EUR-Lex Access to European Union law

Back to EUR-Lex homepage

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 32020L1057

Treoir (AE) 2020/1057 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 15 Iúil 2020 lena leagtar síos rialacha sonracha i dtaca le Treoir 96/71/CE agus Treoir 2014/67/AE maidir le tiománaithe a phostú in earnáil an iompair de bhóthar agus lena leasaítear Treoir 2006/22/CE a mhéid a bhaineann le ceanglais forfheidhmithe agus Rialachán (AE) Uimh. 1024/2012

PE/24/2020/INIT

IO L 249, 31.7.2020, p. 49–65 (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

Legal status of the document In force

ELI: http://data.europa.eu/eli/dir/2020/1057/oj

31.7.2020   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

49


TREOIR (AE) 2020/1057 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

an 15 Iúil 2020

lena leagtar síos rialacha sonracha i dtaca le Treoir 96/71/CE agus Treoir 2014/67/AE maidir le tiománaithe a phostú in earnáil an iompair de bhóthar agus lena leasaítear Treoir 2006/22/CE a mhéid a bhaineann le ceanglais forfheidhmithe agus Rialachán (AE) Uimh. 1024/2012

TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 91(1) de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

Tar éis dóibh an dréachtghníomh reachtach a chur chuig na parlaimintí náisiúnta,

Ag féachaint don tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa (1),

Ag féachaint don tuairim ó Choiste na Réigiún (2),

Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach (3),

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Chun earnáil iompair de bhóthar atá sábháilte, éifeachtúil agus freagrach go sóisialta a chruthú, is gá dálaí oibre leordhóthanacha agus cosaint shóisialta a áirithiú do thiománaithe, ar thaobh amháin, agus dálaí oiriúnacha a áirithiú do ghnólachtaí agus don iomaíocht chóir d’oibreoirí iompair de bhóthar (“oibreoirí”), ar an taobh eile. I bhfianaise ardleibhéal shoghluaisteacht an lucht saothair in earnáil an iompair de bhóthar, tá gá le rialacha earnáilsonracha chun a áirithiú go mbainfear amach an chothromaíocht idir saoirse na n-oibreoirí chun seirbhísí trasteorann a sholáthar, saorghluaiseacht earraí, dálaí oibre leordhóthanacha agus cosaint shóisialta do thiománaithe.

(2)

I bhfianaise ardleibhéal na soghluaisteachta a bhaineann go dúchasach le seirbhísí iompair de bhóthar, ní mór aird ar leith a thabhairt ar a áirithiú go mbainfidh tiománaithe leas as na cearta a bhfuil siad ina dteideal agus nach mbeidh ar oibreoirí, ar fiontair bheaga iad a bhformhór, déileáil le bacainní riaracháin díréireacha nó le rialuithe idirdhealaitheacha a chuirfeadh bac míchuí ar an tsaoirse atá acu seirbhísí trasteorann a sholáthar. Ar an gcúis chéanna, ní mór aon rialacha náisiúnta a chuirtear i bhfeidhm maidir le hiompar de bhóthar a bheith comhréireach agus údar cuí a bheith leo, á chur san áireamh gur gá dálaí leordhóthanacha oibre agus cosaint shóisialta do thiománaithe a áirithiú agus feidhmiú na saoirse seirbhísí iompair de bhóthar a sholáthar atá bunaithe ar an iomaíocht chóir idir oibreoirí náisiúnta agus oibreoirí coigríche a éascú.

(3)

An chothromaíocht idir dálaí sóisialta agus oibre do thiománaithe a fheabhsú agus éascú a dhéanamh ar fheidhmiú na saoirse seirbhísí iompair de bhóthar a sholáthar atá bunaithe ar an iomaíocht chóir idir oibreoirí náisiúnta agus oibreoirí ón gcoigríoch, tá an chothromaíocht sin ríthábhachtach d’fheidhmiú rianúil an mhargaidh inmheánaigh.

(4)

Tar éis meastóireacht a dhéanamh ar éifeachtacht agus éifeachtúlacht reachtaíocht shóisialta an Aontais mar atá faoi láthair in earnáil an iompair de bhóthar, sainaithníodh lúba áirithe ar lár sna forálacha atá ann cheana agus easnaimh áirithe ina bhforfheidhmiú, amhail na cinn a bhaineann le húsáid a bhaint as cuideachtaí caocha. Ina theannta sin, tá roinnt neamhréireachtaí i léirmhíniú, cur i bhfeidhm agus cur chun feidhme na bhforálacha sin idir na Ballstáit, rud a chruthaíonn ualach trom riaracháin do thiománaithe agus oibreoirí. Cruthaíonn sé sin éiginnteacht dhlíthiúil, rud atá díobhálach do dhálaí oibre agus sóisialta tiománaithe agus do na dálaí iomaíochta córa d’oibreoirí san earnáil.

(5)

Chun a áirithiú go ndéanfar Treoracha 96/71/CE (4) agus 2014/67/AE (5) ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a chur i bhfeidhm mar is ceart, ba cheart na rialuithe agus an comhar ar leibhéal an Aontais chun dul i ngleic le calaois i ndáil le tiománaithe a phostú a neartú.

(6)

D’aithin an Coimisiún, sa togra uaidh an 8 Márta 2016 le haghaidh athbhreithniú ar Threoir 96/71/CE, go dtarraingnítear anuas le cur chun feidhme na Treorach sin ceisteanna agus deacrachtaí sonracha dlíthiúla in earnáil an iompair de bhóthar atá fíor-shoghluaiste agus léirigh sé gurbh fhearr aghaidh a thabhairt ar na saincheisteanna sin trí bhíthin reachtaíocht earnáilsonrach maidir le hiompar de bhóthar.

(7)

Chun cur chun feidhme éifeachtach comhréireach Threoir 96/71/CE in earnáil an iompair de bhóthar a áirithiú, is gá rialacha earnáilsonracha a bhunú lena léireofar sainiúlachtaí an lucht saothair atá fíor-shoghluaiste in earnáil an iompair de bhóthar agus lena gcruthófar cothromaíocht idir cosaint shóisialta na dtiománaithe agus saoirse na n-oibreoirí seirbhísí iompair trasteorann a sholáthar. Tá feidhm ag na forálacha maidir le hoibrithe a phostú, i dTreoir 96/71/CE, agus ag na forálacha maidir le forfheidhmiú na bhforálacha sin, i dTreoir 2014/67/AE, i leith earnáil an iompair de bhóthar agus ba cheart iad a chur faoi réir na rialacha sonracha a leagtar síos sa Treoir seo.

(8)

Mar gheall ar nádúr fíor-shoghluaiste na hearnála iompair, ní dhéantar, de ghnáth, tiománaithe a phostú faoi chonarthaí seirbhíse chuig Ballstát eile ar feadh tréimhsí fada, rud a tharlaíonn in amanna in earnálacha eile. Dá bhrí sin, ba cheart a shoiléiriú go sainráite cé na himthosca nach mbeidh feidhm, maidir leis na tiománaithe sin, ag na rialacha maidir le postú fadtéarmach i dTreoir 96/71/CE.

(9)

Ba cheart rialacha earnáil sonracha cothromaithe maidir le postú a bheith bunaithe ar nasc leordhóthanach a bheith idir an tiománaí agus an tseirbhís a sholáthraítear, agus críoch Ballstáit óstaigh. Le héascú a dhéanamh ar fhorfheidhmiú na rialacha sin, ba cheart idirdhealú a dhéanamh idir cineálacha éagsúla oibríochtaí iompair ag brath ar a mhéid atá siad nasctha le críoch an Bhallstáit óstaigh.

(10)

I gcás ina dtéann tiománaí i mbun oibríochtaí iompair déthaobhacha ón mBallstát ina bhfuil an gnóthas bunaithe (“Ballstát bunaíochta”) go dtí críoch Ballstáit eile nó go dtí tríú tír nó ar ais go dtí an Ballstát bunaíochta, bíonn dlúthnasc idir cineál na seirbhíse agus an Ballstát bunaíochta. D’fhéadfadh sé go ndéanfadh tiománaí roinnt oibríochtaí iompair déthaobhacha le linn aon turais amháin. Srian díréireach ar an tsaoirse a bheadh ann seirbhísí iompair de bhóthar trasteorann a sholáthar dá mbeadh feidhm ag na rialacha maidir le postú, agus ar an gcaoi sin ag na téarmaí agus coinníollacha fostaíochta a ráthaítear sa Bhallstát óstach, i leith na n-oibríochtaí déthaobhacha sin.

(11)

Ba cheart a shoiléiriú nach ionann iompar idirnáisiúnta idirthurais trí chríoch Bhallstáit agus postú. Is saintréithe de chuid oibríochtaí den sórt sin go dtrasnaíonn an tiománaí an Ballstát gan lasta a lódáil nó a dhílódáil agus gan paisinéirí a phiocadh suas ná a ligean amach agus, dá bhrí sin, níl aon nasc suntasach idir gníomhaíochtaí an tiománaí agus an Ballstát trína ndéantar idirthuras. Dá bhrí sin, ní dhéanann stadanna a bhaineann, mar shampla, le cúiseanna sláinteachais difear do cháiliú láithreacht an tiománaí i mBallstát mar idirthuras.

(12)

Nuair a bhíonn tiománaí i mbun oibríocht iompair chomhcheangailte, bíonn dlúthnasc idir cineál na seirbhíse a sholáthraítear le linn na céime bóthair tosaigh nó deiridh leis an mBallstát bunaíochta más oibríocht iompair dhéthaobhach an chéim bhóthair inti féin. Os a choinne sin, nuair a dhéantar an oibríocht iompair le linn na céime bóthair sa Bhallstát óstach nó nuair is oibríocht idirnáisiúnta iompair neamh-dhéthaobhach í, is leor an nasc idir críoch an Bhallstáit óstaigh agus ar an ábhar sin ba cheart feidhm a bheith ag na rialacha maidir le postú.

(13)

I gcás ina ndéanann tiománaí cineálacha eile oibríochtaí, go háirithe oibríochtaí cabatáiste nó oibríochtaí iompair idirnáisiúnta neamh-dhéthaobhacha, is leor an nasc le críoch an Bhallstáit óstaigh. Is ann don nasc i gcás oibríochtaí cabatáiste mar a shainmhínítear i Rialacháin (CE) Uimh. 1072/2009 (6) agus (CE) Uimh. 1073/2009 (7) ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle ós rud é go mbíonn an oibríocht iompair ina hiomláine á déanamh i mBallstát óstach agus dá bhrí sin go mbíonn dlúthnasc idir an tseirbhís agus críoch an Bhallstáit óstaigh. Is saintréith a bhaineann le hoibríocht iompair idirnáisiúnta neamh-dhéthaobhach go mbíonn an tiománaí i mbun iompar idirnáisiúnta lasmuigh de Bhallstát bunaíochta an ghnóthais a dhéanann an postú. Bíonn nasc idir na seirbhísí a chuirtear ar fáil dá bharr leis na Ballstáit óstacha lena mbaineann seachas leis an mBallstát bunaíochta féin. Sna cásanna sin, ní bhíonn rialacha earnáilsonracha de dhíth ach amháin maidir le riachtanais riaracháin agus bearta rialaithe.

