon ionadaí dlíthiúil amháin ar a laghad a ainmniú nó a cheapadh i mBallstát atá rannpháirteach sna hionstraimí dlí ábhartha de chuid an Aontais chun nach lagófar éifeachtacht an ainmniúcháin nó an cheapúcháin dá bhforáiltear sa Treoir seo agus chun úsáid a bhaint as na sineirgí a bhaineann le bunaíocht ainmnithe nó ionadaí dlíthiúil a bheith ann chun cinntí agus orduithe a fháil, a chomhlíonadh agus a fhorfheidhmiú, ar cinntí agus orduithe iad a thagann faoi raon feidhme na Treorach seo, lena n-áirítear faoi Rialachán (AE) 2023/1543, Treoir 2014/41/AE agus an Coinbhinsiún arna bhunú ag an gComhairle i gcomhréir le hAirteagal 34 den Chonradh ar an Aontas Eorpach, um Chúnamh Frithpháirteach in Ábhair Choiriúla idir Ballstáit an Aontais Eorpaigh. Ina theannta sin, trí bhunaíocht ainmnithe a ainmniú nó ionadaí dlíthiúil a cheapadh, a d’fhéadfaí a úsáid chun comhlíonadh na n-oibleagáidí dlíthiúla náisiúnta a áirithiú freisin, d’fhéadfaí leas a bhaint as na sineirgí a bhaineann le pointe soiléir rochtana a bheith ann chun dul i dteagmháil leis na soláthraithe seirbhíse chun críche fianaise a bhailiú in imeachtaí coiriúla.

(13)

Ba cheart an tsaoirse a bheith ag soláthraithe seirbhíse an Ballstát a roghnú ina n-ainmneoidh siad a mbunaíocht ainmnithe nó, i gcás inarb infheidhme, ina gceapfaidh siad a n-ionadaí dlíthiúil agus níor cheart do na Ballstáit a bheith in ann an tsaor-rogha sin a shrianadh, mar shampla trí oibleagáid a fhorchur an bhunaíocht ainmnithe a ainmniú nó an t-ionadaí dlíthiúil a cheapadh ar a gcríoch. Ba cheart foráil a dhéanamh sa Treoir seo freisin, áfach, maidir le srianta áirithe a bhaineann leis an tsaor-rogha sin atá ag soláthraithe seirbhíse, go háirithe an chaoi ar cheart an bhunaíocht ainmnithe a bheith bunaithe nó, i gcás inarb infheidhme, cónaí a bheith ar an ionadaí dlíthiúil i mBallstát ina soláthraíonn an soláthraí seirbhíse seirbhísí nó ina bhfuil sé bunaithe, chomh maith le foráil a dhéanamh maidir le hoibleagáid chun bunaíocht ainmnithe a ainmniú nó ionadaí dlíthiúil a cheapadh i gceann amháin de na Ballstáit atá rannpháirteach in ionstraim dlí dá dtagraítear sa Treoir seo. I gcás nach ndéantar ach ionadaí dlíthiúil a cheapadh, níor cheart a mheas gur ionann sin agus gníomh de chuid an tsoláthraí seirbhísí.

(14)

Is iad na soláthraithe seirbhíse is ábhartha maidir le fianaise a bhailiú in imeachtaí coiriúla soláthraithe seirbhísí cumarsáide leictreonaí agus soláthraithe sonracha sheirbhísí na sochaí faisnéise lena n-éascaítear idirghníomhaíocht idir úsáideoirí. Dá bhrí sin, ba cheart an dá ghrúpa sin a chumhdach leis an Treoir seo. Sainmhínítear seirbhísí cumarsáide leictreonaí i dTreoir (AE) 2018/1972 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (10) agus tá seirbhísí cumarsáide idirphearsanta san áireamh, amhail Prótacal Idirlín Guthaithe, seirbhísí um theachtaireachtaí meandracha agus seirbhísí ríomhphoist. Ba cheart feidhm a bheith ag an Treoir seo freisin maidir le soláthraithe seirbhíse na sochaí faisnéise de réir bhrí Threoir (AE) 2015/1535 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (11) nach gcáilíonn mar sholáthraithe seirbhíse cumarsáide leictreonaí, ach a chuireann ar chumas a n-úsáideoirí cumarsáid a dhéanamh le chéile nó a tháirgeann seirbhísí dá n-úsáideoirí ar féidir úsáid a bhaint astu chun sonraí a phróiseáil nó a stóráil ar a son. Bheadh sé sin i gcomhréir leis na téarmaí a úsáidtear i gCoinbhinsiún Chomhairle na hEorpa maidir le Cibearchoireacht (CETS Uimh. 185), a rinneadh i mBúdaipeist an 23 Samhain 2001, dá ngairtear Coinbhinsiún Bhúdaipeist freisin. Ba cheart próiseáil sonraí a thuiscint sa chiall theicniúil, is é sin cruthú nó athrú sonraí, is é sin le rá oibríochtaí teicniúla chun sonraí a thabhairt ar aird nó a athrú trí bhíthin cumhacht próiseála ríomhaire.

Ba cheart go n-áireofaí ar na catagóirí soláthraithe seirbhíse a chumhdaítear leis an Treoir seo, mar shampla, margaí ar líne a chuireann ar chumas tomhaltóirí agus gnólachtaí cumarsáid a dhéanamh le chéile, agus le seirbhísí óstála eile, lena n-áirítear i gcás ina soláthraítear an tseirbhís trí néalríomhaireacht, chomh maith le hardáin chluichíochta agus ardáin chearrbhachais ar líne. I gcás nach gcuireann soláthraí seirbhíse sochaí faisnéise ar chumas a chuid úsáideoirí cumarsáid a dhéanamh le chéile, agus gur leis an soláthraí seirbhíse amháin is féidir leo cumarsáid a dhéanamh, nó i gcás nach comhpháirt shainiúil é sonraí a stóráil, is é sin le rá, cuid bhunriachtanach, den tseirbhís a sholáthraítear d’úsáideoirí é an cumas sonraí a stóráil, amhail seirbhísí dlí, innealtóireachta, ailtireachta agus cuntasaíochta a sholáthraítear ó chian, níor cheart dó teacht faoi raon feidhme an tsainmhínithe ar “sholáthraí seirbhíse” a leagtar síos sa Treoir seo, fiú más rud é go bhfuil na seirbhísí a sholáthraíonn an soláthraí seirbhíse sin ina seirbhísí na sochaí faisnéise de réir bhrí Threoir (AE) 2015/1535.

