EUR-Lex Access to European Union law

Back to EUR-Lex homepage

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 32023L0977

Treoir (AE) 2023/977 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 10 Bealtaine 2023 maidir le malartú faisnéise idir údaráis forfheidhmithe dlí na mBallstát agus lena n-aisghairtear Cinneadh Réime 2006/960/CGB ón gComhairle

PE/70/2022/REV/2

IO L 134, 22.5.2023, p. 1–24 (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

Legal status of the document In force

ELI: http://data.europa.eu/eli/dir/2023/977/oj

22.5.2023   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 134/1


TREOIR (AE) 2023/977 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

an 10 Bealtaine 2023

maidir le malartú faisnéise idir údaráis forfheidhmithe dlí na mBallstát agus lena n-aisghairtear Cinneadh Réime 2006/960/CGB ón gComhairle

TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 87(2), pointe (a), de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

Tar éis dóibh an dréachtghníomh reachtach a chur chuig na parlaimintí náisiúnta,

Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach (1),

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Tá gníomhaíochtaí coiriúla trasnáisiúnta ina mbagairt shuntasach ar shlándáil inmheánach an Aontais agus ní mór freagairt chomhordaithe, spriocdhírithe agus oiriúnaithe a thabhairt ina leith. Cé go bhfuil na húdaráis náisiúnta atá ag oibriú ar an láthair ar thús cadhnaíochta sa chomhrac i gcoinne na coireachta agus na sceimhlitheoireachta, tá gníomhaíocht ar leibhéal an Aontais ríthábhachtach chun comhar éifeachtúil agus éifeachtach a áirithiú a mhéid a bhaineann le malartú faisnéise. Ina theannta sin, is iad an choireacht eagraithe agus an sceimhlitheoireacht, go háirithe, a léiríonn an nasc idir an tslándáil inmheánach agus an tslándáil sheachtrach. Téann gníomhaíochtaí coiriúla trasnáisiúnta thar theorainneacha agus feictear iad i ngrúpaí coireachta eagraithe agus i ngrúpaí sceimhlitheoireachta a bhíonn i mbun raon leathan gníomhaíochtaí coiriúla a bhíonn ag éirí níos dinimiciúla agus níos casta i gcónaí. Dá bhrí sin, tá gá le creat dlíthiúil feabhsaithe chun a áirithiú gur féidir leis na húdaráis forfheidhmithe dlí inniúla cionta coiriúla a chosc, a bhrath agus a imscrúdú ar bhealach níos éifeachtúla.

(2)

Chun limistéar saoirse, slándála agus ceartais a fhorbairt, arb é is príomhthréith ann an easpa rialuithe teorann inmheánaí, tá sé bunriachtanach go mbeadh an deis ag na húdaráis forfheidhmithe dlí inniúla i mBallstát amháin, faoi chuimsiú dhlí an Aontais agus an dlí náisiúnta is infheidhme, rochtain choibhéiseach a fháil ar an bhfaisnéis atá ar fáil dá gcomhghleacaithe i mBallstát eile. Maidir leis sin, ba cheart d’údaráis forfheidhmithe dlí inniúla comhoibriú go héifeachtach agus ar fud an Aontais. Dá bhrí sin, tá an comhar póilíneachta maidir le malartú faisnéise ábhartha chun cionta coiriúla a chosc, a bhrath nó a imscrúdú ina chuid bhunriachtanach de na bearta atá mar bhonn faoin tslándáil phoiblí i limistéar idirspleách gan rialuithe teorann inmheánaí. Tá an malartú faisnéise maidir le coireacht agus gníomhaíochtaí coiriúla, lena n-áirítear an sceimhlitheoireacht, ag fónamh don chuspóir foriomlán i dtaca le slándáil daoine nádúrtha a chosaint agus leasanna tábhachtacha daoine dlítheanacha a chosnaítear leis an dlí a choimirciú.

(3)

Tá formhór na ngrúpaí coireachta eagraithe i láthair i níos mó ná trí thír agus tá siad comhdhéanta de bhaill a bhfuil náisiúntachtaí iomadúla acu agus a bhíonn i mbun gníomhaíochtaí coiriúla éagsúla. Tá struchtúr na ngrúpaí coireachta eagraithe níos sofaisticiúla ná riamh agus tá córais chumarsáide agus comhar atá láidir agus éifeachtúil acu idir a mbaill thar theorainneacha.

(4)

Chun an choireacht trasteorann a chomhrac go héifeachtach, tá sé ríthábhachtach go ndéanfadh na húdaráis forfheidhmithe dlí inniúla faisnéis a mhalartú go tapa agus go gcomhoibreoidís go hoibríochtúil le chéile. Cé go bhfuil feabhas tagtha ar an gcomhar trasteorann idir na húdaráis forfheidhmithe dlí inniúla le blianta beaga anuas, tá constaicí áirithe praiticiúla agus dlíthiúla fós ann. I ndáil leis sin, le Moladh (AE) 2022/915 ón gComhairle (2), cuideofar leis na Ballstáit an comhar oibríochtúil trasteorann a fheabhsú tuilleadh.

(5)

Tá tionscadail phíolótacha forbartha ag roinnt Ballstát chun an comhar trasteorann a neartú atá dírithe, mar shampla, ar phatróil chomhpháirteacha arna ndéanamh ag póilíní ó Bhallstáit chomharsanachta i réigiúin teorann. Tá roinnt Ballstát tar éis comhaontuithe déthaobhacha nó comhaontuithe iltaobhacha, fiú, a thabhairt i gcrích freisin chun an comhar trasteorann a neartú, lena n-áirítear malartú faisnéise. Leis an Treoir seo, ní chuirtear teorainn le féidearthachtaí den sórt sin, ar choinníoll go bhfuil na rialacha maidir le malartú faisnéise a leagtar amach sna comhaontuithe sin comhoiriúnach leis an Treoir seo i gcás ina bhfuil feidhm aici. Os a choinne sin, moltar do na Ballstáit na dea-chleachtais agus na ceachtanna a foghlaimíodh ó na tionscadail phíolótacha agus comhaontuithe sin a mhalartú agus úsáid a bhaint as cistiú ón Aontas atá ar fáil i ndáil leis sin, go háirithe as an gCiste Slándála Inmheánaí, arna bhunú le Rialachán (AE) 2021/1149 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (3).

(6)

Tá an malartú faisnéise idir Ballstáit chun cionta coiriúla a chosc agus a bhrath á rialáil leis an gCoinbhinsiún lena ndéantar Comhaontú Schengen an 14 Meitheamh 1985 (4) a chur chun feidhme, a glacadh an 19 Meitheamh 1990, go háirithe Airteagail 39 agus 46 de. Tháinig Cinneadh Réime 2006/960/CGB ón gComhairle (5) in ionad na bhforálacha sin go páirteach agus tugadh isteach rialacha nua leis maidir le malartú faisnéise agus eolais idir na húdaráis forfheidhmithe dlí inniúla.

(7)

Léirigh meastóireachtaí, lena n-áirítear na meastóireachtaí a rinneadh faoi Rialachán (AE) Uimh. 1053/2013 ón gComhairle (6), nach bhfuil Cinneadh Réime 2006/960/CGB sách soiléir agus nach n-áirithítear leis go ndéanfar faisnéis ábhartha a mhalartú go leormhaith agus go mear idir na Ballstáit. Thug meastóireachtaí le fios freisin gur ar éigean a úsáidtear an Cinneadh Réime sin i ndáiríre, i bpáirt mar gheall ar an easpa soiléireachta atá ann sa chleachtas idir raon feidhme an Choinbhinsiúin lena ndéantar Comhaontú Schengen a chur chun feidhme agus raon feidhme an Chinnidh Réime sin.

(8)

Dá bhrí sin, ba cheart an creat dlíthiúil atá ann cheana a thabhairt cothrom le dáta d’fhonn deireadh a chur le neamhréireachtaí agus rialacha soiléire agus comhchuibhithe a bhunú chun malartú leormhaith agus mear faisnéise idir údaráis forfheidhmithe dlí inniúla Ballstát éagsúil a éascú agus a áirithiú agus chun gur féidir leis na húdaráis forfheidhmithe dlí inniúla iad féin a chur in oiriúint don chaoi a bhfuil an choireacht eagraithe ag athrú agus ag leathnú go tapa, lena n-áirítear i gcomhthéacs dhomhandú agus dhigitiú na sochaí.

(9)

Go háirithe, leis an Treoir seo, ba cheart malartú faisnéise a chumhdach chun cionta coiriúla a chosc, a bhrath nó a imscrúdú agus, ar an gcaoi sin, sáraíocht iomlán a dhéanamh, a mhéid a bhaineann le malartuithe den sórt sin, ar Airteagail 39 agus 46 den Choinbhinsiún lena ndéantar Comhaontú Schengen a chur chun feidhme agus an deimhneacht dhlíthiúil is gá a sholáthar. Ina theannta sin, ba cheart na rialacha ábhartha a shimpliú agus a shoiléiriú chun a gcur i bhfeidhm éifeachtach sa chleachtas a éascú.

(10)

Is gá rialacha comhchuibhithe a leagan síos lena rialófar na gnéithe trasnaí den mhalartú faisnéise idir na Ballstáit faoin Treoir seo ag céimeanna éagsúla d’imscrúdú, ón gcéim a bhailítear faisnéis choiriúil go céim an imscrúdaithe choiriúil. Ba cheart a áireamh ar na rialacha sin malartú faisnéise trí Lárionaid um Chomhar Póilíneachta agus Custaim arna mbunú idir dhá Bhallstát nó níos mó ar bhonn socruithe déthaobhacha nó iltaobhacha chun cionta coiriúla a chosc, a bhrath nó a imscrúdú. Níor cheart, áfach, a áireamh ar na rialacha sin an malartú déthaobhach faisnéise le tríú tíortha. Níor cheart do na rialacha a leagtar síos sa Treoir seo difear a dhéanamh do chur i bhfeidhm rialacha dhlí an Aontais maidir le córais nó creataí sonracha le haghaidh na malartuithe sin, amhail Rialacháin (AE) 2016/794 (7), (AE) 2018/1860 (8), (AE) 2018/1861 (9) agus (AE) 2018/1862 (10) ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, Treoracha (AE) 2016/681 (11) agus (AE) 2019/1153 (12) ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, agus Cinntí 2008/615/CGB (13) agus 2008/616/CGB (14) ón gComhairle.

(11)

Is coincheap uathrialach de dhlí an Aontais é “cion coiriúil” mar a léirmhíníonn Cúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh é. Chun críocha na Treorach seo, ar mhaithe leis an gcoireacht a chomhrac go héifeachtach, ba cheart “cion coiriúil” a thuiscint mar thagairt d’aon iompar a ngabhann pionós leis faoi dhlí coiriúil an Bhallstáit a fhaigheann faisnéis, de bhun iarrata nó de bhun soláthar faisnéise féintionscnaimh i gcomhréir leis an Treoir seo, gan beann ar an bpionós is féidir a fhorchur sa Bhallstát sin agus gan beann ar phionós a bheith ag gabháil freisin leis an iompar faoi dhlí coiriúil an Bhallstáit a sholáthraíonn faisnéis, gan dochar do na forais le haghaidh diúltú iarrataí ar fhaisnéis a leagtar amach sa Treoir seo.

(12)

Ní dochar an Treoir seo don Choinbhinsiúin arna tharraingt suas ar bhonn Airteagal K.3 den Chonradh ar an Aontas Eorpach, maidir le cúnamh frithpháirteach agus comhar idir údaráis chustaim (15) (Napoli II).

(13)

Ós rud é nach bhfuil feidhm ag an Treoir seo maidir le próiseáil faisnéise le linn gníomhaíocht nach dtagann faoi raon feidhme dhlí an Aontais, ní thagann gníomhaíochtaí a bhaineann le slándáil náisiúnta faoi raon feidhme na Treorach seo.

(14)

Ní rialaítear soláthar agus úsáid faisnéise mar fhianaise in imeachtaí breithiúnacha leis an Treoir seo. Go háirithe, níor cheart a thuiscint go mbunaítear ceart leis an Treoir seo úsáid a bhaint as an bhfaisnéis a sholáthraítear i gcomhréir leis an Treoir seo mar fhianaise agus, dá bhrí sin, ní dhéanann sí difear d’aon cheanglas dá bhforáiltear sa dlí is infheidhme toiliú an Bhallstáit a sholáthraíonn an fhaisnéis don úsáid sin a fháil. Ní dhéanann an Treoir seo difear do ghníomhartha dlí an Aontais maidir le fianaise, amhail Rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le hOrdú Eorpach chun Fianaise a Thabhairt ar Aird agus maidir le hOrdú Eorpach um Chaomhnú i gcomhair fianaise leictreonach in imeachtaí coiriúla agus chun pianbhreitheanna coimeádta a fhorghníomhú tar éis imeachtaí coiriúla, Treoir 2014/41/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (16) agus Treoir ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena leagtar síos rialacha comhchuibhithe maidir le bunaíochtaí ainmnithe a ainmniú agus ionadaithe dlíthiúla a cheapadh chun críche fianaise leictreonach a bhailiú in imeachtaí coiriúla ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle. Dá bhrí sin, cé nach bhfuil ceangal orthu é sin a dhéanamh faoin Treoir seo, ba cheart cead a bheith ag na Ballstáit a sholáthraíonn faisnéis faoin Treoir seo toiliú a thabhairt, tráth a sholáthraítear an fhaisnéis nó ina dhiaidh sin, an fhaisnéis sin a úsáid mar fhianaise in imeachtaí breithiúnacha, lena n-áirítear, i gcás inar gá faoin dlí náisiúnta, trí úsáid a bhaint as ionstraimí maidir leis an gcomhar breithiúnach atá i bhfeidhm idir na Ballstáit.

(15)

Ba cheart gach malartú faisnéise faoin Treoir seo a bheith faoi réir cúig phrionsabal ghinearálta, eadhon prionsabail na hinfhaighteachta, na rochtana coibhéisí, na rúndachta, na húinéireachta sonraí agus na hiontaofachta sonraí. Cé nach dochar na prionsabail sin d’fhorálacha níos sonraí na Treorach seo, ba cheart dóibh a léirmhíniú agus a cur i bhfeidhm a threorú i gcás inarb ábhartha. Ar dtús, ba cheart an tuiscint a bhaint as prionsabal na hinfhaighteachta gur cheart faisnéis ábhartha atá ar fáil do Phointe Teagmhála Aonair nó údaráis forfheidhmithe dlí inniúla Ballstáit amháin a chur ar fáil freisin, a mhéid is féidir, do Phointe Teagmhála Aonair nó údaráis forfheidhmithe dlí inniúla Ballstát eile. Mar sin féin, níor cheart don phrionsabal sin difear a dhéanamh, i gcás ina mbeadh údar cuí leis, do chur i bhfeidhm fhorálacha sonracha na Treorach seo lena gcuirtear srian le hinfhaighteacht faisnéise, amhail na forálacha sin maidir leis na forais le haghaidh diúltú iarrataí ar fhaisnéis agus maidir le húdaruithe breithiúnacha, ná do chur i bhfeidhm na hoibleagáide toiliú a fháil ón mBallstát nó an tríú tír a sholáthair an fhaisnéis ar dtús sular comhroinneadh í. Ar an dara dul síos, de bhun phrionsabal na rochtana coibhéisí, ba cheart do na Ballstáit a áirithiú go bhfuil an rochtain atá ag bPointe Teagmhála Aonair agus údaráis forfheidhmithe dlí inniúla Ballstát eile ar fhaisnéis ábhartha, go bhfuil an rochtain sin mar an gcéanna a bheag nó a mhór leis an rochtain atá ag a bPointe Teagmhála Aonair féin agus ag na húdaráis forfheidhmithe dlí inniúla ar an bhfaisnéis sin agus, dá bhrí sin, nach bhfuil sí níos déine ná níos scaoilte ná an rochtain atá ag a bPointe Teagmhála Aonair féin agus ag na húdaráis forfheidhmithe dlí inniúla, faoi réir fhorálacha níos sonraí na Treorach seo. Ar an tríú dul síos, le prionsabal na rúndachta, ceanglaítear ar na Ballstáit rialacha náisiúnta a chéile maidir le rúndacht a urramú agus iad ag déileáil le faisnéis atá marcáilte mar fhaisnéis rúnda a sholáthraítear dá bPointe Teagmhála Aonair nó dá n-údaráis forfheidhmithe dlí inniúla, trí leibhéal comhchosúil rúndachta a áirithiú i gcomhréir leis na rialacha maidir le rúndacht a leagtar amach sa dlí náisiúnta. Ar an gceathrú dul síos, de bhun phrionsabal na húinéireachta sonraí, níor cheart faisnéis a fhaightear ar dtús ó Bhallstát eile nó ó thríú tír a sholáthar ach amháin le toiliú ón mBallstát sin nó ón tríú tír sin agus i gcomhréir leis na coinníollacha arna bhforchur ag an mBallstát sin nó ag an tríú tír sin. Ar an gcúigiú dul síos, de bhun phrionsabal na hiontaofachta sonraí, ba cheart sonraí pearsanta a bhfaightear amach ina leith go bhfuil siad míchruinn, neamhiomlán nó nach bhfuil siad cothrom le dáta a thuilleadh a léirscriosadh nó a cheartú nó ba cheart próiseáil na sonraí sin a shrianadh, de réir mar is iomchuí, agus ba cheart fógra a thabhairt gan mhoill d’aon fhaighteoir a fhaigheann na sonraí sin.

