EUR-Lex Access to European Union law

Back to EUR-Lex homepage

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 32023L0958

Treoir (AE) 2023/958 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 10 Bealtaine 2023 lena leasaítear Treoir 2003/87/CE a mhéid a bhaineann le rannchuidiú na heitlíochta le sprioc an Aontais astaíochtaí a laghdú ar fud an gheilleagair agus le cur chun feidhme iomchuí birt dhomhanda mhargadhbhunaithe (Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

PE/8/2023/REV/1

IO L 130, 16.5.2023, p. 115–133 (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

Legal status of the document In force

ELI: http://data.europa.eu/eli/dir/2023/958/oj

16.5.2023   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 130/115


TREOIR (AE) 2023/958 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

an 10 Bealtaine 2023

lena leasaítear Treoir 2003/87/CE a mhéid a bhaineann le rannchuidiú na heitlíochta le sprioc an Aontais astaíochtaí a laghdú ar fud an gheilleagair agus le cur chun feidhme iomchuí birt dhomhanda mhargadhbhunaithe

(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 192(1) de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

Tar éis dóibh an dréachtghníomh reachtach a chur chuig na parlaimintí náisiúnta,

Ag féachaint don tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa (1),

Ag féachaint don tuairim ó Choiste na Réigiún (2),

Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach (3),

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Le Treoir 2003/87/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (4), bunaíodh córas maidir le lamháltais astaíochtaí gás ceaptha teasa a thrádáil laistigh den Aontas chun laghduithe ar astaíochtaí gás ceaptha teasa a chur chun cinn ar bhealach atá costéifeachtach agus éifeachtúil ó thaobh an gheilleagair de. Áiríodh gníomhaíochtaí eitlíochta i gCóras Trádála Astaíochtaí an Aontais Eorpaigh (EU ETS) le Treoir 2008/101/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (5). Tá inniúlacht ag an Aontas Eorpach EU ETS a leathnú chuig gach eitilt a imíonn ó aeradróm atá lonnaithe i mBallstát nó a thuirlingíonn in aeradróm atá lonnaithe i mBallstát.

(2)

Tá cosaint an chomhshaoil ar cheann de na dúshláin is mó atá roimh an Aontas agus roimh an gcuid eile den domhan. Tháinig Comhaontú Pháras (6), a glacadh an 12 Nollaig 2015 faoi Chreat-Choinbhinsiún na Náisiún Aontaithe ar an Athrú Aeráide (UNFCCC) (‘Comhaontú Pháras’), i bhfeidhm an 4 Samhain 2016. D’aontaigh na Páirtithe i gComhaontú Pháras an méadú ar an meánteocht dhomhanda a choinneáil go mór faoi bhun 2 °C os cionn na leibhéal réamhthionsclaíoch agus iarrachtaí a dhéanamh teorainn 1,5 °C os cionn na leibhéal réamhthionsclaíoch a chur leis an méadú teochta. Treisíodh an gealltanas sin le glacadh Chomhshocrú Aeráide Ghlaschú an 13 Samhain 2021 faoi UNFCCC, ina n-aithníonn Comhdháil na bPáirtithe in UNFCCC, ag feidhmiú mar Chruinniú na bPáirtithe i gComhaontú Pháras, go laghdófaí go suntasach rioscaí agus tionchair an athraithe aeráide dá gcoinneofaí an méadú ar an meánteocht dhomhanda ag 1,5 °C os cionn na leibhéal réamhthionsclaíoch, agus gheall na Páirtithe sin a gcuid spriocanna le haghaidh 2030 a neartú faoi dheireadh na bliana 2022 chun dlús a chur leis an ngníomhaíocht ar son na haeráide sna deich mbliana tábhachtacha seo agus chun an bhearna idir an uaillmhian agus an sprioc 1,5 °C a dhúnadh. Chun spriocanna Chomhaontú Pháras a bhaint amach, is gá do gach earnáil, lena n-áirítear an eitlíocht idirnáisiúnta, rannchuidiú le laghdú astaíochtaí gás ceaptha teasa a bhaint amach.

(3)

Is í an eitlíocht is cúis le 2 go 3 % de na hastaíochtaí domhanda CO2 agus tá tionchar iomlán na heitlíochta ar an aeráid dhá uair ar a laghad níos airde ná a tionchar ó CO2 amháin. Is í an eitlíocht an dara hearnáil iompair is mó a imríonn tionchar ar an aeráid, tar éis an iompair de bhóthar. In 2022, thuar Eurocontrol go dtiocfadh méadú 44 % ar ghníomhaíocht eitlíochta na hEorpa faoi 2050 i gcomparáid le 2019. Tá géarghá le gníomhaíocht chun astaíochtaí CO2 a laghdú, mar a luaigh an Painéal Idir-Rialtasach ar an Athrú Aeráide sna tuarascálacha is déanaí uaidh dar dáta an 7 Lúnasa 2021 dar teideal Climate change 2021: The Physical Science Basis [Athrú Aeráide 2021: An Bonn Eolaíochta Fisiciúla], an 28 Feabhra 2022 dar teideal Climate Change 2022: Impacts, Adaptation and Vulnerability [Athrú Aeráide 2022: Tionchair, Oiriúnú agus Leochaileacht] agus an 4 Aibreán 2022 dar teideal Climate Change 2022: Mitigation of Climate Change [Athrú Aeráide 2022: Maolú ar an Athrú Aeráide]. I dtuarascáil an 4 Aibreán 2022, aithnítear gur earnáil í an eitlíocht idirnáisiúnta inar glacadh spriocanna maolaithe aeráide i gcomhaontuithe earnálacha nach bhfuil maith go leor in aon chor chun sprioc fhadtéarmach teochta Chomhaontú Pháras a bhaint amach. Dá bhrí sin, ba cheart don Aontas aghaidh a thabhairt ar an ngéarghá sin le gníomhú trí dhlús a chur lena chuid iarrachtaí agus trí é féin a bhunú mar cheannaire idirnáisiúnta sa chomhrac in aghaidh an athraithe aeráide.

(4)

An 27 Meitheamh 2018, ag an deichiú cruinniú dá 214ú seisiún, ghlac Comhairle na hEagraíochta Eitlíochta Sibhialta Idirnáisiúnta (ICAO) an Chéad Eagrán d’Iarscríbhinn 16, Imleabhar IV, a ghabhann leis an gCoinbhinsiún um Eitlíocht Shibhialta Idirnáisiúnta a síníodh an 7 Nollaig 1944 (‘Coinbhinsiún Chicago’) – an Scéim Fritháirithe agus Laghdaithe Carbóin don Eitlíocht Idirnáisiúnta (CORSIA), lena mbunaítear na Caighdeáin Idirnáisiúnta agus na Cleachtais Mholta Idirnáisiúnta maidir le Cosaint an Chomhshaoil le haghaidh CORSIA (SARPanna CORSIA). Tá an tAontas agus na Ballstáit ag cur CORSIA chun feidhme ó thús chéim phíolótach 2021-2023 i gcomhréir le Cinneadh (AE) 2020/954 ón gComhairle (7).

(5)

I gcomhréir le Cinneadh (AE) 2018/2027 ón gComhairle (8), chuir na Ballstáit Rúnaíocht ICAO ar an eolas maidir leis na héagsúlachtaí idir CORSIA agus EU ETS. Is é an cuspóir a bhí leis sin acquis an Aontais agus sainchumais bheartais sa todhchaí a chaomhnú, mar aon le leibhéal uaillmhian aeráide an Aontais agus róil eisiacha Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle ó thaobh cinneadh a dhéanamh maidir le hábhar dhlí an Aontais. Tar éis an Treoir seo a ghlacadh, ba cheart an fógra faoi na héagsúlachtaí idir CORSIA agus EU ETS chuig Rúnaíocht ICAO a thabhairt cothrom le dáta leis an dara fógra faoi éagsúlachtaí atá comhsheasmhach le dlí an Aontais chun na hathbhreithnithe a rinneadh ar Threoir 2003/87/CE a léiriú.

(6)

Tá iarrachtaí chun dul i ngleic le dúshláin a bhaineann leis an aeráid agus leis an gcomhshaol agus chun spriocanna Chomhaontú Pháras a bhaint amach i gcroílár theachtaireacht ón gCoimisiún an 11 Nollaig 2019 dar teideal The European Green Deal [An Comhaontú Glas don Eoraip] (‘an Comhaontú Glas don Eoraip’).

(7)

Gheall an tAontas glanastaíochtaí gás ceaptha teasa ar fud an gheilleagair a laghdú faoi 55 % ar a laghad i gcomparáid le leibhéil 1990 faoin mbliain 2030 sa rannchuidiú nuashonraithe arna chinneadh go náisiúnta ón Aontas agus óna Bhallstáit, ar rannchuidiú é a cuireadh faoi bhráid Rúnaíocht UNFCCC an 17 Nollaig 2020. Ba cheart don eitlíocht rannchuidiú leis na hiarrachtaí laghdaithe astaíochtaí sin.

(8)

Trí Rialachán (AE) 2021/1119 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (9) a ghlacadh, chumhdaigh an tAontas sa reachtaíocht an cuspóir astaíochtaí a laghdú go nialas faoi 2050 ar a dhéanaí agus an aidhm astaíochtaí diúltacha a bhaint amach ina dhiaidh sin. Bunaítear leis an Rialachán sin freisin sprioc aeráide idirmheánach cheangailteach de chuid an Aontais a bhaineann le laghdú intíre ar ghlanastaíochtaí gás ceaptha teasa (líon na n-astaíochtaí gan aistrithe) arb é atá inti laghdú 55 % ar a laghad i gcomparáid le leibhéil 1990 faoi 2030.

(9)

Tá leasuithe a thugtar isteach leis an Treoir seo riachtanach chun sláine EU ETS a áirithiú agus chun EU ETS a stiúradh go héifeachtach ionas go rannchuideoidh sé, mar uirlis bheartais, le cuspóirí an Aontais a bhaint amach maidir le glanastaíochtaí gás ceaptha teasa a laghdú 55 % ar a laghad faoi 2030 agus a bheith neodrach ó thaobh na haeráide de faoi 2050, ar a dhéanaí, chomh maith leis an aidhm astaíochtaí diúltacha a bhaint amach ina dhiaidh sin mar a leagtar síos in Airteagal 2(1) de Rialachán (AE) 2021/1119. Dá bhrí sin, tá na leasuithe sin dírithe freisin ar rannchuidiú an Aontais faoi Chomhaontú Pháras a mhéid a bhaineann leis an eitlíocht a chur chun feidhme. Dá bhrí sin, ba cheart cainníocht iomlán na lamháltas don eitlíocht a chomhdhlúthú agus a bheith faoi réir an fhachtóra laghdaithe línigh dá dtagraítear in Airteagal 9 de Threoir 2003/87/CE.

(10)

Chomh maith le CO2, bíonn tionchar ag an eitlíocht ar an aeráid trí astaíochtaí neamh-CO2 amhail ocsaídí nítrigine (NOx), cáithníní súiche, speiceas sulfair ocsaídithe agus éifeachtaí ó ghal uisce, chomh maith le próisis atmaisféaracha arb iad is cúis leo astaíochtaí den sórt sin, mar shampla foirmiú an ózóin agus ciorras conaire comhdhlúthaithe. Braitheann tionchar aeráide na n-astaíochtaí neamh-CO2 sin ar an gcineál breosla agus innill a úsáidtear, ar shuíomh na n-astaíochtaí, go háirithe airde chúrsála an aerárthaigh, agus a shuíomh ó thaobh domhanleithid agus domhanfhaid de, chomh maith le ham na n-astaíochtaí agus na dálaí aimsire ag an am sin. Bunaithe ar Mheasúnú Tionchair 2006 ón gCoimisiún maidir le heitlíocht a chur san áireamh in EU ETS, aithníodh i dTreoir 2008/101/CE go bhfuil tionchar ag an eitlíocht ar an aeráid dhomhanda trí astaíochtaí neamh-CO2 a scaoileadh. Le hAirteagal 30(4) de Threoir 2003/87/CE, arna leasú le Treoir (AE) 2018/410 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (10), ceanglaíodh ar an gCoimisiún anailís nuashonraithe ar éifeachtaí neamh-CO2 na heitlíochta a thíolacadh, lena ngabhfadh, i gcás inarb iomchuí, togra maidir leis an mbealach is fearr chun aghaidh a thabhairt ar na héifeachtaí sin, roimh an 1 Eanáir 2020. Chun an ceanglas sin a chomhlíonadh, rinne Gníomhaireacht Sábháilteachta Eitlíochta an Aontais Eorpaigh (EASA) anailís nuashonraithe ar éifeachtaí neamh-CO2 na heitlíochta ar an athrú aeráide agus d’fhoilsigh sí an staidéar a rinne sí an 23 Samhain 2020. Deimhníodh i dtorthaí an staidéir sin an méid a measadh roimhe sin, is é sin go bhfuil tábhacht na dtionchar aeráide neamh-CO2 a eascraíonn ó ghníomhaíochtaí eitlíochta, san iomlán, chomh suntasach ar a laghad leis an tionchar atá ag CO2 leis féin.

