EUR-Lex Access to European Union law
This document is an excerpt from the EUR-Lex website
Document 32014R0659
Regulation (EU) No 659/2014 of the European Parliament and of the Council of 15 May 2014 amending Regulation (EC) No 638/2004 on Community statistics relating to trading of goods between Member States as regards conferring delegated and implementing powers on the Commission for the adoption of certain measures, the communication of information by the customs administration, the exchange of confidential data between Member States and the definition of statistical value
Rialachán (AE) Uimh. 659/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 15 Bealtaine 2014 lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 638/2004 maidir le staidreamh Comhphobail i ndáil le trádáil earraí idir Ballstáit i dtaca le cumhachtaí tarmligthe agus cumhachtaí cur chun feidhme a thabhairt don Choimisiún chun bearta áirithe a ghlacadh, faisnéis a chur in iúl trí lucht riaracháin custaim, sonraí rúnda a mhalartú idir na Ballstáit agus luach staidrimh a shainmhíniú
Rialachán (AE) Uimh. 659/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 15 Bealtaine 2014 lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 638/2004 maidir le staidreamh Comhphobail i ndáil le trádáil earraí idir Ballstáit i dtaca le cumhachtaí tarmligthe agus cumhachtaí cur chun feidhme a thabhairt don Choimisiún chun bearta áirithe a ghlacadh, faisnéis a chur in iúl trí lucht riaracháin custaim, sonraí rúnda a mhalartú idir na Ballstáit agus luach staidrimh a shainmhíniú
IO L 189, 27.6.2014, p. 128–134
(BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)
No longer in force, Date of end of validity: 31/12/2021; Arna aisghairm go hintuigthe ag 32019R2152
27.6.2014 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
128 |
RIALACHÁN (AE) Uimh. 659/2014 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE
an 15 Bealtaine 2014
lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 638/2004 maidir le staidreamh Comhphobail i ndáil le trádáil earraí idir Ballstáit i dtaca le cumhachtaí tarmligthe agus cumhachtaí cur chun feidhme a thabhairt don Choimisiún chun bearta áirithe a ghlacadh, faisnéis a chur in iúl trí lucht riaracháin custaim, sonraí rúnda a mhalartú idir na Ballstáit agus luach staidrimh a shainmhíniú
TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 338(1) de,
Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,
Tar éis an dréachtghníomh reachtach a chur chuig na parlaimintí náisiúnta,
Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach (1),
De bharr an méid seo a leanas:
(1) |
Mar thoradh ar theacht i bhfeidhm an Chonartha ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (CFAE), ba cheart na cumhachtaí atá tugtha don Choimisiún a ailíniú le hAirteagal 290 agus le hAirteagal 291 CFAE. |
(2) |
I dtaca le glacadh Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (2), tá curtha de cheangal air féin ag an gCoimisiún athbhreithniú a dhéanamh ar ghníomhartha reachtacha a bhfuil tagairtí iontu faoi láthair don nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú, i bhfianaise na gcritéar a leagtar síos i CFAE. |
(3) |
Tugtar cumhachtaí don Choimisiún trí Rialachán (CE) Uimh. 638/2004 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (3) d’fhonn cuid dá fhorálacha a chur chun feidhme. |
(4) |
D’fhonn Rialachán (CE) Uimh. 638/2004 a ailíniú le hAirteagal 290 agus Airteagal 291 CFAE, ba cheart cumhachtaí chun gníomhartha tarmligthe agus gníomhartha cur chun feidhme a ghlacadh a chur in ionad cumhachtaí cur chun feidhme arna dtabhairt don Choimisiún leis an Rialachán sin. |
