EUR-Lex Access to European Union law

Back to EUR-Lex homepage

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 32018R0644

Rialachán (AE) 2018/644 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 18 Aibreán 2018 maidir le seirbhísí seachadta beartán trasteorann ((Téacs atá ábhartha maidir le LEE) )

IO L 112, 2.5.2018, p. 19–28 (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

Legal status of the document In force

ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2018/644/oj

2.5.2018   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

19


RIALACHÁN (AE) 2018/644 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

an 18 Aibreán 2018

maidir le seirbhísí seachadta beartán trasteorann

(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 114 de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

Tar éis dóibh an dréachtghníomh reachtach a chur chuig na parlaimintí náisiúnta,

Ag féachaint don tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa (1),

Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach (2),

De bharr an méid seo a leanas:

(1)

Na taraifí is infheidhme maidir le beartáin trasteorann agus míreanna eile poist do sheoltóirí ísealtoirte, go háirithe fiontair bheaga agus mheánmhéide (FBManna) agus daoine aonair, tá siad fós réasúnta ard. Tá tionchar diúltach díreach aige sin ar úsáideoirí a bhíonn ag lorg seirbhísí seachadta beartán trasteorann, go háirithe i gcomhthéacs na ríomhthráchtála.

(2)

Le hAirteagal 14 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (CFAE), leagtar béim ar an ionad atá ag seirbhísí lena ngabhann leas eacnamaíoch ginearálta, amhail na seirbhísí poist, i measc luachanna comhpháirteacha an Aontais, maille leis an ról atá acu i gcomhtháthú sóisialta agus críochach a chur ar aghaidh. Luaitear ann go bhfuil cúram le glacadh le go n-oibreoidh seirbhísí den sórt sin ar bhonn prionsabail agus coinníollacha a chumasaíonn dóibh a gcúraimí a chomhall.

(3)

Ina theannta sin, le Prótacal Uimh. 26 maidir le seirbhísí leasa ghinearálta, atá i gceangal leis an gConradh ar an Aontas Eorpach (CAE) agus le CFAE, tugtar chun suntais go n-áirítear ar na comhluachanna maidir le seirbhísí lena ngabhann leas eacnamaíoch ginearálta, de réir bhrí Airteagal 14 CFAE, na difríochtaí a d'fhéadfadh a bheith ann idir riachtanais na n-úsáideoirí agus idir a roghanna de bharr staideanna geografacha, staideanna sóisialta nó staideanna cultúrtha éagsúla mar aon le leibhéal ard cáilíochta, sábháilteachta agus incheannaitheachta, an chóir chomhionann agus rochtain do chách agus cearta úsáideoirí a chur chun cinn.

(4)

Foráiltear le hAirteagal 169(1) agus le pointe (a) d'Airteagal 169(2) CFAE go bhfuil an tAontas chun rannchuidiú le hardleibhéal cosanta don tomhaltóir a bhaint amach trí na bearta a ghlactar de bhun Airteagal 114.

(5)

Tá difríochtaí bunúsacha ann idir na Ballstáit a mhéid a bhaineann leis na hinniúlachtaí a thugtar do na húdaráis rialála náisiúnta i ndáil le faireachán margaidh agus maoirseacht rialála a dhéantar ar sholáthraithe seirbhíse seachadta beartán. Mar shampla, tá údaráis áirithe in ann a cheangal go rathúil ar sholáthraithe faisnéis ábhartha faoi na praghsanna a sholáthar. Dearbhaíodh go bhfuil difríochtaí den sórt sin ann i dtuairim chomhpháirteach ó Chomhlacht na Rialálaithe Eorpacha um Chumarsáid Leictreonach agus Grúpa na Rialálaithe Eorpacha um Sheirbhísí Poist, inar thángthas ar an tuairim gur ghá na cumhachtaí iomchuí rialála a bheith ag na húdaráis rialála náisiúnta chun idirghabháil a dhéanamh agus go ndealraíonn sé nach ann do chumhachtaí den sórt sin sna Ballstáit uile. Is é an toradh a bhíonn ar na difríochtaí sin go mbíonn ualaí breise riaracháin agus costais bhreise chomhlíonta i gceist do sholáthraithe seirbhíse seachadta beartán a oibríonn thar theorainneacha. Dá bhrí sin, is bacainn iad na difríochtaí sin ar sholáthar seirbhísí seachadta beartán trasteorann agus dá bharr sin tá éifeacht dhíreach acu ar fheidhmiú an mhargaidh inmheánaigh.

(6)

De thairbhe nádúr idirnáisiúnta earnáil an phoist agus an tseachadta beartán, tá sé tábhachtach go ndéanfar forbairt bhreise ar chaighdeáin theicniúla Eorpacha agus idirnáisiúnta chun tairbhe a dhéanamh do na húsáideoirí agus don chomhshaol, agus chun deiseanna margaidh a leathnú do ghnóthaí. Thairis sin, is minic a thuairiscíonn úsáideoirí saincheisteanna maidir le cáilíocht seirbhíse le linn dóibh beartáin trasteorann a sheoladh, a fháil nó a thabhairt ar ais. Dá bhrí sin, tá gá freisin le feabhsuithe breise ar chaighdeáin na cáilíochta seirbhíse agus ar idir-inoibritheacht seirbhísí seachadta beartán trasteorann. Ba cheart tosaíocht bhreise a thabhairt don dá rud i gcomhréir le Treoir 97/67/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (3), tríd an gCoiste Eorpach um Chaighdeánú (CEN) agus ar bhealaí eile. Tá gá freisin le níos mó dul chun cinn ar sheirbhísí a dhéanamh níos éifeachtúla, ar rud é ar cheart dó leasanna na n-úsáideoirí a chur san áireamh go háirithe.

(7)

Is tosaíocht straitéiseach den Aontas é seirbhísí poist a chaighdeánú agus feabhas a chur ar cháilíocht na seirbhíse, mar thacú le Treoir 97/67/CE, agus ba cheart an méid sin a shaothrú tuilleadh. Tá caighdeánú teicniúil fíor-riachtanach chun idir-inoibritheacht a chur chun cinn idir líonraí náisiúnta agus le go mbeadh seirbhís éifeachtach uilechoiteann ann. I Lúnasa 2016, chuir an Coimisiún an ceathrú hiarraidh caighdeánaithe faoi bhráid CEN agus é mar aidhm aige clár oibre a bhunú agus tuarascáil chríochnaitheach a sholáthar i Lúnasa 2020 (4). Ba cheart a chur san áireamh sa chlár oibre sin, go háirithe, leasanna na n-úsáideoirí agus breithnithe maidir leis an gcomhshaol, chomh maith le héifeachtúlacht, agus ba cheart dó rannchuidiú le cruthú Margaidh Aonair Dhigitigh don Aontas a chur chun cinn.