(16)

Chun an cuspóir a bhaint amach maidir le malartú leormhaith agus mear faisnéise idir na Ballstáit a éascú agus a áirithiú, ba cheart leis an Treoir seo an deis a thabhairt do na Ballstáit faisnéis a fháil trí iarraidh ar fhaisnéis a dhíriú ar Phointe Teagmhála Aonair Ballstát eile, i gcomhréir le ceanglais shoiléire, shimplithe agus chomhchuibhithe áirithe. A mhéid a bhaineann le hábhar na n-iarrataí ar fhaisnéis, ba cheart a shonrú sa Treoir seo, go háirithe, ar bhealach uileghabhálach agus sách mionsonraithe agus gan dochar don ghá atá le measúnú cás ar chás, na cásanna ina measfar iarrataí ar fhaisnéis a bheith práinneach, na mionsonraí is lú is gá a bheith iontu agus an teanga inar cheart iad a thíolacadh.

(17)

Cé gur cheart do Phointe Teagmhála Aonair gach Ballstáit a bheith in ann, in aon chás, iarrataí ar fhaisnéis a chur faoi bhráid Pointe Teagmhála Aonair Ballstáit eile, ar mhaithe le solúbthacht, ba cheart cead a bheith ag na Ballstáit, ina theannta sin, cuid dá n-údaráis forfheidhmithe dlí inniúla, a d’fhéadfadh a bheith rannpháirteach sa chomhar Eorpach, a ainmniú mar údaráis forfheidhmithe dlí ainmnithe chun críche iarrataí den sórt sin a chur faoi bhráid an Phointí Teagmhála Aonair Ballstát eile. Ba cheart do gach Ballstát liosta dá údaráis forfheidhmithe dlí ainmnithe a chur faoi bhráid an Choimisiúin. Ba cheart do na Ballstáit an Coimisiún a chur ar an eolas i gcás ina ndéanfar aon athruithe ar an liosta sin. Ba cheart don Choimisiún na liostaí a fhoilsiú ar líne. Chun go mbeidh Pointí Teagmhála Aonair in ann a bhfeidhmeanna comhordaithe a dhéanamh faoin Treoir seo, is gá, áfach, i gcás ina gcinneann Ballstát cead a thabhairt do chuid dá údaráis forfheidhmithe dlí inniúla iarrataí ar fhaisnéis a chur faoi bhráid Pointí Teagmhála Aonair Ballstát eile, go gcuireann an Ballstát sin a Phointe Teagmhála Aonair ar an eolas faoi gach iarraidh amach ar fhaisnéis agus faoi aon chumarsáid a bhaineann leis sin, trína Phointe Teagmhála Aonair a chur i gcóip i gcónaí. Ba cheart do na Ballstáit féachaint leis an dúbláil sonraí pearsanta nach bhfuil údar léi a theorannú a oiread is féidir.

(18)

Tá gá le teorainneacha ama chun a áirithiú go ndéanfar próiseáil mhear ar iarrataí ar fhaisnéis arna gcur faoi bhráid Pointe Teagmhála Aonair. Ba cheart na teorainneacha ama sin a bheith soiléir agus cuí agus ba cheart a chur san áireamh iontu an bhfuil práinn leis an iarraidh ar fhaisnéis agus an mbaineann an iarraidh le faisnéis atá inrochtana go díreach nó le faisnéis atá inrochtana go hindíreach. Chun a áirithiú go gcomhlíonfar na teorainneacha ama is infheidhme agus leibhéal solúbthachta á lamháil ag an am céanna, i gcás ina mbeidh údar cuí oibiachtúil leis, níor cheart é a bheith indéanta imeacht ó na teorainneacha ama sin ach amháin, ar bhonn eisceachtúil, i gcás ina mbeidh am breise ag teastáil ó údarás breithiúnach inniúil an Bhallstáit iarrtha chun cinneadh a dhéanamh maidir leis an údarú breithiúnach is gá a dheonú agus sa mhéid sin amháin. D’fhéadfadh cás den sórt sin teacht chun cinn, mar shampla, mar gheall ar raon feidhme leathan nó castacht na n-ábhar a eascraíonn as an iarraidh ar fhaisnéis. Chun a áirithiú, a mhéid is féidir, nach gcaillfear deiseanna atá criticiúil ó thaobh ama de chun gníomhaíocht a dhéanamh i gcásanna sonracha, ba cheart don Bhallstát iarrtha aon fhaisnéis arna hiarraidh a sholáthar a luaithe a bheidh sí i seilbh an Phointe Teagmhála Aonair, fiú i gcás nach í an fhaisnéis sin an t-aon fhaisnéis atá ar fáil atá ábhartha don iarraidh. Ba cheart an chuid eile den fhaisnéis arna hiarraidh a sholáthar go pras ina dhiaidh sin, a luaithe a bheidh sí i seilbh an Phointe Teagmhála Aonair.

(19)

Ba cheart do na Pointí Teagmhála Aonair a mheas an bhfuil an fhaisnéis arna hiarraidh riachtanach agus comhréireach chun críocha na Treorach seo a bhaint amach agus an bhfuil an míniú ar na cúiseanna oibiachtúla a thugann údar cuí leis an iarraidh soiléir agus mionsonraithe go leor, chun soláthar faisnéise gan údar cuí nó soláthar méideanna díréireacha faisnéise a sheachaint.

(20)

I gcásanna eisceachtúla, d’fhéadfadh údar oibiachtúil cuí a bheith ag Ballstát iarraidh ar fhaisnéis arna cur faoi bhráid a Phointe Teagmhála Aonair a dhiúltú. Chun feidhmiú éifeachtach an chórais a chruthaítear leis an Treoir seo a áirithiú i gcomhréir iomlán leis an smacht reachta, ba cheart na cásanna sin a shonrú go mion agus a léirmhíniú go sriantach. Mar sin féin, leis na rialacha a leagtar amach sa Treoir seo, cuirtear béim láidir ar phrionsabail an riachtanais agus na comhréireachta agus, ar an gcaoi sin, déantar coimircí a sholáthar i gcoinne aon mhí-úsáide a d’fhéadfaí a bhaint as iarrataí ar fhaisnéis, lena n-áirítear i gcás ina mbeadh sáruithe follasacha ar na cearta bunúsacha i gceist léi. Dá bhrí sin, mar léiriú ar a ndícheall cuí ginearálta, ba cheart do na Ballstáit a fhíorú i gcónaí go gcomhlíonann iarrataí a chuirtear faoina mbráid faoin Treoir seo prionsabail an riachtanais agus na comhréireachta agus ba cheart dóibh na hiarrataí sin a mheasann siad a bheith neamhchomhlíontach a dhiúltú. I gcás nach mbaineann na cúiseanna atá leis an iarraidh a dhiúltú ach le codanna den fhaisnéis arna hiarraidh, ba cheart an chuid eile den fhaisnéis a sholáthar laistigh de na teorainneacha ama a leagtar amach sa Treoir seo. Chun cosc a chur le diúltú neamhriachtanach iarrataí ar fhaisnéis, ba cheart do Phointe Teagmhála Aonair nó údarás forfheidhmithe dlí ainmnithe an Bhallstáit iarrthaigh, de réir mar is infheidhme, soiléiriú nó sonraíochtaí a sholáthar, arna n-iarraidh sin, a bhfuil gá leo chun an iarraidh ar fhaisnéis a phróiseáil. Ba cheart na teorainneacha ama is infheidhme a chur ar fionraí ón uair a fhaigheann Pointe Teagmhála Aonair nó, i gcás inarb infheidhme, údarás forfheidhmithe dlí ainmnithe an Bhallstáit iarrthaigh an iarraidh ar shoiléiriú nó ar shonraíochtaí. Mar sin féin, níor cheart é a bheith indéanta soiléiriú nó sonraíochtaí a iarraidh ach amháin i gcás ina bhfuil gá oibiachtúil le soiléiriú nó sonraíochtaí agus go bhfuil siad comhréireach sa mhéid go gcaithfí an iarraidh ar fhaisnéis a dhiúltú gan iad ar cheann amháin de na cúiseanna a liostaítear sa Treoir seo. Ar mhaithe le comhar éifeachtach, ba cheart é a bheith fós indéanta freisin an soiléiriú nó na sonraíochtaí is gá a iarraidh i gcásanna eile, gan na teorainneacha ama a bheith ar fionraí dá bharr sin.

(21)

Chun go mbeidh an tsolúbthacht is gá ann i bhfianaise na riachtanas oibríochtúil a d’fhéadfadh a bheith éagsúil sa chleachtas, ba cheart foráil a dhéanamh leis an Treoir seo maidir le dhá mhodh eile chun faisnéis a mhalartú, sa bhreis ar iarrataí ar fhaisnéis arna gcur faoi bhráid na bPointí Teagmhála Aonair. Is é atá sa chéad cheann soláthar faisnéise gan iarraidh ag Pointe Teagmhála Aonair nó ag údarás forfheidhmithe dlí inniúil do Phointe Teagmhála Aonair nó údarás forfheidhmithe dlí inniúil Ballstáit eile gan iarraidh roimh ré, eadhon faisnéis a sholáthar ar a thionscnamh féin. Is é atá sa dara ceann soláthar faisnéise tar éis iarraidh ar fhaisnéis arna cur faoi bhráid údarás forfheidhmithe dlí inniúil Ballstáit eile ag Pointe Teagmhála Aonair nó ag údarás forfheidhmithe dlí inniúil go díreach. Leis an dá mhodh chun faisnéis a mhalartú, ní leagtar amach sa Treoir seo ach líon teoranta ceanglas íosta, go háirithe maidir leis na Pointí Teagmhála Aonair ábhartha a choinneáil ar an eolas agus, a mhéid a bhaineann le soláthar faisnéise féintionscnaimh, na cásanna ina bhfuil faisnéis le soláthar agus an teanga atá le húsáid. Ba cheart feidhm a bheith ag na ceanglais sin freisin maidir le cásanna ina soláthraíonn údarás forfheidhmithe dlí inniúil faisnéis do Phointe Teagmhála Aonair a Bhallstáit féin chun an fhaisnéis sin a sholáthar do Bhallstát eile, amhail i gcás inar gá na rialacha a leagtar amach sa Treoir seo maidir leis an teanga atá le húsáid agus faisnéis á soláthar a chomhlíonadh.

(22)

Is coimirce thábhachtach é an ceanglas maidir le réamhúdarú breithiúnach chun faisnéis a sholáthar, i gcás ina bhforáiltear dó sin sa dlí náisiúnta, ceanglas ar cheart é a urramú. Mar sin féin, tá córais dlí na mBallstát éagsúil ina leith sin agus níor cheart a thuiscint go ndéanann an Treoir seo difear do na rialacha agus na coinníollacha a bhaineann le réamhúdaruithe breithiúnacha a leagtar síos sa dlí náisiúnta, seachas a cheangal go gcaithfear le malartuithe intíre agus malartuithe idir na Ballstáit ar bhealach coibhéiseach, maidir le hábhar agus nós imeachta araon. Ina theannta sin, chun aon mhoilleanna agus aon chastachtaí a bhaineann le cur i bhfeidhm ceanglais den sórt sin a íoslaghdú, ba cheart do Phointe Teagmhála Aonair nó údaráis forfheidhmithe dlí inniúla Bhallstát an údaráis bhreithiúnaigh inniúil, de réir mar is infheidhme, gach beart praiticiúil agus dlíthiúil a ghlacadh, i gcás inarb ábhartha i gcomhar le Pointe Teagmhála Aonair nó údarás forfheidhmithe dlí ainmnithe an Bhallstáit iarrthaigh, chun an t-údarú breithiúnach a fháil a luaithe is féidir. Cé go bhfuil bunús dlí na Treorach seo teoranta don chomhar i bhforfheidhmiú an dlí faoi Airteagal 87(2), pointe (a), den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (CFAE), d’fhéadfadh an Treoir seo a bheith ábhartha d’údaráis bhreithiúnacha.

(23)

Tá sé tábhachtach, go háirithe, go n-áiritheofaí cosaint sonraí pearsanta, i gcomhréir le dlí an Aontais, i ndáil leis na malartuithe faisnéise uile faoin Treoir seo. Chuige sin, aon phróiseáil ar shonraí pearsanta arna déanamh ag Pointe Teagmhála Aonair nó ag údarás forfheidhmithe dlí inniúil faoin Treoir seo, ba cheart í a dhéanamh i gcomhréir iomlán le Treoir (AE) 2016/680 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (17). De bhun Rialachán (AE) 2016/794, tá Gníomhaireacht an Aontais Eorpaigh i ndáil le Comhar i bhForfheidhmiú an Dlí (Europol) le sonraí a phróiseáil i gcomhréir leis na rialacha a leagtar amach ann. Ní dhéanann an Treoir seo difear don Treoir sin agus don Rialachán sin. Go háirithe, ba cheart a shonrú go leanfaidh aon sonraí pearsanta arna malartú ag Pointí Teagmhála Aonair agus ag údaráis forfheidhmithe dlí inniúla de bheith teoranta do na catagóirí sonraí in aghaidh chatagóir an ábhair sonraí a liostaítear i Roinn B d’Iarscríbhinn II a ghabhann le Rialachán (AE) 2016/794. Dá réir sin, ba cheart idirdhealú soiléir a dhéanamh idir na sonraí a bhaineann le hamhrastaigh agus na sonraí a bhaineann le finnéithe, le híospartaigh nó le daoine ar de ghrúpaí eile iad, a bhfuil feidhm ag teorainneacha níos déine ina leith. Ina theannta sin, a mhéid is féidir, ba cheart aon sonraí pearsanta den sórt sin a idirdhealú de réir leibhéal cruinnis agus iontaofachta na sonraí sin. Chun cruinneas agus iontaofacht a áirithiú, ba cheart fíorais a idirdhealú ó mheasúnuithe pearsanta. Ba cheart do na Pointí Teagmhála Aonair nó, i gcás inarb infheidhme, do na húdaráis forfheidhmithe dlí inniúla iarrataí ar fhaisnéis faoin Treoir seo a phróiseáil chomh luath agus is féidir chun cruinneas agus iontaofacht sonraí pearsanta a áirithiú, chun dúbláil neamhriachtanach sonraí a sheachaint, agus chun an baol go mbeadh sonraí as dáta nó nach mbeidís ar fáil dóibh a thuilleadh a laghdú. I gcás inar cosúil go bhfuil na sonraí pearsanta mícheart, ba cheart iad a cheartú nó a léirscriosadh nó a bpróiseáil a shrianadh gan mhoill.

