EUR-Lex Access to European Union law

Back to EUR-Lex homepage

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 32018R0974

Rialachán (AE) 2018/974 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 4 Iúil 2018 maidir le staidreamh ar iompar earraí d'uiscebhealaí intíre (códú)

PE/16/2018/REV/1

IO L 179, 16.7.2018, p. 14–29 (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

Legal status of the document In force

ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2018/974/oj

16.7.2018   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

14


RIALACHÁN (AE) 2018/974 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

an 4 Iúil 2018

maidir le staidreamh ar iompar earraí d'uiscebhealaí intíre

(códú)

TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 338(1) de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

Tar éis dóibh an dréachtghníomh reachtach a chur chuig na parlaimintí náisiúnta,

Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach (1),

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Rinneadh Rialachán (CE) Uimh. 1365/2006 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (2) a leasú go suntasach roinnt uaireanta (3). Ar mhaithe le soiléireacht agus le réasúntacht, ba cheart an Rialachán sin a chódú.

(2)

Cuid thábhachtach de ghréasáin iompair an Aontais is ea na huiscebhealaí intíre agus cuspóir de chuid an chomhbheartais iompair is ea cur chun cinn an iompair d'uiscebhealaí intíre, ar chúiseanna éifeachtúlachta eacnamaíche agus, ag an am céanna, chun ídiú fuinnimh agus tionchar comhshaoil an iompair a laghdú.

(3)

Teastaíonn staidreamh ón gCoimisiún maidir le hiompar earraí d'uiscebhealaí intíre chun faireachán agus forbairt a dhéanamh ar an gcomhbheartas iompair, agus ar na heilimintí iompair de bheartais maidir leis na réigiúin agus maidir le gréasáin thras-Eorpacha.

(4)

Ba cheart staidreamh Eorpach i ndáil le gach modh iompair a bhailiú de réir coincheapa coiteanna agus caighdeáin choiteanna, agus é mar aidhm aige sin an inchomparáideacht is iomláine is féidir idir modhanna iompair a bhaint amach.

(5)

Ní ann don iompar d'uiscebhealaí intíre i ngach Ballstát agus, dá bhrí sin, tá tionchar an Rialacháin seo teoranta do na Ballstáit sin inarb ann don mhodh iompair sin.

(6)

Le Rialachán (CE) Uimh. 223/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (4), soláthraítear creat tagartha do na forálacha a leagtar síos sa Rialachán seo.

(7)

Chun treochtaí eacnamaíocha agus teicniúla agus athruithe ar shainmhínithe arna nglacadh ar an leibhéal idirnáisiúnta a chur san áireamh, ba cheart an chumhacht chun gníomhartha a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 290 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh a tharmligean chuig an gCoimisiún i dtaca leis an Rialachán seo a leasú chun an tairseach a ardú os cionn 1 000 000 tona do chumhdach staidrimh ar iompar d'uiscebhealaí intíre, chun sainmhínithe a chur in oiriúint nó chun foráil a dhéanamh do chinn nua, mar aon leis na hIarscríbhinní a ghabhann leis an Rialachán seo a oiriúnú chun athruithe sa chódú agus san ainmníocht ar an leibhéal idirnáisiúnta nó i ngníomhartha reachtacha ábhartha an Aontais a léiriú. Tá sé tábhachtach, go háirithe, go rachadh an Coimisiún i mbun comhairliúcháin iomchuí le linn a chuid oibre ullmhúcháin, lena n-áirítear ar leibhéal na saineolaithe, agus go ndéanfar na comhairliúcháin sin i gcomhréir leis na prionsabail a leagtar síos i gComhaontú Idirinstitiúideach an 13 Aibreán 2016 maidir le Reachtóireacht Níos Fearr (5). Go sonrach, chun rannpháirtíocht chomhionann in ullmhú na ngníomhartha tarmligthe a áirithiú, faigheann Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle na doiciméid uile ag an am céanna leis na saineolaithe sna Ballstáit, agus bíonn rochtain chórasach ag a gcuid saineolaithe ar chruinnithe ghrúpaí saineolaithe an Choimisiúin a bhíonn ag déileáil le hullmhú na ngníomhartha tarmligthe.

(8)

Ba cheart don Choimisiún a áirithiú nach gcuirfidh na gníomhartha tarmligthe sin ualach suntasach breise ar na Ballstáit ná ar na freagróirí.

(9)

Chun coinníollacha aonfhoirmeacha a áirithiú maidir leis an Rialachán seo a chur chun feidhme, ba cheart cumhachtaí cur chun feidhme a thabhairt don Choimisiún chun cur ar a chumas socruithe a ghlacadh i ndáil le sonraí a tharchur, lena n-áirítear caighdeáin idirmhalartaithe sonraí, le go scaipfeadh an Coimisiún (Eurostat) torthaí agus i ndáil le ceanglais agus critéir mhodheolaíocha a fhorbairt agus a fhoilsiú, na ceanglais agus na critéir sin arna ndearadh chun cáilíocht na sonraí a tháirgfear a áirithiú. Ba cheart na cumhachtaí sin a fheidhmiú i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (6).