(5) |
Chun freagra sásúil a thabhairt ar riachtanais úsáideoirí le faisnéis staidrimh gan ualaí iomarcacha a fhorchur ar oibreoirí eacnamaíocha, chun athruithe a bhfuil gá leo ar chúiseanna modheolaíochta agus an gá atá le córas éifeachtúil a bhunú chun sonraí a bhailiú agus staidreamh a chur le chéile a chur san áireamh, ba cheart an chumhacht chun gníomhartha a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 290 CFAE a tharmligean chuig an gCoimisiún i ndáil le glacadh rialacha éagsúla nó sonracha a bhfuil feidhm acu maidir le hearraí nó gluaiseachtaí sonracha, oiriúnú rátaí cumhdaigh Intrastat, sonrú na gcoinníollacha chun na tairseacha dá dtagraítear in Airteagal 10(4) de Rialachán (CE) Uimh. 638/2004 a shainiú, sonrú na gcoinníollacha maidir le simpliú na faisnéise atá le soláthar d’idirbhearta beaga, agus sainiú na sonraí comhiomlánaithe. |
(6) |
Agus gníomhartha tarmligthe á nglacadh aige, tá sé tábhachtach go háirithe go rachadh an Coimisiún i mbun comhairliúchán iomchuí le linn a chuid oibre ullmhúcháin, lena n-áirítear ar leibhéal na saineolaithe. Ba cheart don Choimisiún, le linn dó gníomhartha tarmligthe a ullmhú agus a tharraingt suas, a áirithiú go ndéanfar doiciméid ábhartha a tharchur chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle ar bhealach comhuaineach, tráthúil agus iomchuí. Ba cheart don Choimisiún a áirithiú freisin nach bhforchuirtear ualach breise suntasach leis na gníomhartha tarmligthe dá bhforáiltear sna gníomhartha reachtacha ar na Ballstáit nó ar na freagróirí agus go mbeidh siad chomh tíosach agus is féidir. |
(7) |
Chun coinníollacha aonfhoirmeacha a áirithiú maidir le Rialachán (CE) Uimh. 638/2004 a chur chun feidhme, ba cheart cumhachtaí cur chun feidhme a thabhairt don Choimisiún chun cur ar a chumas na socruithe maidir le bailiú faisnéise ghlacadh, go háirithe maidir leis na cóid atá le húsáid, miondealú na meastachán, na forálacha teicniúla chun staidreamh bliantúil maidir le trádáil de réir saintréithe gnó a chur le chéile agus aon bhearta is gá chun a áirithiú go gcomhlíonann cháilíocht an staidrimh arna tharchur na caighdeáin cháilíochta, a chinneadh. Ba cheart na cumhachtaí sin a fheidhmiú i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 182/2011. |
(8) |
Tugann an Coiste staidrimh i ndáil le trádáil earraí idir Ballstáit (“Coiste Intrastat”) dá dtagraítear in Airteagal 14 de Rialachán (CE) Uimh. 638/2004 comhairle don Choimisiún agus cuidíonn sé leis a chumhachtaí cur chun feidhme a fheidhmiú. |
(9) |
De réir na straitéise maidir le struchtúr nua don Chóras Staidrimh Eorpach (CSE), a bhfuil sé mar aidhm aige comhordú agus comhpháirtíocht a fheabhsú i struchtúr soiléir pirimide laistigh de CSE, ba cheart ról comhairleach a bheith ag an gCoiste um an gCóras Staidrimh Eorpach (CCSE), ar coiste é a bunaíodh le Rialachán (CE) Uimh. 223/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (4) agus ba cheart dó cúnamh a thabhairt don Choimisiún a chumhachtaí cur chun feidhme a fheidhmiú. Is cuid bhunriachtanach é an comhordú idir údaráis náisiúnta agus an Coimisiún (Eurostat) a fheabhsú le go bhféadfar staidreamh ar chaighdeán níos airde a tháirgeadh san Aontas. |
(10) |
Ba cheart Rialachán (CE) Uimh. 638/2004 a leasú trí thagairt do CCSE a chur in ionad na tagartha do Choiste Intrastat. |
(11) |
Mar thoradh ar shimpliú scéimeanna imréitigh custaim níl faisnéis staidrimh le fáil, ar leibhéal custaim, faoi earraí atá faoi réir nósanna imeachta próiseála custaim. Chun cumhdach na sonraí a áirithiú, ba cheart gluaiseachtaí na n-earraí sin a chur san áireamh i gcóras Intrastat. |