(11)

Eascraíonn sé as an staidéar a rinne EASA an 23 Samhain 2020 nach féidir neamhshuim a dhéanamh a thuilleadh d’éifeachtaí eitlíochta neamh-CO2 i gcomhréir le prionsabal an réamhchúraim. Tá gá le bearta rialála de chuid an Aontais chun laghdú ar astaíochtaí a bhaint amach i gcomhréir le Comhaontú Pháras. Dá bhrí sin, ba cheart don Choimisiún creat faireacháin, tuairiscithe agus fíoraithe a bhunú le haghaidh éifeachtaí eitlíochta neamh-CO2. Ag tógáil ar thorthaí an chreata sin, faoin 1 Eanáir 2028, ba cheart don Choimisiún tuarascáil a thíolacadh, agus, i gcás inarb iomchuí agus bunaithe ar mheasúnú tionchair, togra reachtach a thíolacadh ina mbeidh bearta maolaithe le haghaidh éifeachtaí eitlíochta neamh-CO2, trí raon feidhme EU ETS a leathnú chun na héifeachtaí sin a chumhdach.

(12)

Chun an uaillmhian aeráide mhéadaithe a bhaint amach, beidh gá lena mhéad acmhainní agus is féidir a chur i dtreo an aistrithe aeráide, rud ba cheart a bheith mar aistriú cóir freisin. Dá thoradh sin, ba cheart gach ioncam ceantála nach bhfuil sannta do bhuiséad an Aontais a úsáid chun críoch a bhaineann leis an aeráid.

(13)

Ba cheart cainníocht iomlán na lamháltas don eitlíocht a chomhdhlúthú ag leibhéal an leithdháilte le haghaidh eitiltí nó i dtaca leis na lamháltais nach mór a thabhairt suas i gcomhréir le Treoir 2003/87/CE. Ba cheart an leithdháileadh don bhliain 2024 a bhunú ar an leithdháileadh iomlán chuig oibreoirí aerárthaí gníomhacha sa bhliain 2023, laghdaithe faoin bhfachtóir laghdaithe línigh dá dtagraítear sa Treoir sin. Ba cheart an leibhéal leithdháilte a mhéadú chun na bealaí nach raibh cumhdaithe ag EU ETS sa bhliain 2023 ach a chumhdófar in EU ETS ón mbliain 2024 ar aghaidh a chur san áireamh.

(14)

Ba cheart sciar méadaithe de cheantáil ón mbliain tar éis theacht i bhfeidhm ar na Treorach seo a bheith mar riail do leithdháileadh lamháltas in earnáil na heitlíochta, agus cumas na hearnála costas méadaithe CO2 a sheoladh ar aghaidh á chur san áireamh. Ba cheart deireadh a chur de réir a chéile leis an leithdháileadh saor in aisce in 2024 agus 2025 agus ba cheart ceantáil iomlán a chur chun feidhme ó 2026 amach.

(15)

Le Treoir 2003/87/CE, ba cheart rannchuidiú le dícharbónú an aeriompair tráchtála a dhreasú. Bheadh ról ag an aistriú ó úsáid breoslaí iontaise ó thaobh an dícharbónú sin a bhaint amach. Mar sin féin, i bhfianaise an ardleibhéil iomaíochta idir oibreoirí aerárthaí, fhorbairt mhargadh an Aontais le haghaidh breoslaí eitlíochta inbhuanaithe, agus an difreálaigh shuntasaigh praghsanna idir ceirisín iontaise agus breoslaí eitlíochta inbhuanaithe, ba cheart tacú leis an aistriú sin trí spreagadh a thabhairt do luaththionscnóirí. Dá bhrí sin, le linn na tréimhse ón 1 Eanáir 2024 go dtí an 31 Nollaig 2030, ba cheart 20 milliún lamháltas a chur i leataobh chun go gcumhdófaí cuid den difreálach praghsanna atá fágtha idir ceirisín iontaise agus na breoslaí eitlíochta incháilithe d’oibreoirí aerárthaí aonair. Ba cheart na lamháltais sin a theacht ó chomhthiomsú na lamháltas iomlán atá ar fáil le haghaidh na heitlíochta agus níor cheart iad a leithdháileadh, ar bhealach neamh-idirdhealaitheach, ach amháin le haghaidh eitiltí a chumhdaítear le hoibleagáid tabhairt suas Threoir 2003/87/CE. Tar éis dó meastóireacht a dhéanamh ar fheidhmiú an chúlchiste sin, d’fhéadfadh an Coimisiún a chinneadh togra reachtach a thíolacadh chun méid lamháltas a leithdháileadh a mbeadh uasteorainn agus teorainn ama leo. Ba cheart go mairfeadh lamháltais den sórt sin go dtí an 31 Nollaig 2034 amháin.

(16)

Scoireadh d’eitiltí tráchtála forshonacha a chur ar fáil, inter alia, mar gheall ar an damáiste a rinne siad don chomhshaol atá méadaithe go díréireach. Mar sin féin, léiríonn na treochtaí atá ann faoi láthair go bhfuil diantaighde á dhéanamh ar an eitlíocht fhorshonrach a thabhairt isteach arís. Tugann an comhghaol dearfach idir luas an taistil agus leibhéal na n-astaíochtaí mar gheall ar dhó breosla údar le caitheamh le heitiltí foshonacha ar bhealach difriúil ó eitiltí forshonracha. Dá bhrí sin, is iomchuí eitiltí forshonacha a d’fhéadfadh a bheith ann amach anseo a eisiamh ón tacaíocht a chuirtear ar fáil faoin Treoir seo do bhreoslaí neamhiontaise.

(17)

Ba cheart Treoir 2003/87/CE a leasú freisin maidir le haonaid inghlactha le haghaidh comhlíonta, chun Critéir Incháilitheachta an Aonaid Astaíochtaí CORSIA, ar ghlac Comhairle ICAO leo ag a 216ú seisiún i Márta 2019, a chur san áireamh mar eilimint riachtanach de CORSIA. Ba cheart d’oibreoirí aerárthaí atá lonnaithe san Aontas a bheith in ann aonaid a úsáid chun CORSIA a chomhlíonadh maidir le heitiltí go tríú tíortha nó ó thríú tíortha, nó eatarthu, a mheastar go bhfuil siad rannpháirteach in CORSIA. Chun a áirithiú go dtacaíonn cur chun feidhme CORSIA an Aontais le spriocanna Chomhaontú Pháras agus go dtugann sé dreasachtaí le haghaidh rannpháirtíocht leathan in CORSIA, ba cheart na haonaid le haghaidh comhlíonta a theacht ó Stáit atá ina bPáirtithe i gComhaontú Pháras agus atá rannpháirteach in CORSIA, agus ba cheart comhaireamh dúbailte a sheachaint.

(18)

Chun a áirithiú go mbíonn coinníollacha aonfhoirmeacha ann chun aonaid a úsáid i gcomhréir le Treoir 2003/87/CE, ba cheart cumhachtaí cur chun feidhme a thabhairt don Choimisiún chun liosta a ghlacadh de na haonaid lena gcuirtear leis na haonaid sin a mheas Comhairle ICAO a bheith iomchuí lena n-úsáid i gcomhréir le CORSIA, agus a chomhlíonann na coinníollacha incháilitheachta dá bhforáiltear leis an Treoir seo. Ba cheart na cumhachtaí sin a fheidhmiú i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (11).

(19)

Chun coinníollacha aonfhoirmeacha a áirithiú le haghaidh na socruithe is gá chun gur féidir leis na páirtithe rannpháirteacha údarú a thabhairt, chun coigeartuithe tráthúla a dhéanamh ar thuairisciú astaíochtaí antrapaigineacha ag foinsí agus aistrithe linnte arna gcumhdach ag rannchuidiú na bpáirtithe rannpháirteacha a chinntear go náisiúnta, agus chun comhaireamh dúbailte a sheachaint agus glanmhéadú in astaíochtaí domhanda a bhaint amach, ba cheart cumhachtaí cur chun feidhme a thabhairt don Choimisiún chun ceanglais mhionsonraithe a leagan síos le haghaidh na socruithe sin. Ba cheart na cumhachtaí sin a fheidhmiú i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 182/2011.

(20)

Chun coinníollacha aonfhoirmeacha a áirithiú le haghaidh ríomh na gceanglas fritháirimh le haghaidh CORSIA le haghaidh oibreoirí aerárthaí atá lonnaithe san Aontas, ba cheart na cumhachtaí cur chun feidhme comhfhreagracha a thabhairt don Choimisiún. Ba cheart na cumhachtaí sin a fheidhmiú i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 182/2011.

(21)

Ós rud é go bhfuil sé i gceist go mbeadh tír bhaile na n-oibreoirí aerárthaí atá lonnaithe lasmuigh den Aontas, agus an tír sin amháin, freagrach as cur chun feidhme agus cur i bhfeidhm CORSIA i leith na n-oibreoirí sin, níor cheart a éileamh ar oibreoirí aerárthaí atá lonnaithe lasmuigh den Aontas aonaid a chur ar ceal chun CORSIA a chomhlíonadh faoin Treoir seo.

(22)

Ós rud é go bhfuil sé i gceist go mbeadh tír bhaile na n-oibreoirí aerárthaí atá lonnaithe lasmuigh den Aontas, agus an tír sin amháin, freagrach as cur chun feidhme agus cur i bhfeidhm CORSIA i leith na n-oibreoirí sin, i gcás ina mbeidh astaíochtaí suntasacha ag oibreoir aerárthaí atá lonnaithe lasmuigh den Aontas mar gheall ar eitiltí laistigh den Limistéar Eorpach Eacnamaíoch (LEE), nó eitiltí a imíonn ó aeradróm atá lonnaithe in LEE chun dul go haeradróm atá lonnaithe san Eilvéis nó sa Ríocht Aontaithe, féadfaidh an Stát ina bhfuil an t-oibreoir aerárthaí sin lonnaithe fógra a thabhairt freisin faoi dhifríochtaí i ndáil le cur i bhfeidhm CORSIA maidir le heitiltí laistigh den Eoraip. Ba cheart Treoir 2003/87/CE a choinneáil faoi athbhreithniú i bhfianaise na bhforbairtí i ndáil leis sin.

(23)

Chun a áirithiú go gcaitear mar an gcéanna le gach bealach, ba cheart d’eitiltí go Stáit nach bhfuil CORSIA á chur chun feidhme acu chun críocha dhlí an Aontais agus eitiltí amach as na Stáit sin seachas eitiltí a imíonn ó aeradróm atá lonnaithe in LEE agus a thuirlingíonn in aeradróm atá lonnaithe in LEE, san Eilvéis nó sa Ríocht Aontaithe a bheith díolmhaithe ó na hoibleagáidí maidir le lámhaltais a thabhairt suas nó chun aonaid a chur ar ceal. Chun cur chun feidhme iomlán CORSIA, a bheidh ag tosú in 2027, a dhreasú, níor cheart don díolúine a bheith i bhfeidhm ach maidir le hastaíochtaí a scaoiltear go dtí an 31 Nollaig 2026 i dtaca le lamháltais a thabhairt suas.

(24)

Foráiltear le hAirteagal 191 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (CFAE) gur cheart go rannchuideodh beartas an Aontais maidir leis an gcomhshaol le bearta a chur chun cinn ar an leibhéal idirnáisiúnta lena ndéantar an t-athrú aeráide a chomhrac agus leagtar amach ann nach mór don Aontas agus do na Ballstáit, laistigh dá gcuid réimsí inniúlachta faoi seach, comhoibriú le tríú tíortha agus leis na heagraíochtaí idirnáisiúnta inniúla. Tá na cuspóirí sin ábhartha freisin maidir le ICAO agus maidir le CORSIA a fhorbairt tuilleadh.

(25)

Tá trédhearcacht sonraí agus an rochtain phoiblí ar fhaisnéis ríthábhachtach chun cuntasacht agus in-fhorfheidhmitheacht a fheabhsú. Dá bhrí sin, ba cheart don Choimisiún sonraí ar astaíochtaí agus fritháireamh na n-oibreoirí aerárthaí a fhoilsiú ar bhealach sothuigthe. Le foilseachán den sórt sin, d’éascófaí measúnú a dhéanamh ar thionchar CORSIA ar an laghdú domhanda ar astaíochtaí CO2 agus ar an ról atá aige maidir le spriocanna Chomhaontú Pháras a bhaint amach.

(26)

Ba cheart d’eitiltí go dtí na tíortha is lú forbairt agus stáit oileánacha bheaga i mbéal forbartha, mar atá siad sainmhínithe ag na Náisiúin Aontaithe, nach bhfuil CORSIA á chur chun feidhme acu chun críocha dhlí an Aontais, agus eitiltí amach as na tíortha sin, seachas na Stáit sin a bhfuil a OTI per capita cothrom le meán an Aontais nó níos mó ná meán an Aontais, a bheith díolmhaithe ó na hoibleagáidí chun lamháltais a thabhairt suas nó aonaid a chur ar ceal. Níor cheart go mbeadh dáta deiridh leis an díolúine sin.

(27)

Chun coinníollacha aonfhoirmeacha a áirithiú chun oibreoirí aerárthaí a dhíolmhú ó na ceanglais fritháirimh mar a leagtar síos faoin Treoir seo i ndáil le hastaíochtaí ó eitiltí go Stáit a bhfuil CORSIA á chur chun feidhme acu ar bhealach nach bhfuil chomh dian céanna ina dhlí náisiúnta, nó a bhfuil ag teip orthu forálacha CORSIA a chur i bhfeidhm ar bhealach atá cothrom do gach oibreoir aerárthaí de bhun na Treorach seo, agus astaíochtaí ó eitiltí amach as na tíortha sin, ba cheart cumhachtaí cur chun feidhme a thabhairt don Choimisiún chun oibreoirí aerárthaí atá lonnaithe san Aontas a dhíolmhú ó cheanglais fritháirimh i ndáil le hastaíochtaí ó eitiltí ina dtarlaíonn saobhadh suntasach iomaíochais chun dochair d’oibreoirí aerárthaí atá lonnaithe san Aontas mar gheall ar chur chun feidhme nó cur i bhfeidhm CORSIA nach bhfuil chomh dian céanna i dtríú tíortha. D’fhéadfadh cur chuige nach bhfuil chomh dian ceánna i leith aonaid incháilithe nó forálacha um chomhaireamh dúbailte a bheith ina gcúis le saobhadh iomaíochta. Ba cheart na cumhachtaí sin a fheidhmiú i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 182/2011.