(10)

Ní mór don Choimisiún socrú a dhéanamh chun go ndéanfar treoirstaidéir ar infhaighteacht sonraí staidrimh a bhaineann le hiompar paisinéirí d'uiscebhealaí intíre, lena n-áirítear trí sheirbhísí iompair trasteorann. Ba cheart don Aontas ranníoc le costas a ghabhann leis na treoirstaidéir sin a dhéanamh. Ba cheart do ranníocaíochtaí den sórt sin a bheith i bhfoirm deontais arna ndámhachtain chuig na hinstitiúidí staidrimh náisiúnta agus chuig údaráis náisiúnta eile dá dtagraítear in Airteagal 5 de Rialachán (CE) Uimh. 223/2009, i gcomhréir le Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 966/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (7).

(11)

Ós rud é nach féidir leis na Ballstáit cuspóir an Rialacháin seo, eadhon caighdeáin choiteanna staidrimh a chruthú lena bhféadfar sonraí comhchuibhithe a tháirgeadh, a ghnóthú go leordhóthanach agus, de bharr fhairsinge an chruthaithe sin, gur fearr is féidir é a ghnóthú ar leibhéal an Aontais, féadfaidh an tAontas bearta a ghlacadh, i gcomhréir le prionsabal na coimhdeachta a leagtar amach in Airteagal 5 den Chonradh ar an Aontas Eorpach. I gcomhréir le prionsabal na comhréireachta a leagtar amach san Airteagal sin, ní théann an Rialachán seo thar a bhfuil riachtanach chun an cuspóir sin a ghnóthú,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Ábhar

Leis an Rialachán seo, bunaítear rialacha coiteanna maidir le táirgeadh staidrimh Eorpach maidir le hiompar d'uiscebhealaí intíre.

Airteagal 2

Raon feidhme

1.   Tarchuirfidh na Ballstáit sonraí a bhaineann le hiompar d'uiscebhealaí intíre ar a gcríoch náisiúnta chuig an gCoimisiún (Eurostat).

2.   Na Ballstáit sin inar mó ná 1 000 000 tona an méid iomlán d'earraí a iompraítear in aghaidh na bliana d'uiscebhealaí intíre mar iompar náisiúnta, idirnáisiúnta nó idirthurais, soláthróidh siad na sonraí dá dtagraítear in Airteagal 4(1).

3.   De mhaolú ar mhír 2, na Ballstáit sin nach ndéantar aon iompar idirnáisiúnta ná idirthurais d'uiscebhealaí intíre iontu ach inar mó ná 1 000 000 tona an méid iomlán d'earraí a iompraítear in aghaidh na bliana d'uiscebhealaí intíre mar iompar náisiúnta, ní sholáthróidh siad ach na sonraí a cheanglaítear faoi Airteagal 4(2).

4.   Ní bheidh feidhm ag an Rialachán seo maidir leis an méid seo a leanas:

(a)

iompar earraí ag soithí is lú ná 50 tona meá-lasta;

(b)

soithí a úsáidtear go príomha chun paisinéirí a iompar;

(c)

soithí a úsáidtear chun críocha farantóireachta;

(d)

soithí a úsáideann riaracháin chalafoirt agus údaráis phoiblí chun críocha neamhthráchtála amháin;

(e)

soithí a úsáidtear chun críocha buncarála agus stórála amháin;

(f)

soithí nach n-úsáidtear chun earraí a iompar amhail soithí iascaigh, dreidirí, ceardlanna ar snámh, báid chónaithe agus árthaí pléisiúir.

5.   Tugtar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 10 a bhaineann le mír 2 den Airteagal seo a leasú d'fhonn an tairseach a ardú do chumhdach staidrimh ar iompar d'uiscebhealaí intíre dá dtagraítear inti d'fhonn treochtaí eacnamaíocha agus teicniúla a chur san áireamh.

Áiritheoidh an Coimisiún, agus an chumhacht sin á feidhmiú aige, nach gcuirfidh na gníomhartha tarmligthe ualach suntasach breise ar na Ballstáit ná ar na freagróirí. Thairis sin, tabharfaidh an Coimisiún bonn cirt do na gníomhaíochtaí staidrimh dá bhforáiltear sna gníomhartha tarmligthe sin, agus leas á bhaint aige, nuair is iomchuí, as anailís ar chost-éifeachtúlacht, lena n-áirítear measúnú ar an ualach ar fhreagróirí agus ar na costais táirgeachta amhail dá dtagraítear in Airteagal 14(3)(c) de Rialachán (CE) Uimh. 223/2009.

