EUR-Lex Access to European Union law

Back to EUR-Lex homepage

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 32015R0940

Rialachán (AE) 2015/940 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 9 Meitheamh 2015 maidir le nósanna imeachta áirithe chun an Comhaontú Cobhsaíochta agus Comhlachais idir na Comhphobail Eorpacha agus a mBallstáit, de pháirt amháin, agus an Bhoisnia agus an Heirseagaivéin, den pháirt eile, a fheidhmiú agus chun an Comhaontú Eatramhach ar thrádáil agus ar ábhair a bhaineann le trádáil idir an Comhphobal Eorpach, de pháirt amháin, agus an Bhoisnia agus an Heirseagaivéin, den pháirt eile, a fheidhmiú (códú)

IO L 160, 25.6.2015, p. 69–75 (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

Legal status of the document In force

ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2015/940/oj

25.6.2015   

GA

Iris Oifigiúill an Aontais Eorpaigh

L 160/69


RIALACHÁN (AE) 2015/940 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

an 9 Meitheamh 2015

maidir le nósanna imeachta áirithe chun an Comhaontú Cobhsaíochta agus Comhlachais idir na Comhphobail Eorpacha agus a mBallstáit, de pháirt amháin, agus an Bhoisnia agus an Heirseagaivéin, den pháirt eile, a fheidhmiú agus chun an Comhaontú Eatramhach ar thrádáil agus ar ábhair a bhaineann le trádáil idir an Comhphobal Eorpach, de pháirt amháin, agus an Bhoisnia agus an Heirseagaivéin, den pháirt eile, a fheidhmiú

(códú)

TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 207(2) de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

Tar éis dóibh an dréachtghníomh reachtach a chur chuig na parlaimintí náisiúnta,

Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach (1),

De bharr an méid seo a leanas:

(1)

Rinneadh Rialachán (CE) Uimh. 594/2008 ón gComhairle (2) a leasú go substaintiúil (3). Ar mhaithe le soiléireacht agus le réasúntacht, ba cheart an Rialachán sin a chódú.

(2)

Síníodh Comhaontú Cobhsaíochta agus Comhlachais idir na Comhphobail Eorpacha agus a mBallstáit, de pháirt amháin agus an Bhoisnia agus an Heirseagaivéin, den pháirt eile (“CCC”), i Lucsamburg an 16 Meitheamh 2008.

(3)

An 16 Meitheamh 2008 thug an Chomhairle chun críche Comhaontú Eatramhach ar thrádáil agus ar ábhair a bhaineann le trádáil idir an Comhphobal Eorpach, de pháirt amháin, agus an Bhoisnia agus an Heirseagaivéin, den pháirt eile (4) (“Comhaontú Eatramhach”) ina ndearnadh foráil maidir le teacht i bhfeidhm luath fhorálacha an CCC maidir le trádáil agus le hábhair a bhaineann le trádáil. Tháinig an Comhaontú Eatramhach i bhfeidhm an 1 Iúil 2008.

(4)

Is gá na nósanna imeachta a leagan síos maidir le forálacha áirithe den Chomhaontú Eatramhach a chur i bhfeidhm. Ós rud é gurb ionann den chuid is mó na forálacha maidir le trádáil agus a bhaineann le trádáil sna hionstraimí sin, ba cheart feidhm a bheith ag an Rialachán seo maidir le cur chun feidhme an CCC tar éis dó teacht i bhfeidhm.

(5)

Ordaítear sa CCC agus sa Chomhaontú Eatramhach go bhféadfar táirgí iascaigh de thionscnamh na Boisnia nó na Heirseagaivéine a allmhairiú isteach san Aontas ar dhleacht chustaim laghdaithe, laistigh de theorainneacha na dtaraif-chuótaí. Is gá, dá bhrí sin, forálacha a leagan síos lena rialaítear bainistiú na dtaraif-chuótaí sin.

(6)

I gcás ina bhfuil gá le bearta cosanta trádála, ba cheart iad a ghlacadh i gcomhréir leis na forálacha ginearálta a leagtar síos i Rialachán (AE) 2015/478 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (5), Rialachán (AE) 2015/479 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (6), Rialachán (CE) Uimh. 1225/2009 ón gComhairle (7) nó, de réir mar a bheidh, Rialachán (CE) Uimh. 597/2009 ón gComhairle (8).