(14)

Ba cheart do na Ballstáit a áirithiú, i gcomhréir le Treoir 2014/67/AE, go gcuirfear ar fáil ar bhealach inrochtana agus trédhearcach do ghnóthais iompair ó Bhallstáit eile agus do thiománaithe ar postú na téarmaí agus coinníollacha fostaíochta dá dtagraítear in Airteagal 3 de Threoir 96/71/CE, ar téarmaí agus coinníollacha iad a leagtar síos le forálacha náisiúnta reachtaíochta, rialúcháin nó riaracháin, nó le comhaontuithe comhchoiteanna nó dámhachtain eadrána ar fógraíodh iad a bheith infheidhme ina gcríocha go huilíoch nó atá infheidhme ar bhealach eile i gcomhréir le hAirteagal 3(1) agus (8) de Threoir 96/71/CE. Ba cheart a áireamh leis sin, i gcás inarb ábhartha, na téarmaí agus coinníollacha fostaíochta sin a leagtar síos le comhaontuithe comhchoiteanna is infheidhme go ginearálta maidir le gach gnóthas comhchosúil sa limistéar geografach lena mbaineann. Ba cheart a chumhdach leis an bhfaisnéis ábhartha, go háirithe, na comhghnéithe den luach saothair atá éigeantach faoi na hionstraimí sin. I gcomhréir le Treoir 2014/67/AE, caithfear rannpháirtíocht na gcomhpháirtithe sóisialta a lorg.

(15)

Bíonn dúshlán roimh oibreoirí an Aontais i bhfoirm iomaíocht mhéadaitheach ó oibreoirí atá bunaithe i dtríú tíortha. Dá bhrí sin, tá sé ríthábhachtach a áirithiú nach ndéanfar leithcheal ar oibreoirí an Aontais. De réir Airteagal 1(4) de Threoir 96/71/CE, ní ceadmhach caitheamh ar bhonn níos fabhraí le gnóthais atá bunaithe i Stát nach Ballstát é ná mar a chaitear le gnóthais atá bunaithe i mBallstát. Ba cheart feidhm a bheith ag an bprionsabal sin freisin maidir leis na rialacha sonracha maidir le postú dá bhforáiltear sa Treoir seo. Go háirithe, ba cheart feidhm a bheith aige i gcás ina ndéanann oibreoirí tríú tír oibríochtaí iompair faoi chomhaontuithe déthaobhacha nó iltaobhacha lena ndeonaítear rochtain ar mhargadh an Aontais.

(16)

Tá córas cuótaí iltaobhach Chomhdháil Eorpach na nAirí Iompair (“ECMT”) ar cheann de na príomhionstraimí lena rialaítear an rochtain a bhíonn ag oibreoirí tríú tír ar mhargadh an Aontais agus an rochtain a bhíonn ag oibreoirí an Aontais ar mhargaí tríú tír. Déantar líon na gceadanna a shanntar do gach Ballstát in ECMT a chinneadh ar bhonn bliantúil. Ní mór do na Ballstáit a n-oibleagáid a chomhlíonadh gan leithcheal a dhéanamh ar ghnóthais de chuid an Aontais, lena n-áirítear nuair a bheidh coinníollacha á gcomhaontú acu maidir le rochtain a fháil ar mhargadh an Aontais laistigh de ECMT.

(17)

Is ag an Aontas atá an chumhacht, mar chuid dá inniúlachtaí seachtracha eisiacha, an Comhaontú Eorpach maidir le hObair Foirne Feithiclí ag gabháil d’Iompar Idirnáisiúnta de Bhóthar (“AETR”) a chaibidliú agus a thabhairt i gcrích. I gcomhréir le hAirteagal 2(3) de Rialachán (CE) Uimh. 561/2006 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (8), ba cheart don Aontas na sásraí rialaithe sin is féidir a úsáid chun rialú a dhéanamh ar urramú na rialacha sóisialta náisiúnta agus rialacha sóisialta an Aontais a dhéanann gnóthais tríú tír a ailíniú leis na sásra rialaithe lena mbíonn feidhm maidir le gnóthais de chuid an Aontais.

(18)

Chonacthas go raibh deacrachtaí i ndáil leis na rialacha maidir le hoibrithe a phostú a shonraítear i dTreoir 96/71/CE agus na rialacha maidir leis na ceanglais riaracháin a leagtar síos i dTreoir 2014/67/AE a chur i bhfeidhm i leith earnáil an iompair de bhóthar atá fíor-shoghluaiste. Gineadh éiginnteacht dhlíthiúil agus ualach trom riaracháin d’oibreoirí neamhchónaitheacha an Aontais leis na bearta náisiúnta neamh-chomhordaithe maidir leis na forálacha i dtaca le hoibrithe a phostú in earnáil an iompair de bhóthar a chur i bhfeidhm agus a fhorfheidhmiú. As sin, tháinig srianta míchuí ar an tsaoirse seirbhísí iompair trasteorann a sholáthar, maille le fo-éifeachtaí diúltacha ar phoist agus ar iomaíochas na n-oibreoirí. Dá bhrí sin, is gá ceanglais riaracháin agus bearta rialaithe a chomhchuibhiú. D’fhágfadh sin nach gcuirfí moilleanna neamhriachtanacha ar oibreoirí.

(19)

Chun forfheidhmiú éifeachtach éifeachtúil na rialacha earnáilsonracha maidir le hoibrithe a phostú a áirithiú agus chun ualach riaracháin míréireach ar oibreoirí neamhchónaitheacha an Aontais a sheachaint, ba cheart ceanglais shonracha riaracháin agus bearta sonracha rialaithe a bhunú in earnáil an iompair de bhóthar, agus leas iomlán á bhaint as uirlisí rialaithe amhail an tacagraf digiteach. Chun faireachán a dhéanamh ar chomhlíonadh na n-oibleagáidí a leagtar amach sa Treoir seo agus i dTreoir 96/71/CE, agus, ag an am céanna, chun castacht an chúraim sin a laghdú, níor cheart na Ballstáit a bheith a fhorchur ar oibreoirí ach na ceanglais riaracháin agus na bearta rialaithe a shonraítear sa Treoir seo, ar ceanglais agus bearta iad atá curtha in oiriúint d’earnáil an iompair de bhóthar.

(20)

Bíonn gá ag gnóthais iompair le cinnteacht dhlíthiúil maidir leis na rialacha agus na ceanglais nach mór dóibh iad a chomhlíonadh. Ba cheart do na rialacha agus na ceanglais sin a bheith soiléir, intuigthe agus inrochtana go héasca ag gnóthais iompair, agus ba cheart a bheith in ann, mar gheall orthu, seiceálacha éifeachtacha a dhéanamh. Tá sé tábhachtach nach dtabharfar isteach ualach riaracháin nach gá le rialacha nua agus go gcuirfear san áireamh iontu leasanna fiontar beag agus meánmhéide.

(21)

Ba cheart an t-ualach riaracháin agus na cúraimí bainistithe doiciméad a bheidh ar thiománaithe a bheith réasúnta. Dá bhrí sin, cé gur cheart roinnt doiciméad a bheith ar fáil san fheithicil le cigireacht a dhéanamh orthu le linn seiceálacha cois bóthair, ba cheart do na hoibreoirí agus, i gcás inar gá, údaráis inniúla Bhallstát bunaíochta an oibreora doiciméid eile a chur ar fáil tríd an gcomhéadan poiblí atá nasctha le Córas Faisnéise an Mhargaidh Inmheánaigh (“IMI”) a bunaíodh le Rialachán (AE) Uimh. 1024/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (9). Ba cheart do na húdaráis inniúla úsáid a bhaint as an gcreat le haghaidh cúnamh frithpháirteach idir Ballstáit a leagtar amach i dTreoir 2014/67/AE.

(22)

Chun an rialú ar chomhlíonadh na rialacha maidir le postú a leagtar amach sa Treoir seo a éascú, ba cheart d’oibreoirí iompair de bhóthar dearbhú maidir le postú a chur faoi bhráid údaráis inniúla na mBallstát ina ndéanann siad tiománaithe a phostú.

(23)

Chun an t-ualach riaracháin ar oibreoirí a laghdú, is gá simpliú a dhéanamh ar an bpróiseas lena seoltar agus lena nuashonraítear dearbhuithe maidir le postú. Dá bhrí sin, ba cheart don Choimisiún comhéadan poiblí ilteangach a fhorbairt, comhéadan ar a mbeidh rochtain ag oibreoirí agus trínar féidir leo faisnéis maidir le postú a thíolacadh agus a nuashonrú agus doiciméid ábhartha eile a chur faoi bhráid IMI, de réir mar is gá.

(24)

Ós rud é go mbíonn ról ríthábhachtach ag comhpháirtithe sóisialta maidir le reachtaíocht shóisialta in earnáil an iompair de bhóthar a fhorfheidhmiú i roinnt Ballstát, ba cheart cead a bheith ag na Ballstáit an fhaisnéis ábhartha a roinneadh trí IMI a sholáthar do chomhpháirtithe sóisialta náisiúnta chun comhlíonadh na rialacha maidir le postú a sheiceáil, agus chun na críche sin amháin, agus Rialachán (AE) 2016/679 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (10) á urramú ag an am céanna. Ba cheart an fhaisnéis ábhartha a sholáthar do na comhpháirtithe sóisialta trí mhodhanna eile seachas trí IMI.

(25)

Chun coinníollacha aonfhoirmeacha a áirithiú maidir leis an Treoir seo a chur chun feidhme, ba cheart cumhachtaí cur chun feidhme a thabhairt don Choimisiún chun feidhmiúlachtaí an chomhéadain poiblí atá nasctha leis an IMI a shonrú. Ba cheart na cumhachtaí sin a fheidhmiú i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (11).

(26)

Tá sé ríthábhachtach na rialacha maidir le ham oibre agus am scíthe a fhorfheidhmiú go hiomchuí, go héifeachtach agus go comhsheasmhach chun feabhas a chur ar shábháilteacht ar bhóithre, chun dálaí oibre tiománaithe a chosaint agus chun saobhadh iomaíochta de thoradh neamh-chomhlíontachta a chosc. Dá bhrí sin, tá sé inmhianaithe raon feidhme na gceanglas forfheidhmithe aonfhoirmeach atá ann cheana a leagtar amach i dTreoir 2006/22/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (12) a leathnú ionas go gcumhdófaí rialú chomhlíonadh na bhforálacha ama oibre a leagtar amach i dTreoir 2002/15/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (13).

(27)

I bhfianaise na sraithe sonraí atá riachtanach chun rialuithe ar chomhlíonadh na rialacha maidir le ham oibre a leagtar amach i dTreoir 2002/15/CE a dhéanamh, braitheann méid na seiceálacha cois bóthair ar theicneolaíocht chumasúcháin a fhorbairt agus a thabhairt isteach, rud a fhágann gur féidir tréimhsí ama leordhóthanacha a chumhdach. Ba cheart seiceálacha cois bóthair a bheith teoranta do na gnéithe sin is féidir a sheiceáil go héifeachtúil tríd an tacagraf agus an trealamh taifeadta gaolmhar ar bord, agus níor cheart seiceálacha cuimsitheacha a dhéanamh ach ar an áitreabh amháin.

(28)

Ba cheart seiceálacha cois bóthair a dhéanamh go héifeachtúil agus go gasta, d’fhonn na seiceálacha sin a chur i gcrích sa tréimhse ama is giorra is féidir agus leis an moill is lú is féidir don tiománaí. Ba cheart idirdhealú soiléir a dhéanamh idir oibleagáidí na n-oibreoirí agus oibleagáidí na dtiománaithe.