Airteagal 3

Sainmhínithe

Chun críocha an Rialacháin seo, tá feidhm ag na sainmhínithe seo a leanas:

(a)

ciallaíonn “uiscebhealaí intíre inseolta” sruthchúrsa, nach cuid den fharraige é, atá oiriúnach, de bharr gnéithe nádúrtha nó saorga, do loingseoireacht le soithí uiscebhealaí intíre go príomha;

(b)

ciallaíonn “soitheach uiscebhealaí intíre” árthach snámhach atá ceaptha le haghaidh iompar earraí nó le haghaidh iompar poiblí paisinéirí agus a sheoltar go príomha ar uiscebhealaí intíre inseolta nó in uiscí atá laistigh d'uiscí foscúla nó de limistéir ina bhfuil feidhm ag rialacháin chalafoirt, nó in uiscí atá buailte le huiscí nó limistéir den sórt sin;

(c)

ciallaíonn “náisiúntacht an tsoithigh” an tír ina bhfuil an soitheach cláraithe;

(d)

ciallaíonn “iompar d'uiscebhealaí intíre” aon ghluaiseacht earraí agus/nó paisinéirí ag úsáid soithí uiscebhealaí intíre a dhéantar ina iomláine nó i bpáirt ar uiscebhealaí intíre inseolta;

(e)

ciallaíonn “iompar náisiúnta d'uiscebhealaí intíre” iompar d'uiscebhealaí intíre idir dhá chalafort de chríoch náisiúnta amháin gan beann ar náisiúntacht an tsoithigh;

(f)

ciallaíonn “iompar idirnáisiúnta d'uiscebhealaí intíre” iompar d'uiscebhealaí intíre idir dhá chalafort atá suite in dhá chríoch náisiúnta éagsúla;

(g)

ciallaíonn “iompar idirthurais d'uiscebhealaí intíre” iompar d'uiscebhealaí intíre trí chríoch náisiúnta idir dhá chalafort agus an dá chalafort sin suite i gcríoch náisiúnta eile nó i gcríocha náisiúnta eile ar choinníoll nach ndéantar tras ar bith laistigh den chríoch náisiúnta le linn an turais ina iomláine;

(h)

ciallaíonn “trácht uiscebhealaí intíre” aon ghluaiseacht soithigh ar uiscebhealach intíre inseolta áirithe.

Tugtar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 10 a bhaineann leis an gcéad mhír den Airteagal seo a leasú chun na sainmhínithe atá ann a chur in oiriúint nó le foráil a dhéanamh do shainmhínithe nua d'fhonn sainmhínithe ábhartha a leasaítear nó a ghlactar ar an leibhéal idirnáisiúnta a chur san áireamh.

Áiritheoidh an Coimisiún, agus an chumhacht sin á feidhmiú aige, nach gcuirfidh na gníomhartha tarmligthe ualach suntasach breise ar na Ballstáit ná ar na freagróirí. Thairis sin, tabharfaidh an Coimisiún bonn cirt do na gníomhaíochtaí staidrimh dá bhforáiltear sna gníomhartha tarmligthe sin, agus leas á bhaint aige, nuair is iomchuí, as anailís ar chost-éifeachtúlacht, lena n-áirítear measúnú ar an ualach ar fhreagróirí agus ar na costais táirgeachta amhail dá dtagraítear in Airteagal 14(3)(c) de Rialachán (CE) Uimh. 223/2009.

Airteagal 4

Bailiú sonraí

1.   Baileofar sonraí i gcomhréir leis na táblaí a leagtar amach in Iarscríbhinní I go IV.

2.   Sa chás dá dtagraítear in Airteagal 2(3), baileofar sonraí i gcomhréir leis an tábla a leagtar amach in Iarscríbhinn V.

3.   Chun críocha an Rialacháin seo, aicmeofar earraí i gcomhréir le hIarscríbhinn VI.

4.   Tugtar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 10 a bhaineann leis na hIarscríbhinní a leasú chun na hathruithe a léiriú maidir le códú agus le hainmníocht ar an leibhéal idirnáisiúnta nó i ngníomhartha reachtacha ábhartha de chuid an Aontais Eorpaigh.

Áiritheoidh an Coimisiún, agus an chumhacht sin á feidhmiú aige, nach gcuirfidh na gníomhartha tarmligthe ualach suntasach breise ar na Ballstáit ná ar na freagróirí. Thairis sin, tabharfaidh an Coimisiún bonn cirt do na gníomhaíochtaí staidrimh dá bhforáiltear sna gníomhartha tarmligthe sin, agus leas á bhaint aige, nuair is iomchuí, as anailís ar chost-éifeachtúlacht, lena n-áirítear measúnú ar an ualach ar fhreagróirí agus ar na costais táirgeachta amhail dá dtagraítear in Airteagal 14(3)(c) de Rialachán (CE) Uimh. 223/2009.

Airteagal 5

Treoirstaidéir

1.   Faoin 8 Nollaig 2018, déanfaidh an Coimisiún, i gcomhar leis na Ballstáit, an mhodheolaíocht iomchuí a fhorbairt chun staidreamh a thiomsú maidir le hiompar paisinéirí d'uiscebhealaí intíre, lena n-áirítear trí sheirbhísí iompair trasteorann.