(7)

I gcás ina dtugann Ballstát faisnéis don Choimisiún faoi chalaois a d'fhéadfadh a bheith ann nó faoi mhainneachtain comhar riaracháin a sholáthar, beidh feidhm ag an reachtaíocht ábhartha Aontais, go háirithe Rialachán (CE) Uimh. 515/97 ón gComhairle (9).

(8)

Chun na forálacha iomchuí den Rialachán seo a chur chun feidhme, ba cheart don Choiste um an gCód Custaim a bunaíodh le hAirteagal 285 de Rialachán (AE) Uimh. 952/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (10) cúnamh a thabhairt don Choimisiún.

(9)

Is gá coinníollacha aonfhoirmeacha chun bearta cosanta agus bearta eile nach iad a ghlacadh chun clásail dhéthaobhacha chosanta an Chomhaontaithe Eatramhaigh agus CCC a chur chun feidhme. Ba cheart na bearta sin a ghlacadh i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (11).

(10)

Ba cheart don Choimisiún gníomhartha cur chun feidhme atá infheidhme láithreach a ghlacadh más rud é, i gcásanna a bhfuil údar cuí leo a bhaineann le himthosca eisceachtúla agus géibheannacha a thagann chun cinn de réir bhrí phointe (b) d'Airteagal 24(5) agus Airteagal 25(4) den Chomhaontú Eatramhach, agus phointe (b) d'Airteagal 39(5) agus Airteagal 40(4) den CCC ina dhiaidh sin, go n-éilítear amhlaidh ar mhórchúiseanna práinne,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Ábhar

Sa Rialachán seo leagtar síos nósanna imeachta áirithe chun rialacha mionsonraithe a ghlacadh chun forálacha áirithe den Chomhaontú Cobhsaíochta agus Comhlachais idir na Comhphobail Eorpacha agus a mBallstáit, de pháirt amháin, agus an Bhoisnia agus an Heirseagaivéin, den pháirt eile (“CCC”), a chur chun feidhme agus chun forálacha áirithe den Chomhaontú Eatramhach ar thrádáil agus ar ábhair a bhaineann le trádáil idir an Comhphobal Eorpach, de pháirt amháin, agus an Bhoisnia agus an Heirseagaivéin, den pháirt eile, (“an Comhaontú Eatramhach”) a chur chun feidhme.

Airteagal 2

Lamháltais d'iasc agus do tháirgí iascaigh

Déanfaidh an Coimisiún rialacha mionsonraithe maidir le cur chun feidhme Airteagal 13 den Chomhaontú Eatramhach, agus Airteagal 28 den CCC ina dhiaidh sin, i ndáil leis na taraif-chuótaí d'iasc agus do tháirgí iascaigh, a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 9(3) den Rialachán seo.

Airteagal 3

Laghduithe taraife

1.   Faoi réir mhír 2, déanfar rátaí dleachta fabhraí a shlánú síos go dtí an chéad ionad deachúlach.

2.   Más rud é gurb ionann toradh ríomh an ráta dleachta fabhraí de bhun mhír 1 agus ceann díobh seo a leanas, measfar an ráta fabhrach mar dhíolúine iomlán:

(a)

1 % nó níos lú i gcás dleachtanna ad valorem; nó

(b)

EUR 1 nó níos lú in aghaidh an méid aonair i gcás dleachtanna sonracha.

Airteagal 4

Oiriúnuithe teicniúla

I gcás leasuithe agus oiriúnuithe teicniúla ar na forálacha arna nglacadh de bhun an Rialacháin seo a bhfuil gá leo tar éis athruithe ar chóid na hAinmníochta Comhcheangailte agus ar fhorannta TARIC nó a thig as comhaontuithe, prótacail, malartuithe litreacha nó gníomhartha eile, idir nua agus mhodhnaithe, a thabhairt i gcrích idir an tAontas agus an Bhoisnia agus an Heirseagaivéin, glacfar iad i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 9(3).

Airteagal 5

Clásal cosanta ginearálta

I gcás inar gá don Aontas beart a dhéanamh mar a fhoráiltear in Airteagal 24 den Chomhaontú Eatramhach, agus in Airteagal 39 den CCC ina dhiaidh sin, glacfar an beart sin i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 9(3) den Rialachán seo, mura sonraítear a mhalairt in Airteagal 24 den Chomhaontú Eatramhach, agus in Airteagal 39 den CCC ina dhiaidh sin.

Airteagal 6

Clásal ganntanais

I gcás inar gá don Aontas beart a dhéanamh mar a fhoráiltear in Airteagal 25 den Chomhaontú Eatramhach, agus in Airteagal 40 den CCC ina dhiaidh sin, glacfar an beart sin i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 9(3) den Rialachán seo.

