EUR-Lex Access to European Union law

Back to EUR-Lex homepage

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 32013R1294

Rialachán (AE) Uimh. 1294/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Nollaig 2013 lena mbunaítear clár gníomhaíochta um chustam san Aontas Eorpach don tréimhse 2014-2020 (Custam 2020) agus lena n-aisghairtear Cinneadh Uimh. 624/2007/CE

IO L 347, 20.12.2013, p. 209–220 (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

Legal status of the document No longer in force, Date of end of validity: 31/12/2020; Arna aisghairm le 32021R0444

ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2013/1294/oj

20.12.2013   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

209


RIALACHÁN (AE) Uimh. 1294/2013 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

an 11 Nollaig 2013

lena mbunaítear clár gníomhaíochta um chustam san Aontas Eorpach don tréimhse 2014-2020 (Custam 2020) agus lena n-aisghairtear Cinneadh Uimh. 624/2007/CE

TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 33 de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

Tar éis an dréachtghníomh reachtach a chur chuig na parlaimintí náisiúnta,

Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach, (1)

De bharr an méid seo a leanas:

(1)

Tá éascaíocht mhór déanta ag an gclár gníomhaíochta ilbhliantúil um chustaim a bhí i bhfeidhm roimh 2014 ar chomhar idir údaráis chustaim laistigh den Aontas agus tá feabhas mór curtha aige ar an gcomhar sin. Is de chineál trasteorann go leor de na gníomhaíochtaí i réimse an chustaim, gníomhaíochtaí a bhaineann leis na Ballstáit uile agus a dhéanann difear dóibh uile agus, dá bhrí sin, ní féidir le Ballstáit aonair iad a bhaint amach go héifeachtach ná go héifeachtúil. Le clár Custam ar leibhéal an Aontais, arna chur chun feidhme ag an gCoimisiún, cuirtear creat Aontais ar fáil do na Ballstáit chun na gníomhaíochtaí comhair sin a fhorbairt, rud atá níos costéifeachtaí ná gach Ballstát a bheith ag bunú a chreata comhair aonair ar bhonn déthaobhach nó iltaobhach. Is iomchuí a áirithiú, dá bhrí sin, go n-áiritheofaí go leanfar leis an gclár gníomhaíochta ilbhliantúil a bhí ann cheana trí chlár nua a bhunú sa réimse céanna, Clár Custam 2020 ('an Clár').

(2)

Maidir leis na gníomhaíochtaí faoin gClár, eadhon na Córais Eorpacha Faisnéise, na gníomhaíochtaí comhpháirteacha le haghaidh oifigeach custaim agus na tionscnaimh oiliúna coitinne, beidh siad ina gcuidiú leis an straitéis Eoraip 2020 maidir le fás cliste inbhuanaithe uilechuimsitheach a chur i gcrích trí fheidhmiú an mhargaidh inmheánaigh a neartú. Ó tharla go mbeidh an Clár ina chreat ag gníomhaíochtaí atá ceaptha údaráis chustaim agus chánachais a dhéanamh níos éifeachtaí agus nuachóirithe, iomaíochas gnólachtaí a neartú, fostaíocht a chur chun cinn agus réasúnú agus comhordú a dhéanamh ar ghníomhaíochtaí na mBallstát a leasanna airgeadais agus eacnamaíocha, agus iad siúd de chuid an Aontais, a chosaint, neartóidh sé feidhmiú an Aontais Chustaim go gníomhach, sa chaoi go bhféadfaidh gnólachtaí agus saoránaigh leas a bhaint as acmhainn iomlán an mhargaidh inmheánaigh agus na trádála domhanda.

(3)

D'fhonn próiseas aontachais agus comhlachais a éascú do thríú tíortha, ba cheart don Chlár a bheith oscailte do thíortha aontacha agus tíortha is iarrthóirí, mar aon le hiarrthóirí ionchasacha agus tíortha comhpháirtíochta de Bheartas Comharsanachta na hEorpa ar chuntar go gcomhlíonfaidh siad coinníollacha áirithe. Ós rud é go bhfuil codanna éagsúla an gheilleagair dhomhanda á gcomhshnaidhmeadh le chéile diaidh ar ndiaidh, ba cheart go leanfar leis an gClár d’fhoráil a dhéanamh maidir le saineolaithe seachtracha a bheith páirteach freisin, saineolaithe amhail oifigigh de chuid tríú tíortha, ionadaithe eagraíochtaí idirnáisiúnta nó oibreoirí eacnamaíocha i gcás gníomhaíochtaí áirithe. Meastar gur bunriachtanach é go mbíonn saineolaithe seachtracha rannpháirteach aon uair nach féidir na cuspóirí a bhaineann le clár a bhaint amach gan rannchuidiú ó na saineolaithe sin. Déanann cur ar bun na Seirbhíse Eorpaí Gníomhaíochta Seachtraí faoi údarás Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála comhar agus comhleanúnachas maidir le cúrsaí beartais a éascú i réimse atá ina ghné ábhartha de straitéisí agus gníomhaíochtaí seachtracha an Aontais, ar bhonn déthaobhach agus iltaobhach araon.