2.   Faoin 8 Nollaig 2019, seolfaidh an Coimisiún treoirstaidéir dheonacha a dhéanfaidh na Ballstáit lena gcuirfear sonraí ar fáil faoi raon feidhme an Rialacháin seo maidir le hinfhaighteacht sonraí staidrimh a bhaineann le paisinéirí a iompar ar uiscebhealaí intíre, lena n-áirítear trí sheirbhísí iompair trasteorann. Beidh sé mar aidhm ag na treoirstaidéir sin measúnú a dhéanamh ar indéantacht na mbailiúchán nua sonraí sin, ar na costais a bhaineann leis na bailiúcháin ghaolmhara sonraí agus ar an gcáilíocht intuigthe staidrimh.

3.   Faoin 8 Nollaig 2020, cuirfidh an Coimisiún tuarascáil faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle maidir le torthaí treoirstaidéar den sórt sin. Ag brath ar thorthaí na tuarascála sin, agus laistigh de thréimhse réasúnach ama, déanfaidh an Coimisiún togra reachtach a thíolacadh chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle, más iomchuí, chun an Rialachán seo a leasú i ndáil le staidreamh maidir le hiompar paisinéirí d'uiscebhealaí intíre, lena n-áirítear trí sheirbhísí iompair trasteorann.

4.   Rannchuideodh buiséad ginearálta an Aontais, i gcás inarb iomchuí agus breisluach an Aontais á chur san áireamh, leis na treoirstaidéir sin a mhaoiniú.

Airteagal 6

Tarchur sonraí

1.   Déanfar tarchur na sonraí a luaithe is féidir agus tráth nach déanaí ná 5 mhí tar éis dheireadh na tréimhse breathnóireachta ábhartha.

2.   Glacfaidh an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme lena leagtar síos na socruithe chun sonraí a tharchur chuig an gCoimisiún (Eurostat), lena n-áirítear caighdeáin idirmhalartaithe sonraí. Glacfar na gníomhartha cur chun feidhme sin i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 11(2).

Airteagal 7

Scaipeadh

Déanfar an staidreamh Eorpach atá bunaithe ar na sonraí dá dtagraítear in Airteagal 4 a scaipeadh le minicíocht a bheidh ar aon dul leis an minicíocht sin a leagtar síos maidir le tarchur sonraí ag na Ballstáit.

Glacfaidh an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme lena leagtar síos na socruithe maidir le scaipeadh sonraí. Glacfar na gníomhartha cur chun feidhme sin i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 11(2).

Airteagal 8

Cáilíocht sonraí

1.   Glacfaidh an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme lena leagtar síos na ceanglais agus critéir mhodheolaíocha arna ndearadh chun cáilíocht na sonraí a tháirgfear a áirithiú. Glacfar na gníomhartha cur chun feidhme sin i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 11(2).

2.   Déanfaidh na Ballstáit gach beart is gá le cáilíocht na sonraí a tharchuirfear a áirithiú.

3.   Déanfaidh an Coimisiún (Eurostat) cáilíocht na sonraí a tharchuirfear a mheasúnú. Cuirfidh na Ballstáit tuarascáil ar fáil don Choimisiún (Eurostat) ina mbeidh an fhaisnéis agus na sonraí sin a fhéadfaidh sé a iarraidh chun cáilíocht na sonraí a tharchuirfear a fhíorú.

4.   Chun críocha an Rialacháin seo, is iad na critéir cháilíochta a bheidh le cur i bhfeidhm maidir leis na sonraí a bheidh le tíolacadh ná iad siúd dá dtagraítear in Airteagal 12(1) de Rialachán (CE) Uimh. 223/2009.

5.   Glacfaidh an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme lena leagtar síos na socruithe mionsonraithe, an struchtúr, agus na heilimintí tréimhsiúlachta agus inchomparáideachta le haghaidh na dtuarascálacha cáilíochta. Glacfar na gníomhartha cur chun feidhme sin i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 11(2).

Airteagal 9

Tuarascálacha ar chur chun feidhme

Faoin 31 Nollaig 2020 agus gach 5 bliana ina dhiaidh sin, tar éis dó dul i gcomhairle leis an gCoiste um an gCóras Staidrimh Eorpach, cuirfidh an Coimisiún tuarascáil faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle maidir le cur chun feidhme an Rialacháin seo agus maidir le forbairtí amach anseo.

Sa tuarascáil sin, cuirfidh an Coimisiún san áireamh faisnéis ábhartha arna soláthar ag na Ballstáit maidir le feabhsuithe a d'fhéadfaí a dhéanamh agus maidir le riachtanais na n-úsáideoirí. Go háirithe, déanfar measúnú sa tuarascáil:

(a)

ar na sochair a fhabhróidh don Aontas, do na Ballstáit agus do sholáthróirí agus d'úsáideoirí faisnéise staidrimh, ón staidreamh a táirgeadh, le hais a gcostas;

(b)

ar cháilíocht na sonraí arna dtarchur agus na modhanna bailithe sonraí arna n-úsáid.

