EUR-Lex Access to European Union law

Back to EUR-Lex homepage

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 32022L2561

Treoir (AE) 2022/2561 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 14 Nollaig 2022 maidir le cáilíocht tosaigh agus oiliúint thréimhsiúil tiománaithe feithiclí áirithe bóthar i gcomhair iompar earraí nó paisinéirí (códú) (Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

PE/1/2022/REV/1

IO L 330, 23.12.2022, p. 46–69 (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

Legal status of the document In force: This act has been changed. Current consolidated version: 23/12/2022

ELI: http://data.europa.eu/eli/dir/2022/2561/oj

23.12.2022   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 330/46


TREOIR (AE) 2022/2561 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

an 14 Nollaig 2022

maidir le cáilíocht tosaigh agus oiliúint thréimhsiúil tiománaithe feithiclí áirithe bóthar i gcomhair iompar earraí nó paisinéirí (códú)

(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 91 de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

Tar éis dóibh an dréachtghníomh reachtach a chur chuig na parlaimintí náisiúnta,

Ag féachaint don tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa (1),

Tar éis dóibh dul i gcomhairle le Coiste na Réigiún,

Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach (2),

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Rinneadh Treoir 2003/59/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (3) a leasú go suntasach roinnt uaireanta (4). Ar mhaithe le soiléireacht agus le réasúntacht, ba cheart an Treoir sin a chódú.

(2)

Sa Pháipéar Bán uaidh an 28 Márta 2011, dar teideal Roadmap to a Single European Transport Area — Towards a competitive and resource efficient transport system (Treochlár i dtreo Limistéar Iompair Eorpach Aonair — I dtreo córas iompair atá iomaíoch agus éifeachtúil ó thaobh acmhainní de), leagann an Coimisiún cuspóir “fís nialais” amach ar cheart dá réir don Aontas dul i dtreo staid ina laghdófaí an méid básanna in iompar de bhóthar go nialas nó geall leis faoi 2050.

(3)

Sa teachtaireacht uaidh ar threoshuíomhanna beartais maidir le sábháilteacht ar bhóithre 2011-2020, dar teideal Towards a European road safety area: policy orientations on road safety 2011-2020 (I dtreo limistéir Eorpaigh sábháilteachta ar bhóithre: treoshuíomhanna beartas maidir le sábháilteacht ar bhóithre 2011-2020), mhol an Coimisiún an sprioc go ndéanfaí líon iomlán na mbásanna ar na bóithre a laghdú faoina leath faoi 2020, ó 2010 ar aghaidh. D’fhonn an sprioc sin a bhaint amach, leag an Coimisiún seacht gcuspóir straitéiseacha síos, lena n-áirítear feabhas a chur ar oideachas agus oiliúint úsáideoirí bóithre agus úsáideoirí leochaileacha bóithre a chosaint.

(4)

D’fhormhuinigh Comhairle Eorpach an 23-24 Deireadh Fómhair 2014 sprioc cheangailteach de laghdú intíre ar astaíochtaí gás ceaptha teasa an gheilleagair iomláin de 40 % ar a laghad i gcomparáid le 1990, faoin mbliain 2030. Cabhróidh an sprioc seo maidir le laghduithe astaíochtaí le spriocanna fadtéarmacha Chomhaontú Pháras a glacadh i 2015 faoi Chreat-Choinbhinsiún na Náisiún Aontaithe ar an Athrú Aeráide (5) a chomhlíonadh, agus ba cheart gach earnáil den gheilleagar a cion a dhéanamh chun an sprioc sin a bhaint amach. Is gá cur chuige cuimsitheach don earnáil iompair chun laghduithe astaíochtaí agus éifeachtúlacht fuinnimh a chur chun cinn. Ba cheart dul chun cinn a dhéanamh i dtreo gluaiseacht íseal-astaíochtaí, inter alia trí thaighde agus trí chur chun cinn teicneolaíoch atá ar fáil cheana féin a thabhairt isteach. Is gá an oiliúint chuí a chur ar thiománaithe tiomáint ar an dóigh is éifeachtúla.

(5)

Chun go gcuirfí ar chumas tiománaithe freastal ar na héilimh a bhaineann leis an margadh iompair de bhóthar, ba cheart rialacha an Aontais maidir leis an íosleibhéal oiliúna do thiománaithe feithiclí iompair bóthar a bheith infheidhme maidir le gach tiománaí, cé acu an ag tiomáint mar oibrithe féinfhostaithe nó mar oibrithe tuarastail atá siad, agus an ag tiomáint ar a gcuntas féin nó ar fruiliú nó ar airgead atá siad.

(6)

Ba cheart go n-áiritheofaí le rialacha an Aontais maidir leis an íosleibhéal oiliúna do thiománaithe feithiclí iompair bóthar go bhfuil caighdeán sásúil bainte amach ag an tiománaí chun an ghníomhaíocht arb éard í tiomáint a dhéanamh, trí bhíthin a cháilíochta féin.

(7)

Go háirithe, maidir leis an oibleagáid atá ar thiománaí cáilíocht tosaigh a bheith acu agus dul faoi oiliúint thréimhsiúil, tá sé beartaithe an tsábháilteacht ar bhóithre agus sábháilteacht an tiománaí a fheabhsú, lena n-áirítear le linn oibríochtaí a dhéanann an tiománaí agus an fheithicil ina stad. Ina theannta sin, ba cheart do nádúr nua-aimseartha ghairm an tiománaí suim daoine óga a spreagadh sa ghairm sin, rud a chuirfidh le hearcú tiománaithe nua agus ganntanas tiománaithe ann.

(8)

Chun dálaí iomaíochais éagothroma a sheachaint, ba cheart feidhm a bheith ag an Treoir seo le gníomhaíocht na tiomána a dhéanann náisiúnaigh de Bhallstát agus náisiúnaigh de thríú tíortha atá fostaithe nó á n-úsáid ag gnóthas arna bhunú i mBallstát.

(9)

Tá sé inmhianaithe, ar mhaithe le prionsabail dhlí an Aontais a urramú, go mbeadh tiománaithe feithiclí a úsáidtear i gcomhair iompair, i gcás ina meastar nach mbeadh tionchar chomh mór céanna aige seo ar shábháilteacht ar bhóithre nó i gcás ina mbeadh ceanglais na Treorach seo ina n-ualach díréireach eacnamaíochta nó sóisialta, go mbeadh na tiománaithe sin díolmhaithe ó fheidhmiú na Treorach seo.

(10)

Ba cheart díolúintí áirithe a leagan síos i ndáil le cásanna nach í an tiomáint príomhghníomhaíocht an tiománaí agus ina gcuirfeadh sé ualach díréireach ar thiománaithe a cheangal orthu ceanglais na Treorach seo a chomhlíonadh. Meastar de ghnáth nach í an tiomáint príomhghníomhaíocht an tiománaí nuair a chuimsíonn sí níos lú ná 30 % den am oibre míosúil rollach.

(11)

I gcás nach mbítear ag tiomáint go rómhinic, ina dtarlaíonn an tiomáint i gceantair faoin tuath agus i gcás ina mbíonn tiománaithe ag tiomáint a bhíonn ag soláthar dá ngnó féin, ba cheart go mbeadh feidhm ag díolúintí, ar choinníoll go n-áirithítear an tsábháilteacht ar bhóithre mar sin féin. Mar gheall ar na coinníollacha éagsúla i limistéir tuaithe laistigh den Aontas ó thaobh na tíreolaíochta, na haeráide agus dlús daonra de, ba cheart go mbeadh rogha ag Ballstáit a chinneadh an féidir tiomáint den sórt sin a mheas mar thiomáint ócáideach agus an mbeadh tionchar ag díolúine den sórt sin ar shábháilteacht ar bhóithre, mar shampla ar bhonn an chineáil bóithre, ar mhéid na tráchta nó ar cé acu an bhfuil úsáideoirí bóithre leochaileacha ar na bóithre nó nach bhfuil.

(12)

Ós rud é go bhfuil éagsúlacht ann ó thaobh na n-achar is gá do dhaoine a chumhdach le linn a gcuid oibre ar fud an Aontais, daoine a oibríonn i réimse na talmhaíochta, na gairneoireachta, na foraoiseachta, na feirmeoireachta agus na hiascaireachta, atá díolmhaithe ó chur i bhfeidhm na Treorach seo, ba cheart go bhfágfaí faoi na Ballstáit cinneadh a dhéanamh ina ndlí náisiúnta, achair incheadaithe uasta, a ríomhtar ó bhunáit an ghnóthais, lena mbeadh feidhm ag na díolúintí.

(13)

Chun a shuí go gcomhlíonfaidh an tiománaí a oibleagáidí, ba cheart do na Ballstáit deimhniú ar inniúlacht ghairmiúil a eisiúint don tiománaí (CPC) lena ndeimhnítear a cháilíocht tosaigh nó oiliúint thréimhsiúil.

(14)

Ba cheart go mbeadh na Ballstáit in ann cinneadh a dhéanamh idir roghanna éagsúla ionas go n-éascófar cur chun feidhme na bhforálacha maidir leis an gcáilíocht tosaigh.

(15)

Ba cheart go mbeadh ceangal ar thiománaithe a bhfuil cáilíocht acu cheana féin dul faoi athoiliúint thréimhsiúil ar na scileanna atá bunriachtanach dá ngairm ar mhaithe lena gcáilíocht tiománaí a choinneáil.

(16)

Ba cheart go mbeadh ceangal mar sin féin ar na tiománaithe sin, a bhí díolmhaithe ón gceanglas maidir le cáilíocht tosaigh, dul faoi oiliúint thréimhsiúil chun a áirithiú go bhfuil a gcuid eolais maidir le cúrsaí atá bunriachtanach dá gcuid oibre fós cothrom le dáta, agus an díolúine sin á coimeád acu ag an am céanna.

(17)

Is leis na rialacha sábháilteachta atá le hurramú le linn bheith ag tiomáint nó le linn don fheithicil a bheith ina stad a bhaineann na ceanglais íosta atá le comhlíonadh chun an cháilíocht tosaigh agus oiliúint thréimhsiúil a bhaint amach. Ba cheart go mbeadh tionchar dearfach ag forbairt na tiomána cosanta (contúirt a thuar, iompar úsáideoirí bóithre eile a chur san áireamh), atá fite fuaite le hídiú réasúnach breosla, ar an tsochaí agus ar an earnáil iompair de bhóthar í féin.

(18)

Níor cheart go ndéanfadh an Treoir seo difear do na cearta faighte ag tiománaí a raibh an ceadúnas tiomána is gá aige chun an ghníomhaíocht arb éard í tiomáint a dhéanamh roimh an dáta a leagtar síos chun CPC a fháil, CPC lena ndeimhnítear an cháilíocht tosaigh chomhfhreagrach nó oiliúint thréimhsiúil chomhfhreagrach.

(19)

Ba cheart go mbeadh cead ag ionaid oiliúna a bheidh formheasta ag údaráis inniúla na mBallstát amháin na cúrsaí oiliúna a leagtar síos le haghaidh na cáilíochta tosaigh agus na hoiliúna tréimhsiúla a eagrú. Chun caighdeán ionad formheasta den sórt sin a áirithiú, ba cheart do na húdaráis inniúla critéir chomhchuibhithe a leagan síos lena bhformheas, lena n-áirítear ardleibhéal gairmiúlachta seanbhunaithe.

(20)

Is iad údaráis inniúla na mBallstát agus aon eintiteas arna ainmniú acu freisin ar cheart a bheith freagrach as na tástálacha dá bhforáiltear i ndáil leis an gcáilíocht tosaigh agus oiliúint thréimhsiúil a eagrú. I bhfianaise a thábhachtaí atá an Treoir seo maidir le sábháilteacht ar bhóithre agus comhionannas na gcoinníollacha iomaíochta, ba cheart d’údaráis inniúla na mBallstát maoirseacht a dhéanamh ar na tástálacha sin.