(15)

Tá soláthraithe seirbhísí bonneagair idirlín a bhaineann le sannadh ainmneacha agus uimhreacha, amhail clárlanna ainmneacha fearainn agus cláraitheoirí agus soláthraithe príobháideachta agus seachsholáthraithe seirbhíse, nó clárlanna idirlín réigiúnacha le haghaidh seoltaí prótacal idirlín (“seoltaí IP”), thar a bheith ábhartha maidir leis na gníomhaithe atá taobh thiar de shuíomhanna gréasáin atá mailíseach nó atá haiceáilte a aithint. Coinníonn siad sonraí lena bhféadfaí duine aonair nó eintiteas atá laistiar de shuíomh gréasáin a úsáidtear i ngníomhaíocht choiriúil, nó íospartach i ngníomhaíocht choiriúil, a aithint.

(16)

Ba cheart do na Ballstáit a áirithiú go ndéanfaidh soláthraithe seirbhíse atá bunaithe nó a thairgeann seirbhísí ar a gcríoch na cumhachtaí agus na hacmhainní is gá a sholáthar dá mbunaíochtaí ainmnithe agus dá n-ionadaithe dlíthiúla chun na cinntí agus na horduithe, a thagann faoi raon feidhme na Treorach seo, a fhaightear ó aon Bhallstát a chomhlíonadh. Ba cheart do na Ballstáit a fhíorú freisin go bhfuil na cumhachtaí agus na hacmhainní is gá faighte ag na bunaíochtaí ainmnithe nó na hionadaithe dlíthiúla atá ina gcónaí ar a gcríoch ó na soláthraithe seirbhíse chun cinntí agus orduithe, a thagann faoi raon feidhme na Treorach seo, a fhaightear ó aon Bhallstát, a chomhlíonadh agus go bhfuil siad ag comhoibriú leis na húdaráis inniúla agus na cinntí agus orduithe sin á bhfáil acu, i gcomhréir leis an gcreat dlíthiúil is infheidhme. Níor cheart easpa beart den sórt sin nó laigí sna bearta sin a úsáid chun údar a thabhairt le neamhchomhlíonadh cinntí nó orduithe a thagann faoi raon feidhme na Treorach seo.

Sa bhreis air sin, níor cheart soláthraithe seirbhíse a bheith in ann údar a thabhairt leis an gcaoi nár chomhlíon siad oibleagáidí a eascraíonn ón gcreat dlíthiúil is infheidhme ar chinntí nó orduithe, a thagann faoi raon feidhme na Treorach seo, a fháil ar an bhforas go bhfuil easpa nósanna imeachta inmheánacha ann, nó go bhfuil siad neamhéifeachtach, ós rud é go bhfuil siad freagrach as na hacmhainní agus na cumhachtaí is gá a sholáthar chun comhlíonadh na gcinntí agus na n-orduithe sin a áirithiú. Níor cheart ach oiread go mbeadh bunaíochtaí ainmnithe nó ionadaithe dlíthiúla in ann údar a thabhairt le neamhchomhlíonadh den sórt sin trína mhaíomh, mar shampla, nach bhfuil sé de chumhacht acu sonraí a sholáthar. Chuige sin, ba cheart do na Ballstáit a áirithiú gur féidir an bhunaíocht ainmnithe nó an t-ionadaí dlíthiúil agus an soláthraí seirbhísí araon a chur faoi dhliteanas comhpháirteach agus leithleach i gcás neamhchomhlíonadh na n-oibleagáidí a eascraíonn ón gcreat dlíthiúil is infheidhme ar chinntí agus orduithe, a thagann faoi raon feidhme na Treorach seo, a fháil, ionas gur féidir gach ceann acu a chur faoi réir pionóis i gcás aon neamhchomhlíonadh. Go sonrach, níor cheart gur féidir leis an soláthraí seirbhíse ná an bhunaíocht ainmnithe, ná an t-ionadaí dlíthiúil i gcás inarb infheidhme, úsáid a bhaint as an easpa nósanna imeachta inmheánacha iomchuí atá idir an soláthraí seirbhíse agus an bhunaíocht ainmnithe nó an t-ionadaí dlíthiúil mar údar cuí le neamhchomhlíonadh na n-oibleagáidí sin. Níor cheart feidhm a bheith ag dliteanas comhpháirteach agus leithleach maidir le gníomhaíochtaí nó neamhghníomhaíochtaí de chuid an tsoláthraí seirbhíse nó na bunaíochta ainmnithe nó de chuid an ionadaí dhlíthiúil, i gcás inarb infheidhme, arb ionann iad agus cion coiriúil sa Bhallstát atá ag gearradh na bpionós.