(28)

Chun coinníollacha aonfhoirmeacha a áirithiú chun cothroime iomaíochta a bhunú ar bhealaí idir dhá Stát éagsúla a bhfuil CORSIA á chur i bhfeidhm acu i gcás ina gceadaíonn na Stáit sin d’oibreoirí aerárthaí aonaid a úsáid seachas iad siúd atá ar liosta na n-aonad le haghaidh comhlíonta a glacadh de bhun gnímh cur chun feidhme faoin Treoir seo, ba cheart cumhachtaí cur chun feidhme a thabhairt don Choimisiún chun a cheadú d’oibreoirí aerárthaí atá lonnaithe i mBallstát cineálacha aonad a úsáid sa bhreis ar an liosta d’aonaid sin le haghaidh comhlíonta nó gan a bheith faoi cheangal ag coinníollacha le haghaidh incháilitheacht aonaid a tugadh isteach leis an Treoir seo. Ba cheart na cumhachtaí sin a fheidhmiú i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 182/2011.

(29)

Ba cheart don Choimisiún tuairisciú ar chur chun feidhme CORSIA agus bascaed beart ICAO chun an sprioc mhianaidhme dhomhanda fhadtéarmach don eitlíocht idirnáisiúnta do ghlanastaíochtaí nialasacha a chomhlíonadh faoi 2050 (‘an sprioc mhianaidhme dhomhanda fhadtéarmach’), arna glacadh ag an 41ú Comhthionól ICAO an 7 Deireadh Fómhair 2022.

(30)

Chun dul chun cinn a éascú ag ICAO, tá an tAontas tar éis maoluithe faoi cheangal ama a ghlacadh trí huaire maidir le EU ETS chun oibleagáidí comhlíonta maidir le hastaíochtaí ó eitiltí idir aeradróim atá lonnaithe in LEE a theorannú, agus cóir chomhionann ann maidir le haerbhealaí a thabhairt d’oibreoirí aerárthaí cibé áit a bhfuil siad lonnaithe. Leis an maolú is déanaí maidir le EU ETS, a leagtar síos i Rialachán (AE) 2017/2392 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (12), cuireadh teorainn le hoibleagáidí comhlíonta i dtaobh astaíochtaí eitilte laistigh de LEE a scaoiltear go dtí 2023, agus beartaíodh athruithe féideartha do raon feidhme an chórais maidir le gníomhaíocht chuig aeradróim atá lonnaithe lasmuigh de LEE, agus ó na haeradróim sin chomh maith céanna, ón 1 Eanáir 2024 amach tar éis an athbhreithnithe a leagtar amach sa Rialachán sin. Chun measúnú a dhéanamh ar chur chun feidhme CORSIA, a bhfuil tús curtha lena chéim phíolótach, agus ar an gcaoi a gcuirtear i bhfeidhm í sa chleachtas, ba cheart síneadh go dtí an 31 Nollaig 2026 a chur leis an maolú atá ann faoi láthair ar oibleagáidí EU ETS i gcás na n-oibleagáidí tabhairt suas maidir le heitiltí arna n-oibriú ag oibreoirí aerárthaí ar bhealaí nach gcumhdaítear le CORSIA go tríú tíortha ábhartha agus uathu, a mbeadh feidhm ag oibleagáidí tuairiscithe agus tabhairt suas EU ETS ina leith faoin 31 Márta 2027 agus faoin 30 Meán Fómhair 2027.Ba cheart gurbh é sin an maolú deireanach faoi cheangal ama a chuirfí ar EU ETS. Ba cheart athbhreithniú a dhéanamh ar CORSIA faoin 1 Iúil 2026. Mura ndéanfaidh Comhthionól ICAO CORSIA a neartú faoin 31 Nollaig 2025 i gcomhréir leis an sprioc mhianaidhme dhomhanda fhadtéarmach atá aige go mbainfí spriocanna Chomhaontú Pháras amach nó más lú ná 70 % de na hastaíochtaí eitlíochta idirnáisiúnta na Stáit a liostaítear i ngníomh cur chun feidhme atá le glacadh ag an gCoimisiún, agus úsáid á baint as na sonraí is déanaí atá ar fáil, ba cheart don Choimisiún a mholadh, de réir mar is iomchuí, go mbeadh feidhm ag EU ETS maidir le hastaíochtaí ó eitiltí a bheidh ag imeacht ó 2027 agus gur cheart go mbeadh oibreoirí aerárthaí in ann aon chostais a thabhóidh siad mar gheall ar fhritháireamh CORSIA ar na bealaí sin a asbhaint, chun muirearú dúbailte a sheachaint. Ag an am céanna, mura gcuirfidh tríú tír CORSIA i bhfeidhm ó 2027, ba cheart feidhm a bheith ag EU ETS maidir le hastaíochtaí ó eitiltí a imíonn chuig an tríú tír sin.

(31)

Ba cheart faisnéis maidir le húsáid aonaid chun ceanglais fritháirimh a chomhlíonadh faoi CORSIA a chur ar fáil go poiblí ar bhealach atá chomh trédhearcach céanna leis an bhfaisnéis maidir le húsáid creidmheasanna idirnáisiúnta faoi Threoir 2003/87/CE go dtí 2020 de bhun Iarscríbhinn XIV de Rialachán (AE) Uimh. 389/2013 ón gCoimisiún (13).

(32)

An 7 Deireadh Fómhair 2022 agus i gcomhthéacs phaindéim COVID-19, chinn an 41ú Comhthionól ICAO bonnlíne CORSIA a bhí ann roimhe sin a athrú don tréimhse ó 2024 go dtí 2035 ó mheánastaíochtaí CO2 2019 agus 2020 go 85 % d’astaíochtaí CO2 2019. Ba é meán na n-astaíochtaí CO2 uile a tuairiscíodh do 2019 agus 2020 ná 435 859 594 tona. B’ionann astaíochtaí CO2 2019 agus 608 076 604 tona, agus is ionann 516 865 113 tona agus 85 % den fhigiúr sin. Mar sin féin, an bhonnlíne iarbhír a úsáideann ICAO chun fachtóir fáis earnála a ríomh, déantar an bhonnlíne sin a chinneadh trí úsáid a bhaint as fothacar astaíochtaí CO2 agus gan ach astaíochtaí ar bhealaí atá faoi réir ceanglais fritháirimh á gcur san áireamh. Maidir leis an bhfothacar de na péirí Stát uile atá faoi réir ceanglais fritháirimh sa bhliain 2021, ní fhoilsíonn ICAO meánastaíochtaí CO2 2019 agus 2020 ach meastar gur 245 mhilliún tona a bheidh iontu, agus ba iad 341 380 188 dtona astaíochtaí CO2 2019, agus is ionann 290 173 160 tona agus 85 % de na hastaíochtaí sin. I gcás na bpéirí Stát uile a mheastar a bheidh faoi réir ceanglais fritháirimh sa bhliain 2027, meastar go mbeidh meánastaíochtaí CO2 2019 agus 2020 cothrom le thart ar 373 mhilliún tona, agus meastar gur ionann 85 % d’astaíochtaí comhfhreagracha 2019 agus thart ar 439 milliún tona.

(33)

Chun coinníollacha aonfhoirmeacha a áirithiú lena mbunaítear liosta de na Stáit a meastar go bhfuil CORSIA á chur i bhfeidhm acu a liostú chun críocha Threoir 2003/87/CE, ba cheart cumhachtaí cur chun feidhme a thabhairt don Choimisiún chun an liosta Stát a ghlacadh agus a choinneáil ar bun seachas tíortha LEE, an Eilvéis agus an Ríocht Aontaithe, ar stáit iad a meastar go bhfuil siad rannpháirteach in CORSIA chun críocha dhlí an Aontais. Ba cheart na cumhachtaí sin a fheidhmiú i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 182/2011.

(34)

Ní mór gné shóisialta na hearnála agus a hiomaíochas a chur san áireamh in aistriú earnáil na heitlíochta i dtreo eitlíocht inbhuanaithe, chun a áirithiú go mbeidh an t-aistriú sin cóir ó thaobh cúrsaí sóisialta de agus go gcuirfear oiliúint, athsciliú agus uas-sciliú ar fáil d’oibrithe. Ba cheart don Choimisiún tuarascáil a chur faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle maidir le cur i bhfeidhm na Treorach seo agus an tionchar sóisialta atá aici i ndáil le hearnáil na heitlíochta.

(35)

Tagann 6 go 9 % de na hastaíochtaí iomlána CO2 san eitlíocht ó eitiltí ar 1 000 ciliméadar nó níos lú a n-achar. Ba cheart don Choimisiún tuarascáil a thíolacadh maidir le bearta chun aistriú modha i dtreo modhanna iompair malartacha níos inbhuanaithe a chur chun cinn, go dtí go dtiocfaidh forbairt theicneolaíoch chun cinn agus go mbeidh fáil ar bhreoslaí eitlíochta agus aerárthaí atá saor ó astaíochtaí.

(36)

Cé go bhfuil feidhm ag EU ETS maidir le heitiltí ó 2012, tá bearta breise sa phacáiste ‘Oiriúnach do 55’, a d’fhéadfadh, in éineacht le EU ETS, tionchar carnach a bheith acu ar an earnáil. Chun an nascacht aeir a chosaint d’eitiltí a fhreastalaíonn ar réigiúin oileánacha nó ar aerfoirt bheaga, leis an sásra faoin Treoir seo atá deartha chun an difreálach praghais atá fágtha idir breoslaí iontaise eitlíochta agus roghanna malartacha orthu sin, ba cheart an drochthionchar ar nascacht aeir a theorannú agus an riosca sceite carbóin a mhaolú. Ba cheart don Choimisiún tuairisciú, faoi 2026, ar na héifeachtaí a d’fhéadfadh a bheith aige ar an nascacht aeir.

(37)

Ba cheart fachtóir astaíochta an cheirisín scairdeitleáin (Jet A1 nó Jet A) faoi EU ETS a ailíniú leis an bhfachtóir astaíochta don bhreosla sin a bhunaítear in SARPanna CORSIA. Níor cheart aon athrú a dhéanamh ar na leibhéil leithdháilte mar thoradh ar an méadú ar fhachtóir astaíochta ceirisín scairdeitleáin toisc go bhfuil deireadh á chur de réir a chéile le leithdháiltí saor in aisce ar an eitlíocht mar thoradh ar an Treoir seo de rogha ar an gceantáil chun níos mó laghduithe ar astaíochtaí a bhaint amach.

(38)

Maidir le breoslaí in-athnuaite de thionscnamh neamhbhitheolaíoch a úsáideann hidrigin ó fhoinsí in-athnuaite, i gcomhréir le hAirteagal 25 de Threoir (AE) 2018/2001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (14), ba cheart iad a aicmiú mar bhreoslaí as a dtagann astaíochtaí nialasacha do na hoibreoirí aerárthaí a úsáideann iad go dtí go socrófar na rialacha mionsonraithe chun iad a mheas go hiomchuí faoin Treoir seo.

(39)

Chun rialacha mionsonraithe a bhunú maidir le ríomh bliantúil na difríochta costais idir ceirisín iontaise agus breoslaí incháilithe i gcomhréir le rialachán maidir le cothrom iomaíochta a áirithiú le haghaidh aeriompar inbhuanaithe, maidir le leithdháileadh lamháltas le haghaidh úsáid breoslaí incháilithe den sórt sin, agus maidir le ríomh na n-astaíochtaí gás ceaptha teasa a shábháiltear mar thoradh ar úsáid breoslaí incháilithe den sórt sin, chomh maith le socruithe a bhunú chun dreasachtaí a eascraíonn as praghas an charbóin agus as íosleibhéil chomhchuibhithe chánachais ar bhreoslaí iontaise a chur san áireamh, ba cheart an chumhacht gníomhartha a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 290 CFAE a tharmligean chuig an gCoimisiún. Ina theannta sin, ba cheart an chumhacht chun gníomhartha a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 290 CFAE a tharmligean chuig an gCoimisiún chun na socruithe mionsonraithe a leagan amach maidir le ceantáil lamháltas eitlíochta ag na Ballstáit, lena n-áirítear na socruithe mionsonraithe don cheantáil is gá chun sciar ioncaim ó cheantáil den sórt sin a aistriú chuig buiséad ginearálta an Aontais mar acmhainní dílse. Tá sé tábhachtach, go háirithe, go rachadh an Coimisiún i mbun comhairliúcháin iomchuí le linn a chuid oibre ullmhúcháin, lena n-áirítear ar leibhéal na saineolaithe, agus go ndéanfaí na comhairliúcháin sin i gcomhréir leis na prionsabail a leagtar síos i gComhaontú Idirinstitiúideach an 13 Aibreán 2016 maidir le Reachtóireacht Níos Fearr (15). Go sonrach, chun rannpháirtíocht chomhionann in ullmhú na ngníomhartha tarmligthe a áirithiú, faigheann Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle na doiciméid uile ag an am céanna leis na saineolaithe sna Ballstáit, agus bíonn rochtain chórasach ag a gcuid saineolaithe ar chruinnithe ghrúpaí saineolaithe an Choimisiúin a bhíonn ag déileáil le hullmhú na ngníomhartha tarmligthe.