(24)

Ionas go bhféadfaidh na Pointí Teagmhála Aonair faisnéis a sholáthar go leormhaith agus go mear, arna iarraidh sin nó ar a dtionscnamh féin, tá sé tábhachtach go dtuigfeadh na húdaráis forfheidhmithe dlí inniúla a chéile. Ba cheart gach malartú faisnéise, lena n-áirítear soláthar faisnéise arna hiarraidh, diúltú iarrataí ar fhaisnéis, lena n-áirítear na cúiseanna atá leis an diúltú sin, agus, i gcás inarb infheidhme, iarrataí ar shoiléiriú nó sonraíochtaí agus soiléiriú nó sonraíochtaí arna soláthar a bhaineann le hiarraidh ar leith, ba cheart iad a tharchur sa teanga inar tíolacadh an iarraidh sin. Dá bhrí sin, chun cosc a chur le moilleanna i soláthar na faisnéise arna hiarraidh de bharr constaicí teanga agus chun teorainn a chur le costais aistriúcháin, ba cheart do na Ballstáit liosta a bhunú den teanga nó de na theangacha inar féidir teagmháil a dhéanamh leis an bPointe Teagmhála Aonair agus inar féidir leis cumarsáid a dhéanamh. Ós rud é gur teanga é an Béarla a thuigtear go forleathan agus a úsáidtear go praiticiúil maidir le comhar i bhforfheidhmiú an dlí laistigh den Aontas, ba cheart é a áireamh ar an liosta sin. Ba cheart do na Ballstáit an liosta sin agus aon nuashonruithe air a sholáthar don Choimisiún. Ba cheart don Choimisiún cnuasach de na liostaí sin a fhoilsiú ar líne.

(25)

Chun sábháilteacht agus slándáil shaoránaigh na hEorpa a áirithiú, tá sé bunriachtanach go mbeadh an fhaisnéis is gá ag Europol chun a ról mar mhol faisnéise coiriúla an Aontais a chomhlíonadh, ar mol é a thacaíonn leis na húdaráis forfheidhmithe dlí. Dá bhrí sin, nuair a dhéantar faisnéis a mhalartú idir na Ballstáit, gan beann ar í a bheith á malartú de bhun iarraidh ar fhaisnéis arna cur faoi bhráid Pointe Teagmhála Aonair nó údarás forfheidhmithe dlí inniúil nó ar í a bheith á soláthar ag Pointe Teagmhála Aonair nó údarás forfheidhmithe dlí inniúil ar a thionscnamh féin, ba cheart measúnú a dhéanamh, ar bhonn cás ar chás, i dtaobh ar cheart cóip den iarraidh ar fhaisnéis arna tíolacadh faoin Treoir seo nó den fhaisnéis arna malartú faoin Treoir seo a sheoladh chuig Europol i gcomhréir le hAirteagal 7(6) de Rialachán (AE) 2016/794 i gcás ina mbaineann sí le cion coiriúil a thagann faoi raon feidhme chuspóirí Europol. Ba cheart na measúnuithe sin a bheith bunaithe ar chuspóirí Europol mar a leagtar amach i Rialachán (AE) 2016/794 iad a mhéid a bhaineann le raon feidhme an chiona choiriúil. Níor cheart go mbeadh sé d’oibleagáid ar na Ballstáit cóip den iarraidh ar fhaisnéis nó den fhaisnéis a mhalartaítear a sheoladh chuig Europol i gcás ina mbeadh sé sin ar neamhréir le leasanna bunúsacha shlándáil an Bhallstáit lena mbaineann, i gcás ina gcuirfeadh sé rath imscrúdaithe atá fós ag dul ar aghaidh nó sábháilteacht duine aonair i mbaol nó i gcás ina nochtfadh sé faisnéis a bhaineann le heagraíochtaí nó gníomhaíochtaí sonracha faisnéise i réimse na slándála náisiúnta. Thairis sin, i gcomhréir le prionsabal na húinéireachta sonraí agus gan dochar don oibleagáid a leagtar amach i Rialachán (AE) 2016/794 a bhaineann le cuspóir na próiseála faisnéise ag Europol, agus srianta ar an bpróiseáil sin, a chinneadh, níor cheart faisnéis a fhaightear ar dtús ó Bhallstát eile nó ó thríú tír a sholáthar do Europol ach amháin i gcás ina bhfuil a thoiliú tugtha ag an mBallstát sin nó ag an tríú tír sin. Ba cheart do na Ballstáit a áirithiú go dtabharfar tacaíocht leormhaith d’fhoireann a bPointe Teagmhála Aonair agus a n-údarás forfheidhmithe dlí inniúil agus go gcuirfear oiliúint leormhaith orthu chun a fháil amach go tapa agus go cruinn cén fhaisnéis a mhalartaítear faoin Treoir seo a thagann faoi shainordú Europol agus a bhfuil gá léi chun a chuspóirí a chomhlíonadh.

(26)

Ba cheart an fhadhb a bhaineann le hiomadú na mbealaí cumarsáide a úsáidtear chun faisnéis forfheidhmithe dlí a tharchur idir na Ballstáit a leigheas toisc go gcuireann sé bac ar mhalartú leormhaith agus mear na faisnéise sin agus go méadaíonn sé na rioscaí a bhaineann le slándáil sonraí pearsanta. Dá bhrí sin, maidir le húsáid an Fheidhmchláir Líonra um Malartú Slán Faisnéise (SIENA), arna bhainistiú agus arna fhorbairt ag Europol i gcomhréir le Rialachán (AE) 2016/794, ba cheart an úsáid sin a bheith éigeantach do gach tarchur agus cumarsáid faoin Treoir seo, lena n-áirítear iarrataí ar fhaisnéis a sheoladh chuig na Pointí Teagmhála Aonair agus go díreach chuig na húdaráis forfheidhmithe dlí inniúla, faisnéis a sholáthar de bhun na n-iarrataí sin agus faisnéis a bheith á soláthar ag Pointí Teagmhála Aonair agus údaráis forfheidhmithe dlí inniúla ar a dtionscnamh féin, an chumarsáid maidir le diúltú iarrataí ar fhaisnéis, soiléiriú agus sonraíochtaí, agus cóipeanna d’iarrataí ar fhaisnéis nó d’fhaisnéis a sheoladh chuig Pointí Teagmhála Aonair agus chuig Europol. Chuige sin, ba cheart nasc díreach a bheith ag na Pointí Teagmhála Aonair uile, agus ag na húdaráis forfheidhmithe dlí inniúla uile a d’fhéadfadh a bheith páirteach i malartuithe faisnéise, le SIENA. Chun gur féidir le hoifigigh thúslíne, amhail póilíní a bhfuil baint acu le hoibríochtaí gabhála, úsáid a bhaint as SIENA, ba cheart é a bheith oibríochtúil ar ghléasanna soghluaiste freisin, i gcás inarb iomchuí. I ndáil leis sin, ba cheart foráil a dhéanamh d’idirthréimhse ghearr, chun go bhféadfar SIENA a chur i bhfeidhm go hiomlán ós rud é go bhfuil athrú ar na socruithe reatha i roinnt Ballstát i gceist leis agus gur gá oiliúint a chur ar an bhfoireann sin. Chun cúrsaí oibríochtúla a chur san áireamh agus gan bac a chur ar dhea-chomhar idir na húdaráis forfheidhmithe dlí inniúla, ba cheart do na Ballstáit a bheith in ann cead a thabhairt dá bPointe Teagmhála Aonair nó dá n-údaráis forfheidhmithe dlí inniúla bealach cumarsáide slán eile a úsáid i líon teoranta cásanna a bhfuil údar cuí leo. I gcás ina gceadaíonn na Ballstáit dá bPointe Teagmhála Aonair nó dá n-údaráis forfheidhmithe dlí inniúla bealach cumarsáide eile a úsáid mar gheall ar phráinn na hiarrata ar fhaisnéis, ba cheart dóibh, i gcás inarb indéanta agus i gcomhréir leis na riachtanais oibríochtúla, SIENA a úsáid arís nuair nach mbeidh an cás práinneach a thuilleadh. Níor cheart úsáid SIENA a bheith éigeantach le haghaidh malartuithe inmheánacha faisnéise laistigh de Bhallstát.

(27)

Chun sreabha faisnéise a shimpliú, a éascú agus a bhainistiú ar bhealach níos fearr, ba cheart do gach Ballstát Pointe Teagmhála Aonair a bhunú nó a ainmniú. Ba cheart do na Pointí Teagmhála Aonair a bheith inniúil ar mhalartú faisnéise faoin Treoir seo a chomhordú agus a éascú. Ba cheart do gach Ballstát fógra a thabhairt don Choimisiún maidir le bunú nó ainmniú a Phointe Teagmhála Aonair agus le haon athruithe air sin. Ba cheart don Choimisiún na fógraí sin agus aon nuashonruithe orthu a fhoilsiú. Ba cheart do na Pointí Teagmhála Aonair, go háirithe, rannchuidiú le maolú a dhéanamh ar na bacainní ar shreabha faisnéise a eascraíonn as ilroinnt an bhealaigh a ndéanann na húdaráis forfheidhmithe dlí inniúla cumarsáid le chéile, mar fhreagairt ar an méadú ar an ngá dul i ngleic go comhpháirteach leis an gcoireacht trasteorann, amhail an gháinneáil ar dhrugaí, an chibearchoireacht, an gháinneáil ar dhaoine, agus an sceimhlitheoireacht. Ba cheart roinnt íoschúraimí sonracha a shannadh do na Pointí Teagmhála Aonair agus ba cheart íoschumais áirithe a bheith acu ionas go mbeidh siad in ann a bhfeidhmeanna comhordaithe a chomhlíonadh go héifeachtach i ndáil le malartú faisnéise trasteorann chun críocha fhorfheidhmiú an dlí faoin Treoir seo.

(28)

Ba cheart rochtain a bheith ag na Pointí Teagmhála Aonair ar an bhfaisnéis uile atá ar fáil ina mBallstát, lena n-áirítear trí rochtain sholáimhsithe a bheith acu ar gach bunachar sonraí agus ardán ábhartha de chuid an Aontais agus ar gach bunachar sonraí agus ardán ábhartha idirnáisiúnta, i gcomhréir leis na socruithe a shonraítear i ndlí an Aontais agus sa dlí náisiúnta is infheidhme. Chun go mbeidh na Pointí Teagmhála Aonair in ann ceanglais na Treorach seo a chomhlíonadh, go háirithe na ceanglais a bhaineann le teorainneacha ama, ba cheart acmhainní leormhaithe a sholáthar do na Pointí Teagmhála Aonair i dtaobh buiséid agus foirne, lena n-áirítear cumais leormhaithe aistriúcháin, agus ba cheart dóibh feidhmiú de ló agus d’oíche. I ndáil leis sin, d’fhéadfaí a n-éifeachtúlacht agus a n-éifeachtacht a mhéadú trí dheasc thosaigh a bheith ann a bheadh in ann iarrataí isteach ar fhaisnéis a scagadh, a phróiseáil agus a sheoladh. Ba cheart údaráis bhreithiúnacha atá inniúil ar údaruithe breithiúnacha is gá a dheonú a bheith ar fáil, i gcónaí, do na Pointí Teagmhála Aonair freisin. Sa chleachtas, is féidir é sin a dhéanamh, mar shampla, trína áirithiú go mbeidh na húdaráis bhreithiúnacha sin i láthair go fisiciúil in áitreabh an Phointe Teagmhála Aonair nó go mbeidh na húdaráis bhreithiúnacha sin ar fáil go feidhmiúil, bíodh sé sin in áitreabh an Phointe Teagmhála Aonair nó ar fáil go díreach ar glao-dhualgas.

(29)

Chun go mbeidh siad in ann a bhfeidhmeanna comhordaithe a fheidhmiú go héifeachtach faoin Treoir seo, ba cheart na Pointí Teagmhála Aonair a bheith comhdhéanta d’fhoireann ó na húdaráis forfheidhmithe dlí inniúla sin a bhfuil gá lena rannpháirtíocht chun faisnéis a mhalartú go leormhaith agus go mear faoin Treoir seo. Cé gur faoi gach Ballstát atá sé cinneadh a dhéanamh maidir leis an eagrú agus an comhdhéanamh beacht is gá chun an ceanglas sin a chomhlíonadh, d’fhéadfadh ionadaíocht sna Pointí Teagmhála Aonair a bheith ag póilíní, ag údaráis chustaim agus ag údaráis forfheidhmithe dlí inniúla eile atá freagrach as cionta coiriúla a chosc, a bhrath nó a imscrúdú agus ag pointí teagmhála a d’fhéadfadh a bheith ann d’oifigí réigiúnacha agus déthaobhacha, amhail oifigigh idirchaidrimh agus ataiséanna ar iasacht nó arna bpostú i mBallstáit eile agus i ngníomhaireachtaí ábhartha forfheidhmithe dlí an Aontais, amhail Europol. Ar mhaithe le comhordú éifeachtach, áfach, ar a laghad, ba cheart do na Pointí Teagmhála Aonair a bheith comhdhéanta d’ionadaithe ó aonad náisiúnta Europol, ó Bhiúró SIRENE agus ó Bhiúró Lárnach Náisiúnta Interpol, mar a bunaíodh leis an ngníomh dlí ábhartha de chuid an Aontais nó leis an gcomhaontú idirnáisiúnta ábhartha iad agus d’ainneoin nach bhfuil feidhm ag an Treoir seo maidir le malartú faisnéise a rialaítear go sonrach leis na gníomhartha dlí sin de chuid an Aontais.

(30)

I bhfianaise na riachtanas sonrach a bhaineann leis an gcomhar trasteorann i bhforfheidhmiú an dlí, lena n-áirítear faisnéis íogair a láimhseáil sa chomhthéacs sin, tá sé bunriachtanach go mbeadh an t-eolas agus na scileanna is gá ag foireann na bPointí Teagmhála Aonair agus na n-údarás forfheidhmithe dlí inniúil chun a bhfeidhmeanna faoin Treoir seo a dhéanamh ar bhealach dleathach, éifeachtúil agus éifeachtach. Go háirithe, ba cheart cúrsaí oiliúna leormhaithe agus tráthrialta a thairiscint d’fhoireann na bPointí Teagmhála Aonair, agus an fhoireann a spreagadh le tairbhe a bhaint na cúrsaí sin, a sholáthraítear ar leibhéal an Aontais agus ar an leibhéal náisiúnta araon, a chomhfhreagraíonn dá riachtanais ghairmiúla agus dá gcúlraí sonracha agus a éascaíonn a dteagmháil le Pointí Teagmhála Aonair agus údaráis forfheidhmithe dlí inniúla Ballstát eile, ar teagmháil í a bhfuil gá léi chun na rialacha a leagtar amach sa Treoir seo a chur i bhfeidhm. I ndáil leis sin, ba cheart aird ar leith a thabhairt ar úsáid chuí na n-uirlisí próiseála sonraí agus na gcóras teicneolaíochta faisnéise (TF), ar eolas a chomhroinnt faoi na creataí dlíthiúla ábhartha ar leibhéal an Aontais agus ar an leibhéal náisiúnta i réimse an Cheartais agus na nGnóthaí Baile, agus béim ar leith á leagan ar chosaint sonraí pearsanta, ar an gcomhar i bhforfheidhmiú an dlí agus ar láimhseáil faisnéise rúnda, agus ar na teangacha inar chuir an Ballstát lena mbaineann in iúl go bhfuil a Phointe Teagmhála Aonair in ann faisnéis a mhalartú, d’fhonn baic theanga a shárú. Chun an oiliúint a chur ar fáil, ba cheart do na Ballstáit freisin, i gcás inarb iomchuí, úsáid a bhaint as na cúrsaí oiliúna agus na huirlisí ábhartha arna dtairiscint ag Gníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um Oiliúint i bhForfheidhmiú an Dlí (CEPOL), a bunaíodh le Rialachán (AE) 2015/2219 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (18), an fhéidearthacht go gcaithfeadh an fhoireann seachtain ag Europol a mheas, agus úsáid a bhaint as na tairiscintí ábhartha arna ndéanamh faoi chláir agus tionscadail arna gcistiú ag buiséad an Aontais, amhail clár malartaithe CEPOL.

