EUR-Lex Access to European Union law

Back to EUR-Lex homepage

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 32020R1783

Rialachán (AE) 2020/1783 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 25 Samhain 2020 maidir le comhar idir cúirteanna na mBallstát le linn fianaise a ghlacadh in ábhair shibhialta nó thráchtála (fianaise a ghlacadh) (athmhúnlú)

IO L 405, 2.12.2020, p. 1–39 (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

Legal status of the document In force: This act has been changed. Current consolidated version: 02/12/2020

ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2020/1783/oj

2.12.2020   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 405/1


RIALACHÁN (AE) 2020/1783 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

an 25 Samhain 2020

maidir le comhar idir cúirteanna na mBallstát le linn fianaise a ghlacadh in ábhair shibhialta nó thráchtála (fianaise a ghlacadh)

(athmhúnlú)

TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 81(2) de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

Tar éis dóibh an dréachtghníomh reachtach a chur chuig na parlaimintí náisiúnta,

Ag féachaint don tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa (1),

Tar éis dóibh dul i gcomhairle le Coiste na Réigiún,

Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach (2),

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Rinneadh Rialachán (CE) Uimh. 1206/2001 ón gComhairle (3) a leasú roimhe seo. Ós rud é go bhfuil tuilleadh leasuithe suntasacha le déanamh, ba cheart an Rialachán sin a athmhúnlú ar mhaithe le soiléireacht.

(2)

Tá sé curtha roimhe ag an Aontas mar chuspóir dó féin an tAontas a chothabháil agus a fhorbairt mar limistéar saoirse, slándála agus ceartais ina n‐áirithítear saorghluaiseacht daoine. Chun limistéar den sórt sin a bhunú, glacfaidh an tAontas, i measc bearta eile, bearta a bhaineann leis an gcomhar breithiúnach in ábhair shibhialta a bhfuil gá leo chun go bhfeidhmeoidh an margadh inmheánach mar is cuí.

(3)

Chun críocha fheidhmiú cuí an mhargaidh inmheánaigh, agus chun na gcríoch limistéar um cheartas sibhialta san Aontas a fhorbairt, is gá tuilleadh feabhais a chur ar an gcomhar idir cúirteanna na mBallstát éagsúil maidir le fianaise a ghlacadh agus an comhar sin a bhrostú tuilleadh. Leis an Rialachán seo, féachtar le héifeachtúlacht agus luas imeachtaí breithiúnacha a fheabhsú trí shimpliú agus cuíchóiriú a dhéanamh ar na sásraí le haghaidh comhar maidir le fianaise a ghlacadh in imeachtaí trasteorann, agus, ag an am chéanna, cuidiú le laghdú a dhéanamh ar mhoilleanna agus costais do dhaoine aonair agus do ghnólachtaí. Trí níos mó deimhneachta dlíthiúla agus nósanna imeachta atá níos simplí, agus atá cuíchóirithe agus digitithe a sholáthar, déanfar daoine aonair agus gnólachtaí a spreagadh dul i mbun idirbhearta trasteorann, agus sa chaoi sin, cuirfear borradh faoin trádáil laistigh den Aontas agus, dá bhrí sin, faoi fheidhmiú an mhargaidh inmheánaigh.

(4)

Sa Rialachán seo, leagtar síos rialacha maidir le comhar idir cúirteanna na mBallstát éagsúil i dtaca le fianaise a ghlacadh in ábhair shibhialta nó thráchtála.

(5)

Chun críocha an Rialacháin seo, ba cheart an téarma “cúirt” a thuiscint freisin mar údaráis eile a fheidhmíonn feidhmeanna breithiúnacha, a ghníomhaíonn de bhun tarmligean cumhachta ó údarás breithiúnach nó a ghníomhaíonn faoi rialú údaráis bhreithiúnaigh, agus atá inniúil faoin dlí náisiúnta chun fianaise a ghlacadh chun críoch imeachtaí breithiúnacha in ábhair shibhialta nó thráchtála. Áirítear leis sin, go háirithe, údaráis a cháilíonn mar chúirteanna faoi ghníomhartha dlí eile de chuid an Aontais, amhail Rialachán (AE) 2019/1111 ón gComhairle (4) agus Rialacháin (AE) Uimh. 1215/2012 (5) agus (AE) Uimh. 650/2012 (6) ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle.

(6)

Chun an tsoiléireacht agus an deimhneacht dhlíthiúil is mó is féidir a áirithiú, ba cheart an iarraidh ar fhianaise a ghlacadh a tharchur ar fhoirm arna comhlánú i dteanga Bhallstát na cúirte iarrtha nó i dteanga eile a nglacann an Ballstát sin léi. Ar na cúiseanna céanna, ba cheart foirmeacha a úsáid a mhéid is féidir chomh maith le haghaidh tuilleadh cumarsáide idir na cúirteanna ábhartha.

(7)

Chun tarchur tapa iarrataí agus teachtaireachtaí idir Ballstáit a áirithiú chun na gcríoch fianaise a ghlacadh, ba cheart úsáid a bhaint as aon nuatheicneolaíocht chumarsáide iomchuí. Dá bhrí sin, agus é mar riail, ba cheart gach cumarsáid agus gach malartú doiciméad a dhéanamh trí chóras TF díláraithe slán, iontaofa, ina bhfuil córais náisiúnta TF atá idirnasctha agus atá idir-inoibritheach ar bhealach teicniúil, mar shampla, agus gan dochar don dul chun cinn teicneolaíoch breise, bunaithe ar e-CODEX. Dá réir sin, ba cheart córas TF díláraithe a bhunú le haghaidh malartuithe sonraí faoin Rialachán seo. Le cineál díláraithe an chórais TF sin, bheifí in ann sonraí a mhalartú go heisiach idir Ballstát amháin agus Ballstát eile, gan aon bhaint a bheith ag aon cheann d’institiúidí an Aontais leis na malartuithe sin.

(8)

Gan dochar don dul chun cinn teicneolaíoch a d’fhéadfadh a bheith ann amach anseo, ní gá gur cheart a thuiscint gur ríomhsheirbhís seachadta chláraithe cháilithe, mar a shainmhínítear le Rialachán (AE) Uimh. 910/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (7), é an córas TF slán díláraithe agus a chomhpháirteanna.

(9)

Ba cheart don Choimisiún a bheith freagrach as bogearraí cur chun feidhme tagartha a chruthú, a chothabháil agus a fhorbairt amach anseo, agus ba cheart é a bheith de rogha ag na Ballstáit na bogearraí sin, seachas córas náisiúnta TF, a úsáid, i gcomhréir le prionsabail na cosanta sonraí trí dhearadh agus trí réamhshocrú. Ba cheart don Choimisiún na bogearraí cur chun feidhme tagartha a dhearadh, a fhorbairt agus a chothabháil i gcomhréir le riachtanais agus prionsabail na cosanta sonraí a leagtar síos i Rialacháin (AE) 2018/1725 (8) agus (AE) 2016/679 (9) ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, go háirithe prionsabail na cosanta sonraí trí dhearadh agus trí réamhshocrú. Ba cheart bearta teicniúla iomchuí a áireamh leis na bogearraí cur chun feidhme tagartha freisin, agus ba cheart dóibh na bearta eagrúcháin a chumasú is gá chun leibhéal slándála agus idir-inoibritheachta a áirithiú is iomchuí do mhalartú faisnéise i gcomhthéacs fianaise a ghlacadh.

(10)

Maidir leis na comhpháirteanna den chóras TF díláraithe atá faoi fhreagracht an Aontais, ba cheart acmhainní leordhóthanacha a bheith ag an eintiteas bainistíochta chun a áirithiú go bhfeidhmeoidh an córas sin mar is cuí.

(11)

Ba cheart don údarás inniúil nó do na húdaráis inniúla faoin dlí náisiúnta a bheith freagrach mar rialaitheoirí de réir bhrí Rialachán (AE) 2016/679 maidir leis an bpróiseáil a dhéanann siad ar shonraí pearsanta faoin Rialachán seo nuair a bhíonn iarrataí agus teachtaireachtaí eile á dtarchur idir na Ballstáit.

(12)

D’fhéadfadh sé nach mbeadh sé indéanta an tarchur tríd an gcóras TF díláraithe a dhéanamh mar gheall ar chur isteach ar an gcóras nó mar gheall ar chineál na fianaise, mar shampla nuair a bheadh DNA nó samplaí fola á dtarchur. D’fhéadfadh modhanna eile cumarsáide a bheith níos iomchuí in imthosca eisceachtúla freisin, a bhféadfadh cásanna a bheith san áireamh leo ina leagfaí ualach díréireach riaracháin ar na húdaráis inniúla i gcás ina mbeadh lear mór doiciméad á gclaochlú go foirm leictreonach nó ina dteastódh an doiciméad bunaidh i bhfoirm páipéir chun barántúlacht an doiciméid sin a mheas. I gcás nach n‐úsáidtear an córas TF díláraithe, ba cheart an tarchur a dhéanamh trí na modhanna malartacha is iomchuí. Ba cheart a bheith i gceist leis na modhanna malartacha sin, inter alia, tarchur a bheith á dhéanamh chomh tapa agus is féidir agus ar bhealach slán trí mhodhanna leictreonacha slána eile nó trí sheirbhís poist.

(13)

Chun feabhas a chur ar tharchur leictreonach trasteorann doiciméad tríd an gcóras TF díláraithe, níor cheart éifeacht dhlíthiúil a shéanadh ar dhoiciméid den sórt sin agus níor cheart a mheas go bhfuil siad neamh-inghlactha mar fhianaise sna himeachtaí ar an bhforas, agus ar an bhforas sin amháin, gur i bhfoirm leictreonach atá siad. Mar sin féin, níor cheart gur dhochar an prionsabal sin don mheasúnú ar éifeachtaí dlíthiúla nó inghlacthacht na ndoiciméad sin mar fhianaise i gcomhréir leis an dlí náisiúnta. Ina theannta sin, níor cheart gur dhochar é don dlí náisiúnta maidir le doiciméid a chomhshó.

(14)

Níor cheart gur dhochar an Rialachán seo do chumas na n‐údarás faisnéis a mhalartú faoi chórais a bunaíodh faoi ionstraimí eile de chuid an Aontais, amhail Rialachán (AE) 2019/1111 nó Rialachán (CE) Uimh. 4/2009 ón gComhairle (10), fiú i gcás ina bhfuil luach fianaise ag an bhfaisnéis sin, rud a d’fhágfadh an rogha faoin modh ab oiriúnaí faoin údarás iarrthach.

(15)

Ba cheart iarraidh ar fhianaise a ghlacadh a fhorghníomhú go dlúsúil. Mura féidir iarraidh a fhorghníomhú laistigh de 90 lá tar éis don chúirt iarrtha í a fháil, ba cheart don chúirt iarrtha an chúirt iarrthach a chur ar an eolas dá réir, agus na cúiseanna a chuireann cosc uirthi an iarraidh a fhorghníomhú go tapa á sonrú aici.

(16)

Chun a áirithiú go bhfuil an Rialacháin seo éifeachtach, ba cheart na himthosca inar féidir diúltú d’fhorghníomhú iarrata ar fhianaise a ghlacadh a theorannú go cásanna eisceachtúla a bhfuil teorainn dhocht leo.

(17)

Ba cheart don chúirt iarrtha iarraidh ar fhianaise a ghlacadh a fhorghníomhú i gcomhréir lena dlí náisiúnta.

(18)

Ba cheart do na páirtithe sna himeachtaí agus a n‐ionadaithe, más ann dóibh, a bheith in ann a bheith i láthair le linn fianaise a ghlacadh, má fhoráiltear dó sin le dlí Bhallstát na cúirte iarrthaí, ionas go mbeidh siad in ann na himeachtaí a leanúint ar bhealach inchomparáide amhail is dá nglacfaí fianaise i mBallstát na cúirte iarrthaí. Ba cheart é a bheith mar cheart acu freisin a iarraidh go dtabharfaí deis dóibh páirt a ghlacadh le linn fianaise a ghlacadh chun go mbeadh ról níos gníomhaí acu le linn fianaise a ghlacadh. Ba cheart don chúirt iarrtha, áfach, na coinníollacha faoina bhféadfaidh siad a bheith rannpháirteach a chinneadh i gcomhréir lena dlí náisiúnta.

(19)

Ba cheart ionadaithe na cúirte iarrthaí a bheith in ann a bheith i láthair le linn fianaise a ghlacadh, má tá sé sin ag teacht le dlí Bhallstát na cúirte iarrthaí chun a bheith i riocht níos fearr d’fhonn deis níos fearr ann go ndéanfaí fianaise a mheas. Ba cheart an ceart a bheith acu freisin iarraidh a dhéanamh páirt a ghlacadh maidir le fianaise a ghlacadh, faoi na coinníollacha a leagtar síos ag an gcúirt iarrtha i gcomhréir lena dlí náisiúnta, chun ról níos gníomhaí a bheith acu le linn fianaise a ghlacadh.

(20)

Chun glacadh fianaise a éascú, ba cheart an fhéidearthacht a bheith ag cúirt de chuid Ballstáit, i gcomhréir lena dlí náisiúnta, fianaise a ghlacadh go díreach i mBallstát eile, má ghlacann an Ballstát eile sin leis an iarraidh ar fhianaise a ghlacadh go díreach, agus faoi na coinníollacha arna gcinneadh ag comhlacht lárnach nó údarás inniúil an Bhallstáit iarrtha.

(21)

Níl lán na húsáide á bhaint as teicneolaíocht chumarsáide nua-aimseartha i láthair na huaire, mar shampla físchomhdháil, rud atá ina modh tábhachtach le glacadh fianaise a shimpliú agus a bhrostú. I gcás ina bhfuil fianaise le glacadh trí dhuine a cheistiú amhail finné, páirtí sna himeachtaí nó saineolaí atá i mBallstát eile, ba cheart don chúirt iarrthach an fhianaise sin a ghlacadh go díreach trí úsáid a bhaint as físchomhdháil nó teicneolaíocht chianchumarsáide eile, i gcás ina bhfuil an teicneolaíocht sin ar fáil don chúirt agus ina measann an chúirt gurb iomchuí, i ngeall ar dhálaí sonracha an cháis agus ar reáchtáil chóir na n‐imeachtaí, teicneolaíocht den sórt sin a úsáid. D’fhéadfaí físchomhdháil a úsáid freisin le héisteacht le leanbh dá bhforáiltear i Rialachán (AE) 2019/1111. Mar sin féin, i gcás ina measann comhlacht lárnach nó údarás inniúil an Bhallstáit iarrtha go bhfuil gá le coinníollacha áirithe, ba cheart fianaise a ghlacadh go díreach faoi na coinníollacha sin i gcomhréir le dlí an Bhallstáit sin. Ba cheart comhlacht lárnach nó údarás inniúil an Bhallstáit iarrtha a bheith in ann glacadh díreach na fianaise a dhiúltú go hiomlán nó go páirteach, más rud é mbeadh sé contrártha do phrionsabail bhunúsacha dhlí an Bhallstáit dá nglacfaí fianaise go díreach mar sin.