(4)

Ba cheart go gcuirfí san áireamh i gcuspóirí an Chláir na fadhbanna agus na dúshláin atá sainaitheanta ó thaobh cúrsaí custaim de sna deich mbliana amach romhainn. Ba cheart go leanfadh an Clár de ról a bheith aige i réimsí sár-thábhachtacha amhail cur chun feidhme comhleanúnach dhlí an Aontais i réimse an chustaim agus nithe gaolmhara eile. Ina theannta sin, ba cheart don Chlár bheith dírithe ar leasanna airgeadais agus eacnamaíocha an Aontais a chosaint agus ar shábháilteacht agus slándáil a chosaint. Ba cheart go gcuimseofaí leis sin, inter alia, comhar agus comhthiomsú faisnéise idir údaráis náisiúnta agus údaráis de chuid an Aontais a dhéanann faireachán ar an margadh agus na húdaráis chustaim. Ba cheart an Clár a dhíriú freisin ar thrádáil a éascú, agus déanfar sin ar bhealaí éagsúla, inter alia trí iarrachtaí comhpháirteacha calaois a chomhrac agus trí acmhainn riaracháin na n-údarás custaim a mhéadú. Faoi chuimsiú an méid sin, ba cheart anailís chostais/sochair a dhéanamh ar threalamh braite agus ar an teicneolaíocht a bhaineann leis chun gur fusa a bheidh sé d'údaráis chustaim uirlisí nua-aimseartha le haghaidh rialú custaim a fháil i ndiaidh 2020. Ba cheart fiosrú freisin cé hiad na bealaí a d'fhéadfadh bheith ann chun uirlisí nua-aimseartha le haghaidh rialuithe custaim a fháil, lena n-áirítear soláthar poiblí comhpháirteach.

(5)

Tá sé léirithe go bhfuil na huirlisí Cláir a bhí i bhfeidhm roimh 2014 leordhóthanach agus, dá bhrí sin, ba cheart iad a choinneáil. I bhfianaise an ghá atá le comhar oibríochtúil níos struchtúrtha, ba cheart uirlisí breise a chur leis an gclár, eadhon, foirne saineolaithe atá comhdhéanta de shaineolaithe de chuid an Aontais agus saineolaithe náisiúnta chun tascanna i réimsí ar leith a chur i gcrích i gcomhar lena chéile, agus gníomhaíochtaí chun acmhainní riarachán poiblí a fhorbairt lenar cheart cúnamh speisialaithe a chur ar fáil do na tíortha rannpháirteacha sin a bhfuil forbairt ar a n-acmhainní riaracháin de dhíth orthu.

(6)

Tá ról sár-riachtanach ag na córais Eorpacha faisnéise ó thaobh córais chustaim san Aontas a neartú agus ba cheart, dá bhrí sin, leanúint de bheith á maoiniú faoin gClár. Ina theannta sin, ba cheart go bhféadfaí córais faisnéise nua a bhaineann le cúrsaí custaim agus a bhunaítear faoi dhlí an Aontais a chur leis an gClár. Ba cheart córais Eorpacha faisnéise, nuair is iomchuí, a bhunú ar shamhlacha forbraíochta comhroinnte agus ar struchtúir teicneolaíochta faisnéise, d'fhonn cur le solúbthacht agus éifeachtúlacht sa riarachán custaim.

(7)

Ba cheart go ndéanfaí leis inniúlachtaí an duine a fhorbairt trí oiliúint choiteann agus ba cheart í sin a chur ar fáil faoin gClár. Ní mór d'oifigigh chustaim a gcuid eolais agus scileanna a mhéadú agus a choinneáil cothrom le dáta chun riachtanais an Aontais a chomhlíonadh. Ba cheart ról lárnach a bheith ag an gClár i bhforbairt scileanna daoine trí thacaíocht a thabhairt chun oiliúint níos fearr a chur ar oifigigh chustaim agus ar oibreoirí eacnamaíocha. Chun na críche sin, ba cheart clár tacaíochta ilghnéitheach do chúrsaí oiliúna san Aontas a fhorbairt as an gcur chuige um oiliúint choiteann atá san Aontas faoi láthair, atá bunaithe den chuid is mó ar ríomhfhoghlaim lárnach a fhorbairt.

(8)

Ba cheart don Chlár tábhacht chuí a thabhairt, agus scair leordhóthanach a bhuiséid a leithdháileadh, d'oibriú na gCóras Eorpach Faisnéise atá ann cheana le haghaidh oifigeach custaim agus do Chórais Eorpacha Faisnéise nua a fhorbairt atá riachtanach do chur chun feidhme Chód Custaim an Aontais. Ag an am céanna, ba cheart na meáin iomchuí a dhíriú ar ghníomhaíochtaí a thabharfadh le chéile oifigigh ag obair leis na húdaráis custaim agus ar inniúlacht an duine a fhorbairt. Ina theannta sin, ba cheart go bhforálfaí sa chlár méid áirithe solúbthachta buiséadaí d'fhonn freagairt d'athruithe i dtosaíochtaí beartais.

(9)

Ba cheart don Chlár tréimhse seacht mbliana a chumhdach chun go mbeidh a fhad ag teacht le fad an chreata airgeadais ilbhliantúil atá leagtha síos i Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 1311/2013 (2).