(17)

Ba cheart do na Ballstáit a áirithiú go ndéanfaidh gach soláthraí seirbhíse atá bunaithe nó a thairgeann seirbhísí ar a gcríoch lena mbaineann, arna ainmniú de bhun na Treorach seo, fógra i scríbhinn a thabhairt d’údarás lárnach an Bhallstáit ina bhfuil a bhunaíocht ainmnithe bunaithe nó ina bhfuil cónaí ar a ionadaí dlíthiúil, faoi shonraí teagmhála na bunaíochta ainmnithe nó an ionadaí dhlíthiúil sin, agus faoi aon athruithe a dhéantar ina leith. Ba cheart faisnéis a thabhairt san fhógra freisin faoi na teangacha inar féidir dul i dteagmháil leis an mbunaíocht ainmnithe nó leis an ionadaí dlíthiúil, ar cheart a bheith san áireamh ann ceann amháin nó níos mó de na teangacha oifigiúla mar a leagtar síos i ndlí náisiúnta an Bhallstáit ina bhfuil an bhunaíocht ainmnithe bunaithe nó ina bhfuil cónaí ar an ionadaí dlíthiúil, ach gur féidir teangacha oifigiúla eile an Aontas a bheith san áireamh ann freisin, amhail teanga an Bhallstáit ina bhfuil a gceanncheathrú lonnaithe. I gcás ina n-ainmníonn soláthraí seirbhíse roinnt bunaíochtaí ainmnithe nó ina gceapann sé roinnt ionadaithe dlíthiúla i gcomhréir leis an Treoir seo, ba cheart do na Ballstáit a áirithiú go léiríonn an soláthraí seirbhíse sin, i gcás gach bunaíochta ainmnithe nó ionadaí dhlíthiúil, raon feidhme críochach beacht a ainmnithe nó a cheapúcháin. Ba cheart críoch na mBallstát uile atá rannpháirteach sna hionstraimí a thagann faoi raon feidhme na Treorach seo a chumhdach. Ba cheart do na Ballstáit a áirithiú go ndíríonn a n-údaráis inniúla faoi seach a gcinntí agus a n-orduithe uile de bhun na Treorach seo ar bhunaíocht ainmnithe arna léiriú nó ar ionadaí dlíthiúil an tsoláthraí seirbhíse. Ba cheart do na Ballstáit a áirithiú go bhfuil an fhaisnéis a dtugtar fógra dóibh ina leith i gcomhréir leis an Treoir seo ar fáil go poiblí ar leathanach gréasáin tiomnaithe de chuid an Ghréasáin Bhreithiúnaigh Eorpaigh in ábhair choiriúla chun an comhordú idir na Ballstáit agus an dul i muinín a bhaineann údaráis ó Bhallstát eile as na bunaíochtaí ainmnithe nó as an ionadaí dlíthiúil a éascú. Ba cheart do na Ballstáit a áirithiú go ndéanfar nuashonrú rialta ar an bhfaisnéis sin. Ba cheart é a bheith indéanta freisin na sonraí sin a scaipeadh tuilleadh chun rochtain ar an bhfaisnéis sin ag na húdaráis inniúla a éascú, amhail trí shuíomhanna tiomnaithe inlín nó trí fhóraim agus ardáin.

(18)

Ba cheart do na Ballstáit rialacha a leagan síos maidir leis na pionóis is infheidhme i leith sáruithe ar fhorálacha náisiúnta arna nglacadh de bhun na Treorach seo agus ba cheart dóibh gach beart is gá a dhéanamh chun a áirithiú go gcuirfear chun feidhme iad. Ba cheart na pionóis dá bhforáiltear a bheith éifeachtach, comhréireach agus athchomhairleach. Ba cheart do na Ballstáit, faoin dáta a leagtar amach sa Treoir seo, fógra a thabhairt don Choimisiún faoi na rialacha agus na bearta sin agus ba cheart dóibh fógra a thabhairt dó, gan mhoill, faoi aon leasú ina dhiaidh sin a dhéanfaidh difear dóibh. Ba cheart do na Ballstáit freisin an Coimisiún a chur ar an eolas ar bhonn bliantúil faoi sholáthraithe seirbhíse neamhchomhlíontacha, faoi bheart forfheidhmiúcháin ábhartha arna ndéanamh ina gcoinne agus faoi na pionóis arna bhforchur ina leith. Níor cheart, faoi imthosca ar bith gur toirmeasc ar an soláthar seirbhísí, bíodh sé buan ná sealadach, a bheadh mar thoradh ar na pionóis sin. Ba cheart do na Ballstáit a mbearta forfheidhmiúcháin a chomhordú i gcás ina dtairgeann soláthraí seirbhíse seirbhísí i roinnt Ballstát. Ba cheart do na húdaráis lárnacha comhordú a dhéanamh chun cur chuige comhleanúnach agus comhréireach a áirithiú. Ba cheart don Choimisiún an comhordú sin a éascú más gá, agus ba cheart, ar aon chaoi, é a chur ar an eolas faoi chásanna sáraithe. Ní rialaítear leis an Treoir seo na socruithe conarthacha le haghaidh iarmhairtí airgeadais na bpionós a fhorchuirtear ina leith a aistriú nó a mhalartú idir soláthraithe seirbhíse, bunaíochtaí ainmnithe agus ionadaithe dlíthiúla.

(19)

Agus na pionóis iomchuí is infheidhme i leith sáruithe ag soláthraithe seirbhíse á gcinneadh acu, ba cheart do na húdaráis inniúla na himthosca ábhartha uile a chur san áireamh, amhail acmhainneacht airgeadais an tsoláthraí seirbhíse, cineál, tromchúis agus fad an tsáraithe, cé acu a rinneadh d’aon ghnó nó trí fhaillí é agus cé acu a bhí an soláthraí seirbhíse freagrach as sáruithe comhchosúla roimhe sin nó nach raibh. Ba cheart aird ar leith, ina leith sin, a thabhairt ar mhicrifhiontair.

(20)

Tá an Treoir seo gan dochar do chumhachtaí na n-údarás náisiúnta in imeachtaí sibhialta agus riaracháin, lena n-áirítear i gcás inar féidir le pionóis a bheith mar thoradh ar na himeachtaí sin.