(22)

I gcás ina bhfuil fianaise le glacadh trí dhuine a cheistiú trí úsáid a bhaint as físchomhdháil nó teicneolaíocht chianchumarsáide eile, ba cheart cúnamh a thabhairt don chúirt iarrthach, arna iarraidh sin di, chun ateangaire a fháil, lena n‐áirítear chun ateangaire deimhnithe a fháil, nuair a iarrtar sin go sonrach.

(23)

Ba cheart an chúirt a bhfuil na himeachtaí os a comhair treoracha a sholáthar do na páirtithe agus dá n‐ionadaithe dlíthiúla maidir leis an nós imeachta chun doiciméid nó ábhar eile a thíolacadh agus an ceistiú á dhéanamh trí úsáid a bhaint as físchomhdháil nó teicneolaíocht chianchumarsáide iomchuí eile.

(24)

Chun glacadh fianaise ag gníomhairí taidhleoireachta nó oifigigh chonsalacha a éascú, ba cheart daoine den sórt sin a bheith in ann fianaise a ghlacadh ar chríoch Bhallstáit eile agus laistigh den limistéar ina bhfuil siad creidiúnaithe gan gá a bheith le réamhiarraidh a dhéanamh, trí éisteacht a thabhairt, gan bearta comhéigneacha a úsáid, do náisiúnaigh na mBallstát arb ionadaithe dó iad, i gcomhthéacs imeachtaí atá ar feitheamh i gcúirteanna an Bhallstáit arb ionadaithe iad féin dó. Ba cheart é a fhágáil faoi rogha an Bhallstáit, áfach, an bhfuil sé de chumhacht ag a ghníomhairí taidhleoireachta nó ag a oifigigh chonsalacha fianaise a ghlacadh mar chuid dá bhfeidhmeanna.

(25)

Ba cheart do thaidhleoirí nó oifigigh chonsalachta fianaise a ghlacadh in áitreabh an mhisin taidhleoireachta nó na consalachta, ach amháin in imthosca eisceachtúla. D’fhéadfaí a áireamh le himthosca den sórt sin an cás a bheith ann nach bhfuil an duine atá le héisteacht in ann teacht chuig an áitreabh mar gheall ar thinneas tromchúiseach.

(26)

Dá ndéanfaí iarraidh ar fhianaise atá le glacadh a fhorghníomhú i gcomhréir leis an Rialachán seo, níor cheart é a bheith ina chúis le héileamh ar aon aisíocaíocht cánacha nó costas. Mar sin féin, má éilíonn an chúirt iarrtha aisíocaíocht, níor cheart gurb í an chúirt sin a íocfadh na táillí a íoctar le saineolaithe agus le hateangairí, ná na costais a eascraíonn as an bhforghníomhú i gcomhréir le nós imeachta speisialta dá bhforáiltear leis an dlí náisiúnta nó trí theicneolaíocht chianchumarsáide a úsáid. I gcás den sórt sin, ba cheart don chúirt iarrthach na bearta is gá a ghlacadh chun aisíocaíocht a áirithiú gan mhoill. I gcás ina mbeidh gá le tuairim saineolaí, ba cheart don chúirt iarrtha a bheith in ann, sula bhforghníomhóidh sí an iarraidh, éarlais leordhóthanach nó réamhíocaíocht leordhóthanach i leith na gcostas a iarraidh ar an gcúirt iarrthach.

(27)

Chun na foirmeacha in Iarscríbhinn I a ghabhann leis an Rialachán seo a thabhairt cothrom le dáta, nó chun athruithe teicniúla a dhéanamh ar na foirmeacha sin, ba cheart an chumhacht chun gníomhartha a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 290 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh a tharmligean chuig an gCoimisiún i dtaca le leasuithe ar an Iarscríbhinn sin. Tá sé tábhachtach, go háirithe, go rachadh an Coimisiún i mbun comhairliúcháin iomchuí le linn a chuid oibre ullmhúcháin, lena n‐áirítear ar leibhéal na saineolaithe, agus go ndéanfaí na comhairliúcháin sin i gcomhréir leis na prionsabail a leagtar síos i gComhaontú Idirinstitiúideach an 13 Aibreán 2016 maidir le Reachtóireacht Níos Fearr (11). Go sonrach, chun rannpháirtíocht chomhionann in ullmhú na ngníomhartha tarmligthe a áirithiú, faigheann Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle na doiciméid uile ag an am céanna leis na saineolaithe sna Ballstáit, agus bíonn rochtain chórasach ag a gcuid saineolaithe ar chruinnithe ghrúpaí saineolaithe an Choimisiúin a bhíonn ag déileáil le hullmhú na ngníomhartha tarmligthe.

(28)

Chun coinníollacha aonfhoirmeacha a áirithiú maidir leis an Rialachán seo a chur chun feidhme, ba cheart cumhachtaí cur chun feidhme a thabhairt don Choimisiún. Ba cheart na cumhachtaí sin a fheidhmiú i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (12).

(29)

Ba cheart forlámhas a bheith ag an Rialachán seo ar na forálacha atá i gcomhaontuithe déthaobhacha nó iltaobhacha nó socruithe déthaobhacha nó iltaobhacha arna dtabhairt i gcrích ag na Ballstáit a bhfuil an raon feidhme céanna acu leis an Rialachán seo. Leis an Rialachán seo, ní chuirtear bac ar Bhallstáit comhaontuithe nó socruithe a chothabháil nó a thabhairt i gcrích chun comhar a éascú tuilleadh le linn fianaise a ghlacadh, ar choinníoll go bhfuil na comhaontuithe nó socruithe sin ag luí leis an Rialachán seo.

(30)

Tá sé ríthábhachtach go bhfuil modhanna éifeachtacha ar fáil chun fianaise a fháil, a chaomhnú agus a chur i láthair, agus go dtugtar aird chuí ar na cearta chun cosanta agus go ndéantar faisnéis rúnda a chosaint. Sa chomhthéacs sin, tá sé tábhachtach úsáid teicneolaíochta nua-aimseartha a spreagadh.

(31)

Leis na nósanna imeachta atá ann chun fianaise a ghlacadh, a chaomhnú agus a chur i láthair, ba cheart a áirithiú go ndéantar cearta nós imeachta, chomh maith le príobháideachas agus sláine agus rúndacht na sonraí pearsanta, a chosaint i gcomhréir le dlí an Aontais agus leis an dlí náisiúnta.

(32)

Tá sé tábhachtach a áirithiú go ndéantar an Rialachán seo a chur i bhfeidhm i gcomhréir le dlí cosanta sonraí an Aontais agus go n‐urramaítear le cur i bhfeidhm an Rialacháin seo cosaint príobháideachais mar a chumhdaítear i gCairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh. Chomh maith leis sin, tá sé tábhachtach a áirithiú go ndéantar aon phróiseáil sonraí pearsanta faoin Rialachán seo i gcomhréir le Rialachán (AE) 2016/679, Treoir 2002/58/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (13), mar aon le Rialachán (AE) 2018/1725. Níor cheart sonraí pearsanta a phróiseáil faoin Rialachán seo ach amháin chun na gcríoch sonrach a leagtar amach ann.

(33)

I gcomhréir le míreanna 22 agus 23 de Chomhaontú Idirinstitiúideach an 13 Aibreán 2016 maidir le Reachtóireacht Níos Fearr, ba cheart don Choimisiún meastóireacht a dhéanamh ar an Rialachán seo ar bhonn faisnéis a bhailítear trí shocruithe sonracha faireacháin chun measúnú a dhéanamh ar éifeachtaí iarbhír an Rialacháin seo agus ar an ngá atá le haon ghníomhaíocht bhreise. I gcás ina mbailíonn Ballstáit sonraí maidir le líon na n‐iarrataí a tharchuirtear agus líon na n‐iarrataí a fhorghníomhaítear, chomh maith le líon na gcásanna ina ndearnadh tarchur trí mhodhanna eile seachas an córas TF díláraithe, ba cheart dóibh sonraí den sórt sin a sholáthar don Choimisiún chun críoch faireacháin. Maidir leis na bogearraí cur chun feidhme tagartha a d’fhorbair an Coimisiún mar chóras cúil, ba cheart dóibh na sonraí is gá chun críoch faireacháin a bhailiú ar bhonn ríomhchláraithe agus ba cheart sonraí den sórt sin a tharchur chuig an gCoimisiún. I gcás ina roghnaíonn Ballstáit córas náisiúnta TF a úsáid in ionad na mbogearraí cur chun feidhme tagartha a d’fhorbair an Coimisiún, féadfar an córas sin a fheistiú chun na sonraí sin a bhailiú ar bhonn ríomhchláraithe agus sa chás sin ba cheart na sonraí sin a tharchur chuig an gCoimisiún.

(34)

Ós rud é nach féidir leis na Ballstáit cuspóirí an Rialacháin seo a ghnóthú go leordhóthanach agus, trí chreat dlí simplithe a chruthú lena n‐áirithítear go dtarchuirtear iarrataí agus teachtaireachtaí a bhaineann le fianaise a ghlacadh go díreach, go héifeachtach agus go tapa, gur fearr is féidir iad a ghnóthú ar leibhéal an Aontais, féadfaidh an tAontas bearta a ghlacadh, i gcomhréir le prionsabal na coimhdeachta a leagtar amach in Airteagal 5 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh. I gcomhréir le prionsabal na comhréireachta a leagtar amach san Airteagal sin, ní théann an Rialachán seo thar a bhfuil riachtanach chun na cuspóirí sin a ghnóthú.

(35)

Chuathas i gcomhairle leis an Maoirseoir Eorpach ar Chosaint Sonraí i gcomhréir le hAirteagal 42(1) de Rialachán (AE) 2018/1725 agus thug sé tuairim uaidh an 13 Meán Fómhair 2019 (14).

(36)

Chun a fhorálacha a dhéanamh níos so‐rochtana agus níos inléite, ba cheart Rialachán (CE) Uimh. 1206/2001 a aisghairm agus an Rialachán seo a chur ina ionad.

(37)

I gcomhréir le hAirteagal 3 agus Airteagal 4a(1) de Phrótacal Uimh. 21 maidir le seasamh na Ríochta Aontaithe agus na hÉireann i dtaca leis an limistéar saoirse, slándála agus ceartais, atá i gceangal leis an gConradh ar an Aontas Eorpach agus leis an gConradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, tá fógra tugtha ag Éirinn gur mian léi a bheith rannpháirteach i nglacadh agus i gcur i bhfeidhm an Rialacháin seo.

(38)

I gcomhréir le hAirteagail 1 agus 2 de Phrótacal Uimh. 22 maidir le seasamh na Danmhairge, atá i gceangal leis an gConradh ar an Aontas Eorpach agus leis an gConradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, níl an Danmhairg rannpháirteach i nglacadh an Rialacháin seo agus níl sí faoi cheangal aige ná faoi réir a chur i bhfeidhm,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

CAIBIDIL I

FORÁLACHA GINEARÁLTA

Airteagal 1

Raon feidhme

1.   Tá feidhm ag an Rialachán seo in ábhair shibhialta nó thráchtála ina n‐iarrann cúirt Bhallstáit, i gcomhréir le dhlí an Bhallstáit sin:

(a)

ar chúirt inniúil Bhallstáit eile fianaise a ghlacadh; nó

(b)

go nglacfaí fianaise go díreach i mBallstát eile.

2.   Ní dhéanfar iarraidh ar fhianaise a fháil nach bhfuil sé i gceist a úsáid in imeachtaí breithiúnacha atá tosaithe cheana féin nó atá á mbeartú.

Airteagal 2

Sainmhínithe

Chun críocha an Rialacháin seo, tá feidhm ag na sainmhínithe a leanas:

(1)

ciallaíonn “cúirt” cúirteanna agus údaráis eile i mBallstáit arna gcur in iúl don Choimisiún faoi Airteagal 31(3), a fheidhmíonn feidhmeanna breithiúnacha, a ghníomhaíonn de bhun tarmligean cumhachta ó údarás breithiúnach nó a ghníomhaíonn faoi rialú údaráis bhreithiúnaigh, agus atá inniúil faoin dlí náisiúnta chun fianaise a ghlacadh chun críoch imeachtaí breithiúnacha in ábhair shibhialta nó thráchtála;

(2)

ciallaíonn “córas TF díláraithe” líonra de chórais náisiúnta TF agus pointí rochtana idir-inoibritheacha a oibríonn faoi fhreagracht aonair agus faoi bhainistíocht gach Ballstáit, lena gcumasaítear faisnéis a mhalartú thar theorainneacha go slán iontaofa idir na córais náisiúnta TF.

Airteagal 3

Tarchur díreach idir na cúirteanna

1.   Is í an chúirt a bhfuil na himeachtaí tionscanta nó beartaithe os a comhair (“cúirt iarrthach”) a tharchuirfidh iarrataí dá dtagraítear i bpointe (a) d’Airteagal 1(1) go díreach chuig cúirt inniúil Ballstáit eile (“cúirt iarrtha”) chun fianaise a ghlacadh.

2.   Déanfaidh gach Ballstát liosta a dhréachtú de na cúirteanna atá inniúil chun fianaise a ghlacadh i gcomhréir leis an Rialachán seo. Léireofar sa liosta freisin dlínse chríochach agus, i gcás inarb infheidhme, dlínse speisialta na gcúirteanna sin.

Airteagal 4

Comhlacht lárnach

1.   Ainmneoidh gach Ballstát comhlacht lárnach a bheidh freagrach as an méid seo a leanas:

(a)

faisnéis a sholáthar do na cúirteanna;

(b)

réitigh a lorg ar aon deacrachtaí a d’fhéadfadh teacht chun cinn maidir le hiarraidh;

(c)

iarraidh a chur ar aghaidh, i gcásanna eisceachtúla, chuig an gcúirt inniúil arna iarraidh sin do chúirt iarrthach.

2.   Beidh saoirse ag Ballstáit fheidearálacha, Ballstáit ina bhfuil dlíchórais éagsúla i bhfeidhm agus Ballstáit a bhfuil aonaid chríochacha fhéinrialaithe iontu níos mó ná comhlacht lárnach amháin a ainmniú.

3.   Ainmneoidh gach Ballstát freisin an comhlacht lárnach dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo nó údarás inniúil amháin nó níos mó a bheidh freagrach as cinntí a dhéanamh maidir le hiarrataí arna ndéanamh de bhun Airteagal 19.