(10)

Leagtar síos leis an gRialachán seo clúdach airgeadais do thréimhse iomlán an Chláir a bheidh ina mhéid príomhthagartha, de réir bhrí phointe 17 den Chomhaontú Idirinstitiúideach an 2 Nollaig 2013 idir Parlaimint na hEorpa, an Chomhairle agus an Coimisiún maidir le smacht buiséadach, comhar i gcúrsaí buiséid agus bainistíocht fhónta airgeadais (3) ag Parlaimint na hEorpa agus ag an gComhairle, le linn an nós imeachta bhuiséadaigh bhliantúil.

(11)

I gcomhréir le gealltanas an Choimisiúin a leagadh amach ina Theachtaireacht an 19 Deireadh Fómhair 2010 dar teideal 'Athbhreithniú Bhuiséad AE' cláir mhaoiniúcháin a dhéanamh níos comhleanúnaí agus níos simplí, ba cheart acmhainní a roinnt le hionstraimí eile maoiniúcháin de chuid an Aontais más ionann na spriocanna atá á saothrú ag gníomhaíochtaí an chláir atá beartaithe agus spriocanna roinnt ionstraimí maoiniúcháin eile, gan maoiniú dúbailte a chur san áireamh. Ba cheart go n-áiritheodh na gníomhaíochtaí a dhéanfar faoin gClár seo comhleanúnachas ó thaobh úsáid acmhainní an Aontais chun tacú le feidhmiú an aontais chustaim.

(12)

Ba cheart na bearta is gá chun gnéithe airgeadais an Rialacháin seo a chur chun feidhme a ghlacadh i gcomhréir le Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 966/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (4), agus i gcomhréir le Rialachán Tarmligthe (AE) Uimh. 1268/2012 ón gCoimisiún (5).

(13)

Ba cheart leasanna airgeadais an Aontais a chosaint trí bhearta comhréireacha ar feadh an timthrialla chaiteachais, lena n-áirítear neamhrialtachtaí a chosc, a bhrath agus a imscrúdú, cistí a cailleadh, a íocadh go mícheart nó a úsáideadh go mícheart a aisghabháil agus, nuair is iomchuí, pionóis a chur i bhfeidhm.

(14)

Tá comhar maidir le measúnú cliste riosca sár-riachtanach chun go gcuirfear ar chumas nangnólachtaí atá comhlíontach agus iontaofa an buntáiste is fearr a bhaint as simpliú an ríomh-riaracháin chustaim, agus chun go bhféadfar díriú ar neamhrialtachtaí.

(15)

Chun a áirithiú go mbeidh coinníollacha aonfhoirmeacha ann chun an Rialachán seo a chur chun feidhme, ba cheart cumhachtaí cur chun feidhme a thabhairt don Choimisiún i ndáil leis na cláir oibre bhliantúla a bhunú. Ba cheart na cumhachtaí sin a fheidhmiú i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (6).

(16)

Chun freagairt go hiomchuí d'athruithe i dtosaíochtaí beartais, ba cheart an chumhacht chun gníomhartha a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 290 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh a tharmligean chuig an gCoimisiún maidir le leasú a dhéanamh ar an liosta táscairí chun gnóthú na gcuspóirí sonracha a thomhas agus maidir le modhnú a dhéanamh ar na suimeanna táscacha a leithdháiltear ar gach saghas gníomhaíochta. Tá sé thar a bheith tábhachtach go rachaidh an Coimisiún i mbun comhairliúcháin iomchuí le linn a chuid oibre ullmhúcháin, lena n-áirítear comhairliúchán le saineolaithe. Ba cheart don Choimisiún, le linn dó gníomhartha tarmligthe a ullmhú agus a tharraingt suas, a áirithiú go ndéanfar doiciméid ábhartha a chur chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle ar bhealach comhuaineach, tráthúil agus iomchuí.

(17)

Ós rud é nach féidir cuspóir an Rialacháin seo, eadhon clár ilbhliantúil a bhunú chun feidhmiú an aontais custam a fheabhsú, a bhaint amach go leordhóthanach ag na Ballstát ós rud é nach nach bhfuil siad in ann an comhar agus an comhordú is gá a dhéanamh go héifeachtúil chun an Clár a chur i gcrích, ach gur fearr, de bharr a fhairsinge agus a éifeachtaí, is féidir é a bhaint amach ar leibhéal an Aontaism, féadfaidh an tAontas bearta a ghlacadh i gcomhréir le prionsabal na coimhdeachta atá leagtha amach in Airteagal 5 den Chonradh ar an Aontas Eorpach. I gcomhréir le prionsabal na comhréireachta, mar atá leagtha amach san Airteagal sin, ní théann an Rialachán seo thar a bhfuil riachtanach chun an cuspóir sin a bhaint amach.

(18)

Ba cheart a bheith de chúnamh ag an gCoimisiún Coiste an chláir Custam 2020 chun an Clár a chur chun feidhme.

(19)

Chun an measúnú ar an gClár a éascú, ba cheart go mbunófaí ón tús creat iomchuí chun faireachán a dhéanamh ar na torthaí a baineadh amach faoin gClir. Ba cheart go ndéanfaí measúnú meántéarmach ar bhaint amach chuspóirí an Chláir, ar éifeachtúlacht an chláir agus ar a bhreisluach Eorpach. Sa bhreis air sin, ba cheart go ndéileálfaí le tionchar fadtéarmach agus le héifeachtaí inbhuanaitheachta an Chláir i measúnú deireadh. Ba cheart trédhearcacht iomlán a áirithiú mar aon le tuairisciú do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle a dhéanamh go tráthrialta ar fhaireachán agus ar mheastóireacht. Ba cheart go mbeadh na meastóireachtaí sin bunaithe ar tháscairí, chun éifeachtaí an Chláir a thomhas i gcoinne bunlínte réamh-shainithe. Ba cheart do na táscairí, inter alia, tomhas a dhéanamh ar an tréimhse ama a mbeadh an Líonra Cumarsáide Coiteann ar fáil lena linn gan teipeanna córais mar is ag brath air sin atá feidhmiú cuí na gCóras Eorpach Faisnéise uile chun go gcomhoibreoidh na húdaráis chustaim go héifeachtúil laistigh den aontas custaim.