(40)

Ba cheart aird speisialta a dhíriú ar nascacht na réigiún is forimeallaí san Aontas a chur chun cinn. Dá bhrí sin, ba cheart maolú sealadach ó EU ETS a chur ar fáil go dtí an 31 Nollaig 2030 le haghaidh astaíochtaí ó eitiltí idir aeradróm atá lonnaithe i gceann de na réigiúin is forimeallaí de Bhallstát agus aeradróm atá lonnaithe sa Bhallstát céanna lasmuigh den réigiún is forimeallaí sin chun freastal ar na riachtanais is mó atá ag na cónaitheoirí ó thaobh fostaíochta, oideachais agus deiseanna eile de. Ba cheart, ar na cúiseanna céanna sin, eitiltí idir aeradróim atá lonnaithe sa réigiún céanna de na réigiúin is forimeallaí nó i réigiúin dhifriúla de na réigiúin is forimeallaí sa Bhallstát céanna a chumhdach leis an maolú sin.

(41)

Tá feidhm le bheith ag Cinneadh (AE) 2023/136 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (16) a mhéid a bhaineann leis an bhfógra atá le tabhairt ag na Ballstáit d’oibreoirí aerárthaí faoin 30 Samhain 2023 faoi Threoir 2003/87/CE ar choinníoll gurb ionann agus nialas an fachtóir fáis earnála le haghaidh astaíochtaí 2022, atá le foilsiú ag ICAO.

(42)

Tá cur chuige cuimsitheach i leith na nuálaíochta tábhachtach chun cuspóirí an Chomhaontaithe Ghlais don Eoraip a bhaint amach agus d’iomaíochas an tionscail Eorpaigh. Tá tábhacht ar leith ag baint leis sin d’earnálacha atá deacair le dícharbónú, amhail an eitlíocht agus an loingseoireacht, i gcás inar gá meascán d’fheabhsuithe oibríochtúla, breoslaí aeráidneodracha malartacha agus réitigh teicneolaíochta a úsáid. Dá bhrí sin, ba cheart go n-áiritheodh Ballstáit nach gcuireann na forálacha náisiúnta maidir le trasuí bac ar nuálaíochtaí agus go bhfuil siad neodrach ó thaobh na teicneolaíochta de. Ar leibhéal an Aontais, tacaítear leis na hiarrachtaí taighde agus nuálaíochta is gá, i measc nithe eile, tríd an gclár Fís Eorpach – an Clár Réime um Thaighde agus um Nuálaíocht, lena n-áirítear cistiú suntasach agus ionstraimí nua do na hearnálacha a thagann faoi EU ETS.

(43)

Tá an Ciste don Nuálaíocht, a bunaíodh le Treoir 2003/87/CE, le tacú le taighde a dhéanamh ar réitigh dhícharbónaithe, lena n-áirítear teicneolaíochtaí astaíochtaí nialasacha, agus leis na réitigh sin a fhorbairt agus a chur in úsáid, agus tá sé le tionchar earnáil na heitlíochta ar an aeráid agus ar an gcomhshaol a laghdú. Tá sé le tacú freisin leis an leictriú agus le gníomhaíochtaí chun tionchair fhoriomlána na heitlíochta a laghdú.

(44)

Ós rud é nach féidir leis na Ballstáit cuspóirí na Treorach sin, eadhon chun rannchuidiú na heitlíochta le sprioc an Aontais chun astaíochtaí a laghdú ar fud an gheilleagair a áirithiú agus CORSIA a chur chun feidhme go hiomchuí i ndlí an Aontais, a ghnóthú go leordhóthanach agus, de bharr a fairsinge agus a héifeachtaí, gur fearr is féidir iad a ghnóthú ar leibhéal an Aontais, féadfaidh an tAontas bearta a ghlacadh, i gcomhréir le prionsabal na coimhdeachta a leagtar amach in Airteagal 5 den Chonradh ar an Aontas Eorpach. I gcomhréir le prionsabal na comhréireachta a leagtar amach san Airteagal sin, ní théann an Treoir seo thar a bhfuil riachtanach chun na cuspóirí sin a ghnóthú.

(45)

Ba cheart do na Ballstáit an Treoir seo a thrasuí faoin 31 Nollaig 2023 i bhfianaise an ghá atá le gníomhaíocht phráinneach ar son na haeráide agus i bhfianaise an ghá atá ann go rannchuideoidh gach earnáil le hastaíochtaí a laghdú ar bhealach costéifeachtach.

(46)

D’fhéadfaí an t-ualach riaracháin a choinneáil chomh híseal agus is féidir dá ndéanfaí nósanna imeachta riaracháin a shimpliú agus a chur in oiriúint don dea-chleachtas.

(47)

Ba cheart, dá bhrí sin, Treoir 2003/87/CE a leasú dá réir sin,

TAR ÉIS AN TREOIR SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Leasuithe ar Threoir 2003/87/CE

Leasaítear Treoir 2003/87/CE mar a leanas:

(1)

in Airteagal 3, cuirtear an pointe seo a leanas leis:

‘(v)

ciallaíonn ‘éifeachtaí eitlíochta neamh-CO2’ na héifeachtaí ar an aeráid a bhíonn ag ocsaídí nítrigine (NOx), cáithníní súiche agus speicis sulfair ocsaídithe nuair a scaoiltear iad, le linn dóchán breosla, agus na héifeachtaí ó ghal uisce, lena n-áirítear conairí comhdhlúthaithe, ó aerárthach a rinne gníomhaíocht eitlíochta a liostaítear in Iarscríbhinn I;’;

(2)

leasaítear Airteagal 3c mar a leanas:

(a)

scriostar mír 2;

(b)

cuirtear na míreanna seo a leanas isteach:

‘5.   Cinnfidh an Coimisiún cainníocht iomlán na lamháltas atá le leithdháileadh i ndáil le hoibreoirí aerárthaí don bhliain 2024 ar bhonn leithdháileadh iomlán na lamháltas i ndáil le hoibreoirí aerárthaí a rinne gníomhaíochtaí eitlíochta a liostaítear in Iarscríbhinn I sa bhliain 2023, arna laghdú de réir an fhachtóra laghdaithe línigh dá dtagraítear in Airteagal 9, agus foilseoidh sé an chainníocht sin, chomh maith le méid an lamháltais saor in aisce a bheadh i bhfeidhm in 2024 faoi na rialacha maidir le leithdháileadh saor in aisce a bhí i bhfeidhm roimh na leasuithe a tugadh isteach le Treoir (AE) 2023/958 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (*1).

6.   Don tréimhse ón 1 Eanáir 2024 go dtí an 31 Nollaig 2030, déanfar uasmhéid 20 milliún de chainníocht iomlán na lamháltas dá dtagraítear i mír 5 a chur i leataobh i leith oibreoirí aerárthaí tráchtála, ar bhonn trédhearcach, córa comhionainne agus neamh-idirdhealaitheach, chun breoslaí eitlíochta inbhuanaithe, agus breoslaí eitlíochta eile nach ndíorthaítear ó bhreoslaí iontaise, arna sainaithint i rialachán maidir le cothrom iomaíochta a áirithiú le haghaidh aeriompar inbhuanaithe mar bhreoslaí a chuirtear san áireamh le haghaidh sciar íosta na mbreoslaí eitlíochta inbhuanaithe a bhaint amach a cheanglaítear, faoin Rialachán sin, a bheith i mbreosla eitlíochta a chuireann soláthróirí breosla eitlíochta ar fáil d’oibreoirí aerárthaí in aerfoirt an Aontais, a úsáid le haghaidh eitiltí foshonacha nach mór lamháltais a thabhairt suas ina leith i gcomhréir le hAirteagal 12(3) den Treoir seo. I gcás nach féidir breosla eitlíochta incháilithe a shannadh go fisiciúil in aerfort d’eitilt shonrach, beidh na lamháltais a chuirtear i leataobh faoin bhfomhír seo ar fáil do bhreoslaí eitlíochta incháilithe arna gcur ar bord ag an aerfort sin i gcomhréir leis na hastaíochtaí ó eitiltí an oibreora aerárthaí ón aerfort sin nach mór lamháltais a thabhairt suas ina leith i gcomhréir le hAirteagal 12(3) den Treoir seo.

Leithdháilfidh na Ballstáit na lamháltais a chuirtear i leataobh faoin gcéad fhomhír den mhír seo chun cuid den difreálach praghsanna idir úsáid ceirisín iontaise agus úsáid na mbreoslaí eitlíochta incháilithe ábhartha, nó an difreálach praghsanna uile sin, a chumhdach, agus dreasachtaí ó thaobh phraghas an charbóin de agus ó thaobh íosleibhéil chomhchuibhithe an chánachais ar bhreoslaí iontaise de á gcur san áireamh. Agus an difreálach praghsanna sin á ríomh, cuirfidh an Coimisiún san áireamh an tuarascáil theicniúil arna foilsiú ag Gníomhaireacht Sábháilteachta Eitlíochta an Aontais Eorpaigh faoi rialachán maidir le cothrom iomaíochta a áirithiú le haghaidh aeriompar inbhuanaithe. Áiritheoidh na Ballstáit go mbeidh an cistiú infheicthe faoin mír seo ar bhealach a chomhfhreagraíonn do na ceanglais atá in Airteagal 30m(1), pointí (a) agus (b), den Treoir seo.

Leis na lamháltais a leithdháiltear faoin mír seo, cumhdófar an méid seo a leanas:

(a)

70 % den difreálach praghsanna atá fágtha idir úsáid ceirisín iontaise agus hidrigine ó fhoinsí in-athnuaite fuinnimh, agus bithbhreoslaí ardfhorbartha mar a shainmhínítear in Airteagal 2, an dara mír, pointe (34), de Threoir (AE) 2018/2001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (*2), a bhfuil fachtóir astaíochta nialasach acu faoi Iarscríbhinn IV nó faoin ngníomh cur chun feidhme arna ghlacadh de bhun Airteagal 14 den Treoir seo;

(b)

95 % den difreálach praghsanna atá fágtha idir úsáid ceirisín iontaise agus breoslaí in-athnuaite de thionscnamh neamhbhitheolaíoch i gcomhréir le hAirteagal 25 de Threoir (AE) 2018/2001, a úsáidtear san eitlíocht, a bhfuil fachtóir astaíochta nialasach acu faoi Iarscríbhinn IV nó faoin ngníomh cur chun feidhme arna ghlacadh de bhun Airteagal 14 den Treoir seo;

(c)

100 % den difreálach praghsanna atá fágtha idir úsáid ceirisín iontaise agus aon bhreosla eitlíochta incháilithe nach bhfuil díorthaithe ó bhreoslaí iontaise a chumhdaítear leis an gcéad fhomhír den mhír seo, ag aerfoirt atá suite ar oileáin atá níos lú ná 10 000 km2 agus nach bhfuil aon nasc bóthair nó iarnróid acu leis an mórthír, ag aerfoirt nach bhfuil sách mór chun iad a shainmhíniú mar aerfoirt de chuid an Aontais i gcomhréir le rialachán maidir le cothrom iomaíochta a áirithiú le haghaidh aeriompar inbhuanaithe agus ag aerfoirt atá lonnaithe i gceann de na réigiúin is forimeallaí;

(d)

i gcásanna seachas na cinn dá dtagraítear i bpointí (a), (b) agus (c), 50 % den difreálach praghsanna atá fágtha idir úsáid ceirisín iontaise agus aon bhreosla eitlíochta incháilithe nach bhfuil díorthaithe ó bhreoslaí iontaise a chumhdaítear leis an gcéad fhomhír den mhír seo.

I leithdháileadh na lamháltas faoin mír seo, féadfar tacaíocht a d’fhéadfaí a fháil ó scéimeanna eile ar an leibhéal náisiúnta a chur san áireamh.

Ar bhonn bliantúil, féadfaidh oibreoirí aerárthaí tráchtála iarratas a dhéanamh ar leithdháileadh lamháltas atá bunaithe ar chainníocht gach breosla eitlíochta incháilithe dá dtagraítear sa mhír seo a úsáidtear ar eitiltí nach mór lamháltais a thabhairt suas ina leith i gcomhréir le hAirteagal 12(3) idir an 1 Eanáir 2024 agus an 31 Nollaig 2030, cé is moite d’eitiltí a meastar an ceanglas sin a bheith comhlíonta ina leith de bhun Airteagal 28a(1). Más rud é, i mbliain áirithe, go bhfuil an t-éileamh ar lamháltais le haghaidh úsáid breoslaí den sórt sin níos airde ná na lamháltais atá ar fáil, laghdófar cainníocht na lamháltas ar bhealach aonfhoirmeach do na hoibreoirí aerárthaí uile a mbaineann leithdháileadh na bliana sin leo.

Foilseoidh an Coimisiún, in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh, na mionsonraí maidir leis an meándifríocht ó thaobh costais de idir ceirisín iontaise, agus aird á tabhairt ar dhreasachtaí ó thaobh phraghas an charbóin agus íosleibhéil chomhchuibhithe an chánachais ar bhreoslaí iontaise de, agus ar na breoslaí eitlíochta incháilithe ábhartha, ar bhonn bliantúil don bhliain roimhe sin.