(29)

Ba cheart an comhar idir údaráis forfheidhmithe na mBallstát a chur chun cinn a thuilleadh trí sheiceálacha comhbheartaithe; ba cheart do na Ballstáit féachaint leis na seiceálacha comhbheartaithe sin a dhéanamh ar an áitreabh chomh maith. D’fhéadfadh ról tábhachtach maidir le cúnamh a thabhairt do na Ballstáit seiceálacha comhbheartaithe a dhéanamh a bheith ag an Údarás Eorpach Saothair, a chumhdaíonn raon feidhme a ghníomhaíochtaí, mar a leagtar amach in Airteagal 1(4) de Rialachán (AE) 2019/1149 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (14) Treoir 2006/22/CE.

(30)

Is léir go bhfuil an comhar riaracháin idir na Ballstáit maidir le cur chun feidhme na rialacha sóisialta in earnáil an iompair de bhóthar neamh-leordhóthanach, rud a fhágann go bhfuil an forfheidhmiú trasteorann níos deacra, neamhéifeachtúil agus neamh-chomhsheasmhach. Dá bhrí sin, is gá creat a bhunú le haghaidh cumarsáid éifeachtach agus cúnamh frithpháirteach, lena n-áirítear sonraí a mhalartú maidir le sáruithe agus faisnéis a mhalartú maidir le dea-chleachtais forfheidhmiúcháin.

(31)

D’fhonn comhar éifeachtach riaracháin agus malartú éifeachtach faisnéise a chothú, le Rialachán (CE) Uimh. 1071/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (15), ceanglaítear ar na Ballstáit a gcláir leictreonacha náisiúnta a idirnascadh trí chóras Chlár Eorpach na nGnóthas Iompair de Bhóthar (ERRU). Ba cheart raon na faisnéise is féidir a rochtain tríd an gcóras sin agus na seiceálacha cois bóthair á ndéanamh a mhéadú.

(32)

Chun an chumarsáid idir na Ballstáit a éascú agus a fheabhsú, chun a áirithiú go gcuirtear rialacha sóisialta i bhfeidhm ar bhealach níos aonfhoirmí in earnáil an iompair de bhóthar agus chun comhlíonadh riachtanas riaracháin arna dhéanamh ag oibreoirí agus tiománaithe á bpostú acu a éascú, ba cheart don Choimisiún modúl nua amháin nó níos mó a fhorbairt do IMI. Tá sé tábhachtach go gceadaítear le IMI seiceálacha bailíochta a dhéanamh ar dhearbhuithe maidir le postú le linn seiceálacha cois bóthair.

(33)

Ba cheart an malartú faisnéise i gcomhthéacs an chomhair riaracháin éifeachtaigh agus an chúnaimh fhrithpháirtigh idir na Ballstáit a bheith i gcomhréir leis na rialacha maidir le cosaint sonraí pearsanta a leagtar síos i Rialacháin (AE) 2016/679 agus (AE) 2018/1725 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (16). Ba cheart an malartú faisnéise trí IMI Rialachán (AE) Uimh. 1024/2012 a chomhlíonadh chomh maith.

(34)

Chun éifeachtacht, éifeachtúlacht agus comhsheasmhacht an fhorfheidhmithe a fheabhsú, is inmhianaithe gnéithe na gcóras rátála riosca náisiúnta atá ann cheana a fhorbairt agus úsáid na gcóras sin a mhéadú. Le rochtain ar na sonraí atá i gcórais rátála riosca rialuithe, is fearr a bheadh údaráis rialaithe inniúla na mBallstát lena mbaineann in ann seiceálacha a dhíriú ar oibreoirí neamhchomhlíontacha. Le foirmle chomhchoiteann chun an rátáil riosca atá ag gnóthas iompair a ríomh, ba cheart rannchuidiú le cóir níos cothroime d’oibreoirí le linn seiceálacha.

(35)

Mar thoradh ar theacht i bhfeidhm Chonradh Liospóin, ba cheart na cumhachtaí a tugadh don Choimisiún faoi Threoir 2006/22/CE a ailíniú le hAirteagail 290 agus 291 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (CFAE).

(36)

Chun coinníollacha aonfhoirmeacha a áirithiú maidir le Treoir 2006/22/CE a chur chun feidhme, ba cheart cumhachtaí cur chun feidhme a thabhairt don Choimisiún chun íoschéadatán na laethanta arna n-oibriú ag tiománaithe seiceáilte ag na Ballstáit a mhéadú go 4 %; chun sainmhínithe chatagóirí an staidrimh atá le bailiú a shoiléiriú tuilleadh; chun comhlacht a ainmniú maidir le malartú sonraí, taithí agus faisnéise idir na Ballstáit a chur chun cinn ar bhealach gníomhach; chun foirmle chomhchoiteann a bhunú chun an rátáil riosca atá ag gnóthas a ríomh; chun treoirlínte a bhunú ar an gcleachtas forfheidhmiúcháin is fearr; chun cur chuige comhchoiteann a bhunú maidir le tréimhsí oibre eile a thaifeadadh agus a rialú agus maidir le taifeadadh agus rialú tréimhsí seachtaine ar a laghad ina mbeidh an tiománaí ar shiúl ón bhfeithicil agus neamhábalta tabhairt faoi aon ghníomhaíochtaí leis an bhfeithicil sin; chun cur chuige comhchoiteann a chur chun cinn maidir leis an Treoir sin a chur chun feidhme; agus chun comhleanúnachas sa chur chuige idir údaráis forfheidhmithe agus léirmhíniú comhchuibhithe ar Rialachán (CE) Uimh. 561/2006 idir údaráis forfheidhmithe a spreagadh agus chun an t-idirphlé idir an earnáil iompair agus na húdaráis forfheidhmithe a éascú. Go háirithe, agus gníomhartha cur chun feidhme á nglacadh aige maidir le foirmle chomhchoiteann a bhunú chun an rátáil riosca atá ag gnóthas a ríomh, ba cheart don Choimisiún cóir chomhionann do ghnóthais a áirithiú agus na critéir a shonraítear sa Treoir seo á gcur san áireamh. Ba cheart na cumhachtaí cur chun feidhme sin a fheidhmiú i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 182/2011.

(37)

Chun forbairtí sa dea-chleachtas a léiriú i dtaca le seiceálacha agus trealamh caighdeánach a bheith ar fáil d’aonaid forfheidhmithe agus chun ualú tromchúiseachta na sáraithe i Rialachán (CE) Uimh. 561/2006 nó (AE) Uimh. 165/2014 ó Pharlaimint na hEopa agus ón gComhairle (17) a leagan síos nó a thabhairt cothrom le dáta, ba cheart an chumhacht chun gníomhartha a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 290 den CFAE a tharmligean chuig an gCoimisiún i dtaca le hIarscríbhinní I agus II agus Iarscríbhinn III de Threoir 2006/22/CE, faoi seach, a leasú. Tá sé tábhachtach, go háirithe, go rachadh an Coimisiún i mbun comhairliúcháin iomchuí le linn a chuid oibre ullmhúcháin, lena n-áirítear ar leibhéal na saineolaithe, agus go ndéanfaí na comhairliúcháin sin i gcomhréir leis na prionsabail a leagtar síos i gComhaontú Idirinstitiúideach an 13 Aibreán 2016 maidir le Reachtóireacht Níos Fearr (18). Go sonrach, chun rannpháirtíocht chomhionann in ullmhú na ngníomhartha tarmligthe a áirithiú, faigheann Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle na doiciméid uile ag an am céanna leis na saineolaithe sna Ballstáit, agus bíonn rochtain chórasach ag a gcuid saineolaithe ar chruinnithe ghrúpaí saineolaithe an Choimisiúin a bhíonn ag déileáil le hullmhú na ngníomhartha tarmligthe.

(38)

Ba cheart, dá bhrí sin, Treoir 2006/22/CE a leasú dá réir sin.

(39)

Is iad seolaithe na rialacha áirithe speisialta maidir le postú iad gnóthais iompair agus glacann siad le hiarmhairtí aon sáruithe ar na rialacha sin a dhéanann siad. Mar sin féin, chun cosc a chur ar mhí-úsáid a dhéanfadh gnóthais a dhéanann conarthaí le hoibreoirí tarlaithe maidir le seirbhísí iompair de bhóthar, ba cheart do na Ballstáit foráil a dhéanamh do rialacha soiléire intuartha maidir le smachtbhannaí i gcoinne coinsíneoirí, seoltóirí lasta, conraitheoirí agus fochonraitheoirí i gcásanna ina raibh a fhios acu, nó, i bhfianaise na n-imthosca ábhartha uile gur cheart a fhios a bheith acu, go mbaineann sáruithe ar rialacha speisialta maidir le postú leis na seirbhísí a choimisiúnaigh siad.

(40)

Chun dálaí iomaíochta córa agus cothrom na Féinne a áirithiú d’oibrithe agus do ghnólachtaí, is gá dul chun cinn a dhéanamh i dtreo forfheidhmiú cliste agus an tacaíocht go léir is gá a sholáthar do thabhairt isteach iomlán agus úsáid córas rátála riosca.

(41)

Ba cheart don Choimisiún meastóireacht a dhéanamh ar thionchar chur i bhfeidhm agus fhorfheidhmiú na rialacha maidir le hoibrithe a phostú in earnáil an iompair de bhóthar agus tuarascáil ar thorthaí na meastóireachta sin a chur faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle, maille le togra reachtach i gcás inarb iomchuí.

(42)

Ós rud é nach féidir leis na Ballstáit cuspóirí na Treorach seo, eadhon dálaí oibre leordhóthanacha agus cosaint shóisialta do thiománaithe a áirithiú, ar thaobh amháin, agus dálaí oiriúnacha do ghnólachtaí agus d’iomaíocht chóir d’oibreoirí, ar an taobh eile, a ghnóthú go leordhóthanach agus, de bharr fhairsinge agus éifeachtaí na Treorach seo, gur fearr is féidir iad a ghnóthú ar leibhéal an Aontais, féadfaidh an tAontas bearta a ghlacadh, i gcomhréir le prionsabal na coimhdeachta a leagtar amach in Airteagal 5 den Chonradh ar an Aontas Eorpach. I gcomhréir le prionsabal na comhréireachta a leagtar amach san Airteagal sin, ní théann an Rialachán seo thar a bhfuil riachtanach chun na cuspóirí sin a ghnóthú.

(43)

Ba cheart feidhm a bheith ag na bearta náisiúnta lena dtrasuítear an Treoir seo ón dáta 18 mí tar éis dháta theacht i bhfeidhm na Treorach seo. Tá feidhm le bheith ag Treoir (AE) 2018/957 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (19) maidir le hearnáil an iompair de bhóthar, i gcomhréir le hAirteagal 3(3) den Treoir sin, ón 2 Feabhra 2022,

TAR ÉIS AN TREOIR SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Rialacha sonracha i dtaca le tiománaithe a phostú

1.   Leis an Airteagal seo, bunaítear rialacha mionsonraithe a mhéid a bhaineann le gnéithe áirithe de Threoir 96/71/CE maidir le tiománaithe a phostú in earnáil an iompair de bhóthar agus de Threoir 2014/67/AE maidir le ceanglais riaracháin agus bearta rialaithe i dtaca leis na tiománaithe sin a phostú.