(21)

Ba cheart do na Ballstáit a fhorordú nach mór an chéad chúrsa den oiliúint thréimhsiúil a chríochnú agus an CPC comhfhreagrach a eisiúint, laistigh de chúig bliana tar éis dháta eisiúna an CPC lena ndeimhnítear an cháilíocht tosaigh nó dáta éaga na teorann ama a leagtar síos le haghaidh tiománaithe áirithe a gcearta faighte a éileamh. Ba cheart é a bheith indéanta na teorainneacha ama sin a ghiorrú nó a shíneadh. I ndiaidh an chéad chúrsa den oiliúint thréimhsiúl, ba cheart go rachaidh an tiománaí faoi oiliúint thréimhsiúil gach cúig bliana.

(22)

Chun a dheimhniú go bhfuil ceann de CPCanna dá bhforáiltear leis an Treoir seo ag tiománaí ar náisiúnach de chuid Ballstáit é, agus chun aitheantas frithpháirteach a éascú i ndáil le CPCanna éagsúla, ba cheart do na Ballstáit cód comhchuibhithe an Aontais a leagtar síos chun na críche sin, agus dáta éaga an chóid, a chur ar an gceadúnas tiomána nó ar an gcárta cáilíochta tiománaí, atá le haithint go frithpháirteach ag na Ballstáit, agus leagtar síos an tsamhail chaighdeánach mar a léirítear in Iarscríbhinn II a ghabhann leis an Treoir seo. Leis an gcárta sin ba cheart go gcomhlíonfar na ceanglais slándála chéanna agus a chomhlíontar leis an gceadúnas tiomána, i bhfianaise a thábhachtaí atá na cearta a ghabhann leis maidir leis an tsábháilteacht ar bhóithre agus comhionannas na gcoinníollacha iomaíochta.

(23)

Ba cheart do na Ballstáit, i gcomhar leis an gCoimisiún, faisnéis maidir le CPCanna a mhalartú go leictreonach. Ba cheart dóibh an t-ardán leictreonach is gá a fhorbairt agus measúnú costais is tairbhe ón gCoimisiún á chur san áireamh, lena n-áirítear an rogha chun gréasán AE um cheadúnais tiomána arna bhunú faoi Threoir 2006/126/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (6) a leathnú. Cuirfidh sé seo ar chumas na mBallstát, i measc tairbhí eile, rochtain a fháil go héasca ar fhaisnéis maidir le hoiliúint atá curtha i gcrích, nach bhfuil taifeadta ar cheadúnas tiomána an tiománaí. Tá sé tábhachtach go ndéanfaidh na Ballstáit agus an Coimisiún iarrachtaí an fheidhmiúlacht seo a fhorbairt tuilleadh, le rochtain fíor-ama le linn seiceálacha cois bóithre mar chuspóir air.

(24)

Agus na forbairtí san oiliúint agus san oideachas á gcur san áireamh, agus d’fhonn feabhas a chur ar an méid a chuirtear le sábháilteacht ar bhóithre agus le hábharthacht na hoiliúna do thiománaithe leis an Treoir seo, ba cheart déileáil le hábhair a bhaineann le sábháilteacht ar bhóithre sna cúrsaí oiliúna, amhail brath guaise, cosaint úsáideoirí leochaileacha bóithre, go háirithe coisithe, rothaithe agus daoine faoi luaineacht theoranta, tiomáint atá éifeachtúil ó thaobh breosla de, tiomáint i ndálaí adhaimsire agus iompar ualaí neamhghnácha. Sa chomhthéacs sin, ba cheart go mbeadh baint ag na cúrsaí le córais chliste iompair agus ba cheart go n-athródh siad bonn ar bhonn chun coimeád cothrom le dáta le forbairtí teicneolaíocha.

(25)

Ba cheart go dtabharfaí rogha shoiléir do na Ballstáit cleachtais oiliúna a fheabhsú agus a nuachóiriú trí úsáid a bhaint as uirlisí teicneolaíochta faisnéise agus cumarsáide (TFC) amhail ríomhfhoghlaim agus foghlaim chumaisc, le haghaidh cuid den oiliúint, agus cáilíocht na hoiliúna á háirithiú acu ag an am céanna. Agus feabhas á chur agus athnuachan á dhéanamh ar chleachtaí oiliúna le húsáid uirlisí TFC, tá sé tábhachtach cur san áireamh an fíoras go n-éilíonn roinnt ábhair shonracha oiliúint phraiticiúil agus nach féidir aghaidh cheart a thabhairt orthu le huirlisí foghlama den sórt sin: mar shampla, slabhraí sneachta a fheistiú nó ualaí a dhaingniú, nó gnéithe oiliúna eile ina bhfuil an taobh praiticiúil tábhachtach. D’fhéadfadh tiomáint a bheith i gceist le hoiliúint phraiticiúil ach ní gá gurbh amhlaidh. Ba cheart méid suntasach den oiliúint a éilítear faoin Treoir seo a dhéanamh ag ionad oiliúna formheasta.

(26)

Chun comhsheasmhacht idir na foirmeacha difriúla oiliúna a cheanglaítear faoi dhlí an Aontais a áirithiú, ba cheart gur féidir leis na Ballstáit cineálacha difriúla oiliúna ábhartha a chur le chéile: mar shampla, ba cheart gur féidir leo oiliúint ar iompar earraí contúirteacha, oiliúint i bhfeasacht ar mhíchumas agus oiliúint ar iompar ainmhithe a chomhcheangal leis an oiliúint dá bhforáiltear sa Treoir seo.

(27)

Chun a chinntiú nach mbeidh cleachtais dhifriúla idir na Ballstáit ina gcúis le bac a chur ar aithint fhrithpháirteach agus le srian a chur leis an gceart atá ag tiománaithe tabhairt faoin oiliúint thréimhsiúil sa Bhallstát ina n-oibríonn siad, ba cheart ceangal a chur ar údaráis na mBallstát, mura féidir oiliúint a cuireadh i gcrích a mharcáil ar an gceadúnas tiomána, cárta cáilíochta tiománaí, san fhoirm a leagtar síos sa múnla caighdeánach mar a léirítear in Iarscríbhinn II a ghabhann leis an Treoir seo, a eisiúint lena n-áiritheofar aithint fhrithpháirteach do gach tiománaí a chomhlíonfaidh ceanglais na Treorach seo.

(28)

D’fhéadfadh bac a bheith in úsáid na bhfianuithe tiománaithe ag tiománaithe ó thríú tíortha mar fhianaise ar chomhlíonadh na gceanglas oiliúna ar thiománaithe nuair a thugann an tarlóir an fianú ar ais do na húdaráis eisiúna, go háirithe nuair is mian leis na tiománaithe sin dul i mbun fostaíochta i mBállstát eile. Chun cásanna a sheachaint ina mbeadh ar thiománaithe a n-oiliúint a dhéanamh arís agus iad ag dul i mbun fostaíochta nua, i ndálaí den sórt sin, ba cheart na Ballstáit a spreagadh comhoibriú le chéile agus faisnéis ar cháilíochtaí tiománaithe a mhalartú.

(29)

Ba cheart forálacha deimhnithe speisialta a leagan síos le haghaidh tiománaithe a chumhdaítear leis an Treoir seo ar náisiúnaigh tríú tíortha iad.

(30)

Chun an Treoir seo a oiriúnú don dul chun cinn eolaíoch agus teicniúil, ba cheart an chumhacht chun gníomhartha a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 290 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh a tharmligean chuig an gCoimisiún i dtaca le hIarscríbhinní I agus II a ghabhann leis an Treoir seo a leasú. Tá sé tábhachtach, go háirithe, go rachadh an Coimisiún i mbun comhairliúcháin iomchuí le linn a chuid oibre ullmhúcháin, lena n-áirítear ar leibhéal na saineolaithe, agus go ndéanfar na comhairliúcháin sin i gcomhréir leis na prionsabail a leagtar síos i gComhaontú Idirinstitiúideach an 13 Aibreán 2016 maidir le Reachtóireacht Níos Fearr (7). Go sonrach, chun rannpháirtíocht chomhionann in ullmhú na ngníomhartha tarmligthe a áirithiú, faigheann Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle na doiciméid uile ag an am céanna leis na saineolaithe sna Ballstáit, agus bíonn rochtain chórasach ag a gcuid saineolaithe ar chruinnithe ghrúpaí saineolaithe an Choimisiúin a bhíonn ag déileáil le hullmhú na ngníomhartha tarmligthe.

(31)

Ós rud é nach féidir leis na Ballstáit cuspóir na Treorach seo, eadhon caighdeán uile-Aontais a leagan amach maidir le cáiliú tosaigh agus le hoiliúint thréimhsiúil do thiománaithe feithiclí áirithe bóthair i gcomhair iompar earraí agus paisinéirí, a ghnóthú go leordhóthanach agus, de bharr chineál trasteorann an iompair de bhóthar agus na saincheisteanna a mbeartaítear aghaidh a thabhairt orthu leis an Treoir seo, gur fearr is féidir iad a ghnóthú ar leibhéal an Aontais, féadfaidh an tAontas bearta a ghlacadh, i gcomhréir le prionsabal na coimhdeachta a leagtar amach in Airteagal 5 den Chonradh ar an Aontas Eorpach. I gcomhréir le prionsabal na comhréireachta a leagtar amach san Airteagal sin, ní théann an Treoir seo thar a bhfuil riachtanach chun an cuspóir sin a ghnóthú.

(32)

Ba cheart nár dhochar an Treoir seo d’oibleagáidí na mBallstát maidir leis na teorainneacha ama chun na Treoracha a leagtar amach i gCuid B d’Iarscríbhinn IV a thrasuí sa dlí náisiúnta agus maidir le dátaí chur i bhfeidhm na dTreoracha sin,

TAR ÉIS AN TREOIR SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Raon feidhme

Beidh feidhm ag an Treoir seo maidir leis an ngníomhaíocht arb éard í tiomáint mar a dhéanann na daoine seo a leanas:

(a)

náisiúnaigh de Bhallstát, agus

(b)

náisiúnaigh de thríú tíortha atá fostaithe nó a úsáideann gnóthas arna bhunú i mBallstát

(dá ngairtear “tiománaithe” anseo feasta), ar tiománaithe iad atá i mbun iompair de bhóthar laistigh den Aontas, ar bhóithre atá oscailte don phobal, agus leas á bhaint acu as:

feithiclí a n-éilítear ceadúnas tiomána de chatagóir C1, C1 + E, C nó C + E, mar a shainmhínítear i dTreoir 2006/126/CE, nó ceadúnas tiomána a aithnítear a bheith coibhéiseach leis, ina leith,

feithiclí a n-éilítear ceadúnas tiomána de chatagóir D1, D1 + E, D nó D + E, mar a shainmhínítear i dTreoir 2006/126/CE, nó ceadúnas tiomána a aithnítear a bheith coibhéiseach leis, ina leith.

Chun críocha na Treorach seo, léifear na tagairtí do chatagóirí ceadúnas tiomána a bhfuil comhartha (“ + ”) leo i gcomhréir leis an tábla comhfhreagrach a leagtar amach in Iarscríbhinn III a ghabhann leis an Treoir seo.

Airteagal 2

Díolúintí

1.   Ní bheidh feidhm ag an Treoir seo maidir le tiománaithe feithiclí:

(a)

nach sáraíonn a n-uasluas údaraithe 45 km/u;

(b)

atá in úsáid, nó faoi rialú, ag na fórsaí armtha, ag seirbhísí cosanta sibhialta, ag an tseirbhís dóiteáin, ag fórsaí atá freagrach as an ord poiblí a choimeád, agus seirbhísí otharchairr éigeandála, i gcás ina dtugtar faoin iompar mar thoradh ar na cúraimí a shanntar do na seirbhísí sin;

(c)

atá i mbun tástálacha bóthair maidir le forbairt theicniúil, chun críocha deisithe nó cothabhála, nó tiománaithe feithiclí nua nó atógtha nár cuireadh i seirbhís go fóill;

(d)

a n-éilítear ceadúnas tiomána de chatagóir D nó D1 ina leith agus a thiomáineann pearsanra cothabhála gan phaisinéirí chuig ionad cothabhála atá lonnaithe i limistéar na bunáite cothabhála is cóngaraí atá á húsáid ag an oibreoir iompair nó ón ionad sin, ar choinníoll nach ionann tiomáint na feithicle agus príomhghníomhaíocht an tiománaí;

(e)

a úsáidtear i gcásanna éigeandála nó a shanntar do mhisin tarrthála, lena n-áirítear feithiclí a úsáidtear le haghaidh iompar neamhthráchtála cabhrach daonnúil;

(f)

a úsáidtear le haghaidh teagasc tiomána agus chun tástáil a dhéanamh ar dhuine ar bith ar mian leis nó léi ceadúnas tiomána nó Deimhniú ar Inniúlacht Ghairmiúil (CPC) a ghnóthú, i gcomhréir le hAirteagal 6 agus le hAirteagal 8(1), ar choinníoll nach bhfuil siad á n-úsáid le haghaidh iompar tráchtála earraí agus paisinéirí;

(g)

a úsáidtear le haghaidh iompar neamhthráchtála paisinéirí nó earraí;

(h)

lena n-iompraítear ábhar, trealamh nó innealra lena úsáid ag na tiománaithe ina gcuid oibre, ar choinníoll nach í tiomáint na bhfeithiclí príomhghníomhaíocht na dtiománaithe.