(20)

Le Treoir 95/46/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (7), rialaítear próiseáil na sonraí pearsanta a dhéanfar sna Ballstáit i gcomhthéacs an Rialacháin seo agus faoi mhaoirseacht údaráis inniúla na mBallstát, go háirithe na húdaráis phoiblí neamhspleácha arna n-ainmniú ag na Ballstáit. Le Rialachán (AE) Uimh. 45/2001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (8), rialaítear an phróiseáil sonraí pearsanta a dhéanann an Coimisiún faoi chuimsiú an Rialacháin seo agus faoi mhaoirseacht an Mhaoirseora Eorpaigh ar Chosaint Sonraí. Ba cheart aon mhalartú nó tarchur faisnéise a dhéanann údaráis inniúla a bheith i gcomhréir leis na rialacha maidir le haistriú sonraí pearsanta atá leagtha síos i dTreoir 95/46/CE agus ba cheart aon mhalartú nó tarchur faisnéise a dhéanann an Coimisiún a bheith i gcomhréir leis na rialacha ar aistriú sonraí pearsanta atá leagtha síos i Rialachán (CE) Uimh. 45/2001.

(21)

Gabhann an Rialachán seo ionad Chinneadh Uimh. 624/2007/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle) (9). Ba cheart an Cinneadh sin a aisghairm dá bhrí sin,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

CAIBIDIL I

FORÁLACHA GINEARÁLTA

Airteagal 1

Ábhar

1.   Bunaítear clár ilbhliantúil 'Custam 2020' ("an Clár") leis seo chun tacú le feidhmiú an aontais chustaim.

2.   Cumhdóidh an Clár an tréimhse ón 1 Eanáir 2014 go dtí an 31 Nollaig 2020.

Airteagal 2

Sainmhínithe

Chun críche an Rialacháin seo, beidh feidhm ag na sainmhínithe seo a leanas:

(1)

ciallaíonn "údaráis chustaim" na húdaráis atá freagrach as rialacha maidir le cúrsaí custaim a chur i bhfeidhm;

(2)

ciallaíonn "saineolaithe seachtracha":

(a)

ionadaithe de chuid údarás rialtasach, lena n-áirítear údaráis rialtasacha tíortha nach bhfuil rannpháirteach sa Chlár, de bhun Airteagal 3(2)

(b)

oibreoirí eacnamaíocha agus eagraíochtaí a dhéanann ionadaíocht ar son oibreoirí eacnamaíocha;

(c)

ionadaithe de chuid eagraíochtaí idirnáisiúnta agus eagraíochtaí ábhartha eile.

Airteagal 3

Rannpháirtíocht sa Chlár

1.   Is na Ballstáit agus na tíortha dá dtagraítear i mír 2 na tíortha rannpháirteacha, ar choinníoll go gcomhlíontar na coinníollacha atá leagtha amach i mír 2.

2.   Féadfaidh aon cheann de na tíortha seo a leanas a bheith rannpháirteach sa Chlár:

(a)

tíortha aontacha, tíortha is iarrthóirí agus iarrthóirí ionchasacha atá ag tairbhiú de straitéis réamhaontachais, i gcomhréir leis na prionsabail ghinearálta agus leis na téarmaí agus coinníollacha ginearálta maidir le rannpháirtíocht na dtíortha sin i gcláir de chuid an Aontais arna mbunú sna creat-chomhaontuithe lena mbaineann, sna cinntí lena mbaineann ó Chomhairlí Comhlachais nó i gcomhaontuithe eile comhchosúla;

(b)

tíortha comhpháirtíochta de Bheartas Comharsanachta na hEorpa, ar choinníoll go bhfuil leibhéal ard go leor comhfhogasaithe bainte amach ag na tíortha sin i dtaca le reachtaíocht agus modhanna riaracháin ábhartha an Aontais.

Beidh na tíortha comhpháirtíochta dá dtagraítear i bpointe (b) den chéad mhír rannpháirteachsa Chlár i gcomhréir leis na forálacha a chinnfear leis na tíortha sin tar éis creat-chomhaontuithe a bhunú maidir lena rannpháirtíocht i gcláir de chuid an Aontais.

Airteagal 4

Rannchuidiú le gníomhaíochtaí faoin gClár

Féadfar cuireadh a thabhairt do shaineolaithe seachtracha rannchuidiú le gníomhaíochtaí áirithe a reáchtálfar faoin gClár aon uair atá sé sin bunriachtanach chun na cuspóirí dá dtagraítear in Airteagal 5 agus in Airteagal 6 a bhaint amach. Is ar bhonn scileanna, taithí agus eolais atá ábhartha do na gníomhaíochtaí i gceist a roghnóidh an Coimisiún, in éineacht le tíortha rannpháirteacha, na saineolaithe sin.