Airteagal 10

An tarmligean a fheidhmiú

1.   Is faoi réir na gcoinníollacha atá leagtha síos san Airteagal seo a thugtar an chumhacht don Choimisiún chun gníomhartha tarmligthe a ghlacadh.

2.   Déanfar an chumhacht gníomhartha tarmligthe a ghlacadh dá dtagraítear in Airteagal 2(5), in Airteagal 3 agus in Airteagal 4(4) a thabhairt don Choimisiún go ceann tréimhse 5 bliana ón 7 Nollaig 2016. Déanfaidh an Coimisiún, tráth nach déanaí ná 9 mí roimh dheireadh na tréimhse 5 bliana, tuarascáil a tharraingt suas maidir le tarmligean na cumhachta. Déanfar tarmligean na cumhachta a fhadú go hintuigthe go ceann tréimhsí comhfhaid, mura rud é go gcuireann Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle in aghaidh an fhadaithe sin tráth nach déanaí ná 3 mhí roimh dheireadh gach tréimhse.

3.   Féadfaidh Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle tarmligean na cumhachta dá dtagraítear in Airteagal 2(5), in Airteagal 3, agus in Airteagal 4(4) a chúlghairm aon tráth. Déanfaidh cinneadh chun cúlghairm a dhéanamh deireadh a chur le tarmligean na cumhachta atá sonraithe sa chinneadh sin. Gabhfaidh éifeacht leis an lá tar éis fhoilsiú an chinnidh in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh nó ar dháta is déanaí a shonrófar sa chinneadh. Ní dhéanfaidh sé difear do bhailíocht aon ghnímhartha tarmligthe atá i bhfeidhm cheana féin.

4.   Roimh dó gníomh tarmligthe a ghlacadh, rachaidh an Coimisiún i mbun comhairliúcháin le saineolaithe arna n-ainmniú ag gach Ballstát i gcomhréir leis na prionsabail a leagtar síos i gComhaontú Idirinstitiúideach an 13 Aibreán 2016 maidir le Reachtóireacht Níos Fearr.

5.   A luaithe a ghlacfaidh sé gníomh tarmligthe, tabharfaidh an Coimisiún fógra, an tráth céanna, do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle faoi.

6.   Ní thiocfaidh gníomh tarmligthe a ghlactar de bhun Airteagal 2(5), Airteagal 3 nó Airteagal 4(4) i bhfeidhm ach amháin mura mbeidh aon agóid curtha in iúl ag Parlaimint na hEorpa ná ag an gComhairle laistigh de thréimhse 2 mhí tar éis fógra faoin ngníomh sin a thabhairt do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle nó más rud é, roimh dhul in éag na tréimhse sin, go mbeidh Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle araon tar éis a chur in iúl don Choimisiún nach ndéanfaidh siad aon agóid. Déanfar an tréimhse sin a fhadú 2 mhí ar thionscnamh Pharlaimint na hEorpa nó na Comhairle.

Airteagal 11

Nós imeachta coiste

1.   Tabharfaidh an Coiste um an gCóras Staidrimh Eorpach, a bunaíodh le Rialachán (CE) Uimh. 223/2009, cúnamh don Choimisiún. Beidh an coiste sin ina choiste de réir bhrí Rialachán (AE) Uimh. 182/2011.

2.   I gcás ina ndéanfar tagairt don mhír seo, beidh feidhm ag Airteagal 5 de Rialachán (AE) Uimh. 182/2011.

Airteagal 12

Aisghairm

Aisghairtear leis seo Rialachán (CE) Uimh. 1365/2006.

Déanfar tagairtí don Rialachán aisghairthe a fhorléiriú mar thagairtí don Rialachán seo agus léifear iad i gcomhréir leis an tábla comhghaoil atá in Iarscríbhinn VIII.

Airteagal 13

Teacht i bhfeidhm

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh in Strasbourg, 4 Iúil 2018.

Thar ceann Pharlaimint na hEorpa

An tUachtarán

A. TAJANI

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

K. EDTSTADLER


(1)  Seasamh ó Pharlaimint na hEorpa an 29 Bealtaine 2018 (nár foilsíodh go fóill san Iris Oifigiúil) agus Cinneadh ón gComhairle an 18 Meitheamh 2018.

(2)  Rialachán (CE) Uimh. 1365/2006 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 6 Meán Fómhair 2006 maidir le staidreamh ar iompar earraí d'uiscebhealaí intíre agus lena n-aisghairtear Treoir 80/1119/CEE ón gComhairle (IO L 264, 25.9.2006, lch. 1).

(3)  Féach Iarscríbhinn VII.