Airteagal 7

Imthosca eisceachtúla agus géibheannacha

I gcás ina dtagann imthosca eisceachtúla agus géibheannacha chun cinn de réir bhrí phointe (b) d'Airteagal 24(5) agus Airteagal 25(4) den Chomhaontú Eatramhach, agus pointe (b) d'Airteagal 39(5) agus Airteagal 40(4) den CCC ina dhiaidh sin, féadfaidh an Coimisiún bearta atá infheidhme láithreach a dhéanamh mar a fhoráiltear in Airteagal 24 agus in Airteagal 25 den Chomhaontú Eatramhach, agus Airteagal 39 agus Airteagal 40 den CCC ina dhiaidh sin.

Má fhaigheann an Coimisiún iarraidh ó Bhallstát, glacfaidh sé cinneadh ina thaobh laistigh de chúig lá oibre tar éis an iarraidh a fháil.

Glacfaidh an Coimisiún na bearta dá dtagraítear sa chéad fhomhír sin i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 9(3) den Rialachán seo, nó i gcásanna práinne, i gcomhréir le hAirteagal 9(4) den Rialachán seo.

Airteagal 8

Clásal cosanta do tháirgí talmhaíochta agus iascaigh

1.   D'ainneoin na nósanna imeachta dá bhforáiltear in Airteagal 5 agus in Airteagal 6 den Rialachán seo, i gcás inar gá don Aontas beart cosanta a dhéanamh dá bhforáiltear in Airteagal 24 den Chomhaontú Eatramhach, agus in Airteagal 39 den CCC ina dhiaidh sin, maidir le táirgí talmhaíochta agus iascaigh, déanfaidh an Coimisiún, arna iarraidh sin ag Ballstát nó ar a thionscnamh féin, na bearta is gá a chinneadh tar éis dó, más infheidhme, dul ar iontaoibh an nós imeachta atreorúcháin dá bhforáiltear in Airteagal 24 den Chomhaontú Eatramhach, agus in Airteagal 39 den CCC ina dhiaidh sin.

Má fhaigheann an Coimisiún iarraidh ó Bhallstát, déanfaidh sé cinneadh fúithi:

(a)

laistigh de thrí lá oibre ón iarraidh sin a fháil, i gcás nach bhfuil feidhm ag an nós imeachta atreorúcháin dá bhforáiltear in Airteagal 24 den Chomhaontú Eatramhach, agus in Airteagal 39 den CCC ina dhiaidh sin; nó

(b)

laistigh de thrí lá roimh dheireadh na tréimhse 30 lá dá dtagraítear i bpointe (a) d'Airteagal 24(5) den Chomhaontú Eatramhach, agus i bpointe (a) d'Airteagal 39(5) den CCC ina dhiaidh sin, i gcás ina bhfuil feidhm ag an nós imeachta atreorúcháin dá bhforáiltear in Airteagal 24 den Chomhaontú Eatramhach, agus in Airteagal 39 den CCC ina dhiaidh sin.

Cuirfidh an Coimisiún na bearta a cinneadh in iúl don Chomhairle.

2.   Glacfaidh an Coimisiún na bearta sin i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 9(3), nó i gcásanna práinne, i gcomhréir le hAirteagal 9(4).

Airteagal 9

Nós imeachta coiste

1.   Chun críche Airteagal 2, Airteagal 4 agus Airteagal 11 den Rialachán seo, déanfaidh an Coiste um an gCód Custaim a bunaíodh le hAirteagal 285 de Rialachán (AE) Uimh. 952/2013 cúnamh a thabhairt don Choimisiún. Coiste de réir bhrí Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 a bheidh sa Choiste sin.

2.   Chun críche Airteagal 5, Airteagal 6, Airteagal 7 agus Airteagal 8 den Rialachán seo, déanfaidh an Coiste um Choimircí a bunaíodh le hAirteagal 3(1) de Rialachán (AE) 2015/478 cúnamh a thabhairt don Choimisiún. Coiste de réir bhrí Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 a bheidh sa Choiste sin.

3.   I gcás ina ndéantar tagairt don mhír seo, beidh feidhm ag Airteagal 5 de Rialachán (AE) Uimh. 182/2011.

4.   I gcás ina ndéantar tagairt don mhír seo, beidh feidhm ag Airteagal 8 de Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 i dteannta Airteagal 5 den Rialachán sin.