CAIBIDIL II

IARRATAÍ A THARCHUR AGUS A FHORGHNÍOMHÚ

ROINN 1

Tarchur na n‐iarrataí

Airteagal 5

Foirm agus inneachar na n iarrataí

1.   Déanfar iarrataí agus úsáid á baint as foirm A nó, i gcás inarb iomchuí, as foirm L in Iarscríbhinn I. Beidh na sonraí seo a leanas i ngach iarraidh:

(a)

an chúirt iarrthach agus, i gcás inarb iomchuí, an chúirt iarrtha;

(b)

ainmneacha agus seoltaí na bpáirtithe sna himeachtaí agus a n‐ionadaithe, más ann dóibh;

(c)

cineál agus ábhar an cháis agus ráiteas gearr faoi na fíorais;

(d)

tuairisc ar ghlacadh na fianaise arna hiarraidh;

(e)

i gcás gur iarraidh é ar cheistiú duine:

ainm agus seoladh an duine atá le ceistiú,

na ceisteanna atá le cur ar an duine atá le ceistiú nó ráiteas faoi na fíorais a gceisteofar an duine sin ina dtaobh,

i gcás inarb iomchuí, tagairt don cheart chun diúltú fianaise a thabhairt faoi dhlí Bhallstát na cúirte iarrthaí,

aon cheanglas go ndéanfar an ceistiú faoi mhionn nó faoi dhearbhasc seachas mionn, agus aon fhoirm speisialta a bheidh le húsáid le haghaidh mionn nó dearbhasc den sórt sin,

i gcás inarb iomchuí, aon fhaisnéis eile a mheasann an chúirt iarrthach a bheith riachtanach;

(f)

i gcás gur iarraidh é ar aon chineál glactha fianaise seachas an ceann a luaitear i bpointe (e), na doiciméid nó na nithe eile a bheidh le hiniúchadh;

(g)

i gcás inarb iomchuí, aon iarraidh de bhun Airteagal 12(3) nó (4), nó Airteagal 13 nó 14 agus aon fhaisnéis a bhfuil gá léi chun í a fhorghníomhú.

2.   Beidh an iarraidh agus na doiciméid uile a ghabhann léi díolmhaithe ón ngá fíordheimhniú nó aon fhoirmiúlacht choibhéiseach a dhéanamh.

3.   Na doiciméid a mheasann an chúirt iarrthach gur gá iad a chur i gceangal chun go bhforghníomhfar an iarraidh, beidh aistriúchán ar na doiciméid sin sa teanga inar scríobhadh an iarraidh ag gabháil leo.

Airteagal 6

Teanga

Maidir le hiarrataí agus teachtaireachtaí a dhéantar de bhun an Rialacháin seo, déanfar iad a tharraingt suas i dteanga oifigiúil an Bhallstáit iarrtha nó, má tá roinnt teangacha oifigiúla sa Bhallstát sin, i dteanga oifigiúil nó i gceann de theangacha oifigiúla na háite ina ndéanfar an glacadh fianaise a iarradh, nó i dteanga eile ar léirigh an Ballstát sin go nglacfaidh sé léi.

Cuirfidh gach Ballstát in iúl don Choimisiún aon teanga oifigiúil de chuid an Aontais seachas a theanga féin ina bhféadfar na foirmeacha a leagtar amach in Iarscríbhinn I a chomhlánú.

Airteagal 7

Iarrataí agus teachtaireachtaí eile a tharchur

1.   Maidir le hiarrataí agus teachtaireachtaí a dhéantar de bhun an Rialacháin seo, tarchuirfear iad trí chóras TF slán iontaofa agus urraim chuí á tabhairt do chearta bunúsacha agus do shaoirsí bunúsacha. Beidh an córas TF díláraithe sin bunaithe ar réiteach idir-inoibritheach amhail e-CODEX.

2.   An creat dlí ginearálta le haghaidh úsáid seirbhísí iontaoibhe cáilithe a leagtar amach i Rialachán (AE) Uimh. 910/2014, beidh feidhm aige maidir leis na hiarrataí agus na teachtaireachtaí arna dtarchur tríd an gcóras TF díláraithe.

3.   I gcás inar gá séala nó síniú lámhscríofa le haghaidh iarrataí agus teachtaireachtaí dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo, nó i gcás ina bhfuil séala nó síniú lámhscríofa ina chuid díobh, féadfar ríomhshéalaí cáilithe nó ríomhshínithe cáilithe, mar a shainmhínítear i Rialachán (AE) Uimh. 910/2014, a úsáid ina ionad.

4.   I gcás nach féidir tarchur a dhéanamh i gcomhréir le mír 1 mar gheall ar chur isteach ar an gcóras TF díláraithe nó mar gheall ar chineál na fianaise lena mbaineann, nó mar gheall ar imthosca eisceachtúla, déanfar an tarchur ar na modhanna malartacha is tapúla agus is iomchuí, agus an gá atá le hiontaofacht agus slándáil a áirithiú á chur san áireamh.

Airteagal 8

Éifeachtaí dlíthiúla ríomhdhoiciméad

Maidir le doiciméid a tharchuirfear tríd an gcóras TF díláraithe, ní shéanfar éifeacht dhlíthiúil orthu ná ní mheasfar iad a bheith neamh-inghlactha mar fhianaise in aon imeachtaí ar an bhforas, agus ar an bhforas sin amháin, gur i bhfoirm leictreonach atá siad.

ROINN 2

Iarrataí a fháil

Airteagal 9

Iarrataí a fháil

1.   Laistigh de 7 lá tar éis iarraidh a fháil, seolfaidh an chúirt inniúil iarrtha admháil fála chuig an gcúirt iarrthach trí úsáid a bhaint as foirm B in Iarscríbhinn I. I gcás nach gcomhlíonann an iarraidh na coinníollacha a leagtar síos in Airteagail 6 agus 7, cuirfidh an chúirt iarrtha nóta chuige sin san admháil fála.

2.   I gcás nach bhfuil dlínse ag an gcúirt iarrtha chun iarraidh a fhorghníomhú, iarraidh arna déanamh trí úsáid a bhaint as foirm A in Iarscríbhinn I, a chomhlíonann na coinníollacha a leagtar síos in Airteagal 6, cuirfidh an chúirt sin an iarraidh ar aghaidh chuig cúirt inniúil a Ballstáit agus cuirfidh sí an chúirt iarrthach ar an eolas faoi sin trí úsáid a bhaint as foirm C in Iarscríbhinn I.

Airteagal 10

Iarrataí neamhiomlána

1.   Mura féidir iarraidh a fhorghníomhú toisc nach bhfuil an fhaisnéis uile dá dtagraítear in Airteagal 5 inti, cuirfidh an chúirt iarrtha an chúirt iarrthach ar an eolas faoi sin gan mhoill agus, ar a dhéanaí, laistigh de 30 lá tar éis an iarraidh a fháil trí úsáid a bhaint as foirm D in Iarscríbhinn I, agus iarrfaidh sí ar an gcúirt iarrthach an fhaisnéis atá in easnamh a sheoladh, agus an fhaisnéis atá in easnamh á sonrú aici ar an mbealach is cruinne agus is féidir.

2.   Mura féidir iarraidh a fhorghníomhú toisc gur iarradh éarlais nó réamhíocaíocht i gcomhréir le hAirteagal 22(3), cuirfidh an chúirt iarrtha an chúirt iarrthach ar an eolas faoi sin gan mhoill, ar a dhéanaí laistigh de 30 lá tar éis an iarraidh a fháil trí úsáid a bhaint as foirm D in Iarscríbhinn I, agus cuirfidh sí an chúirt iarrthach ar an eolas i dtaobh conas a dhéanfar an éarlais nó an réamhíocaíocht. Admhóidh an chúirt iarrtha gan mhoill go bhfuarthas an éarlais nó an réamhíocaíocht, ar a dhéanaí laistigh de 10 lá tar éis an éarlais nó an réamhíocaíocht a fháil, trí úsáid a bhaint as foirm E in Iarscríbhinn I.

Airteagal 11

An iarraidh a chomhlánú

1.   Má tá sé luaite ag an gcúirt iarrtha ar an admháil fála de bhun Airteagal 9(1) nach gcomhlíonann an iarraidh na coinníollacha a leagtar síos in Airteagail 6 agus 7 nó má chuir sí an chúirt iarrthach ar an eolas de bhun Airteagal 10 nach féidir an iarraidh a fhorghníomhú toisc nach bhfuil an fhaisnéis uile is gá dá dtagraítear in Airteagal 5 inti, cuirfear tús leis an teorainn ama a leagtar síos in Airteagal 12 nuair a gheobhaidh an chúirt iarrtha an iarraidh arna comhlánú go cuí.

2.   I gcás inar iarr an chúirt iarrtha éarlais nó réamhíocaíocht i gcomhréir le hAirteagal 22(3), cuirfear tús leis an teorainn ama a leagtar síos in Airteagal 12 nuair a dhéanfar an éarlais nó an réamhíocaíocht.

ROINN 3

Glacadh fianaise ag an gcúirt iarrtha

Airteagal 12

Forálacha ginearálta maidir le hiarraidh a fhorghníomhú

1.   Déanfaidh an chúirt iarrtha an iarraidh a fhorghníomhú gan mhoill agus, ar a dhéanaí, laistigh de 90 lá tar éis an iarraidh a fháil.

2.   Déanfaidh an chúirt iarrtha an iarraidh a fhorghníomhú i gcomhréir lena dlí náisiúnta.

3.   Féadfaidh an chúirt iarrthach a iarraidh go ndéanfar an iarraidh a fhorghníomhú i gcomhréir le nós imeachta speisialta dá bhforáiltear ina dlí náisiúnta, trí úsáid a bhaint as foirm A in Iarscríbhinn I. Déanfaidh an chúirt iarrtha an iarraidh sin a fhorghníomhú i gcomhréir leis an nós imeachta speisialta ach amháin i gcás nach mbeadh sé ag luí lena dlí náisiúnta dá ndéanfaí amhlaidh nó i gcás nach bhfuil sí in ann déanamh amhlaidh mar gheall ar mhórdheacrachtaí praiticiúla. Mura gcomhlíonann an chúirt iarrtha an glao go ndéanfar an iarraidh a fhorghníomhú i gcomhréir le nós imeachta speisialta ar cheann de na cúiseanna sin, cuirfidh sí an chúirt iarrthach ar an eolas faoi sin trí úsáid a bhaint as foirm H in Iarscríbhinn I.

4.   Féadfaidh an chúirt iarrthach a iarraidh ar an gcúirt iarrtha úsáid a bhaint as teicneolaíocht chumarsáide shonrach le linn fianaise a ghlacadh, go háirithe trí úsáid a bhaint as físchomhdháil nó teileachomhdháil.

Úsáidfidh an chúirt iarrtha an teicneolaíocht chumarsáide a shonraítear de bhun na chéad fhomhíre ach amháin i gcás nach mbeadh sé ag luí lena dlí náisiúnta dá ndéanfaí amhlaidh nó i gcás nach bhfuil an chúirt iarrtha in ann déanamh amhlaidh mar gheall ar mhórdheacrachtaí praiticiúla.

Mura n‐úsáideann an chúirt iarrtha an teicneolaíocht chumarsáide sonraithe ar cheann de na cúiseanna sin, cuirfidh sí an chúirt iarrthach ar an eolas faoi sin trí úsáid a bhaint as foirm H in Iarscríbhinn I.

Mura bhfuil an teicneolaíocht chumarsáide dá dtagraítear sa chéad fhomhír ar fáil sa chúirt iarrthach nó sa chúirt iarrtha, féadfaidh na cúirteanna sin teicneolaíocht chumarsáide den sórt sin a chur ar fáil trí chomhaontú frithpháirteach.

Airteagal 13

Glacadh fianaise agus na páirtithe i láthair agus lena rannpháirtíocht

1.   Má foráiltear amhlaidh i ndlí Bhallstáit na cúirte iarrthaí, beidh sé de cheart ag na páirtithe agus a n‐ionadaithe, más ann dóibh, a bheith i láthair le linn don chúirt iarrtha fianaise a ghlacadh.

2.   Ina hiarraidh, cuirfidh an chúirt iarrthach an chúirt iarrtha ar an eolas, trí úsáid a bhaint as foirm A in Iarscríbhinn I, go mbeidh na páirtithe, agus a n‐ionadaithe, más ann dóibh, i láthair agus, i gcás inarb iomchuí, go n‐iarrtar a gcuid rannpháirtíochta le linn fianaise a ghlacadh. Féadfar an fhaisnéis sin a thabhairt ag aon am iomchuí eile freisin.

3.   Má iarrtar go mbeadh na páirtithe agus a n‐ionadaithe, más ann dóibh, rannpháirteach le linn fianaise a ghlacadh, cinnfidh an chúirt iarrtha na coinníollacha faoina bhféadfaidh siad a bheith rannpháirteach, i gcomhréir le hAirteagal 12.

4.   Tabharfaidh an chúirt iarrtha fógra do na páirtithe agus dá n‐ionadaithe, más ann dóibh, faoin am agus faoin áit a ndéanfar an fhianaise a ghlacadh agus, i gcás inarb iomchuí, faoi na coinníollacha faoina bhféadfaidh siad a bheith rannpháirteach le linn fianaise a ghlacadh, trí úsáid a bhaint as foirm I in Iarscríbhinn I.

5.   Ní dochar míreanna 1 go 4 do chumas na cúirte iarrtha a iarraidh ar na páirtithe agus a n‐ionadaithe, más ann dóibh, a bheith i láthair nó a bheith rannpháirteach le linn fianaise a ghlacadh má dhéantar foráil maidir leis sin i ndlí a Ballstáit.

Airteagal 14

Glacadh fianaise agus ionadaithe na cúirte iarrthaí i láthair agus lena rannpháirtíocht

1.   I gcás ina bhfuil sé ag luí le dlí Bhallstáit na cúirte iarrthaí, beidh sé de cheart ag ionadaithe na cúirte iarrthaí a bheith i láthair le linn don chúirt iarrtha fianaise a ghlacadh.

2.   Chun críocha an Airteagail seo, áirítear leis an téarma “ionadaí” comhaltaí den phearsanra breithiúnach arna n‐ainmniú ag an gcúirt iarrthach i gcomhréir lena dlí náisiúnta. Féadfaidh an chúirt iarrthach aon duine eile, mar shampla saineolaí, a ainmniú chun ionadaíocht a dhéanamh thar a ceann, i gcomhréir lena dlí náisiúnta.

3.   Ina hiarraidh, cuirfidh an chúirt iarrthach an chúirt iarrtha ar an eolas, trí úsáid a bhaint as foirm A in Iarscríbhinn I, go mbeidh a páirtithe i láthair agus, i gcás inarb iomchuí, go n‐iarrtar a gcuid rannpháirtíochta le linn fianaise a ghlacadh. Féadfar an fhaisnéis sin a thabhairt ag aon am iomchuí eile freisin.

4.   Má iarrtar go mbeadh ionadaithe na cúirte iarrthaí rannpháirteach le linn fianaise a ghlacadh, cinnfidh an chúirt iarrtha, i gcomhréir le hAirteagal 12, na coinníollacha faoina bhféadfaidh siad a bheith rannpháirteach.

5.   Tabharfaidh an chúirt iarrtha fógra don chúirt iarrthach faoin am agus faoin áit a ndéanfar an fhianaise a ghlacadh agus, i gcás inarb iomchuí, faoi na coinníollacha faoina bhféadfaidh a hionadaithe a bheith rannpháirteach le linn fianaise a ghlacadh, trí úsáid a bhaint as foirm I in Iarscríbhinn I.