Airteagal 5

Cuspóirí ginearálta agus cuspóirí sonracha

1.   Is é cuspóir ginearálta an Chláir go dtacófar le feidhmiú agus nuachóiriú an aontais chustaim d'fhonn an margadh inmheánach a neartú trí chomhar idir tíortha rannpháirteacha, a n-údaráis chustaim agus a n-oifigigh. Déanfar an cuspóir ginearálta a shaothrú trí cuspóirí sonracha a ghnóthú.

2.   Is iad na cuspóirí sonracha go dtacófar le húdaráis chustaim leasanna airgeadais agus eacnamaíocha an Aontais agus a Bhallstát a chosaint, lena n-áirítear an comhrac i gcoinne na calaoise agus cearta maoine intleachtúla a chosaint, go gcuirfear leis an tsábháilteacht agus leis an tslándáil, go ndéanfar saoránaigh agus an comhshaol a chosaint, go gcuirfear lena gcumas riaracháin agus go gcuirfear lena iomaíche atá gnólachtaí Eorpacha.

Déanfar na cuspóirí sonracha a bhaint amach go háirithe:

(a)

trí ríomhairiú;

(b)

trí bhealaí cur chuige nua-aimseartha agus comhchuibhithe i ndáil le nósanna imeachta agus rialuithe custaim;

(c)

trí thrádáil dhlisteanach a éascú;

(d)

trí chostais chomhlíonta agus ualach riaracháin a laghdú; agus

(e)

trí fheidhmiú na n-údarás custaim a fheabhsú.

3.   Déanfar baint amach na gcuspóirí sonracha a thomhas ar bhonn na dtáscairí atá liostaithe in Iarscríbhinn I. Nuair is gá, féadfar na táscairí sin a choigeartú le linn thréimhse an Chláir.

Cumhachtófar don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 15 chun leasú a dhéanamh ar an liosta táscairí a leagtar amach in Iarscríbhinn I.

Airteagal 6

Cuspóirí oibríochtúla

Is é seo a leanas cuspóirí oibríochtúla an Chláir:

(a)

tacú le hullmhú, cur i bhfeidhm comhleanúnach agus cur chun feidhme éifeachtach dhlí agus bheartas an Aontais i réimse an chustaim;

(b)

na Córais Eorpacha Faisnéise le haghaidh oifigeach custaim a fhorbairt, a fheabhsú, a oibriú agus tacaíocht a thabhairt dóibh;

(c)

na cleachtais oibre agus na nósanna imeachta riaracháin is fearr a shainaithint, a fhorbairt, a roinnt agus a chur i bhfeidhm, go háirithe ag leanúint de ghníomhaíochtaí tagarmharcála,

(d)

scileanna agus inniúlachtaí oifigeach custaim a atreisiú,

(e)

comhar a fheabhsú idir údaráis chustaim agus eagraíochtaí idirnáisiúnta, tríú tíortha agus údaráis eile rialtasacha, lena n-áirítear údaráis náisiúnta agus údaráis de chuid an Aontais a dhéanann faireachas ar an margadh, maraon le oibreoirí eacnamaíocha agus eagraíochtaí a dhéanann ionadaíocht ar son oibreoirí eacnamaíocha.

CAIBIDIL II

GNÍOMHAÍOCHTAÍ INCHÁILITHE

Airteagal 7

Gníomhaíochtaí incháilithe

Soláthróidh an Clár, faoi na coinníollacha atá leagtha amach sa chlár oibre bliantúil dá dtagraítear in Airteagal 14, tacaíocht airgeadais do na cineálacha seo a leanas gníomhaíochta:

(a)

gníomhaíochtaí comhpháirteacha:

(i)

seimineáir agus ceardlanna;

(ii)

grúpaí tionscadal, comhdhéanta de ghnáth de líon teoranta tíortha, a bheidh ag oibriú ar feadh tréimhse teoranta ama chun cuspóir atá réamhshainithe go beacht, a bhfuil toradh mionsainithe ag gabháil leis, lena n-áirítear comhordú nó tagarmharcáil, a shaothrú;

(iii)

turais oibre arna reáchtáil ag na tíortha rannpháirteacha nó ag tír eile chun cur ar a gcumas d'oifigigh a gcuid saineolais nó tuisceana ar chúrsaí custaim a leathnú, nó chun an saineolas nó an tuiscint sin a shealbhú; i gcás turas oibre arna reáchtáil laistigh de thríú tíortha, ní bheidh incháilithe faoin gClár ach costais taistil agus chothaithe (lóistín agus liúntas laethúil);

(iv)

gníomhaíochtaí faireacháin arna ndéanamh ag comhfhoirne atá comhdhéanta d'ionadaithe de chuid an Choimisiúin agus oifigigh de chuid na dtíortha rannpháirteacha chun anailís a dhéanamh ar chleachtais chustaim, chun aon deacrachtaí a bhaineann le rialacha a chur chun feidhme a shainaithint, agus, nuair is iomchuí, chun moltaí a dhéanamh maidir le hoiriúnú a dhéanamh ar rialacha agus ar mhodhanna oibre an Aontais;