(4)  Rialachán (CE) Uimh. 223/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Márta 2009 maidir le staidreamh Eorpach agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE, Euratom) Uimh. 1101/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le tarchur sonraí atá faoi réir rúndachta staidrimh chuig Oifig Staidrimh na gComhphobal Eorpach, Rialachán (CE) Uimh. 322/97 ón gComhairle maidir le Staidreamh Comhphobail, agus Cinneadh 89/382/CEE, Euratom ón gComhairle lena mbunaítear Coiste um Chláir Staidrimh na gComhphobal Eorpach (IO L 87, 31.3.2009, lch. 164).

(5)  IO L 123, 12.5.2016, lch. 1.

(6)  Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Feabhra 2011 lena leagtar síos na rialacha agus na prionsabail ghinearálta a bhaineann leis na sásraí maidir le rialú ag na Ballstáit ar fheidhmiú cumhachtaí cur chun feidhme ag an gCoimisiún (IO L 55, 28.2.2011, lch. 13).

(7)  Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 966/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 25 Deireadh Fómhair 2012 maidir leis na rialacha airgeadais is infheidhme maidir le buiséad ginearálta an Aontais agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE, Euratom) Uimh. 1605/2002 ón gComhairle, (IO L 298, 26.10.2012, lch. 1).


IARSCRÍBHINN I

Tábla I1.

Earraí arna n-iompar de réir an chineáil earraí (sonraí bliantúla)

Eilimintí

Códú

Ainmníocht

Aonad

Tábla

2-alfa-uimhriúil

“I1”

 

Tír thuairiscithe

2-litir

NUTS0 (cód náisiúnta)

 

Bliain

4-dhigit

“bbbb”

 

Tír/réigiún an luchtaithe

4-alfa-uimhriúil

NUTS2 (1)

 

Tír/réigiún an díluchtaithe

4-alfa-uimhriúil

NUTS2 (1)

 

Cineál iompair

1-digit

1

=

náisiúnta

2

=

idirnáisiúnta (cé is moite d'idirthuras)

3

=

idirthuras

 

Cineál earraí

2-dhigit

NST 2007

 

Cineál pacáistíochta

1-digit

1

=

earraí i gcoimeádáin

2

=

earraí nach bhfuil i gcoimeádáin agus coimeádáin fholmha

 

Tonaí arna n-iompar

 

 

tonaí

Tonaí-km

 

 

tonaí-km


(1)  I gcás nach eol an cód réigiúnach nó i gcás nach bhfuil fáil air, úsáidfear an códú seo a leanas:

“NUTS0 + ZZ” nuair is ann do chód NUTS don tír chomhpháirtíochta.

“cód ISO + ZZ” nuair nach ann do chód NUTS don tír chomhpháirtíochta.

“ZZZZ” nuair nach eol in aon chor an tír chomhpháirtíochta.


IARSCRÍBHINN II

Tábla II1.

Iompar de réir náisiúntacht an tsoithigh agus an chineáil soithigh (sonraí bliantúla)

Eilimintí

Códú

Ainmníocht

Aonad

Tábla

3 alfa-uimhriúil

“II1”

 

Tír thuairiscithe

2 litir

NUTS0 (cód náisiúnta)

 

Bliain

4 dhigit

“bbbb”

 

Tír/réigiún an luchtaithe

4 alfa-uimhriúil

NUTS2 (1)

 

Tír/réigiún an díluchtaithe

4 alfa-uimhriúil

NUTS2 (1)

 

Cineál iompair

1 digit

1

=

náisiúnta

2

=

idirnáisiúnta (cé is moite d'idirthuras)

3

=

idirthuras

 

Cineál soithigh

1 digit

1

=

báirse féinghluaiste

2

=

báirse nach féinghluaiste

3

=

báirse tancaeir féinghluaiste

4

=

báirse tancaeir nach féinghluaiste

5

=

soitheach iompartha earraí eile

6

=

soitheach farraige

 

Náisiúntacht soithigh

2 litir

NUTS0 (cód náisiúnta) (2)

 

Tonaí arna n-iompar

 

 

tonaí

Tonaí-km

 

 

tonaí-km


Tábla II2.

Trácht soithí (sonraí bliantúla)

Eilimintí

Códú

Ainmníocht

Aonad

Tábla

3 Alfa-uimhriúil

“II2”

 

Tír thuairiscithe

2-litir

NUTS0 (cód náisiúnta)

 

Bliain

4-dhigit

“bbbb”

 

Cineál iompair

1-digit

1

=

náisiúnta

2

=

idirnáisiúnta (cé is moite d'idirthuras)

3

=

idirthuras

 

Líon na ngluaiseachtaí soithí luchtaithe

 

 

gluaiseachtaí soithí

Líon na ngluaiseachtaí soithí folmha

 

 

gluaiseachtaí folmha

Soitheach-km (soithí luchtaithe)

 

 

soitheach-km

Soitheach-km (soithí folmha)

 

 

soitheach-km

NÓTA: Is roghnach Tábla II2 a sholáthar.