Ag féachaint don chéad mhír, pointe (f), ní bheidh feidhm ag an Treoir seo maidir le haon duine ar mian leis nó léi ceadúnas tiomána nó CPC a fháil, i gcomhréir le hAirteagal 6 agus le hAirteagal 8(1), nuair atá an duine sin ag dul faoi oiliúint bhreise tiomána le linn foghlaim obairbhunaithe, ar choinníoll go bhfuil duine atá deimhnithe ag CPC, nó teagascóir tiomána, in éineacht leis an duine sin, don chatagóir feithicle a úsáidtear chun na críche a leagtar amach sa phointe sin.

2.   Ní bheidh feidhm ag an Treoir seo i gcás ina gcomhlíontar na coinníollacha uile seo a leanas:

(a)

feidhmíonn na tiománaithe feithiclí i gceantair tuaithe chun a ngnó féin a sholáthar;

(b)

ní thairgeann na tiománaithe seirbhísí iompair;

(c)

measann na Ballstáit gur iompar ócáideach atá ann agus nach bhfuil tionchar aige ar shábháilteacht ar bhóithre.

3.   Ní bheidh feidhm ag an Treoir seo maidir le tiománaithe feithiclí atá in úsáid, nó atá á bhfáil ar cíos gan tiománaí, ag gnóthais talmhaíochta, ghairneoireachta, foraoiseachta, iascaireachta nó iascaigh d’fhonn earraí a iompar mar chuid dá ngníomhaíocht fiontraíochta féin, ach amháin i gcás go bhfuil an tiomáint mar chuid de phríomhghníomhaíocht an tiománaí nó go sáraíonn an tiomáint achar a leagtar síos sa dlí náisiúnta ó bhunáit an ghnóthais a bhfuil an fheithicil faoi úinéireacht aige, á friliú aige nó á léasú aige.

Airteagal 3

Cáilíocht agus oiliúint

1.   Beidh an ghníomhaíocht arb éard í tiomáint dá dtagraítear in Airteagal 1 faoi réir cáilíocht tosaigh éigeantach agus oiliúint thréimhsiúil éigeantach. Chuige sin, soláthróidh na Ballstáit an méid seo a leanas:

(a)

córas cáilíochta tosaigh

Déanfaidh na Ballstáit cinneadh idir an dá rogha seo a leanas:

(i)

rogha lena gcomhcheanglaítear freastal ar chúrsa agus tástáil

I gcomhréir le Roinn 2, pointe 2.1 d’Iarscríbhinn I, is éard atá i gceist leis an gcáilíocht tosaigh ná freastal éigeantach ar chúrsa ar feadh tréimhse shonrach. Beidh tástáil ag deireadh an chúrsa. Tar éis an tástáil a chur i gcrích go rathúil, beidh an cháilíocht deimhnithe ag CPC mar a fhoráiltear in Airteagal 6(1), pointe (a);

(ii)

rogha nach mbeadh ach tástálacha i gceist leis

I gcomhréir le Roinn 2, pointe 2.2 d’Iarscríbhinn I, is éard atá i gceist leis an gcáilíocht tosaigh seo ná tástálacha teoiriciúla agus praiticiúla amháin, seachas freastal éigeantach ar chúrsa. Tar éis na tástálacha a chur i gcrích go rathúil, beidh an cháilíocht deimhnithe ag CPC mar a fhoráiltear in Airteagal 6(1), pointe (b).

Mar sin féin, féadfaidh Ballstát tiománaí a údarú tiomáint ina chríoch sula bhfaighidh sé CPC, le linn dó tabhairt faoi chúrsa gairmoiliúna náisiúnta a mhaireann sé mhí ar a laghad, ar feadh uastréimhse trí bliana. I gcomhthéacs an chúrsa gairmoiliúna seo, is féidir ná tástálacha dá dtagraítear i bpointí (i) agus (ii) a chur i gcrích i gcéimeanna;

(b)

córas oiliúna tréimhsiúla

I gcomhréir le Roinn 4 d’Iarscríbhinn I, is éard a bheidh i gceist le hoiliúint thréimhsiúil ná freastal éigeantach ar chúrsa. Beidh sé deimhnithe ag CPC, mar a fhoráiltear in Airteagal 8(1).

2.   Féadfaidh na Ballstáit foráil a dhéanamh freisin maidir le cáilíocht tosaigh luathaithe ionas go mbeidh tiománaí in ann tiomáint sna cásanna dá dtagraítear in Airteagal 5(2),pointe (a)(ii) agus pointe (b), agus Airteagal 5(3), pointe (a)(i) agus pointe (b).

I gcomhréir le Roinn 3 d’Iarscríbhinn I, is éard a bheidh i gceist leis an gcáilíocht tosaigh luathaithe ná freastal éigeantach ar chúrsa. Beidh tástáil ag deireadh an chúrsa. Tar éis an tástáil a chur i gcrích go rathúil, beidh an cháilíocht deimhnithe ag CPC mar a fhoráiltear in Airteagal 6(2).

3.   Féadfaidh na Ballstáit tiománaithe a bhfuil deimhniú ar inniúlacht ghairmiúil dá bhforáiltear i Rialachán (CE) Uimh. 1071/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (8) acu a dhíolmhú ó na tástálacha dá dtagraítear i mír 1, pointe (a)(i) agus (ii) agus i mír 2 den Airteagal seo, maidir leis na hábhair a chumhdaítear leis an tástáil dá bhforáiltear sa Rialachán sin agus, i gcás inarb iomchuí, iad a dhíolmhú ó fhreastal ar an gcuid comhfhreagrach den chúrsa.

Airteagal 4

Cearta faighte

Beidh na tiománaithe seo a leanas díolmhaithe ó na ceanglais maidir leis an gcáilíocht tosaigh a fháil:

(a)

tiománaithe a bhfuil ceadúnas tiomána de chatagóir D1, D1 + E, D nó D + E ina seilbh acu, nó ceadúnas tiomána a aithnítear a bheith coibhéiseach leis, arna eisiúint tráth nach déanaí ná an 9 Meán Fómhair 2008;

(b)

tiománaithe a bhfuil ceadúnas tiomána de chatagóir C1, C1 + E, C nó C + E ina seilbh acu, nó ceadúnas tiomána a aithnítear a bheith coibhéiseach leis, arna eisiúint tráth nach déanaí ná an 9 Meán Fómhair 2009.

Airteagal 5

Cáilíocht tosaigh

1.   Ní bheidh gá ceadúnas tiomána comhfhreagrach a bheith ag tiománaí roimh ré chun an cháilíocht tosaigh a fháil.

2.   Is féidir le tiománaithe feithiclí a bheartaítear a úsáid i gcomhair iompar earraí:

(a)

tiomáint ó 18 mbliana d’aois ar aghaidh:

(i)

feithicil i gcatagóirí ceadúnais tiomána C agus C + E a thiomáint, ar choinníoll go bhfuil CPC dá dtagraítear in Airteagal 6(1) acu;

(ii)

feithicil i gcatagóirí ceadúnais tiomána C1 agus C1 + E a thiomáint, ar choinníoll go bhfuil CPC dá dtagraítear in Airteagal 6(2) acu;

(b)

feithicil i gcatagóirí ceadúnais tiomána C agus C + E a thiomáint ó 21 bliain d’aois ar aghaidh, ar choinníoll go bhfuil CPC dá dtagraítear in Airteagal 6(2) acu.

3.   Is féidir le tiománaithe feithiclí a bheartaítear a úsáid i gcomhair iompar paisinéirí:

(a)

tiomáint ó 21 bliain d’aois ar aghaidh:

(i)

feithicil i gcatagóirí ceadúnais tiomána D agus D + E a thiomáint chun paisinéirí a iompar ar sheirbhísí rialta i gcás nach mbeidh turas níos faide ná 50 ciliméadar i gceist nó feithicil sna catagóirí ceadúnais tiomána D1 agus D1 + E, ar choinníoll go bhfuil CPC dá dtagraítear in Airteagal 6(2) acu.

Féadfaidh Ballstát ar bith tiománaithe feithiclí sna catagóirí sin a údarú na feithiclí sin a thiomáint ina chríoch ó 18 mbliana d’aois ar aghaidh, ar choinníoll go bhfuil CPC dá dtagraítear in Airteagal 6(1) acu;

(ii)

feithicil i gcatagóirí ceadúnais tiomána D agus D + E a thiomáint, ar choinníoll go bhfuil CPC dá dtagraítear in Airteagal 6(1) acu.

Féadfaidh Ballstát ar bith tiománaithe feithiclí i gcatagóirí sin a údarú na feithiclí sin a thiomáint ina chríoch ó 20 bliain d’aois ar aghaidh, ar choinníoll go bhfuil CPC dá dtagraítear in Airteagal 6(1) acu. Féadfar seo a ísliú go dtí 18 mbliana d’aois i gcás nach mbeidh paisinéirí á n-iompar ag an tiománaí;

(b)

feithicil i gcatagóirí ceadúnais tiomána D agus D + E a thiomáint, ó 23 bliain d’aois ar aghaidh, ar choinníoll go bhfuil CPC dá dtagraítear in Airteagal 6(2) acu.

4.   Gan dochar do na teorainneacha aoise a shonraítear i mír 2 den Airteagal seo, na tiománaithe a bhfuil earraí á n-iompar acu agus a bhfuil CPC acu, mar a fhoráiltear in Airteagal 6, le haghaidh ceann amháin de na catagóirí dá bhforáiltear i mír 2 den Airteagal seo, beidh siad díolmhaithe ó CPC a fháil d’aon chatagóir eile feithiclí dá dtagraítear sa mhír sin.

Beidh feidhm ag na forálacha sin de réir na gcoinníollacha céanna maidir le tiománaithe a bhfuil paisinéirí á n-iompar acu sna catagóirí dá dtagraítear i mír 3.

5.   Na tiománaithe sin a bhfuil earraí á n-iompar acu agus a leathnaíonn nó a athraíonn a ngníomhaíochtaí chun paisinéirí a iompar, nó vice versa, agus a bhfuil CPC mar a fhoráiltear in Airteagal 6 acu, ní bheidh orthu ach na codanna a bhaineann go sonrach leis an gcáilíocht nua a dhéanamh, seachas na codanna comhchoiteanna den tástáil a dhéanamh arís.

Airteagal 6

An cháilíocht tosaigh á deimhniú ag CPC

1.   Féadfar CPC a dhámhachtain chun cáilíocht tosaigh a dheimhniú, sna cúinsí seo a leanas:

(a)

CPC arna dhámhachtain ar bhonn freastal ar chúrsa agus tástáil

I gcomhréir le hAirteagal 3(1), pointe (a)(i), cuirfidh na Ballstáit de cheangal ar thiománaithe faoi oiliúint freastal ar chúrsaí in ionad oiliúna arna fhormheas ag na húdaráis inniúla i gcomhréir le Roinn 5 d’Iarscríbhinn I, (“ionad oiliúna formheasta”). Cumhdóidh na cúrsaí sin na hábhair uile dá dtagraítear i Roinn 1 d’Iarscríbhinn I. Tiocfaidh deireadh leis an oiliúint sin nuair a chuirfear an tástáil dá bhforáiltear i roinn 2, pointe 2.1 d’Iarscríbhinn I i gcrích go rathúil. Eagróidh údaráis inniúla na mBallstáit nó an t-eintiteas arna ainmniú acu an tástáil sin agus seiceálfaidh siad, maidir leis na hábhair dá dtagraítear i Roinn 1 d’Iarscríbhinn I, go mbeidh an leibhéal eolais a éilítear leis an Roinn sin ag na tiománaithe faoi oiliúint. Déanfaidh na húdaráis nó na heintitis sin maoirseacht ar an tástáil agus eiseoidh siad CPC lena ndeimhneofar cáilíocht tosaigh do na tiománaithe, tar éis dóibh an tástáil a chur i gcrích go rathúil.