2.   Tá feidhm ag na rialacha sonracha sin maidir le tiománaithe atá fostaithe ag gnóthais atá bunaithe i mBallstát a dhéanann an beart trasnáisiúnta dá dtagraítear i bpointe (a) d’Airteagal 1(3) de Threoir 96/71/CE.

3.   D’aineoinn Airteagal 2(1) de Threoir 96/71/CE, ní mheasfar gur tiománaí ar postú é tiománaí chun críoch Threoir 96/71/CE agus oibríochtaí iompair déthaobhacha á ndéanamh ag an tiománaí sin i dtaca le hearraí.

Chun críche na Treorach seo, ciallaíonn oibríocht iompair dhéthaobhach i dtaca le hearraí earraí a bhogadh, bunaithe ar chonradh iompair, ón mBallstát bunaíochta, mar a shainmhínítear in Airteagal 2(8) de Rialachán (CE) Uimh. 1071/2009 é, chuig Ballstát eile nó chuig tríú tír, nó ó Bhallstát eile nó tríú tír eile chuig an mBallstát bunaíochta.

Ón 2 Feabhra 2022, arb é an dáta óna ndéanfaidh tiománaithe sonraí trasnaithe teorann a thaifeadadh de láimh, de bhun Airteagal 34(7) de Rialachán (AE) Uimh. 165/2014, cuirfidh na Ballstáit an díolúine i leith oibríochtaí iompair déthaobhacha maidir le hearraí a iompar a leagtar amach sa chéad fhomhír agus sa dara fomhír den mhír seo i bhfeidhm freisin i gcás ina ndéanfaidh an tiománaí a bhfuil oibríocht iompair dhéthaobhach á feidhmiú aige aon ghníomhaíocht amháin luchtaithe agus/nó díluchtaithe de bhreis ar an oibríocht iompair dhéthaobhach sin sna Ballstáit nó sna tríú tíortha a thrasnóidh sé, ar choinníoll nach ndéanfaidh sé earraí a lódáil agus na hearraí sin a dhílódáil sa Bhallstát céanna.

I gcás oibríocht iompair dhéthaobhach a thosóidh sa Bhallstát bunaíochta nach ndéanfar gníomhaíocht bhreise lena linn agus leantar uirthi sin le hoibríocht iompair dhéthaobhach go dtí an Ballstát bunaíochta, beidh feidhm ag an díolúine sin ar gníomhaíochtaí breise a leagtar amach sa tríú fomhír maidir le dhá ghníomhaíocht lódála agus/nó dílódála ar a mhéad, faoi na coinníollacha a leagtar amach sa tríú fomhír.

Ní bheidh feidhm ag an díolúine ar ghníomhaíochtaí breise a leagtar amach sa tríú fomhír agus sa cheathrú fomhír den mhír seo ach amháin go dtí an dáta óna ndéanfar an tacagraf cliste a dhéanann taifeadadh ar ghníomhaíochtaí trasnaithe teorann agus gníomhaíochta breise dá dtagraítear sa chéad fhomhír d’Airteagal 8(1) d’fhomhír 1 de Rialachán (AE) Uimh. 165/2014 a shuiteáil sna feithiclí atá cláraithe i mBallstát den chéad uair, faoin gceathrú fomhír d’Airteagal 8(1) den Rialachán sin. Ón dáta sin amach ní bheidh feidhm ag an díolúine ar ghníomhaíochtaí breise a leagtar amach sa tríú fomhír agus sa cheathrú fomhír den mhír seo ach amháin i leith tiománaithe a úsáideann feithiclí ina bhfuil tacagraif chliste suiteáilte, amhail dá bhforáiltear in Airteagail 8, 9 agus 10 den Rialachán sin.

4.   D’aineoinn Airteagal 2(1) de Threoir 96/71/CE, ní mheasfar gur tiománaí ar postú é tiománaí chun críoch Threoir 96/71/CE agus oibríochtaí iompair déthaobhacha á bhfeidhmiú aige i dtaca le paisinéirí.

Chun críoch na Treorach seo, is é is oibríocht iompair dhéthaobhach in iompair idirnáisiúnta paisinéirí ócáideach agus rialta, de réir bhrí Rialachán (CE) Uimh. 1073/2009, oibríocht ina ndéanfaidh tiománaí aon cheann de na hoibríochtaí seo a leanas:

(a)

paisinéirí a bhailiú i mBallstát na bunaíochta agus iad a ligean amach i mBallstát eile nó i dtríú tír;

(b)

paisinéirí a bhailiú i mBallstát nó i dtríú tír agus iad a ligean amach sa Bhallstát bunaíochta; nó

(c)

paisinéirí a bhailiú agus a ligean amach sa Bhallstát bunaíochta chun turais áitiúla a dhéanamh i mBallstát eile nó i dtríú tír, i gcomhréir le Rialachán (CE) Uimh. 1073/2009.

Ón 2 Feabhra 2022, an dáta óna mbeidh ceangal ar thiománaithe, de bhun Airteagal 34(7) de Rialachán (AE) Uimh. 165/2014, sonraí trasnaithe teorann a taifeadadh de láimh, cuirfidh na Ballstáit an díolúine ar oibríochtaí iompair déthaobhacha i ndáil le paisinéirí a leagtar amach sa chéad fhomhír agus sa dara fomhír den mhír seo i bhfeidhm chomh maith i gcás, sa bhreis ar oibríocht iompair déthaobhach á dhéanamh ag tiománaí, ina mbailíonn an tiománaí paisinéirí uair amháin; agus/nó i gcás ina ligeann na tiománaí paisinéirí amach uair amháin i mBallstáit nó i dtríú tíortha a thrasnaíonn an tiománaí, ar an gcoinníoll nach gcuirfidh an tiománaí seirbhísí iompair paisinéirí ar fáil idir dhá shuíomh laistigh den Bhallstát a thrasnaítear. Beidh feidhm ag an méid céanna maidir leis an turas fillte.

Ní bheidh feidhm ag an díolúine ar ghníomhaíochtaí bhreise a leagtar amach sa tríú fomhír den mhír seo ach amháin go dtí an dáta óna ndéanfar an ceanglas maidir le an tacagraf cliste a dhéanann taifeadadh ar ghníomhaíochtaí trasnaithe teorann agus gníomhaíochta breise dá dtagraítear in Airteagal 8(1) fomhír 1 de Rialachán (AE) Uimh. 165/2014 a shuiteáil sna feithiclí arna gclárú i mBallstát den chéad uair, faoin gceathrú fomhír d’Airteagal 8(1) den Rialachán sin. Ón dáta sin amach ní bheidh feidhm ag an díolúine ar ghníomaíochtaí bhreise a leagtar amach sa tríú fomhír den mhír seo ach amháin maidir le tiománaithe a úsáideann feithiclí ina bhfuil tacagraif chliste suiteáilte, amhail dá bhforáiltear in Airteagail 8, 9 agus 10 den Rialachán sin.

5.   D’ainneoin Airteagal 2(1) de Threoir 96/71/CE, ní mheasfar go mbeidh tiománaí ar postú chun críoch Threoir 96/71/CE i gcás ina dtrasnaíonn an tiománaí trí chríoch Bhallstáit gan lasta a lódáil nó a dhílódáil agus gan paisinéirí a bhailiú nó a ligean amach.

6.   D’aineoinn Airteagal 2(1) de Threoir 96/71/CE, ní mheasfar go mbeidh an tiománaí ar postú chun críoch Threoir 96/71/CE i gcás ina bhfeidhmeoidh an tiománaí an chéim bhóthair thosaigh nó dheiridh d’oibríocht iompair chomhcheangailte mar a shainítear i dTreoir 92/106/CEE ón gComhairle (20), más oibríochtaí iompair déthaobhacha a bheidh sa chéim bhóthair ina haonar mar a shainítear i mír 3 den Airteagal seo.

7.   Measfar tiománaí atá ag déanamh oibríochtaí cabatáiste, mar a shainmhínítear i Rialacháin (CE) Uimh. 1072/2009 agus (CE) Uimh. 1073/2009 é, a bheith postaithe faoi Threoir 96/71/CE.

8.   Chun críoch Airteagal 3(1a) de Threoir 96/71/CE, measfar go gcríochnóidh postú ar fhágáil an Bhallstáit óstaigh don tiománaí agus é i mbun paisinéirí nó earraí a iompar go hidirnáisiúnta. Ní dhéanfar an tréimhse ar postú sin a charnadh le tréimhsí ar postú roimhe sin i gcomhthéacs oibríochtaí idirnáisiúnta den sórt sin a bhí ar siúl ag an tiománaí céanna nó le tréimhsí ar postú tiománaí eile a ngabhfaidh sé nó sí a ionad nó a hionad.

9.   Áiritheoidh na Ballstáit, i gcomhréir le Treoir 2014/67/AE, go gcuirfear ar fáil ar bhealach inrochtana agus trédhearcach do ghnóthais iompair ó Bhallstáit eile agus do thiománaithe ar postú, na téarmaí agus coinníollacha fostaíochta dá dtagraítear in Airteagal 3 de Threoir 96/71/CE, a leagtar síos le foráil reachtaíochta, rialúcháin nó riaracháin, nó trí chomhaontuithe comhchoiteanna nó trí dhámhachtainí eadrána ar dearbhaíodh iad, ina gcríoch, a bheith infheidhme go huilíoch nó atá infheidhme ar bhealach eile i gcomhréir le hAirteagal 3(1) agus (8) de Threoir 96/71/CE. Cumhdófar go háirithe san fhaisnéis ábhartha, na heilimintí ar cuid den luach saothair iad atá éigeantach faoi na hionstraimí sin, lena n-áirítear, i gcás inarb ábhartha, trí chomhaontuithe comhchoiteanna is infheidhme go ginearálta maidir le gach gnóthas comhchosúil sa limistéar geografach lena mbaineann.

10.   Ní chaithfear ar bhonn níos fabhraí le gnóthais iompair arna mbunú i stát nach Ballstát é ná mar a chaithfear le gnóthais arna mbunú i mBallstát, lena n-áirítear nuair a dhéanfaidh siad oibríochtaí iompair faoi chomhaontuithe déthaobhacha nó iltaobhacha lena ndeonaítear rochtain ar mhargadh an Aontais nó ar pháirteanna de.