Tugtar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 23 chun an Treoir seo a fhorlíonadh trí rialacha mionsonraithe a bhunú maidir le ríomh bliantúil na difríochta ó thaobh costais de dá dtagraítear sa séú fomhír den mhír seo, maidir le leithdháileadh na lamháltas le haghaidh úsáid na mbreoslaí a shainaithnítear sa chéad fhomhír den mhír seo agus maidir le ríomh na n-astaíochtaí gás ceaptha teasa arna spáráil mar thoradh ar úsáid breoslaí mar a thuairiscítear faoin ngníomh cur chun feidhme arna ghlacadh de bhun Airteagal 14(1), agus trí na socruithe a bhunú chun dreasachtaí ó thaobh phraghas an charbóin agus íosleibhéil chomhchuibhithe an chánachais ar bhreoslaí iontaise de a chur san áireamh.

Faoin 1 Eanáir 2028, déanfaidh an Coimisiún meastóireacht maidir le cur i bhfeidhm na míre seo agus cuirfidh sé torthaí na meastóireachta sin faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle go tráthúil. I gcás inarb iomchuí, féadfaidh togra reachtach a bheith ag gabháil leis an tuarascáil chun méid lamháltas a leithdháileadh a mbeadh uasteorainn agus teorainn ama leo go dtí an 31 Nollaig 2034 chun úsáid na mbreoslaí a shainaithnítear sa chéad fhomhír den mhír seo a dhreasú tuilleadh, go háirithe úsáid na mbreoslaí in-athnuaite de thionscnamh neamhbhitheolaíoch i gcomhréir le hAirteagal 25 de Threoir (AE) 2018/2001, ar breoslaí iad a úsáidtear san eitlíocht, agus a bhfuil fachtóir astaíochta nialasach acu faoi Iarscríbhinn IV nó faoin ngníomh cur chun feidhme arna ghlacadh de bhun Airteagal 14 den Treoir seo.

Ón 1 Eanáir 2028, déanfaidh an Coimisiún meastóireacht ar chur i bhfeidhm na míre seo sa tuarascáil bhliantúil a cheanglaítear air a thíolacadh de bhun Airteagal 10(5).

7.   I ndáil le heitiltí a imíonn ó aeradróm atá lonnaithe in LEE agus a thuirlingíonn in aeradróm atá lonnaithe in LEE, san Eilvéis nó sa Ríocht Aontaithe, agus nach raibh cumhdaithe ag EU ETS in 2023, méadófar cainníocht iomlán na lamháltas atá le leithdháileadh ar oibreoirí aerárthaí faoi leibhéil na leithdháiltí, lena n-áirítear leithdháileadh saor in aisce agus ceantáil, a dhéanfaí dá mbeidís cumhdaithe ag EU ETS sa bhliain sin, arna laghdú leis an bhfachtóir laghdaithe línigh dá dtagraítear in Airteagal 9.

8.   De mhaolú ar Airteagal 12(3), Airteagal 14(3) agus Airteagal 16, déanfaidh Ballstáit na ceanglais a leagtar amach sna forálacha sin atá le sásamh a mheas agus ní ghníomhóidh siad i gcoinne oibreoirí aerárthaí i ndáil le hastaíochtaí a scaoiltear go dtí an 31 Nollaig 2030 ó eitiltí idir aeradróm atá lonnaithe i gceann de na réigiúin is forimeallaí de Bhallstát agus aeradróm atá lonnaithe sa Bhallstát céanna, lena n-áirítear aeradróm eile atá lonnaithe sa réigiún is forimeallaí céanna nó i réigiúin is forimeallaí eile den Bhallstát céanna.

(*1)  Treoir (AE) 2023/958 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 10 Bealtaine 2023 lena leasaítear Treoir 2003/87/CE a mhéid a bhaineann le rannchuidiú na heitlíochta le sprioc an Aontais astaíochtaí a laghdú ar fud an gheilleagair agus le cur chun feidhme iomchuí birt dhomhanda mhargadhbhunaithe (IO L 130, 16.5.2023, lch. 115)."

(*2)  Treoir (AE) 2018/2001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11Nollaig 2018 maidir le húsáid fuinnimh ó fhoinsí in-athnuaite a chur chun cinn (IO L 328, 21.12.2018, lch. 82).’"

(3)

leasaítear Airteagal 3d mar a leanas:

(a)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 1:

‘1.   Sna blianta 2024 agus 2025, déanfar 15 % de na lamháltais dá dtagraítear in Airteagal 3c(5) agus (7), mar aon le 25 % in 2024 agus 50 % in 2025, faoi seach, den 85 % atá fágtha de na lamháltais sin, a mbeadh leithdháileadh saor in aisce tarlaithe ina leith, a chur ar ceant, cé is moite de chainníochtaí na lamháltas dá dtagraítear in Airteagal 3c(6) agus Airteagal 10a(8), an ceathrú fomhír. Leithdháilfear an chuid de na lamháltais atá fágtha le haghaidh na mblianta sin saor in aisce.

Ón 1 Eanáir 2026, déanfar an chainníocht ar fad de na lamháltais a mbeadh leithdháileadh saor in aisce tarlaithe ina leith sa bhliain sin a chur ar ceant, cé is moite de chainníocht na lamháltas dá dtagraítear in Airteagal 3c(6) agus Airteagal 10a(8), an ceathrú fomhír.’

;

(b)

cuirtear an mhír seo a leanas isteach:

‘1a.   Leithdháilfear lamháltais a leithdháiltear saor in aisce ar oibreoirí aerárthaí go comhréireach lena sciar d’astaíochtaí fíoraithe ó ghníomhaíochtaí eitlíochta arna dtuairisciú le haghaidh 2023. Cuirfear san áireamh sa ríomh sin freisin astaíochtaí fíoraithe ó ghníomhaíochtaí eitlíochta arna dtuairisciú i ndáil le heitiltí nach gcumhdaítear le EU ETS ach ón 1 Eanáir 2024. Faoin 30 Meitheamh den bhliain ábhartha, eiseoidh na húdaráis inniúla na lamháltais a leithdháiltear saor in aisce don bhliain sin.’

;

(c)

scriostar mír 2;

(d)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhíreanna 3 agus 4:

‘3.   Tugtar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 23 chun an Treoir seo a fhorlíonadh a mhéid a bhaineann leis na socruithe mionsonraithe maidir le ceantáil lamháltas eitlíochta ag Ballstáit i gcomhréir le míreanna 1 agus 1a den Airteagal seo, lena n-áirítear na socruithe mionsonraithe don cheantáil ar gá leo chun sciar d’ioncam a aistriú ó cheantáil den sórt sin chuig buiséad ginearálta an Aontais mar acmhainní dílse i gcomhréir le hAirteagal 311, an tríú mír, den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (CFAE). Maidir le cainníocht na lamháltas atá le cur ar ceant i ngach tréimhse ag gach Ballstát, beidh an líon sin i gcomhréir le sciar an Bhallstáit de na hastaíochtaí eitlíochta iomlána sannta le haghaidh na mBallstát go léir don bhliain tagartha arna dtuairisciú de bhun Airteagal 14(3) agus arna bhfíorú de bhun Airteagal 15. Maidir le gach tréimhse dá dtagraítear in Airteagal 13, is é a bheidh sa bhliain tagartha an bhliain féilire dar críoch 24 mhí roimh thús na tréimhse lena mbaineann an ceant. Áiritheofar, leis na gníomhartha tarmligthe, go n-urramaítear na prionsabail a leagtar amach sa chéad fhomhír d’Airteagal 10(4).

4.   Cinnfidh Ballstáit an úsáid a bhainfear as ioncam a ghintear ó cheantáil lamháltas a chumhdaítear faoin gChaibidil seo, seachas le haghaidh an ioncaim a bhunaítear mar acmhainní dílse i gcomhréir le hAirteagal 311, an tríú mír, CFAE agus a iontráiltear i mbuiséad ginearálta an Aontais. Úsáidfidh na Ballstáit an t-ioncam a ghintear ó lamháltais a cheantáil nó a choibhéis i luach airgeadais i gcomhréir le hAirteagal 10(3) den Treoir seo.’

;

(4)

scriostar Airteagail 3e agus 3f;

(5)

leasaítear Airteagal 11a mar a leanas:

(a)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhíreanna 1, 2 agus 3:

‘1.   Faoi réir mhíreanna 2 agus 3 den Airteagal seo, beidh oibreoirí aerárthaí a bhfuil deimhniú aeroibreora acu a d’eisigh Ballstát nó atá cláraithe i mBallstát, lena n-áirítear na réigiúin is forimeallaí, na spleáchríocha agus na críocha den Bhallstát sin, in ann na haonaid seo a leanas a úsáid chun a n-oibleagáidí a chomhlíonadh maidir le haonaid a chealú i leith na cainníochta a bhfuil fógra tugtha ina leith de bhun Airteagal 12(6) mar a leagtar síos in Airteagal 12(9):

(a)

creidmheasanna atá údaraithe ag páirtithe atá rannpháirteach sa sásra a bunaíodh faoi Airteagal 6(4) de Chomhaontú Pháras;

(b)

creidmheasanna atá údaraithe ag páirtithe atá rannpháirteach i gcláir chreidmheasa ar mheas Comhairle ICAO go raibh siad incháilithe arna sainaithint sa ghníomh cur chun feidhme arna ghlacadh de bhun mhír 8;

(c)

creidmheasanna atá údaraithe ag páirtithe i gcomhaontuithe de bhun mhír 5;

(d)

creidmheasanna a eisíodh i ndáil le tionscadail ar leibhéal an Aontais de bhun Airteagal 24a.

2.   Féadfar na haonaid dá dtagraítear i mír 1, pointí (a) agus (b), a úsáid má chomhlíontar na coinníollacha a leanas:

(a)

tionscnaítear iad ó Stát ar Páirtí é i gComhaontú Pháras tráth na húsáide;

(b)

tionscnaíonn siad ó Stát atá liostaithe sa ghníomh cur chun feidhme arna ghlacadh de bhun Airteagal 25a(3) mar thír atá rannpháirteach sa Scéim Fritháirithe agus Laghdaithe Carbóin don Eitlíocht Idirnáisiúnta (CORSIA) de chuid ICAO. Ní bheidh feidhm ag an gcoinníoll sin maidir le hastaíochtaí arna scaoileadh roimh 2027, ná ní bheidh feidhm aige maidir le tíortha is lú forbairt ná Stáit oileánacha bheaga i mbéal forbartha, mar a shainmhíníonn na Náisiúin Aontaithe iad, seachas na Stáit sin a bhfuil a OTI per capita cothrom le meán an Aontais nó níos mó ná meán an Aontais.

3.   Féadfar na haonaid dá dtagraítear i mír 1, pointí (a), (b) agus (c), a úsáid má tá na socruithe is gá i bhfeidhm chun go bhféadfaidh na páirtithe rannpháirteacha údarú a thabhairt, má dhéantar coigeartuithe tráthúla ar thuairisciú astaíochtaí antrapaigineacha trí fhoinsí agus aistrithe trí linnte a chumhdaítear le rannchuidiú na bpáirtithe rannpháirteacha a chinntear go náisiúnta, agus má sheachnaítear comhaireamh dúbailte agus glanmhéadú in astaíochtaí domhanda.

Glacfaidh an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme lena leagtar síos ceanglais mhionsonraithe le haghaidh na socruithe dá dtagraítear sa chéad fhomhír den mhír seo, ina bhféadfaí ceanglais tuairiscithe agus clárlainne a áireamh, agus le haghaidh na Stáit nó cláir a chuireann na socruithe sin i bhfeidhm a liostú. Cuirfear san áireamh sna socruithe sin na solúbthachtaí atá ar fáil do thíortha is lú forbairt agus Stáit oileánacha bheaga i mbéal forbartha i gcomhréir le mír 2 den Airteagal seo. Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 22a(2).’

;

(b)

scriostar mír 4;

(c)

cuirtear an mhír seo a leanas leis:

‘8.   Glacfaidh an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme lena liostaítear aonaid ar mheas Comhairle ICAO go raibh siad incháilithe, agus a chomhlíonann na coinníollacha a leagtar amach i míreanna 2 agus 3 den Airteagal seo. Glacfaidh an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme freisin chun an liosta sin a thabhairt cothrom le dáta, de réir mar is iomchuí. Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 22a(2).’

;

(6)

leasaítear Airteagal 12 mar a leanas:

(a)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 6:

‘6.   I gcomhréir leis an modheolaíocht a leagtar amach sa ghníomh cur chun feidhme dá dtagraítear i mír 8 den Airteagal seo, ríomhfaidh na Ballstáit na ceanglais fritháirimh gach bliain don bhliain féilire roimhe sin i leith eitiltí go dtí Stáit a liostaítear sa ghníomh cur chun feidhme arna ghlacadh de bhun Airteagal 25a(3), amach as Stáit den sórt sin agus idir Stáit den sórt sin, agus i leith eitiltí idir an Eilvéis nó an Ríocht Aontaithe agus Stáit a liostaítear sa ghníomh cur chun feidhme arna ghlacadh de bhun Airteagal 25a(3), agus faoin 30 Samhain gach bliain, cuirfidh siad na hoibreoirí aerárthaí ar an eolas.

I gcomhréir leis an modheolaíocht a leagtar amach sa ghníomh cur chun feidhme dá dtagraítear i mír 8 den Airteagal seo, ríomhfaidh na Ballstáit freisin na ceanglais fritháirimh iomlána deiridh a bhaineann le tréimhse chomhlíontachta CORSIA ar leith agus, faoin 30 Samhain den bhliain tar éis na bliana deiridh den tréimhse chomhlíontachta CORSIA ábhartha, cuirfidh siad na hoibreoirí aerárthaí a chomhlíonann na coinníollacha na ceanglais a leagtar amach sa tríú fomhír den mhír seo ar an eolas.