(31)

Sa bhreis ar scileanna teicniúla agus eolas dlíthiúil, is réamhriachtanais iad an mhuinín fhrithpháirteach agus an chomhthuiscint le haghaidh comhar éifeachtúil agus éifeachtach trasteorann i bhforfheidhmiú an dlí faoin Treoir seo. Le teagmhálaithe pearsanta a fhaightear trí oibríochtaí comhpháirteacha agus trí shaineolas a chomhroinnt, éascaítear cothú na hiontaoibhe agus forbairt comhchultúir póilíneachta ar leibhéal an Aontais. Ba cheart do na Ballstáit féachaint freisin ar chúrsaí oiliúna comhpháirteacha agus malartuithe foirne a bheidh dírithe ar aistriú eolais maidir le modhanna oibre, cuir chuige imscrúdaitheacha agus struchtúir eagraíochtúla na n-údarás forfheidhmithe dlí inniúil i mBallstáit eile.

(32)

Chun an rannpháirtíocht i gcúrsaí oiliúna a mhéadú d’fhoireann na bPointí Teagmhála Aonair agus na n-údarás forfheidhmithe dlí inniúil, d’fhéadfadh na Ballstáit féachaint ar dhreasachtaí sonracha don fhoireann sin.

(33)

Ní mór do na Pointí Teagmhála Aonair córas leictreonach bainistithe cásanna aonair a chur in úsáid agus a oibriú a bhfuil íosfheidhmeanna agus íoschumais áirithe aige chun go mbeidh siad in ann gach ceann dá gcúraimí faoin Treoir seo a dhéanamh ar bhealach éifeachtach agus éifeachtúil, go háirithe a mhéid a bhaineann le malartú faisnéise. Is córas sreafa oibre é an córas bainistithe cásanna lenar féidir le Pointí Teagmhála Aonair an malartú faisnéise a bhainistiú. Is inmhianaithe caighdeán na formáide uilíche teachtaireachta a bunaíodh le Rialachán (AE) 2019/818 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (19) a úsáid agus an córas bainistithe cásanna á fhorbairt.

(34)

Tá feidhm ag na rialacha a leagtar amach i dTreoir (AE) 2016/680 maidir le próiseáil sonraí pearsanta sa chóras bainistithe cásanna. Áirítear stóráil sa phróiseáil. Ar mhaithe le soiléireacht agus cosaint éifeachtach sonraí pearsanta, ba cheart na rialacha a leagtar amach sa Treoir sin a shonrú tuilleadh sa Treoir seo. Go háirithe, a mhéid an bhaineann leis an gceanglas a leagtar amach i dTreoir (AE) 2016/680 nach gcoinneofaí sonraí pearsanta i bhfoirm lenar féidir ábhair sonraí a aithint níos faide ná mar is gá chun na gcríoch ar chucu a dhéantar iad a phróiseáil, ba cheart a shonrú sa Treoir seo, i gcás ina bhfaigheann Pointe Teagmhála Aonair faisnéis a mhalartaítear faoin Treoir seo ina bhfuil sonraí pearsanta, nár cheart don Phointe Teagmhála Aonair na sonraí pearsanta a choinneáil sa chóras bainistithe cásanna ach a mhéid is gá agus is cuí chun gur féidir leis a chuid cúraimí faoin Treoir seo a dhéanamh. I gcás nach amhlaidh a thuilleadh, ba cheart don Phointe Teagmhála Aonair na sonraí pearsanta a scriosadh go neamh-inchúlghairthe ón gcóras bainistithe cásanna. Chun a áirithiú nach gcoinneofar na sonraí pearsanta ach a fhad is gá agus is comhréireach, i gcomhréir leis na rialacha a bhaineann le teorainneacha ama le haghaidh stórála agus athbhreithnithe a leagtar amach i dTreoir (AE) 2016/680, ba cheart don Phointe Teagmhála Aonair athbhreithniú a dhéanamh go tráthrialta i dtaobh an bhfuil na ceanglais sin á gcomhlíonadh i gcónaí. Chun na críche sin, ba cheart an chéad athbhreithniú a dhéanamh 6 mhí ar a dhéanaí tar éis do mhalartú faisnéise faoin Treoir seo teacht chun críche, is é sin le rá, an tráth a soláthraíodh an mhír dheireanach faisnéise nó an tráth a rinneadh an chumarsáid is déanaí ina leith. Níor cheart, áfach, do cheanglais na Treorach seo maidir le hathbhreithniú agus scriosadh den sórt sin difear a dhéanamh don fhéidearthacht go ndéanfadh na húdaráis náisiúnta atá inniúil ar chionta coiriúla a chosc, a bhrath agus a imscrúdú na sonraí pearsanta a choinneáil ina gcomhaid choiriúla náisiúnta faoin dlí náisiúnta, i gcomhréir le dlí an Aontais, go háirithe Treoir (AE) 2016/680.

(35)

Chun cuidiú le Pointí Teagmhála Aonair agus údaráis forfheidhmithe dlí inniúla faisnéis a mhalartú faoin Treoir seo agus chun comhchultúr Eorpach póilíneachta a chothú idir na Ballstáit, ba cheart do na Ballstáit comhar praiticiúil a spreagadh i measc a bPointí Teagmhála Aonair agus a n-údarás forfheidhmithe dlí inniúil. Go háirithe, ba cheart don Chomhairle cruinnithe de Chinn na bPointí Teagmhála Aonair a eagrú ar bhonn bliantúil ar a laghad chun taithí agus dea-chleachtas a chomhroinnt maidir le malartú faisnéise chun críocha na Treorach seo. Ba cheart a áireamh ar fhoirmeacha eile comhair lámhleabhair a dhréachtú maidir le faisnéis i bhforfheidhmiú an dlí a mhalartú, bileoga eolais náisiúnta a chur le chéile maidir le faisnéis atá inrochtana go díreach agus go hindíreach, Pointí Teagmhála Aonair, údaráis forfheidhmithe dlí ainmnithe agus córais teanga, nó doiciméid eile maidir le nósanna imeachta comhchoiteanna, aghaidh a thabhairt ar dheacrachtaí maidir le sreafaí oibre, feasacht a mhúscailt faoi shainiúlachtaí na gcreataí dlíthiúla ábhartha agus cruinnithe a eagrú, de réir mar is iomchuí, idir Pointí Teagmhála Aonair ábhartha.

(36)

Chun go mbeifear in ann an faireachán agus an mheastóireacht is gá a dhéanamh ar chur i bhfeidhm na Treorach seo, ba cheart ceangal a bheith ar na Ballstáit sonraí áirithe a bhailiú agus a sholáthar don Choimisiún ar bhonn bliantúil maidir le cur chun feidhme na Treorach seo. Tá an ceanglas sin riachtanach, go háirithe, chun leigheas a fháil ar an easpa sonraí inchomparáide lena ndéantar malartuithe faisnéise ábhartha trasteorann idir údaráis forfheidhmithe dlí inniúla a chainníochtú agus éascaítear leis freisin oibleagáid tuairiscithe an Choimisiúin maidir le cur chun feidhme na Treorach seo. Ba cheart na sonraí is gá chun na críche sin a ghiniúint go huathoibríoch leis an gcóras bainistithe cásanna agus SIENA.

(37)

Mar gheall ar ghné thrasteorann na coireachta trasnáisiúnta agus na sceimhlitheoireachta, ní mór do na Ballstáit brath ar a chéile chun cionta coiriúla den sórt sin a chosc, a bhrath nó a imscrúdú. Ós rud é nach féidir leis na Ballstáit cuspóir na Treorach seo, eadhon sreabha leormhaithe agus meara faisnéise a áirithiú idir na húdaráis forfheidhmithe dlí inniúla agus chuig Europol, a ghnóthú go leordhóthanach agus, de bharr scála agus éifeachtaí na gníomhaíochta, gur fearr is féidir iad a ghnóthú ar leibhéal an Aontais trí rialacha comhchoiteanna agus comhchultúr a bhunú maidir le malartú faisnéise agus trí bhíthin uirlisí agus bealaí cumarsáide nua-aimseartha, féadfaidh an tAontas bearta a ghlacadh i gcomhréir le prionsabal na coimhdeachta a leagtar amach in Airteagal 5 den Chonradh ar an Aontas Eorpach (CAE). I gcomhréir le prionsabal na comhréireachta a leagtar amach san Airteagal sin, ní théann an Treoir seo thar a bhfuil riachtanach chun an cuspóir sin a ghnóthú.

(38)

Chuathas i gcomhairle leis an Maoirseoir Eorpach ar Chosaint Sonraí i gcomhréir le hAirteagal 42(1) de Rialachán (AE) 2018/1725 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (20) agus thug an Maoirseoir tuairim an 7 Márta 2022.

(39)

Cuireann an Treoir seo leis na luachanna ar a bhfuil an tAontas fothaithe, mar a leagtar amach in Airteagal 2 CAE iad, lena n-áirítear an smacht reachta, an tsaoirse agus an daonlathas. Urramaítear léi freisin na cearta bunúsacha agus coimircí agus cloítear léi leis na prionsabail a aithnítear sa Chairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh (“an Chairt”), go háirithe an ceart chun saoirse agus slándála, an ceart chun measa ar an saol príobháideach agus ar shaol an teaghlaigh agus an ceart go ndéanfaí sonraí pearsanta a chosaint dá bhforáiltear in Airteagail 6, 7 agus 8 den Chairt faoi seach, mar aon le hAirteagal 16 CFAE. Aon phróiseáil a dhéantar ar shonraí pearsanta faoin Treoir seo, ba cheart í a theorannú don phróiseáil sin atá fíor-riachtanach agus comhréireach agus faoi réir coinníollacha soiléire, diancheanglas agus maoirseacht éifeachtach ag na húdaráis mhaoirseachta náisiúnta arna mbunú le Treoir (AE) 2016/680 agus ag an Maoirseoir Eorpach ar Chosaint Sonraí, i gcás inarb iomchuí i gcomhréir lena gcuid sainorduithe faoi seach.

(40)

I gcomhréir le hAirteagail 1 agus 2 de Phrótacal Uimh. 22 maidir le seasamh na Danmhairge atá i gceangal le CAE agus le CFAE, níl an Danmhairg rannpháirteach i nglacadh na Treorach seo agus níl sí faoi cheangal aici ná faoi réir a cur i bhfeidhm. Ós rud é go gcuireann an Treoir seo le acquis Schengen, cinnfidh an Danmhairg, i gcomhréir le hAirteagal 4 den Phrótacal sin, laistigh de thréimhse 6 mhí tar éis don Chomhairle cinneadh a dhéanamh ar an Treoir seo, an gcuirfidh sí chun feidhme ina dlí náisiúnta í.

(41)

Tá Éire rannpháirteach sa Treoir seo i gcomhréir le hAirteagal 5(1) de Phrótacal Uimh. 19 maidir le acquis Schengen arna lánpháirtiú i gcreat an Aontais Eorpaigh atá i gceangal le CAE agus le CFAE, agus i gcomhréir le hAirteagal 6(2) de Chinneadh 2002/192/CE ón gComhairle (21).

(42)

Maidir leis an Íoslainn agus an Iorua, is é atá sa Treoir seo forbairt ar fhorálacha acquis Schengen (22) de réir bhrí an Chomhaontaithe arna thabhairt i gcrích ag Comhairle an Aontais Eorpaigh agus Poblacht na hÍoslainne agus Ríocht na hIorua maidir le comhlachas an dá thír sin le acquis Schengen a chur chun feidhme, a chur i bhfeidhm agus a fhorbairt, ar forálacha iad a thagann faoi réim an réimse dá dtagraítear in Airteagal 1, pointe H, de Chinneadh 1999/437/CE ón gComhairle (23).

(43)

Maidir leis an Eilvéis, is é atá sa Treoir seo forbairt ar fhorálacha acquis Schengen de réir bhrí an Chomhaontaithe arna thabhairt i gcrích idir an tAontas Eorpach, an Comhphobal Eorpach agus Cónaidhm na hEilvéise maidir le comhlachas Chónaidhm na hEilvéise le acquis Schengen (24) a chur chun feidhme, a chur i bhfeidhm agus a fhorbairt, ar forálacha iad a thagann faoi réim an réimse dá dtagraítear in Airteagal 1, pointe H, de Chinneadh 1999/437/CE, arna léamh i gcomhar le hAirteagal 3 de Chinneadh 2008/149/CGB ón gComhairle (25).

(44)

Maidir le Lichtinstéin, is é atá sa Treoir seo forbairt ar fhorálacha acquis Schengen, de réir bhrí an Phrótacail idir an tAontas Eorpach, an Comhphobal Eorpach, Cónaidhm na hEilvéise agus Prionsacht Lichtinstéin i ndáil le haontachas Phrionsacht Lichtinstéin leis an gComhaontú idir an tAontas Eorpach, an Comhphobal Eorpach agus Cónaidhm na hEilvéise maidir le comhlachas Chónaidhm na hEilvéise le acquis Schengen (26) a chur chun feidhme, a chur i bhfeidhm agus a fhorbairt, ar forálacha iad a chuimsítear faoin réimse dá dtagraítear in Airteagal 1, pointe H, de Chinneadh 1999/437/CE arna léamh i gcomhar le hAirteagal 3 Chinneadh 2011/349/AE (27),

TAR ÉIS AN TREOIR SEO A GHLACADH:

CAIBIDIL I

FORÁLACHA GINEARÁLTA

Airteagal 1

Ábhar agus raon feidhme

1.   Leis an Treoir seo, bunaítear rialacha comhchuibhithe maidir le malartú leormhaith agus mear faisnéise idir na húdaráis forfheidhmithe dlí inniúla chun cionta coiriúla a chosc, a bhrath nó a imscrúdú.

Go háirithe, leis an Treoir seo bunaítear rialacha maidir leis an méid seo a leanas:

(a)

iarrataí ar fhaisnéis a chuirtear faoi bhráid na bPointí Teagmhála Aonair arna mbunú nó arna n-ainmniú ag na Ballstáit, go háirithe maidir le hábhar na n-iarrataí sin, soláthar faisnéise de bhun na n-iarrataí sin, teangacha oibre na bPointí Teagmhála Aonair, teorainneacha ama éigeantacha chun an fhaisnéis arna hiarraidh a sholáthar, agus na cúiseanna atá le diúltú na n-iarrataí sin;

(b)

faisnéis ábhartha a bheith á soláthar ag Ballstát, ar a thionscnamh féin, do Phointí Teagmhála Aonair nó údaráis forfheidhmithe dlí inniúla Ballstát eile, go háirithe na cásanna agus an bealach ina bhfuil an fhaisnéis sin le soláthar;

(c)

an bealach cumarsáide réamhshocraithe atá le húsáid le haghaidh gach malartaithe faisnéise faoin Treoir seo agus an fhaisnéis atá le soláthar do na Pointí Teagmhála Aonair i ndáil le faisnéis a mhalartú go díreach idir na húdaráis forfheidhmithe dlí inniúla;

(d)

bunú nó ainmniú agus eagrú Phointe Teagmhála Aonair gach Ballstáit, maille lena chuid cúraimí, a chomhdhéanamh agus a chumas, lena n-áirítear maidir le córas leictreonach aonair bainistithe cásanna a chur in úsáid agus a oibriú chun a gcuid cúraimí a chur i gcrích faoin Treoir seo.

2.   Ní bheidh feidhm ag an Treoir seo maidir le malartuithe faisnéise idir na údaráis forfheidhmithe dlí inniúla chun cionta coiriúla a chosc, a bhrath nó a imscrúdú, ar cionta iad a rialaítear go sonrach le gníomhartha dlí eile de chuid an Aontais. Gan dochar dá gcuid oibleagáidí faoin Treoir seo agus faoi ghníomhartha dlí eile de chuid an Aontais, féadfaidh na Ballstáit forálacha a ghlacadh nó a choimeád, forálacha lena n-éascaítear a thuilleadh an malartú faisnéise idir údaráis forfheidhmithe dlí inniúla Ballstát eile chun cionta coiriúla a chosc, a bhrath nó a imscrúdú, lena n-áirítear trí bhíthin socruithe déthaobhacha nó iltaobhacha.

3.   Leis an Treoir seo, ní fhorchuirtear aon oibleagáid ar na Ballstáit an méid seo a leanas a dhéanamh:

(a)

faisnéis a fháil trí bhíthin bearta comhéigneacha;

(b)

faisnéis a stóráil chun í a sholáthar d’údaráis forfheidhmithe dlí inniúla Ballstát eile, agus chun na críche sin amháin;

(c)

faisnéis a sholáthar d’údaráis forfheidhmithe dlí inniúla Ballstát eile lena húsáid mar fhianaise in imeachtaí breithiúnacha.