(21)

Chun a áirithiú go gcuirfear an Treoir i bhfeidhm ar bhealach comhsheasmhach, ba cheart sásraí breise a chur i bhfeidhm don chomhordú idir na Ballstáit. Chun na críche sin, ba cheart do na Ballstáit údarás lárnach amháin nó níos mó a ainmniú ar féidir leis faisnéis agus cúnamh a thabhairt do na húdaráis lárnacha sna Ballstáit eile maidir le cur i bhfeidhm na Treorach seo, go háirithe i gcás ina bhfuil bearta forfheidhmiúcháin faoin Treoir seo á mbreithniú. Leis an sásra comhordúcháin sin, ba cheart a áirithiú go gcuirfear na Ballstáit ábhartha ar an eolas faoin rún atá ag Ballstát beart forfheidhmiúcháin a dhéanamh. Ina theannta sin, ba cheart do na Ballstáit a áirithiú go bhfuil ar chumas na n-údarás lárnach aon fhaisnéis ábhartha agus cúnamh a thabhairt dá chéile sna himthosca sin, agus obair i gcomhar le chéile i gcás inarb ábhartha. D’fhéadfadh comhordú ar bheart forfheidhmiúcháin idir na húdaráis inniúla i mBallstáit éagsúla a bheith i gceist leis an gcomhar idir na húdaráis lárnacha i gcás beart forfheidhmiúcháin. Ba cheart a bheith mar aidhm ag an gcomhar sin coinbhleachtaí inniúlachta, idir dhearfach agus diúltach, a sheachaint. Chun beart forfheidhmiúcháin a chomhordú, ba cheart do na húdaráis lárnacha ról a thabhairt don Choimisiún freisin i gcás inarb ábhartha. Níor cheart don oibleagáid atá ar an húdaráis sin chun dul i mbun comhair dochar a dhéanamh don cheart atá ag Ballstát aonair pionóis a fhorchur ar sholáthraithe seirbhíse a mhainníonn a n-oibleagáidí faoin Treoir seo a chomhlíonadh. Trí údaráis lárnacha a ainmniú agus faisnéis a fhoilsiú fúthu, bheadh sé níos éasca ar sholáthraithe seirbhíse fógra a thabhairt faoi ainmniú agus sonraí teagmhála a mbunaíochta ainmnithe nó a n-ionadaí dhlíthiúil don Bhallstát ina bhfuil a mbunaíocht ainmnithe bunaithe nó ina bhfuil cónaí ar a n-ionadaí dlíthiúil. Chuige sin, ba cheart do na Ballstáit an Coimisiún a chur ar an eolas faoina n-údarás lárnach ainmnithe nó faoina n-údaráis lárnacha ainmnithe, agus ba cheart don Choimisiún liosta de na húdaráis lárnacha ainmnithe a chur ar aghaidh chuig na Ballstáit agus é a chur ar fáil go poiblí.

(22)

Ós rud é nach féidir leis na Ballstáit cuspóir na Treorach seo, eadhon deireadh a chur le bacainní ar shaorsholáthar seirbhísí faoi chuimsiú fianaise leictreonach a bhailiú in imeachtaí coiriúla, a ghnóthú go leordhóthanach ach, de bharr gur seirbhísí gan teorainneacha iad na seirbhísí sin, gur fearr is féidir iad a ghnóthú ar leibhéal an Aontais, féadfaidh an tAontas bearta a ghlacadh, i gcomhréir le prionsabal na coimhdeachta a leagtar amach in Airteagal 5 den Chonradh ar an Aontas Eorpach. I gcomhréir le prionsabal na comhréireachta a leagtar amach san Airteagal sin, ní théann an Treoir seo thar a bhfuil riachtanach chun an cuspóir sin a ghnóthú.

(23)

Chuathas i gcomhairle leis an Maoirseoir Eorpach ar Chosaint Sonraí i gcomhréir le hAirteagal 42(1) de Rialachán (AE) 2018/1725 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (12) agus thug sé tuairim uaidh an 6 Samhain 2019 (13),

(24)

Ba cheart don Choimisiún meastóireacht a dhéanamh ar an Treoir seo ar bhonn na gcúig chritéar seo: éifeachtúlacht, éifeachtacht, ábharthacht, comhleanúnachas agus breisluach don Aontas, agus ba cheart an mheastóireacht sin a bheith mar bhonn do mheasúnuithe tionchair ar aon bhearta a d’fhéadfaí a dhéanamh amach anseo. Ba cheart an mheastóireacht a chur i gcrích faoin 18 Lúnasa 2029, ionas gur féidir sonraí leordhóthanacha a bhailiú faoina cur chun feidhme praiticiúil. Ba cheart faisnéis a bhailiú go rialta chun bonn eolais a chur faoin meastóireacht ar an Treoir seo,

TAR ÉIS AN TREOIR SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Ábhar agus raon feidhme

1.   Leagtar síos leis an Treoir seo na rialacha maidir le bunaíochtaí ainmnithe a ainmniú agus ionadaithe dlíthiúla a cheapadh ag soláthraithe seirbhíse áirithe a thairgeann seirbhísí san Aontas, chun cinntí agus orduithe arna n-eisiúint ag údaráis inniúla na mBallstát a fháil, a chomhlíonadh agus a fhorfheidhmiú, chun críoch fianaise a bhailiú in imeachtaí coiriúla.

2.   Tá feidhm ag an Treoir seo i leith cinntí agus orduithe chun críche fianaise leictreonach a bhailiú ar bhonn Rialachán (AE) 2023/1543, Threoir 2014/41/AE agus an Choinbhinsiúin arna bhunú ag an gComhairle i gcomhréir le hAirteagal 34 den Chonradh ar an Aontas Eorpach, um Chúnamh Frithpháirteach in Ábhair Choiriúla idir Ballstáit an Aontais Eorpaigh. Tá feidhm ag an Treoir seo freisin i leith cinntí agus orduithe chun críche fianaise leictreonach a bhailiú ar bhonn an dlí náisiúnta a dhíríonn Ballstát ar dhuine nádúrtha nó dlítheanach atá ag gníomhú mar ionadaí dlíthiúil nó mar bhunaíocht ainmnithe de chuid soláthraí seirbhíse ar chríoch an Bhallstáit sin.