Airteagal 15

Bearta comhéigneacha

I gcás inar gá, agus iarraidh á forghníomhú ag an gcúirt iarrtha, cuirfidh sí na bearta comhéigneacha iomchuí i bhfeidhm sna cásanna agus a mhéid dá bhforáiltear i ndlí Bhallstát na cúirte iarrtha chun iarraidh arna déanamh chun na críche céanna ag a húdaráis náisiúnta nó ag ceann de na páirtithe lena mbaineann a fhorghníomhú.

Airteagal 16

Diúltuithe iarrataí a fhorghníomhú

1.   Ní dhéanfar iarraidh ar cheistiú duine a fhorghníomhú i gcás ina n‐agraíonn an duine lena mbaineann an ceart diúltú fianaise a thabhairt nó ina dtoirmeasctar ar an duine sin fianaise a thabhairt:

(a)

faoi dhlí Bhallstát na cúirte iarrtha; nó

(b)

faoi dhlí Bhallstát na cúirte iarrthaí, agus i gcás inar sonraíodh ceart nó toirmeasc den sórt sin san iarraidh, nó, más gá, ar thionscnamh na cúirte iarrtha, ina bhfuil ceart nó toirmeasc den sórt sin deimhnithe ag an gcúirt iarrthach.

2.   Ní fhéadfar diúltú le hiarraidh a fhorghníomhú ar fhorais seachas iad sin dá dtagraítear i mír 1 ach i gcás ina bhfuil feidhm ag ceann amháin nó níos mó de na forais seo a leanas:

(a)

ní thagann an iarraidh faoi raon feidhme an Rialacháin seo;

(b)

ní thagann forghníomhú na hiarrata faoi raon feidhme na mbreithiúna faoi dhlí Bhallstát na cúirte iarrtha;

(c)

ní chomhlíonann an chúirt iarrthach iarraidh na cúirte iarrtha an iarraidh ar ghlacadh fianaise a chur i gcrích de bhun Airteagal 10 laistigh de 30 lá tar éis don chúirt iarrtha iarraidh uirthi sin a dhéanamh; nó

(d)

ní dhéantar éarlais nó réamhíocaíocht arna hiarraidh i gcomhréir le hAirteagal 22(3) laistigh de 60 lá tar éis don chúirt iarrtha éarlais nó réamhíocaíocht den sórt sin a iarraidh.

3.   Ní dhiúltóidh cúirt iarrtha iarraidh a fhorghníomhú ar an bhforas go bhfuil, faoina dlí náisiúnta, dlínse eisiach ag cúirt eile de chuid an Bhallstáit sin ar ábhar an cháis nó nach gceadaítear an ceart caingin i leith an ábhair sin faoi dhlí an Bhallstáit sin agus ar an bhforas sin amháin.

4.   Má dhiúltaítear an iarraidh a fhorghníomhú ar cheann de na forais dá dtagraítear i mír 2, cuirfidh an chúirt iarrtha sin in iúl don chúirt iarrthach laistigh de 60 lá tar éis don chúirt iarrtha an iarraidh a fháil, trí úsáid a bhaint as foirm K in Iarscríbhinn I.

Airteagal 17

Fógra a thabhairt faoin moill

Mura bhfuil an chúirt iarrtha in ann an iarraidh a fhorghníomhú laistigh de 90 lá tar éis an iarraidh a fháil, cuirfidh sí an chúirt iarrthach ar an eolas faoi sin trí úsáid a bhaint as foirm J in Iarscríbhinn I. Má dhéanann sí amhlaidh, tabharfaidh sí na forais leis an moill mar aon leis an méid ama a mheasann sí a bheidh de dhíth uirthi chun an iarraidh a fhorghníomhú.

Airteagal 18

An nós imeachta tar éis fhorghníomhú na hiarrata

Seolfaidh an chúirt iarrtha chuig an gcúirt iarrthach na doiciméid lena ndeimhnítear gur forghníomhaíodh an iarraidh, gan mhoill, agus, i gcás inarb iomchuí, seolfaidh sí na doiciméid a fuair sí ón gcúirt iarrthach ar ais chuici. Beidh deimhniú ar fhorghníomhú ag gabháil leis na doiciméid sin, trí úsáid a bhaint as foirm K in Iarscríbhinn I.

ROINN 4

Fianaise a ghlacadh go díreach ag an gcúirt iarrthach agus fianaise a ghlacadh ag gníomhaithe taidhleoireachta nó ag oifigigh chonsalacha

Airteagal 19

Fianaise a ghlacadh go díreach ag an gcúirt iarrthach

1.   I gcás ina n‐iarrann cúirt go nglacfaí fianaise go díreach i mBallstát eile, cuirfidh sí iarraidh faoi bhráid chomhlacht lárnach nó údarás inniúil an Bhallstáit sin, trí úsáid a bhaint as foirm L in Iarscríbhinn I.

2.   Ní fhéadfar fianaise a ghlacadh go díreach ach amháin más féidir í a ghlacadh ar bhonn deonach gan bearta comhéigneacha a úsáid.

I gcás nach mór duine a cheistiú mar gheall ar fhianaise a bheith á glacadh go díreach, cuirfidh an chúirt iarrthach an duine sin ar an eolas go ndéanfar an fhianaise a ghlacadh ar bhonn deonach.

3.   Déanfaidh comhalta den phearsanra breithiúnach nó aon duine eile, amhail saineolaí, a ainmneofar i gcomhréir le dlí Bhallstát na cúirte iarrthaí, fianaise a ghlacadh go díreach.

4.   Laistigh de 30 lá tar éis an iarraidh a fháil ar fhianaise a ghlacadh go díreach, cuirfidh comhlacht lárnach nó údarás inniúil an Bhallstáit iarrtha an chúirt iarrthach ar an eolas i dtaobh ar glacadh leis an iarraidh agus, más gá sin, cuirfidh an comhlacht nó an t‐údarás sin an chúirt iarrthach ar an eolas faoi na coinníollacha faoina nglacfar fianaise go díreach de réir dhlí a Bhallstáit, trí úsáid a bhaint as foirm M in Iarscríbhinn I.

Féadfaidh an comhlacht lárnach nó an t‐údarás inniúil cúirt de chuid a Bhallstáit a shannadh chun páirt a ghlacadh i nglacadh díreach na fianaise chun a áirithiú go gcuirtear an tAirteagal seo i bhfeidhm mar is cuí agus go gcomhlíontar na coinníollacha faoina nglacfar fianaise go díreach.

5.   I gcás nach bhfuil faisnéis i dtaobh ar glacadh leis an iarraidh faighte ag an gcúirt iarrthach laistigh de 30 lá tar éis na hadmhála go bhfuarthas an iarraidh ar fhianaise a ghlacadh go díreach, féadfaidh sí meabhrúchán a sheoladh chuig comhlacht lárnach nó chuig údarás inniúil an Bhallstáit iarrtha. Mura bhfaigheann an chúirt iarrthach freagra laistigh de 15 lá tar éis na hadmhála go bhfuarthas an meabhrúchán, measfar go bhfuiltear tar éis glacadh leis an iarraidh ar fhianaise a ghlacadh go díreach. In imthosca urghnácha, áfach, i gcás inar cuireadh cosc ar an gcomhlacht lárnach nó ar an údarás inniúil freagairt don iarraidh laistigh den sprioc tar éis an mheabhrúcháin, féadfar na forais le diúltú d’fhianaise a ghlacadh go díreach a agairt go heisceachtúil fós tráth ar bith tar éis don sprioc sin imeacht in éag go dtí go nglacfar an fhianaise go díreach go hiarbhír.

6.   Féadfaidh comhlacht lárnach nó údarás inniúil an Bhallstáit iarrtha cúirt de chuid a Bhallstáit a shannadh chun cúnamh praiticiúil a thabhairt le linn fianaise a ghlacadh go díreach.

7.   Ní fhéadfaidh comhlacht lárnach ná údarás inniúil an Bhallstáit diúltú d’iarraidh ar fhianaise a ghlacadh go díreach ach amháin más fíor an méid seo a leanas:

(a)

ní thagann sí faoi raon feidhme an Rialacháin;

(b)

níl an fhaisnéis uile is gá dá dtagraítear in Airteagal 5 inti; nó

(c)

glacadh díreach na fianaise a iarradh, tá sé contrártha do phrionsabail bhunúsacha an dlí ina Bhallstát.

8.   Gan dochar d’aon choinníollacha a leagtar síos i gcomhréir le mír 4, déanfaidh an chúirt iarrthach an fhianaise a ghlacadh go díreach i gcomhréir le dlí a Ballstáit.

Airteagal 20

Fianaise a ghlacadh go díreach trí bhíthin físchomhdhála nó teicneolaíocht chianchumarsáide eile

1.   I gcás ina bhfuil fianaise le glacadh trí dhuine atá i láthair i mBallstát eile a cheistiú, agus go n‐iarrann an chúirt go nglacfaí fianaise go díreach i gcomhréir le hAirteagal 19, déanfaidh an chúirt sin an fhianaise a ghlacadh trí úsáid a bhaint as físchomhdháil nó teicneolaíocht chianchumarsáide eile, ar choinníoll go bhfuil teicneolaíocht den sórt sin ar fail don chúirt agus go measann an chúirt gurb iomchuí i ngeall ar dhálaí sonracha an cháis teicneolaíocht den sórt sin a úsáid.

2.   Iarraidh ar fhianaise a ghlacadh go díreach trí úsáid a bhaint as físchomhdháil nó teicneolaíocht chianchumarsáide eile, déanfar í trí úsáid a bhaint as foirm N in Iarscríbhinn I. An chúirt iarrthach agus comhlacht lárnach nó údarás inniúil an Bhallstáit iarrtha nó an chúirt a sannadh chun cúnamh praiticiúil a thabhairt le linn fianaise a ghlacadh go díreach, tiocfaidh siad ar chomhaontú faoi shocruithe praiticiúla maidir leis an gceistiú.

Arna iarraidh sin, tabharfar cúnamh don chúirt iarrthach ateangaire a fháil más gá.

Airteagal 21

Fianaise a ghlacadh ag gníomhairí taidhleoireachta nó oifigigh chonsalacha

Féadfaidh na Ballstáit foráil a dhéanamh ina ndlí náisiúnta go mbeidh a gcúirteanna in ann iarraidh ar a ngníomhairí taidhleoireachta nó a n‐oifigigh chonsalacha ar chríoch Bhallstáit eile agus laistigh den limistéar ina bhfuil siad creidiúnaithe fianaise a ghlacadh in áitreabh a misin taidhleoireachta nó a gconsalachta, ach amháin in imthosca eisceachtúla, gan gá a bheith le réamhiarraidh a dhéanamh, trí éisteacht a thabhairt, ar bhonn deonach agus gan bearta comhéigneacha a úsáid, do náisiúnaigh as an mBallstát arb ionadaithe dó iad i gcomhthéacs imeachtaí atá ar feitheamh i gcúirteanna an Bhallstáit arb ionadaithe dó iad. Déanfaidh an gníomhaire taidhleoireachta iarrtha nó an t‐oifigeach consalach iarrtha an iarraidh a fhorghníomhú i gcomhréir le dlí a Ballstáit nó le dlí a Bhallstáit.

ROINN 5

Costais

Airteagal 22

Costais

1.   Ní bheidh forghníomhú iarrata ar fhianaise a ghlacadh go díreach i gcomhréir le hAirteagal 12 ina chúis le haon éileamh ar chánacha nó costais a aisíoc.

2.   De mhaolú ar mhír 1, féadfaidh an chúirt iarrtha ceangal a chur go ndéanfar cánacha nó costais a aisíoc. Má éilíonn an chúirt iarrtha amhlaidh, áiritheoidh an chúirt iarrthach go ndéanfar na nithe seo a leanas a aisíoc gan mhoill:

na táillí arna n‐íoc le saineolaithe agus le hateangairí, agus

na costais a eascraíonn as cur i bhfeidhm Airteagal 12(3) agus (4).

Is le dlí Bhallstát na cúirte iarrthaí a rialófar an oibleagáid atá ar na páirtithe táillí nó costais den sórt sin a íoc.

3.   I gcás ina bhfuil tuairim saineolaí de dhíth, sula bhforghníomhóidh sí an iarraidh ar fhianaise a ghlacadh, féadfaidh an chúirt iarrtha éarlais nó réamhíocaíocht leordhóthanach i leith chostais thuairim an tsaineolaí a bhfuiltear ag súil leo a iarraidh ar an gcúirt iarrthach. I ngach cás eile, ní bheidh éarlais ná réamhíocaíocht mar choinníoll le hiarraidh ar ghlacadh na fianaise a fhorghníomhú.

Is iad na páirtithe a dhéanfaidh an éarlais nó an réamhíocaíocht má dhéantar foráil ina leith i ndlí Bhallstát na cúirte iarrthaí.

CAIBIDIL III

FORÁLACHA CRÍOCHNAITHEACHA

Airteagal 23

Lámhleabhar, agus Iarscríbhinn I a leasú

1.   Déanfaidh an Coimisiún lámhleabhar a tharraingt suas agus a thabhairt cothrom le dáta go rialta ina mbeidh an fhaisnéis a sholáthair na Ballstáit i gcomhréir le hAirteagal 31 agus na comhaontuithe nó na socruithe atá i bhfeidhm, i gcomhréir le hAirteagal 29(3). Cuirfidh sé an lámhleabhar ar fail go leictreonach, go háirithe tríd an nGréasán Breithiúnach Eorpach in Ábhair Shibhialta agus Thráchtála agus ar an Tairseach Eorpach don r-Cheartas.

2.   Tugtar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 24 chun Iarscríbhinn I a leasú chun na foirmeacha a leagtar amach inti a thabhairt cothrom le dáta nó chun athruithe teicniúla a dhéanamh ar na foirmeacha sin.

Airteagal 24

An tarmligean a fheidhmiú

1.   Is faoi réir na gcoinníollacha a leagtar síos san Airteagal seo a thugtar an chumhacht don Choimisiún chun gníomhartha tarmligthe a ghlacadh.

2.   Déanfar an chumhacht chun gníomhartha tarmligthe a ghlacadh dá dtagraítear in Airteagal 23(2) a thabhairt don Choimisiún go ceann tréimhse 5 bliana ón 22 Nollaig 2020. Déanfaidh an Coimisiún, tráth nach déanaí ná 9 mí roimh dheireadh na tréimhse 5 bliana, tuarascáil a tharraingt suas maidir le tarmligean na cumhachta. Déanfar tarmligean na cumhachta a fhadú go hintuigthe go ceann tréimhsí comhfhaid, mura rud é go gcuireann Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle in aghaidh an fhadaithe sin tráth nach déanaí ná 3 mhí roimh dheireadh gach tréimhse.

3.   Féadfaidh Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle tarmligean na cumhachta dá dtagraítear in Airteagal 23(2) a chúlghairm aon tráth. Le cinneadh chun cúlghairm a dhéanamh, cuirfear deireadh le tarmligean na cumhachta atá sonraithe sa chinneadh sin. Gabhfaidh éifeacht leis an lá tar éis fhoilsiú an chinnidh in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh nó ar dháta níos déanaí a shonrófar sa chinneadh. Ní dhéanfaidh sé difear do bhailíocht aon ghnímh tharmligthe atá i bhfeidhm cheana.