(8)

Tá an margadh le haghaidh seirbhísí seachadta beartán trasteorann ilghnéitheach, casta agus iomaíoch, agus soláthraithe éagsúla ag tairscint seirbhísí éagsúla agus praghsanna éagsúla ag brath ar mheáchan, ar mhéid agus ar fhormáid na mbeartán a sheoltar, agus ag brath ar cheann scríbe na mbeartán, ar aon ghnéithe breisluacha, amhail córais inrianaitheachta, agus ar líon na mbeartán a sheoltar. I roinnt Ballstát, níl sciar tromlach den mhargadh seirbhíse seachadta beartán ag soláthraithe seirbhíse uilechoitinne. De bharr na hilghnéitheachta sin, is deacair do thomhaltóirí agus d'úsáideoirí seirbhísí seachadta beartán a thairgeann na soláthraithe éagsúla a chur i gcomparáid le chéile, ó thaobh cáilíochta de agus ó thaobh praghais de, toisc gur minic nach mbíonn siad ar an eolas gur ann do roghanna éagsúla seachadta beartán do sheirbhísí comhchosúla i dtrádáil trasteorann ar líne. Ba cheart é a dhéanamh níos éasca, go háirithe, do FBManna agus do dhaoine aonair rochtain a fháil ar an bhfaisnéis ábhartha. Ina theannta sin, tá ábhair imní faoi sheachadadh sainaitheanta ag trádálaithe beaga agus meánmhéide mar bhac le linn dóibh a bheith ag díol trasteorann.

(9)

Chun feabhas a chur ar na seirbhísí seachadta beartán trasteorann, go háirithe do dhaoine aonair agus do mhicreaghnóthaí agus do mhionghnóthaí, lena n-áirítear na cinn sin atá i limistéir iargúlta nó i limistéir atá tearc i ndaonra, agus do dhaoine aonair faoi mhíchumas nó a bhfuil a soghluaisteacht laghdaithe, is gá feabhas a chur ar an rochtain atá ar liostaí poiblí na dtaraifí, agus ar thrédhearcacht na liostaí sin, le haghaidh líon teoranta de sheirbhísí seachadta beartán trasteorann. Trí phraghsanna trasteorann a dhéanamh níos trédhearcaí agus níos inchomparáide ar fud an Aontais, ba cheart don mhéid sin laghdú na ndifríochtaí míréasúnta idir na taraifí a spreagadh, lena n-áirítear, i gcás inarb infheidhme, éagsúlachtaí nach bhfuil údar leo idir taraifí intíre agus taraifí trasteorann.

(10)

Is cuid den tseirbhís uilechoiteann seirbhísí beartán píosa aonair i ngach Ballstát agus is iad sin freisin na seirbhísí sin is minice a úsáideann daoine aonair agus gnóthaí beaga. Is gá trédhearcacht agus inacmhainneacht taraifí píosa aonair a fheabhsú chun an ríomhthráchtáil a fhorbairt tuilleadh.

(11)

Measann a lán cuideachtaí a dhíolann ar líne, a dhíoladh ar líne nó a rinne iarracht díol ar líne gur fadhb iad ardchostais seachadta mar aon le próisis dhaora maidir le gearáin agus ráthaíochtaí. Tá gá le gníomhaíocht bhreise go háirithe chun a áirithiú go ndéanfaidh FBManna agus daoine aonair in áiteanna iargúlta tairbhe iomlán a bhaint as seirbhísí seachadta beartán trasteorann rianúla a bhfuil rochtain acu orthu agus a áirithiú go bhfuil praghas réasúnach ar na seirbhísí sin.

(12)

Tagraíonn an téarma “soláthraithe seirbhíse uilechoitinne” d'oibreoirí poist a sholáthraíonn seirbhís poist uilechoiteann nó codanna di laistigh de Bhallstát ar leith. Soláthraithe seirbhíse uilechoitinne a fheidhmíonn i níos mó ná Ballstát amháin, níor cheart iad a aicmiú mar sholáthraithe seirbhíse uilechoitinne ach amháin sa Bhallstát nó sna Ballstáit ina soláthraíonn siad an tseirbhís poist uilechoiteann.

(13)

Faoi láthair, is le Treoir 97/67/CE atá na seirbhísí poist á rialáil. Leis an Treoir sin, bunaítear rialacha comhchoiteanna lena rialáiltear soláthar na seirbhísí poist agus an tseirbhís poist uilechoiteann laistigh den Aontas. Tá an Treoir sin dírithe go príomha ar sheirbhísí uilechoiteanna náisiúnta, ach ní go heisiach é, agus ní thugtar aghaidh inti ar mhaoirseacht rialála ar sholáthraithe seirbhíse seachadta beartán. Áirithíonn na húdaráis rialála náisiúnta, arna n-ainmniú ag na Ballstáit, go bhfuil na híosriachtanais seirbhíse uilechoitinne a leagtar síos sa Treoir sin á gcomhlíonadh. Dá bhrí sin, comhlánaítear leis an Rialachán seo na rialacha a leagtar amach i dTreoir 97/67/CE, a mhéid a bhaineann le seirbhísí seachadta beartán trasteorann. Ní dochar an Rialachán seo do na cearta agus do na ráthaíochtaí a leagtar amach i dTreoir 97/67/CE, lena n-áirítear go háirithe go leanfar de sheirbhís poist uilechoitinn a sholáthar d'úsáideoirí.

(14)

Leis an Rialachán seo, ní athraítear an sainmhíniú ar mhír phoist atá i bpointe 6 d'Airteagal 2 de Threoir 97/67/CE ná ar shainmhínithe náisiúnta atá bunaithe air sin.

(15)

Maidir le tuairim is 80 % de na beartáin, ar a bhfuil seoladh, agus a ghintear leis an ríomhthráchtáil sa lá atá inniu ann, bíonn níos lú ná dhá chileagram meacháin iontu agus is minic gur i sruth an litirphoist a dhéantar iad a phróiseáil. Tá easpa faisnéise ann maidir le meáchan na mbeartán a sheachadtar trí mheáin eile. Tá sé tábhachtach go mbeidh na míreanna níos éadroime sin faoi réir an Rialacháin seo.

(16)

Chun an Rialachán seo a chur chun feidhme, tá sé tábhachtach sainmhínithe soiléire a sholáthar ar bheartáin, ar sheirbhísí seachadta beartán agus ar sholáthraithe seirbhíse seachadta beartán agus cé acu míreanna poist a chumhdófaí leis na sainmhínithe sin a shonrú. Glactar leis gur earraí, cibé acu a láimhseálann nó nach láimhseálann an soláthraí seirbhíse uilechoitinne iad, seachas míreanna comhfhreagrais, atá i míreanna poist atá níos tibhe ná 20 mm. Míreanna poist nach bhfuil iontu ach comhfhreagras, níor cheart dóibh teacht faoi raon feidhme na seirbhísí seachadta beartán. Ba cheart a chumhdach leis an Rialachán seo, dá bhrí sin, i gcomhréir le cleachtas comhsheasmhach, beartáin ina bhfuil earraí le luach tráchtála nó dá uireasa, ar beartáin iad a mbíonn meáchan suas go dtí 31,5 kg acu, ós rud é nach féidir an gnáthdhuine aonair míreanna níos troime ná sin a láimhseáil gan cúnamh meicniúil agus go mbaineann an ghníomhaíocht sin le hearnáil an iompair lasta agus na lóistíochta.