(v)

foirne saineolaithe, eadhon saghsanna comhair struchtúrtha, de chineál buan nó neamhbhuan, a chomhthiomsaíonn a gcuid saineolais chun tascanna i réimsí sonracha nó gníomhaíochtaí oibríochtúla a dhéanamh agus a bhfuil, b'fhéidir, seirbhísí tacaíochta comhoibrithe ar líne, cúnamh riaracháin agus saoráidí bonneagair agus trealaimh acu;

(vi)

forbairt ar acmhainní riaracháin chustaim agus gníomhaíochtaí chun tacú leis sin;

(vii)

staidéir;

(viii)

gníomhaíochtaí cumarsáide a forbraíodh i gcomhpháirt;

(ix)

aon ghníomhaíocht eile a thacaíonn leis na cuspóirí ginearálta, sonracha agus oibríochtúla atá leagtha amach in Airteagal 5 agus in Airteagal 6;

(b)

acmhainní TF a fhorbairt: forbairt, cothabháil, oibriú agus rialú cáilíochta a dhéanamh ar chomhpháirteanna an Aontais de na córais Eorpacha faisnéise atá leagtha amach i Roinn AA d'Iarscríbhinn I agus ar Chórais Eorpacha Faisnéise nua arna mbunú faoi dhlí an Aontais

(c)

inniúlacht daonna a fhorbairt: gníomhaíochtaí oiliúna coitinne a dhéanamh chun na scileanna gairmiúla riachtanacha agus an t-eolas riachtanach ar chúrsaí custaim a neartú.

Airteagal 8

Forálacha sonracha cur chun feidhme maidir le gníomhaíochtaí comhpháirteacha

1.   Ar bhonn deonach a bheidh rannpháirtíocht i ngníomhaíochtaí comhpháirteacha dá dtagraítear i bpointe (a) d’ Airteagal 7.

2.   Áiritheoidh na tíortha rannpháirteacha gur oifigigh a bhfuil an phróifíl agus na cáilíochtaí oiriúnacha acu a ainmneofar le bheith rannpháirteach sna gníomhaíochtaí comhpháirteacha.

3.   Déanfaidh na tíortha rannpháirteacha na bearta is gá, i gcás inarb iomchuí, chun na gníomhaíochtaí comhpháirteacha a chur chun feidhme, go háirithe trí fheasacht a mhúscailt maidir leis na gníomhaíochtaí sin agus trí fhéachaint chuige go mbainfear an úsáid is fearr is féidir as torthaí na ngníomhaíochtaí.

Airteagal 9

Forálacha sonracha cur chun feidhme maidir le hacmhainní TF a fhorbairt

1.   Áiritheoidh an Coimisiún agus na tíortha rannpháirteacha go ndéanfar na córais Eorpacha faisnéise dá dtagraítear i Roinn A d'Iarscríbhinn II a fhorbairt, a oibriú agus a chothabháil mar is iomchuí.

2.   I gcomhar leis na tíortha rannpháirteacha, comhordóidh an Coimisiún na gnéithe sin a bhaineann le bunú agus le feidhmiú na gcomhpháirteanna de chuid an Aontais, a liostaítear amach i Roinn B d'Iarscríbhinn II, agus na gcomhpháirteanna nach comhpháirteanna de chuid an Aontais iad, a gcuirtear síos orthu i bpointe C d'Iarscríbhinn II, de chuid na gCóras Eorpacha Faisnéise dá dtagraítear i Roinn A d'Iarscríbhinn II a bhfuil gá leo d'fhonn a áirithiú go bhfuil siad ag oibriú, go bhfuil siad idirnasctha agus go mbítear ag cur feabhais orthu i dtólamh.

3.   Is ar an Aontas a thitfidh na costais a ghabhann le fáil, forbairt, suiteáil, cothabháil agus oibríocht laethúil na gcomhpháirteanna de chuid an Aontais. Is ar na tíortha rannpháirteacha a thitfidh na costais a ghabhann le fáil, forbairt, suiteáil, cothabháil agus oibríocht laethúil na gcomhpháirteanna sin nach comhpháirteanna de chuid an Aontais iad.

Airteagal 10

Forálacha sonracha cur chun feidhme maidir le hinniúlacht an duine a fhorbairt

1.   Ar bhonn deonach a bheidh rannpháirtíocht sna gníomhaíochtaí oiliúna coitinne dá dtagraítear i bpointe (c) d’Airteagal 7.

2.   Nuair is iomchuí, déanfaidh na tíortha rannpháirteacha ábhar oiliúna a forbraíodh i gcomhpháirt a ionchorprú ina gcuid clár oiliúna náisiúnta, lena n-áirítear modúil ríomhfhoghlama, cláir oiliúna agus caighdeáin oiliúna ar comhaontaíodh orthu.

3.   Áiritheoidh na tíortha rannpháirteacha go gcuirfear ar a gcuid oifigeach an oiliúint tosaigh agus an oiliúint leanúnach is gá chun scileanna coiteanna gairmiúla agus eolas a shealbhú i gcomhréir leis na cláir oiliúna.

4.   Cuirfidh na tíortha rannpháirteacha an oiliúint teanga is gá ar a gcuid oifigeach chun go bhféadfaidh siad leibhéal cumais a bhaint amach atá leordhóthanach le bheith rannpháirteach sa Chlár.

CAIBIDIL III

CREAT AIRGEADAIS

Airteagal 11

Creat airgeadais

1.   Is é EUR 522 934 000 i bpraghsanna reatha an clúdach airgeadais a bheidh ann chun an Clár a chur chun feidhme don tréimhse 2014-2020.

