EUR-Lex Access to European Union law
This document is an excerpt from the EUR-Lex website
Document 32022R0135
Commission Regulation (EU) 2022/135 of 31 January 2022 amending Regulation (EC) No 1223/2009 of the European Parliament and of the Council as regards the use of Methyl-N-methylanthranilate in cosmetic products (Text with EEA relevance)
Rialachán (AE) 2022/135 ón gCoimisiún an 31 Eanáir 2022 lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 1223/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann le húsáid Methyl-N-methylanthranilate i dtáirgí cosmaideacha (Téacs atá ábhartha maidir le LEE)
Rialachán (AE) 2022/135 ón gCoimisiún an 31 Eanáir 2022 lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 1223/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann le húsáid Methyl-N-methylanthranilate i dtáirgí cosmaideacha (Téacs atá ábhartha maidir le LEE)
C/2022/455
IO L 22, 1.2.2022, p. 2–4
(BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)
In force
1.2.2022 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
L 22/2 |
RIALACHÁN (AE) 2022/135 ÓN gCOIMISIÚN
an 31 Eanáir 2022
lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 1223/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann le húsáid Methyl-N-methylanthranilate i dtáirgí cosmaideacha
(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)
TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,
Ag féachaint do Rialachán (CE) Uimh. 1223/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 30 Samhain 2009 maidir le táirgí cosmaideacha (1), agus go háirithe Airteagal 31(1) de,
De bharr an mhéid seo a leanas:
(1) |
Is comhábhar cumhráin í an tsubstaint seo, comhábhar a úsáidtear i gcosmaidí éagsúla, lena n-áirítear mínchumhráin, seampúnna, gallúnacha agus earraí níocháin eile, Methyl-N-methylanthranilate (M-N-MA) (Uimh. CAS 85-91-6). Níl M-N-MA faoi réir toirmeasc ná srian ar bith de bhun Rialachán (CE) Uimh. 1223/2009 faoi láthair. |
(2) |
Tháinig an Coiste Eolaíoch um Shábháilteacht Tomhaltóirí (CEST) ar an gconclúid i dtuairim a glacadh ag cruinniú iomlánach an 13-14 Nollaig 2011 (2) nach raibh aon ábhar imní sábháilteachta ann maidir le húsáid M-N-MA i dtiúchan suas le 0,2 % i dtáirgí sruthlaithe. Ina theannta sin, tugadh faoi deara go bhfuil an M-N-MA fótatocsaineach, rud a bhí sa críochphointe tocsaineolaíoch lena mbaineann sa tuairim sin. Cé go bhféadfaidh 0,1 % de M-N-MA a bheith sábháilte lena úsáid in go leor táirgí cosmaideacha neamhshruthlaithe, chinn CEST nach féidir riosca a chur as an áireamh maidir le húsáid na substainte sin in uachtar gréine nó i dtáirgí cúraim gréine nó i dtáirgí (lena n-áirítear cumhráin) a bheartaítear a úsáid ar chodanna den chorp a bheidh ar aghaidh na gréine. Thairis sin, ós rud é go bhfuil claonadh chun níotrósaithe in M-N-MA, tháinig CEST ar an gconclúid nár cheart é a úsáid i gcomhar le hoibreáin níotrósaithe, agus gur cheart an cion nítreasaimín sin a bheith faoi bhun 50 μg/kg. |
(3) |
Ag an gcruinniú iomlánach an 27 Márta 2012, ghlac CEST tuairim maidir le nítreasaimíní agus aimíní tánaisteacha (3). Sa tuairim sin, tháinig CEST ar an gconclúid gur cheart feidhm a bheith ag an tsonraíocht íonachta 50 μg nítreasaimín in aghaidh an chileagraim maidir le hamhábhair agus maidir le gach nítreasaimín a d’fhéadfadh a bheith déanta, ach gan feidhm a bheith aici maidir le críochtháirgí. Thairis sin, Tháinig CEST ar an gconclúid nár cheart aimíní tánaisteacha a bheith i dtadhall le hoibreáin níotrósaithe thaismeacha amhail coimeádáin le haghaidh amhábhar a chóireáiltear le nítrít. Tá feidhm ag an tuairim sin freisin maidir le M-N-MA, rud is aimín tánaisteach. |
(4) |