4.   Leis an Treoir seo, ní bhunaítear aon cheart i dtaobh úsáid a bhaint as an bhfaisnéis a sholáthraítear i gcomhréir leis an Treoir seo mar fhianaise in imeachtaí breithiúnacha. Féadfaidh an Ballstát a sholáthraíonn an fhaisnéis toiliú lena húsáid mar fhianaise in imeachtaí breithiúnacha.

Airteagal 2

Sainmhínithe

Chun críoch na Treorach seo:

(1)

ciallaíonn “údarás forfheidhmithe dlí inniúil” aon údarás póilíneachta, custaim nó údarás eile de chuid na mBallstát atá inniúil faoin dlí náisiúnta chun údarás a fheidhmiú agus bearta comhéigneacha a dhéanamh chun cionta coiriúla a chosc, a bhrath nó a imscrúdú nó aon údarás a ghlacann páirt i gcomheintitis arna mbunú idir dhá Bhallstát nó níos mó chun cionta coiriúla a chosc, a bhrath nó a imscrúdú, ach ní chuimsítear le gníomhaireachtaí ná aonaid a bhíonn ag plé go háirithe le saincheisteanna slándála náisiúnta agus oifigigh idirchaidrimh ar iasacht de bhun Airteagal 47 den Choinbhinsiún lena ndéantar Comhaontú Schengen a chur chun feidhme;

(2)

ciallaíonn “údarás forfheidhmithe dlí ainmnithe” údarás forfheidhmithe dlí inniúil a bhfuil údarú aige iarrataí ar fhaisnéis a chur faoi bhráid Phointí Teagmhála Aonair na mBallstát eile i gcomhréir le hAirteagal 4(1);

(3)

ciallaíonn “cion coiriúil tromchúiseach” aon cheann díobh seo a leanas:

(a)

cion dá dtagraítear in Airteagal 2(2) de Chinneadh Réime 2002/584/CGB ón gComhairle (28);

(b)

cion dá dtagraítear in Airteagal 3(1) nó (2) de Rialachán (AE) 2016/794;

(4)

ciallaíonn “faisnéis” aon ábhar a bhaineann le haon duine nádúrtha nó dlítheanach amháin nó níos mó, le fíoras nó le himthosca atá ábhartha d’údaráis forfheidhmithe dlí inniúla chun a gcúraimí a chur i gcrích faoin dlí náisiúnta maidir le cionta coiriúla a chosc, a bhrath nó a imscrúdú, lena n-áirítear faisnéis choiriúil;

(5)

ciallaíonn “faisnéis atá ar fáil” faisnéis atá inrochtana go díreach agus faisnéis atá inrochtana go hindíreach;

(6)

ciallaíonn “faisnéis atá inrochtana go díreach” faisnéis a choimeádtar i mbunachar sonraí ar féidir leis an bPointe Teagmhála Aonair nó údarás forfheidhmithe dlí inniúil de chuid an Bhallstáit a n-iarrtar an fhaisnéis air;

(7)

ciallaíonn “faisnéis atá inrochtana go hindíreach” faisnéis ar féidir leis an bPointe Teagmhála Aonair nó údarás forfheidhmithe dlí inniúil de chuid an Bhallstáit a n-iarrtar an fhaisnéis air í a fháil ó údaráis phoiblí eile nó ó pháirtithe príobháideacha atá bunaithe sa Bhallstát sin, i gcás ina gceadaítear é sin faoin dlí náisiúnta agus i gcomhréir leis an dlí sin, gan bearta comhéigneacha a dhéanamh;

(8)

ciallaíonn “sonraí pearsanta” sonraí pearsanta mar a shainmhínítear in Airteagal 3, pointe (1), de Threoir (AE) 2016/680.

Airteagal 3

Prionsabail a bhaineann le malartú faisnéise

I dtaca leis na malartuithe faisnéise uile faoin Treoir seo, déanfaidh gach Ballstát an méid seo a leanas a áirithiú:

(a)

gur féidir an fhaisnéis atá ar fáil a sholáthar don Phointe Teagmhála Aonair nó d’údaráis forfheidhmithe dlí inniúla Ballstát eile (“prionsabal na hinfhaighteachta”);

(b)

go mbeidh na coinníollacha le haghaidh faisnéis a iarraidh ar na Pointí Teagmhála Aonair agus ar údaráis forfheidhmithe dlí inniúla Ballstát eile, agus faisnéis a sholáthar dóibh, coibhéiseach leis na coinníollacha is infheidhme maidir le faisnéis chomhchosúil a iarraidh agus a sholáthar laistigh den Bhallstát sin (“prionsabal na rochtana coibhéisí”);

(c)

go gcosnóidh sé faisnéis a sholáthraítear dá Phointe Teagmhála Aonair nó dá údaráis forfheidhmithe dlí inniúla atá marcáilte mar fhaisnéis rúnda i gcomhréir leis na ceanglais a leagtar amach ina dhlí náisiúnta, ar ceanglais iad a bhfuil an leibhéal céanna rúndachta á thabhairt leo is atá le dlí náisiúnta an Bhallstáit a sholáthair an fhaisnéis (“prionsabal na rúndachta”);

(d)

i gcás gur ó Bhallstát eile nó ó thríú tír a fuarthas an fhaisnéis arna hiarraidh i dtús báire, nach ndéanfaidh sé faisnéis den sórt sin a sholáthar do Bhallstát eile ná do Europol ach amháin le toiliú an Bhallstáit nó an tríú tír sin a sholáthair an fhaisnéis i dtús báire agus i gcomhréir leis na coinníollacha arna bhforchur maidir le húsáid na faisnéise sin ag an mBallstát nó an tríú tír sin (“prionsabal na húinéireachta sonraí”);

(e)

go ndéanfar sonraí pearsanta a mhalartaítear faoin Treoir seo agus a fhaightear amach go bhfuil siad míchruinn, neamhiomlán nó nach bhfuil siad cothrom le dáta a thuilleadh a léirscriosadh nó a cheartú nó go ndéanfar a bpróiseáil a shrianadh, de réir mar is iomchuí, agus go dtabharfar fógra d’aon fhaighteoir gan mhoill (“prionsabal na hiontaofachta sonraí”).

CAIBIDIL II

MALARTUITHE FAISNÉISE TRÍ PHOINTÍ TEAGMHÁLA AONAIR

Airteagal 4

Iarrataí ar fhaisnéis chuig Pointí Teagmhála Aonair

1.   Maidir le hiarrataí ar fhaisnéis a dhéanann Pointe Teagmhála Aonair Ballstáit, agus na húdaráis forfheidhmithe dlí ainmnithe i gcás ina bhforáiltear dó sin sa dlí náisiúnta, a chur faoi bhráid Pointe Teagmhála Aonair Ballstáit eile, áiritheoidh na Ballstáit go bhfuil na hiarrataí sin ag comhlíonadh na gceanglas a leagtar amach i míreanna 2 go 6.

Déanfaidh na Ballstáit liosta dá n-údaráis forfheidhmithe dlí ainmnithe a chur faoi bhráid an Choimisiúin. Déanfaidh na Ballstáit an Coimisiún a chur ar an eolas i gcás ina ndéantar aon athruithe ar an liosta sin. Foilseoidh an Coimisiún tiomsú de na liostaí sin ar líne agus coinneoidh sé cothrom le dáta é.

Áiritheoidh na Ballstáit, i gcás ina gcuirfidh a n-údaráis forfheidhmithe dlí ainmnithe iarraidh ar fhaisnéis faoi bhráid Pointe Teagmhála Aonair Ballstáit eile, go seolfaidh siad, an tráth céanna, cóip den iarraidh sin chuig a bPointe Teagmhála Aonair.

2.   Féadfaidh na Ballstáit cead a thabhairt dá n-údaráis forfheidhmithe dlí ainmnithe gan cóip d’iarraidh ar fhaisnéis a sheoladh, de réir an cháis, chuig a bPointe Teagmhála Aonair an tráth céanna a chuirfidh siad í faoi bhráid Pointe Teagmhála Aonair Ballstáit eile i gcomhréir le hAirteagal 1 i gcás ina gcuirfeadh sí ceann amháin nó níos mó de na nithe seo a leanas i mbaol:

(a)

imscrúdú an-íogair atá fós ag dul ar aghaidh a bhfuil leibhéal iomchuí rúndachta ag teastáil lena aghaidh i dtaca le próiseáil faisnéise;

(b)

cásanna sceimhlitheoireachta nach mbaineann cásanna éigeandála ná cásanna bainistithe géarchéime leo;

(c)

sábháilteacht duine aonair.

3.   Áiritheoidh na Ballstáit nach gcuirfear iarrataí ar fhaisnéis chuig Pointe Teagmhála Aonair Ballstáit eile ach amháin i gcás ina bhfuil cúiseanna oibiachtúla ann an méid seo a leanas a chreidiúint:

(a)

go bhfuil an fhaisnéis arna hiarraidh riachtanach agus comhréireach chun an cuspóir dá dtagraítear in Airteagal 1(1), an chéad fhomhír, a bhaint amach; agus

(b)

go bhfuil an fhaisnéis arna hiarraidh ar fáil don Bhallstát eile sin.

4.   Maidir le haon iarraidh ar fhaisnéis arna cur faoi bhráid Pointe Teagmhála Aonair Ballstáit eile, áiritheoidh na Ballstáit go sonraítear inti an bhfuil práinn léi agus, i gcás ina bhfuil, go dtugtar cúiseanna leis an bpráinn sin. Measfar na hiarrataí ar fhaisnéis sin a bheith práinneach i gcás, ag féachaint d’fhíorais agus imthosca ábhartha uile an cháis i dtrácht, inarb ann do chúiseanna oibiachtúla lena chreidiúint go bhfuil ceann amháin nó níos mó de na nithe seo a leanas fíor i leith na faisnéise arna hiarraidh:

(a)

tá an fhaisnéis arna hiarraidh fíor-riachtanach chun bagairt thromchúiseach láithreach do shlándáil phoiblí Ballstáit a chosc;

(b)

tá an fhaisnéis arna hiarraidh riachtanach chun garbhaol do bheatha nó do shláine fhisiciúil duine a chosc;

(c)

tá an fhaisnéis arna hiarraidh riachtanach chun cinneadh a ghlacadh arb é a d’fhéadfadh a bheith i gceist leis bearta sriantacha a choimeád ar bun arb ionann iad agus cailleadh saoirse;

(d)

tá garbhaol ann nach mbeidh an fhaisnéis arna hiarraidh ábhartha a thuilleadh mura soláthrófar go práinneach í agus meastar go bhfuil sí tábhachtach chun cionta coiriúla a chosc, a bhrath nó a imscrúdú.

5.   Áiritheoidh na Ballstáit go mbeidh na mionsonraí go léir is gá in iarrataí ar fhaisnéis arna gcur faoi bhráid Pointe Teagmhála Aonair Ballstáit eile chun gur féidir iad a phróiseáil go leormhaith agus go mear i gcomhréir leis an Treoir seo, lena n-áirítear an méid seo a leanas ar a laghad:

(a)

sonrú ar an bhfaisnéis arna hiarraidh atá chomh mionsonraithe agus is féidir le réasún sna himthosca áirithe;

(b)

tuairisc ar an gcuspóir a bhfuil an fhaisnéis á hiarraidh chuige, lena n-áirítear tuairisc ar fhíorais agus ar thásc an bhunchiona;

(c)

na cúiseanna oibiachtúla ar dá réir a chreidtear go bhfuil an fhaisnéis arna hiarraidh ar fáil don Bhallstát iarrtha;

(d)

míniú ar an nasc atá idir cuspóir na faisnéise arna hiarraidh agus aon duine nádúrtha nó dlítheanach nó eintiteas lena mbaineann an fhaisnéis, i gcás inarb infheidhme;

(e)

na cúiseanna a meastar go bhfuil an iarraidh práinneach, i gcás inarb infheidhme, i gcomhréir le mír 4;

(f)

srianta ar úsáid na faisnéise atá san iarraidh chun críoch seachas na críocha ar chucu a tíolacadh í.

6.   Áiritheoidh na Ballstáit go gcuirfear iarrataí ar fhaisnéis faoi bhráid Pointe Teagmhála Aonair Ballstáit eile i gceann de na teangacha a áirítear sa liosta arna bhunú ag an mBallstát eile sin i gcomhréir le hAirteagal 11.

Airteagal 5

Soláthar faisnéise de bhun iarrataí chuig Pointí Teagmhála Aonair

1.   Áiritheoidh na Ballstáit go soláthróidh a bPointe Teagmhála Aonair an fhaisnéis a iarradh i gcomhréir le hAirteagal 4 a luaithe is féidir agus in aon chás laistigh de na teorainneacha ama seo a leanas, de réir mar is infheidhme:

(a)

8 n-uaire an chloig i gcás iarrataí práinneacha a bhaineann le faisnéis atá inrochtana go díreach;

(b)

3 lá féilire i gcás iarrataí práinneacha a bhaineann le faisnéis atá inrochtana go hindíreach;

(c)

7 lá féilire i gcás gach iarrata eile.

Cuirfear tús leis na teorainneacha ama a leagtar amach sa chéad fhomhír a luaithe a gheofar an iarraidh ar fhaisnéis.

2.   I gcás, faoina dhlí náisiúnta i gcomhréir le hAirteagal 9, nach féidir le Ballstát an fhaisnéis arna hiarraidh a sholáthar go dtí go mbeidh údarú breithiúnach faighte aige, féadfaidh an Ballstát sin imeacht ó na teorainneacha ama a leagtar amach i mír 1 den Airteagal seo a mhéid is gá chun an t-údarú sin a fháil. I gcásanna den sórt sin, áiritheoidh na Ballstáit go ndéanfaidh a bPointe Teagmhála Aonair an dá ní seo a leanas:

(a)

Pointe Teagmhála Aonair nó, i gcás inarb infheidhme, údarás forfheidhmithe dlí ainmnithe an Bhallstáit iarrthaigh a chur ar an eolas láithreach maidir leis an moill a mheastar a bheidh ann, agus fad na moille a mheastar a bheidh ann agus na cúiseanna atá léi á sonrú;

(b)

Pointe Teagmhála Aonair nó, i gcás inarb infheidhme, údarás forfheidhmithe dlí ainmnithe an Bhallstáit iarrthaigh a choinneáil ar an eolas ina dhiaidh sin agus an fhaisnéis arna hiarraidh a sholáthar a luaithe is féidir tar éis an t-údarú breithiúnach a fháil.

3.   Áiritheoidh na Ballstáit go soláthróidh a bPointe Teagmhála Aonair an fhaisnéis arna hiarraidh i gcomhréir le hAirteagal 4 don Phointe Teagmhála Aonair nó, i gcás inarb infheidhme, d’údarás forfheidhmithe dlí ainmnithe an Bhallstáit iarrthaigh, sa teanga inar tíolacadh an iarraidh ar fhaisnéis sin i gcomhréir le hAirteagal 4(6).

Áiritheoidh na Ballstáit go seolfaidh a bPointe Teagmhála Aonair cóip den fhaisnéis arna hiarraidh chuig Pointe Teagmhála Aonair an Bhallstáit iarrthaigh an tráth céanna a sholáthróidh sé an fhaisnéis arna hiarraidh d’údarás forfheidhmithe dlí ainmnithe an Bhallstáit sin.

Féadfaidh na Ballstáit cead a thabhairt dá bPointe Teagmhála Aonair gan cóip den fhaisnéis sin a sheoladh chuig Pointe Teagmhála Aonair Ballstáit eile an tráth céanna a sholáthróidh sé faisnéis d’údaráis forfheidhmithe dlí ainmnithe an Bhallstáit eile sin i gcomhréir leis an Airteagal seo i gcás ina gcuirfeadh sé ceann amháin nó níos mó de na nithe seo a leanas i mbaol:

(a)

imscrúdú an-íogair atá fós ag dul ar aghaidh a bhfuil leibhéal iomchuí rúndachta ag teastáil lena aghaidh i dtaca le próiseáil faisnéise;

(b)

cásanna sceimhlitheoireachta nach mbaineann cásanna éigeandála ná cásanna bainistithe géarchéime leo;

(c)

sábháilteacht duine aonair.