(b)

CPC arna dhámhachtain ar bhonn tástálacha

I gcomhréir le hAirteagal 3(1), pointe (a)(ii), cuirfidh na Ballstáit de cheangal ar thiománaithe faoi oiliúint pas a fháil sna tástálacha teoiriciúla agus praiticiúla dá dtagraítear i Roinn 2, pointe 2.2 d’Iarscríbhinn I. Eagróidh údaráis inniúla na mBallstáit nó an t-eintiteas arna ainmniú acu an tástáil sin agus seiceálfaidh siad, maidir leis na hábhair dá dtagraítear i Roinn 1 d’Iarscríbhinn I, go mbeidh an leibhéal eolais a éilítear leis an Roinn sin, ag na tiománaithe faoi oiliúint. Déanfaidh na húdaráis nó na heintitis sin maoirseacht ar an tástáil agus eiseoidh siad CPC lena ndeimhneofar cáilíocht tosaigh do na tiománaithe, tar éis dóibh an tástáil a chur i gcrích go rathúil.

2.   Féadfar CPC a dhámhachtain chun cáilíocht tosaigh a dheimhniú.

I gcomhréir le hAirteagal 3(2), cuirfidh na Ballstáit de cheangal ar thiománaithe faoi oiliúint freastal ar chúrsaí in ionad oiliúna formheasta. Leis na cúrsaí sin cumhdófar na hábhair uile dá dtagraítear i Roinn 1 d’Iarscríbhinn I.

Cuirfear an oiliúint sin i gcrích leis an tástáil dá bhforáiltear i Roinn 3 d’Iarscríbhinn I. Eagróidh údaráis inniúla na mBallstát nó an t-eintiteas arna ainmniú acu an tástáil sin agus seiceálfaidh sé go mbeidh, maidir leis na hábhair dá dtagraítear i Roinn 1 d’Iarscríbhinn Ian leibhéal eolais a éilítear leis an Roinn sin ag na tiománaithe faoi oiliúint. Déanfaidh na húdaráis nó na heintitis sin maoirseacht ar an tástáil agus eisíodh siad CPC lena ndeimhnítear cáilíocht tosaigh do na tiománaithe, tar éis dóibh an tástáil a chur i gcrích go rathúil.

Airteagal 7

Oiliúint thréimhsiúil

Cuimseoidh oiliúint thréimhsiúil oiliúint lena gcuirfear ar chumas daoine ag a bhfuil CPC an t-eolas atá bunriachtanach dá gcuid oibre a choinneáil cothrom le dáta, agus béim ar leith á leagan ar shábháilteacht ar bhóithre, ar shláinte agus sábháilteacht ag an obair, agus ar an laghdú ar an tionchar comhshaoil a bhaineann leis an tiomáint.

Eagróidh ionad oiliúna formheasta an oiliúint sin, i gcomhréir le Roinn 5 d’Iarscríbhinn I. Cuimseoidh an oiliúint teagasc i seomra ranga, oiliúint phraiticiúil, agus oiliúint trí úsáid a bhaint as uirlisí TFC, má tá fáil orthu, nó as ionsamhlóirí den chéad scoth. Má bhogann an tiománaí chuig gnóthas eile, déanfar an oiliúint thréimhsiúil atá déanta cheana a chur san áireamh.

Déanfar oiliúint thréimhsiúil a dhearadh chun roinnt de na hábhair dá dtagraítear i Roinn 1 d’Iarscríbhinn I a fhorbairt agus athbhreithniú a dhéanamh orthu. Cuimseofar raon leathan ábhar inti agus beidh ábhar amháin ar a laghad a bhaineann le sábháilteacht ar bhóithre i gcónaí mar chuid di. Cuirfear san áireamh sna hábhair oiliúna forbairtí sa reachtaíocht ábhartha agus sa teicneolaíocht ábhartha, agus cuirfear san áireamh, a mhéid is féidir, riachtanais oiliúna shonracha an tiománaí.

Airteagal 8

Oiliúint thréimhsiúil á deimhniú ag CPC

1.   Nuair a bheidh an oiliúint thréimhsiúil dá dtagraítear in Airteagal 7 curtha i gcrích ag tiománaí eiseoidh údaráis inniúla na mBallstát nó an t-ionad oiliúna formheasta CPC lena ndeimhnítear gur cuireadh an oiliúint thréimhsiúil i gcrích.

2.   Rachaidh sealbhóirí CPC mar a fhoráiltear in Airteagal 6 faoin gcéad chúrsa den oiliúint thréimhsiúil laistigh de chúig bliana ó eisíodh an CPC sin.

Féadfaidh na Ballstáit an tréimhse ama dá dtagraítear sa chéad fhomhír a laghdú nó a shíneadh, inter alia, ionas go mbeidh an tréimhse sin ar aon tráth le dáta éaga an cheadúnais tiomána. Ní fhéidir leis an tréimhse seo a bheith níos giorra ná trí bliana nó níos faide ná seacht mbliana, áfach.

3.   Tiománaí a bhfuil an chéad chúrsa d’oiliúint thréimhsiúil dá dtagraítear i mír 2 nó i gcomhréir le hAirteagal 8(2), an chéad fhomhír, pointe (b), de Threoir 2003/59/CE curtha i gcrích aige, rachaidh sé faoi oiliúint thréimhsiúil gach cúig bliana, roimh dheireadh thréimhse bhailíochta CPC lena ndeimhnítear gur cuireadh an oiliúint thréimhsiúil i gcrích.

4.   Maidir le sealbhóirí CPC dá dtagraítear in Airteagal 6 nó CPC dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo agus na tiománaithe dá dtagraítear in Airteagal 4 nach bhfuil ag gabháil a thuilleadh chun a ngairmeacha a shaothrú agus nach gcomhlíonann ceanglais mhíreanna 1, 2 agus 3 den Airteagal seo, rachaidh siad faoi chúrsa d’oiliúint thréimhsiúil sula dtosaíonn siad arís ar an ngairm a shaothrú.

5.   Na tiománaithe sin a bhfuil earraí nó paisinéirí á n-iompar acu ar bhóithre agus a bhfuil cúrsaí d’oiliúint thréimhsiúil le haghaidh ceann amháin de na catagóirí ceadúnais tiomána dá dtagraítear in Airteagal 5(2) nó (3) curtha i gcrích acu, beidh siad díolmhaithe ón oibleagáid tabhairt faoi tuilleadh oiliúint thréimhsiúil le haghaidh aon cheann de na catagóirí eile dá bhforáiltear sna míreanna sin.

Airteagal 9

Ionad oiliúna

Gnóthóidh tiománaithe dá dtagraítear in Airteagal 1, pointe (a), den Treoir seo an cháilíocht tosaigh dá dtagraítear in Airteagal 5 den Treoir seo sa Bhallstát ina bhfuil gnáthchónaí orthu, mar a shainmhínítear in Airteagal 12 de Threoir 2006/126/CE.

Gheobhaidh na tiománaithe dá dtagraítear in Airteagal 1, pointe (b), an cháilíocht tosaigh sa Bhallstát ina bhfuil an gnóthas bunaithe nó sa Bhallstát a d’eisigh cead oibre dóibh.

Rachaidh na tiománaithe dá dtagraítear in Airteagal 1, pointí (a) agus (b), faoi oiliúint thréimhsiúil dá dtagraítear in Airteagal 7 sa Bhallstát ina bhfuil gnáthchónaí orthu nó sa Bhallstát ina bhfuil siad ag obair.

Airteagal 10

Cód an Aontais

1.   Ar bhonn CPC cáilíocht tosaigh a dheimhniú agus ar bhonn CPC oiliúint thréimhsiúil a dheimhniú, déanfaidh údaráis inniúla na mBallstát, agus forálacha Airteagal 5(2) agus (3) agus Airteagail 8 den Treoir seo á gcur san áireamh acu, cód comhchuibhithe Aontais, “95” dá bhforáiltear in Iarscríbhinn I a ghabhann le Treoir 2006/126/CE a shonrú, i dteannta na gcatagóirí comhfhreagracha ceadúnais:

ar an gceadúnas tiománaí, nó

ar an gcárta cáilíochta tiománaí arna dhréachtú i gcomhréir leis an tsamhail chaighdeánach a léirítear in Iarscríbhinn II a ghabhann leis an Treoir seo.

Mura féidir le húdaráis inniúla an Bhallstáit ina bhfuarthas CPC cód comhchuibhithe an Aontais a shonrú ar an gceadúnas tiomána, déanfaidh siad cárta cáilíochta tiománaí a eisiúint chuig an tiománaí.

Déanfar an cárta cáilíochta tiománaí arna eisiúint ag Ballstát a aithint go frithpháirteach. Nuair a eiseofar an cárta cáilíochta tiománaí, seiceálfaidh na húdaráis inniúla bailíocht an cheadúnais tiomána le haghaidh chatagóir na feithicle lena mbaineann.

2.   Tabharfar cead, freisin, do thiománaí dá dtagraítear in Airteagal 1, pointe (b), den Treoir seo a thiomáineann feithiclí a úsáidtear chun earraí a iompar de bhóthar a chruthú go bhfuil an cháilíocht agus an oiliúint aige nó aici dá bhforáiltear sa Treoir seo trí bhíthin an fhianaithe tiománaí dá bhforáiltear i Rialachán (CE) Uimh. 1072/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (9), ar choinníoll go bhfuil cód an Aontais, “95”, air. Chun críocha na Treorach seo, déanfaidh an Ballstát eisiúna cód an Aontais, “95”, a shonrú i roinn nótaí an fhianaithe más rud é gur chomhlíon an tiománaí lena mbaineann na ceanglais cháilíochta agus na ceanglais oiliúna dá bhforáiltear sa Treoir seo.

3.   Glacfar le fianuithe tiománaí nach bhfuil cód an Aontais, “95”, orthu agus a eisíodh roimh 23 Bealtaine 2020, i gcomhréir le hAirteagal 5, agus go háirithe le mír 7, de Rialachán (CE) Uimh. 1072/2009, d’fhonn comhlíonadh na riachtanas oiliúna faoin Treoir seo a dheimhniú, glacfar leis sin mar chruthúnas ar cháilíocht go dtí a ndáta éaga.

Airteagal 11

Líonra forfheidhmithe

1.   Déanfaidh Ballstáit, chun críocha forfheidhmithe, faisnéis a mhalartú ar CPCanna a eisíodh nó a aistarraingíodh. Chun na críche sin, déanfaidh na Ballstáit, i gcomhréir leis an gCoimisiún, líonra leictreonach a fhorbairt nó obair a dhéanamh ar shíneadh líonra atá ann cheana, ag cur san áireamh measúnú ón gCoimisiún ar an rogha is costéifeachtaí.

2.   D’fhéadfaí faisnéis atá in CPCanna a bheith sa líonra mar aon le faisnéis a bhaineann le nósanna imeachta riaracháin a bhaineann le CPCanna.

3.   Déanfaidh na Ballstáit a áirithiú go ndéanfar sonraí pearsanta a phróiseáil chun a fhíorú go gcomhlíonfar an Treoir seo agus chun na críche sin amháin, go háirithe na riachtanais oiliúna a leagtar síos sa Treoir seo, i gcomhréir le Rialachán (AE) 2016/679 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (10).

4.   Déanfar rochtain ar an líonra a shlánú. Féadfaidh na Ballstáit rochtain a thabhairt do na húdaráis inniúla atá freagrach as an Treoir seo a chur chun feidhme agus a chomhlíonadh a rialú.

Airteagal 12

Oiriúnú don dul chun cinn eolaíoch agus teicniúil

Tugtar de chumhacht don Choimisiún chun gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 13 maidir le leasú a dhéanamh ar Iarscríbhinní I agus II chun iad a oiriúnú don dul chun cinn eolaíoch agus teicniúil.