(17)

Soláthraithe seirbhíse seachadta beartán a úsáideann samhlacha malartacha gnó, mar shampla na samhlacha sin a tharraingíonn as an ngeilleagar comhoibríoch agus ardáin ríomhthráchtála, ba cheart iad a bheith faoi réir an Rialacháin seo má sholáthraíonn siad ceann amháin de na céimeanna ar a laghad sa slabhra seachadta poist. Imréiteach, sórtáil agus dáileadh, lena n-áirítear seirbhísí bailithe, ba cheart iad a mheas mar sheirbhísí seachadta beartán, lena n-áirítear nuair a sholáthraíonn soláthraithe seirbhíse cúiréireachta agus soláthraithe mearsheirbhíse, chomh maith le comhdhlúiteoirí iad, i gcomhréir leis an gcleachtas reatha. Maidir le hiompar ina aonar, nach ndéantar i gcomhar le ceann de na céimeanna sin, níor cheart dó teacht faoi raon feidhme na seirbhísí seachadta beartán, lena n-áirítear nuair a dhéanann fochonraitheoirí é, i gcomhthéacs samhlacha gnó malartacha nó gan é a dhéanamh amhlaidh, mar ba cheart a thoimhdiú sa chás sin gur cuid den earnáil iompair í an ghníomhaíocht sin, mura rud é go dtagann an gnóthas lena mbaineann, nó ceann dá fhochuideachtaí nó dá ghnóthais atá nasctha, ar bhealach eile faoi raon feidhme an Rialacháin seo.

(18)

Níor cheart feidhm a bheith ag an Rialachán seo maidir le gnóthais nach bhfuil bunaithe ach i mBallstát amháin agus nach bhfuil acu ach líonraí inmheánacha seachadta intíre chun go gcomhlíonfaí orduithe earraí a dhíol siad iad féin faoi chonradh díolacháin de réir bhrí phointe 5 d'Airteagal 2 de Threoir 2011/83/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (5). Gnóthais a úsáideann líonraí inmheánacha seachadta intíre freisin chun earraí arna ndíol ag tríú páirtithe a sheachadadh, ba cheart dóibh a bheith faoi réir an Rialacháin seo.

(19)

Ba cheart an fhaisnéis rúnda íosta ar cheart í a sheoladh chuig na húdaráis rialála náisiúnta agus na nósanna imeachta a leanann na húdaráis sin d'fhonn a áirithiú go mbeidh cineál tráchtála na n-oibreoirí náisiúnta á chomhlíonadh a shainiú, agus ba cheart bealaí slána a bhunú chun an fhaisnéis agus na nósanna imeachta sin a chur in iúl.

(20)

Tá sé riachtanach go mbeidh ag na húdaráis rialála náisiúnta eolas, agus faisnéis chun críocha staidrimh, maidir leis na soláthraithe seirbhíse seachadta beartán atá gníomhach ar an margadh, ar bhonn na nósanna imeachta iomchuí um údarú nó na gceanglas dlíthiúil eile. De bharr gur earnáil dlúthshaothair í an earnáil agus chun go mbeadh teorainn leis an ualach riaracháin a bheadh ar sholáthraithe beaga seirbhísí seachadta beartán nach bhfuil gníomhach ach ar mhargadh náisiúnta nó ar mhargadh réigiúnach, ba cheart tairseach is lú ná 50 duine a chur i bhfeidhm, bunaithe ar mheánlíon na ndaoine a bhí ag obair don soláthraí seirbhíse le linn na bliana féilire roimhe sin agus a raibh baint acu le soláthar seirbhísí seachadta beartán sa Bhallstát ina bhfuil an soláthraí bunaithe, ach amháin má tá an soláthraí sin bunaithe i níos mó ná aon Bhallstát amháin. Tá an tairseach sin i gcomhréir le Moladh 2003/361/CE ón gCoimisiún (6), léiríonn sé nádúr dlúthshaothair na hearnála, agus gabhann sí formhór mhargadh na seirbhíse seachadta beartán, go háirithe i dtíortha ina bhfuil toirteanna beaga de shreabha beartán. Ba cheart a áireamh, go háirithe, sa tairseach sin daoine atá bainteach le soláthar seirbhísí seachadta beartán, amhail fostaithe lánaimseartha, páirtaimseartha agus sealadacha agus daoine féinfhostaithe atá ag obair don soláthraí seirbhíse seachadta beartán. Ba cheart miondealuithe lena léirítear líon na ndaoine de réir stádas fostaíochta a bheith i gcomhréir le dlí náisiúnta na mBallstát lena mbaineann. I gcásanna áirithe, agus sainiúlachtaí an Bhallstáit lena mbaineann á gcur san áireamh, ba cheart don údarás rialála náisiúnta a bheith in ann an tairseach a ísliú go 25 duine, nó a iarraidh ar an soláthraí seirbhíse seachadta beartán trasteorann fostaithe lánaimseartha, páirtaimseartha agus sealadacha agus daoine féinfhostaithe atá ag obair dá bhfochonraitheoirí a áireamh sa tairseach, chun trédhearcacht na dtaraifí trasteorann agus trédhearcacht an mhargaidh ina iomláine a mhéadú.

(21)

Aon fhaisnéis a thíolactar don údarás rialála náisiúnta maidir le líon na ndaoine atá ag obair don soláthraí seirbhíse seachadta beartán, ba cheart í a bheith i gcomhréir le cleachtais sheanbhunaithe tuairiscithe cuideachta a bhaineann le faisnéis staidrimh. Tá sé sin tábhachtach chun inchomparáideacht sonraí a áirithiú, agus an t-ualach riaracháin ar na soláthraithe á choimeád chomh híseal agus is féidir.

(22)

Cinnfear an áit a bhfuil an soláthraí bunaithe i gcomhréir le cásdlí Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh. I gcás ina bhfuil roinnt áiteanna bunaithe ag soláthraí, tá sé tábhachtach go gcinnfí áit a bhunaithe arb í an áit í óna ndéantar an tseirbhís iarbhír lena mbaineann a sholáthar.

(23)

Agus faisnéis á tíolacadh don údarás rialála náisiúnta, ba cheart a áireamh i saintréithe na seirbhísí seachadta beartán na céimeanna sa slabhra seachadta poist (imréiteach, sórtáil, iompar agus dáileadh) a dhéanann an soláthraí sin, cibé acu atá an tseirbhís laistigh nó lasmuigh de raon feidhme na hoibleagáide seirbhíse uilechoitinne, cé raon feidhme críochach na seirbhíse (réigiúnach, intíre, trasteorann), agus cibé acu atá breisluach á chur ar fáil.