11.   De mhaolú ar Airteagal 9(1) agus (2) de Threoir 2014/67/AE, ní fhéadfaidh na Ballstáit ach na ceanglais riaracháin agus na bearta rialaithe seo a leanas a fhorchur i ndáil le tiománaithe a phostú:

(a)

oibleagáid ar an oibreoir iompair de bhóthar atá bunaithe i mBallstát eile dearbhú maidir le postú a chur faoi bhráid údaráis náisiúnta inniúla de chuid Ballstáit ina bhfuil an tiománaí ar postú ag tús an phostaithe ar a dhéanaí, agus úsáid á baint as foirm chaighdeánach ilteangach den chomhéadan poiblí atá nasctha le Córas Faisnéise an Mhargaidh Inmheánaigh (IMI), arna bhunú le Rialachán (AE) Uimh. 1024/2012; beidh an fhaisnéis seo a leanas sa dearbhú maidir le postú:

(i)

céannacht an oibreora, i bhfoirm uimhir an cheadúnais Comhphobail ar a laghad, i gcás ina mbeidh an uimhir sin ar fáil;

(ii)

sonraí teagmhála an bhainisteora iompair nó an duine/na ndaoine teagmhála eile sa Bhallstát bunaíochta a dhéanfaidh idirchaidreamh le húdaráis inniúla an Bhallstáit óstaigh ina gcuirtear na seirbhísí ar fáil agus a dhéanfaidh doiciméid agus fógraí a chur amach agus glacadh leo;

(iii)

céannacht, seoladh áit chónaithe agus uimhir cheadúnas tiomána an tiománaí;

(iv)

dáta tosaithe chonradh fostaíochta an tiománaí, agus an dlí is infheidhme ina leith;

(v)

dáta tosaithe beartaithe agus dáta críochnaithe beartaithe an phostaithe;

(vi)

uimhirphlátaí na mótarfheithiclí;

(vii)

cibé acu na seirbhísí iompair a fheidhmítear, bíodh siad iompar earraí, iompar paisinéirí, iompar idirnáisiúnta nó oibríochtaí chabatáiste;

(b)

oibleagáid ar an oibreoir a áirithiú go mbeidh ar láimh ag an tiománaí, i bhfoirm pháipéir nó i bhfoirm leictreonach, agus go gcoimeádfaidh an tiománaí agus go gcuirfidh sé nó sí ar fáil, arna iarraidh sin cois bóthair, an méid seo a leanas:

(i)

cóip den dearbhú maidir le postú arna tíolacadh trí IMI;

(ii)

fianaise d’oibríochtaí iompair atá ag tarlú sa Bhallstát óstach, amhail nóta coinsíneachta leictreonach (e-CMR) nó fianaise dá dtagraítear in Airteagal 8(3) de Rialachán (CE) Uimh. 1072/2009;

(iii)

na taifid tacagraif agus go háirithe siombailí tíre na mBallstát ina raibh an tiománaí i láthair chun oibríochtaí iompair idirnáisiúnta de bhóthar nó oibríochtaí cabatáiste a dhéanamh, i gcomhréir le ceanglais chlárúcháin agus leis na ceanglais maidir le taifid a choinneáil faoi Rialacháin (CE) Uimh. 561/2006 agus (AE) Uimh. 165/2014;

(c)

oibleagáid ar an oibreoir cóipeanna de na doiciméid dá dtagraítear i bpointe (b) (ii) agus (iii) den mhír seo a sheoladh, tríd an gcomhéadan poiblí atá nasctha le IMI, tar éis thréimhse an phostaithe, arna iarraidh sin go díreach ag údaráis inniúla na mBallstát inar tharla an postú, mar aon le doiciméadacht a bhaineann le luach saothair an tiománaí ar postú i ndáil le tréimhse an phostaithe, an conradh fostaíochta nó doiciméad coibhéiseach laistigh de bhrí Airteagal 3 de Threoir 91/533/CEE ón gComhairle (21), bileoga ama a bhaineann le hobair an tiománaí agus cruthúnas ar íocaíochtaí.

Seolfaidh an t-oibreoir an doiciméadacht tríd an gcomhéadan poiblí atá nasctha le IMI tráth nach déanaí ná ocht seachtaine ó dháta na hiarrata. Má theipeann ar an oibreoir an doiciméadacht a iarradh a thíolacadh laistigh den tréimhse ama a socraíodh, féadfaidh údaráis inniúla an Bhallstáit inar tharla an postú, i gcomhréir le hAirteagail 6 agus 7 de Threoir 2014/67/AE, cúnamh ó údaráis inniúla an Bhallstáit bunaíochta a iarraidh trí IMI. I gcás ina ndéanfar iarraidh den sórt sin ar chúnamh frithpháirteach, beidh rochtain ag údaráis inniúla Bhallstáit bhunaíochta an oibreora ar an dearbhú maidir le postú agus ar fhaisnéis ábhartha eile arna tíolacadh ag an oibreoir tríd an gcomhéadan poiblí atá nasctha le IMI.

Áiritheoidh údaráis inniúla Bhallstáit bhunaíochta an oibreora go soláthróidh sé an doiciméadacht d’údaráis inniúla an Bhallstáit inar tharla an postú arna hiarraidh sin trí IMI laistigh de 25 lá oibre ó dháta na hiarrata ar chúnamh frithpháirteach.

Lena chinneadh nach measfar tiománaithe a bheith ar postú de bhun mhíreanna 3 agus 4 den Airteagal seo, ní fhéadfaidh na Ballstáit oibleagáid a fhorchur mar bheart rialaithe ar an tiománaí ach fianaise faoin iompar idirnáisiúnta ábhartha amhail nóta coinsíneachta leictreonach (e-CMR) nó fianaise dá dtagraítear in Airteagal 8(3) de Rialachán (CE) Uimh. 1072/2009 agus taifid tacagraif dá dtagraítear i bpointe (b) (iii) den mhír seo a choinneáil agus a chur ar fáil i bhfoirm pháipéir nó leictreonach, arna iarraidh sin ag an seiceáil cois bóthair.

12.   Chun críoch rialaithe, coimeádfaidh an t-oibreoir iompair na dearbhuithe maidir le postú dá dtagraítear i bpointe (a) de mhír 11 cothrom le dáta sa chomhéadan poiblí atá nasctha le IMI.

13.   Déanfar an fhaisnéis ó na dearbhuithe a shábháil i stór IMI ar feadh tréimhse 24 mhí chun críche seiceálacha.

Féadfaidh Ballstát cead a thabhairt don údarás inniúil an fhaisnéis ábhartha atá ar fáil in IMI a chur ar fáil do chomhpháirtithe sóisialta náisiúnta ar bhealaí eile seachas trí IMI a mhéid is gá chun comhlíonadh na rialacha maidir le postú a sheiceáil agus i gcomhréir leis an dlí náisiúnta agus le cleachtais náisiúnta, ar na coinníollacha seo a leanas:

(a)

go mbainfidh an fhaisnéis le postú i gcríoch an Bhallstáit lena mbaineann;

(b)

nach n-úsáidfear an fhaisnéis ach amháin chun críche fhorfheidhmiú na rialacha maidir le postú; agus

(c)

go mbeidh próiseáil d’aon shonraí a dhéantar i gcomhréir le Rialachán (AE) 2016/679.

14.   Faoin 2 Feabhra 2021, sonróidh an Coimisiún, trí ghníomh cur chun feidhme, feidhmiúlachtaí an chomhéadain phoiblí atá nasctha le IMI. Déanfar an gníomh cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 4(2).

15.   Seachnóidh na Ballstáit aon mhoilleanna gan ghá i gcur chun feidhme na mbeart rialaithe a d’fhéadfadh tionchar a bheith acu ar fhad agus ar dhátaí an phostaithe.

16.   Oibreoidh údaráis inniúla sna Ballstáit i ndlúthchomhar lena chéile agus cuirfidh siad cúnamh frithpháirteach agus gach faisnéis ábhartha ar fáil dá chéile, faoi réir na gcoinníollacha a leagtar síos i dTreoir 2014/67/AE agus i Rialachán (CE) Uimh. 1071/2009.

Airteagal 2

Leasú ar Threoir 2006/22/CE

Leasaítear Treoir 2006/22/CE mar a leanas:

(1)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad an teidil:

“Treoir 2006/22/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 15 Márta 2006 maidir le coinníollacha íosta le haghaidh chur chun feidhme Rialachán (CE) Uimh. 561/2006 agus Rialachán (AE) Uimh. 165/2014 agus Threoir 2002/15/CE maidir le reachtaíocht shóisialta a bhaineann le gníomhaíochtaí iompair de bhóthar agus lena n-aisghairtear Treoir 88/599/CEE ón gComhairle”;

(2)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 1:

“Airteagal 1

Ábhar

Leagtar síos leis an Treoir seo coinníollacha íosta le haghaidh chur chun feidhme Rialachán (CE) Uimh. 561/2006 (*1) agus Rialachán (AE) Uimh. 165/2014 (*2) ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus Threoir 2002/15/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (*3).

(*1)  Rialachán (CE) Uimh. 561/2006 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 15 Márta 2006 maidir le comhchuibhiú reachtaíochta sóisialta áirithe a bhaineann le hiompar de bhóthar agus lena leasaítear Rialachán (CEE) Uimh. 3821/85 ón gComhairle agus Rialachán (CE) Uimh. 2135/98 ón gComhairle agus lena n-aisghairtear Rialachán (CEE) Uimh. 3820/85 ón gComhairle (IO L 102, 11.4.2006, lch. 1)."

(*2)  Rialachán (AE) Uimh. 165/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 4 Feabhra 2014 maidir le tacagraif in iompar de bhóthar, lena n-aisghairtear Rialachán (CEE) Uimh. 3821/85 ón gComhairle maidir le trealamh taifeadta in iompar de bhóthar agus lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 561/2006 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le comhchuibhiú reachtaíochta sóisialta áirithe a bhaineann le hiompar de bhóthar (IO L 60, 28.2.2014, lch. 1)."

(*3)  Treoir 2002/15/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Márta 2002 maidir le heagrú ama oibre daoine atá i mbun gníomhaíochtaí soghluaiste iompair de bhóthar (IO L 80, 23.3.2002, lch. 35).”;"

(3)

leasaítear Airteagal 2 mar a leanas:

(a)

i mír 1, cuirtear an méid seo a leanas in ionad an dara fomhír:

“Leis na seiceálacha sin, cumhdófar gach bliain trasghearradh mór ionadaíoch d’oibrithe, de thiománaithe, de ghnóthais agus d’fheithiclí soghluaiste atá faoi raon feidhme Rialacháin (CE) Uimh. 561/2006 agus (AE) Uimh. 165/2014 agus d’oibrithe agus tiománaithe soghluaiste atá faoi raon feidhme Threoir 2002/15/CE. Beidh seiceálacha cois bóthair ar chomhlíonadh Threoir 2002/15/CE teoranta do ghnéithe ar féidir iad a sheiceáil go héifeachtúil trí thacagraf agus trealamh gaolmhar taifeadta. Ní fhéadfar seiceáil chuimsitheach a dhéanamh ar chomhlíonadh Threoir 2002/15/CE ach amháin san áitreabh.”;

(b)

i mír 3, cuirtear an méid seo a leanas in ionad na chéad fhomhíre agus an dara fomhír:

“Déanfaidh gach Ballstát seiceálacha a eagrú ar chaoi a ndéanfar seiceáil ar 3 % ar a laghad de na laethanta arna n-oibriú ag tiománaithe feithiclí a thagann faoi raon feidhme Rialacháin (CE) Uimh. 561/2006 agus (AE) Uimh. 165/2014. Le linn na seiceála cois bóthair, ceadófar don tiománaí dul i dteagmháil leis an gceannoifig, leis an mbainisteoir iompair nó le haon duine nó eintiteas eile, roimh dheireadh na seiceála cois bóthair, chun aon fhianaise in easnamh ar bord a chur ar fáil; tá an méid sin gan dochar d’oibleagáid an tiománaí úsáid chuí an trealaimh tacagraif a áirithiú.