(12) |
Ba cheart malartú sonraí rúnda a bhaineann le staidreamh trádála laistigh den Aontas a cheadú idir na Ballstáit d’fhonn éifeachtúlacht a mhéadú i dtaca le forbairt, le táirgeadh agus le scaipeadh an staidrimh sin nó chun a cháilíocht a fheabhsú. Ba cheart malartuithe sonraí rúnda den sórt sin a bheith deonach, ba cheart déileáil leo go cáiréiseach agus níor cheart go mbeadh ualach breise riaracháin ar ghnóthais dá mbarr. |
(13) |
Ba cheart an sainmhíniú ar luach staidrimh a shoiléiriú agus a ailíniú leis an sainmhíniú ar an mír sonraí sin faoin staidreamh trádála lasmuigh den Aontas d’fhonn go bhféadfar inchomparáideacht níos fearr a dhéanamh idir staidreamh trádála laistigh den Aontas agus staidreamh trádála lasmuigh den Aontas. Tá sainmhínithe aonfhoirmeacha fíor-riachtanach chun taifead comhchuibhithe a dhéanamh ar an trádáil trasteorann agus tá siad tábhachtach go háirithe mar réamhriachtanas chun cur ar chumas údarás náisiúnta léirmhínithe comhréireacha a dhéanamh ar rialacha a mbíonn tionchar acu ar ghníomhaíochtaí gnó trasteorann. |
(14) |
I gcomhréir le prionsabal na comhréireachta, is gá agus is iomchuí rialacha comhchuibhithe a leagan síos maidir le faisnéis a chur in iúl trí lucht riaracháin custaim, maidir le malartú sonraí rúnda idir na Ballstáit agus an sainmhíniú ar luach staidrimh i réimse an staidrimh trádála laistigh den Aontas. Ní théann an Rialachán seo thar a bhfuil riachtanach chun an cuspóir sin a bhaint amach, i gcomhréir le hAirteagal 5(4) den Chonradh ar an Aontas Eorpach. |
(15) |
Ba cheart an tarchur sonraí a dhéanann na húdaráis náisiúnta a bheith saor in aisce do na Ballstáit agus d’institiúidí agus do ghníomhaireachtaí an Aontais. |
(16) |
Tá sé tábhachtach slándáil na modhanna chun sonraí staidrimh íogaire a tharchur a ráthú, lena n-áirítear sonraí eacnamaíocha. |
(17) |
Chun deimhneacht dhlíthiúil a áirithiú, níor cheart go ndéanfadh an Rialachán seo difear do na nósanna imeachta maidir le bearta a ghlacadh, ar bearta iad a tionscnaíodh ach nach mbeidh críochnaithe roimh theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo. |
(18) |
Ba cheart, dá bhrí sin, Rialachán (CE) Uimh. 638/2004 a leasú dá réir sin, |
TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 638/2004 mar seo a leanas:
(1) |
in Airteagal 3, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 4: ‘4. Tabharfar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh, i gcomhréir le hAirteagal 13a, a bhaineann le rialacha éagsúla nó sonracha is infheidhme i leith earraí sonracha nó gluaiseachtaí sonracha.’; |
(2) |
leasaítear Airteagal 5 mar seo a leanas:
|
(3) |
cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 6: ‘Airteagal 6 Tréimhse tagartha Is í an tréimhse tagartha a bheidh ann chun an fhaisnéis a sholáthar, i gcomhréir le hAirteagal 5:
|
(4) |
in Airteagal 9(1), cuirtear an méid seo a leanas in ionad an dara fomhír: “Leagtar síos san Iarscríbhinn sainmhínithe ar na sonraí staidrimh dá dtagraítear i bpointí (e) go (h). Glacfaidh an Coimisiún, trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme, na socruithe chun an fhaisnéis sin a bhailiú, go háirithe na cóid agus an fhormáid atá le húsáid. Glacfar na gníomhartha cur chun feidhme sin i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 14(2).’; |
(5) |