(24)

Ba cheart liosta na míreanna poist atá faoi réir bearta maidir le trédhearcacht praghsanna a theorannú chun inchomparáideacht a éascú agus chun an t-ualach riaracháin ar sholáthraithe seirbhíse seachadta beartán trasteorann agus ar údaráis rialála náisiúnta a íoslaghdú. Ba cheart seirbhísí caighdeánacha agus seirbhísí cláraithe a áireamh, ós rud é gurb iadsan is bunús leis an oibleagáid seirbhíse uilechoitinne, agus i bhfianaise a thábhachtaí atá an fheidhmiúlacht rianaithe agus lorgaireachta don ríomhthráchtáil, na praghsanna don rianú agus lorgaireacht agus do bheartáin chláraithe a áireamh freisin, bídís nó ná bídís mar chuid den oibleagáid seirbhíse uilechoitinne, chun inchomparáideacht a áirithiú ar fud an Aontais. Ba cheart díriú ar ualaí níos éadroime, arb iadsan formhór na míreanna poist arna soláthar ag soláthraithe seirbhíse seachadta beartán, agus ar na praghsanna do na míreanna poist atá níos tibhe ná 20 mm agus a dhéantar a phróiseáil mar litreacha. Níor cheart ach taraifí píosa aonair a áireamh ós iad sin na praghsanna a íocann na seoltóirí is lú. Ba cheart na míreanna poist lena mbaineann a leagan amach go soiléir in Iarscríbhinn a ghabhann leis an Rialachán seo. Ní chuirtear d'oibleagáid, leis an Rialachán seo, ar sholáthraithe seirbhíse seachadta beartán trasteorann na míreanna poist ar fad atá liostaithe san Iarscríbhinn sin a thairiscint. Chun beachtas na faisnéise faoi thairifí a áirithiú, ba cheart do sholáthraithe seirbhíse seachadta beartán trasteorann í a sholáthar iad féin. Ba cheart don Choimisiún na taraifí sin a fhoilsiú ar shuíomh gréasáin tiomnaithe atá neodrach agus de chineál neamhthráchtála.

(25)

Nuair a dhéanann na húdaráis rialála náisiúnta measúnú go hoibiachtúil ar na taraifí trasteorann a mheasann siad ina leith go bhfuil sé riachtanach measúnú a dhéanamh orthu, ba cheart é a bheith mar bhonn acu eilimintí, amhail: na taraifí intíre agus aon taraifí ábhartha eile de chuid na seirbhísí inchomparáide seachadta beartán sa Bhallstát tionscnaimh agus sa Bhallstát cinn scríbe; aon chur i bhfeidhm ar tharaif aonfhoirmeach a bheith á dhéanamh maidir le dhá Bhallstát nó níos mó; toirteanna déthaobhacha, costais shonracha iompair nó láimhseála; costais ábhartha eile agus caighdeáin cáilíochta seirbhíse; agus, i gcás inar féidir é gan ualach neamhréireach, tionchar dóchúil na dtaraifí trasteorann is infheidhme ar úsáideoirí aonair agus ar úsáideoirí fiontar beag agus meánmhéide, lena n-áirítear na húsáideoirí sin atá suite i limistéir iargúlta nó i limistéir atá tearc i ndaonra, agus ar úsáideoirí aonair faoi mhíchumas nó a bhfuil a soghluaisteacht laghdaithe. Féadfar na heilimintí comhchoiteanna sin a chomhlánú le heilimintí eile ag a bhfuil ábharthacht ar leith chun míniú a thabhairt ar na taraifí i dtrácht, amhail i dtaobh an bhfuil taraifí faoi réir rialáil shonrach ar phraghsanna faoin reachtaíocht náisiúnta nó i dtaobh ar suíodh mí-úsáidí ceannasachta sa mhargadh i gcomhréir leis an dlí ábhartha is infheidhme. Sa bhreis air sin, chun an t-ualach riaracháin ar na húdaráis rialála náisiúnta agus ar sholáthraithe seirbhíse seachadta beartán atá faoi réir na hoibleagáide seirbhíse uilechoitinne a laghdú, agus i gcomhréir le prionsabal na comhréireachta, is féidir le húdaráis rialála náisiúnta, agus sainaithint á dhéanamh acu ar cé acu taraifí trasteorann atá sé riachtanach measúnú a dhéanamh orthu, an sainaithint sin a bhunú ar shásra scagtha réamh-mheasúnaithe oibiachtúil.

(26)

D'fheadfadh taraifí aonfhoirmeacha i gcomhair seachadtaí trasteorann ar dhá Bhallstát nó níos mó a bheith tábhachtach ar mhaithe le comhtháthú réigiúnach agus sóisialta a chosaint. Sa chomhthéacs sin, ba cheart aird a thabhairt ar an ngá atá ann ríomhthráchtáil a chur chun cinn agus deiseanna nua a sholáthar do limistéir iargúlta nó do limistéir atá tearc i ndaonra páirt a ghlacadh sa trádáil ar líne, agus chun a ngeilleagair réigiúnacha a fheabhsú.

(27)

Aon difríochtaí suntasacha idir taraifí intíre agus taraifí trasteorann do sheirbhísí seachadta beartán, ba cheart údar cuí a bheith leo ar bhonn critéir oibiachtúla, amhail costais shonracha iompair nó láimhseála nó costais ábhartha eile. D'fhéadfadh sé a bheith riachtanach don údarás rialála náisiúnta fianaise a bhailiú chun críocha an mheasúnaithe. Ba cheart an fhianaise sin, mar aon le haon údar cuí leis na taraifí atá á measúnú, a sholáthar don údarás rialála náisiúnta arna iarraidh sin.

(28)

Chun trédhearcacht a áirithiú ar fud an Aontais, ba cheart don Choimisiún leagan neamhrúnda den mheasúnú arna thíolacadh ag gach údarás rialála náisiúnta a fhoilsiú.

(29)

Chun teorainn a chur leis an ualach riaracháin, ba cheart do sholáthraithe seirbhíse seachadta beartán, d'údaráis rialála náisiúnta agus don Choimisiún sonraí a aistriú go leictreonach, agus ba cheart dóibh, go háirithe, úsáid ríomhshínithe a cheadú, mar a fhoráiltear i Rialachán (AE) Uimh. 910/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (7).

(30)

De bhrí go bhfuil na margaí i gcomhair seirbhísí seachadta beartán ag athrú go gasta, ba cheart don Choimisiún athmheasúnú a dhéanamh ar éifeachtúlacht agus ar éifeachtacht an Rialacháin seo, agus forbairtí sa ríomhthráchtáil á gcur san áireamh, agus ba cheart dó tuarascáil rialta a chur faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus faoi bhráid na Comhairle. Ba cheart togra reachtach le haghaidh athbhreithniú a bheith ag gabháil, i gcás inarb iomchuí, leis an tuarascáil sin chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle. Ba cheart an tuarascáil a tháirgeadh le rannpháirtíocht na ngeallsealbhóirí ábhartha go léir, lena n-áirítear an Coiste Eorpach um Idirphlé Sóisialta don earnáil phoist.

(31)

Ba cheart don Choimisiún tógáil ar an ionchur luachmhar ó Ghrúpa na Rialálaithe Eorpacha um Sheirbhísí Poist atá comhdhéanta d'ionadaithe ó na húdaráis rialála náisiúnta.