Ón 1 Eanáir 2012 féadfaidh an Coimisiúin, trí bhíthin gníomh cur chun feidhme, an céatadán íosta a mhéadú go 4 %, ar choinníoll go léirítear leis na staidreamh arna mbailiú de bhun Airteagal 3, go bhfuil tacagraf digiteach ag níos mó ná 90 %, ar an meán, de na feithiclí uile a dhéantar seiceáil orthu. Le linn an chinneadh a dhéanamh, cuirfidh an Coimisiúin éifeachtacht na mbeart forfheidmithe atá ann cheana a chur san áireamh, go háirithe infhaighteacht sonraí faoi thacagraf digiteach ar áitreabh gnóthas. Glacfar an gníomh cur chun feidhme sin i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 12(2).”;

(c)

cuirtear an mhír seo a leanas isteach:

“3a.   Ba cheart do gach Ballstát seiceálacha ar chomhlíonadh Threoir 2002/15/CE a eagrú ag cur san áireamh an córas rátála riosca dá bhforáiltear in Airteagal 9 den Treoir seo. Díreofar na seiceálacha sin ar ghnóthas i gcás ina mbeidh sárú á dhéanamh go leanúnach nó sárú tromchúiseach á dhéanamh ag tiománaí amháin nó níos mó dá chuid ar Rialachán (CE) Uimh. 561/2006 nó (AE) Uimh. 165/2014.”;

(d)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 4:

“4.   Ar an bhfaisnéis a chuirfear chuig an gCoimisiún i gcomhréir le hAirteagal 17 de Rialachán (CE) Uimh. 561/2006 agus le hAirteagal 13 de Threoir 2002/15/CE beidh an líon tiománaithe arna sheiceáil cois bóthair, an líon seiceálacha a dhéanfar ar áitreabh gnóthas, an líon laethanta oibre arna sheiceáil, agus líon agus cineál na sáruithe arna dtuairisciú, agus léireofar, leis an bhfaisnéis sin, cé acu paisinéirí nó lasta a bhí á iompar.”;

(4)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad an chúigiú mír d’Airteagal 3:

“Tabharfaidh an Coimisiúin soiléiriú breise, más gá, trí ghníomhartha cur chun feidhme, ar shainmhínithe na gcatagóir a liostaítear faoi phointí (a) agus (b) den chéad mhír. Glacfar na gníomhartha cur chun feidhme sin i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 12(2).”;

(5)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 5:

“Airteagal 5

Seiceálacha comhbheartaithe

Déanfaidh na Ballstáit seiceálacha comhbheartaithe cois bóthair, sé huaire sa bhliain ar a laghad, ar thiománaithe agus ar fheithiclí a thagann faoi raon feidhme Rialachán (CE) Uimh. 561/2006 nó (AE) Uimh. 165/2014. Ina theannta sin, féachfaidh na Ballstáit le seiceálacha comhbheartaithe a eagrú in áitribh gnóthas.

Déanfaidh údaráis forfheidhmithe dhá Bhallstát nó níos mó, iad ag feidhmiú ina gcríoch féin, na seiceálacha comhbheartaithe sin ag an am céanna.”;

(6)

in Airteagal 6, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 1:

“1.   Déanfar seiceálacha in áitribh a phleanáil i bhfianaise na taithí a bhí ann cheana i dtaca leis na cineálacha éagsúla iompair agus gnóthas. Déanfar na seiceálacha sin freisin má bhraitear cois bóthair sáruithe tromchúiseacha ar Rialachán (CE) Uimh. 561/2006 nó (AE) Uimh. 165/2014 nó Treoir 2002/15/CE.”;

(7)

leasaítear Airteagal 7 mar a leanas:

(a)

leasaítear mír 1 mar a leanas:

(i)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (b):

“(b)

na tuairisceáin staitistiúla dhébhliantúla a chur ar aghaidh chun an Choimisiúin faoi Airteagal 17 de Rialachán (CE) Uimh. 561/2006;”;

(ii)

cuirtear an pointe seo a leanas léi:

“(d)

malartú faisnéise leis na Ballstát eile a áirithiú de bhun Airteagal 8 den Treoir seo i ndáil le cur i bhfeidhm forálacha náisiúnta lena dtrasuitear an Treoir seo agus Treoir 2002/15/CE.”;

(b)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 3:

“3.   Maidir le sonraí, taithí agus faisnéis a mhalartú idir na Ballstáit, déanfar iad a chur chun cinn ar bhealach gníomhach, go príomha, ach ní go heisceach, tríd an gCoiste dá dtagraítear in Airteagal 12(1) agus trí aon chomhlacht den chineál sin a fhéadfaidh an Coimisiúin a ainmniú trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme. Glacfar na gníomhartha cur chun feidhme sin i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 12(2).”;

(8)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 8:

“Airteagal 8

Malartú Faisnéise

1.   Déanfar faisnéis a chuirfear ar fáil go déthaobhach faoi Airteagal 22(3) de Rialachán (CE) Uimh. 561/2006 a mhalartú freisin idir na comhlachtaí ainmnithe a dtugtar fógra don Choimisiún ina leith i gcomhréir le hAirteagal 7 den Treoir seo:

(a)

gach sé mhí ar a laghad tar éis theacht i bhfeidhm na Treorach seo;

(b)

arna iarraidh sin go réasúnaithe ag Ballstát i gcásanna ar leith.

2.   Déanfaidh Ballstát an fhaisnéis a sholáthar arna iarraidh sin ag Ballstáit eile de bhun phointe (b) de mhír 1 laistigh de 25 lá oibre tar éis dó an iarraidh sin a fháil. Féadfar teorainn ama níos giorra a chomhaontú idir na Ballstáit. I gcásanna práinneacha nó i gcásanna nach gá ach cláir a cheadú, amhail cláir córas rátála riosca, déanfar an fhaisnéis arna iarraidh a sholáthar laistigh de thrí lá oibre.

I gcás ina measfaidh an Ballstát iarrtha nach bhfuil an iarraidh réasúnaithe go leor, cuirfidh sé an Ballstát iarrthach ar an eolas faoi sin faoi cheann 10 lá oibre tar éis dó an iarraidh sin a fháil. Tabharfaidh an Ballstát iarrthach bunús breise leis an iarraidh. I gcás nach féidir leis an mBallstát an bunús breise sin leis an iarraidh a thabhairt, féadfaidh an Ballstát iarrtha an iarraidh sin a dhiúltú.

I gcás ina mbeidh sé deacair nó dodhéanta glacadh le hiarraidh ar fhaisnéis nó seiceálacha, cigireachtaí nó imscrúduithe a dhéanamh, cuirfidh an Ballstát iarrtha an Ballstát iarrthach ar an eolas faoi sin laistigh de 10 lá oibre tar éis dó an iarraidh a fháil agus tabharfaidh sé cúiseanna leis sin chun cuí-réasúnú a dhéanamh ar an deacracht nó ar an dodhéantacht sin. Beidh plé ag na Ballstáit lena mbaineann lena chéile d’fhonn réiteach a fháil.

I gcás ina mbeidh moill leanúnach ann maidir le faisnéis a chur ar fáil don Bhallstát a ndéantar an t-oibrí a chur ar postú ar a chríoch, cuirfear an Coimisiún ar an eolas agus déanfaidh sé bearta iomchuí.

3.   Cuirfear an malartú faisnéise dá bhforáiltear san Airteagal seo chun feidhme trí Chóras Faisnéise an Mhargaidh Inmheánaigh (‘IMI’), arna bhunú le Rialachán (AE) Uimh. 1024/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (*4). Ní bheidh feidhm aige sin maidir le faisnéis a mhalartóidh na Ballstáit trí na cláir leictreonacha náisiúnta dá dtagraítear in Airteagal 16(5) de Rialachán (CE) Uimh. 1071/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (*5) a cheadú go díreach.

(*4)  Rialachán (AE) Uimh. 1024/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 25 Deireadh Fómhair 2012 maidir le comhar riaracháin trí Chóras Faisnéise an Mhargaidh Inmheánaigh agus lena n-aisghairtear Cinneadh 2008/49/CE ón gCoimisiún (‘Rialachán IMI’) (IO L 316, 14.11.2012, lch. 1)."

(*5)  Rialachán (CE) Uimh. 1071/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 21 Deireadh Fómhair 2009 lena mbunaítear rialacha comhchoiteanna maidir leis na coinníollacha a bheidh le comhlíonadh chun gairm an oibreora iompair de bhóthar a chleachtadh agus lena n-aisghairtear Treoir 96/26/CE ón gComhairle (IO L 300, 14.11.2009, lch. 51).”;"

(9)

leasaítear Airteagal 9 mar a leanas:

(a)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 1:

“1.   Tabharfaidh na Ballstáit córas rátála riosca isteach do ghnóthais agus beidh sin bunaithe ar líon coibhneasta agus ar thromchúiseacht choibhneasta aon sáruithe a dhéanfaidh gnóthas aonair ar Rialachán (CE) Uimh. 561/2006 nó ar Rialachán (AE) Uimh. 165/2014 nó ar fhorálacha lena dtrasuítear Treoir 2002/15/CE.

Faoin 2 Meitheamh 2021 déanfaidh an Coimisiún, trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme, foirmle chomhchoiteann a bhunú chun an rátáil riosca atá ag gnóthas a ríomh. Leis an bhfoirmle chomhchoiteann sin, cuirfear san áireamh líon, tromchúiseacht agus minicíocht na sáruithe agus torthaí na rialuithe i gcás nár braitheadh aon sárú nó nár braitheadh, agus an raibh tacagraf cliste á úsáid ag gnóthas iompair de bhóthar, de bhun Chaibidil II de Rialachán (AE) Uimh. 165/2014, ar a fheithiclí go léir. Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 12(2) den Treoir seo.”;

(b)

i mír 2, scriostar an dara habairt;

(c)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 3:

“3.   Leagtar amach liosta tosaigh de sháruithe ar Rialachán (CE) Uimh. 561/2006 agus ar Rialachán (AE) Uimh. 165/2014 agus a n-ualú tromchúiseachta in Iarscríbhinn III.

D’fhonn ualú thromchúiseacht na sáruithe ar Rialacháin (CE) Uimh. 561/2006 nó (AE) Uimh. 165/2014 a bhunú nó a nuashonrú, tugtar de chumhacht don Choimisiún, gníomhartha tarmligthe a ghlacadh, i gcomhréir le hAirteagal 15a den Treoir seo chun Iarscríbhinn III a leasú d’fhonn forbairtí rialála agus an tsábháilteacht ar bhóithre á gcur san áireamh.

Ba cheart go n-áireofaí ar an gcatagóir don sárú is tromchúisí na sáruithe lena gcruthaítear baol mór báis nó gortaithe phearsanta i gcás nach gcomhlíontar forálacha ábhartha Rialacháin (CE) Uimh. 561/2006 agus (AE) Uimh. 165/2014.”;

(d)

cuirtear na míreanna seo a leanas leis:

“4.   Chun seiceálacha spriocdhírithe cois bóthair a éascú, beidh rochtain, tráth an rialaithe, ar na sonraí atá sa chóras rátála riosca ag údaráis rialúcháin inniúla an Bhallstáit lena mbaineann.

5.   Cuirfidh na Ballstáit an fhaisnéis atá sa chóras rátála riosca náisiúnta ar fáil go díreach trí chláir leictreonacha idir-inoibritheacha náisiúnta amhail dá dtagraítear in Airteagal 16 de Rialachán (CE) Uimh. 1071/2009 d’údaráis inniúla na mBallstát eile i gcomhréir le hAirteagal 16(2) den Rialachán sin.”;

(10)

leasaítear Airteagal 11 mar a leanas:

(a)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 1:

“1.   Déanfaidh an Coimisiúin, trí bhíthin ghníomhartha cur chun feidhme, treoirlínte maidir le dea-chleachtas forfheidhmithe a bhunú. Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 12(2).