4.   Sula nglacfaidh sé gníomh tarmligthe, rachaidh an Coimisiún i mbun comhairliúchán le saineolaithe arna n‐ainmniú ag gach Ballstát i gcomhréir leis na prionsabail a leagtar síos i gComhaontú Idirinstitiúideach an 13 Aibreán 2016 maidir le Reachtóireacht Níos Fearr.

5.   A luaithe a ghlacfaidh sé gníomh tarmligthe, tabharfaidh an Coimisiún fógra, an tráth céanna, do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle faoi.

6.   Ní thiocfaidh gníomh tarmligthe a ghlactar de bhun Airteagal 23(2) i bhfeidhm ach amháin mura mbeidh aon agóid curtha in iúl ag Parlaimint na hEorpa ná ag an gComhairle laistigh de thréimhse 2 mhí tar éis fógra faoin ngníomh sin a thabhairt do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle nó más rud é, roimh dhul in éag na tréimhse sin, go mbeidh Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle araon tar éis a chur in iúl don Choimisiún nach ndéanfaidh siad aon agóid. Déanfar an tréimhse sin a fhadú 2 mhí ar thionscnamh Pharlaimint na hEorpa nó na Comhairle.

Airteagal 25

Gníomhartha cur chun feidhme arna nglacadh ag an gCoimisiún

1.   Glacfaidh an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme lena mbunaítear an córas TF díláraithe, lena leagtar amach na nithe seo a leanas:

(a)

an tsonraíocht theicniúil lena sainítear na modhanna cumarsáide trí mheán leictreonach chun críocha an chórais TF dhíláraithe;

(b)

na sonraíochtaí teicniúla maidir le prótacail chumarsáide;

(c)

na cuspóirí slándála faisnéise agus na bearta teicniúla ábhartha lena n‐áirithítear íoschaighdeáin slándála faisnéise maidir le próiseáil agus tarchur faisnéise laistigh den chóras TF díláraithe;

(d)

na híoschuspóirí infhaighteachta agus na ceanglais theicniúla ghaolmhara fhéideartha i ndáil leis na seirbhísí a sholáthraíonn an córas TF díláraithe;

(e)

coiste stiúrtha a bhunú a bheidh comhdhéanta d’ionadaithe ó na Ballstáit chun oibriú agus cothabháil an chórais TF dhíláraithe a áirithiú chun cuspóirí an Rialacháin seo a bhaint amach.

2.   Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo a ghlacadh faoin 23 Márta 2022 i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 26(2).

Airteagal 26

Nós imeachta coiste

1.   Tabharfaidh coiste cúnamh don Choimisiún. Beidh an coiste sin ina choiste de réir bhrí Rialachán (AE) Uimh. 182/2011.

2.   I gcás ina ndéantar tagairt don mhír seo, beidh feidhm ag Airteagal 5 de Rialachán (AE) Uimh. 182/2011.

Airteagal 27

Bogearraí cur chun feidhme tagartha

1.   Is é an Coimisiún a bheidh freagrach as bogearraí cur chun feidhme tagartha a chruthú, a chothabháil agus a fhorbairt amach anseo, bogearraí a fhéadfaidh na Ballstáit rogha a dhéanamh a chur i bhfeidhm mar chóras cúil seachas mar chóras náisiúnta TF. Is as buiséad ginearálta an Aontais a mhaoineofar cruthú agus cothabháil na mbogearraí cur chun feidhme tagartha, agus a bhforbairt amach anseo.

2.   Déanfaidh an Coimisiún, ar bhonn saor in aisce, cur chun feidhme na gcomhpháirteanna bogearra is bunús le pointí rochtana a chur ar fáil agus a chothabháil agus tacóidh sé leis.

Airteagal 28

Costais an chórais TF dhíláraithe

1.   Íocfaidh gach Ballstát na costais a bhaineann le suiteáil, oibriú agus cothabháil a phointí rochtana féin lena ndéantar na córais náisiúnta TF a idirnascadh i gcomhthéacs an chórais TF dhíláraithe.

2.   Íocfaidh gach Ballstát na costais a bhaineann lena chórais náisiúnta TF a bhunú agus a choigeartú chun go mbeidh siad idir-inoibritheach leis na pointí rochtana, agus íocfaidh siad na costais a bhaineann leis na córais sin a riar, a oibriú agus a chothabháil.

3.   Ní dochar míreanna 1 agus 2 don fhéidearthacht atá ag na Ballstáit iarratas a dhéanamh ar dheontais chun tacú leis na gníomhaíochtaí dá dtagraítear sna míreanna sin faoi chláir airgeadais an Aontais.

Airteagal 29

An gaol le comhaontuithe nó socruithe idir na Ballstáit

1.   Maidir le hábhair a bhfuil feidhm aige maidir leo, beidh forlámhas ag an Rialachán seo ar fhorálacha eile atá i gcomhaontuithe déthaobhacha nó iltaobhacha nó i socruithe déthaobhacha nó iltaobhacha arna dtabhairt i gcrích ag na Ballstáit, agus go háirithe Coinbhinsiún na Háige an 1 Márta 1954 maidir le Nós Imeachta Sibhialta agus Coinbhinsiún na Háige an 18 Márta 1970 maidir le Fianaise a Ghlacadh ar an gCoigríoch in Ábhair Shibhialta nó Thráchtála, sa chaidreamh idir na Ballstáit ar páirtithe iad iontu.

2.   Ní choiscfidh an Rialachán seo ar Bhallstáit comhaontuithe nó socruithe a chothabháil nó a thabhairt i gcrích chun glacadh fianaise a éascú tuilleadh, ar choinníoll go mbeidh na comhaontuithe nó na socruithe sin ag luí leis an Rialachán seo.

3.   Seolfaidh na Ballstáit an méid seo a leanas chuig an gCoimisiún:

(a)

cóip d’aon chomhaontuithe nó socruithe dá dtagraítear i mír 2 a bheidh tugtha i gcrích idir na Ballstáit, mar aon le dréachtaí d’aon chomhaontuithe nó socruithe den sórt sin a bhfuil sé beartaithe acu a ghlacadh; agus

(b)

aon séanadh nó aon leasuithe a rinneadh ar na comhaontuithe nó ar na socruithe sin.

Airteagal 30

Faisnéis arna tarchur a chosaint

1.   Aon phróiseáil sonraí pearsanta a dhéantar de bhun an Rialacháin seo, lena n‐áirítear malartú nó tarchur sonraí pearsanta ag na húdaráis inniúla, beidh sí i gcomhréir le Rialachán (AE) 2016/679.

Aon mhalartú nó tarchur faisnéise a dhéanfaidh údaráis inniúla ar leibhéal an Aontais, déanfar é i gcomhréir le Rialachán (AE) 2018/1725.

Sonraí pearsanta nach bhfuil ábhartha maidir le cás sonrach a láimhseáil, scriosfar iad láithreach.

2.   Measfar gur rialaitheoirí de réir bhrí Rialachán (AE) 2016/679 an t‐údarás inniúil nó na húdaráis inniúla faoin dlí náisiúnta i ndáil le próiseáil sonraí pearsanta faoin Rialachán seo.

3.   D’ainneoin mhíreanna 1 agus 2, ní úsáidfidh an chúirt iarrtha faisnéis arna tarchur faoin Rialachán seo ach amháin chun na críche ar tarchuireadh í.

4.   Déanfaidh na cúirteanna iarrtha a áirithiú go bhfanfaidh faisnéis den sórt sin faoi rún i gcomhréir lena ndlí náisiúnta.

5.   Ní dochar míreanna 3 agus 4 do dhlíthe náisiúnta lena gcumasaítear ábhair sonraí a chur ar an eolas faoin úsáid a bhaintear as faisnéis arna tarchur faoin Rialachán seo.

6.   Ní dochar an Rialachán seo do Threoir 2002/58/CE.

Airteagal 31

Cur in iúl

1.   Cuirfidh na Ballstáit an méid seo a leanas in iúl don Choimisiún:

(a)

an liosta a tharraingítear suas de bhun Airteagal 3(2) lena léirítear dlínse chríochach agus, i gcás inarb infheidhme, dlínse speisialta na gcúirteanna;

(b)

ainmneacha agus seoltaí na gcomhlachtaí lárnacha agus na n‐údarás inniúil arna n‐ainmniú de bhun Airteagal 4(3), agus a ndlínse chríochach á léiriú;

(c)

na modhanna teicniúla chun iarrataí a fháil atá ar fáil do na cúirteanna ar an liosta a tharraingítear suas de bhun Airteagal 3(2);

(d)

na teangacha a nglactar leo le haghaidh na n‐iarrataí, dá dtagraítear in Airteagal 6.

2.   Cuirfidh na Ballstáit an Coimisiún ar an eolas maidir le haon athruithe a dhéanfar ina dhiaidh sin ar an bhfaisnéis dá dtagraítear i mír 1.

3.   Cuirfidh gach Ballstát in iúl don Choimisiún mionsonraí maidir leis na húdaráis eile atá inniúil ar fhianaise a ghlacadh chun críoch imeachtaí breithiúnacha in ábhair shibhialta agus thráchtála. Cuirfidh na Ballstáit an Coimisiún ar an eolas maidir le haon athruithe a dhéanfar ina dhiaidh sin ar na mionsonraí sin.

4.   I gcás ina mbeidh na Ballstáit in ann an córas TF díláraithe a oibriú tráth níos luaithe ná mar a cheanglaítear faoin Rialachán seo, féadfaidh siad fógra a thabhairt don Choimisiún ina thaobh. Cuirfidh an Coimisiún an fhaisnéis sin ar fáil go leictreonach, go háirithe tríd an Tairseach Eorpach don r-Cheartas.

Airteagal 32

Faireachán

1.   Faoin 2 Iúil 2023, bunóidh an Coimisiún clár mionsonraithe chun faireachán a dhéanamh ar aschuir, torthaí agus tionchar an Rialacháin seo.

2.   Sonrófar sa chlár faireacháin an ghníomhaíocht atá le déanamh ag an gCoimisiún agus na Ballstáit chun faireachán a dhéanamh ar aschuir, torthaí agus tionchar an Rialacháin seo. Leagfar amach ann an tráth a ndéanfar na sonraí dá dtagraítear i mír 3 a bhailiú den chéad uair, an 2 Iúil 2026 ar a dhéanaí a bheidh i gceist leis, agus na heatraimh ina dhiaidh sin a ndéanfar na sonraí sin a bhailiú,

3.   Soláthróidh na Ballstáit don Choimisiún na sonraí seo a leanas is gá chun faireachán a dhéanamh, más ann dóibh:

(a)

líon na n‐iarrataí ar fhianaise a ghlacadh arna dtarchur i gcomhréir le hAirteagal 7(1) agus Airteagal 19(1) faoi seach;

(b)

líon na n‐iarrataí ar fhianaise a ghlacadh arna bhforghníomhú i gcomhréir le hAirteagal 12 agus Airteagal 19(8) faoi seach;

(c)

líon na gcásanna inar tarchuireadh an iarraidh ar fhianaise a ghlacadh ar bhealaí eile seachas tríd an gcóras TF díláraithe i gcomhréir le hAirteagal 7(4).

4.   Na bogearraí cur chun feidhme tagartha agus, i gcás ina bhfuil sé feistithe déanamh amhlaidh, an córas náisiúnta cúil, déanfaidh siad na sonraí dá dtagraítear i bpointí (a) agus (b) de mhír 3 a bhailiú ar bhonn ríomhchláraithe agus a tharchur chuig an gCoimisiún ar bhonn rialta.

Airteagal 33

Meastóireacht

1.   Tráth nach déanaí ná 5 bliana tar éis dháta chur i bhfeidhm Airteagal 7 i gcomhréir le hAirteagal 35(3), déanfaidh an Coimisiún meastóireacht ar an Rialachán seo, agus cuirfidh sé tuarascáil ar a phríomhthorthaí faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa, na Comhairle agus Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa, agus, i gcás inarb iomchuí, beidh togra reachtach ag gabháil léi.

2.   Soláthróidh na Ballstáit don Choimisiún an fhaisnéis is gá chun an tuarascáil dá dtagraítear i mír 1 a ullmhú.

Airteagal 34

Aisghairm

1.   Aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 1206/2001 le héifeacht amhail ó dháta chur i bhfeidhm an Rialacháin seo, cé is moite d’Airteagal 6 de Rialachán (CE) Uimh. 1206/2001, Airteagal a aisghairfear amhail ó dháta chur i bhfeidhm Airteagal 7 dá dtagraítear in Airteagal 35(3) den Rialachán seo.

2.   Déanfar tagairtí don Rialachán aisghairthe a fhorléiriú mar thagairtí don Rialachán seo agus léifear iad i gcomhréir leis an tábla comhghaoil atá in Iarscríbhinn III.

Airteagal 35

Teacht i bhfeidhm agus cur i bhfeidhm

1.   Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh feidhm aige ón 1 Iúil 2022.

2.   Beidh feidhm ag Airteagal 31(3) ón 23 Márta 2022.

3.   Beidh feidhm ag Airteagal 7 ón gcéad lá den mhí tar éis na tréimhse 3 bliana tar éis dháta theacht i bhfeidhm na ngníomhartha cur chun feidhme dá dtagraítear in Airteagal 25.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach sna Ballstáit i gcomhréir leis na Conarthaí.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 25 Samhain 2020.

Thar ceann Pharlaimint na hEorpa

An tUachtarán

D. M. SASSOLI

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

M. ROTH


(1)  IO C 62, 15.2.2019, lch. 56.

(2)  Seasamh ó Pharlaimint na hEorpa an 13 Feabhra 2019 (nár foilsíodh fós san Iris Oifigiúil) agus seasamh ón gComhairle ar an gcéad léamh an 4 Samhain 2020 (nár foilsíodh fós san Iris Oifigiúil). Seasamh ó Pharlaimint na hEorpa an 23 Samhain 2020 (nár foilsíodh fós san Iris Oifigiúil).

(3)  Rialachán (CE) Uimh. 1206/2001 ón gComhairle an 28 Bealtaine 2001 maidir le comhar idir cúirteanna na mBallstát le linn fianaise a ghlacadh in ábhair shibhialta nó thráchtála (IO L 174, 27.6.2001, lch. 1).

(4)  Rialachán (AE) 2019/1111 ón gComhairle an 25 Meitheamh 2019 maidir le dlínse, maidir le haithint agus forghníomhú breithiúnas in ábhair maidir le pósadh agus sna hábhair maidir le freagracht tuismitheora, agus maidir le fuadach idirnáisiúnta leanaí (IO L 178, 2.7.2019, lch. 1).

(5)  Rialachán (AE) Uimh. 1215/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 12 Nollaig 2012 maidir le dlínse agus le haithint agus forghníomhú breithiúnas in ábhair shibhialta agus tráchtála (IO L 351, 20.12.2012, lch. 1).