3.   Tá an Treoir seo gan dochar do na cumhachtaí atá ag na húdaráis náisiúnta i gcomhréir le dlí an Aontais agus leis an dlí náisiúnta chun dul i dteagmháil le soláthraithe seirbhíse atá bunaithe ar a gcríoch go díreach, chun chríoch fianaise leictreonach in imeachtaí coiriúla a bhailiú.

4.   Ní dhéanfaidh na Ballstáit oibleagáidí sa bhreis ar na hoibleagáidí sin a eascraíonn ón Treoir seo a fhorchur ar sholáthraithe seirbhíse, go háirithe maidir le bunaíochtaí ainmnithe a ainmniú nó ionadaithe dlíthiúla a cheapadh, chun na gcríoch a leagtar amach i mír 1.

5.   Tá feidhm ag an Treoir seo maidir leis na soláthraithe seirbhíse a shainmhínítear in Airteagal 2, pointe (1), a thairgeann a gcuid seirbhísí san Aontas. Níl feidhm aici i leith na soláthraithe seirbhíse sin atá bunaithe ar chríoch Ballstáit aonair a thairgeann seirbhísí ar chríoch an Bhallstáit sin, agus ar chríoch an Bhallstáit sin amháin.

Airteagal 2

Sainmhínithe

Chun críche na Treorach seo, tá feidhm ag na sainmhínithe seo a leanas:

(1)

ciallaíonn “soláthraí seirbhísí” aon duine nádúrtha nó dlítheanach a sholáthraíonn ceann amháin nó níos mó de na seirbhísí seo a leanas, cé is moite de sheirbhísí airgeadais dá dtagraítear in Airteagal 2(2), pointe (b), de Threoir 2006/123/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (14):

(a)

seirbhísí cumarsáide leictreonaí mar a shainmhínítear in Airteagal 2, pointe (4), de Threoir (AE) 2018/1972;

(b)

seirbhísí maidir le hainmneacha fearainn idirlín agus maidir le huimhriú IP, amhail sannadh seoltaí IP, clárlann ainmneacha fearainn, cláraitheoir ainmneacha fearainn agus seirbhísí príobháideachta a bhaineann le hainmneacha fearainn agus seachsheirbhísí;

(c)

seirbhísí eile na sochaí faisnéise dá dtagraítear in Airteagal 1(1), pointe (b), de Threoir (AE) 2015/1535 a dhéanann an méid seo a leanas:

(i)

a chuireann ar chumas dá n-úsáideoirí cumarsáid a dhéanamh le chéile; nó

(ii)

a fhágann gur féidir sonraí a stóráil nó a phróiseáil ar bhealach eile thar ceann na n-úsáideoirí dá gcuirtear an tseirbhís ar fáil, ar choinníoll gur comhpháirt shainiúil den tseirbhís a sholáthraítear don úsáideoir é na sonraí a stóráil;

(2)

ciallaíonn “a thairgeann seirbhísí ar chríoch Ballstáit”:

(a)

daoine nádúrtha nó dlítheanacha i mBallstát a chumasú chun na seirbhísí dá liostaítear i bpointe (1) a úsáid; agus

(b)

nasc substaintiúil a bheith ann, bunaithe ar na critéir shonracha fhíorasacha, leis an mBallstát dá dtagraítear i bpointe (a); meastar an nasc substaintiúil sin a bheith ann i gcás ina bhfuil bunaíocht ag an soláthraí seirbhísí sa Bhallstát sin, nó, in éagmais na bunaíochta sin, i gcás ina bhfuil líon suntasach úsáideoirí sa Bhallstát sin, nó i gcás ina ndéantar gníomhaíochtaí a spriocdhíriú i dtreo an Bhallstáit sin;

(3)

ciallaíonn “a thairgeann seirbhísí san Aontas”:

(a)

daoine nádúrtha nó dlítheanacha i mBallstát a chumasú chun na seirbhísí dá liostaítear i bpointe (1) a úsáid; agus

(b)

nasc substaintiúil a bheith ann atá bunaithe ar na critéir shonracha fhíorasacha leis an mBallstát dá dtagraítear i bpointe (a); meastar an nasc substaintiúil sin a bheith ann i gcás ina bhfuil bunaíocht ag an soláthraí seirbhísí i mBallstát, nó, in éagmais na bunaíochta sin, i gcás ina bhfuil líon suntasach úsáideoirí i mBallstát amháin nó níos mó, nó i gcás ina ndéantar gníomhaíochtaí a spriocdhíriú i dtreo Ballstát amháin nó níos mó;

(4)

ciallaíonn “bunaíocht” eintiteas a shaothraíonn gníomhaíocht eacnamaíoch go hiarbhír ar feadh tréimhse éiginnte trí bhonneagar seasmhach óna seoltar an gnó um sheirbhísí a sholáthar nó óna mbainistítear an gnó;

(5)

ciallaíonn “bunaíocht ainmnithe” bunaíocht ag a bhfuil pearsantacht dhlítheanach arna hainmniú i scríbhinn ag soláthraí seirbhíse atá bunaithe i mBallstát atá rannpháirteach in ionstraim dlí dá dtagraítear in Airteagal 1(2), chun na gcríoch dá dtagraítear in Airteagal 1(1) agus in Airteagal 3(1);

(6)

ciallaíonn “ionadaí dlíthiúil” duine nádúrtha nó dlítheanach arna cheapadh i scríbhinn ag soláthraí seirbhíse nach bhfuil bunaithe i mBallstát atá rannpháirteach in ionstraim dlí dá dtagraítear in Airteagal 1(2), chun na gcríoch dá dtagraítear in Airteagal 1(1) agus in Airteagal 3(1).