Foilseofar na treoirlínte sin i dtuarascáil dhébhliantúil ón gCoimisiúin.”;

(b)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 3:

“3.   Déanfaidh an Coimisiún, trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme, cur chuige comhchoiteann a bhunú maidir le tréimhsí oibre eile a thaifeadadh agus a rialú, mar a shainítear i bpointe (e) d’Airteagal 4 de Rialachán (CE) Uimh. 561/2006 é, lena n-áirítear foirm an taifeadta agus na cásanna sonracha ina bhfuil sé le tarlú agus maidir le taifeadadh agus rialú tréimhsí seachtaine ar a laghad ina mbeidh an tiománaí ar shiúl ón bhfeithicil, agus neamhábalta tabhairt faoi aon ghníomhaíochtaí leis an bhfeithicil sin. Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 12(2) den Treoir seo.”;

(11)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagail 12 go 15:

“Airteagal 12

Nós imeachta coiste

1.   Tabharfaidh an Coiste arna bhunú le hAirteagal 42(1) de Rialachán (AE) Uimh. 165/2014 cúnamh don Choimisiún. Beidh an coiste sin ina choiste de réir bhrí Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (*6).

2.   I gcás ina ndéantar tagairt don mhír seo, beidh feidhm ag Airteagal 5 de Rialachán (AE) Uimh. 182/2011.

I gcás nach dtugann an coiste aon tuairim, ní dhéanfaidh an Coimisiún an dréachtghníomh cur chun feidhme a ghlacadh agus beidh feidhm ag an tríú fomhír d’Airteagal 5(4) de Rialachán (AE) Uimh. 182/2011.

Airteagal 13

Bearta Chur Chun Feidhme

Arna iarraidh sin do Bhallstát nó ar a thionscnamh féin, glacfaidh an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme go háirithe agus ceann de na haidhmeanna seo a leanas leo:

(a)

cur chuige comhchoiteann a chur chun cinn maidir leis an Treoir seo a chur chun feidhme;

(b)

chun comhleanúnachas sa chur chuige idir údaráis forfheidhmithe agus léirmhíniú comhchuibhithe ar Rialachán (CE) Uimh. 561/2006 idir údaráis forfheidhmithe a spreagadh;

(c)

chun an t-idirphlé idir an earnáil iompair agus na húdaráis forfheidhmithe a éascú.

Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 12(2) den Treoir seo.

Airteagal 14

Caibidlíocht le tríú tíortha

Nuair a bheidh an Treoir seo i bhfeidhm, tosóidh an tAontas caibidlíocht leis na tríú tíortha ábhartha d’fhonn na rialacha atá coibhéiseach leo siúd a leagtar síos sa Treoir seo a chur i bhfeidhm.

Go dtí go gcuirfear an chaibidlíocht sin i gcrích, áireoidh na Ballstáit sonraí ar sheiceálacha a dhéantar ar fheithiclí ó thríú tíortha ina dtuairisceáin chun an Choimisiúin mar a leagtar amach in Airteagal 17 de Rialachán (CE) Uimh. 561/2006.

Airteagal 15

Na hIarscríbhinní a thabhairt cothrom le dáta

Tugtar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 15a chun Iarscríbhinní I agus II a leasú chun oiriúnuithe riachtanacha a thabhairt isteach chun forbairtí sa dea-chleachtas a léiriú.

(*6)  Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Feabhra 2011 lena leagtar síos na rialacha agus na prionsabail ghinearálta a bhaineann leis na sásraí maidir le rialú ag na Ballstáit ar fheidhmiú cumhachtaí cur chun feidhme ag an gCoimisiún (IO L 55, 28.2.2011, lch. 13).”;"

(12)

Cuirtear an t-airteagal seo a leanas isteach:

“Airteagal 15a

An tarmligean a fheidhmiú

1.   Is faoi réir na gcoinníollacha a leagtar síos san Airteagal seo a thugtar an chumhacht don Choimisiún chun gníomhartha tarmligthe a ghlacadh.

2.   Déanfar an chumhacht chun gníomhartha tarmligthe a ghlacadh dá dtagraítear in Airteagal 9(3) agus in Airteagal 15 a thabhairt don Choimisiún go ceann tréimhse cúig bliana amhail ón 1 Lúnasa 2020. Déanfaidh an Coimisiún, tráth nach déanaí ná naoi mí roimh dheireadh na tréimhse 5 bliana, tuarascáil a tharraingt suas maidir le tarmligean na cumhachta. Déanfar tarmligean na cumhachta a fhadú go hintuigthe go ceann tréimhsí comhfhaid, mura rud é go gcuireann Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle in aghaidh an fhadaithe sin tráth nach déanaí ná trí mhí roimh dheireadh gach tréimhse.

3.   Féadfaidh Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle tarmligean na cumhachta dá dtagraítear in Airteagal 9(3) agus Airteagal 15 a chúlghairm aon tráth. Le cinneadh chun cúlghairm a dhéanamh, cuirfear deireadh le tarmligean na cumhachta atá sonraithe sa chinneadh sin. Gabhfaidh éifeacht leis an lá tar éis fhoilsiú an chinnidh in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh nó ar dháta is déanaí a shonrófar sa chinneadh. Ní dhéanfaidh sé difear do bhailíocht aon ghníomhartha tarmligthe atá i bhfeidhm cheana.

4.   Sula nglacfaidh sé gníomh tarmligthe, rachaidh an Coimisiún i mbun comhairliúchán le saineolaithe arna n-ainmniú ag gach Ballstát i gcomhréir leis na prionsabail a leagtar síos i gComhaontú Idirinstitiúideach an 13 Aibreán 2016 maidir le Reachtóireacht Níos Fearr (*7).

5.   A luaithe a ghlacfaidh sé gníomh tarmligthe, tabharfaidh an Coimisiún fógra, an tráth céanna, do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle faoi.

6.   Ní thiocfaidh gníomh tarmligthe a ghlactar de bhun Airteagal 9(3) agus Airteagal 15 i bhfeidhm ach amháin mura mbeidh aon agóid curtha in iúl ag Parlaimint na hEorpa ná ag an gComhairle laistigh de thréimhse dhá mhí tar éis fógra faoin ngníomh sin a thabhairt do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle nó más rud é, roimh dhul in éag na tréimhse sin, go mbeidh Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle araon tar éis a chur in iúl don Choimisiún nach ndéanfaidh siad aon agóid. Déanfar an tréimhse sin a fhadú 2 mhí ar thionscnamh Pharlaimint na hEorpa nó na Comhairle.

(*7)  IO L 123, 12.5.2016, lch. 1.”;"

(13)

leasaítear Iarscríbhinn I mar a leanas:

(a)

leasaítear Cuid A mar a leanas:

(i)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointí (1) agus (2):

“(1)

amanna tiomána laethúla agus seachtainiúla, sosanna agus tréimhsí sosa laethúla agus seachtainiúla; agus bileoga taifid na laethanta roimhe sin a chaithfear a iompar ar bhord na feithicle i gcomhréir le hAirteagal 36(1) agus (2) de Rialachán (AE) Uimh. 165/2014 agus/nó na sonraí a stóráiltear don tréimhse chéanna ar an gcárta tiománaí agus/nó i gcuimhne an trealaimh thaifeadta i gcomhréir le hIarscríbhinn ΙΙ a ghabhann leis an Treoir seo agus/nó ar asphriontaí;

(2)

don tréimhse dá dtagraítear in Airteagal 36 de mhíreanna (1) agus (2) de Rialachán (AE) Uimh. 165/2014 aon chás ina sárófar luas údaraithe na feithicle, arna shainiú mar aon tréimhsí is mó ná nóiméad amháin ar lena linn is mó luas na feithicle ná 90 km/h le haghaidh feithiclí chatagóir N3 nó 105 km/h le haghaidh feithiclí chatagóir M3 (catagóirí N3 agus M3 mar a shainítear i dTreoir 2007/46/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (*8));

(*8)  Treoir 2007/46/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 5 Meán Fómhair 2007 lena mbunaítear creat chun mótarfheithiclí agus a leantóirí a cheadú, mar aon le córais, comhpháirteanna agus aonaid theicniúla ar leithligh a ceapadh do na feithiclí sin (Treoir Réime) (IO L 263, 9.10.2007, lch. 1).”;"

(ii)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (4):

“(4)

feidhmiú ceart an trealaimh taifeadta (cinneadh ar mhí-úsáid féideartha an trealaimh agus/nó chárta an tiománaí agus/nó na mbileog taifid) nó, i gcás inarb iomchuí, láithreacht na ndoiciméad dá dtagraítear in Airteagal 16(2) de Rialachán (CE) Uimh. 561/2006;”;

(iii)

cuirtear an pointe seo a leanas léi:

“(6)

uastréimhse oibre sheachtainiúil sínte 60 uair mar a leagtar amach in Airteagal 4 pointe (a) de Threoir 2002/15/CE; tréimhsí oibre seachtainiúla eile mar a leagtar amach in Airteagail 4 agus 5 de Threoir 2002/15/CE, i gcás ina gcumasaíonn an teicneolaíocht sin seiceálacha éifeachtacha a dhéanamh.”;

(b)

leasaítear Cuid B mar seo a leanas:

(i)

cuirtear na pointí seo a leanas leis an gcéad fhomhír:

“(4)

ceanglais maidir le meán-uastréimhsí oibre seachtainiúla, sosanna agus obair oíche mar a leagtar amach in Airteagail 4, 5 agus 7 de Threoir 2002/15/CE a chomhlíonadh.

(5)

comhlíonadh oibleagáidí gnóthas maidir le híocaíocht le haghaidh lóistíní tiománaithe agus eagrú oibre tiománaithe, i gcomhréir le hAirteagal 8(8) agus (8a) de Rialachán (CE) Uimh. 561/2006.”;

(ii)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad an dara mír:

“Féadfaidh na Ballstáit, más iomchuí, dliteanas comhchéimeoirí nó gabhálais eile a sheiceáil sa slabhra iompair, amhail seoltóirí, seoltóirí lasta nó conraitheoirí, má bhraitear sárú, lena n-áirítear fíorú go gceadaítear le conarthaí chun iompar a sholáthar comhlíonadh Rialacháin (CE) Uimh. 561/2006 agus (AE) Uimh. 165/2014.”.

Airteagal 3

Leasuithe ar Rialachán (AE) Uimh. 1024/2012

San Iarscríbhinn a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 1024/2012, cuirtear na pointí seo a leanas léi:

“13.

Treoir 2006/22/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 15 Márta 2006 maidir le coinníollacha íosta le haghaidh chur chun feidhme Rialachán (CE) Uimh. 561/2006 agus Rialachán (AE) Uimh. 165/2014 agus Threoir 2002/15/CE maidir le reachtaíocht shóisialta a bhaineann le gníomhaíochtaí iompair de bhóthar agus lena n-aisghairtear Treoir 88/599/CEE (*9) ón gComhairle: Airteagal 8.

14.

Treoir (AE) 2020/1057 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 15 Iúil 2020 lena leagtar síos rialacha sonrach a i dtaca le Treoir 96/71/CE agus Treoir 2014/67/AE maidir le tiománaithe a phostú in earnáil an iompair de bhóthar agus lena leasaítear Treoir 2006/22/CE maidir le ceanglais forfheidhmithe agus Rialachán (AE) Uimh. 1024/2012 (*10): Airteagal 1(14).