Airteagal 10

Dumpáil agus fóirdheontas

I gcás cleachtais ar dóchúil gur gá don Aontas na bearta dá bhforáiltear in Airteagal 23(2) den Chomhaontú Eatramhach, agus in Airteagal 38(2) den CCC ina dhiaidh sin, a chur i bhfeidhm ina leith, déanfar tabhairt isteach beart frithdhumpála agus/nó frithchúitimh a chinneadh i gcomhréir leis na forálacha a leagtar síos i Rialachán (CE) Uimh. 1225/2009 agus/nó i Rialachán (CE) Uimh. 597/2009 faoi seach.

Airteagal 11

Iomaíocht

1.   I gcás cleachtais a d'fhéadfadh údar cuí a thabhairt do chur i bhfeidhm na mbeart dá bhforáiltear in Airteagal 36 den Chomhaontú Eatramhach, agus in Airteagal 71 den CCC ina dhiaidh sin, ag an Aontas, déanfaidh an Coimisiún cinneadh, tar éis dó an cás a scrúdú, ar a thionscnamh féin nó arna iarraidh sin ag Ballstát, an bhfuil an cleachtas ag luí leis na Comhaontuithe sin.

Na bearta dá bhforáiltear in Airteagal 36(10) den Chomhaontú Eatramhach, agus in Airteagal 71(10) den CCC ina dhiaidh sin, glacfar iad i gcásanna cabhrach i gcomhréir leis na nósanna imeachta a leagtar síos i Rialachán (CE) Uimh. 597/2009 agus, i gcásanna eile nach iad, i gcomhréir leis an nós imeachta a leagtar síos in Airteagal 207 den Chonradh.

2.   I gcás cleachtais lena bhféadfadh an Bhoisnia agus an Heirseagaivéin bearta a chur i bhfeidhm maidir leis an Aontas ar bhonn Airteagal 36 den Chomhaontú Eatramhach agus Airteagal 71 den CCC ina dhiaidh sin, cinnfidh an Coimisiún, tar éis dó an cás a scrúdú, an bhfuil an cleachtas ag luí leis na prionsabail a leagtar síos sa Chomhaontú Eatramhach, agus sa CCC ina dhiaidh sin. I gcás inar gá, déanfaidh an Coimisiún na cinntí iomchuí ar bhonn critéar a thig as cur i bhfeidhm Airteagal 101, Airteagal 102 agus Airteagal 107 den Chonradh.

Airteagal 12

Calaois nó mainneachtain comhar riaracháin a sholáthar

I gcás ina gcinnfidh an Coimisiún, ar bhonn faisnéise arna soláthar ag Ballstát nó ar a thionscnamh féin, gur comhlíonadh na coinníollacha a leagtar síos in Airteagal 29 den Chomhaontú Eatramhach, agus in Airteagal 44 den CCC ina dhiaidh sin, déanfaidh sé an méid seo a leanas gan mhoill:

(a)

an Chomhairle a chur ar an eolas; agus

(b)

fógra faoi na torthaí a thabhairt don Choiste Eatramhach, agus don Choiste um Chobhsaíocht agus Comhlachas ina dhiaidh sin, mar aon leis an bhfaisnéis oibiachtúil, agus rachaidh sé i mbun comhairliúcháin laistigh den Choiste Eatramhach agus laistigh den Choiste um Chobhsaíocht agus Comhlachas ina dhiaidh sin.

Aon rud a fhoilseofar faoi Airteagal 29(5) den Chomhaontú Eatramhach, agus faoi Airteagal 44(5) den CCC ina dhiaidh sin, foilseoidh an Coimisiún in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh é.

Féadfaidh an Coimisiún a chinneadh, i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 9(3) den Rialachán seo, cóir fhabhrach ábhartha na dtáirgí dá bhforáiltear in Airteagal 29(4) den Chomhaontú Eatramhach, agus in Airteagal 44(4) den CCC ina dhiaidh sin, a chur ar fionraí go sealadach.

Airteagal 13

Fógra a thabhairt

Ag gníomhú dó thar ceann an Aontais, beidh an Coimisiún freagrach as fógra a thabhairt don Choiste Eatramhach, agus don Chomhairle um Chobhsaíocht agus Comhlachais agus don Choiste um Chobhsaíocht agus Comhlachas ina dhiaidh sin, faoi seach, mar a cheanglaítear faoin gComhaontú Eatramhach nó faoin CCC.