(1)  I gcás nach eol an cód réigiúnach nó i gcás nach bhfuil fáil air, úsáidfear an códú seo a leanas:

“NUTS0 + ZZ” nuair is ann do chód NUTS don tír chomhpháirtíochta.

“cód ISO + ZZ” nuair nach ann do chód NUTS don tír chomhpháirtíochta.

“ZZZZ” nuair nach eol in aon chor an tír chomhpháirtíochta.

(2)  Nuair nach ann do chód NUTS do thír chláraithe an tsoithigh, déanfar an cód náisiúnta ISO a thuairisciú. I gcás nach eol náisiúntacht an tsoithigh, is é “ZZ” an cód atá le húsáid.


IARSCRÍBHINN III

Tábla III1.

Iompar coimeádán de réir an chineáil earraí (sonraí bliantúla)

Eilimintí

Códú

Ainmníocht

Aonad

Tábla

4 alfa-uimhriúil

“III1”

 

Tír thuairiscithe

2 litir

NUTS0 (cód náisiúnta)

 

Bliain

4 dhigit

“bbbb”

 

Tír/réigiún an luchtaithe

4 alfa-uimhriúil

NUTS2 (1)

 

Tír/réigiún an díluchtaithe

4 alfa-uimhriúil

NUTS2 (1)

 

Cineál iompair

1 digit

1

=

náisiúnta

2

=

idirnáisiúnta (cé is moite d'idirthuras)

3

=

idirthuras

 

Méid na gcoimeádán

1 digit

1

=

aonaid lasta 20′

2

=

aonaid lasta 40′

3

=

aonaid lasta > 20′ agus < 40′

4

=

aonaid lasta < 40′

 

Stádas luchtaithe

1 digit

1

=

coimeádáin luchtaithe

2

=

coimeádáin fholmha

 

Cineál earraí

2 dhigit

NST 2007

 

Tonaí arna n-iompar

 

 

tonaí

tonaí-km

 

 

tonaí-km

TEU

 

 

TEU

TEU-km

 

 

TEU-km


(1)  I gcás nach eol an cód réigiúnach nó i gcás nach bhfuil fáil air, úsáidfear an códú seo a leanas:

“NUTS0 + ZZ” nuair is ann do chód NUTS don tír chomhpháirtíochta.

“cód ISO + ZZ” nuair nach ann do chód NUTS don tír chomhpháirtíochta.

“ZZZZ” nuair nach eol in aon chor an tír chomhpháirtíochta.


IARSCRÍBHINN IV

Tábla IV1.

Iompar de réir náisiúntacht na soithí (sonraí ráithiúla)

Eilimintí

Códú

Ainmníocht

Aonad

Tábla

3 alfa-uimhriúil

“IV 1”

 

Tír thuairiscithe

2 litir

NUTS0 (cód náisiúnta)

 

Bliain

4 dhigit

“bbbb”

 

Ráithe

2 dhigit

41

=

ráithe 1

42

=

ráithe 2

43

=

ráithe 3

44

=

ráithe 4

 

Cineál iompair

1 digit

1

=

náisiúnta

2

=

idirnáisiúnta (cé is moite d'idirthuras)

3

=

idirthuras

 

Náisiúntacht an tsoithigh

2 litir

NUTS0 (cód náisiúnta) (1)

 

Tonaí arna n-iompar

 

 

tonaí

Tonaí-km

 

 

tonaí-km


Tábla IV2.

Iompar coimeádán de réir náisiúntacht na soithí (sonraí ráithiúla)

Eilimintí

Códú

Ainmníocht

Aonad

Tábla

3 alfa-uimhriúil

“IV2”

 

Tír thuairiscithe

2 litir

NUTS0 (cód náisiúnta)

 

Bliain

4 dhigit

“bbbb”

 

Ráithe

2 dhigit

41

=

ráithe 1

42

=

ráithe 2

43

=

ráithe 3

44

=

ráithe 4

 

Cineál iompair

1 digit

1

=

náisiúnta

2

=

idirnáisiúnta (cé is moite d'idirthuras)

3

=

idirthuras

 

Náisiúntacht an tsoithigh

2 litir

NUTS0 (cód náisiúnta) (2)

 

Stádas luchtaithe

1 digit

1

=

coimeádáin luchtaithe

2

=

coimeádáin fholmha

 

Tonaí arna n-iompar

 

 

tonaí

Tonaí-km

 

 

tonaí-km

TEU

 

 

TEU

TEU-km

 

 

TEU-km


(1)  Nuair nach ann do chód NUTS do thír chláraithe an tsoithigh, déanfar an cód náisiúnta ISO a thuairisciú. I gcás nach eol náisiúntacht an tsoithigh, is é “ZZ” an cód atá le húsáid.