(32)

Chun coinníollacha aonfhoirmeacha a áirithiú maidir leis an Rialachán seo a chur chun feidhme, ba cheart cumhachtaí cur chun feidhme a thabhairt don Choimisiún chun foirm a bhunú chun go ndéanfadh na soláthraithe seirbhíse seachadta beartán an fhaisnéis sin a thíolacadh do na húdaráis rialála náisiúnta. Ba cheart na cumhachtaí sin a fheidhmiú i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (8).

(33)

Leis an Rialachán seo, urramaítear na cearta bunúsacha, agus comhlíontar na prionsabail, a aithnítear, go háirithe, i gCairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh, agus ba cheart é a chur chun feidhme i gcomhréir leis na cearta agus leis na prionsabail sin.

(34)

Tá feidhm ag Rialachán (AE) 2016/679 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (9) agus ag Treoir (AE) 2016/680 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (10) maidir le próiseáil sonraí pearsanta faoi chuimsiú an Rialacháin seo.

(35)

Ba cheart do na Ballstáit rialacha a leagan síos maidir leis na pionóis is infheidhme maidir le sáruithe ar an Rialachán seo agus ba cheart dóibh a áirithiú go gcuirfear chun feidhme iad. Ba cheart na pionóis sin a bheith éifeachtach, comhréireach agus athchomhairleach.

(36)

Ós rud é nach féidir leis na Ballstáit cuspóirí an Rialacháin seo, eadhon na prionsabail rialála agus na rialacha rialála atá riachtanach a bhunú chun feabhas a chur ar an bhformhaoirseacht rialála, chun feabhas a chur ar thrédhearcacht na dtaraifí agus chun prionsabail áirithe a bhunú maidir le seirbhísí seachadta beartán trasteorann lenar cheart tacú leis an iomaíocht, agus é mar sprioc dheiridh acu seirbhísí seachadta beartán trasteorann níos fearr a chothú d'úsáideoirí, agus, ar an dóigh sin, muinín na dtomhaltóirí i ríomhthráchtáil trasteorann a mhéadú, a ghnóthú go leordhóthanach agus, de bharr a fhairsinge agus a éifeachtaí, gur fearr is féidir iad a ghnóthú ar leibhéal an Aontais, féadfaidh an tAontas bearta a ghlacadh, i gcomhréir le prionsabal na coimhdeachta a leagtar amach in Airteagal 5 den Chonradh ar an Aontas Eorpach. I gcomhréir le prionsabal na comhréireachta a leagtar amach san Airteagal sin, ní théann an Rialachán seo thar a bhfuil riachtanach chun an cuspóir sin a ghnóthú,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

CAIBIDIL I

FORÁLACHA GINEARÁLTA

Airteagal 1

Ábhar agus cuspóirí

Leagtar síos sa Rialachán seo forálacha sonracha chun seirbhísí seachadta beartán trasteorann níos fearr a chothú, de bhreis ar na forálacha a leagtar síos i dTreoir 97/67/CE, maidir leis na méid seo a leanas:

(a)

an fhormhaoirseacht rialála a bhaineann le seirbhísí seachadta beartán;

(b)

trédhearcacht na dtaraifí, agus measúnú ar tharaifí do sheirbhísí seachadta beartán trasteorann áirithe chun na taraifí sin atá neamhréasúnach ard a shainaithint;

(c)

faisnéis a chuireann trádálaithe ar fáil do thomhaltóirí a bhaineann le seirbhísí seachadta beartán trasteorann.

Airteagal 2

Sainmhínithe

Chun críocha an Rialacháin seo, tá feidhm ag na sainmhínithe atá in Airteagal 2 de Threoir 97/67/CE agus i bpointí 1, 2 agus 5 d'Airteagal 2 de Threoir 2011/83/AE. Ina theannta sin, tá feidhm ag na sainmhínithe seo a leanas:

(1)

ciallaíonn “beartán” mír phoist ina bhfuil earraí le luach tráchtála acu nó ina éagmais, seachas mír chomhfhreagrais, a bhfuil meáchan aici nach mó ná 31,5 kg;

(2)

ciallaíonn “seirbhísí seachadta beartán” seirbhísí ina ndéantar beartáin a imréiteach, a shórtáil, a iompar agus a dháileadh;

(3)

ciallaíonn “soláthraí seirbhíse seachadta beartán” gnóthas a sholáthraíonn seirbhís seachadta beartán amháin nó níos mó, cé is moite de ghnóthais nach bhfuil bunaithe ach i mBallstát amháin, agus nach soláthraíonn ach seirbhísí seachadta beartán intíre mar chuid de chonradh díolacháin agus, mar chuid den chonradh, a sheachadann go pearsanta earraí is ábhar don chonradh ar an úsáideoir;

(4)

ciallaíonn “fochonraitheoir” gnóthas a dhéanann beartáin a imréiteach, a shórtáil, a iompar nó a dháileadh thar ceann an tsoláthraí seirbhíse seachadta beartán;

Airteagal 3

Leibhéal an chomhchuibhithe

Is ceanglais íosta iad na ceanglais a leagtar síos sa Rialachán seo agus ní chuirfidh siad cosc ar aon Bhallstát bearta breise riachtanacha agus comhréireacha a choimeád ar bun ná a thabhairt isteach chun seirbhísí seachadta beartán trasteorann níos fearr a bhaint amach, ar an gcoinníoll go bhfuil na bearta sin ag luí le dlí an Aontais.

CAIBIDIL II

FORMHAOIRSEACHT RIALÁLA

Airteagal 4

Faisnéis a sholáthar

1.   Cuirfidh na soláthraithe seirbhíse seachadta beartán uile an fhaisnéis seo a leanas faoi bhráid údarás rialála náisiúnta an Bhallstáit ina bhfuil siad bunaithe, mura rud é gur iarr an t-údarás rialála náisiúnta sin í cheana agus go bhfuair sí cheana í:

(a)

a n-ainm, a stádas dlíthiúil agus a bhfoirm dhlíthiúil, a gcláruimhir i gclár trádála nó i gclár comhchosúil, a n-uimhir aitheantais CBL, seoladh a mbunaíochta agus sonraí teagmhála duine teagmhála;

(b)

saintréithe na seirbhísí seachadta beartán a thairgeann siad, agus, i gcás inar féidir é, tuairisc mhionsonraithe orthu;

(c)

a dtéarmaí agus a gcoinníollacha ginearálta le haghaidh seirbhísí seachadta beartán, lena n-áirítear mionsonraí na nósanna imeachta gearáin d'úsáideoirí agus aon teorainneacha féideartha dliteanais.

2.   Cuirfidh soláthraithe seirbhíse seachadta beartán an t-údarás rialála náisiúnta ar an eolas faoi aon athrú ar an bhfaisnéis dá dtagraítear i mír 1 laistigh de 30 lá.