Cuirfidh na Ballstáit oibreoirí aerárthaí a chomhlíonann na coinníollacha uile seo a leanas ar an eolas faoi leibhéal an fhritháirimh:

(a)

tá deimhniú aeroibreora a d’eisigh Ballstát ag na hoibreoirí aerárthaí nó tá siad cláraithe i mBallstát, lena n-áirítear na réigiúin is forimeallaí, na spleáchríocha agus na críocha den Bhallstát sin; agus

(b)

scaoileann siad astaíochtaí bliantúla CO2 atá níos mó ná 10 000 tona, ar astaíochtaí iad a thagann ó úsáid eitleán a bhfuil uasmhais dheimhnithe éirí de thalamh níos mó ná 5 700 kg acu agus atá ag tabhairt faoi eitiltí a chumhdaítear le hIarscríbhinn I, seachas iad sin a thuirlingíonn sa Bhallstát céanna ónar imigh siad, lena n-áirítear na réigiúin is forimeallaí den Bhallstát céanna, ón 1 Eanáir 2021.

Chun críocha na chéad fhomhíre, pointe (b), ní chuirfear astaíochtaí CO2 ó na cineálacha eitiltí seo a leanas san áireamh:

(i)

eitiltí Stáit;

(ii)

eitiltí daonnúla;

(iii)

eitiltí leighis;

(iv)

eitiltí míleata;

(v)

eitiltí comhraic dóiteáin;

(vi)

eitiltí arna ndéanamh roimh eitilt dhaonnúil, eitilt leighis nó eitilt comhraic dóiteáin nó ina ndiaidh, ar choinníoll go ndearnadh eitiltí den sórt sin leis an aerárthach céanna agus go raibh orthu na gníomhaíochtaí gaolmhara daonnúla, leighis nó comhraic dóiteáin a chur i gcrích nó an t-aerárthach a chur i suíomh eile tar éis na ngníomhaíochtaí sin dá chéad ghníomhaíocht eile.’

;

(b)

cuirtear na míreanna seo a leanas leis:

‘8.   Maidir le ríomh na gceanglas fritháirimh dá dtagraítear i mír 6 den Airteagal seo chun críocha CORSIA, déanfar an ríomh sin i gcomhréir le modheolaíocht atá le sainiú ag an gCoimisiún i ndáil le heitiltí chuig Stáit a liostaítear sa ghníomh cur chun feidhme arna ghlacadh de bhun Airteagal 25a(3), amach as Stáit den sórt sin agus idir Stáit den sórt sin, agus i ndáil le heitiltí idir an Eilvéis nó an Ríocht Aontaithe agus na Stáit a liostaítear sa ghníomh cur chun feidhme arna ghlacadh de bhun Airteagal 25a(3).

Glacfaidh an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme lena sonraítear an mhodheolaíocht chun na ceanglais fritháirimh a ríomh d’oibreoirí aerárthaí dá dtagraítear sa chéad fhomhír den mhír seo.

Go háirithe, tabharfar mionsonraí breise sna gníomhartha cur chun feidhme sin maidir le cur i bhfeidhm na gceanglas a eascraíonn as forálacha ábhartha na Treorach seo, go háirithe Airteagail 3c, 11a, 12 agus 25a, agus, a mhéid is féidir i bhfianaise fhorálacha ábhartha na Treorach seo, as na Caighdeáin Idirnáisiúnta agus na Cleachtais Mholta Idirnáisiúnta maidir le Cosaint an Chomhshaoil le haghaidh CORSIA (SARPanna CORSIA).

Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 22a(2). Déanfar an chéad cheann de na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh faoin 30 Meitheamh 2024.

9.   Maidir le hoibreoirí aerárthaí a bhfuil deimhniú aeroibreora acu a d’eisigh Ballstát nó atá cláraithe i mBallstát, lena n-áirítear na réigiúin is forimeallaí, na spleáchríocha agus na críocha den Bhallstát sin, ní chealóidh siad na haonaid dá dtagraítear in Airteagal 11a ach amháin i leith na cainníochta ar thug an Ballstát sin fógra ina leith, i gcomhréir le mír 6, i dtaca leis an tréimhse chomhlíontachta CORSIA ábhartha. Déanfar an cealú faoin 31 Eanáir 2025 le haghaidh astaíochtaí sa tréimhse 2021 go 2023 agus faoin 31 Eanáir 2028 le haghaidh astaíochtaí sa tréimhse 2024 go 2026.’

;

(7)

in Airteagal 14, cuirtear na míreanna seo a leanas leis:

‘5.   Tuairisceoidh oibreoirí aerárthaí uair sa bhliain maidir leis na héifeachtaí eitlíochta neamh-CO2 a tharlaíonn ón 1 Eanáir 2025. Chun na críche sin, glacfaidh an Coimisiún gníomh cur chun feidhme de bhun mhír 1 faoin 31 Lúnasa 2024 chun éifeachtaí eitlíochta neamh-CO2 a chur san áireamh i gcreat faireacháin, tuairiscithe agus fíoraithe. Beidh sa chreat faireacháin, tuairiscithe agus fíoraithe sin, ar a laghad, na sonraí atá ar fáil faoi ruthag tríthoiseach an aerárthaigh, agus an bhogthaise chomhthimpeallach agus an teocht chomhthimpeallach chun gur féidir coibhéis CO2 a tháirgeadh in aghaidh na heitilte. Áiritheoidh an Coimisiún, ag brath ar na hacmhainní atá ar fáil, go bhfuil uirlisí ar fáil chun faireachán, tuairisciú agus fíorú a éascú agus, a mhéid is féidir, a uathoibriú chun aon ualach riaracháin a íoslaghdú.

Ón 1 Eanáir 2025, áiritheoidh na Ballstáit go ndéanann gach oibreoir aerárthaí faireachán ar na héifeachtaí neamh-CO2 ó gach aerárthach atá á oibriú aige le linn gach bliana féilire agus go ndéanann siad na héifeachtaí sin a thuairisciú don údarás inniúil tar éis dheireadh gach bliana i gcomhréir leis na gníomhartha cur chun feidhme dá dtagraítear i mír 1.

Tíolacfaidh an Coimisiún tuarascáil ar bhonn bliantúil ó 2026, mar chuid den tuarascáil dá dtagraítear in Airteagal 10(5), maidir leis na torthaí ó chur i bhfeidhm an chreata faireacháin, tuairiscithe agus fíoraithe dá dtagraítear sa chéad fhomhír den mhír seo.

Faoin 31 Nollaig 2027, bunaithe ar na torthaí ó chur i bhfeidhm an chreata faireacháin, tuairiscithe agus fíoraithe le haghaidh éifeachtaí eitlíochta neamh-CO2, tíolacfaidh an Coimisiún tuarascáil agus, i gcás inarb iomchuí agus tar éis dó measúnú tionchair a dhéanamh ar dtús, togra reachtach chun éifeachtaí eitlíochta neamh-CO2 a mhaolú trí raon feidhme EU ETS a leathnú chun éifeachtaí eitlíochta neamh-CO2 a chur san áireamh ann.

6.   Foilseoidh an Coimisiún, ar a laghad, na sonraí bliantúla comhiomlánaithe seo a leanas maidir le hastaíochtaí ó ghníomhaíochtaí eitlíochta arna dtuairisciú do na Ballstáit nó arna dtarchur chuig an gCoimisiún i gcomhréir le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2018/2066 ón gCoimisiún (*3) agus Airteagal 7 de Rialachán Tarmligthe (AE) 2019/1603 ón gCoimisiún (*4), 3 mhí ar a dhéanaí tar éis an spriocdháta tuairiscithe faoi seach agus ar bhealach sothuigthe:

(a)

in aghaidh an phéire aeradróm laistigh de LEE:

(i)

na hastaíochtaí ó gach eitilt;

(ii)

líon iomlán na n-eitiltí;

(iii)

líon iomlán na bpaisinéirí;

(iv)

na cineálacha aerárthaí;

(b)

in aghaidh an oibreora aerárthaí;

(i)

sonraí faoi astaíochtaí ó eitiltí laistigh de LEE, ó eitiltí a imíonn ó LEE, ó eitiltí a thuirlingíonn in LEE agus ó eitiltí idir dhá thríú tír, arna miondealú de réir an phéire Stát, agus sonraí faoi astaíochtaí atá faoi réir na hoibleagáide i dtaca le haonaid astaíochtaí incháilithe CORSIA a chur ar ceal;

(ii)

méid na gceanglas fritháirimh, arna ríomh i gcomhréir le hAirteagal 12(8);

(iii)

méid agus cineál na gcreidmheasanna de bhun Airteagal 11a a úsáidtear chun ceanglais fritháirimh an oibreora aerárthaí dá dtagraítear i bpointe (ii) den phointe seo a chomhlíonadh.

(iv)

méid agus cineál na mbreoslaí a úsáidtear a bhfuil fachtóir astaíochta nialasach acu faoin Treoir seo nó a fhágann go bhfuil an t-oibreoir aerárthaí i dteideal lamháltais a fháil de bhun Airteagal 3c(6).

I gcás phointí (a) agus (b) den chéad fhomhír, in imthosca sonracha ina mbíonn oibreoir aerárthaí ag oibriú i líon an-teoranta péirí aeradróm nó i líon an-teoranta péirí Stát atá faoi réir ceanglais fritháirimh nó i líon an-teoranta péirí Stát nach bhfuil faoi réir ceanglais fritháirimh, féadfaidh an t-oibreoir aerárthaí sin a iarraidh ar an mBallstát riaracháin gan sonraí den sórt sin a fhoilsiú ar leibhéal an oibreora aerárthaí, agus míniú á thabhairt aige ar an bhfáth a gceapann sé go ndéanfadh nochtadh sonraí den sórt sin dochar dá chuid leasanna tráchtála. Bunaithe ar an iarraidh sin, féadfaidh an Ballstát riaracháin a iarraidh ar an gCoimisiún na sonraí sin a fhoilsiú ar leibhéal comhiomlánaithe níos airde. Déanfaidh an Coimisiún cinneadh faoin iarraidh.

(*3)  Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2018/2066 ón gCoimisiún an 19 Nollaig 2018 maidir le faireachán agus tuairisciú a dhéanamh ar astaíochtaí gás ceaptha teasa de bhun Threoir 2003/87/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 601/2012 ón gCoimisiún (IO L 334, 31.12.2018, lch. 1)."

(*4)  Rialachán Tarmligthe (AE) 2019/1603 ón gCoimisiún an 18 Iúil 2019 lena bhforlíontar Treoir 2003/87/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le bearta a ghlac an Eagraíocht Eitlíochta Sibhialta Idirnáisiúnta maidir le faireachán, tuairisciú agus fíorú astaíochtaí eitlíochta chun beart domhanda margadhbhunaithe a chur chun feidhme (IO L 250, 30.9.2019, lch. 10).’;"

(8)

leasaítear Airteagal 18a mar a leanas:

(a)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 2:

‘2.   I gcás, sa chéad dá bhliain d’aon tréimhse dá dtagraítear in Airteagal 13, nach ndéantar aon cheann de na hastaíochtaí eitlíochta sannta ó eitiltí arna ndéanamh ag oibreoir aerárthaí a thagann faoi phointe (b) de mhír 1 den Airteagal seo a shannadh dá Bhallstát riarachán, déanfar an t-oibreoir aerárthaí a aistriú chuig Ballstát riaracháin eile i leith na chéad tréimhse eile. Is é a bheidh sa Ballstát riaracháin nua an Ballstát leis na hastaíochtaí eitlíochta sannta measta is mó ó eitiltí arna ndéanamh ag an oibreoir aerárthaí sin le linn an chéad dá bhliain den tréimhse roimhe sin.’

;

(b)

i mír 3, cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (b):

‘(b)

ó 2024 ar aghaidh, gach 2 bhliain ar a laghad, an liosta a thabhairt cothrom le dáta chun oibreoirí aerárthaí a áireamh a rinne gníomhaíocht eitlíochta a liostaítear in Iarscríbhinn I ina dhiaidh sin; i gcás nach ndearna oibreoir aerárthaí gníomhaíocht eitlíochta a liostaítear in Iarscríbhinn I le linn na 4 bliana féilire as a chéile sular tugadh an liosta cothrom le dáta, ní chuirfear an t-oibreoir aerárthaí sin ar an liosta.’;

(9)

leasaítear Airteagal 25a mar a leanas:

(a)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 2:

‘2.   Leanfaidh an tAontas agus a chuid Ballstát de chomhaontuithe a lorg maidir le bearta domhanda chun astaíochtaí gás ceaptha teasa ón eitlíocht a laghdú, ar comhaontuithe iad a bheidh ailínithe le cuspóirí Rialachán (AE) 2021/1119 agus Chomhaontú Pháras. I bhfianaise aon chomhaontuithe den sórt sin, déanfaidh an Coimisiún breithniú ar cibé atá nó nach bhfuil gá le leasuithe ar an Treoir seo amhail mar atá feidhm aici maidir le hoibreoirí aerárthaí.’

;

(b)

cuirtear na míreanna seo a leanas leis:

‘3.   Glacfaidh an Coimisiún gníomh cur chun feidhme lena liostaítear Stáit seachas Stáit LEE, an Eilvéis agus an Ríocht Aontaithe a mheastar go bhfuil CORSIA á chur i bhfeidhm acu chun críocha na Treorach seo, le bonnlíne 2019 le haghaidh 2021 go 2023 agus bonnlíne 85 % d’astaíochtaí 2019 le haghaidh gach bliana ó 2024. Déanfar an gníomh cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 22a(2).