cuirtear isteach an tAirteagal seo a leanas: ‘Airteagal 9a Malartú sonraí rúnda Féadfar sonraí rúnda a mhalartú, mar atá sainmhínithe in Airteagal 3(7) de Rialachán (CE) Uimh. 223/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (*), chun críocha staidrimh amháin, idir na húdaráis náisiúnta atá freagrach i ngach Ballstáit, i gcás ina bhfreastalaíonn an malartú ar fhorbairt, táirgeadh agus scaipeadh éifeachtúil an staidrimh Eorpaigh a bhaineann le trádáil earraí idir na Ballstáit nó i gcás ina bhfeabhsaítear an cháilíocht leis. Caithfidh na húdaráis náisiúnta a bhfuil sonraí rúnda faighte acu leis an bhfaisnéis sin mar fhaisnéis rúnda agus úsáidfidh siad í chun críocha staidrimh amháin i gcomhréir le Caibidil V de Rialachán (CE) Uimh. 223/2009. (*) Rialachán (CE) Uimh. 223/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Márta 2009 maidir le Staidreamh Eorpach agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE, Euratom) Uimh. 1101/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le tarchur sonraí atá faoi réir rúndachta staidrimh chuig Oifig Staidrimh na gComhphobal Eorpach, Rialachán (CE) Uimh. 322/97 ón gComhairle maidir le Staidreamh Comhphobail, agus Cinneadh 89/382/CEE, Euratom ón gComhairle lena mbunaítear Coiste um Chláir Staidrimh na gComhphobal Eorpach (IO L 87, 31.3.2009, lch. 164).’;" |
(6) |
leasaítear Airteagal 10 mar a leanas:
|
(7) |
leasaítear Airteagal 12 mar a leanas:
|
(8) |
in Airteagal 13, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 4: ‘4. Glacfaidh an Coimisiún, trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme, aon bheart is gá chun cáilíocht an staidrimh arna tharchur i gcomhréir leis na critéir cháilíochta a áirithiú, agus costais iomarcacha do na húdaráis náisiúnta á seachaint. Glacfar na gníomhartha cur chun feidhme sin i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 14(2).’; |
(9) |
cuirtear isteach an tAirteagal seo a leanas: ‘Airteagal 13a An tarmligean a fheidhmiú 1. Tugtar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh faoi réir na gcoinníollacha atá leagtha síos san Airteagal seo. 2. Agus na cumhachtaí atá tarmligthe in Airteagal 3(4), Airteagal 10(3), (4) agus (5), agus i bpointe (a) d’Airteagal 12(1) den Rialachán seo á bhfeidhmiú aige, gníomhóidh an Coimisiún i gcomhréir le hAirteagal 14(3) de Rialachán (CE) Uimh. 223/2009, lena n-áirithítear, inter alia, nach gcuirfidh na gníomhartha tarmligthe ualach suntasach breise ar na Ballstáit ná ar na freagróirí. Tá tábhacht ar leith ag baint leis go leanfadh an Coimisiún a ghnáthchleachtas agus go rachadh sé i mbun comhairliúchán le saineolaithe, lena n-áirítear saineolaithe Ballstát, roimh dó na gníomhartha tarmligthe sin a ghlacadh. 3. Déanfar an chumhacht chun gníomhartha tarmligthe a ghlacadh dá dtagraítear in Airteagal 3(4), Airteagal 10(3), (4) agus (5) agus i bpointe (a) d’Airteagal 12(1)(a) a thabhairt don Choimisiún go ceann tréimhse cúig bliana ón 17 Iúil 2014. Déanfaidh an Coimisiún, tráth nach déanaí ná naoi mí roimh dheireadh na tréimhse cúig bliana, tuarascáil a tharraingt suas maidir le tarmligean na cumhachta. Déanfar tarmligean na cumhachta a fhadú go hintuigthe go ceann tréimhsí comhfhaid, mura rud é go gcuireann Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle in aghaidh an fhadaithe sin tráth nach déanaí ná trí mhí roimh dheireadh gach tréimhse. 4. Féadfaidh Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle tarmligean na cumhachta dá dtagraítear in Airteagal 3(4), Airteagal 10(3), (4) agus (5), agus i bpointe (a) d’Airteagal 12(1) a chúlghairm aon tráth. Déanfaidh cinneadh cúlghairm a dhéanamh deireadh a chur le tarmligean na cumhachta atá sonraithe sa chinneadh sin. Gabhfaidh éifeacht leis an lá tar éis fhoilsiú an chinnidh in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh nó ar dháta is déanaí a shonrófar sa chinneadh. Ní dhéanfaidh sé difear do bhailíocht aon ghníomhartha tarmligthe atá i bhfeidhm cheana féin. 5. A luaithe a ghlacfaidh sé gníomh tarmligthe, tabharfaidh an Coimisiún fógra do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle ina leith an tráth céanna. 