3.   Faoin 30 Meitheamh gach bliain féilire, cuirfidh na soláthraithe seirbhíse seachadta beartán uile an fhaisnéis seo a leanas faoi bhráid údarás rialála náisiúnta an Bhallstáit ina bhfuil siad bunaithe, mura rud é gur iarr an t-údarás rialála náisiúnta sin í cheana agus go bhfuair sí cheana í:

(a)

an láimhdeachas bliantúil i seirbhísí seachadta beartán don bhliain féilire roimhe sin sa Bhallstát ina bhfuil siad bunaithe, arna mhiondealú i seirbhísí seachadta beartán intíre, seirbhísí seachadta beartán trasteorann isteach agus seirbhísí seachadta beartán trasteorann amach;

(b)

líon na ndaoine a bhí ag obair dóibh le linn na bliana féilire roimhe sin agus a raibh baint acu le soláthar seirbhísí seachadta beartán sa Bhallstát ina bhfuil siad bunaithe, lena n-áirítear miondealuithe lena léirítear líon na ndaoine de réir stádas fostaíochta, agus go háirithe, líon na ndaoine atá ag obair go lánaimseartha agus go páirtaimseartha, líon na ndaoine is fostaithe sealadacha iad agus is daoine féinfhostaithe iad;

(c)

an líon beartán a láimhseáladh le linn na bliana féilire roimhe sin sa Bhallstát ina bhfuil siad bunaithe, arna mhiondealú de réir beartáin intíre, beartáin trasteorann isteach agus beartáin trasteorann amach;

(d)

ainmneacha a bhfochonraitheoirí, mar aon le haon fhaisnéis a bhí ar teachtadh acu a bhaineann le saintréithe na seirbhísí seachadta beartán arna soláthar ag na fochonraitheoirí sin;

(e)

i gcás ina bhfuil sé ar fáil, aon liosta praghsanna inrochtana don phobal is infheidhme an 1 Eanáir gach bliain féilire maidir le seirbhísí seachadta beartán.

4.   Faoin 23 Meán Fómhair 2018, déanfaidh an Coimisiún gníomh cur chun feidhme a ghlacadh lena mbunaítear foirm chun an fhaisnéis dá dtagraítear i míreanna 1 agus 3 a thíolacadh. Déanfar an gníomh cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 12.

5.   Féadfaidh na húdaráis rialála náisiúnta ceanglais faisnéise a fhorchur de bhreis ar na ceanglais dá dtagraítear i míreanna 1 agus 3, ar choinníoll go bhfuil gá leo agus go bhfuil siad comhréireach.

6.   Ní bheidh feidhm ag míreanna 1 go 5 maidir le haon soláthraí seirbhíse seachadta beartán a raibh níos lú ná 50 duine, ar an meán, ag obair dó le linn na bliana féilire roimhe sin, agus a raibh baint acu le soláthar seirbhísí seachadta beartán sa Bhallstát ina bhfuil an soláthraí sin bunaithe, mura rud é go bhfuil an soláthraí sin bunaithe i níos mó ná aon Bhallstát amháin. Féadfaidh údarás rialála naisiúnta daoine atá ag obair d'fhochonraitheoirí an tsoláthraí seirbhíse seachadta beartán a áireamh sa tairseach 50 duine.

7.   D'ainneoin mhír 6, féadfaidh údarás rialála náisiúnta a iarraidh go ndéanfadh aon soláthraí seirbhíse seachadta beartán a d'fhostaigh idir 25 duine agus 49 nduine ar an meán le linn na bliana féilire roimhe sin an fhaisnéis a thíolacadh faoi mhíreanna 1 go 5 i gcás ina n-éilítear amhlaidh le sonraíochtaí an Bhallstáit lena mbaineann agus ar choinníoll go bhfuil sé riachtanach agus comhréireach chun comhlíonadh an Rialacháin seo a áirithiú.

Airteagal 5

Trédhearcacht taraifí trasteorann

1.   Maidir leis na soláthraithe seirbhíse seachadta beartán trasteorann uile seachas iad siúd a eisiatar le hAirteagal 4(6) agus (7), soláthróidh siad d'údarás rialála náisiúnta an Bhallstáit ina bhfuil siad bunaithe liosta poiblí na dtaraifí is infheidhme an 1 Eanáir gach bliain féilire maidir le seachadadh míreanna poist píosa aonair, seachas míreanna comhfhreagrais, a thagann laistigh de na catagóirí a liostaítear san Iarscríbhinn. Déanfar an fhaisnéis sin a sholáthar faoin 31 Eanáir gach bliain féilire.

2.   Déanfaidh na húdaráis rialála náisiúnta liostaí poiblí na dtaraifí a bheidh faighte acu i gcomhréir le mír 1 a chur faoi bhráid an Choimisiúin gan mhoill agus faoin 28 Feabhra gach bliain féilire. Foilseoidh an Coimisiún iad ar shuíomh gréasáin tiomnaithe faoin 31 Márta gach bliain féilire, agus áiritheoidh sé gur suíomh gréasáin tiomnaithe atá neodrach agus nach de chineál tráchtála é an suíomh sin.

Airteagal 6

Measúnú ar bhearttharaifí píosa aonair trasteorann

1.   Ar bhonn liostaí poiblí na dtaraifí a fhaightear i gcomhréir le hAirteagal 5, sainaithneoidh an t-údarás rialála náisiúnta, do gach ceann de na míreanna poist píosa aonair a liostaítear san Iarscríbhinn, taraifí trasteorann an tsoláthraí seirbhíse seachadta beartán, ar soláthraí seirbhíse de thionscnamh a Bhallstáit é agus ar tairifí iad atá faoi réir oibleagáid seirbhíse uilechoitinn a measann an t-údarás rialála náisiúnta go hoibiachtúil gur gá measúnú a dhéanamh orthu.

2.   Déanfaidh an t-údarás rialála naisiúnta measúnú oibiachtúil, i gcomhréir leis na prionsabail atá in Airteagal 12 de Threoir 97/67/CE, ar na taraifí trasteorann a shainaithnítear faoi mhír 1 chun na taraifí trasteorann sin a mheasann sé atá neamhréasúnach ard a shainaithint. Sa mheasúnú sin, cuirfidh an t-údarás rialála náisiúnta na heilimintí seo a leanas, go háirithe, san áireamh:

(a)

taraifí intíre agus aon taraifí ábhartha eile de chuid na seirbhísí inchomparáide seachadta beartán sa Bhallstát tionscnaimh agus sa Bhallstát cinn scríbe;

(b)

aon taraif aonfhoirmeach a bheith á cur i bhfeidhm maidir le dhá Bhallstát nó níos mó;

(c)

toirteanna déthaobhacha, costais shonracha iompair nó láimhseála, costais ábhartha eile agus caighdeáin cáilíochta seirbhíse;

(d)

tionchar dóchúil na dtaraifí trasteorann infheidhme ar úsáideoirí aonair agus ar úsáideoirí fiontar beag agus meánmhéide, lena n-áirítear na húsáideoirí sin atá suite i limistéir iargúlta nó i limistéir atá tearc i ndaonra, agus ar úsáideoirí aonair faoi mhíchumas nó a bhfuil a soghluaisteacht laghdaithe, i gcás inar féidir é gan ualach míréireach.