Airteagal 6

Iarrataí ar fhaisnéis a dhiúltú

1.   Áiritheoidh na Ballstáit nach ndiúltóidh a bPointe Teagmhála Aonair an fhaisnéis arna hiarraidh i gcomhréir le hAirteagal 4 a sholáthar ach amháin a mhéid go mbeidh feidhm ag aon cheann de na cúiseanna seo a leanas:

(a)

níl an fhaisnéis arna hiarradh ar fáil do Phointe Teagmhála Aonair ná údaráis forfheidhmithe dlí inniúla an Bhallstáit iarrtha;

(b)

ní chomhlíonann an iarraidh ar fhaisnéis na ceanglais a leagtar amach in Airteagal 4;

(c)

diúltaíodh an t-údarú breithiúnach a cheanglaítear faoi dhlí náisiúnta an Bhallstáit iarrtha i gcomhréir le hAirteagal 9;

(d)

is éard atá san fhaisnéis arna hiarraidh, sonraí pearsanta seachas na sonraí a thagann faoi na catagóirí sonraí pearsanta dá dtagraítear in Airteagal 10, pointe (b);

(e)

fuarthas amach go bhfuil an fhaisnéis arna hiarradh míchruinn, neamhiomlán nó nach bhfuil sí cothrom le dáta a thuilleadh agus nach féidir í a sholáthar i gcomhréir le hAirteagal 7(2) de Threoir (AE) 2016/680;

(f)

dá ndéanfaí an fhaisnéis arna hiarraidh a sholáthar, tá cúiseanna oibiachtúla ann lena chreidiúint:

(i)

go mbeadh an soláthar sin ar neamhréir le leasanna bunúsacha slándála náisiúnta an Bhallstáit iarrtha nó go ndéanfadh sé dochar dóibh;

(ii)

go gcuirfeadh sé rath imscrúdaithe atá fós ag dul ar aghaidh maidir le cion coiriúil nó sábháilteacht duine aonair i mbaol;

(iii)

go ndéanfadh sé dochar míchuí do leasanna tábhachtacha cosanta duine dhlítheanaigh;

(g)

baineann an iarraidh leis an méid seo a leanas:

(i)

cion coiriúil a ngabhann téarma uasta príosúnachta bliana nó níos lú mar phionós leis faoi dhlí an Bhallstáit iarrtha; nó

(ii)

ábhar nach cion coiriúil é faoi dhlí an Bhallstáit iarrtha;

(h)

fuarthas an fhaisnéis arna hiarraidh i dtús báire ó Bhallstát eile nó ó thríú tír agus níor thoiligh an Ballstát nó an tríú tír sin le soláthar na faisnéise.

Déanfaidh na Ballstáit a ndícheall cuí agus measúnú á dhéanamh acu an bhfuil an iarraidh ar fhaisnéis arna cur faoi bhráid a bPointe Teagmhála Aonair i gcomhréir leis na ceanglais a leagtar amach in Airteagal 4, go háirithe i dtaobh an ndearnadh sárú follasach ar na cearta bunúsacha.

Déanfaidh aon diúltú d’iarraidh ar fhaisnéis difear don chuid den fhaisnéis arna hiarraidh lena mbaineann na cúiseanna a leagtar amach sa chéad fhomhír agus don chuid sin amháin agus, i gcás inarb infheidhme, ní dhéanfaidh an diúltú difear don oibleagáid maidir leis na codanna eile den fhaisnéis a sholáthar i gcomhréir leis an Treoir seo.

2.   Áiritheoidh na Ballstáit go gcuirfidh a bPointe Teagmhála Aonair an diúltú don iarraidh ar fhaisnéis in iúl do Phointe Teagmhála Aonair nó, i gcás inarb infheidhme, údarás forfheidhmithe dlí ainmnithe an Bhallstáit iarrthaigh, agus na cúiseanna atá leis an diúltú á sonrú, laistigh de na teorainneacha ama a leagtar amach in Airteagal 5(1).

3.   I gcás inarb ábhartha, áiritheoidh na Ballstáit go n-iarrfaidh a bPointe Teagmhála Aonair láithreach ar Phointe Teagmhála Aonair nó, i gcás inarb infheidhme, údarás forfheidhmithe dlí ainmnithe an Bhallstáit iarrthaigh soiléiriú nó sonraíochtaí a chur ar fáil a mbeidh gá leo chun próiseáil a dhéanamh ar iarraidh ar fhaisnéis nár mhór a dhiúltú seachas sin.

Cuirfear na teorainneacha ama a leagtar amach in Airteagal 5(1) ar fionraí ón uair a gheobhaidh Pointe Teagmhála Aonair nó, i gcás inarb infheidhme, údarás forfheidhmithe dlí ainmnithe an Bhallstáit iarrthaigh an iarraidh ar shoiléiriú nó sonraíochtaí go dtí go soláthrófar an soiléiriú nó na sonraíochtaí a iarradh.

4.   Aon diúltú d’iarrataí ar fhaisnéis, na cúiseanna atá le diúltú den sórt sin agus na hiarrataí ar shoiléiriú nó sonraíochtaí agus an soiléiriú nó na sonraíochtaí dá dtagraítear i mír 3 den Airteagal seo, mar aon le haon chumarsáid eile a bhaineann leis na hiarrataí ar fhaisnéis arna gcur faoi bhráid Pointe Teagmhála Aonair Ballstáit eile, déanfar iad a tharchur sa teanga inar tíolacadh an iarraidh sin i gcomhréir le hAirteagal 4(6).

CAIBIDIL III

MALARTUITHE FAISNÉISE EILE

Airteagal 7

Soláthar faisnéise féintionscnaimh

1.   Féadfaidh na Ballstáit, trína bPointe Teagmhála Aonair nó trína n-údaráis forfheidhmithe dlí inniúla, ar a dtionscnamh féin, faisnéis atá ar fáil dó nó dóibh a sholáthar do Phointí Teagmhála Aonair nó údaráis forfheidhmithe dlí inniúla Ballstát eile i gcás ina bhfuil cúiseanna oibiachtúla ann lena chreidiúint go bhféadfadh an fhaisnéis sin a bheith ábhartha do na Ballstáit eile sin chun cionta coiriúla a chosc, a bhrath nó a imscrúdú.

2.   Áiritheoidh na Ballstáit go ndéanfaidh a bPointe Teagmhála Aonair nó a n-údaráis forfheidhmithe dlí inniúla, ar a thionscnamh nó a dtionscnamh féin, faisnéis atá ar fáil dó nó dóibh a sholáthar do Phointí Teagmhála Aonair nó údaráis forfheidhmithe dlí inniúla Ballstát eile i gcás ina bhfuil cúiseanna oibiachtúla ann lena chreidiúint go bhféadfadh an fhaisnéis sin a bheith ábhartha do na Ballstáit eile sin chun cionta coiriúla tromchúiseacha a chosc, a bhrath nó a imscrúdú. Ní bheidh aon oibleagáid den sórt sin ann, áfach, a mhéid a bheidh feidhm ag na cúiseanna dá dtagraítear in Airteagal 6(1), pointe (c) nó (f), maidir leis an bhfaisnéis sin.

3.   I gcás ina ndéanfaidh a bPointe Teagmhála Aonair nó a n-údaráis forfheidhmithe dlí inniúla faisnéis a sholáthar ar a thionscnamh nó a dtionscnamh féin do Phointe Teagmhála Aonair Ballstáit eile i gcomhréir le mír 1 nó 2, áiritheoidh na Ballstáit go ndéanfaidh siad amhlaidh i gceann amháin de na teangacha a áirítear ar an liosta arna bhunú ag an mBallstát eile sin i gcomhréir le hAirteagal 11.

I gcás ina soláthróidh a bPointe Teagmhála Aonair faisnéis ar a thionscnamh féin d’údarás forfheidhmithe dlí inniúil Ballstáit eile, áiritheoidh na Ballstáit go seolfaidh sé, an tráth céanna, cóip den fhaisnéis sin chuig Pointe Teagmhála Aonair an Bhallstáit eile sin.

I gcás ina soláthróidh a n-údaráis forfheidhmithe dlí inniúla faisnéis ar a dtionscnamh féin do Bhallstát eile, áiritheoidh na Ballstáit go seolfaidh siad, an tráth céanna, cóip den fhaisnéis sin chuig Pointe Teagmhála Aonair a mBallstáit agus, i gcás inarb iomchuí, chuig Pointe Teagmhála Aonair an Bhallstáit eile sin.

4.   Féadfaidh na Ballstáit cead a thabhairt dá n-údaráis forfheidhmithe dlí inniúla gan cóip den fhaisnéis sin a sheoladh, an tráth céanna a chuirfidh siad faisnéis ar fáil do Phointe Teagmhála Aonair nó údaráis forfheidhmithe dlí inniúla Ballstát eile i gcomhréir leis an Airteagal seo, chuig Pointe Teagmhála Aonair a mBallstáit nó chuig Pointe Teagmhála Aonair an Bhallstáit eile sin i gcás ina gcuirfeadh sé ceann amháin nó níos mó de na nithe seo a leanas i mbaol:

(a)

imscrúdú an-íogair atá fós ag dul ar aghaidh a bhfuil leibhéal iomchuí rúndachta ag teastáil lena aghaidh i dtaca le próiseáil faisnéise;

(b)

cásanna sceimhlitheoireachta nach mbaineann cásanna éigeandála ná bainistithe cásanna géarchéime leo;

(c)

sábháilteacht duine aonair.

Airteagal 8

Faisnéise a mhalartú tar éis iarrataí arna gcur go díreach faoi bhráid údaráis forfheidhmithe dlí inniúla

1.   I gcás ina gcuirfidh a bPointe Teagmhála Aonair iarraidh ar fhaisnéis go díreach faoi bhráid údarás forfheidhmithe dlí inniúil Ballstáit eile, áiritheoidh na Ballstáit go seolfaidh sé, an tráth céanna, cóip den iarraidh sin chuig Pointe Teagmhála Aonair an Bhallstáit eile sin. Áiritheoidh na Ballstáit, i gcás ina soláthróidh ceann dá n-údaráis forfheidhmithe dlí inniúla faisnéis de bhun na hiarrata sin, go seolfaidh sé, an tráth céanna, cóip den fhaisnéis sin chuig Pointe Teagmhála Aonair a Bhallstáit.

2.   I gcás ina gcuirfidh ceann dá n-údaráis forfheidhmithe dlí inniúla iarraidh ar fhaisnéis faoi bhráid údarás forfheidhmithe dlí inniúil Ballstáit eile nó ina soláthróidh sé faisnéis de bhun na hiarrata sin dó go díreach, áiritheoidh na Ballstáit go seolfaidh sé, an tráth céanna, cóip den iarraidh sin nó den fhaisnéis sin chuig Pointe Teagmhála Aonair a Bhallstáit féin agus chuig Pointe Teagmhála Aonair an Bhallstáit eile sin.

3.   Féadfaidh na Ballstáit cead a thabhairt dá bPointe Teagmhála Aonair nó dá n-údaráis forfheidhmithe dlí inniúla gan cóip d’iarraidh nó d’fhaisnéis dá dtagraítear i mír 1 nó 2 a sheoladh i gcás ina gcuirfeadh sé ceann amháin nó níos mó de na nithe seo a leanas i mbaol:

(a)

imscrúdú an-íogair atá fós ag dul ar aghaidh a bhfuil leibhéal iomchuí rúndachta ag teastáil lena aghaidh i dtaca le próiseáil faisnéise;

(b)

cásanna sceimhlitheoireachta nach mbaineann cásanna éigeandála ná cásanna bainistithe géarchéime leo;

(c)

sábháilteacht duine aonair.

CAIBIDIL IV

RIALACHA BREISE MAIDIR LE SOLÁTHAR FAISNÉISE FAOI CHAIBIDLÍ II AGUS III

Airteagal 9

Údarú breithiúnach

1.   Ní bheidh údarú breithiúnach de dhíth ar Bhallstát chun faisnéis a sholáthar do Phointe Teagmhála Aonair nó údaráis forfheidhmithe dlí inniúla Ballstát eile faoi Chaibidil II nó III i gcás, faoin dhlí náisiúnta, nach gceanglaítear údarú breithiúnach den sórt sin maidir le faisnéis den chineál céanna a sholáthar sa Bhallstát sin.

2.   Áiritheoidh na Ballstáit, i gcás ina gceanglaítear údarú breithiúnach faoina ndlí náisiúnta chun faisnéis a sholáthar do Phointe Teagmhála Aonair nó údaráis forfheidhmithe dlí inniúla Ballstát eile faoi Chaibidil II nó III, go ndéanfaidh a bPointe Teagmhála Aonair nó a n-údaráis forfheidhmithe dlí inniúla gach beart is gá láithreach, i gcomhréir lena ndlí náisiúnta, chun an t-údarú breithiúnach sin a fháil a luaithe is féidir.

3.   Déanfar na hiarrataí ar údarú breithiúnach dá dtagraítear i mír 2 a mheasúnú agus déanfar cinneadh fúthu i gcomhréir le dlí náisiúnta an Bhallstáit ina bhfuil an t-údarás breithiúnach inniúil.

Airteagal 10

Rialacha breise maidir le faisnéis ar sonraí pearsanta atá inti

I gcás ina ndéanfaidh a bPointe Teagmhála Aonair nó a n-údaráis forfheidhmithe dlí inniúla faisnéis a sholáthar faoi Chaibidil II nó III ar sonraí pearsanta atá san fhaisnéis sin, áiritheoidh na Ballstáit an méid seo a leanas:

(a)

go bhfuil na sonraí pearsanta cruinn, iomlán agus cothrom le dáta, i gcomhréir le hAirteagal 7(2) de Threoir (AE) 2016/680;

(b)

go bhfuil na catagóirí sonraí pearsanta a sholáthraítear in aghaidh chatagóir an ábhair sonraí fós teoranta do na catagóirí a liostaítear i Roinn B d’Iarscríbhinn II a ghabhann le Rialachán (AE) 2016/794 agus go bhfuil siad riachtanach agus comhréireach chun cuspóir na hiarrata a bhaint amach;

(c)

go ndéanann a bPointe Teagmhála Aonair nó a n-údaráis forfheidhmithe dlí inniúla, an tráth céanna agus a mhéid is féidir, na heilimintí is gá a sholáthar freisin, eilimintí a chuireann ar chumas Phointe Teagmhála Aonair nó údarás forfheidhmithe dlí inniúil an Bhallstáit eile measúnú a dhéanamh ar leibhéal cruinnis, iomláine agus iontaofachta na sonraí pearsanta agus ar a mhéid atá na sonraí pearsanta cothrom le dáta.

Airteagal 11

Liosta teangacha

1.   Déanfaidh na Ballstáit liosta a bhunú agus a choinneáil cothrom le dáta lena léirítear an teanga nó na teangacha ina mbeidh a bPointe Teagmhála Aonair in ann faisnéis a mhalartú. Beidh an Béarla ar an liosta sin.

2.   Déanfaidh na Ballstáit an liosta dá dtagraítear i mír 1 agus aon nuashonruithe air a sholáthar don Choimisiún. Déanfaidh an Coimisiún cnuasach de na liostaí sin a fhoilsiú ar líne agus coinneoidh sé cothrom le dáta é.

Airteagal 12

Soláthar faisnéise do Europol

1.   I gcás ina seolfaidh a bPointe Teagmhála Aonair nó a n-údaráis forfheidhmithe dlí inniúla iarrataí ar fhaisnéis, i gcás ina soláthróidh siad faisnéis de bhun na n-iarrataí sin nó i gcás ina soláthróidh siad faisnéis ar a thionscnamh nó a dtionscnamh féin faoi Chaibidil II nó III den Treoir seo, áiritheoidh na Ballstáit go ndeánfaidh foireann a bPointe Teagmhála Aonair nó a n-údarás forfheidhmithe dlí inniúil measúnú freisin, de réir an cháis agus faoi réir Airteagal 7(7) de Rialachán (AE) 2016/794, i dtaobh an gá cóip den iarraidh ar fhaisnéis nó den fhaisnéis a soláthraíodh a sheoladh chuig Europol, a mhéid atá gaol ag an bhfaisnéis lena mbaineann an chumarsáid le cionta coiriúla a thagann faoi raon feidhme chuspóirí Europol a leagtar amach in Airteagal 3 de Rialachán (AE) 2016/794.