6. Ní thiocfaidh gníomh tarmligthe arna ghlacadh de bhun Airteagal 3(4), Airteagal 10(3), (4) agus (5), agus de bhun phointe (a) d’Airteagal 12(1) i bhfeidhm ach amháin mura mbeidh aon agóid curtha in iúl ag Parlaimint na hEorpa nó ag an gComhairle laistigh de thréimhse trí mhí tar éis fógra faoin ngníomh sin a thabhairt do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle nó más rud é, roimh dheireadh an tréimhse sin in éag, go mbeidh Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle araon tar éis a chur in iúl nach ndéanfaidh siad aon agóid. Cuirfear trí mhí leis an tréimhse sin ar thionscnamh Pharlaimint na hEorpa nó na Comhairle.’; |
(10) |
cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 14: ‘Airteagal 14 An nós imeachta Coiste 1. Beidh an Coiste um an gCóras Staidrimh Eorpach arna bhunú le Rialachán (CE) Uimh. 223/2009 de chúnamh ag an gCoimisiún. Beidh an coiste sin ina choiste de réir bhrí Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (**). 2. I gcás ina ndéantar tagairt don mhír seo, beidh feidhm ag Airteagal 5 de Rialachán (AE) Uimh. 182/2011. (**) Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Feabhra 2011 lena leagtar síos na rialacha agus na prionsabail ghinearálta a bhaineann leis na sásraí maidir le rialú ag na Ballstáit ar fheidhmiú cumhachtaí cur chun feidhme ag an gCoimisiún (IO L 55, 28.2.2011, lch. 13).’;" |
(11) |
san Iarscríbhinn, cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe 3(b):
|
Airteagal 2
Ní dhéanfaidh an Rialachán seo difear do na nósanna imeachta chun bearta a ghlacadh dá bhforáiltear i Rialachán (CE) Uimh. 638/2004 a bheidh tionscanta ach nach mbeidh críochnaithe roimh theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo.
Airteagal 3
Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil an 15 Bealtaine 2014.
Thar ceann Pharlaimint na hEorpa
An tUachtarán
M. SCHULZ
Thar ceann na Comhairle
An tUachtarán
D. KOURKOULAS
(1) Seasamh ó Pharlaimint na hEorpa an 15 Aibreán 2014 (nár foilsíodh fós san Iris Oifigiúil) agus cinneadh ón gComhairle an 6 Bealtaine 2014.
(2) Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Feabhra 2011 lena leagtar síos na rialacha agus na prionsabail ghinearálta a bhaineann leis na sásraí maidir le rialú ag na Ballstáit ar fheidhmiú cumhachtaí chur chun feidhme an Choimisiún (IO L 55, 28.2.2011, lch. 13).
(3) Rialachán (CE) Uimh. 638/2004 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 31 Márta 2004 maidir le staidreamh Comhphobail a bhaineann le trádáil earraí idir Ballstáit agus lena n-aisghairtear Rialachán (CEE) Uimh. 3330/91 ón gComhairle (IO L 102, 7.4.2004, lch. 1).
(4) Rialachán (CE) Uimh. 223/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Márta 2009 maidir le Staidreamh Eorpach agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE, Euratom) Uimh. 1101/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le tarchur sonraí atá faoi réir rúndachta staidrimh chuig Oifig Staidrimh na gComhphobal Eorpach, Rialachán (CE) Uimh. 322/97 ón gComhairle maidir le Staidreamh Comhphobail, agus Cinneadh 89/382/CEE, Euratom ón gComhairle lena mbunaítear Coiste um Chláir Staidrimh na gComhphobal Eorpach (IO L 87, 31.3.2009, lch. 164).