Déanfar na leithreasaí bliantúla a údarú ag Parlaimint na hEorpa agus ag angComhairle laistigh de theorainneacha an chreata airgeadais ilbhliantúil.

2.   Laistigh den imchlúdach airgeadais don Chlár, leithdháilfear méideanna táscacha ar ghníomhaíochtaí incháilithe a liostaítear in Airteagal 7, laistigh de na céatadáin a leagtar amach in Iarscríbhinn III do gach cinéal gníomhaíochta. Féadfaidh an Coimisiún imeacht ón leithdháileadh táscach cistí a leagtar amach san Iarscríbhinn sin, ach ní fhéadfaidh sé sciar leithdháilte an imchlúdaigh airgeadais a mhéadú níos mó ná 10 % do gach cineál gníomhaíochta.

Más gá an teorainn sin a sharú, tabharfar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 15, ar ghníomhartha iad lena ndéanfar an leithdháileadh táscach cistí a leagtar amach in Iarscríbhinn III sin a mhodhnú.

Aireagal 12

Cineálacha idirghabhála

1.   Is é an Coimisiún a chuirfidh an Clár chun feidhme i gcomhréir le Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 966/2012.

2.   Beidh tacaíocht airgeadais an Aontais do na gníomhartha incháilithe dá bhforáiltear in Airteagal 7 sna foirmeacha seo a leanas:

(a)

deontais;

(b)

conarthaí soláthair phoiblí;

(c)

aisíocaíocht costas arna dtabhú ag na saineolaithe seachtracha dá dtagraítear in Airteagal 4.

3.   Beidh an ráta cómhaoinithe le haghaidh deontas suas le 100 % de na costais incháilithe igcás liúntas laethúla, costas taistil agus chóiríochta agus costais atá nasctha le himeachtaí a eagrú.

Sonrófar sna cláir oibre bhliantúla an ráta cómhaoinithe is infheidhme nuair a éileoidh na gníomhaíochtaí go mbronnfar deontais.

4.   Sa leithdháileadh airgeadais don Chlár féadtar a chumhdach freisin:

(a)

speansais a bhaineann le gníomhaíochtaí ullmhúcháin, faireacháin, rialaithe, iniúchta agus meastóireachta atá de dhíth chun an Clár a bhainistiú agus chun a chuspóirí a bhaint amach; go háirithe, staidéir, cruinnithe saineolaithe, gníomhaíochtaí faisnéise agus cumarsáide, lena n-áirítear cumarsáid chorparáideach faoi thosaíochtaí polaitiúla an Aontais a mhéid is a bhaineann siad le cuspóirí an Chláir seo;

(b)

speansais a bhaineann le líonraí TF a dhíríonn ar fhaisnéis a phróiseáil agus a mhalartú; agus

(c)

speansais do gach cineál cúnaimh theicniúil agus riaracháin eile arna dtabhú ag an gCoimisiún i mbainistiú an Chláir.

Airteagal 13

Leasanna airgeadais an Aontais a chosaint

1.   Déanfaidh an Coimisiún bearta iomchuí lena n-áiritheofar, nuair a chuirtear gníomhaíochtaí arna maoiniú faoin Rialachán seo chun feidhme, go gcosnófar leasanna airgeadais an Aontais trí bhearta coisctheacha a chur i bhfeidhm i gcoinne calaoise, éillithe agus aon ghníomhaíochtaí neamhdhleathacha eile, trí sheiceálacha éifeachtacha a dhéanamh agus, má bhraitear neamhrialtachtaí, trí mhéideanna a íocadh go mícheart a aisghabháil agus, i gcás inarb iomchuí, trí phionóis riaracháin agus airgeadais atá éifeachtach, comhréireach agus athchomhairleach a chur i bhfeidhm.

2.   Beidh cumhacht ag an gCoimisiún nó ag a ionadaithe agus ag an gCúirt Iniúchóirí iniúchtaí a dhéanamh, ar bhonn doiciméad agus ar an láthair, ar gach tairbhí deontais, ar gach conraitheoir agus ar gach fochonraitheoir a fuair maoiniú ón Aontas faoin Rialachán seo.

3.   Féadfaidh an Oifig Eorpach Frithchalaoise (OLAF) cigireachtaí a dhéanamh, lena n-áirítear seiceálacha agus cigireachtaí ar an láthair, i gcomhréir leis na forálacha agus na nósanna imeachta atá leagtha síos i Rialachán (CE) Uimh. 883/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (10) agus i Rialachán (Euratom, CE) Uimh. 2185/1996 (11) d'fhonn a shuí an raibh calaois, éilliú nó aon ghníomhaíocht neamhdhleathach eile ann a dhéanfadh dochar do leasanna airgeadais an Aontais i dtaca le comhaontú deontais nó cinneadh deontais nó conradh maoinithe faoin Rialachán seo.

CAIBIDIL IV

CUMHACHTAÍ CUR CHUN FEIDHME

Airteagal 14

Clár oibre

1.   Chun an Clár a chur chun feidhme, déanfaidh an Coimisiún cláir bhliantúla oibre a ghlacadh trí ghníomhartha cur chun feidhme. Glacfar na gníomhartha cur chun feidhme sin i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 16(2).