2.   Áiritheoidh na Ballstáit, i gcás ina seolfar cóip d’iarraidh ar fhaisnéis nó cóip den fhaisnéis chuig Europol de bhun mhír 1 den Airteagal seo, go gcuirfear críocha phróiseáil na faisnéise in iúl go cuí do Europol mar aon le haon srianta a d’fhéadfadh a bheith ar an bpróiseáil sin de bhun Airteagal 19 de Rialachán (AE) 2016/794. Áiritheoidh na Ballstáit nach ndéanfar faisnéis a fuarthas i dtús báire ó Bhallstát eile nó ó thríú tír a sheoladh chuig Europol de bhun mhír 1 den Airteagal seo ach amháin i gcás ina mbeidh a thoiliú nó a toiliú tugtha ag an mBallstát eile sin nó ag an tríú tír sin.

Airteagal 13

Bealach cumarsáide slán

1.   Áiritheoidh na Ballstáit go mbainfidh a bPointe Teagmhála Aonair nó a n-údaráis forfheidhmithe dlí inniúla úsáid as an bhFeidhmchlár Líonra um Malartú Slán Faisnéise de chuid Europol (SIENA) chun iarrataí ar fhaisnéis a sheoladh, chun faisnéis a sholáthar de bhun na n-iarrataí sin nó chun faisnéis a sholáthar ar a thionscnamh nó a dtionscnamh féin faoi Chaibidil II nó III nó faoi Airteagal 12.

2.   Féadfaidh na Ballstáit cead a thabhairt dá bPointe Teagmhála Aonair nó dá n-údaráis forfheidhmithe dlí inniúla gan úsáid a bhaint as SIENA chun iarrataí ar fhaisnéis a sheoladh, chun faisnéis a sholáthar de bhun na n-iarrataí sin nó chun faisnéis a sholáthar ar a thionscnamh nó a dtionscnamh féin faoi Chaibidil II nó III nó faoi Airteagal 12 i gceann amháin nó níos mó de na cásanna seo a leanas:

(a)

tá gá le rannpháirtíocht tríú tíortha nó eagraíochtaí idirnáisiúnta chun faisnéis a mhalartú nó tá cúiseanna oibiachtúla ann lena chreidiúint go mbeidh gá le rannpháirtíocht den sórt sin ag céim níos déanaí, lena n-áirítear trí bhealach cumarsáide Interpol;

(b)

is gá bealach cumarsáide eile a úsáid go sealadach de bharr na práinne atá leis an iarraidh ar fhaisnéis;

(c)

le teagmhas teicniúil nó oibríochtúil gan choinne, cuirtear cosc ar a bPointe Teagmhála Aonair nó ar a n-údaráis inniúla forfheidhmithe dlí SIENA a úsáid chun an fhaisnéis a mhalartú.

3.   Maidir lena bPointe Teagmhála Aonair, mar aon lena n-údaráis forfheidhmithe dlí inniúla go léir a d’fhéadfadh a bheith rannpháirteach i malartú faisnéise faoin Treoir seo, áiritheoidh na Ballstáit go mbeidh siad nasctha go díreach le SIENA, lena n-áirítear, i gcás inarb iomchuí, trí ghléasanna soghluaiste.

CAIBIDIL V

POINTE TEAGMHÁLA AONAIR CHUN FAISNÉIS A MHALARTÚ IDIR NA BALLSTÁIT

Airteagal 14

Bunú nó ainmniú agus cúraimí agus cumais na bPointí Teagmhála Aonair

1.   Déanfaidh gach Ballstát Pointe Teagmhála Aonair a bhunú nó a ainmniú. Is éard a bheidh sa Phointe Teagmhála Aonair an t-eintiteas lárnach atá freagrach as malartú faisnéise faoin Treoir seo a chomhordú agus a éascú.

2.   Áiritheoidh na Ballstáit go mbeidh a bPointe Teagmhála Aonair ullmhaithe agus go mbeidh sé de chumhacht aige gach ceann de na cúraimí seo a leanas ar a laghad a dhéanamh:

(a)

iarrataí ar fhaisnéis arna dtíolacadh i gcomhréir le hAirteagal 4 a fháil agus meastóireacht a dhéanamh orthu sna teangacha a dtugtar fógra fúthu de bhun Airteagal 11(2);

(b)

iarrataí ar fhaisnéis a sheoladh chuig na húdaráis forfheidhmithe dlí inniúla ábhartha agus, más gá, próiseáil iarrataí den sórt sin agus soláthar faisnéise de bhun iarrataí den sórt sin a chomhordú eatarthu;

(c)

comhordú a dhéanamh ar anailísiú agus struchtúrú na faisnéise d’fhonn í a sholáthar do na Pointí Teagmhála Aonair agus, i gcás inarb infheidhme, d’údaráis forfheidhmithe dlí inniúla Ballstát eile;

(d)

faisnéis a sholáthar, arna iarraidh sin nó ar a thionscnamh féin, do Bhallstáit eile i gcomhréir le hAirteagail 5 agus 7;

(e)

diúltú faisnéis a sholáthar i gcomhréir le hAirteagal 6 agus, i gcás inar gá, soiléiriú nó sonraíochtaí a iarraidh i gcomhréir le hAirteagal 6(3);

(f)

iarrataí ar fhaisnéis a sheoladh chuig Pointí Teagmhála Aonair na mBallstát eile i gcomhréir le hAirteagal 4 agus, i gcás inar gá, soiléiriú nó sonraíochtaí a sholáthar i gcomhréir le hAirteagal 6(3).

3.   Áiritheoidh na Ballstáit na nithe seo a leanas:

(a)

i dtaca lena bPointe Teagmhála Aonair:

(i)

go mbeidh rochtain aige ar gach faisnéis atá ar fáil dá n-údaráis forfheidhmithe dlí inniúla, a mhéid is gá chun a chuid cúraimí a chur i gcrích faoin Treoir seo;

(ii)

go ndéanfaidh sé a chuid cúraimí 24 uair an chloig sa lá, 7 lá na seachtaine;

(iii)

go gcuirfear ar fáil dó foireann cháilithe mar aon leis na hacmhainní oibríochtúla iomchuí, na hacmhainní teicniúla agus airgeadais, an bonneagar, agus na cumais is gá, lena n-áirítear le haghaidh aistriúcháin, chun a chuid cúraimí a chur i gcrích ar bhealach leormhaith, éifeachtach agus mear i gcomhréir leis an Treoir seo, lena n-áirítear, i gcás inarb infheidhme, laistigh de na teorainneacha ama a leagtar amach in Airteagal 5(1);

(b)

maidir leis na húdaráis bhreithiúnacha atá inniúil ar údaruithe breithiúnacha a dheonú a cheanglaítear faoin dlí náisiúnta i gcomhréir le hAirteagal 9, go bhfuil siad ar fáil ar glao-dhualgas don Phointe Teagmhála Aonair 24 uair an chloig sa lá, 7 lá na seachtaine.

4.   Tabharfaidh na Ballstáit fógra don Choimisiún laistigh d’aon mhí amháin faoi bhunú nó ainmniú a bPointe Teagmhála Aonair. Cuirfidh siad an Coimisiún ar an eolas i gcás ina mbeidh athruithe ann a mhéid a bhaineann lena bPointe Teagmhála Aonair.

Foilseoidh an Coimisiún na fógraí sin agus aon nuashonrú orthu in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Airteagal 15

Eagrú, comhdhéanamh agus oiliúint

1.   Cinnfidh na Ballstáit eagrú agus comhdhéanamh a bPointe Teagmhála Aonair ar bhealach a fhágfaidh go mbeidh sé in ann a chuid cúraimí faoin Treoir seo a dhéanamh ar bhealach éifeachtúil agus éifeachtach.

2.   Áiritheoidh na Ballstáit go mbeidh a bPointe Teagmhála Aonair comhdhéanta d’fhoireann óna n-údaráis forfheidhmithe dlí inniúla a bhfuil a rannpháirtíocht riachtanach le haghaidh malartú faisnéise leormhaith agus mear faoin Treoir seo, lena n-áirítear ar a laghad an méid seo a leanas a mhéid atá an Ballstát lena mbaineann faoi cheangal ag an dlí nó comhaontú idirnáisiúnta ábhartha chun na haonaid nó na biúrónna sin a bhunú nó a ainmniú:

(a)

an t-aonad náisiúnta Europol arna bhunú le hAirteagal 7 de Rialachán (AE) 2016/794;

(b)

Biúró SIRENE arna bhunú le hAirteagal 7(2) de Rialachán (AE) 2018/1862;

(c)

Biúró Lárnach Náisiúnta Interpol arna bhunú le hAirteagal 32 de Bhunreacht Eagraíocht Idirnáisiúnta na bPóilíní Coireachta – Interpol.

3.   Áiritheoidh na Ballstáit go mbeidh foireann a bPointe Teagmhála Aonair sách cáilithe chun a gcuid feidhmeanna a chur i gcrích faoin Treoir seo. Chuige sin, tabharfaidh na Ballstáit rochtain d’fhoireann a bPointe Teagmhála Aonair ar oiliúint leormhaith agus tráthrialta, go háirithe a mhéid a bhaineann leis an méid seo a leanas:

(a)

úsáid na n-uirlisí próiseála sonraí a úsáidtear sa Phointe Teagmhála Aonair, go háirithe SIENA agus an córas bainistithe cásanna;

(b)

cur i bhfeidhm dhlí an Aontais agus an dlí náisiúnta is ábhartha do ghníomhaíochtaí an Phointe Teagmhála Aonair faoin Treoir seo, go háirithe i dtaca le cosaint sonraí pearsanta, lena n-áirítear Treoir (AE) 2016/680, i dtaca le comhar trasteorann idir údaráis forfheidhmithe dlí, lena n-áirítear an Treoir seo agus Rialachán (AE) 2016/794, agus i dtaca le láimhseáil faisnéise rúnda;

(c)

úsáid na dteangacha atá ar an liosta arna bhunú ag an mBallstát lena mbaineann de bhun Airteagal 11.

Airteagal 16

Córas bainistithe cásanna

1.   Áiritheoidh na Ballstáit go ndéanfaidh a bPointe Teagmhála Aonair córas leictreonach bainistithe cásanna aonair a chur in úsáid agus a oibriú mar stór lena ligtear don Phointe Teagmhála Aonair a chuid cúraimí a dhéanamh faoin Treoir seo. Beidh na feidhmeanna agus na cumais uile seo a leanas ar a laghad ag an gcóras bainistithe cásanna:

(a)

taifead a dhéanamh ar iarrataí isteach agus amach ar fhaisnéis dá dtagraítear in Airteagail 5 agus 8 agus aon chumarsáid eile a bhaineann le hiarrataí den sórt sin le Pointí Teagmhála Aonair agus, i gcás inarb infheidhme, le húdaráis forfheidhmithe dlí inniúla Ballstát eile, lena n-áirítear faisnéis faoi dhiúltú iarrataí ar fhaisnéis agus iarrataí ar shoiléiriú nó sonraíochtaí agus soláthair soiléirithe nó sonraíochtaí dá dtagraítear in Airteagal 6(2) agus (3) faoi seach;

(b)

taifead a dhéanamh ar an gcumarsáid idir an Pointe Teagmhála Aonair agus na húdaráis forfheidhmithe dlí inniúla, de bhun Airteagal 14(2), pointe (b);

(c)

taifead a dhéanamh ar an soláthar faisnéise do na Pointí Teagmhála Aonair agus, i gcás inarb infheidhme, d’údaráis forfheidhmithe dlí inniúla Ballstát eile i gcomhréir le hAirteagail 5, 7 agus 8;

(d)

iarrataí isteach ar fhaisnéis dá dtagraítear in Airteagail 5 agus 8 a chros-seiceáil le faisnéis atá ar fáil don Phointe Teagmhála Aonair, lena n-áirítear faisnéis arna soláthar i gcomhréir le hAirteagal 5(3), an dara fomhír, agus le hAirteagal 7(3), an dara fomhír, agus faisnéis ábhartha eile arna taifeadadh sa chóras bainistithe cásanna;

(e)

a áirithiú go ndéanfar obair leantach mhear ar iarrataí isteach ar fhaisnéis dá dtagraítear in Airteagal 4, go háirithe d’fhonn cloí leis na teorainneacha ama maidir leis an bhfaisnéis arna hiarraidh a sholáthar, ar teorainneacha ama iad a leagtar amach in Airteagal 5;

(f)

a bheith idir-inoibritheach le SIENA, agus é á áirithiú go háirithe gur féidir cumarsáid isteach trí SIENA a thaifeadadh go díreach sa chóras bainistithe cásanna agus gur féidir cumarsáid amach trí SIENA a sheoladh go díreach ón gcóras bainistithe cásanna;

(g)

staidreamh a ghiniúint i ndáil le malartuithe faisnéise faoin Treoir seo chun críoch meastóireachta agus faireacháin, go háirithe chun críocha Airteagal 18;

(h)

rochtain agus oibríochtaí próiseála eile a logáil i ndáil leis an bhfaisnéis atá sa chóras bainistithe cásanna, chun críoch cuntasachta agus cibearshlándála, i gcomhréir le hAirteagal 25 de Threoir (AE) 2016/680.

2.   Áiritheoidh na Ballstáit go mbainisteofar gach riosca cibearshlándála a bhaineann leis an gcóras bainistithe cásanna, go háirithe a mhéid a bhaineann lena struchtúr, lena rialachas agus lena rialú, agus go dtabharfar aghaidh orthu ar bhealach stuama agus éifeachtach agus go ndéanfar foráil maidir le coimircí leormhaithe i gcoinne rochtain neamhúdaraithe agus mí-úsáide.

3.   Áiritheoidh na Ballstáit nach mbeidh sonraí pearsanta sa chóras bainistithe cásanna ach a fhad is gá agus is comhréireach chun go ndéanfadh an Pointe Teagmhála Aonair na cúraimí a shanntar dó faoin Treoir seo agus go scriosfar na sonraí pearsanta atá sa chóras sin go neamh-inchúlghairthe ina dhiaidh sin.

4.   Áiritheoidh na Ballstáit go ndéanfaidh a bPointe Teagmhála Aonair athbhreithniú, den chéad uair, 6 mhí ar a dhéanaí tar éis do mhalartú faisnéise a bheith tugtha chun críche, agus ar bhonn tráthrialta ina dhiaidh sin, i dtaobh an bhfuil mír 3 á comhlíonadh.

Airteagal 17

Comhar idir Pointí Teagmhála Aonair

1.   Spreagfaidh na Ballstáit comhar praiticiúil idir a bPointí Teagmhála Aonair agus údaráis forfheidhmithe dlí inniúla chun críocha na Treorach seo.

2.   Áiritheoidh na Ballstáit go dtiocfaidh Cinn na bPointí Teagmhála Aonair le chéile uair sa bhliain ar a laghad chun measúnú a dhéanamh ar cháilíocht an chomhair idir a gcuid seirbhísí, chun plé a dhéanamh ar bhearta teicniúla nó eagraíochtúla is gá i gcás aon deacrachtaí agus chun nósanna imeachta a shoiléiriú i gcás inar gá.

CAIBIDIL VI

FORÁLACHA CRÍOCHNAITHEACHA

Airteagal 18

Staidreamh

1.   Faoin 1 Márta gach bliain, soláthróidh gach Ballstát staidreamh don Choimisiún maidir leis na malartuithe faisnéise le Ballstáit eile faoin Treoir seo a tharla le linn na bliana féilire roimhe sin.