Airteagal 14

Aisghairm

Aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 594/2008.

Déanfar tagairtí don Rialachán aisghairthe a fhorléiriú mar thagairtí don Rialachán seo agus léifear iad i gcomhréir leis an tábla comhghaoil in Iarscríbhinn II.

Airteagal 15

Teacht i bhfeidhm

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh in Strasbourg, an 9 Meitheamh 2015.

Thar ceann Pharlaimint na hEorpa

An tUachtarán

M. SCHULZ

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

Z. KALNIŅA-LUKAŠEVICA


(1)  Seasamh ó Pharlaimint na hEorpa an 29 Aibreán 2015 (nár foilsíodh go fóill san Iris Oifigiúil) agus cinneadh ón gComhairle an 28 Bealtaine 2015.

(2)  Rialachán (CE) Uimh. 594/2008 ón gComhairle an 16 Meitheamh 2008 maidir le nósanna imeachta áirithe chun an Comhaontú Cobhsaíochta agus Comhlachais idir na Comhphobail Eorpacha agus a mBallstáit, de pháirt amháin, agus an Bhoisnia agus an Heirseagaivéin, den pháirt eile, a fheidhmiú agus chun an Comhaontú Eatramhach ar thrádáil agus ar ábhair a bhaineann le trádáil idir an Comhphobal Eorpach, de pháirt amháin, agus an Bhoisnia agus an Heirseagaivéin, den pháirt eile, a fheidhmiú. (IO L 169, 30.6.2008, lch. 1).

(3)  Féach Iarscríbhinn I.

(4)  IO L 169, 30.6.2008, lch. 13.

(5)  Rialachán (AE) 2015/478 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Márta 2015 maidir le comhrialacha le haghaidh allmhairí (IO L 83, 27.3.2015, lch. 16).

(6)  Rialachán (AE) 2015/479 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Márta 2015 maidir le comhrialacha le haghaidh onnmhairí (IO L 83, 27.3.2015, lch. 34).

(7)  Rialachán (CE) Uimh. 1225/2009 ón gComhairle an 30 Samhain 2009 maidir le cosaint i gcoinne allmhairí dumpáilte ó thíortha nach baill den Chomhphobal Eorpach iad (IO L 343, 22.12.2009, lch. 51).

(8)  Rialachán (CE) Uimh. 597/2009 ón gComhairle an 11 Meitheamh 2009 maidir le cosaint i gcoinne allmhairí fóirdheontais ó thíortha nach baill den Chomhphobal Eorpach iad (IO L 188, 18.7.2009, lch. 93).

(9)  Rialachán (CE) Uimh. 515/97 ón gComhairle an 13 Márta 1997 maidir le cúnamh frithpháirteach idir údaráis riaracháin na mBallstát agus maidir le comhar idir na Ballstáit agus an Coimisiún chun a áirithiú go gcuirfear an dlí ar ábhair chustaim agus ar ábhair thalmhaíochta i bhfeidhm i gceart (IO L 82, 22.3.1997, lch. 1).

(10)  Rialachán (AE) Uimh. 952/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 9 Deireadh Fómhair 2013 lena leagtar síos Cód Custaim an Aontais (IO L 269, 10.10.2013, lch. 1).

(11)  Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Feabhra 2011 lena leagtar síos na rialacha agus na prionsabail ghinearálta a bhaineann leis na sásraí maidir le rialú ag na Ballstáit ar fheidhmiú cumhachtaí cur chun feidhme ag an gCoimisiún (IO L 55, 28.2.2011, lch. 13).


IARSCRÍBHINN I

An Rialachán aisghairthe mar aon leis an leasú a rinneadh air

Rialachán (CE) Uimh. 594/2008 ón gComhairle

(IO L 169, 30.6.2008, lch. 1)

 

Rialachán (AE) Uimh. 37/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle

(IO L 18, 21.1.2014, lch. 1)

Iarscríbhinn, pointe 17 amháin


IARSCRÍBHINN II

Tábla Comhghaoil

Rialachán (CE) Uimh. 594/2008

An Rialachán seo

Airteagail 1 go 8

Airteagail 1 go 8

Airteagal 8a

Airteagal 9

Airteagal 9

Airteagal 10

Airteagal 10

Airteagal 11

Airteagal 11

Airteagal 12

Airteagal 13

Airteagal 13

Airteagal 14

Airteagal 14

Airteagal 15

Iarscríbhinn I

Iarscríbhinn II


Top