Airteagal 3

Bunaíochtaí ainmnithe agus ionadaithe dlíthiúla

1.   Áiritheoidh na Ballstáit go n-ainmneoidh nó go gceapfaidh na soláthraithe seirbhíse a thairgeann seirbhísí san Aontas seolaí amháin ar a laghad chun cinntí agus orduithe a thagann faoin raon feidhme a leagtar síos in Airteagal 1(2) (“cinntí agus orduithe a thagann faoin raon feidhme a leagtar síos in Airteagal 1(2)”) arna n-eisiúint ag údaráis inniúla na mBallstát chun críche fianaise a bhailiú in imeachtaí coiriúla, a fháil, a chomhlíonadh agus a fhorfheidhmiú, mar a leanas:

(a)

i gcás soláthraithe seirbhíse atá bunaithe san Aontas ag a bhfuil pearsantacht dhlítheanach, áiritheoidh na Ballstáit ina bhfuil na soláthraithe seirbhíse bunaithe go n-ainmneoidh na soláthraithe seirbhíse sin an bhunaíocht ainmnithe nó na bunaíochtaí ainmnithe atá freagrach as na gníomhaíochtaí a thuairiscítear sa chuid réamhráiteach den mhír seo;

(b)

i gcás soláthraithe seirbhíse nach bhfuil bunaithe san Aontas, ag a bhfuil pearsantacht dhlítheanach, áiritheoidh na Ballstáit go gceapfaidh na soláthraithe seirbhíse sin a thairgeann seirbhísí ar a gcríoch an t-ionadaí dlíthiúil nó na hionadaithe dlíthiúla atá freagrach as na gníomhaíochtaí a thuairiscítear sa chuid réamhráiteach den mhír seo sna Ballstáit atá rannpháirteach sna hionstraimí dá dtagraítear in Airteagal 1(2);

(c)

i gcás soláthraithe seirbhíse atá bunaithe i mBallstáit nach bhfuil rannpháirteach sna hionstraimí dá dtagraítear in Airteagal 1(2), áiritheoidh na Ballstáit go gceapfaidh na soláthraithe seirbhíse sin a thairgeann seirbhísí ar a gcríoch an t-ionadaí dlíthiúil nó na hionadaithe dlíthiúla atá freagrach as na gníomhaíochtaí a thuairiscítear sa chuid réamhráiteach den mhír seo sna Ballstáit atá rannpháirteach sna hionstraimí sin.

2.   Áiritheoidh na Ballstáit an méid seo a leanas maidir leis na seolaithe dá dtagraítear i mír 1:

(a)

go bhfuil siad bunaithe agus go bhfuil cónaí orthu i mBallstát ina dtairgeann na soláthraithe seirbhíse a gcuid seirbhísí; agus

(b)

gur féidir leo a bheith faoi réir nósanna imeachta forfheidhmiúcháin.

3.   Áiritheoidh na Ballstáit go ndíreofar cinntí agus orduithe a thagann faoin raon feidhme a leagtar síos in Airteagal 1(2) chuig an mbunaíocht ainmnithe nó chuig an ionadaí dlíthiúil arna ainmniú nó arna cheapadh chun na críche sin, i gcomhréir le mír 1 den Airteagal seo.

4.   Áiritheoidh na Ballstáit go ndéanfaidh soláthraithe seirbhíse atá bunaithe nó a thairgeann seirbhísí ar a gcríoch na cumhachtaí agus na hacmhainní is gá a sholáthar dá mbunaíochtaí ainmnithe agus dá n-ionadaithe dlíthiúla chun cinntí agus orduithe a thagann faoin raon feidhme a leagtar síos in Airteagal 1(2) a fhaightear ó Bhallstát a chomhlíonadh. Déanfaidh an Ballstát a fhíorú freisin go bhfuil na cumhachtaí agus na hacmhainní is gá faighte ag na bunaíochtaí ainmnithe atá bunaithe ar a gcríoch nó ag na hionadaithe dlíthiúla atá ina gcónaí ar a gcríoch ó na soláthraithe seirbhíse chun na cinntí agus orduithe sin a fhaightear ó Bhallstát a chomhlíonadh agus go bhfuil siad ag comhoibriú leis na húdaráis inniúla agus na cinntí agus orduithe á bhfáil acu, i gcomhréir leis an gcreat dlíthiúil is infheidhme.

5.   Áiritheoidh na Ballstáit gur féidir an bhunaíocht ainmnithe nó an t-ionadaí dlíthiúil agus an soláthraí seirbhísí araon a chur faoi dhliteanas comhpháirteach agus leithleach i gcás neamhchomhlíonadh na n-oibleagáidí a eascraíonn ón gcreat dlíthiúil is infheidhme ar chinntí agus orduithe, a thagann faoin raon feidhme a leagtar síos in Airteagal 1(2), a fháil, ionas go bhféadfaidh gach ceann acu a bheith faoi réir pionóis i gcás neamhchomhlíonadh ag aon cheann acu. Go sonrach, áiritheoidh na Ballstáit nach féidir leis an soláthraí seirbhíse ná an bhunaíocht ainmnithe, ná an t-ionadaí dlíthiúil i gcás inarb infheidhme, úsáid a bhaint as an easpa nósanna imeachta inmheánacha iomchuí atá idir an soláthraí seirbhíse agus an bhunaíocht ainmnithe nó an t-ionadaí dlíthiúil mar bhonn cirt le neamhchomhlíonadh na n-oibleagáidí sin. Ní bheidh feidhm ag dliteanas comhpháirteach agus leithleach i gcás gníomhaíochtaí nó neamhghníomhaíochtaí an tsoláthraí seirbhíse ná na bunaíochta ainmnithe, ná an ionadaí dhlíthiúil i gcás inarb infheidhme, arb ionann iad agus cion coiriúil sa Bhallstát atá i mbun na pionóis a fhorchur.