2.   Áiritheoidh gach Ballstát go gcumhdófar an méid seo a leanas, ar a laghad, leis an staidreamh dá dtagraítear i mír 1:

(a)

líon na n-iarrataí ar fhaisnéis arna dtíolacadh ag a bPointe Teagmhála Aonair agus, i gcás inarb ábhartha, ag a n-údaráis forfheidhmithe dlí inniúla;

(b)

líon na n-iarrataí ar fhaisnéis a fuair a bPointe Teagmhála Aonair agus a n-údaráis forfheidhmithe dlí inniúla agus líon na n-iarrataí ar fhaisnéis ar thug siad freagra orthu, arna miondealú de réir iarrataí práinneacha agus neamhphráinneacha agus ag an mBallstát iarrthach;

(c)

líon na n-iarrataí ar fhaisnéis a diúltaíodh de bhun Airteagal 6, arna miondealú de réir an Bhallstáit iarrthaigh agus de réir an fhorais le haghaidh diúltaithe;

(d)

líon na gcásanna inar imíodh ó na teorainneacha ama a leagtar amach in Airteagal 5(1) toisc gurbh éigean údarú breithiúnach a fháil i gcomhréir le hAirteagal 5(2), arna miondealú de réir an Bhallstáit a thíolaic na hiarrataí ar fhaisnéis lena mbaineann.

3.   Tiomsóidh an Coimisiún an staidreamh íosta arna sholáthar ag na Ballstáit faoi mhír 2 agus cuirfidh sé ar fáil do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle é.

Airteagal 19

Tuairisciú

1.   Déanfaidh an Coimisiún, faoin 12 Meitheamh 2026 agus gach 5 bliana tar éis an 12 Meitheamh 2027, tuarascáil a chur faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle ina ndéanfar measúnú ar chur chun feidhme na Treorach seo agus ina mbeidh faisnéis mhionsonraithe faoin mbealach ar chuir gach Ballstát an Treoir seo chun feidhme. Agus an tuarascáil sin á tiomsú aige, tabharfaidh an Coimisiún aird ar leith ar a éifeachtúla a mhalartaigh na húdaráis forfheidhmithe dlí inniúla faisnéis, ar na forais ar diúltaíodh iarrataí ar fhaisnéis, go háirithe i gcás nach dtagann iarrataí faoi raon feidhme chuspóirí na Treorach seo, agus ar chomhlíonadh na bhforálacha maidir le cosaint sonraí agus soláthar faisnéise do Europol.

2.   Cuirfidh an Coimisiún, faoin 12 Meitheamh 2027, agus gach 5 bliana ina dhiaidh sin, tuarascáil faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle ina ndéanfar measúnú ar éifeachtacht na Treorach seo, go háirithe an tionchar atá aici ar an gcomhar i bhforfheidhmiú an dlí, na hoibleagáidí a leagtar síos in Airteagal 14(3), pointe (a)(iii), agus cosaint sonraí pearsanta. Cuirfidh an Coimisiún san áireamh an fhaisnéis a sholáthróidh na Ballstáit agus aon fhaisnéis ábhartha eile a bhaineann le trasuí agus cur chun feidhme na Treorach seo, lena n-áirítear, i gcás inarb infheidhme, bacainní praiticiúla lena gcuirtear bac ar a cur chun feidhme éifeachtach. Ar bhonn an mheasúnaithe sin, déanfaidh an Coimisiún cinneadh maidir le gníomhaíochtaí leantacha iomchuí, lena n-áirítear, i gcás inarb iomchuí, togra reachtach.

Airteagal 20

Leasú ar an gCoinbhinsiún lena ndéantar Comhaontú Schengen a chur chun feidhme

Ón 12 Nollaig 2024, na codanna d’Airteagail 39 agus 46 den Choinbhinsiún lena ndéantar Comhaontú Schengen a chur chun feidhme nár cuireadh Cinneadh Réime 2006/960/CGB ina n-ionad, cuirfear an Treoir seo ina n-ionad a mhéid a bhaineann na hAirteagail sin le malartú faisnéise a thagann faoi raon feidhme na Treorach seo.

Airteagal 21

Aisghairm

Aisghairtear Cinneadh Réime 2006/960/CGB ón 12 Nollaig 2024.

Déanfar tagairtí don Chinneadh Réime aisghairthe a fhorléiriú mar thagairtí don Treoir seo agus léifear iad i gcomhréir leis an tábla comhghaoil atá san Iarscríbhinn.

Airteagal 22

Trasuí

1.   Déanfaidh na Ballstáit na forálacha reachtaíochta, rialúcháin agus riaracháin is gá chun an Treoir seo a chomhlíonadh a thabhairt i bhfeidhm faoin 12 Nollaig 2024. Cuirfidh siad an Coimisiún ar an eolas faoin méid sin láithreach.

De mhaolú ar an gcéad fhomhír, tabharfaidh na Ballstáit na forálacha reachtaíochta, rialúcháin agus riaracháin is gá chun Airteagal 13 a chomhlíonadh faoin 12 Meitheamh 2027, áfach. Cuirfidh siad an Coimisiún ar an eolas faoin méid sin láithreach.

Nuair a ghlacfaidh na Ballstáit na bearta sin dá dtagraítear sa chéad agus sa dara fomhíreanna, beidh tagairt iontu don Treoir seo nó beidh tagairt den sórt sin ag gabháil leo tráth a bhfoilsithe oifigiúil. Leagfaidh na Ballstáit síos an bealach a ndéanfar tagairtí den sórt sin.

2.   Déanfaidh na Ballstáit téacs phríomhbhearta an dlí náisiúnta a ghlacfaidh siad sa réimse a chumhdaítear leis an Treoir seo a chur in iúl don Choimisiún.

Airteagal 23

Teacht i bhfeidhm

Tiocfaidh an Treoir seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a foilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Airteagal 24

Seolaithe

Is chuig na Ballstáit a dhírítear an Treoir seo, i gcomhréir leis na Conarthaí.

Arna déanamh in Strasbourg, an 10 Bealtaine 2023.

Thar ceann Pharlaimint na hEorpa

An tUachtarán

R. METSOLA

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

J. ROSWALL


(1)  Seasamh ó Pharlaimint na hEorpa an 15 Márta 2023 (nár foilsíodh fós san Iris Oifigiúil) agus cinneadh ón gComhairle an 24 Aibreán 2023.

(2)  Moladh (AE) 2022/915 ón gComhairle an 9 Meitheamh 2022 maidir le comhar oibríochtúil i bhforfheidhmiú an dlí (IO L 158, 13.6.2022, lch. 53).

(3)  Rialachán (AE) 2021/1149 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 7 Iúil 2021 lena mbunaítear an Ciste Slándála Inmheánaí (IO L 251, 15.7.2021, lch. 94).

(4)  An Coinbhinsiún lena ndéantar Comhaontú Schengen an 14 Meitheamh 1985 idir Rialtais Stáit Aontas Eacnamaíoch Benelux, Phoblacht Chónaidhme na Gearmáine agus Phoblacht na Fraince maidir le seiceálacha ag a gcomhtheorainneacha a dhíothú de réir a chéile a chur chun feidhme (IO L 239, 22.9.2000, lch. 19).

(5)  Cinneadh Réime 2006/960/CGB ón gComhairle an 18 Nollaig 2006 maidir leis an malartú eolais agus faisnéise a shimpliú idir na húdaráis forfheidhmithe dlí, ar údaráis de chuid Bhallstáit an Aontais Eorpaigh iad (IO L 386, 29.12.2006, lch. 89).

(6)  Rialachán (AE) Uimh. 1053/2013 ón gComhairle an 7 Deireadh Fómhair 2013 lena mbunaítear sásra meastóireachta agus faireacháin chun cur i bhfeidhm acquis Schengen a fhíorú agus lena n-aisghairtear Cinneadh ón gCoiste Feidhmiúcháin an 16 Meán Fómhair 1998 lena mbunaítear Buanchoiste um measúnú agus cur chun feidhme Schengen (IO L 295, 6.11.2013, lch. 27).

(7)  Rialachán (AE) 2016/794 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Bealtaine 2016 maidir le Gníomhaireacht an Aontais Eorpaigh i ndáil le Comhar i bhForfheidhmiú an Dlí (Europol) agus lena n-aisghairtear Cinntí 2009/371/CGB, 2009/934/CGB, 2009/935/CGB, 2009/936/CGB agus 2009/968/CGB ón gComhairle agus a ghabhann ionad na gCinntí sin (IO L 135, 24.5.2016, lch. 53).

(8)  Rialachán (AE) 2018/1860 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 28 Samhain 2018 maidir le húsáid Córas Faisnéise Schengen chun náisiúnaigh tríú tír atá ag fanacht go neamhdhleathach a fhilleadh (IO L 312, 7.12.2018, lch. 1).

(9)  Rialachán (AE) 2018/1861 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 28 Samhain 2018 maidir le Córas Faisnéise Schengen a bhunú, a oibriú agus a úsáid i réimse na seiceálacha teorann, lena leasaítear an Coinbhinsiún lena gcuirtear Comhaontú Schengen chun feidhme, agus lena leasaítear agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 1987/2006 (IO L 312, 7.12.2018, lch. 14).

(10)  Rialachán (AE) 2018/1862 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 28 Samhain 2018 maidir le Córas Faisnéise Schengen (SIS) a bhunú, a oibriú agus a úsáid i réimse an chomhair póilíneachta agus an chomhair bhreithiúnaigh in ábhair choiriúla, lena leasaítear agus lena n-aisghairtear Cinneadh 2007/533/CGB ón gComhairle agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 1986/2006 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus Cinneadh 2010/261/AE ón gCoimisiún (IO L 312, 7.12.2018, lch. 56).

(11)  Treoir (AE) 2016/681 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 27 Aibreán 2016 maidir le húsáid sonraí as an taifead ainmneacha paisinéirí (PNR) chun cionta sceimhlitheoireachta agus coireacht thromchúiseach a chosc, a bhrath, a imscrúdú agus a ionchúiseamh (IO L 119, 4.5.2016, lch. 132).

(12)  Treoir (AE) 2019/1153 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Meitheamh 2019 lena leagtar síos rialacha lena n-éascaítear úsáid faisnéise airgeadais agus faisnéise eile le haghaidh cionta coiriúla áirithe a chosc, a bhrath, a imscrúdú nó a ionchúiseamh agus lena n-aisghairtear Cinneadh 2000/642/CGB ón gComhairle (IO L 186, 11.7.2019, lch. 122).

(13)  Cinneadh 2008/615/CGB ón gComhairle an 23 Meitheamh 2008 maidir le dlús a chur le comhar trasteorann, go háirithe chun an sceimhlitheoireacht agus an choireacht trasteorann a chomhrac (IO L 210, 6.8.2008, lch. 1).

(14)  Cinneadh 2008/616/CGB ón gComhairle an 23 Meitheamh 2008 maidir le cur chun feidhme Chinneadh 2008/615/CGB maidir le dlús a chur le comhar trasteorann, go háirithe chun an sceimhlitheoireacht agus an choireacht trasteorann a chomhrac (IO L 210, 6.8.2008, lch. 12).

(15)  IO C 24, 23.1.1998, lch. 2.

(16)  Treoir 2014/41/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 3 Aibreán 2014 maidir leis an Ordú Imscrúdaithe Eorpach a úsáid in ábhair choiriúla (IO L 130, 1.5.2014, lch. 1).

(17)  Treoir (AE) 2016/680 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 27 Aibreán 2016 maidir le daoine nádúrtha a chosaint i ndáil le sonraí pearsanta a phróiseáil ag údaráis inniúla chun cionta coiriúla a chosc, a imscrúdú, a bhrath nó a ionchúiseamh nó chun pionóis choiriúla a fhorghníomhú, agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin, agus lena n-aisghairtear Cinneadh Réime 2008/977/CGB ón gComhairle (IO L 119, 4.5.2016, lch. 89).

(18)  Rialachán (AE) 2015/2219 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 25 Samhain 2015 maidir le Gníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um Oiliúint i bhForfheidhmiú an Dlí (CEPOL), agus a ghabhann ionad Chinneadh 2005/681/CGB ón gComhairle agus lena n-aisghairtear an cinneadh sin (IO L 319, 4.12.2015, lch. 1).

(19)  Rialachán (AE) 2019/818 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Bealtaine 2019 maidir le creat a bhunú le haghaidh idir-inoibritheacht idir córais faisnéise AE i réimse an chomhair phóilíneachta agus an chomhair bhreithiúnaigh, an tearmainn agus na himirce agus lena leasaítear Rialacháin (AE) 2018/1726, (AE) 2018/1862 agus (AE) 2019/816 (IO L 135, 22.5.2019, lch. 85).

(20)  Rialachán (AE) 2018/1725 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Deireadh Fómhair 2018 maidir le daoine nádúrtha a chosaint i ndáil le sonraí pearsanta a phróiseáil ag institiúidí, comhlachtaí, oifigí agus gníomhaireachtaí an Aontais agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin, agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 45/2001 agus Cinneadh Uimh. 1247/2002/CE (IO L 295, 21.11.2018, lch. 39).

(21)  Cinneadh 2002/192/CE ón gComhairle an 28 Feabhra 2002 maidir leis an iarraidh ó Éirinn a bheith rannpháirteach i roinnt forálacha de acquis Schengen (IO L 64, 7.3.2002, lch. 20).

(22)  IO L 176, 10.7.1999, lch. 36.

(23)  Cinneadh 1999/437/CE ón gComhairle an 17 Bealtaine 1999 maidir le socruithe áirithe i dtaca le cur i bhfeidhm an Chomhaontaithe arna thabhairt i gcrích ag Comhairle an Aontais Eorpaigh agus Poblacht na hÍoslainne agus Ríocht na hIorua maidir le comhlachas an dá thír sin le acquis Schengen a chur chun feidhme, a chur i bhfeidhm agus a fhorbairt (IO L 176, 10.7.1999, lch. 31).

(24)  IO L 53, 27.2.2008, lch. 52.

(25)  Cinneadh 2008/149/CGB ón gComhairle an 28 Eanáir 2008 maidir le tabhairt i gcrích an Chomhaontaithe, thar ceann an Aontais Eorpaigh, idir an tAontas Eorpach, an Comhphobal Eorpach agus Cónaidhm na hEilvéise maidir le comhlachas Chónaidhm na hEilvéise le acquis Schengen a chur chun feidhme, a chur i bhfeidhm agus a fhorbairt (IO L 53, 27.2.2008, lch. 50).

(26)  IO L 160, 18.6.2011, lch. 21.

(27)  Cinneadh 2011/349/AE ón gComhairle an 7 Márta 2011 maidir le tabhairt i gcrích an Phrótacail, ar son an Aontais Eorpaigh, idir an tAontas Eorpach, an Comhphobal Eorpach, Cónaidhm na hEilvéise agus Prionsacht Lichtinstéin i ndáil le haontachas Phrionsacht Lichtinstéin leis an gComhaontú idir an tAontas Eorpach, an Comhphobal Eorpach agus Cónaidhm na hEilvéise maidir le comhlachas Chónaidhm na hEilvéise le acquis Schengen a chur chun feidhme, a chur i bhfeidhm agus a fhorbairt, go háirithe a mhéid a bhaineann leis an gcomhar breithiúnach in ábhair choiriúla agus leis an gcomhar póilíneachta (IO L 160, 18.6.2011, lch. 1).

(28)  Cinneadh Réime 2002/584/CGB ón gComhairle an 13 Meitheamh 2002 maidir leis an mbarántas gabhála Eorpach agus na nósanna imeachta um thabhairt suas idir na Ballstáit (IO L 190, 18.7.2002, lch. 1).


IARSCRÍBHINN

TÁBLA COMHGHAOIL

Cinneadh Réime

2006/960/CGB ón gComhairle

An Treoir seo

Airteagal 1

Airteagal 1

Airteagal 2

Airteagal 2

Airteagal 3

Airteagail 3 agus 9

Airteagal 4

Airteagal 5

Airteagal 5

Airteagal 4

Airteagal 6

Airteagail 11, 12 agus 13

Airteagal 7

Airteagail 7 agus 8

Airteagal 8

Airteagal 10

Airteagal 9

Airteagal 3

Airteagal 10

Airteagal 6

Airteagal 11

Airteagal 21

Airteagal 12

Airteagal 19

Airteagal 13

Airteagal 22


Top