Airteagal 13

An tarmligean a fheidhmiú

1.   Is faoi réir na gcoinníollacha a leagtar síos san Airteagal seo a thugtar an chumhacht don Choimisiún chun gníomhartha tarmligthe a ghlacadh.

2.   Déanfar an chumhacht chun gníomhartha tarmligthe dá dtagraítear in Airteagal 12 a thabhairt don Choimisiún go ceann tréimhse 5 bliana ón 26 Iúil 2019. Déanfaidh an Coimisiún, tráth nach déanaí ná 9 mí roimh dheireadh na tréimhse 5 bliana, tuarascáil a tharraingt suas maidir le tarmligean na cumhachta. Déanfar tarmligean na cumhachta a fhadú go hintuigthe go ceann tréimhsí comhfhaid, mura rud é go gcuireann Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle in aghaidh an fhadaithe sin tráth nach déanaí ná 3 mhí roimh dheireadh gach tréimhse.

3.   Féadfaidh Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle tarmligean na cumhachta dá dtagraítear in Airteagal 12 a chúlghairm aon tráth. Déanfaidh cinneadh chun cúlghairm a dhéanamh deireadh a chur le tarmligean na cumhachta atá sonraithe sa chinneadh sin. Gabhfaidh éifeacht leis an lá tar éis fhoilsiú an chinnidh in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh nó ar dháta níos déanaí a shonrófar sa chinneadh. Ní dhéanfaidh sé difear do bhailíocht aon ghníomhartha tarmligthe atá i bhfeidhm cheana.

4.   Roimh dó gníomh tarmligthe a ghlacadh, rachaidh an Coimisiún i mbun comhairliúchán le saineolaithe arna n-ainmniú ag gach Ballstát i gcomhréir leis na prionsabail a leagtar síos i gComhaontú Idirinstitiúideach an 13 Aibreán 2016 maidir le Reachtóireacht Níos Fearr.

5.   A luaithe a ghlacfaidh sé gníomh tarmligthe, tabharfaidh an Coimisiún fógra, an tráth céanna, do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle faoi.

6.   Ní thiocfaidh gníomh tarmligthe a ghlactar de bhun Airteagal 12 i bhfeidhm ach amháin mura mbeidh aon agóid curtha in iúl ag Parlaimint na hEorpa ná ag an gComhairle laistigh de thréimhse 2 mhí tar éis fógra faoin ngníomh sin a thabhairt do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle nó más rud é, roimh dhul in éag na tréimhse sin, go mbeidh Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle araon tar éis a chur in iúl don Choimisiún nach ndéanfaidh siad aon agóid. Déanfar an tréimhse sin a fhadú 2 mhí ar thionscnamh Pharlaimint na hEorpa nó na Comhairle.

Airteagal 14

Aisghairm

Aisghairtear Treoir 2003/59/CE, arna leasú leis na gníomhartha a liostaítear i gCuid A d’Iarscríbhinn IV, gan dochar d’oibleagáidí na mBallstát maidir leis na teorainneacha ama chun na Treoracha a leagtar amach i gCuid B d’Iarscríbhinn IV a thrasuí sa dlí náisiúnta agus maidir le dátaí chur i bhfeidhm na dTreoracha sin.

Déanfar tagairtí don Treoir aisghairthe a fhorléiriú mar thagairtí don Treoir seo agus léifear iad i gcomhréir leis an tábla comhghaoil atá in Iarscríbhinn V.

Airteagal 15

Teacht i bhfeidhm

Tiocfaidh an Treoir seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Airteagal 16

Seolaithe

Dírítear an Treoir seo chuig na Ballstáit.

Arna dhéanamh in Strasbourg, 14 Nollaig 2022.

Thar ceann Pharlaimint na hEorpa

An tUachtarán

R. METSOLA

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

M. BEK


(1)  IO C 155, 30.4.2021, lch. 78.

(2)  Seasamh ó Pharlaimint na hEorpa an 22 Samhain 2022 (nár foilsíodh fós san Iris Oifigiúil) agus cinneadh ón gComhairle an 8 Nollaig 2022.

(3)  Treoir 2003/59/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 15 Iúil 2003 maidir le cáilíocht tosaigh agus oiliúint thréimhsiúil tiománaithe feithiclí áirithe bóthair i gcomhar iompar earraí agus paisinéirí, lena leasaítear Rialachán (CEE) Uimh. 3820/85 ón gComhairle agus Treoir 91/439/CEE ón gComhairle agus lena n-aisghairtear Treoir 76/914/CEE ón gComhairle (IO L 226, 10.9.2003, lch. 4).

(4)  Féach Iarscríbhinn IV, Cuid A.

(5)  IO L 282, 19.10.2016, lch. 4.

(6)  Treoir 2006/126/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Nollaig 2006 maidir le ceadúnais tiomána (IO L 403, 30.12.2006, lch. 18).

(7)  IO L 123, 12.5.2016, lch. 1.

(8)  Rialachán (CE) Uimh. 1071/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 21 Deireadh Fómhair 2009 lena mbunaítear rialacha comhchoiteanna maidir leis na coinníollacha a bheidh le comhlíonadh chun gairm an oibreora iompair de bhóthar a chleachtadh agus lena n-aisghairtear Treoir 96/26/CE ón gComhairle (IO L 300, 14.11.2009, lch. 51).

(9)  Rialachán (CE) Uimh. 1072/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 21 Deireadh Fómhair 2009 maidir le rialacha comhchoiteanna le haghaidh rochtain ar an margadh idirnáisiúnta tarlaithe de bhóthar (IO L 300, 14.11.2009, lch. 72).

(10)  Rialachán (AE) 2016/679 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 27 Aibreán 2016 maidir le daoine nádúrtha a chosaint i ndáil le sonraí pearsanta a phróiseáil agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin, agus lena n-aisghairtear Treoir 95/46/CE (An Rialachán Ginearálta maidir le Cosaint Sonraí) (IO L 119, 4.5.2016, lch. 1).


IARSCRÍBHINN I

ÍOSCHEANGLAIS CHÁILÍOCHTA AGUS OILIÚNA

Roinn 1:

Liosta ábhar

Maidir leis an eolas atá le cur san áireamh ag na Ballstáit agus cáiliú tosaigh agus oiliúint thréimhsiúil an tiománaí á suí, ní mór ar a laghad na hábhair ar an liosta seo a áireamh. Ní mór do thiománaithe faoi oiliúint an leibhéal eolais agus an inniúlacht phraiticiúil is gá a bhaint amach chun tiomáint i bhfeithiclí sábháilteachta uile na catagóire ceadúnais tiomána ábhartha.

Beidh an leibhéal íosta cáilíochta inchomparáide le leibhéal 2 ar a laghad den Chreat Eorpach um Cháilíochtaí, dá bhforáiltear in Iarscríbhinn II a ghabhann leis an Moladh ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Aibreán 2008 (1).

1.   Ardoiliúint i dtiomáint stuama bunaithe ar rialacháin sábháilteachta

Gach cineál ceadúnais tiomána

1.1.

Cuspóir: eolas a ghnóthú ar shaintréithe an chórais tarchurtha chun an úsáid is fearr is féidir a bhaint as:

cuair a bhaineann le casmhóimint, cumhacht, agus ídiú sonrach innill, an t-achar is gá chun an úsáid is fearr is féidir a bhaint as áiritheoir casaidh, léaráidí cóimheasa bosca giarála.

1.2.

Cuspóir: eolas a ghnóthú ar shaintréithe teicniúla agus oibriú teicniúil na rialuithe sábháilteachta chun an fheithicil a rialú, caitheamh agus cuimilt a íoslaghdú agus mífheidhmiú a chosc:

teorainneacha le húsáid na gcoscán agus an choscáin innill, úsáid chomhcheangailte na gcoscán agus an choscáin innill, úsáid níos fearr a bhaint as luas agus as an gcóimheas bosca giarála, úsáid a bhaint as táimhe feithicle, úsáid a bhaint as bealaí chun moilliú agus coscánú ar stráicí le fána, bearta i gcás cliseadh, úsáid a bhaint as feistí leictreonacha agus meicniúla amhail Clár Cobhsaíochta Leictreonach (ESP), Ardchórais Coscánaithe Éigeandála (AEBS), Córas Coscánaithe Frithghlasála (ABS), córais rialaithe tarraingthe (TCS) agus córais faireacháin infheithicle (IVMS) agus as feistí cúnaimh tiománaí nó feistí uathoibrithe eile atá formheasta lena n-úsáid.

1.3.

Cuspóir: an cumas chun an t-ídiú breosla a bharrfheabhsú:

an t-ídiú breosla a bharrfheabhsú trí fhios gnó a chur i bhfeidhm i dtaca le pointe 1.1 agus pointe 1.2, an tábhacht a bhaineann leis an sruth tráchta a réamh-mheas, leis an bhfad cuí a choinneáil ó fheithiclí eile agus le móiminteam na feithicle a úsáid, le luas seasta, le stíl shocair tiomána agus le brú cuí bonn, agus eolas ar chórais iompair chliste a chuirfidh feabhas ar éifeachtúlacht tiomána agus a chabhróidh le pleanáil bhealaigh.

1.4.

Cuspóir: an cumas chun rioscaí sa trácht a réamh-mheas agus a mheasúnú, agus chun oiriúnú dóibh:

a bheith eolach ar dhálaí éagsúla bóthair, tráchta agus aimsire, agus oiriúnú dóibh, agus a bheith ag súil le himeachtaí atá le teacht; a thuiscint conas turas a ullmhú agus a phleanáil le linn dálaí aimsire neamhghnácha; a bheith eolach ar threalamh sábháilteachta gaolmhar a úsáid agus a thuiscint cathain is gá turas a chur siar nó a chur ar ceal mar gheall ar dhálaí adhaimsire; oiriúnú do na rioscaí tráchta, lena n-áirítear iompar contúirteach sa trácht nó tiomáint agus seachrán ar dhuine (de bharr gléasanna leictreonacha, ó bheith ag ithe, ó bheith ag ól, etc.); cásanna contúirteacha a aithint agus oiriúnú dóibh agus a bheith ábalta déileáil leis an strus a eascraíonn astu, go háirithe cásanna a bhaineann le méid agus meáchan na bhfeithiclí agus le húsáideoirí leochaileacha bóithre amhail coisithe, rothaithe agus dé-rothaigh chumhachtaithe;

guaiseanna féideartha a shainaithint agus tuiscint cheart a ghnóthú ar conas a d’fhéadfadh na cásanna sin iompú ina gcásanna nach mbeifí in ann tuairteanna a sheachaint a thuilleadh agus bearta a roghnú agus a chur chun feidhme lena méadófaí an lamháil sábháilteachta an oiread is go bhféadfaí tuairt a sheachaint fós i gcás ina dtarlódh na guaiseanna féideartha.

Ceadúnais tiomána C, C + E, C1, C1 + E

1.5.

Cuspóir: an cumas chun an fheithicil a lódáil, agus aird chuí á tabhairt ar rialacha sábháilteachta agus ar úsáid chuí feithicle:

fórsaí a imríonn tionchar ar fheithiclí agus iad ag gluaiseacht, cóimheasa bosca giarála a úsáid de réir lasta na feithicle agus phróifíl an bhóthair, córais thras-seolta uathoibríoch a úsáid, pálasta na feithicle nó na cóimeála a ríomh, an toirt iomlán a ríomh, dáileadh an lasta, na hiarmhairtí a bhaineann leis an acastóir a rólódáil, cobhsaíocht agus meáchanlár na feithicle, cineálacha pacáistíochta agus pailléad;

na príomhchatagóirí earraí nach mór a dhaingniú, teicnící clampála agus daingnithe, strapaí daingnithe a úsáid, feistí daingnithe a sheiceáil, trealamh láimhseála a úsáid, tarpóil a leagan agus a bhaint.

Ceadúnais tiomána D, D + E, D1, D1 + E

1.6.