Airteagal 4

Nós imeachta coiste

1.   Tabharfaidh an coiste a bunaíodh le hAirteagal 42(1) de Rialachán (AE) Uimh. 165/2014 cúnamh don Choimisiún. Beidh an coiste sin ina choiste de réir bhrí Rialachán (AE) Uimh. 182/2011.

2.   I gcás ina ndéanfar tagairt don mhír seo, beidh feidhm ag Airteagal 5 de Rialachán (AE) Uimh. 182/2011.

Airteagal 5

Pionóis agus smachtbhannaí

1.   Déanfaidh na Ballstáit rialacha a leagan síos maidir le smachtbhannaí i gcoinne coinsíneoirí, seoltóirí lasta, conraitheoirí agus fochonraitheoirí mura gcomhlíonfaidh siad forálacha náisiúnta a ghlactar de bhun Airteagal 1, i gcás ina raibh a fhios acu, nó i bhfianaise na n-imthosca ábhartha uile gur cheart a fhios a bheith acu, go mbaineann sáruithe ar na forálacha sin leis na seirbhísí iompair atá coimisiúnaithe acu.

2.   Leagfaidh na Ballstáit síos rialacha maidir le pionóis is infheidhme i ndáil le sáruithe ar fhorálacha náisiúnta a ghlactar de bhun Airteagal 1 agus glacfaidh siad gach beart is gá lena áirithiú go gcuirfear chun feidhme iad. Beidh na pionóis dá bhforáiltear éifeachtach, comhréireach, athchomhairleach agus neamh-idirdhealaitheach.

Airteagal 6

Forfheidhmiú cliste

Gan dochar do Threoir 2014/67/AE agus chun forfheidhmiú sa bhreis a dhéanamh ar na hoibleagáidí dá bhforáiltear in Airteagal 1 den Treoir seo, áiritheoidh na Ballstáit go ndéanfar straitéis chomhréireach forfheidhmithe náisiúnta a chur i bhfeidhm ina gcríoch. Díreoidh an straitéis sin ar ghnóthais a bhfuil rátáil ard riosca ag baint leo, dá dtagraítear in Airteagal 9 de Threoir 2006/22/CE.

Airteagal 7

Meastóireacht

1.   Déanfaidh an Coimisiún meastóireacht ar chur chun feidhme na Treorach seo, go háirithe ar thionchar Airteagal 1, faoin 31 Nollaig 2025 agus tuairisceoidh sé do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle maidir le cur i bhfeidhm na Treorach seo. I gcás inarb iomchuí, beidh togra reachtach ag gabháil leis an tuarascáil ón gCoimisiún. Cuirfear an tuarascáil sin ar fáil go poiblí.

2.   Mar thoradh ar an tuarascáil dá dtagraítear in mír 1, déanfaidh an Coimisiún meastóireacht rialta ar an Treoir seo agus na torthaí meastóireachta a chur faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle. Beidh tograí ábhartha ag gabháil le torthaí na meastóireachta, más iomchuí.

Airteagal 8

Oiliúint

Comhoibreoidh na Ballstáit i gcomhar le chéile maidir le hoideachas agus oiliúint a chur ar fáil d’údaráis forfheidhmithe, ag cur le scéimeanna forfheidhmithe atá ann cheana.

Beidh fostóirí freagrach as a áirithiú go bhfaighidh a dtiománaithe eolas faoina gcearta agus a n-oibleagáidí a eascraíonn as an Treoir seo.

Airteagal 9

Trasuí

1.   Na bearta is gá chun an Treoir seo a chomhlíonadh, déanfaidh na Ballstáit iad a ghlacadh agus a fhoilsiú faoin 2 Feabhra 2022. Cuirfidh siad an Coimisiún ar an eolas faoi sin láithreach.

Cuirfidh siad na forálacha sin i bhfeidhm ón 2 Feabhra 2022.

Nuair a ghlacfaidh na Ballstáit na forálacha sin, beidh tagairt iontu don Treoir seo nó beidh tagairt den sórt sin ag gabháil leo tráth a bhfoilsithe oifigiúil. Leagfaidh na Ballstáit síos an bealach a ndéanfar tagairtí den sórt sin.

2.   Déanfaidh na Ballstáit téacs phríomhfhorálacha an dlí náisiúnta a ghlacfaidh siad sa réimse a chumhdaítear leis an Treoir seo a chur in iúl don Choimisiún.

Airteagal 10

Teacht i bhfeidhm

Tiocfaidh an Treoir seo i bhfeidhm ar an lá tar éis lá a foilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Airteagal 11

Seolaithe

Dírítear an Treoir seo chuig na Ballstáit.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil an 15 Iúil 2020.

Thar ceann Pharlaimint na hEorpa

An tUachtarán

D.M. SASSOLI

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

J. KLOECKNER


(1)  IO C 197, 8.6.2018, lch. 45.

(2)  IO C 176, 23.5.2018, lch. 57.

(3)  Seasamh ó Pharlaimint na hEorpa an 4 Aibreán 2019 (nár foilsíodh fós san Iris Oifigiúil) agus seasamh ón gComhairle ar an gcéad léamh an 7 Aibreán 2020 (IO C 149, 5.5.2020, lch. 1). Seasamh ó Pharlaimint na hEorpa an 9 Iúil 2020 (nár foilsíodh fós san Iris Oifigiúil).

(4)  Treoir 96/71/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Nollaig 1996 maidir le hoibrithe a phostú faoi chuimsiú seirbhísí a sholáthar (IO L 18, 21.1.1997, lch. 1).

(5)  Treoir 2014/67/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 15 Bealtaine 2014 maidir le forfheidhmiú Threoir 96/71/CE maidir le hoibrithe a phostú faoi chuimsiú soláthar seirbhísí agus lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 1024/2012 maidir le comhar riaracháin trí Chóras Faisnéise an Mhargaidh Inmheánaigh (“an Rialachán IMI”) (IO L 159, 28.5.2014, lch. 11).

(6)  Rialachán (CE) Uimh. 1072/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 21 Deireadh Fómhair 2009 maidir le rialacha comhchoiteanna le haghaidh rochtain ar an margadh idirnáisiúnta tarlaithe de bhóthar (IO L 300, 14.11.2009, lch. 72).

(7)  Rialachán (CE) Uimh. 1073/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 21 Deireadh Fómhair 2009 maidir le rialacha comhchoiteanna le haghaidh rochtain ar an margadh idirnáisiúnta do sheirbhísí cóiste agus bus agus lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 561/2006 (IO L 300, 14.11.2009, lch. 88).

(8)  Rialachán (CE) Uimh. 561/2006 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 15 Márta 2006 maidir le comhchuibhiú reachtaíochta sóisialta áirithe a bhaineann le hiompar de bhóthar agus lena leasaítear Rialachán (CEE) Uimh. 3821/85 ón gComhairle agus Rialachán (CE) Uimh. 2135/98 ón gComhairle agus lena n-aisghairtear Rialachán (CEE) Uimh. 3820/85 ón gComhairle (IO L 102, 11.4.2006, lch. 1).

(9)  Rialachán (AE) Uimh. 1024/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 25 Deireadh Fómhair 2012 maidir le comhar riaracháin trí Chóras Faisnéise an Mhargaidh Inmheánaigh agus lena n-aisghairtear Cinneadh 2008/49/CE ón gCoimisiún (“Rialachán IMI”) (IO L 316, 14.11.2012, lch. 1).

(10)  Rialachán (AE) 2016/679 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 27 Aibreán 2016 maidir le daoine nádúrtha a chosaint i ndáil le sonraí pearsanta a phróiseáil agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin, agus lena n-aisghairtear Treoir 95/46/CE (An Rialachán Ginearálta maidir le Cosaint Sonraí) (IO L 119, 4.5.2016, lch. 1).

(11)  Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Feabhra 2011 lena leagtar síos na rialacha agus na prionsabail ghinearálta a bhaineann leis na sásraí maidir le rialú ag na Ballstáit ar fheidhmiú cumhachtaí cur chun feidhme ag an gCoimisiún (IO L 55, 28.2.2011, lch. 13).

(12)  Treoir 2006/22/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 15 Márta 2006 maidir le coinníollacha íosta le haghaidh chur chun feidhme Rialachán (CEE) Uimh. 3820/85 ón gComhairle agus Rialachán (CEE) Uimh. 3821/85 ón gComhairle maidir le reachtaíocht shóisialta a bhaineann le gníomhaíochtaí iompair de bhóthar agus lena n-aisghairtear Treoir 88/599/CEE ón gComhairle (IO L 102, 11.4.2006, lch. 35).

(13)  Treoir 2002/15/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Márta 2002 maidir le heagrú ama oibre daoine atá i mbun gníomhaíochtaí soghluaiste iompair de bhóthar (IO L 80, 23.3.2002, lch. 35).

(14)  Rialachán (AE) 2019/1149 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Meitheamh 2019 lena mbunaítear Údarás Eorpach Saothair, lena leasaítear Rialacháin (CE) Uimh. 883/2004, (AE) Uimh. 492/2011, agus (AE) 2016/589 agus lena n-aisghairtear Cinneadh (AE) 2016/344 (IO L 186, 11.7.2019, lch. 21).

(15)  Rialachán (CE) Uimh. 1071/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 21 Deireadh Fómhair 2009 lena mbunaítear rialacha comhchoiteanna maidir leis na coinníollacha a bheidh le comhlíonadh chun gairm an oibreora iompair de bhóthar a chleachtadh agus lena n-aisghairtear Treoir 96/26/CE ón gComhairle (IO L 300, 14.11.2009, lch. 51).

(16)  Rialachán (AE) 2018/1725 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Deireadh Fómhair 2018 maidir le daoine nádúrtha a chosaint i ndáil le sonraí pearsanta a phróiseáil ag institiúidí, comhlachtaí, oifigí agus gníomhaireachtaí an Aontais agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin, agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 45/2001 agus Cinneadh Uimh. 1247/2002/CE (IO L 295, 21.11.2018, lch. 39).

(17)  Rialachán (AE) Uimh. 165/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 4 Feabhra 2014 maidir le tacagraif in iompar de bhóthar, lena n-aisghairtear Rialachán (CEE) Uimh. 3821/85 ón gComhairle maidir le trealamh taifeadta in iompar de bhóthar agus lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 561/2006 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le comhchuibhiú reachtaíochta sóisialta áirithe a bhaineann le hiompar de bhóthar (IO L 60, 28.2.2014, lch. 1).

(18)  IO L 123, 12.5.2016, lch. 1.

(19)  Treoir (AE) 2018/957 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 28 Meitheamh 2018 lena leasaítear Treoir 96/71/CE maidir le hoibrithe a phostú faoi chuimsiú seirbhísí a sholáthar (IO L 173, 9.7.2018, lch. 16).

(20)  Treoir 92/106/CEE ón gComhairle an 7 Nollaig 1992 maidir le rialacha comhchoiteanna a bhunú le haghaidh cineálacha áirithe iompair chomhcheangailte earraí idir na Ballstáit (IO L 368, 17.12.1992, lch. 38).

(21)  Treoir 91/533/CEE ón gComhairle an 14 Deireadh Fómhair 1991 maidir le hoibleagáid ar fhostóir a chuid fostaithe a chur ar an eolas faoi na coinníollacha is infheidhme maidir leis an gconradh nó leis an gcaidreamh fostaíochta (IO L 288, 18.10.1991, lch. 32).


Top