Ina dhiaidh sin, tháinig CEST ar an gconclúid, i gcomhairle eolaíoch an 16 Deireadh Fómhair 2020 i ndáil leis an tuairim ó CEST maidir le M-N-MA (4) , nár cheart M-N-MA a úsáid i dtáirgí uachtair gréine ná i dtáirgí a mhargaítear le nochtadh do sholais ultraivialait nádúrtha nó saorga. I gcás táirgí cosmaideacha eile, measann CEST go bhfuil úsáid M-N-MA sábháilte i dtiúchan suas le 0,1 % i dtáirgí neamhshruthlaithe agus 0,2 % i dtáirgí sruthlaithe. |
(5) |
I bhfianaise na dtuairimí ó CEST agus na comhairle eolaíche, d’fhéadfadh riosca a bheith ann do shláinte an duine a d’eascródh as úsáid M-N-MA i dtáirgí uachtair gréine agus i dtáirgí a mhargaítear le nochtadh do sholas ultraivialait nádúrtha nó saorga, agus i dtáirgí cosmaideacha eile ina bhfuil tiúchan na substainte sin níos mó ná 0,1 % i dtáirgí neamhshruthlaithe agus 0,2 % i gcás táirgí sruthlaithe. Dá bhrí sin, ba cheart úsáid M-N-MA den sórt sin a thoirmeasc. |
(6) |
I bhfianaise na dtuairimí ó CEST agus na comhairle eolaíche, d’fhéadfadh riosca a bheith ann freisin do shláinte an duine a d’eascródh as úsáid M-N-MA in oibreáin níotrósaithe. Dá bhrí sin, ba cheart úsáid M-N-MA den sórt sin a thoirmeasc, ba cheart uaschion nítreasaimín a leagan síos ag 50 μg/kg agus ba cheart ceanglas a thabhairt isteach chun táirgí a bhfuil M-N-MA iontu a choinneáil i gcoimeádáin atá saor ó nítrít. |
(7) |
Dá bhrí sin, ba cheart Rialachán (CE) Uimh. 1223/2009 a leasú dá réir sin. |
(8) |
Ba cheart tréimhse réasúnach ama a thabhairt don tionscal chun oiriúnú do na ceanglais nua trí na coigeartuithe is gá ar fhoirmliú na dtáirgí agus ar choimeádáin a dhéanamh chun a áirithiú nach gcuirfear ach táirgí cosmaideacha a chomhlíonann na ceanglais ar an margadh. Ba cheart tréimhse réasúnach ama a thabhairt don tionscal freisin chun táirgí cosmaideacha nach gcomhlíonann na ceanglais nua a tharraingt siar ón margadh. |
(9) |
Tá na bearta dá bhforáiltear sa Rialachán seo i gcomhréir leis an tuairim ón mBuanchoiste um Tháirgí Cosmaideacha, |
TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Leasaítear Iarscríbhinn III a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 1223/2009 i gcomhréir leis an Iarscríbhinn a ghabhann leis an Rialachán seo.
Airteagal 2
Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 31 Eanáir 2022.
Thar ceann an Choimisiúin
An tUachtarán
Ursula VON DER LEYEN
(1) IO L 342, 22.12.2009, lch. 59.
(2) CEST (An Coiste Eolaíoch um Shábháilteacht Tomhaltóirí), Tuairim maidir le methyl-N-methylanthranilate, an 13-14 Nollaig 2011 (SCCS/1455/11).
(3) CEST (An Coiste Eolaíoch um Shábháilteacht Tomhaltóirí), Tuairim maidir le Nítreasaimíní agus Aimíní Tánaisteacha i dTáirgí Cosmaideacha, an 27 Márta 2012 (SCCS/1458/11).
(4) Comhairle eolaíoch i ndáil leis an Tuairim ó CEST maidir le meitil-N-meitiolantrainioláit (MNM), (SCCS/1455/11), an 16 Deireadh Fómhair 2020 (SCCS/1616/20).
IARSCRÍBHINN
Cuirtear an iontráil seo a leanas isteach in Iarscríbhinn III a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 1223/2009.
Uimhir thagartha |
Céannacht na substaintí |
Srianta |
Foclaíocht na gcoinníollacha úsáide agus rabhadh |
|||||||||
Ainm ceimiceach/INN |
Ainm Coiteann i nGluais na gComhábhar |
Uimhir CAS |
Uimhir CE |
Cinéal táirge, baill den chorp |
Uastiúchan in ullmhóid atá réidh le húsaid |
Eile |
||||||
a |
b |
c |
d |
e |
f |
g |
h |
i |
||||
“323 |
Methyl-N-methylanthranilate (*) |
|
85-91-6 |
201-642-6 |
|
|
I gcás (a): Ná húsáidtear i dtáirgí uachtair gréine ná i dtáirgí a mhargaítear le nochtadh do sholas ultraivialait nádúrtha nó saorga. |
|
||||
|
|
I gcás (a) agus (b):
|
(*) Maidir le táirgí cosmaideacha nach gcomhlíonann na srianta agus a bhfuil an tsubstaint sin iontu, ní chuirfear ar mhargadh an Aontais iad ón 21 Lúnasa 2022 amach. Maidir le táirgí cosmaideacha nach gcomhlíonann na srianta agus a bhfuil an tsubstaint sin iontu, ní chuirfear ar mhargadh an Aontais iad ón 21 Samhain 2022 amach.”