4.   Maidir le hastaíochtaí a scaoiltear go dtí an 31 Nollaig 2026 ó eitiltí chuig Stáit a liostaítear sa ghníomh cur chun feidhme arna ghlacadh de bhun mhír 3 den Airteagal seo nó ó eitiltí amach as na tíortha sin, ní cheanglófar ar oibreoirí aerárthaí lamháltais a thabhairt suas i gcomhréir le hAirteagal 12(3) i leith na n-astaíochtaí sin.

5.   Maidir le hastaíochtaí a scaoiltear go dtí an 31 Nollaig 2026 ó eitiltí idir LEE agus Stáit nach liostaítear sa ghníomh cur chun feidhme arna ghlacadh de bhun mhír 3 den Airteagal seo, seachas eitiltí chuig an Eilvéis agus chuig an Ríocht Aontaithe, ní cheanglófar ar oibreoirí aerárthaí lamháltais a thabhairt suas i gcomhréir le hAirteagal 12(3) i leith na n-astaíochtaí sin.

6.   Maidir le hastaíochtaí ó eitiltí chuig na tíortha is lú forbairt agus Stáit oileánacha bheaga i mbéal forbartha mar atá siad sainmhínithe ag na Náisiúin Aontaithe, agus ó eitiltí amach as tíortha agus Stáit den sórt sin, seachas iad sin a liostaítear sa ghníomh cur chun feidhme arna ghlacadh de bhun mhír 3 den Airteagal seo agus na Stáit sin a bhfuil a OTI per capita cothrom le meán an Aontais nó níos mó, ní cheanglófar ar oibreoirí aerárthaí lamháltais a thabhairt suas i gcomhréir le hAirteagal 12(3) i leith na n-astaíochtaí sin.

7.   I gcás ina gcinneann an Coimisiún gurb ann do shaobhadh suntasach iomaíochta, amhail saobhadh arb é is cúis leis tríú tír a bheith ag cur CORSIA i bhfeidhm ar bhealach nach bhfuil chomh dian céanna ina dhlí intíre nó a bheith ag mainneachtain forálacha CORSIA a fhorfheidhmiú ar bhealach atá cothrom a mhéid a bhaineann le gach oibreoir aerárthaí, a dhéanann dochar d’oibreoirí aerárthaí a bhfuil deimhniú aeroibreora acu a d’eisigh Ballstát nó atá cláraithe i mBallstát, lena n-áirítear na réigiúin is forimeallaí, na spleáchríocha agus na críocha den Bhallstát sin, glacfaidh an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme chun na hoibreoirí aerárthaí sin a dhíolmhú ó na ceanglais fritháirimh mar a leagtar síos in Airteagal 12(9) i ndáil le hastaíochtaí ó eitiltí chuig Stáit den sórt sin agus amach astu. Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 22a(2).

8.   Maidir le hoibreoirí aerárthaí a bhfuil deimhniú aeroibreora acu a d’eisigh Ballstát nó atá cláraithe i mBallstát, lena n-áirítear na réigiúin is forimeallaí, na spleáchríocha agus na críocha den Bhallstát sin, i gcás ina n-oibríonn na hoibreoirí aerárthaí sin eitiltí idir dhá Stát dhifriúla a liostaítear sa ghníomh cur chun feidhme arna ghlacadh de bhun mhír 3 den Airteagal seo, lena n-áirítear eitiltí a dhéantar idir an Eilvéis, an Ríocht Aontaithe agus Stáit a liostaítear sa ghníomh cur chun feidhme arna ghlacadh de bhun mhír 3 den Airteagal seo, agus ina gceadaíonn na Stáit sin d’oibreoirí aerárthaí aonaid a úsáid sa bhreis ar na cinn atá ar an liosta sin atá ar an liosta arna ghlacadh de bhun Airteagal 11a(8), tabharfar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha cur chun feidhme a ghlacadh lena gceadaítear do na hoibreoirí aerárthaí sin cineálacha aonad a úsáid atá sa bhreis ar na cinn atá ar an liosta nó gan a bheith faoi cheangal na gcoinníollacha in Airteagal 11a(2) agus (3) i ndáil le hastaíochtaí ó eitiltí den sórt sin. Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 22a(2).’

;

(10)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagail 28a agus 28b:

‘Airteagal 28a

Maoluithe is infheidhme roimh chur chun feidhme éigeantach bheart domhanda margadhbhunaithe ICAO

1.   De mhaolú ar Airteagal 12(3), Airteagal 14(3), agus Airteagal 16, measfaidh Ballstáit go bhfuil na ceanglais a leagtar síos sna forálacha sin comhlíonta agus ní ghníomhóidh siad i gcoinne oibreoirí aerárthaí i ndáil leis an méid seo a leanas:

(a)

na hastaíochtaí uile ó eitiltí chuig aeradróim atá lonnaithe i Stáit lasmuigh de LEE agus ó eitiltí amach as na haeradróim sin, cé is moite d’eitiltí chuig aeradróim atá lonnaithe sa Ríocht Aontaithe nó san Eilvéis, i ngach bliain féilire ón 1 Eanáir 2021 go dtí an 31 Nollaig 2026, faoi réir an athbhreithnithe dá dtagraítear in Airteagal 28b;

(b)

na hastaíochtaí uile ó eitiltí idir aeradróm atá lonnaithe i réigiún forimeallach de réir bhrí Airteagal 349 CFAE agus aeradróm atá lonnaithe i réigiún eile de LEE i ngach bliain féilire ón 1 Eanáir 2013 go dtí an 31 Nollaig 2023, faoi réir an athbhreithnithe dá dtagraítear in Airteagal 28b.

Chun críocha Airteagail 11a, 12 agus 14, déanfar na hastaíochtaí fíoraithe ó eitiltí seachas na cinn dá dtagraítear sa chéad fhomhír den mhír seo a mheas mar astaíochtaí fíoraithe an oibreora aerárthaí.

2.   De mhaolú ar Airteagal 3d(3), laghdófar cainníocht na lamháltas atá le cur ar ceant ag gach Ballstát i ndáil leis an tréimhse ón 1 Eanáir 2013 go dtí an 31 Nollaig 2026 chun comhfhreagairt dá sciar d’astaíochtaí eitlíochta sannta ó eitiltí nach bhfuil faoi réir na maoluithe dá bhforáiltear i bpointí (a) agus (b) de mhír 1 den Airteagal seo.

3.   De mhaolú ar Airteagal 3g, ní cheanglófar ar oibreoirí aerárthaí pleananna faireacháin a thíolacadh lena leagtar amach bearta chun faireachán agus tuairisciú a dhéanamh ar astaíochtaí i ndail le heitiltí atá faoi réir na maoluithe dá bhforáiltear i bpointí (a) agus (b) de mhír 1 den Airteagal seo.

4.   De mhaolú ar Airteagail 3g, 12, 15 agus 18a, i gcás ina bhfuil astaíochtaí bliantúla iomlána is lú ná 25 000 tona CO2 ag oibreoir aerárthaí, nó i gcás ina bhfuil astaíochtaí bliantúla iomlána is lú ná 3 000 tona CO2 ag oibreoir aerárthaí ó eitiltí seachas na cinn dá dtagraítear i bpointí (a) agus (b) de mhír 1 den Airteagal seo, measfar gur astaíochtaí fíoraithe iad a chuid astaíochtaí má chinntear iad trí úsáid a bhaint as an uirlis astaírí beaga a formheasadh faoi Rialachán (AE) Uimh. 606/2010 ón gCoimisiún (*5) agus má chuireann Eurocontrol isteach iad le sonraí óna shaoráid tacaíochta CTA. Féadfaidh Ballstáit nósanna imeachta simplithe a chur i bhfeidhm maidir le hoibreoirí aerárthaí neamhthráchtála fad nach soláthraítear, le nósanna imeachta den sórt sin, níos lú cruinnis ná an uirlis astaírí beaga.

5.   Beidh feidhm ag mír 1 den Airteagal seo maidir le tíortha ar thángthas ar chomhaontú leo de bhun Airteagal 25 nó 25a i gcomhréir le téarmaí an chomhaontaithe sin agus i gcomhréir leo sin amháin.

Airteagal 28b

An tuairisciú agus an t-athbhreithniú a dhéanann an Coimisiún maidir le cur chun feidhme bheart domhanda margadhbhunaithe ICAO

1.   Roimh an 1 Eanáir 2027 agus gach 3 bliana ina dhiaidh sin, cuirfidh an Coimisiún tuarascáil ar fáil do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle maidir leis an dul chun cinn sa chaibidlíocht le ICAO chun an beart domhanda margadhbhunaithe a chur chun feidhme, ar beart é atá le cur i bhfeidhm i leith astaíochtaí ó 2021 amach, go háirithe maidir leis na nithe seo a leanas:

(a)

ionstraimí ábhartha ICAO, lena n-áirítear caighdeáin agus cleachtais mholta, chomh maith leis an dul chun cinn atá déanta ó thaobh gach gné de bhascaed beart ICAO a chur chun feidhme chun an sprioc mhianaidhme dhomhanda fhadtéarmach a glacadh ag an 41ú Comhthionól ICAO a bhaint amach;

(b)

moltaí ICAO arna bhformheas ag an gComhairle agus atá ábhartha maidir leis an mbeart domhanda margadhbhunaithe, lena n-áirítear aon athrú a d’fhéadfaí a dhéanamh ar na bonnlínte;

(c)

clár domhanda a bhunú;

(d)

bearta intíre arna ndéanamh ag tríú tíortha chun an beart domhanda margadhbhunaithe a chur chun feidhme atá le cur i bhfeidhm i leith astaíochtaí ó 2021 amach;

(e)

leibhéal rannpháirtíochta tríú tíortha sa fhritháireamh faoi CORSIA, lena n-áirítear impleachtaí a bhforchoimeádas maidir le rannpháirtíocht den sórt sin; agus

(f)

forbairtí idirnáisiúnta ábhartha eile agus ionstraimí eile is infheidhme, chomh maith leis an dul chun cinn atá déanta ó thaobh laghdú a dhéanamh ar na tionchair iomlána atá ag an eitlíocht ar an athrú aeráide.

I gcomhréir leis an athbhreithniú iomlán ar Chomhaontú Pháras, cuirfidh an Coimisiún tuarascáil ar fáil freisin maidir leis na hiarrachtaí atá á ndéanamh chun an sprioc mhianaidhme dhomhanda fhadtéarmach atá ag earnáil na heitlíochta a bhaint amach, is é sin go laghdófaí astaíochtaí CO2 go glan-nialas faoi 2050, rud a ndéantar measúnú air i gcomhréir leis na critéir dá dtagraítear sa chéad fhomhír, pointí (a) go (f).

2.   Faoin 1 Iúil 2026, déanfaidh an Coimisiún tuarascáil a chur faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle ina ndéanfaidh sé measúnú ar shláine comhshaoil bheart domhanda margadhbhunaithe ICAO, lena n-áirítear an uaillmhian ghinearálta atá aige i ndáil leis na spriocanna faoi Chomhaontú Pháras, an leibhéal rannpháirtíochta sa fhritháireamh faoi CORSIA, a in-fhorfheidhmitheacht, an trédhearcacht, na pionóis i gcás neamhchomhlíonta, na próisis chun ionchur a fháil ón bpobal, cáilíocht na gcreidmheasanna fritháirimh, faireachán, tuairisciú agus fíorú na n-astaíochtaí, na clárlanna, an chuntasacht mar aon le rialacha maidir le húsáid bithbhreoslaí. Foilseoidh an Coimisiún an tuarascáil sin freisin faoin 1 Iúil 2026.

3.   Beidh togra reachtach ag gabháil leis an tuarascáil ón gCoimisiún dá dtagraítear i mír 2, i gcás inarb iomchuí, chun an Treoir seo a leasú ar bhealach atá i gcomhréir le sprioc teochta Chomhaontú Pháras, gealltanas uile-gheilleagair an Aontais le haghaidh 2030 ó thaobh astaíochtaí gás ceaptha teasa a laghdú agus an cuspóir go mbainfí aeráidneodracht amach faoi 2050 ar a dhéanaí, agus é mar aidhm leis sin go gcaomhnófaí an tsláine comhshaoil agus éifeachtacht ghníomhaíocht aeráide an Aontais. Áireofar i dtogra a ghabhann leis an tuarascáil, de réir mar is iomchuí, cur i bhfeidhm EU ETS maidir le heitiltí a imíonn ó aeradróim atá lonnaithe i Stáit in LEE chuig aeradróim atá lonnaithe lasmuigh de LEE ó mhí Eanáir 2027 ach ní áireofar ann eitiltí atá ag teacht isteach ó aeradróim atá lonnaithe lasmuigh de LEE i gcás ina léirítear an méid seo a leanas sa tuarascáil dá dtagraítear i mír 2:

(a)

níor neartaigh Comhthionól ICAO CORSIA faoi 31 Nollaig 2025 i gcomhréir leis an sprioc mhianaidhme dhomhanda fhadtéarmach atá aige go mbainfí spriocanna Chomhaontú Pháras amach; nó

(b)

is ionann na Stáit a liostaítear sa ghníomh cur chun feidhme arna ghlacadh de bhun Airteagal 25a(3) agus níos lú ná 70 % d’astaíochtaí eitlíochta idirnáisiúnta trí úsáid a bhaint as na sonraí is déanaí atá ar fáil.