(6)  Rialachán (AE) Uimh. 650/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 4 Iúil 2012 maidir le dlínse, an dlí is infheidhme, aithint agus forfheidhmiú cinntí agus glacadh le hionstraimí barántúla agus iad a fhorfheidhmiú in ábhair chomharbais agus maidir le Deimhniú Eorpach Comharbais a chruthú (IO L 201, 27.7.2012, lch. 107).

(7)  Rialachán (AE) Uimh. 910/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Iúil 2014 maidir le ríomh-shainaitheantas agus seirbhísí iontaoibhe le haghaidh ríomh-idirbheart sa mhargadh inmheánach agus lena n‐aisghairtear Treoir 1999/93/CE (IO L 257, 28.8.2014, lch. 73).

(8)  Rialachán (AE) 2018/1725 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Deireadh Fómhair 2018 maidir le cosaint daoine nádúrtha i dtaca le sonraí pearsanta a bheith á bpróiseáil ag institiúidí, comhlachtaí, oifigí agus gníomhaireachtaí de chuid an Aontais agus maidir le saorghluaiseacht na sonraí sin, agus lena n‐aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 45/2001 agus Cinneadh Uimh. 1247/2002/CE (IO L 295, 21.11.2018, lch. 39).

(9)  Rialachán (AE) 2016/679 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 27 Aibreán 2016 maidir le daoine nádúrtha a chosaint i ndáil le sonraí pearsanta a phróiseáil agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin, agus lena n‐aisghairtear Treoir 95/46/CE (An Rialachán Ginearálta maidir le Cosaint Sonraí) (IO L 119, 4.5.2016, lch. 1).

(10)  Rialachán (CE) Uimh. 4/2009 ón gComhairle an 18 Nollaig 2008 maidir le dlínse, leis an dlí is infheidhme, le haithint agus forghníomhú breitheanna agus le comhar in ábhair a bhaineann le hoibleagáidí cothabhála (IO L 7, 10.1.2009, lch. 1).

(11)  IO L 123, 12.5.2016, lch. 1.

(12)  Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Feabhra 2011 lena leagtar síos na rialacha agus na prionsabail ghinearálta a bhaineann leis na sásraí maidir le rialú ag na Ballstáit ar fheidhmiú cumhachtaí cur chun feidhme ag an gCoimisiún (IO L 55, 28.2.2011, lch. 13).

(13)  Treoir 2002/58/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 12 Iúil 2002 maidir le sonraí pearsanta a phróiseáil agus maidir le príobháideachas a chosaint san earnáil cumarsáide leictreonaí (an Treoir um príobháideachas agus cumarsáid leictreonach) (IO L 201, 31.7.2002, lch. 37).

(14)  IO C 370, 31.10.2019, lch. 24.


IARSCRÍBHINN I

FOIRM A

IARRAIDH AR FHIANAISE A GHLACADH

(Airteagal 5 de Rialachán (AE) 2020/1783 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 25 Samhain 2020 maidir le comhar idir cúirteanna na mBallstát le linn fianaise a ghlacadh in ábhair shibhialta nó thráchtála (fianaise a ghlacadh) (1))

1.

Uimh. thagartha na cúirte iarrthaí:

2.

Cúirt iarrthach:

2.1.

Ainm:

2.2.

Seoladh:

2.2.1.

Sráid agus uimhir/bosca poist:

2.2.2.

Áit agus cód poist:

2.2.3.

Tír:

2.3.

Teil.:

2.4.

Facs ((*)):

2.5.

Ríomhphost:

3.

Cúirt iarrtha:

3.1.

Ainm:

3.2.

Seoladh:

3.2.1.

Sráid agus uimhir/bosca poist:

3.2.2.

Áit agus cód poist:

3.2.3.

Tír:

3.3.

Teil.:

3.4.

Facs ((*)):

3.5.

Ríomhphost:

4.

Sa chás a thionscain an t‐éilitheoir/an t‐achainíoch (na héilitheoirí/na hachainígh) (2)

4.1.

Ainm:

4.2.

Seoladh:

4.2.1.

Sráid agus uimhir/bosca poist:

4.2.2.

Áit agus cód poist:

4.2.3.

Tír:

4.3.

Teil. ((*)):

4.4.

Facs ((*)):

4.5.

Ríomhphost ((*)):

5.

Ionadaithe an éilitheora/achainígh

5.1.

Ainm:

5.2.

Seoladh:

5.2.1.

Sráid agus uimhir/bosca poist:

5.2.2.

Áit agus cód poist:

5.2.3.

Tír:

5.3.

Teil.:

5.4.

Facs ((*)):

5.5.

Ríomhphost:

6.

I gcoinne an chosantóra/fhreagróra (na gcosantóirí/bhfreagróirí) (3)

6.1.

Ainm:

6.2.

Seoladh:

6.2.1.

Sráid agus uimhir/bosca poist:

6.2.2.

Áit agus cód poist:

6.2.3.

Tír:

6.3.

Teil. ((*)):

6.4.

Facs ((*)):

6.5.

Ríomhphost ((*)):

7.

Ionadaithe an chosantóra/fhreagróra

7.1.

Ainm:

7.2.

Seoladh:

7.2.1.

Sráid agus uimhir/bosca poist:

7.2.2.

Áit agus cód poist:

7.2.3.

Tír:

7.3.

Teil.:

7.4.

Facs ((*)):

7.5.

Ríomhphost:

8.

Láithreacht agus rannpháirtíocht na bpáirtithe

8.1.

Na páirtithe agus ionadaithe, más ann dóibh, a bheidh i láthair agus fianaise á glacadh: ☐

8.2.

Iarrtar rannpháirtíocht na bpáirtithe agus a n‐ionadaithe, más ann dóibh: ☐

8.3.

Má tá aon pháirtí nó a ionadaí i láthair agus fianaise á glacadh, socrófar ateangaireacht sna teangacha seo a leanas: ☐ BG, ☐ ES, ☐ CZ, ☐ DE, ☐ ET, ☐ EL, ☐ EN, ☐ FR, ☐ GA, ☐ HR, ☐ IT, ☐ LV, ☐ LT, ☐ HU, ☐ MT, ☐ NL, ☐ PL, ☐ PT, ☐ RO, ☐ SK, ☐ SL, ☐ FI, ☐ SV, ☐teanga eile:

9.

Láithreacht agus rannpháirtíocht ionadaithe na cúirte iarrthaí

9.1.

Beidh ionadaithe i láthair agus fianaise á glacadh: ☐

9.2.

Iarrtar rannpháirtíocht na n‐ionadaithe: (4)

9.2.1.

Ainm:

9.2.2.

Teideal:

9.2.3.

Feidhm:

9.2.4.

Cúram:

9.3.

Má bhíonn aon ionadaí de chuid na cúirte iarrthaí i láthair agus fianaise á glacadh, socrófar ateangaireacht sna teangacha seo a leanas: ☐ BG, ☐ ES, ☐ CZ, ☐ DE, ☐ ET, ☐ EL, ☐ EN, ☐ FR, ☐ GA, ☐ HR, ☐ IT, ☐ LV, ☐ LT, ☐ HU, ☐ MT, ☐ NL, ☐ PL, ☐ PT, ☐ RO, ☐ SK, ☐ SL, ☐ FI, ☐ SV, ☐teanga eile:

10.

Cineál agus ábhar an cháis agus ráiteas gearr faoi na fíorais (san iarscríbhinn, i gcás inarb iomchuí):

11.

Glacadh fianaise atá le déanamh

11.1.

Tuairisc ar ghlacadh na fianaise atá le déanamh (san iarscríbhinn, i gcás inarb iomchuí):

11.2.

Ceistiú finnéithe: ☐

11.2.1.

Ainm agus sloinne:

11.2.2.

Dáta breithe, má tá sé ar fáil:

11.2.3.

Seoladh:

11.2.3.1.

Sráid agus uimhir/bosca poist:

11.2.3.2.

Áit agus cód poist:

11.2.3.3.

Tír:

11.2.4.

Teil. ((*)):

11.2.5.

Facs ((*)):

11.2.6.

Ríomhphost ((*)):

11.2.7.

Ceisteanna atá le cur ar an bhfinné nó ráiteas faoi na fíorais ar ina leith atá siad le ceistiú (san iarscríbhinn, i gcás inarb iomchuí):

11.2.8.

An ceart chun diúltú fianaise a thabhairt faoi dhlí Bhallstát na cúirte iarrthaí (san iarscríbhinn, i gcás inarb iomchuí): tá ☐ níl ☐

11.2.9.

Ceistigh an finné le do thoil

11.2.9.1.

faoi mhionn:

11.2.9.2.

faoi dhearbhasc:

11.2.10.

Aon fhaisnéis eile a mheasann an chúirt iarrthach a bheith riachtanach (san iarscríbhinn, i gcás inarb iomchuí):

11.3.

Cineál eile glactha fianaise

11.3.1.

na doiciméid atá le hiniúchadh agus tuairisc ar an nglacadh fianaise a iarradh (san iarscríbhinn, i gcás inarb iomchuí):

11.3.2.

na nithe atá le hiniúchadh agus tuairisc ar an nglacadh fianaise a iarradh (san iarscríbhinn, i gcás inarb iomchuí)

12.

Forghníomhaigh an iarraidh le do thoil

12.1.

i gcomhréir le nós imeachta speisialta (Airteagal 12(3) de Rialachán (AE) 2020/1783) dá bhforáiltear le dlí Bhallstát na cúirte iarrthaí a dtugtar tuairisc air san iarscríbhinn ☐

12.2.

agus/nó trí úsáid a bhaint as an teicneolaíocht chumarsáide (Airteagal 12(4) de Rialachán (AE) 2020/1783) a leagtar amach i bhfoirm N ☐

12.3.

is gá an fhaisnéis seo a leanas chun an iarraidh a fhorghníomhú:

13.

Cúiseanna gan tarchur tríd an gcóras TF díláraithe (Airteagal 7(4) de Rialachán (AE) 2020/1783 (5)

Níorbh fhéidir an tarchur leictreonach a dhéanamh mar gheall ar an méid seo a leanas:

cur isteach ar an gcóras TF díláraithe

cineál na fianaise

cásanna eisceachtúla

Arna déanamh i/in/sa:

Dáta:

Síniú agus/nó stampa nó ríomhshíniú agus/nó ríomhshéala:

FOIRM B

ADMHÁIL GO bhFUARTHAS AN IARRAIDH AR FHIANAISE A GHLACADH

(Airteagal 9(1) de Rialachán (AE) 2020/1783 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 25 Samhain 2020 maidir le comhar idir cúirteanna na mBallstát le linn fianaise a ghlacadh in ábhair shibhialta nó thráchtála (fianaise a ghlacadh) (6)

1.

Uimh. thagartha na cúirte iarrthaí:

2.

Uimh. thagartha na cúirte iarrtha:

3.

Ainm na cúirte iarrthaí:

4.

Cúirt iarrtha

4.1.

Ainm:

4.2.

Seoladh:

4.3.

Teil.:

4.4.

Facs ((*)):

4.5.

Ríomhphost:

5.

Fuair an chúirt a luaitear i mír 4 an iarraidh an ……. (dáta a bhfuarthas í).

6.

Ní féidir plé leis an iarraidh mar gheall ar an méid seo a leanas:

6.1.

Ní ghlactar leis an teanga a úsáideadh chun an fhoirm a chomhlánú (Airteagal 6 de Rialachán (AE) 2020/1783): ☐

6.1.1.

Úsáid ceann de na teangacha seo a leanas le do thoil:

6.2.

Níl an doiciméad inléite ☐

Arna déanamh i/in/sa:

Dáta:

Síniú agus/nó stampa nó ríomhshíniú agus/nó ríomhshéala

FOIRM C

FÓGRA MAIDIR LE CUR AR AGHAIDH IARRATA AR FHIANAISE A GHLACADH

(Airteagal 9(2) de Rialachán (AE) 2020/1783 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 25 Samhain 2020 maidir le comhar idir cúirteanna na mBallstát le linn fianaise a ghlacadh in ábhair shibhialta nó thráchtála (fianaise a ghlacadh) (7)

1.

Uimh. thagartha na cúirte iarrthaí:

2.

Ainm na cúirte iarrthaí:

3.

Uimh. thagartha na cúirte iarrtha:

4.

Ní thagann an iarraidh ar fhianaise a ghlacadh faoi dhlínse na cúirte a luaitear i mír 3 den iarraidh ar fhianaise a ghlacadh agus cuireadh ar aghaidh í chuig

4.1.

Ainm na cúirte inniúla:

4.2.

Seoladh:

4.2.1.

Sráid agus uimhir/bosca poist:

4.2.2.

Áit agus cód poist:

4.2.3.

Tír:

4.3.

Teil.:

4.4.

Facs ((*)):

4.5.

Ríomhphost:

Arna déanamh i/in/sa:

Dáta:

Síniú agus/nó stampa nó ríomhshíniú agus/nó ríomhshéala:

FOIRM D

IARRAIDH AR FHAISNÉIS BHREISE CHUN FIANAISE A GHLACADH

(Airteagal 10 de Rialachán (AE) 2020/1783 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 25 Samhain 2020 maidir le comhar idir cúirteanna na mBallstát le linn fianaise a ghlacadh in ábhair shibhialta nó thráchtála (fianaise a ghlacadh) (8)

1.

Uimh. thagartha na cúirte iarrtha:

2.

Uimh. thagartha na cúirte iarrthaí:

3.

Ainm na cúirte iarrtha:

4.

Ainm na cúirte iarrthaí:

5.

An iarraidh ar fhianaise a ghlacadh, ní féidir í a fhorghníomhú gan an fhaisnéis bhreise seo a leanas:

6.

An iarraidh ar fhianaise a ghlacadh, ní féidir í a fhorghníomhú sula ndéantar éarlais nó réamhíocaíocht i gcomhréir le hAirteagal 22(3) de Rialachán (AE) 2020/1783 Ba cheart an éarlais nó an réamhíocaíocht a dhéanamh ar an mbealach seo a leanas:

6.1.

Ainm an tsealbhóra cuntais:

6.2.

Ainm an bhainc/BIC nó cód bainc ábhartha eile:

6.3.

Uimhir an chuntais/IBAN:

6.4.

Dáta ar a raibh an íocaíocht dlite:

6.5.

Méid na héarlaise nó na réamhíocaíochta a iarradh:

6.6.

Airgeadra:

☐ Euro (EUR)

☐ Lev na Bulgáire (BGN)

☐ Kuna na Cróite (HRK)

☐ Koruna Phoblacht na Seice (CZK)

☐ Forint na hUngáire (HUF)

☐ Zloty na Polainne (PLN)

☐ Punt Steirling (GBP)

☐ Leu na Rómáine (RON)

☐ Krona na Sualainne (SEK)

☐ Ceann eile (sonraigh le do thoil (cód ISO)):

6.7.