(2)  Nuair nach ann do chód NUTS do thír chláraithe an tsoithigh, déanfar an cód náisiúnta ISO a thuairisciú. I gcás nach eol náisiúntacht an tsoithigh, is é “ZZ” an cód atá le húsáid.


IARSCRÍBHINN V

Tábla V1.

Iompar earraí (sonraí bliantúla)

Eilimintí

Códú

Ainmníocht

Aonad

Tábla

2 alfa-uimhriúil

“V1”

 

Tír thuairiscithe

2 litir

NUTS0 (cód náisiúnta)

 

Bliain

4 dhigit

“bbbb”

 

Cineál iompair

1 digit

1

=

náisiúnta

2

=

idirnáisiúnta (cé is moite d'idirthuras)

3

=

idirthuras

 

Cineál earraí

2 dhigit

NST 2007

 

Tonaí arna n-iompar

 

 

tonaí

Tonaí-km

 

 

tonaí-km


IARSCRÍBHINN VI

NST 2007

Rannán

Tuairisc

01

Táirgí talmhaíochta, fiaigh agus foraoiseachta; iasc agus táirgí eile iascaireachta

02

Gual agus lignít; peitriliam amh agus gás nádúrtha

03

Mianta miotail agus táirgí eile mianadóireachta agus cairéalúcháin; móin; úráiniam agus tóiriam

04

Táirgí bia, deochanna agus tobac

05

Teicstílí agus táirgí teicstíleacha; leathar agus táirgí leathair

06

Adhmad agus táirgí adhmaid agus coirc (seachas troscán); earraí tuí agus ábhar fite; laíon, páipéar agus táirgí páipéir; ábhar clóite agus meáin thaifeadta

07

Táirgí cóic agus peitriliam scagtha

08

Ceimiceáin, táirgí ceimiceacha, agus snáithíní saorga; táirgí rubair agus plaisteacha; breosla núicléach

09

Táirgí mianracha neamh-mhiotalacha eile

10

Miotail bhunúsacha; táirgí déanta as miotal, seachas innealra agus trealamh

11

Innealra agus trealamh gan aicmiú in áit ar bith eile; innealra agus ríomhairí oifige; innealra agus gléasra leictreach gan aicmiú in áit ar bith eile; trealamh agus gairis raidió, teilifíse agus cumarsáide; uirlisí míochaine, mionchruinnis agus optúla; uaireadóirí agus cloig

12

Trealamh iompair

13

Troscán; earraí monaraithe eile gan aicmiú in áit ar bith eile

14

Amhábhair thánaisteacha; dramhaíl bhardasach agus dramhaíl eile

15

Post, beartáin

16

Trealamh agus ábhar a úsáidtear chun earraí a iompar

17

Earraí a bhogtar le linn aistriú tí nó oifige; bagáiste a iompraítear ar leithligh ó na paisinéirí; mótarfheithiclí a aistrítear lena ndeisiú; earraí eile neamh-mhargaidh gan aicmiú in áit ar bith eile

18

Earraí grúpáilte: meascán de chineálacha earraí a iompraítear le chéile

19

Earraí do-aitheanta: earraí, ar cibé cúis, nach féidir a aithint agus, dá dheasca sin, nach féidir a shannadh do ghrúpaí 01–16

20

Earraí eile gan aicmiú in áit ar bith eile


IARSCRÍBHINN VII

AN RIALACHÁN AISGHAIRTHE AGUS LIOSTA DE NA LEASUITHE COMHLEANÚNACHA A RINNEADH AIR

Rialachán (CE) Uimh. 1365/2006 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle

(IO L 264, 25.9.2006, lch. 1)

 

Rialachán (CE) Uimh. 425/2007 ón gCoimisiún

(IO L 103, 20.4.2007, lch. 26)

Airteagal 1 amháin

Rialachán (CE) Uimh. 1304/2007 ón gCoimisiún

(IO L 290, 8.11.2007, lch. 14)

Airteagal 4 amháin

Rialachán (AE) 2016/1954 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle

(IO L 311, 17.11.2016, lch. 20)

 


IARSCRÍBHINN VIII

Tábla comhghaoil

Rialachán (CE) Uimh. 1365/2006

An Rialachán seo

Airteagail 1 go 4

Airteagail 1 go 4

Airteagal 4a

Airteagal 5

Airteagal 5

Airteagal 6

Airteagal 6

Airteagal 7

Airteagal 7

Airteagal 8

Airteagal 8

Airteagal 9

Airteagal 10

Airteagal 11

Airteagal 11

Airteagal 12

Airteagal 12

Airteagal 13

Iarscríbhinn A

Iarscríbhinn I

Iarscríbhinn B

Iarscríbhinn II

Iarscríbhinn C

Iarscríbhinn III

Iarscríbhinn D

Iarscríbhinn IV

Iarscríbhinn E

Iarscríbhinn V

Iarscríbhinn F

Iarscríbhinn VI

Iarscríbhinn VII

Iarscríbhinn VIII


Top