Fágfaidh an togra a ghabhann leis an tuarascáil freisin, de réir mar is iomchuí, go mbeidh deis ag oibreoirí aerárthaí aon chostais a thabhaíonn siad mar gheall ar fhritháireamh CORSIA ar na bealaí sin a asbhaint, chun muirearú dúbailte a sheachaint. Mura gcomhlíontar na coinníollacha dá dtagraítear sa chéad fhomhír, pointí (a) agus (b) den mhír seo, déanfar leasú leis an togra ar an Treoir seo, de réir mar is iomchuí, chun gur féidir leanúint de EU ETS a chur i bhfeidhm maidir le heitiltí laistigh de LEE, maidir le heitiltí go dtí an Eilvéis agus an Ríocht Aontaithe agus maidir le heitiltí go Stáit nach liostaítear sa ghníomh cur chun feidhme arna ghlacadh de bhun Airteagal 25a(3) agus maidir leis na heitiltí sin amháin.

(*5)  Rialachán (AE) Uimh. 606/2010 ón gCoimisiún an 9 Iúil 2010 maidir le formheas uirlis simplithe arna forbairt ag an eagraíocht Eorpach um shábháilteacht na haerloingseoireachta (Eurocontrol) chun ídiú breosla oibreoirí aerárthach astaírí beaga áirithe a mheas (IO L 175, 10.7.2010, lch. 25).’;"

’;

(11)

in Airteagal 30, cuirtear an mhír seo a leanas leis:

‘8.   In 2026, cuirfidh an Coimisiún na gnéithe seo a leanas san áireamh sa tuarascáil dá bhforáiltear in Airteagal 10(5):

(a)

meastóireacht ar na tionchair ar an gcomhshaol agus ar an aeráid atá ag eitiltí atá níos lú ná 1 000 km agus breithniú ar na roghanna chun na tionchair sin a laghdú, lena n-áirítear scrúdú ar na modhanna malartacha iompair phoiblí atá ar fáil agus méadú ar úsáid breoslaí eitlíochta inbhuanaithe;

(b)

meastóireacht ar na tionchair ar an gcomhshaol agus ar an aeráid atá ag eitiltí arna ndéanamh ag oibreoirí atá díolmhaithe de bhun phointe (h) nó (k) den iontráil ‘Eitlíocht’ sa cholún ‘Gníomhaíochtaí’ sa tábla in Iarscríbhinn I, agus breithniú ar roghanna chun na tionchair sin a laghdú;

(c)

meastóireacht ar na tionchair shóisialta atá ag an Treoir seo in earnáil na heitlíochta, lena n-áirítear ar a lucht saothair agus ar chostais aerthaistil; agus

(d)

meastóireacht ar an nascacht aeir atá ag oileáin agus críocha iargúlta, lena n-áirítear breithniú ar an iomaíochas agus sceitheadh carbóin, chomh maith leis na tionchair ar an gcomhshaol agus ar an aeráid.

Ina theannta sin, cuirfear san áireamh freisin an tuarascáil dá bhforáiltear in Airteagal 10(5), i gcás inarb iomchuí, maidir leis an athbhreithniú a dhéanfar amach anseo ar an Treoir seo.’

;

(12)

leasaítear Iarscríbhinní I agus IV i gcomhréir leis an Iarscríbhinn a ghabhann leis an Treoir seo.

Airteagal 2

Trasuí

1.   Na forálacha reachtaíochta, rialúcháin agus riaracháin is gá chun an Treoir seo a chomhlíonadh, déanfaidh na Ballstáit iad a thabhairt i bhfeidhm faoin 31 Nollaig 2023. Cuirfidh siad téacs na bhforálacha sin in iúl don Choimisiún láithreach.

Nuair a ghlacfaidh na Ballstáit na forálacha sin, beidh tagairt iontu don Treoir seo nó beidh tagairt den sórt sin ag gabháil leo tráth a bhfoilsithe oifigiúil. Cinnfidh na Ballstáit an bealach le tagairt den sórt sin a dhéanamh.

2.   Déanfaidh na Ballstáit téacs phríomhfhorálacha an dlí náisiúnta a ghlacfaidh siad sa réimse a chumhdaítear leis an Treoir seo a chur in iúl don Choimisiún.

Airteagal 3

Teacht i bhfeidhm

Tiocfaidh an Treoir seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a foilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Airteagal 4

Seolaithe

Is chuig na Ballstáit a dhírítear an Treoir seo.

Arna déanamh in Strasbourg, an 10 Bealtaine 2023.

Thar ceann Pharlaimint na hEorpa

An tUachtarán

R. METSOLA

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

J. ROSWALL


(1)  IO C 152, 6.4.2022, lch. 152.

(2)  IO C 301, 5.8.2022, lch. 116.

(3)  Seasamh ó Pharlaimint na hEorpa an 18 Aibreán 2023 (nár foilsíodh fós san Iris Oifigiúil) agus cinneadh ón gComhairle an 25 Aibreán 2023.

(4)  Treoir 2003/87/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 13 Deireadh Fómhair 2003 lena mbunaítear córas maidir le lamháltais astaíochtaí gás ceaptha teasa a thrádáil laistigh den Aontas agus lena leasaítear Treoir 96/61/CE ón gComhairle (IO L 275, 25.10.2003, lch. 32).

(5)  Treoir 2008/101/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 19 Samhain 2008 lena leasaítear Treoir 2003/87/CE chun go gcuirfí gníomhaíochtaí eitlíochta san áireamh sa scéim i ndáil le trádáil ar lamháltais i gcomhair astaíochtaí gás ceaptha teasa laistigh den Chomhphobal (IO L 8, 13.1.2009, lch. 3).

(6)  IO L 282, 19.10.2016, lch. 4.

(7)  Cinneadh (AE) 2020/954 ón gComhairle an 25 Meitheamh 2020 maidir leis an seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais Eorpaigh laistigh den Eagraíocht Eitlíochta Sibhialta Idirnáisiúnta maidir leis an bhfógra a thabhairt faoi rannpháirtíocht shaorálach sa Scéim Fritháirithe agus Laghdaithe Carbóin don Eitlíocht Idirnáisiúnta (CORSIA) ón 1 Eanáir 2021 agus an rogha a roghnaíodh chun ceanglais fritháirithe ar oibreoirí aerárthaí a ríomh le linn na tréimhse 2021-2023 (IO L 212, 3.7.2020, lch. 14).

(8)  Cinneadh (AE) 2018/2027 ón gComhairle an 29 Samhain 2018 maidir leis an seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais Eorpaigh san Eagraíocht Eitlíochta Sibhialta Idirnáisiúnta i leith an Chéad Eagráin de na Caighdeáin Idirnáisiúnta agus na Cleachtais Mholta Idirnáisiúnta maidir le Cosaint an Chomhshaoil — an Scéim Fritháirithe agus Laghdaithe Carbóin don Eitlíocht Idirnáisiúnta (CORSIA) (IO L 325, 20.12.2018, lch. 25).

(9)  Rialachán (AE) 2021/1119 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 30 Meitheamh 2021 lena mbunaítear an creat chun aeráidneodracht a bhaint amach agus lena leasaítear Rialacháin (CE) Uimh. 401/2009 gus (AE) 2018/1999 (‘An Dlí Aeráide Eorpach’) (IO L 243, 9.7.2021, lch. 1).

(10)  Treoir (AE) 2018/410 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 14 Márta 2018 lena leasaítear Treoir 2003/87/CE chun laghduithe costéifeachtacha astaíochtaí agus infheistíochtaí ísealcharbóin a fheabhsú, agus Cinneadh (AE) 2015/1814 (IOL 76, 19.3.2018, lch. 3).

(11)  Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Feabhra 2011 lena leagtar síos na rialacha agus na prionsabail ghinearálta a bhaineann leis na sásraí maidir le rialú ag na Ballstáit ar fheidhmiú cumhachtaí cur chun feidhme ag an gCoimisiún (IO L 55, 28.2.2011, lch. 13).

(12)  Rialachán (AE) 2017/2392 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 13 Nollaig 2017 lena leasaítear Treoir 2003/87/CE chun leanúint de na teorainneacha reatha raon feidhme atá ar ghníomhaíochtaí eitlíochta agus chun ullmhúchán a dhéanamh do bheart atá bunaithe ar an margadh domhanda a chur chun feidhme ó 2021 amach (IO L 350, 29.12.2017, lch. 7).

(13)  Rialachán (AE) Uimh. 389/2013 ón gCoimisiún an 2 Bealtaine 2013 lena mbunaítear Clárlann de chuid an Aontais de bhun Threoir 2003/87/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, Cinneadh Uimh. 280/2004/CE agus Cinneadh Uimh. 406/2009/CE ó Pharlaimint na Eorpa agus ón gComhairle agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE) Uimh. 920/2010 agus Rialachán Uimh. 1193/2011 ón gCoimisiún (IO L 122, 3.5.2013, lch. 1).

(14)  Treoir (AE) 2018/2001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Nollaig 2018 maidir le húsáid fuinnimh ó fhoinsí in-athnuaite a chur chun cinn (IO L 328, 21.12.2018, lch. 82).

(15)  IO L 123, 12.5.2016, lch. 1.

(16)  Cinneadh (AE) 2023/136 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 18 Eanáir 2023 lena leasaítear Treoir 2003/87/CE a mhéid a bhaineann leis an bhfógra maidir le fritháireamh i leith beart domhanda margadhbhunaithe d’oibreoirí aerárthaí atá bunaithe san Aontas (IO L 19, 20.1.2023, lch. 1).


ARSCRÍBHINN

(1)

Sa cholún ‘Gníomhaíochtaí’ sa tábla in Iarscríbhinn I a ghabhann le Treoir 2003/87/CE, leasaítear an iontráil ‘Eitlíocht’ mar a leanas:

(a)

cuirtear an mhír seo a leanas isteach tar éis na chéad mhíre:

‘Eitiltí idir aeradróim atá lonnaithe in dhá Stáit dhifriúla a liostaítear sa ghníomh cur chun feidhme arna ghlacadh de bhun Airteagal 25a(3) agus eitiltí idir an Eilvéis nó an Ríocht Aontaithe agus Stáit a liostaítear sa ghníomh cur chun feidhme arna ghlacadh de bhun Airteagal 25a(3) agus, chun críocha Airteagal 12(6) agus (8) agus Airteagal 28c, aon eitilt eile idir aeradróim atá lonnaithe in dhá thríú tír dhifriúla arna déanamh ag oibreoirí aerárthaí a chomhlíonann na coinníollacha uile seo a leanas:

(a)

tá deimhniú aeroibreora a d’eisigh Ballstát ag na hoibreoirí aerárthaí nó tá siad cláraithe i mBallstát, lena n-áirítear na réigiúin is forimeallaí, na spleáchríocha agus na críocha den Bhallstát sin; agus

(b)

scaoileann siad astaíochtaí bliantúla CO2 atá níos mó ná 10 000 tona, ar astaíochtaí iad a thagann ó úsáid eitleán a bhfuil uasmhais dheimhnithe éirí de thalamh níos mó ná 5 700 kg acu agus atá ag tabhairt faoi eitiltí a chumhdaítear leis an Iarscríbhinn seo, seachas iad sin a thuirlingíonn sa Bhallstát céanna ónar imigh siad, lena n-áirítear na réigiúin is forimeallaí den Bhallstát céanna, ón 1 Eanáir 2021; chun críocha an phointe seo, ní chuirfear san áireamh astaíochtaí ó na cineálacha eitiltí a leanas:

(i)

eitiltí Stáit;

(ii)

eitiltí daonnúla;

(iii)

eitiltí leighis;

(iv)

eitiltí míleata;

(v)

eitiltí comhraic dóiteáin;

(vi)

eitiltí arna ndéanamh roimh eitilt dhaonnúil, eitilt leighis nó eitilt comhraic dóiteáin nó ina ndiaidh, ar choinníoll go ndearnadh eitiltí den sórt sin leis an aerárthach céanna agus go raibh orthu na gníomhaíochtaí gaolmhara daonnúla, leighis nó comhraic dóiteáin a chur i gcrích nó an t-aerárthach a chur i suíomh eile tar éis na ngníomhaíochtaí sin dá chéad ghníomhaíocht eile.’;

(b)

i bpointe (i), cuirtear an uimhir ‘50 000’ in ionad na huimhreach ‘30 000’;

(2)

I gCuid B d’Iarscríbhinn IV a ghabhann le Treoir 2003/87/CE, leasaítear an roinn ‘Faireachán ar astaíochtaí dé-ocsaíde carbóin’ mar a leanas:

(a)

cuirtear an abairt seo a leanas isteach ag deireadh an cheathrú mír:

‘Is é 3,16 (t CO2/t breosla) a bheidh san fhachtóir astaíochtaí le haghaidh ceirisín scairdeitleáin (Jet A1 nó Jet A).’;

(b)

cuirtear an mhír seo a leanas isteach tar éis an cheathrú mír:

‘Maidir le hastaíochtaí ó bhreoslaí in-athnuaite de thionscnamh neamhbhitheolaíoch a úsáideann hidrigin ó fhoinsí in-athnuaite atá i gcomhréir le hAirteagal 25 de Threoir (AE) 2018/2001, déanfar iad a aicmiú mar astaíochtaí nialasacha do na hoibreoirí aerárthaí a úsáideann iad go dtí go nglacfar an gníomh cur chun feidhme dá dtagraítear in Airteagal 14(1) den Treoir seo.’.


Top