6.   Áiritheoidh na Ballstáit go bhfuil sé d’oibleagáid ar sholáthraithe seirbhíse a thairgeann seirbhísí san Aontas ón 18 Feabhra 2026 bunaíochtaí ainmnithe a ainmniú nó ionadaithe dlíthiúla a cheapadh faoin 18 Lúnasa 2026 agus go bhfuil sé d’oibleagáid ar sholáthraithe seirbhíse a thosaíonn ag tairiscint seirbhísí san Aontas tar éis an 18 Feabhra 2026 bunaíochtaí ainmnithe a ainmniú nó ionadaithe dlíthiúla a cheapadh laistigh de 6 mhí ón dáta a thosaíonn siad ag tairiscint seirbhísí san Aontas.

Airteagal 4

Fógraí agus teangacha

1.   Áiritheoidh na Ballstáit go ndéanfaidh gach soláthraí seirbhíse atá bunaithe nó a thairgeann seirbhísí ina gcríoch fógra i scríbhinn a thabhairt d’údarás lárnach, arna ainmniú de bhun Airteagal 6, an Bhallstáit ina bhfuil a bhunaíocht ainmnithe bunaithe nó ina bhfuil cónaí ar a ionadaí dlíthiúil, faoi shonraí teagmhála na bunaíochta nó an ionadaí dhlíthiúil sin, agus faoi aon athruithe a dhéantar ina leith.

2.   Sonrófar san fhógra dá dtagraítear i mír 1 an teanga oifigiúil nó teangacha oifigiúla an Aontais, dá dtagraítear i Rialachán Uimh. 1 ón gComhairle (15), inar féidir dul i dteagmháil leis an ionadaí dlíthiúil nó leis an mbunaíocht ainmnithe. Áireofar ar na teangacha sin ceann amháin nó níos mó de na teangacha oifigiúla mar a leagtar síos i ndlí náisiúnta an Bhallstáit ina bhfuil an bhunaíocht ainmnithe bunaithe nó ina bhfuil cónaí ar an ionadaí dlíthiúil.

3.   I gcás ina n-ainmníonn soláthraí seirbhíse roinnt bunaíochtaí ainmnithe nó ina ndéanann soláthraí seirbhíse roinnt ionadaithe dlíthiúla a cheapadh i gcomhréir le hAirteagal 3(1), áiritheoidh na Ballstáit go sonróidh na soláthraithe seirbhíse sin, san fhógra dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo, an raon feidhme críochach beacht maidir le hainmniú nó maidir le ceapadh na mbunaíochtaí ainmnithe nó na n-ionadaithe dlíthiúla sin. Sonrófar san fhógra an teanga oifigiúil nó teangacha oifigiúla an Aontais nó na mBallstát inar féidir dul i dteagmháil le gach ceann de na bunaíochtaí ainmnithe nó na hionadaithe dlíthiúla.

4.   Áiritheoidh na Ballstáit go ndéanfar an fhaisnéis a dtugtar fógra dóibh ina leith i gcomhréir leis an Airteagal seo a chur ar fáil don phobal ar leathanach tiomnaithe gréasáin de chuid an Ghréasáin Bhreithiúnaigh Eorpaigh in ábhair choiriúla. Áiritheoidh na Ballstáit go ndéanfar nuashonrú rialta ar an bhfaisnéis sin. Féadfar an fhaisnéis sin a scaipeadh tuilleadh chun rochtain ag na húdaráis inniúla uirthi a éascú.

Airteagal 5

Pionóis

Déanfaidh na Ballstáit na rialacha a bhaineann leis na pionóis is infheidhme i leith sáruithe ar fhorálacha náisiúnta arna nglacadh de bhun Airteagal 3 agus Airteagal 4 a leagan síos agus glacfaidh siad gach beart is gá lena áirithiú go gcuirfear chun feidhme iad. Beidh na pionóis dá bhforáiltear éifeachtach, comhréireach agus athchomhairleach. Déanfaidh na Ballstáit, faoin 18 Feabhra 2026, fógra a thabhairt don Choimisiún faoi na rialacha agus na bearta sin agus tabharfaidh siad fógra dó, gan mhoill, faoi aon leasú ina dhiaidh sin a dhéanfaidh difear dóibh. Déanfaidh na Ballstáit freisin an Coimisiún a chur ar an eolas ar bhonn bliantúil faoi sholáthraithe seirbhíse neamhchomhlíontacha, faoi bheart forfheidhmiúcháin ábhartha atá déanta ina gcoinne agus faoi na pionóis arna bhforchur ina leith.

Airteagal 6

Na húdaráis lárnacha

1.   I gcomhréir lena gcóras dlíthiúil féin, ainmneoidh na Ballstáit údarás lárnach amháin nó níos mó chun a áirithiú go ndéanfar an Treoir seo a chur i bhfeidhm ar bhealach comhleanúnach agus comhréireach.

2.   Tabharfaidh na Ballstáit fógra don Choimisiún faoin údarás lárnach nó faoi na húdaráis lárnacha atá ainmnithe acu de bhun mhír 1. Cuirfidh an Coimisiún liosta de na húdaráis lárnacha ainmnithe ar aghaidh chuig na Ballstáit agus beidh an liosta ar fáil go poiblí.

3.   Áiritheoidh na Ballstáit go ndéanfaidh a n-údaráis lárnacha comhordú agus comhar le chéile agus, i gcás inarb ábhartha, leis an gCoimisiún, agus go gcuirfidh na húdaráis lárnacha aon fhaisnéis agus cúnamh iomchuí ar fáil dá chéile chun an Treoir seo a chur i bhfeidhm ar bhealach comhleanúnach agus comhréireach. Cumhdófar le comhordú, comhar agus soláthar faisnéise agus cúnaimh den sórt sin, go háirithe, bearta forfheidhmiúcháin.

Airteagal 7

Trasuí

1.   Déanfaidh na Ballstáit na dlíthe, rialacháin agus na forálacha riaracháin is gá chun comhlíonadh na Treorach seo a thabhairt i bhfeidhm faoin 18 Feabhra 2026. Cuirfidh siad téacs na mbeart sin in iúl don Choimisiún láithreach.