3.   I dteannta na n-eilimintí i mír 2, féadfaidh an t-údarás rialála náisiúnta, nuair a mheasann sé é a bheith riachtanach, na gnéithe seo a leanas, go háirithe, a chur san áireamh freisin:

(a)

i dtaobh an bhfuil taraifí faoi réir rialáil shonrach ar phraghsanna faoin reachtaíocht náisiúnta;

(b)

mí-úsáidí ceannasachta sa mhargadh a shuitear i gcomhréir leis an dlí ábhartha is infheidhme.

4.   Leagfaidh an Coimisiún treoirlínte amach maidir leis an modheolaíocht a bheidh le húsáid i ndáil leis na critéir a liostaítear i míreanna 2 agus 3.

5.   Chun críocha an mheasúnaithe dá dtagraítear i mír 2, iarrfaidh an t-údarás rialála náisiúnta, nuair a mheasann sé í a bheith riachtanach, aon fhianaise ábhartha eile i ndáil leis na taraifí sin a bhfuil gá léi chun an measúnú a dhéanamh.

6.   Déanfar an fhianaise dá dtagraítear i mír 5 a sholáthar don údarás rialála náisiúnta laistigh de mhí amháin ón iarraidh a fháil, mar aon le haon údar cuí leis na taraifí atá á measúnú.

7.   Cuirfidh an t-údarás rialála náisiúnta a mheasúnú faoi bhráid an Choimisiúin faoi 30 Meitheamh na bliana féilire ábhartha. Sa bhreis air sin, soláthróidh an t-údarás rialála náisiúnta leagan neamhrúnda den mheasúnú sin don Choimisiún.

8.   Foilseoidh an Coimisiún an leagan neamhrúnda den mheasúnú a sholáthair na húdaráis rialála náisiúnta gan mhoill agus in aon chás laistigh de 1 mhí amháin ón measúnú a fháil.

Airteagal 7

Faisnéis do na tomhaltóirí

Maidir le conarthaí a thagann faoi raon feidhme Threoir 2011/83/AE, déanfaidh na trádálaithe go léir a dhéanann conarthaí díolacháin le tomhaltóirí a bhfuil san áireamh leo beartáin trasteorann a sheoladh, i gcás inar féidir é agus inarb infheidhme, faisnéis a chur ar fáil, ag an gcéim réamhchonarthach, faoi na roghanna i ndáil leis an gconradh sonrach díolacháin agus maidir leis na muirir is iníoctha ag tomhaltóirí le haghaidh an bheartseachadta trasteorann, agus, i gcás inarb infheidhme, a mbeartais láimhseála gearán féin freisin.

CAIBIDIL III

FORÁLACHA CRÍOCHNAITHEACHA

Airteagal 8

Pionóis

1.   Déanfaidh na Ballstáit na rialacha a bhaineann leis na pionóis is infheidhme maidir le sáruithe ar an Rialachán seo a leagan síos agus glacfaidh siad gach beart is gá lena áirithiú go gcuirfear chun feidhme iad. Beidh na pionóis dá bhforáiltear éifeachtach, comhréireach agus athchomhairleach.

2.   Tabharfaidh na Ballstáit fógra don Choimisiún faoi na forálacha dá ndlíthe a ghlacfaidh siad de bhun mhír 1 faoin 23 Samhain 2019 agus tabharfaidh siad fógra dó, gan mhoill, faoi aon leasú ina dhiaidh sin a dhéanfaidh difear dóibh.

Airteagal 9

Rúndacht

Beidh aon fhaisnéis rúnda gnó a sholáthraítear i gcomhréir leis an Rialachán seo do na húdaráis rialála náisiúnta nó don Choimisiún faoi réir diancheanglais rúndachta faoi na forálacha is infheidhme de dhlí an Aontais agus den dlí náisiúnta.

Airteagal 10

Cur i bhfeidhm

Ach amháin mar a bhforáiltear a mhalairt go sonrach sa Rialachán seo, ní dochar an Rialachán seo gan dochar do dhlí an Aontais agus don dlí náisiúnta, do nósanna imeachta iomchuí um údarú is infheidhme maidir le soláthraithe seirbhíse seachadta beartán, do rialacha sóisialta agus fostaíochta agus do cheanglais chun faisnéis a chur faoi bhráid na n-údarás rialála náisiúnta.

Airteagal 11

Athbhreithniú

Faoin 23 Bealtaine 2020, agus gach 3 bliana ina dhiaidh sin, cuirfidh an Coimisiún tuarascáil mheastóireachta ar chur i bhfeidhm agus ar chur chun feidhme an Rialacháin seo faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa, na Comhairle agus Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa, agus beidh togra reachtach le haghaidh a athbhreithnithe ag gabháil léi, i gcás inar gá. Ba cheart na geallsealbhóirí ábhartha go léir a bheith rannpháirteach agus ar an eolas sula gcuirfear an tuarascáil sin le chéile.

Déanfaidh an Coimisiún meastóireacht ar an méid seo a leanas ar a laghad:

(a)

rannchuidiú an Rialacháin seo le feabhas a chur ar sheirbhísí seachadta beartán trasteorann, lena n-áirítear inacmhainneacht do FBManna agus do dhaoine aonair, go háirithe iad siúd atá suite i limistéir iargúlta nó i limistéir atá tearc i ndaonra agus i dtaobh ar tháinig feabhas ar thrédhearcacht taraifí trasteorann;

(b)

tionchar an Rialacháin seo ar leibhéil seachadta trasteorann beartán agus ar ríomhthráchtáil leictreonach, lena n-áirítear sonraí maidir le táillí seachadta;

(c)

a mhéid a bhí deacrachtaí ag na húdaráis rialála náisiúnta i ndáil leis an Rialachán seo a chur i bhfeidhm, lena n-áirítear anailís chainníochtúil ar na hiarmhairtí riaracháin;

(d)

an dul chun cinn atá déanta i dtaca le tionscnaimh eile chun an margadh le haghaidh seirbhísí seachadta beartán aonair a chomhlánú, agus go háirithe an dul chun cinn i réimsí chosaint na dtomhaltóirí agus na forbartha caighdeán.

Airteagal 12

Nós imeachta coiste

1.   Déanfaidh an Coiste um an Treoir maidir le Post, a bunaíodh le hAirteagal 21 de Threoir 97/67/CE, cúnamh a thabhairt don Choimisiún. Beidh an coiste sin ina choiste de réir bhrí Rialachán (AE) Uimh. 182/2011.

2.   I gcás ina ndéanfar tagairt don mhír seo, beidh feidhm ag Airteagal 5 de Rialachán (AE) Uimh. 182/2011.

Airteagal 13

Teacht i bhfeidhm

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh feidhm ag an Rialachán seo ón 22 Bealtaine 2018, cé is moite d'Airteagal 8, a mbeidh feidhm aige ón 23 Samhain 2019.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh in Strasbourg, an 18 Aibreán 2018.

Thar ceann Pharlaimint na hEorpa

An tUachtarán

A. TAJANI

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

L. PAVLOVA


(1)  IO C 34, 2.2.2017, lch. 106.