Uimhir thagartha na híocaíochta/tuairisc/teachtaireacht chuig an bhfaighteoir:

Arna déanamh i/in/sa:

Dáta:

Síniú agus/nó stampa nó ríomhshíniú agus/nó ríomhshéala:

FOIRM E

ADMHÁIL GO bhFUARTHAS ÉARLAIS NÓ RÉAMHÍOCAÍOCHT

(Airteagal 10(2) de Rialachán (AE) 2020/1783 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 25 Samhain 2020 maidir le comhar idir cúirteanna na mBallstát le linn fianaise a ghlacadh in ábhair shibhialta nó thráchtála (fianaise a ghlacadh) (9))

1.

Uimh. thagartha na cúirte iarrthaí:

2.

Uimh. thagartha na cúirte iarrtha:

3.

Ainm na cúirte iarrthaí:

4.

Ainm na cúirte iarrtha:

5.

Fuair an chúirt a luaitear i mír 4 an éarlais nó an réamhíocaíocht an … (dáta a bhfuarthas í).

Arna déanamh i/in/sa:

Dáta:

Síniú agus/nó stampa nó ríomhshíniú agus/nó ríomhshéala:

FOIRM F (10)

IARRAIDH AR FHAISNÉIS FAOI MHOILL

(Airteagal 12(1) agus Airteagal 19(4) de Rialachán (AE) 2020/1783 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 25 Samhain 2020 maidir le comhar idir cúirteanna na mBallstát le linn fianaise a ghlacadh in ábhair shibhialta nó thráchtála (fianaise a ghlacadh (11))

SEOLADH AN IARRAIDH A LEANAS AR FHIANAISE A GHLACADH ACH NÍL AON FHAISNÉIS AR FÁIL FAOI THORADH GHLACADH NA FIANAISE

1.

Uimh. thagartha na cúirte iarrthaí:

2.

Uimh. thagartha na cúirte iarrtha/an chomhlachta lárnaigh/an údaráis inniúil (má tá sí ar fáil):

3.

Ainm na cúirte iarrthaí

4.

Ainm na cúirte iarrtha/an chomhlachta lárnaigh/an údaráis inniúil:

5.

Tá an iarraidh bhunaidh ar fhianaise a ghlacadh (foirm A) nó an iarraidh bhunaidh ar fhianaise a ghlacadh go díreach (foirm L) i gceangal leis seo. ☐

Faisnéis atá ar fáil don chúirt iarrthach:

5.1.

seoladh an iarraidh ☐

dáta…………………

5.2.

admháil fála ☐

dáta…………………

5.3.

fógra maidir le moill ☐

dáta…………………

5.4.

fuarthas faisnéis eile ☐

……………………………

Arna déanamh i/in/sa:

Dáta:

Síniú agus/nó stampa nó ríomhshíniú agus/nó ríomhshéala:

FOIRM G (12)

FREAGRA AR IARRAIDH AR FHAISNÉIS FAOI MHOILL

(Airteagal 12(1) de Rialachán (AE) 2020/1783 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 25 Samhain 2020 maidir le comhar idir cúirteanna na mBallstát le linn fianaise a ghlacadh in ábhair shibhialta nó thráchtála (fianaise a ghlacadh) (13))

1.

Uimh. thagartha na cúirte iarrthaí:

2.

Uimh. thagartha na cúirte iarrtha/an chomhlachta lárnaigh/an údaráis inniúil (má tá sí ar fáil):

3.

Ainm na cúirte iarrthaí:

4.

Ainm na cúirte iarrtha/an chomhlachta lárnaigh/an údaráis inniúil:

5.

BA É BA CHÚIS LEIS AN MOILL:

5.1.

Ní bhfuarthas an iarraidh ar fhianaise a ghlacadh ☐

5.2.

Tá seoladh reatha an duine atá le ceistiú fós á chinneadh ☐

5.3.

Tá seirbheáil na toghairme ar an duine atá le ceistiú fós idir lámha ☐

5.4.

Ní raibh an duine i láthair ag an éisteacht in ainneoin go ndearnadh an toghairm a sheirbheáil air nó uirthi ☐

5.5.

Freagraíodh an iarraidh an … (dáta). Freagra iniata ☐

5.6.

Ní bhfuarthas íocaíocht éarlaise nó réamhíocaíochta a iarradh an … (dáta) ☐

5.7.

Eile… ☐

6.

Meastar go ndéanfar an iarraidh a fhorghníomhú faoin …. (léirigh dáta measta).

Arna déanamh i/in/sa:

Dáta:

Síniú agus/nó stampa nó ríomhshíniú agus/nó ríomhshéala:

FOIRM H

FÓGRA MAIDIR LEIS AN IARRAIDH AR NÓSANNA IMEACHTA SPEISIALTA AGUS/NÓ ÚSÁID TEICNEOLAÍOCHTAÍ CUMARSÁIDE

(Airteagal 12(3) agus (4) de Rialachán (AE) 2020/1783 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 25 Samhain 2020 maidir le comhar idir cúirteanna na mBallstát le linn fianaise a ghlacadh in ábhair shibhialta nó thráchtála (fianaise a ghlacadh) (14))

1.

Uimh. thagartha na cúirte iarrthaí:

2.

Uimh. thagartha na cúirte iarrtha:

3.

Ainm na cúirte iarrthaí:

4.

Ainm na cúirte iarrtha:

5.

An glao ar fhorghníomhú na hiarrata ar fhianaise a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta speisialta a luaitear i mír 12.1 den iarraidh ar fhianaise a ghlacadh (foirm A), níorbh fhéidir é a chomhlíonadh ar na cúiseanna seo a leanas:

5.1.

níl an nós imeachta a iarradh ag luí le dlí Bhallstát na cúirte iarrtha: ☐

5.2.

ní féidir an nós imeachta a iarradh a chur i gcrích mar gheall ar mhórdheacrachtaí praiticiúla: ☐

6.

An glao ar fhorghníomhú na hiarrata ar fhianaise a ghlacadh trí úsáid a bhaint as teicneolaíocht chianchumarsáide a luaitear i mír 12.2 den iarraidh ar fhianaise a ghlacadh (foirm A), níorbh fhéidir é a chomhlíonadh ar na cúiseanna seo a leanas:

6.1.

Níl úsáid na teicneolaíochta cumarsáide ag luí le dlí Bhallstát na cúirte iarrtha ☐

6.2.

Ní féidir an teicneolaíocht chumarsáide a úsáid mar gheall ar mhórdheacrachtaí praiticiúla ☐

Arna déanamh i/in/sa:

Dáta:

Síniú agus/nó stampa nó ríomhshíniú agus/nó ríomhshéala:

FOIRM I

FÓGRA MAIDIR LEIS AN DÁTA, AM, ÁIT A nGLACTAR AN FHIANAISE AGUS NA COINNÍOLLACHA LE hAGHAIDH RANNPHÁIRTÍOCHTA

(Airteagail 13(4) agus 14(5) de Rialachán (AE) 2020/1783 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 25 Samhain 2020 maidir le comhar idir cúirteanna na mBallstát le linn fianaise a ghlacadh in ábhair shibhialta nó thráchtála (fianaise a ghlacadh) (15))

1.

Uimh. thagartha na cúirte iarrthaí:

2.

Uimh. thagartha na cúirte iarrtha:

3.

Cúirt iarrthach

3.1.

Ainm:

3.2.

Seoladh:

3.2.1.

Sráid agus uimhir/bosca poist:

3.2.2.

Áit agus cód poist:

3.2.3.

Tír:

3.3.

Teil.:

3.4.

Facs ((*)):

3.5.

Ríomhphost:

4.

Cúirt iarrtha

4.1.

Ainm:

4.2.

Seoladh:

4.2.1.

Sráid agus uimhir/bosca poist:

4.2.2.

Áit agus cód poist:

4.2.3.

Tír:

4.3.

Teil.:

4.4.

Facs ((*)):

4.5.

Ríomhphost:

5.

Dáta agus am ar glacadh an fhianaise:

6.

Áit ar glacadh an fhianaise, más difriúil ón áit dá dtagraítear i mír 4:

7.

I gcás inarb iomchuí, na coinníollacha faoina bhféadfaidh na páirtithe agus a n‐ionadaithe, más ann dóibh, a bheith rannpháirteach:

8.

I gcás inarb iomchuí, na coinníollacha faoina bhféadfaidh ionadaithe na cúirte iarrthaí a bheith rannpháirteach:

Arna déanamh i/in/sa:

Dáta:

Síniú agus/nó stampa nó ríomhshíniú agus/nó ríomhshéala:

FOIRM J

FÓGRA FAOI MHOILL

(Airteagal 17 de Rialachán (AE) 2020/1783 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 25 Samhain 2020 maidir le comhar idir cúirteanna na mBallstát le linn fianaise a ghlacadh in ábhair shibhialta nó thráchtála (fianaise a ghlacadh) (16)

1.

Uimh. thagartha na cúirte iarrthaí:

2.

Uimh. thagartha na cúirte iarrtha:

3.

Ainm na cúirte iarrthaí:

4.

Ainm na cúirte iarrtha:

5.

An iarraidh ar fhianaise a ghlacadh, ní féidir í a fhorghníomhú laistigh de 90 lá tar éis í a fháil ar na cúiseanna seo a leanas:

5.1.

Tá seoladh reatha an duine atá le ceistiú fós á chinneadh ☐

5.2.

Tá seirbheáil na toghairme ar an duine atá le ceistiú fós idir lámha ☐

5.3.

Ní raibh an duine i láthair ag an éisteacht in ainneoin go ndearnadh an toghairm a sheirbheáil air nó uirthi ☐

5.4.

Freagraíodh an iarraidh an …. (dáta). Freagra iniata ☐

5.5.

Ní bhfuarthas íocaíocht éarlaise nó réamhíocaíochta a iarradh an …. (dáta) ☐

5.6.

Cúis eile (sonraigh, le do thoil): …

6.

Meastar go ndéanfar an iarraidh a fhorghníomhú faoin …. (léirigh dáta measta).

Arna déanamh i/in/sa:

Dáta:

Síniú agus/nó stampa nó ríomhshíniú agus/nó ríomhshéala:

FOIRM K

FAISNÉIS MAIDIR LE FORGHNÍOMHÚ NA hIARRATA AR FHIANAISE A GHLACADH

(Airteagail 16 agus 18 de Rialachán (AE) 2020/1783 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 25 Samhain 2020 maidir le comhar idir cúirteanna na mBallstát le linn fianaise a ghlacadh in ábhair shibhialta nó thráchtála (fianaise a ghlacadh) (17))

1.

Uimh. thagartha na cúirte iarrthaí:

2.

Uimh. thagartha na cúirte iarrtha:

3.

Ainm na cúirte iarrthaí:

4.

Ainm na cúirte iarrtha:

5.

Forghníomhaíodh an iarraidh ar fhianaise a ghlacadh ☐

Tá na doiciméid lena ndeimhnítear gur forghníomhaíodh an iarraidh ar fhianaise a ghlacadh i gceangal leis seo:

6.

Diúltaíodh d’fhorghníomhú na hiarrata ar ghlacadh na fianaise mar gheall ar an méid seo a leanas: ☐

6.1.

D’agair an duine atá le ceistiú an ceart diúltú fianaise a thabhairt nó d’éiligh an duine sin go bhfuil cosc air nó uirthi fianaise a thabhairt: ☐

6.1.1.

faoi dhlí Bhallstát na cúirte iarrtha: ☐

6.1.2.

faoi dhlí Bhallstát na cúirte iarrthaí: ☐

6.2.

Ní thagann an iarraidh ar fhianaise a ghlacadh faoi raon feidhme Rialachán (AE) 2020/1783 ☐

6.3.

Faoi dhlí Bhallstát na cúirte iarrtha, ní thagann forghníomhú na hiarrata ar fhianaise a ghlacadh faoi fheidhmeanna na mbreithiúna ☐

6.4.

Níor chomhlíon an chúirt iarrthach an iarraidh ar fhaisnéis bhreise ón gcúirt iarrtha dar dáta an ...... (dáta na hiarrata ar fhaisnéis bhreise) ☐

6.5.

Ní dhearnadh éarlais nó réamhíocaíocht a iarradh i gcomhréir le hAirteagal 22(3) de Rialachán (AE) 2020/1783 ☐

7.

Cúiseanna eile neamh-fhorghníomhaithe:

Arna déanamh i/in/sa:

Dáta:

Síniú agus/nó stampa nó ríomhshíniú agus/nó ríomhshéala:

FOIRM L

IARRAIDH AR FHIANAISE A GHLACADH GO DÍREACH

(Airteagail 19 agus 20 de Rialachán (AE) 2020/1783 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 25 Samhain 2020 maidir le comhar idir cúirteanna na mBallstát le linn fianaise a ghlacadh in ábhair shibhialta nó thráchtála (fianaise a ghlacadh) (18))

1.

Uimh. thagartha na cúirte iarrthaí:

2.

Uimh. thagartha an chomhlachta lárnaigh/an údaráis inniúil ((*)):

3.

Cúirt iarrthach:

3.1.

Ainm:

3.2.

Seoladh:

3.2.1.

Sráid agus uimhir/bosca poist:

3.2.2.

Áit agus cód poist:

3.2.3.

Tír:

3.3.

Teil.:

3.4.

Facs ((*)):

3.5.

Ríomhphost:

4.

Comhlacht lárnach/údarás inniúil an Stáit iarrtha

4.1.

Ainm:

4.2.

Seoladh:

4.2.1.

Sráid agus uimhir/bosca poist:

4.2.2.

Áit agus cód poist:

4.2.3.

Tír:

4.3.

Teil.:

4.4.

Facs ((*)):

4.5.

Ríomhphost:

5.

Sa chás a thionscain an t‐éilitheoir/an t‐achainíoch (na héilitheoirí/na hachainígh) (19)

5.1.

Ainm:

5.2.

Seoladh:

5.2.1.

Sráid agus uimhir/bosca poist:

5.2.2.

Áit agus cód poist:

5.2.3.

Tír:

5.3.

Teil. ((*)):

5.4.

Facs ((*)):

5.5.

Ríomhphost ((*)):

6.

Ionadaithe an éilitheora/achainígh

6.1.

Ainm:

6.2.

Seoladh:

6.2.1.

Sráid agus uimhir/bosca poist:

6.2.2.

Áit agus cód poist:

6.2.3.

Tír:

6.3.

Teil.:

6.4.

Facs ((*)):

6.5.

Ríomhphost:

7.

I gcoinne an chosantóra/fhreagróra (na gcosantóirí/bhfreagróirí) (20)

7.1.

Ainm:

7.2.

Seoladh:

7.2.1.

Sráid agus uimhir/bosca poist:

7.2.2.

Áit agus cód poist:

7.2.3.

Tír:

7.3.

Teil. ((*)):

7.4.

Facs ((*)):

7.5.

Ríomhphost ((*)):

8.

Ionadaithe an chosantóra/fhreagróra

8.1.

Ainm:

8.2.

Seoladh:

8.2.1.

Sráid agus uimhir/bosca poist:

8.2.2.

Áit agus cód poist:

8.2.3.

Tír:

8.3.

Teil.:

8.4.

Facs ((*)):

8.5.

Ríomhphost:

9.