2.   Nuair a ghlacfaidh na Ballstáit na bearta sin, beidh tagairt iontu don Treoir seo nó beidh tagairt den sórt sin ag gabháil leo tráth a bhfoilsithe oifigiúil. Is iad na Ballstáit a chinnfidh an tslí le tagairt den sórt sin a dhéanamh.

3.   Déanfaidh na Ballstáit téacs bhearta an dlí náisiúnta a ghlacfaidh siad sa réimse a chumhdaítear leis an Treoir seo a chur in iúl don Choimisiún.

Airteagal 8

Meastóireacht

Faoin 18 Lúnasa 2029, déanfaidh an Coimisiún meastóireacht ar an Treoir seo. Tarchuirfidh an Coimisiún an tuarascáil mheastóireachta chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle. Déanfar an mheastóireacht i gcomhréir le treoirlínte ón gCoimisiúin maidir le reachtóireacht níos fearr. Cuirfidh na Ballstáit ar fáil don Choimisiún an fhaisnéis is gá chun an tuarascáil sin a ullmhú.

Airteagal 9

Teacht i bhfeidhm

Tiocfaidh an Treoir seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a foilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Airteagal 10

Seolaithe

Is chuig na Ballstáit a dhírítear an Treoir seo, i gcomhréir leis na Conarthaí.

Arna dhéanamh in Strasbourg an 12 Iúil 2023.

Thar ceann Pharlaimint na hEorpa

An tUachtarán

R. METSOLA

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

P. NAVARRO RÍOS


(1)  IO C 367, 10.10.2018, lch. 88.

(2)  Seasamh ó Pharlaimint na hEorpa an 13 Meitheamh 2023 (nár foilsíodh fós san Iris Oifigiúil) agus cinneadh ón gComhairle an 27 Meitheamh 2023.

(3)  Rialachán (AE) 2016/679 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 27 Aibreán 2016 maidir le daoine nádúrtha a chosaint i ndáil le sonraí pearsanta a phróiseáil agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin, agus lena n-aisghairtear Treoir 95/46/CE (An Rialachán Ginearálta maidir le Cosaint Sonraí) (IO L 119, 4.5.2016, lch. 1).

(4)  Treoir 2002/58/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 12 Iúil 2002 maidir le sonraí pearsanta a phróiseáil agus maidir le cosaint príobháideachais san earnáil cumarsáide leictreonaí (an Treoir maidir le príobháideachas agus cumarsáid leictreonach) (IO L 201, 31.7.2002, lch. 37).

(5)  Rialachán (AE) 2023/1543 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 12 Iúil 2023 maidir le hOrduithe Eorpacha chun Fianaise a Thabhairt ar Aird agus Orduithe Caomhnaithe Eorpacha i gcomhair fianaise leictreonach in imeachtaí coiriúla agus forghníomhú pianbhreitheanna coimeádta tar éis imeachtaí coiriúla (Féach leathanach 118 den Iris Oifigiúil).

(6)  Treoir 2014/41/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 3 Aibreán 2014 maidir leis an Ordú Imscrúdaithe Eorpach a úsáid in ábhair choiriúla (IO L 130, 1.5.2014, lch. 1).

(7)  An Coinbhinsiún arna bhunú ag an gComhairle i gcomhréir le hAirteagal 34 den Chonradh ar an Aontas Eorpach, um Chúnamh Frithpháirteach in Ábhair Choiriúla idir Ballstáit an Aontais Eorpaigh (IO C 197, 12.7.2000, lch. 3) agus an Prótacal a ghabhann leis (IO C 326, 21.11.2001, lch. 2).

(8)  Rialachán (CE) Uimh. 1215/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 12 Nollaig 2012 maidir le dlínse agus le haithint agus forghníomhú breithiúnas in ábhair shibhialta agus tráchtála (IO L 351, 20.12.2012, lch. 1).

(9)  Rialachán (AE) 2018/302 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 28 Feabhra 2018 maidir le haghaidh a thabhairt ar gheobhlocáil nach bhfuil údar léi agus ar chineálacha eile idirdhealaithe bunaithe ar náisiúntacht, áit chónaithe nó áit bhunaithe custaiméirí laistigh den mhargadh inmheánach agus lena leasaítear Rialacháin (CE) Uimh. 2006/2004 agus (AE) 2017/2394 agus Treoir 2009/22/CE (IO L 60 I, 2.3.2018, lch. 1).

(10)  Treoir (AE) 2018/1972 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Nollaig 2018 lena mbunaítear Cód Eorpach um Chumarsáid Leictreonach (IO L 321, 17.12.2018, lch. 36).

(11)  Treoir (AE) 2015/1535 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 9 Meán Fómhair 2015 lena leagtar síos nós imeachta chun faisnéis a sholáthar i réimse na rialachán teicniúil agus na rialacha maidir le seirbhísí na Sochaí Faisnéise (IO L 241, 17.9.2015, lch. 1).

(12)  Rialachán (AE) 2018/1725 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Deireadh Fómhair 2018 maidir le daoine nádúrtha a chosaint i ndáil le sonraí pearsanta a phróiseáil ag institiúidí, comhlachtaí, oifigí agus gníomhaireachtaí an Aontais agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin, agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 45/2001 agus Cinneadh Uimh. 1247/2002/CE (IO L 295, 21.11.2018, lch. 39).

(13)  IO C 32, 31.1.2020, lch. 11.

(14)  Treoir 2006/123/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 12 Nollaig 2006 maidir le seirbhísí sa mhargadh inmheánach (IO L 376, 27.12.2006, lch. 36).

(15)  Rialachán Uimh. 1 ón gComhairle lena gcinntear na teangacha atá le húsáid ag Comhphobal Eacnamaíochta na hEorpa (IO 17, 6.10.1958, lch. 385).


Top