Cuspóir: an cumas compord agus sábháilteacht paisinéirí a áirithiú:

gluaiseacht chomhréireach agus chliathánach a choigeartú, comhroinnt bóthair, suíomh ar an mbóthar, coscánú rianúil, oibríocht starrtha, bonneagair shonracha a úsáid (limistéir phoiblí, lánaí tiomnaithe), coinbhleachtaí idir tiomáint shábháilte agus róil eile mar thiománai a bhainistiú, idirghníomhú le paisinéirí, na tréithe speisialta de ghrúpaí paisinéirí áirithe (daoine faoi mhíchumas, páistí).

1.7.

Cuspóir: an cumas chun an fheithicil a lódáil, agus aird chuí á tabhairt ar rialacha sábháilteachta agus ar úsáid chuí feithicle:

fórsaí a imríonn tionchar ar fheithiclí agus iad ag gluaiseacht, cóimheasa bosca giarála a úsáid de réir lasta na feithicle agus phróifíl an bhóthair, córais thras-seolta uathoibríoch a úsáid, pálasta na feithicle nó na cóimeála a ríomh, an toirt iomlán a ríomh, dáileadh an lasta, na hiarmhairtí a bhaineann leis an acastóir a rólódáil, cobhsaíocht agus meáchanlár na feithicle.

2.   Cur i bhfeidhm rialachán

Gach cineál ceadúnais tiomána

2.1.

Cuspóir: eolas a ghnóthú ar thimpeallacht shóisialta an iompair de bhóthar agus na rialacha lena rialaítear í:

tréimhsí uasta oibre atá sonrach don tionscal iompair; prionsabail, cur i bhfeidhm agus iarmhairtí Rialachán (CE) Uimh. 561/2006 (2) agus Rialachán (AE) Uimh. 165/2014 (3) ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle; pionóis as mainneachtain an tacagraf a úsáid, as é a úsáid go míchuí agus as crioscaíl a dhéanamh leis; eolas ar thimpeallacht shóisialta an iompair de bhóthar; na cearta atá ag tiománaithe agus na dualgais atá orthu i dtaca le cáilíocht tosaigh agus le hoiliúint thréimhsiúil.

Ceadúnais tiomána C, C + E, C1, C1 + E

2.2.

Cuspóir: eolas a ghnóthú ar na rialacháin lena rialaítear iompar earraí:

ceadúnais oibríochta iompair, doiciméid le hiompar san fheithicil, coisc ar bhóithre áirithe a úsáid, táillí ar úsáid bóithre, oibleagáidí faoi chonarthaí caighdeánacha maidir le hiompar earraí, doiciméid a dhréachtú lena gcruthófar an conradh iompair, ceadanna iompair idirnáisiúnta, oibleagáidí faoin gCoinbhinsiún ar an gConradh le haghaidh Iompar Idirnáisiúnta Earraí de Bhóthar, an nóta coinsíneachta idirnáisiúnta a dhréachtú, teorainneacha a thrasnú, seoltóirí lasta, doiciméid speisialta a ghabhann le hearraí.

Ceadúnais tiomána D, D + E, D1, D1 + E

2.3.

Cuspóir: eolas a ghnóthú ar na rialacháin lena rialaítear iompar paisinéirí:

iompar grúpaí sonracha paisinéirí, trealamh sábháilteachta ar bord busanna, criosanna sábhála, ualach na feithicle.

3.   Sláinte, sábháilteacht ar bhóithre agus sábháilteacht comhshaoil, seirbhís, lóistíocht

Gach cineál ceadúnais tiomána

3.1.

Cuspóir: tiománaithe a chur ar an eolas faoi rioscaí ar bhóithre agus timpistí a tharlaíonn ar láthair na hoibre:

na cineálacha timpistí a tharlaíonn ar láthair oibre san earnáil iompair, staidrimh faoi thimpistí ar bhóithre, timpistí a bhfuil baint ag leoraithe/cóistí leo, na hiarmhairtí daonna, ábhartha agus airgeadais.

3.2.

Cuspóir: an cumas an choiriúlacht agus gáinneáil ar imircigh neamhdhleathacha a chosc:

faisnéis ghinearálta, impleachtaí le haghaidh tiománaithe, bearta coisctheacha, seicliosta, reachtaíocht maidir le dliteanas oibreoirí iompair.

3.3.

Cuspóir: an cumas rioscaí fisiciúla a chosc:

prionsabail eirgeanamaíochta; gluaiseachtaí agus iompair an choirp a mbaineann baol leo, folláine fhisiceach, cleachtaí láimhseála, cosaint phearsanta.

3.4.

Cuspóir: feasacht maidir leis an tábhacht a bhaineann le cumas fisiciúil agus cumas intinne:

na prionsabail a bhaineann le haiste bia fholláin chothrom, éifeachtaí alcóil nó drugaí nó substaint ar bith eile a d’fhéadfadh tionchar a bheith aici ar iompar pearsanta, siomptóim, cúiseanna, éifeachtaí tuirse agus struis, ról bunúsach an timthrialla oibre/sosa.

3.5.

Cuspóir: an cumas measúnú a dhéanamh ar staideanna éigeandála:

iompar le linn staid éigeandála: measúnú a dhéanamh ar an staid, aimhréidheanna timpiste a sheachaint, cúnamh a lorg, cúnamh a thabhairt do thaismigh agus cóireáil gharchabhrach a thabhairt do dhaoine, freagairt i gcás tine, taistealaithe i leoraí/paisinéirí i mbus a aslonnú, sábháilteacht gach paisinéara a áirithiú, freagairt i gcás gníomh ionsaithe; na bunphrionsabail maidir le tuairisc ar thimpiste a dhréachtú.

3.6.

Cuspóir: an cumas gníomhú ar bhealach a chuireann le híomhá na cuideachta:

iompar an tiománaí agus íomhá na cuideachta: a thábhachtaí is atá caighdeán seirbhíse an tiománaí don chuideachta, róil an tiománaí, na daoine lena mbeidh an tiománaí ag déileáil, cothabháil feithiclí, eagrúchán oibre, na héifeachtaí tráchtála agus airgeadais a bhaineann le díospóid.

Ceadúnais tiomána C, C + E, C1, C1 + E

3.7.

Cuspóir: eolas a ghnóthú ar thimpeallacht eacnamaíoch tarlaithe bóthair agus ar chomheagrú an mhargaidh:

iompar de bhóthar i dtaca le modhanna eile iompair (iomaíocht, seoladóirí), gníomhaíochtaí difriúla iompair de bhóthar (iompar ar fruiliú nó ar airgead, iompar ar a chuntas féin, gníomhaíochtaí iompair tánaisteacha), eagrú na bpríomhchineálacha cuideachtaí iompair agus na bpríomhchineálacha gníomhaíochtaí iompair tánaisteacha, speisialtóireachtaí difriúla iompair (tancaer, teocht rialaithe, earraí contúirteacha, iompar ainmhithe, etc.), athruithe sa tionscal (éagsúlú na seirbhísí arna gcur ar fáil, iarnród, fochonraitheoireacht, etc.).

Ceadúnais tiomána D, D + E, D1, D1 + E

3.8.

Cuspóir: eolas a ghnóthú ar thimpeallacht eacnamaíoch an iompair paisinéirí de bhóthar agus ar chomheagrú an mhargaidh:

iompar paisinéirí de bhóthar i dtaca le modhanna eile iompair paisinéirí (iarnród, carr príobháideach), gníomhaíochtaí difriúla lena mbaineann iompar paisinéirí de bhóthar, feasacht ar mhíchumas, trasnú teorainneacha (iompar idirnáisiúnta), eagrú na bpríomhchineálacha cuideachtaí atá ag gabháil d’iompar paisinéirí de bhóthar.

Roinn 2:

Cáilíocht tosaigh éigeantach dá bhforáiltear in Airteagal 3(1)(a)

2.1.

Rogha lena gcomhcheanglaítear freastal ar chúrsa agus tástáil

Ní mór teagasc na n-ábhar go léir atá sa liosta faoi Roinn 1 a bheith ar áireamh sa cháilíocht tosaigh. Ní mór fad na cáilíochta tosaigh sin a bheith cothrom le 280 uair.

Ní mór do gach tiománaí faoi oiliúint tiomáint ina aonar ar feadh 20 uair ar a laghad i bhfeithicil atá den chatagóir i dtrácht agus a chomhlíonann, ar a laghad, na ceanglais le haghaidh feithiclí tástála, mar a leagtar amach i dTreoir 2006/126/CE.

Agus é ag tiomáint ina aonar, ní mór teagascóir atá fostaithe in ionad oiliúna formheasta a bheith in éineacht le tiománaí faoi oiliúint. Féadfaidh gach tiománaí 8 n-uaire ar a mhéad den 20 uair den tiomáint aonair a chaitheamh ag tiomáint ar thír-raon speisialta nó ar ionsamhlóir den chéad scoth le go mbeifear in ann measúnú a dhéanamh ar an oiliúint i dtiomáint stuama bunaithe ar rialacháin sábháilteachta, agus go háirithe i dtaca le láimhseáil feithicle i ndálaí difriúla bóthair agus ar an dóigh a n-athraíonn na dálaí bóthair sin de réir dálaí difriúla atmaisféir agus de réir an ama sa lá nó san oíche agus ar an gcumas chun ídiú breosla a bharrfheabhsú.

Féadfaidh na Ballstáit a cheadú go soláthróidh an t-ionad oiliúna formheasta cuid den oiliúint trí úsáid a bhaint as uirlisí TFC amhail an ríomhfhoghlaim, agus ardcháilíocht agus éifeachtúlacht na hoiliúna á gcoimeád acu ag an am céanna, agus trí na hábhair a roghnú inar féidir uirlisí TFC a úsáid ar an mbealach is éifeachtaí. Go háirithe, éileoidh na Ballstáit aitheantas úsáideora iontaofa agus modhanna rialaithe iomchuí. Féadfaidh na Ballstáit oiliúint shonrach mar a cheanglaítear faoi reachtaíocht eile an Aontais a áireamh mar chuid den oiliúint. Aírítear léi seo, oiliúint in iompar earraí contúirteacha a cheanglaítear faoi Threoir 2008/68/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (4), oiliúint i bhfeasacht ar mhíchumas faoi Rialachán (AE) Uimh. 181/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (5) agus oiliúint in iompar ainmhithe faoi Rialachán (CE) Uimh. 1/2005 ón gComhairle (6), ach níl sí teoranta don oiliúint sin.

I gcás na dtiománaithe dá dtagraítear in Airteagal 5(5), ní mór fad na cáilíochta tosaigh a bheith cothrom le 70 uair, lena n-áirítear 5 huaire de thiomáint ina n-aonar.

Ar chur i gcrích na hoiliúna sin, déanfaidh údaráis inniúla na mBallstát nó an t-eintiteas atá ainmnithe acu tástáil scríofa nó tástáil ó bhéal a chur ar an tiománaí. Ní mór ceist amháin ar a laghad ar gach ceann de na cuspóirí sa liosta ábhar faoi Roinn 1 a bheith ar áireamh sa tástáil.

2.2.

Rogha a bhfuil tástálacha i gceist léi

Eagróidh údarás inniúla na mBallstát nó an t-eintiteas atá ainmnithe acu na tástálacha teoiriciúla agus praiticiúla dá dtagraítear in Airteagal 3(1), pointe (a)(ii) chun a sheiceáil an bhfuil an leibhéal eolais a éilítear le Roinn 1 maidir leis na hábhair agus na cuspóirí atá liostáilte ann ag an tiománaí faoi oiliúint.

(a)

Beidh dhá chuid ar a laghad sa thástáil teoiriciúil:

(i)

ceisteanna lena n-áirítear ceisteanna ilrogha ceisteanna a éilíonn freagraí díreacha, nó meascán den dá cheann;

(ii)

cás-staidéir.

Ní mór go mairfidh an tástáil teoiriciúil ceithre uair an chloig ar a laghad.