(2)  Seasamh ó Pharlaimint na hEorpa an 13 Márta 2018 (nár foilsíodh go fóill san Iris Oifigiúil) agus an cinneadh ón gComhairle an 12 Aibreán 2018.

(3)  Treoir 97/67/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 15 Nollaig 1997 maidir leis na comhrialacha chun margadh inmheánach Comhphobail i seirbhísí poist a fhorbairt agus cáilíocht na seirbhíse a fheabhsú (IO L 15, 21.1.1998, lch. 14).

(4)  Cinneadh Cur Chun Feidhme ón gCoimisiún an 1 Lúnasa 2016 maidir le hiarraidh ar chaighdeánú chuig an gCoiste Eorpach um Chaighdeánú maidir leis na seirbhísí poist agus maidir le feabhas a chur ar cháilíocht na seirbhíse mar thacú le Treoir 97/67/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 15 Nollaig 1997.

(5)  Treoir 2011/83/AE ó Pharlaimint ha hEorpa agus ón gComhairle an 25 Deireadh Fómhair 2011 maidir le cearta tomhaltóirí, lena leasaítear Treoir 93/13/CEE ón gComhairle agus Treoir 1999/44/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus lena n-aisghairtear Treoir 85/577/CEE ón gComhairle agus Treoir 97/7/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (IO L 304, 22.11.2011, lch. 64).

(6)  Moladh 2003/361/CE ón gCoimisiún an 6 Bealtaine 2003 maidir le micrifhiontair, fiontair bheaga agus fiontair mheánméide a shainmhíniú (IO L 124, 20.5.2003, lch. 36).

(7)  Rialachán (AE) Uimh. 910/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Iúil 2014 maidir le ríomh-shainaitheantas agus seirbhísí iontaoibhe le haghaidh ríomh-idirbheart sa mhargadh inmheánach agus lena n-aisghairtear Treoir 1999/93/CE (IO L 257, 28.8.2014, lch. 73).

(8)  Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Feabhra 2011 lena leagtar síos na rialacha agus na prionsabail ghinearálta a bhaineann leis na sásraí maidir le rialú ag na Ballstáit ar fheidhmiú cumhachtaí cur chun feidhme ag an gCoimisiún (IO L 55, 28.2.2011, lch. 13).

(9)  Rialachán (AE) 2016/679 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 27 Aibreán 2016 maidir le daoine nádúrtha a chosaint i ndáil le sonraí pearsanta a phróiseáil agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin, agus lena n-aisghairtear Treoir 95/46/CE (An Rialachán Ginearálta maidir le Cosaint Sonraí) (IO L 119, 4.5.2016, lch. 1).

(10)  Treoir (AE) 2016/680 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 27 Aibreán 2016 maidir le daoine nádúrtha a chosaint i ndáil le próiseáil sonraí pearsanta ag údaráis inniúla chun cionta coiriúla a chosc, a imscrúdú, a bhrath nó a ionchúiseamh nó chun pionóis choiriúla a fhorghníomhú, agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin agus lena n-aisghairtear Cinneadh Réime 2008/977/CGB ón gComhairle (IO L 119, 4.5.2016, lch. 89).


IARSCRÍBHINN

Na míreanna poist píosa aonair a bhfuil taraifí soláthraithe seirbhíse seachadta beartán i dtaca leo faoi réir na mbeart maidir le trédhearcacht praghsanna agus an mheasúnaithe dá bhforáiltear in Airteagal 5 agus Airgeagal 6:

(a)

litir chaighdeánach 500 g (arna seoladh ar bhonn intíre agus laistigh den Aontas);

(b)

litir chaighdeánach 1 kg (arna seoladh ar bhonn intíre agus laistigh den Aontas);

(c)

litir chaighdeánach 2 kg (arna seoladh ar bhonn intíre agus laistigh den Aontas);

(d)

litir chláraithe 500 g (arna seoladh ar bhonn intíre agus laistigh den Aontas);

(e)

litir chláraithe 1 kg (arna seoladh ar bhonn intíre agus laistigh den Aontas);

(f)

litir chláraithe 2 kg (arna seoladh ar bhonn intíre agus laistigh den Aontas);

(g)

litir rianaithe agus lorgaireachta 500 g (arna seoladh ar bhonn intíre agus laistigh den Aontas);

(h)

litir rianaithe agus lorgaireachta 1 kg (arna seoladh ar bhonn intíre agus laistigh den Aontas);

(i)

litir rianaithe agus lorgaireachta 2 kg (arna seoladh ar bhonn intíre agus laistigh den Aontas);

(j)

beartán caighdeánach 1 kg (arna sheoladh ar bhonn intíre agus laistigh den Aontas);

(k)

beartán caighdeánach 2 kg (arna sheoladh ar bhonn intíre agus laistigh den Aontas);

(l)

beartán caighdeánach 5 kg (arna sheoladh ar bhonn intíre agus laistigh den Aontas);

(m)

beartán rianaithe agus lorgaireachta 1 kg (arna seholadh ar bhonn intíre agus laistigh den Aontas);

(n)

beartán rianaithe agus lorgaireachta 2 kg (arna sheoladh ar bhonn intíre agus laistigh den Aontas);

(o)

beartán rianaithe agus lorgaireachta 5 kg (arna sheoladh ar bhonn intíre agus laistigh den Aontas).

Comhlíonfaidh na míreanna poist a liostaítear i bpointí (a) go (o) na critéir seo a leanas:

(a)

Teorainneacha méide na míreanna poist a liostaítear i bpointí (a) go (i) (táirgí poist litreach), is í seo a leanas an riail a chomhlíonfaidh siad:

Fad, leithead agus tiús le chéile: 900 mm, ní bheidh an toise is mó níos mó ná 600 mm, ní bheidh an toise is lú níos lú ná 20 mm;

(b)

Ní bheidh na beartáin a liostaítear i bpointí (j) go (o) níos lú ná an mhéid a fhorordaítear do na litreacha a liostaítear i bpointí (a) go (i).

Na gnéithe atá le cur san áireamh tráth a sholáthraítear an fhaisnéis faoi na taraifí i ndáil le pointí (a) go (o):

(*)

Maidir leis na taraifí a chomhfhreagraíonn do na míreanna poist, is taraifí píosa aonair a bheidh iontu agus ní bheidh aon lascainí speisialta iontu ar bhonn toirteanna nó ar bhonn aon chóireáil speisialta eile.

(**)

Soláthrófar luach na dtaraifí do na húdaráis rialála náisiúnta glan ó CBL.

(***)

Soláthraithe a chuirfidh níos mó ná mír phoist amháin a chomhlíonann na critéir thuas ar fáil, ba cheart dóibh an taraif is saoire a thuairisciú.

(****)

Beidh na taraifí thuas comhfhreagrach leis na míreanna poist a bheidh á seachadadh ag áit chónaithe nó áitreabh eile an tseolaí sa Bhallstát cinn scríbe, nó ag áitreabh eile arna iarraidh ag an seolaí má fholaíonn an taraif sin an rogha sin gan aon mhuirear breise.


Top