Is é an páirtí seo a leanas a dhéanfaidh an fhianaise a ghlacadh:

9.1.

Ainm:

9.2.

Teideal:

9.3.

Feidhm:

9.4.

Cúram:

10.

Cineál agus ábhar an cháis agus ráiteas gearr faoi na fíorais (san iarscríbhinn, i gcás inarb iomchuí):

11.

Glacadh fianaise atá le déanamh

11.1.

Tuairisc ar ghlacadh na fianaise (san iarscríbhinn, i gcás inarb iomchuí):

11.2.

Ceistiú finnéithe

11.2.1.

Ainmneacha agus sloinne:

11.2.2.

Dáta breithe, má tá sé ar fáil:

11.2.3.

Seoladh:

11.2.3.1.

Sráid agus uimhir/bosca poist:

11.2.3.2.

Áit agus cód poist:

11.2.3.3.

Tír:

11.2.4.

Teil. ((*))

11.2.5.

Facs ((*)):

11.2.6.

Ríomhphost ((*)):

11.2.7.

Ceisteanna atá le cur ar an bhfinné nó ráiteas faoi na fíorais ar ina leith atá siad le ceistiú (san iarscríbhinn, i gcás inarb iomchuí):

11.2.8.

An ceart chun diúltú fianaise a thabhairt faoi dhlí Bhallstát na cúirte iarrthaí (san iarscríbhinn, i gcás inarb iomchuí): tá ☐ níl ☐

11.3.

Cineál eile glactha fianaise (san iarscríbhinn, i gcás inarb iomchuí):

12.

Iarrann an chúirt iarrthach go nglacfar fianaise go díreach trí úsáid a bhaint as an teicneolaíocht chumarsáide a leagtar amach i bhfoirm N ☐

Arna déanamh i/in/sa:

Dáta:

Síniú agus/nó stampa nó ríomhshíniú agus/nó ríomhshéala:

FOIRM M

FAISNÉIS ÓN gCOMHLACHT LÁRNACH/ÚDARÁS INNIÚIL A BHAINEANN LE FIANAISE A GHLACADH GO DÍREACH

(Airteagal 19 de Rialachán (AE) 2020/1783 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 25 Samhain 2020 maidir le comhar idir cúirteanna na mBallstát le linn fianaise a ghlacadh in ábhair shibhialta nó thráchtála (fianaise a ghlacadh) (21)

1.

Uimh. thagartha na cúirte iarrthaí:

2.

Uimh. thagartha an chomhlachta lárnaigh/an údaráis inniúil:

3.

Ainm na cúirte iarrthaí:

4.

Comhlacht lárnach/údarás inniúil

4.1.

Ainm:

4.2.

Seoladh:

4.2.1.

Sráid agus uimhir/bosca poist:

4.2.2.

Áit agus cód poist:

4.2.3.

Tír:

4.3.

Teil.:

4.4.

Facs ((*)):

4.5.

Ríomhphost:

5.

Faisnéis ón gcomhlacht lárnach/údarás inniúil

5.1.

Glactar le glacadh díreach na fianaise i gcomhréir leis an iarraidh: ☐

5.2.

Glactar le glacadh díreach na fianaise i gcomhréir leis an iarraidh faoi na coinníollacha seo a leanas (san iarscríbhinn, i gcás inarb iomchuí):

5.3.

Diúltaítear fianaise a ghlacadh go díreach i gcomhréir leis an iarraidh ar na cúiseanna seo a leanas:

5.3.1.

ní thagann an iarraidh faoi raon feidhme Rialachán (AE) 2020/1783 ☐

5.3.2.

níl an fhaisnéis uile is gá de bhun Airteagal 5 de Rialachán (AE) 2020/1783 san iarraidh: ☐

5.3.3.

glacadh díreach na fianaise a iarradh, tá sé contrártha do phrionsabail bhunúsacha dhlí an Bhallstáit ina bhfuil an comhlacht lárnach/an t‐údarás inniúil: ☐

6.

Sannadh an chúirt seo a leanas chun cúnamh praiticiúil a sholáthar le linn fianaise a ghlacadh go díreach:

6.1.

Ainm:

6.2.

Seoladh:

6.2.1.

Sráid agus uimhir/bosca poist:

6.2.2.

Áit agus cód poist:

6.2.3.

Tír:

6.3.

Teil.:

6.4.

Facs ((*)):

6.5.

Ríomhphost:

Arna déanamh i/in/sa:

Dáta:

Síniú agus/nó stampa nó ríomhshíniú agus/nó ríomhshéala:

FOIRM N

FAISNÉIS FAOI PHRAITICIÚLACHTAÍ TEICNIÚLA CHUN FÍSCHOMHDHÁIL A REÁCHTÁIL NÓ TEICNEOLAÍOCHT CHIANCHUMARSÁIDE EILE A ÚSÁID

(Airteagail 12(4) agus 20 de Rialachán (AE) 2020/1783 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 25 Samhain 2020 maidir le comhar idir cúirteanna na mBallstát le linn fianaise a ghlacadh in ábhair shibhialta nó thráchtála (fianaise a ghlacadh) (22)

1.

Uimh. thagartha na cúirte iarrthaí ((*)):

2.

Uimh. thagartha na cúirte iarrtha ((*)):

3.

Ainm na cúirte iarrthaí ((*)):

4.

Ainm na cúirte iarrtha ((*)):

5.

Sonraí teicniúla na cúirte iarrthaí:

5.1.

ISDN ((*)):

5.2.

IP:

5.3.

Teil. sheomra na Cúirte ((*)):

5.4.

Eile:

6.

Céad rogha maidir le cineál nasctha (i gcás go bhfuil níos mó ná rogha amháin curtha isteach i mír 5):

7.

Céad rogha maidir le dáta/dátaí agus am/amanna don nascadh:

7.1.

dáta:

7.2.

am (23):

8.

Céad rogha maidir le dáta/dátaí agus am/amanna don nascadh tástála:

8.1.

dáta:

8.2.

am (23):

8.3.

duine teagmhála don nascadh tástála nó do chúnamh teicniúil eile:

8.4.

teanga don chumarsáid: ☐ BG, ☐ ES, ☐ CZ, ☐ DE, ☐ ET, ☐ EL, ☐ EN, ☐ FR, ☐ GA, ☐ HR, ☐ IT, ☐ LV, ☐ LT, ☐ HU, ☐ MT, ☐ NL, ☐ PL, ☐ PT, ☐ RO, ☐ SK, ☐ SL, ☐ FI, ☐ SV, ☐teanga eile:

8.5.

teil. i gcás deacrachtaí teicniúla le linn an nasctha tástála nó fianaise a ghlacadh:

9.

Faisnéis faoi ateangaireacht:

9.1.

Iarrtar ar chúnamh chun ateangaire a fháil: ☐

9.2.

Na teangacha ábhartha: ☐ BG, ☐ ES, ☐ CZ, ☐ DE, ☐ ET, ☐ EL, ☐ EN, ☐ FR, ☐ GA, ☐ HR, ☐ IT, ☐ LV, ☐ LT, ☐ HU, ☐ MT, ☐ NL, ☐ PL, ☐ PT, ☐ RO, ☐ SK, ☐ SL, ☐ FI, ☐ SV, ☐ teanga eile:

10.

Faisnéis i dtaobh an ndéanfar taifead de ghlacadh na fianaise (24):

10.1.

tá ☐

10.2.

níl ☐

11.

Eile: …

Arna déanamh i/in/sa:

Dáta:

Síniú agus/nó stampa nó ríomhshíniú agus/nó ríomhshéala:


(1)  IO L 405, 2.12.2020, lch. 1

((*))  Tá an mhír seo roghnach.

(2)  I gcás ina bhfuil níos mó ná éilitheoir/achainíoch amháin ann, tabhair faisnéis, le do thoil, mar a leagtar amach i míreanna 4.1. go 4.5.

(3)  I gcás ina bhfuil níos mó ná cosantóir/freagróir amháin ann, tabhair faisnéis, le do thoil, mar a leagtar amach i míreanna 6.1. go 6.5.

(4)  I gcás ina bhfuil níos mó ná ionadaí amháin ann, tabhair faisnéis, le do thoil, mar a leagtar amach i mír 9.2.

(5)  Níl feidhm ag an mír seo ach amháin ó dháta chur i bhfeidhm an chórais TF dhíláraithe.

(6)  IO L 405, 2.12.2020, lch. 1

((*))  Tá an mhír seo roghnach.

(7)  IO L 405, 2.12.2020, lch. 1

((*))  Tá an mhír seo roghnach.

(8)  IO L 405, 2.12.2020, lch. 1

(9)  IO L 405, 2.12.2020, lch. 1

(10)  Tá úsáid na foirme seo roghnach.

(11)  IO L 405, 2.12.2020, lch. 1

(12)  Tá úsáid na foirme seo roghnach.

(13)  IO L 405, 2.12.2020, lch. 1

(14)  IO L 405, 2.12.2020, lch. 1

(15)  IO L 405, 2.12.2020, lch. 1

((*))  Tá an mhír seo roghnach.

(16)  IO L 405, 2.12.2020, lch. 1

(17)  IO L 405, 2.12.2020, lch. 1

(18)  IO L 405, 2.12.2020, lch. 1

((*))  Tá an mhír seo roghnach.

(19)  I gcás ina bhfuil níos mó ná éilitheoir/achainíoch amháin ann, tabhair faisnéis, le do thoil, mar a leagtar amach i míreanna 5.1. go 5.5.

(20)  I gcás ina bhfuil níos mó ná cosantóir/freagróir amháin ann, tabhair faisnéis, le do thoil, mar a leagtar amach i míreanna 7.1. go 7.5.

(21)  IO L405, 2.12.2020, lch. 1

((*))  Tá an mhír seo roghnach.

(22)  IO L 405, 2.12.2020, lch. 1

((*))  á an mír seo roghnach.

(23)  Am áitiúil an Bhallstáit iarrtha.

(24)  E.g. taifead ar líne nó tras-scríbhinn de ghlacadh na fianaise


IARSCRÍBHINN II

AN RIALACHÁN AISGHAIRTHE AGUS LIOSTA DE NA LEASUITHE COMHLEANÚNACHA A RINNEADH AIR

Rialachán (CE) Uimh. 1206/2001 ón gComhairle an 28 Bealtaine 2001 maidir le comhar idir cúirteanna na mBallstát le linn fianaise a ghlacadh in ábhair shibhialta agus thráchtála (IO L 174, 27.6.2001, lch. 1)

 

Rialachán (CE) Uimh. 1103/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 22 Deireadh Fómhair 2008 lena n‐oiriúnaítear ionstraimí áirithe atá faoi réir an nós imeachta a leagtar síos in Airteagal 251 den Chonradh do Chinneadh 1999/468/CE ón gComhairle, maidir leis an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú – Oiriúnú don nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú – Cuid a Trí (IO L 304, 14.11.2008, lch. 80)

Leasuithe ar Airteagail 19(2) agus 20 de Rialachán (CE) Uimh. 1206/2001 agus orthu siúd amháin


IARSCRÍBHINN III

TÁBLA COMHGHAOIL

Rialachán (CE) Uimh. 1206/2001

An Rialachán seo

Airteagal 1(1)

Airteagal 1(1)

Airteagal 1(2)

Airteagal 1(2)

Airteagal 1(3)

Airteagal 2

Airteagal 2(1)

Airteagal 3(1)

Airteagal 2(2)

Airteagal 3(2)

Airteagal 3(1)

Airteagal 4(1)

Airteagal 3(2)

Airteagal 4(2)

Airteagal 3(3)

Airteagal 4(3)

Airteagal 4(1)

Airteagal 5(1)

Airteagal 4(2)

Airteagal 5(2)

Airteagal 4(3)

Airteagal 5(3)

Airteagal 5

Airteagal 6

Airteagal 6

Airteagal 7(1)

Airteagal 7(2), (3) agus (4)

Airteagal 8

Airteagal 7(1)

Airteagal 9(1)

Airteagal 7(2)

Airteagal 9(2)

Airteagal 8(1)

Airteagal 10(1)

Airteagal 8(2)

Airteagal 10(2)

Airteagal 9(1)

Airteagal 11(1)

Airteagal 9(2)

Airteagal 11(2)

Airteagal 10(1)

Airteagal 12(1)

Airteagal 10(2)

Airteagal 12(2)

Airteagal 10(3)

Airteagal 12(3)

Airteagal 10(4)

Airteagal 12(4)

Airteagal 11(1)

Airteagal 13(1)

Airteagal 11(2)

Airteagal 13(2)

Airteagal 11(3)

Airteagal 13(3)

Airteagal 11(4)

Airteagal 13(4)

Airteagal 11(5)

Airteagal 13(5)

Airteagal 12(1)

Airteagal 14(1)

Airteagal 12(2)

Airteagal 14(2)

Airteagal 12(3)

Airteagal 14(3)

Airteagal 12(4)

Airteagal 14(4)

Airteagal 12(5)

Airteagal 14(5)

Airteagal 13

Airteagal 15

Airteagal 14(1)

Airteagal 16(1)

Airteagal 14(2)

Airteagal 16(2)

Airteagal 14(3)

Airteagal 16(3)

Airteagal 14(4)

Airteagal 16(4)

Airteagal 15

Airteagal 17

Airteagal 16

Airteagal 18

Airteagal 17(1)

Airteagal 19(1)

Airteagal 17(2)

Airteagal 19(2)

Airteagal 17(3)

Airteagal 19(3)

Airteagal 17(4), an chéad fhomhír

Airteagal 19(4), an chéad fhomhír

Airteagal 17(4), an dara fomhír

Airteagal 19(4), an dara fomhír

Airteagal 17(4), an tríú fomhír

Airteagal 19(5)

Airteagal 19(6)

Airteagal 17(5)

Airteagal 19(7)

Airteagal 17(6)

Airteagal 19(8)

Airteagal 20

Airteagal 21

Airteagal 18

Airteagal 22

Airteagal 19(1)

Airteagal 23(1)

Airteagal 19(2)

Airteagal 23(2)

Airteagal 20

Airteagal 26

Airteagal 24

Airteagal 25

Airteagal 27

Airteagal 28

Airteagal 21(1)

Airteagal 29(1)

Airteagal 21(2)

Airteagal 29(2)

Airteagal 21(3)(a)

Airteagal 21(3)(b)

Airteagal 29(3)(a)

Airteagal 21(3)(c)

Airteagal 29(3)(b)

Airteagal 30

Airteagal 22, an chéad fhomhír

Airteagal 31(1)

Airteagal 22, an dara fomhír

Airteagal 31(2)

Airteagal 31(3)

Airteagal 31(4)

Airteagal 32

Airteagal 23

Airteagal 33(1)

Airteagal 33(2)

Airteagal 24

Airteagal 34

Airteagal 24(1)

Airteagal 35(1), an chéad fhomhír

Airteagal 24(2)

Airteagal 35(1), an dara fomhír

Airteagal 35(2)

Airteagal 35(3)

Iarscríbhinn

Iarscríbhinn I

Iarscríbhinn II

Iarscríbhinn III


Top