(b)

Beidh dhá chuid sa thástáil praiticiúil:

(i)

tástáil tiomána atá dírithe ar oiliúint i dtiomáint stuama bunaithe ar rialacháin sábháilteachta a mheasúnú. Ní mór go ndéanfar an tástáil seo, nuair is féidir, ar shráideanna lasmuigh de cheantar uirbeach, ar shráideanna ardluais, ar mhótarbhealaí (nó a leithéidí), agus ar gach cineál mórbhealach uirbeach ar a mbeadh na cineálacha deacrachtaí éagsúla a d’fhéadfadh a bheith ag tiománaí. Bheadh sé inmhianaithe go ndéanfaí an tástáil i ndálaí éagsúla dlúis tráchta. Ní mór an úsáid is fearr is féidir a bhaint as an am tiomána ar bhóithre chun measúnú a dhéanamh ar an iarratasóir i ngach limistéar tráchta a bhíonn le sárú. Ní mór go mairfidh an tástáil seo 90 nóiméad ar a laghad;

(ii)

tástáil phraiticiúil lena gcumhdófar pointí 1.5, 1.6, 1.7, 3.2, 3.3 agus 3.5 ar a laghad. Ní mór go mairfidh an tástáil seo 30 nóiméad ar a laghad.

Ní mór an fheithicil a úsáidtear le haghaidh na tástála praiticiúla na ceanglais le haghaidh feithiclí tástála, ar a laghad, a chomhlíonadh, mar a leagtar amach i dTreoir 2006/126/CE.

Féadfar cur leis an tástáil praiticiúil trí tríú tástáil a dhéanamh ar thír-raon speisialta nó ar ionsamhlóir den chéad scoth le go mbeifear in ann measúnú a dhéanamh ar an oiliúint i dtiomáint stuama bunaithe ar rialacháin sábháilteachta, agus go háirithe i dtaca le láimhseáil feithicle i ndálaí difriúla bóthair agus ar an mbealach a n-athraíonn na dálaí bóthair sin de réir dálaí difriúla atmaisféir agus de réir an ama sa lá nó san oíche.

Níl fad ama faoi leith ag baint leis an tástáil roghnach seo. Más rud é go dtéann tiománaí faoin tástáil seo, féadfar an fad ama a bhaint ó na 90 nóiméad a mhaireann an tástáil tiomána dá dtagraítear faoi phointe (i), ach ní fhéadfar an t-am a mbainfear dul thar 30 nóiméad.

Maidir leis na tiománaithe dá dtagraítear in Airteagal 5(5), ní mór an tástáil teoiriciúil a bheith teoranta do na hábhair dá dtagraítear i Roinn 1 atá ábhartha do na feithiclí lena mbaineann an cáilíocht tosaigh. Mar sin féin, ní mór do na tiománaithe sin an tástáil praiticiúil iomlán a dhéanamh.

Roinn 3:

Cáilíocht tosaigh luathaithe dá bhforáiltear in Airteagal 3(2)

Ní mór teagasc na n-ábhar go léir sa liosta i Roinn 1 a bheith ar áireamh sa cháilíocht tosaigh luathaithe. Ní mór fad na cáilíochta tosaigh luathaithe sin a bheith cothrom le 140 uair.

Ní mór do gach oiliúnaí tiomáint ina aonar ar feadh 10 n-uaire ar a laghad i bhfeithicil atá den chatagóir i dtrácht agus a chomhlíonann, ar a laghad, na ceanglais le haghaidh feithiclí tástála, mar a leagtar amach i dTreoir 2006/126/CE.

Agus é ag tiomáint ina aonar, ní mór teagascóir atá fostaithe in ionad oiliúna formheasta a bheith in éineacht le tiománaí faoi oiliúint. Féadfaidh an tiománaí faoi oiliúint 4 huaire de na 10 n-uaire den tiomáint aonair ar a mhéad a chaitheamh ag tiomáint ar thír-raon speisialta nó ar ionsamhlóir den chéad scoth le go mbeifear in ann measúnú a dhéanamh ar an oiliúint i dtiomáint stuama bunaithe ar rialacháin sábháilteachta, go háirithe maidir le láimhseáil feithicle i ndálaí difriúla bóthair agus ar an dóigh a n-athraíonn na dálaí bóthair sin de réir dálaí difriúla atmaisféir, de réir an ama sa lá nó san oíche agus de réir an chumais chun ídiú breosla a bharrfheabhsú.

Beidh feidhm ag forálacha an cheathrú fomhír de phointe 2.1 maidir leis an gcáilíocht tosaigh luathaithe freisin.

I gcás na dtiománaithe dá dtagraítear in Airteagal 5(5), ní mór fad cáilíochta tosaigh luathaithe a bheith cothrom le 35 huaire, lena n-áirítear 2 uair go leith de thiomáint ina n-aonar.

Ar chur i gcrích na hoiliúna sin, déanfaidh údaráis inniúla na mBallstát nó an t-eintiteas atá ainmnithe acu tástáil scríofa nó tástáil ó bhéal a chur ar an tiománaí. Ní mór ceist amháin ar a laghad ar gach ceann de na cuspóirí sa liosta ábhar faoi Roinn 1 a bheith ar áireamh sa tástáil.

Roinn 4:

Oiliúint thréimhsiúil éigeantach dá bhforáiltear in Airteagal 3(1)(b)

Ní mór cúrsaí oiliúna tréimhsiúla éigeantacha a eagrú ag ionad oiliúna formheasta. Ní mór fad na gcúrsaí a bheith cothrom le 35 huaire gach 5 bliana agus ní mór iad a thabhairt i dtréimhsí nach lú ná 7 n-uaire ar fad agus féadfar tréimhse amháin a roinnt thar 2 lá. Gach uair a úsáidfear an ríomhfhoghlaim, déanfaidh an t-ionad oiliúna formheasta a áirithiú go ndéanfaí caighdeán na hoiliúna a chothábháil, lena n-áirítear trí na hábhair a roghnú inar féidir uirlisí TFC a úsáid ar an mbealach is éifeachtaí. Éileoidh na Ballstáit, go háirithe, aitheantas úsáideora iontaofa agus modhanna rialaithe iomchuí. Ní bheidh níos mó ná 12 uair i gceist le huasfhad na hoiliúna ríomhfhoghlama. Clúdófar ábhar a bhaineann le sábháilteacht ar bhóithre i gceann amháin de na tréimhsí cúrsa oiliúna ar a laghad. Tabharfar aird in ábhar na hoiliúna ar na riachtanais oiliúna a bhaineann go sonrach leis na hoibríochtaí iompair a dhéanann an tiománaí agus ar fhorbairtí sa reachtaíocht agus teicneolaíocht ábhartha agus ba cheart go dtabharfaí aird ar riachtanais oiliúna shonracha an tiománaí, a mhéid is féidir. Ba cheart réimse ábhar éagsúil a chumhdach thar an tréimhse 35 huaire, lena n-áirítear athoiliúint i gcás ina léirítear go dteastaíonn oiliúint feabhais shonrach ón tiománaí.

Féadfaidh na Ballstáit a bhreithniú oiliúint shonrach atá curtha i gcrích mar a cheanglaítear faoi reachtaíocht eile ón Aontas a áireamh le haghaidh suas le ceann amháin de na tréimhsí 7 n-uaire atá mar choinníoll. Áirítear leis sin oiliúint in iompar earraí contúirteacha a cheanglaítear faoi Threoir 2008/68/CE, oiliúint in iompar ainmhithe faoi Rialachán (CE) Uimh. 1/2005, agus, i gcás iompar paisinéirí, oiliúint i bhfeasacht ar mhíchumas faoi Rialachán (AE) Uimh. 181/2011, ach níl sé teoranta d’oiliúint den chineál sin amháin. Féadfaidh na Ballstáit a chinneadh, áfach, go bhféadfar oiliúint shonrach atá curtha i gcrích mar a cheanglaítear faoi Threoir 2008/68/CE maidir le hearraí contúirteacha a iompar a áireamh mar dhá cheann de na tréimhsí 7 n-uaire, ar an gcoinníoll gurb í sin an t-aon oiliúint eile a chuirfear san áireamh san oiliúint thréimhsiúil.

Roinn 5:

An cháilíocht tosaigh agus an oiliúint thréimhsiúil a cheadú

5.1.

Ní mór d’údaráis inniúla na mBallstáit na hionaid oiliúna ina n-eagrófar an cháilíocht tosaigh agus an oiliúint thréimhsiúil a fhormheas. Ní féidir ceadú a thabhairt ach amháin mar fhreagra ar iarratas i scríbhinn. Ní mór go mbeadh doiciméid ag gabháil leis an iarratas lena n-áirítear:

5.1.1.

cúrsa oiriúnach cáilíochta agus oiliúna lena sonraítear na hábhair a mhúintear agus lena leagtar amach an plean cur chun feidhme agus na modhanna teagaisc beartaithe;

5.1.2.

cáilíochtaí agus réimsí gníomhaíochta na dteagascóirí;

5.1.3.

faisnéis maidir leis na háitreabh ina mbeidh na cúrsaí ar siúl, na hábhair theagaisc, na hacmhainní a bheidh ar fáil don obair phraiticiúil, agus an flít feithiclí a úsáidfear;

5.1.4.

na coinníollacha maidir le páirt a ghlacadh sna cúrsaí (líon na rannpháirtithe).

5.2.

Ní mór don údarás inniúil ceadú a thabhairt i scríbhinn faoi réir na gcoinníollacha seo a leanas:

5.2.1.

ní mór an oiliúint a chur ar fáil i gcomhréir leis na doiciméid atá ag gabháil leis an iarratas;

5.2.2.

ní mór go mbeidh an t-údarás inniúil i dteideal daoine údaraithe a chur chuig na hionaid fhormheasta chun cabhair a thabhairt maidir leis na cúrsaí oiliúna, agus ní mór go mbeidh siad i dteideal faireachán a dhéanamh ar na hionaid sin, maidir leis na hacmhainní a úsáidtear agus feidhmiú ceart na n-ionad oiliúna agus na scrúduithe;

5.2.3.

féadfar an ceadú a tharraingt siar nó é a chur ar fionraí más rud é nach gcomhlíontar na coinníollacha maidir le ceadú a thuilleadh.

Ní mór don ionad formheasta a ráthú go mbeidh eolas maith ag na teagascóirí ar na rialacháin agus na ceanglais oiliúna is déanaí. Mar chuid de phróiseas roghnúcháin ar leith, ní mór do na teagascóirí deimhniú a chur ar fáil a léiríonn eolas faoin ábhar agus faoi na modhanna teagaisc. Maidir leis an gcuid phraiticiúil den oiliúint, ní mór do theagascóirí deimhniú a chur ar fáil maidir leis an taithí atá acu mar thiománaí proifisiúnta nó taithí tiomána dá samhail, amhail teagascóirí tiomána le haghaidh feithiclí troma.

Ní mór an clár oiliúna a bheith i gcomhréir leis an gceadú agus ní mór dó na hábhair atá liostáilte i Roinn 1 a chumhdach.


(1)  Moladh ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Aibreán 2008 maidir le bunú an Chreata Eorpaigh um Cháilíochtaí d’fhoghlaim ar feadh an tsaoil (IO C 111, 6.5.2008, lch. 1).

(2)  Rialachán (CE) Uimh. 561/2006 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 15 Márta 2006 maidir le comhchuibhiú reachtaíochta sóisialta áirithe a bhaineann le hiompar de bhóthar agus lena leasaítear Rialachán (CEE) Uimh. 3821/85 agus Rialachán (CE) Uimh. 2135/98 ón gComhairle agus lena n-aisghairtear Rialachán (CEE) Uimh. 3820/85 ón gComhairle (IO L 102, 11.4.2006, lch. 1).

(3)  Rialachán (AE) Uimh. 165/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 4 Feabhra 2014 maidir le tacagraif in iompar de bhóthar, lena n-aisghairtear Rialachán (CEE) Uimh. 3821/85 ón gComhairle maidir le trealamh taifeadta in iompar de bhóthar agus lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 561/2006 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le comhchuibhiú reachtaíochta sóisialta áirithe a bhaineann le hiompar de bhóthar (IO L 60, 28.2.2014, lch. 1).

(4)  Treoir 2008/68/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 24 Meán Fómhair 2008 maidir le hiompar intíre earraí contúirteacha (IO L 260, 30.9.2008, lch. 13).

(5)  Rialachán (AE) Uimh. 181/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Feabhra 2011 maidir le cearta paisinéirí in iompar de bhus agus de chóiste agus lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 2006/2004 (IO L 55, 28.2.2011, lch. 1).

(6)  Rialachán (CE) Uimh. 1/2005 an 22 Nollaig 2004 ón gComhairle maidir le hainmhithe a chosaint le linn iompair agus le linn oibríochtaí gaolmhara agus lena leasaítear Treoir 64/432/CEE agus Treoir 93/119/CE agus Rialachán (CE) Uimh. 1255/97 (IO L 3, 5.1.2005, lch. 1).


IARSCRÍBHINN II

SOCRUITHE LE hAGHAIDH SHAMHAIL AN AONTAIS EORPAIGH DO CHÁRTA CÁILÍOCHTA TIOMÁNAÍ

1.   Saintréithe fisiceacha an chárta cáilíochta tiománaí

Ní mór saintréithe fisiceacha an chárta cáilíochta tiománaí caighdeán ISO 7810 agus caighdeán ISO 7816-1 a chomhlíonadh.

Ní mór do na modhanna lena bhfíoraítear saintréithe fisiceacha an chárta cáilíochta tiománaí chun a áirithiú go bhfuil siad i gcomhréir le caighdeáin idirnáisiúnta, ní mór do na modhanna sin caighdeán ISO 10373 a chomhlíonadh.

2.   Faisnéis a thaispeántar ar an gcárta cáilíochta tiománaí

Ní mór dhá thaobh a bheith ag an gcárta cáilíochta tiománaí.

Ní mór na nithe seo a leanas a bheith ar thaobh 1:

(a)

an ceannteideal “cárta cáilíochta tiománaí” i gcló mór i dteanga oifigiúil nó i dteangacha oifigiúla an Bhallstáit atá ag eisiúint an chárta cáilíochta tiománaí;

(b)

ainm an Bhallstáit atá ag eisiúint an chárta cáilíochta tiománaí (roghnach);

(c)

1 suaitheantas an Bhallstáit atá ag eisiúint an chárta cáilíochta tiománaí, i gclaonchló i ndronuilleog ghorm agus 12 réalta bhuí i gciorcal timpeall air; is iad seo a leanas suaitheantais na mBallstáit:

B

:

an Bheilg

BG

:

an Bhulgáir

CZ

:

an tSeicia

DK

:

an Danmhairg

D

:

an Ghearmáin

EST

:

an Eastóin

IRL

:

Éire

GR

:

an Ghréig

E

:

an Spáinn

F

:

an Fhrainc

HR

:

an Chróit

I

:

an Iodáil

CY

:

an Chipir

LV

:

an Laitvia

LT

:

an Liotuáin

L

:

Lucsamburg

H

:

an Ungáir

M

:

Málta

NL

:

an Ísiltír

A

:

an Ostair

PL

:

an Pholainn

P

:

an Phortaingéil

RO

:

an Rómáin

SLO

:

an tSlóivéin

SK

:

an tSlóvaic

FIN

:

an Fhionlainn

S

:

an tSualainn

(d)

faisnéis a bhaineann go sonrach leis an gcárta cáilíochta tiománaí, faisnéis a uimhrítear mar seo a leanas:

1.

sloinne an tsealbhóra;

2.

réamhainm an tsealbhóra;

3.

dáta agus áit bhreithe an tsealbhóra;

4.

(a)

dáta eisiúna;

(b)

dáta éaga;

(c)

ainm an údaráis eisiúna (féadfar é a phriontáil ar thaobh 2);

(d)

uimhir nach ionann é agus uimhir an cheadúnais tiomána, chun críocha riaracháin (roghnach);

5.

(a)

uimhir an cheadúnais tiomána;

(b)

sraithuimhir;

6.

grianghraf den sealbhóir;

7.

síniú an tsealbhóra;

8.

gnátháit chónaithe nó seoladh poist an tsealbhóra (roghnach);

9.

na catagóirí feithiclí a gcomhlíonann an tiománaí na ceanglais maidir le cáiliú tosaigh agus oiliúint thréimhsiúil ina leith;

(e)

an teideal “samhail an Aontais Eorpaigh” i dteanga nó teangacha an Bhallstáit atá ag eisiúint an chárta cáilíochta tiománaí agus an ceannteideal “cárta cáilíochta tiománaí” i dteangacha oifigiúla eile an Aontais, beidh siad priontáilte i gcló gorm chun cúlra an chárta cáilíochta tiománaí a chruthú:

 

tarjeta de cualificación del conductor

 

карта за квалификация на водача

 

osvědčení profesní způsobilosti řidiče

 

chaufføruddannelsesbevis

 

Fahrerqualifizierungsnachweis

 

juhi pädevustunnistus

 

δελτίο επιμόρφωσης οδηγού

 

driver qualification card

 

carte de qualification de conducteur

 

cárta cáilíochta tiománaí

 

kvalifikacijska kartica vozača

 

carta di qualificazione del conducente

 

vadītāja kvalifikācijas apliecība

 

vairuotojo kvalifikacinė kortelė

 

gépjárművezetői képesítési igazolvány

 

karta ta” kwalifika tas-sewwieq

 

kwalificatiekaart bestuurder

 

karta kwalifikacji kierowcy

 

carta de qualificação de motorista

 

cartelă de pregătire profesională a conducătorului auto

 

kvalifikačná karta vodiča

 

kartica o usposobljenosti voznika

 

kuljettajan ammattipätevyyskortti

 

yrkeskompetensbevis för förare;

(f)

na dathanna tagartha:

gorm: Pantone Reflex blue,

buí: Pantone yellow;

Ní mór na nithe seo a leanas a bheith ar thaobh 2:

(a)

9.

na catagóirí feithiclí a gcomhlíonann an tiománaí na ceanglais maidir le cáiliú tosaigh agus oiliúint thréimhsiúil ina leith;

10.

cód comhchuibhithe an Aontais, “95”, dá bhforáiltear in Iarscríbhinn I a ghabhann le Treoir 2006/126/CE;

11.

spás a áirithítear le go bhféadfadh an Ballstát atá ag eisiúint an chárta cáilíochta tiománaí mionsonraí bunriachtanacha riaracháin nó mionsonraí maidir le sábháilteacht ar bhóithre a chur isteach (roghnach). Más rud é go mbaineann na mionsonraí sin leis an gceannteideal a leagtar amach san Iarscríbhinn seo, ní mór uimhir an cheannteidil chomhfhreagraigh a chur isteach roimh na mionsonraí sin;

(b)

míniú ar na hiontrálacha uimhrithe atá ar thaobh 1 agus ar thaobh 2 den chárta cáilíochta tiománaí (ceannteidil 1, 2, 3, 4(a), 4(b), 4(c), 5(a), 5(b) agus 10 ar a laghad).

Más mian le Ballstát na hiontrálacha sin a dhéanamh i dteanga náisiúnta seachas ceann de na teangacha seo a leanas: an Béarla, an Bhulgáiris, an Chróitis, an Danmhairgis, an Eastóinis, an Fhionlainnis, an Fhraincis, an Ghearmáinis, an Ghréigis, an Iodáilis, an Laitvis, an Liotuáinis, an Mháltais, an Ollainnis, an Pholainnis, an Phortaingéilis, an Rómáinis, an tSeicis, an tSlóivéinis, an tSlóvaicis, an Spáinnis, an tSualainnis nó an Ungáiris, déanfaidh sé leagan dátheangach den chárta cáilíochta tiománaí a tharraingt suas ar a mbeidh ceann amháin de na teangacha sin, gan dochar d’fhorálacha eile na hIarscríbhinne seo.

3.   An tSlándáil, lena náirítear cosaint sonraí

Is é is aidhm do chodanna éagsúla an chárta cáilíochta tiománaí ná brionnú agus crioscaíl a sheachaint agus iarrachtaí é sin a dhéanamh a bhrath.

Ní mór do na Ballstáit a áirithiú go bhfuil leibhéal slándála an chárta cáilíochta tiománaí inchomparáide le leibhéal slándála an cheadúnais tiomána ar a laghad.

4.   Socruithe ar leith

Tar éis dul i gcomhairle leis an gCoimisiún, féadfaidh na Ballstáit dathanna nó marcanna, amhail barrachód, comharthaí náisiúnta, agus gnéithe slándála a chur isteach gan dochar d’fhorálacha eile na hIarscríbhinne seo.

I ndáil le haitheantas frithpháirteach na gcártaí cáilíochta tiománaí, ní féidir le haon fhaisnéis seachas an fhaisnéis atá le feiceáil go soiléir ar an gcárta cáilíochta tiománaí nó faisnéis atá riachtanach don phróiseas chun cártaí a eisiúint a bheith sa bharrachód.

5.   Forálacha idirthréimhseacha

Beidh cártaí cáilíochta tiománaí a eisíodh roimh 23 Bealtaine 2020 bailí go dtí a ndáta éaga.

6.   Samhail an aontais eorpaigh do chárta cáilíochta tiománaí

Image 1


IARSCRÍBHINN III

TÁBLA COMHFHREAGRACH DO NA TAGAIRTÍ DO CHATAGÓIRÍ ÁIRITHE CEADÚNAS TIOMÁNA

Tagairt sa Treoir seo

Tagairt i dTreoir 2006/126/CE

C + E

CE

C1 + E

C1E

D + E

DE

D1 + E

D1E


IARSCRÍBHINN IV

Cuid A

Treoir aisghairthe agus liosta de na leasuithe comhleanúnacha a rinneadh uirthi

(dá dtagraítear in Airteagal 14)

Treoir 2003/59/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle

(IO L 226, 10.9.2003, lch. 4)

 

Treoir 2004/66/CE ón gComhairle

(IO L 168, 1.5.2004, lch. 35)

Iarscríbhinn, pointe IV.2 amháin

Treoir 2006/103/CE ón gComhairle

(IO L 363, 20.12.2006, lch. 344)

Iarscríbhinn, pointe A.6 amháin

Rialachán (CE) Uimh. 1137/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle

(IO L 311, 21.11.2008, lch. 1)

Iarscríbhinn, pointe 9.11 amháin

Treoir 2013/22/AE ón gComhairle

(IO L 158, 10.6.2013, lch. 356)

Iarscríbhinn, pointe A.4 amháin

Treoir (AE) 2018/645 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle

(IO L 112, 2.5.2018, lch. 29)

Airteagal 1 agus Iarscríbhinn amháin

Rialachán (AE) 2019/1243 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle

(IO L 198, 25.7.2019, lch. 241)

Iarscríbhinn, pointe IX.5 amháin

Cuid B

Teorainneacha ama do thrasuí sa dlí náisiúnta agus dátaí cur i bhfeidhm

(dá dtagraítear in Airteagal 14)

Treoir

Teorainneacha ama do thrasuí

Dáta an iarratais

2003/59/CE

10 Meán Fómhair 2006

10 Meán Fómhair 2008 maidir leis an gcáilíocht tosaigh a éilítear chun feithiclí sna catagóirí ceadúnais tiomána D1, D1 + E, D agus D + E a thiomáint

10 Meán Fómhair 2009 maidir leis an gcáilíocht tosaigh a éilítear chun feithiclí sna catagóirí ceadúnais tiomána C1, C1 + E, C agus C + E a thiomáint

(AE) 2018/645

23 Bealtaine 2020, gan Airteagal 1, pointe 6 a áireamh

23 Bealtaine 2021 i dtaca le hAirteagal 1, pointe 6

 


IARSCRÍBHINN V

Tábla comhghaoil

Treoir 2003/59/CE

An Treoir seo

Airteagail 1 go 7

Airteagail 1 go 7

Airteagal 8(1)

Airteagal 8(1)

Airteagal 8(2), an chéad fhomhír, na focail réamhráiteacha agus pointe (a)

Airteagal 8(2), an chéad fhomhír

Airteagal 8(2), an chéad fhomhír, pointe (b)

Airteagal 8(2), an dara fomhír

Airteagal 8(2), an dara fomhír

Airteagal 8(3), (4) agus (5)

Airteagal 8(3), (4) agus (5)

Airteagail 9 agus 10

Airteagail 9 agus 10

Airteagal 10a

Airteagal 11

Airteagal 11

Airteagal 12

Airteagal 11a

Airteagal 13

Airteagal 13

Airteagal 14

Airteagal 15

Airteagal 14

Airteagal 16

Airteagal 15

Airteagal 17

Airteagal 16

Iarscríbhinn I

Iarscríbhinn I

Iarscríbhinn II

Iarscríbhinn II

Iarscríbhinn III

Iarscríbhinn III

Iarscríbhinn IV

Iarscríbhinn V


Top