Le gach clár bliantúil oibre, cuirfear cuspóirí an Chláir chun feidhme tríd an méid a leanas a chinneadh:

(a)

na gníomhaíochtaí i gcomhréir leis na cuspóirí ginearálta, sonracha agus oibríochtúla mar a leagtar amach iad in Airteagal 5 agus in Airteagal 6, an modh cur chun feidhme lena n-áirítear, nuair is iomchuí, na rialacha mionsonraithe chun foirne saineolaithe a bhunú dá dtagraítear i bpointe(v) de phointe (a) d’Airteagal 7 agus na torthaí a thuartar;

(b)

miondealú ar an mbuiséad de réir an chineáil ghníomhaíochta;

(c)

an ráta cómhaoiniúcháin do dheontais dá dtagraítear in Airteagal 12(3).

2.   Agus an clár oibre bliantúil á ullmhú ag an gCoimisiún, cuirfidh sé an cur chuige coiteann maidir leis an mbeartas custaim san áireamh. Déanfar an cur chuige sin a athbhreithniú go rialta agus a bhunú i gcomhpháirtíocht idir an Coimisiún agus na Ballstáit faoi chuimsiú an Ghrúpa um Bheartas Custaim, atá comhdhéanta de cheannairí riarachán custaim ó na Ballstáit nó a n-ionadaithe agus ionadaithe de chuid an Choimisiúin.

Coinneoidh an Coimisiún an Grúpa um Beartas Custaim ar an eolas faoi bhearta maidir le cur chun feidhme an Chláir.

Airteagal 15

An tarmligean a fheidhmiú

1.   Is faoi réir na gcoinníollacha a leagtar síos san Airteagal seo a thugtar an chumhacht don.Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh.

2.   Tabharfar an chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh dá dtagraítear sa dara fomhír d'Airteagal 5(3) agus sa dara fomhír d’Airteagal 11(2) don tréimhse dar tús an 1 Eanáir 2014 agus dar críoch an 31 Nollaig 2020.

3.   Féadfaidh Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle an tarmligean cumhachta dá dtagraítear sa dara fomhír d'Airteagal 5(3) agus sa dara fomhír d’Airteagal 11(2) a chúlghairm tráth ar bith. Cuirfidh cinneadh cúlghairme deireadh le tarmligean na cumhachta atá sonraithe sa chinneadh sin. Gabhfaidh éifeacht leis an lá tar éis foilsiú in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh nó ar dháta níos déanaí a shonrófar sa chinneadh. Ní dhéanfaidh sé aon difear do bhailíocht na ngníomhartha tarmligthe atá i bhfeidhm cheana féin.

4.   A luaithe a ghlacfaidh sé gníomh tarmligthe, tabharfaidh an Coimisiún fógra ina leith go comhuaineach do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle.

5.   Ní thiocfaidh gníomh tarmligthe arna ghlacadh de bhun an dara fomhír d'Airteagal 5(3) agus an dara fomhír d'Airteagal 11(2) i bhfeidhm ach amháin mura ndéanfaidh Parlaimint na hEorpa ná an Chomhairle agóid ina choinne laistigh de thréimhse dhá mhí ó fhógra faoin ngníomh sin a thabhairt do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle nó más rud é, sula dtéann an tréimhse sin in éag, go gcuireann Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle araon in iúl don Choimisiún nach ndéanfaidh siad agóid ina choinne. Cuirfear dhá mhí leis an tréimhse sin ar thionscnamh Pharlaimint na hEorpa nó na Comhairle.

Airteagal 16

Nós imeachta coiste

1.   Beidh coiste de chúnamh ag an gCoimisiún. Beidh an coiste sin ina choiste de réir bhrí Rialachán (AE) Uimh. 182/2011.

2.   I gcás ina dtagraítear don mhír seo, beidh feidhm ag Airteagal 5 de Rialachán (AE) Uimh. 182/2011.

CAIBIDIL V

FAIREACHÁN AGUS MEASTÓIREACHT

Airteagal 17

Faireachán ar ghníomhaíochtaí faoin gClár

1.   Déanfaidh an Coimisiún, i gcomhar leis na tíortha rannpháirteacha, faireachán ar chur chun feidhme an chláir agus ar ghníomhaíochtaí faoin gClár ar bhonn na dtáscairí dá dtagraítear in Iarscríbhinn I.

2.   Déanfaidh an Coimisiún toradh an fhaireacháin a chur ar fáil don phobal.

3.   Úsáidfear torthaí an fhaireacháin chun meastóireacht a dhéanamh ar an gClár i gcomhréir le hAirteagal 18.

Airteagal 18

Meastóireacht

1.   Cuirfidh an Coimisiún tuarascáil mheastóireachta lár téarma agus tuarascáil mheastóireachta chríochnaitheach ar an gClár faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle, maidir leis na nithe dá dtagraítear i mír 2 agus i mír 3. Déanfar torthaí na meastóireachtaí sin, lena n-áirítear easnaimh mhóra sainaitheanta, a chomhtháthú ina gcinntí maidir le hathnuachan, modhnú nó fionraí a d'fheadfaí a dhéanamh ar an gClár iardain. Is meastóir seachtrach neamhspleách a dhéanfaidh na meastóireachtaí sin.

2.   Déanfaidh an Coimisiún, faoin 30 Meitheamh 2018, tuarascáil mheastóireachta lár téarma a tharraingt suas, ar tuarascáil í faoi bhaint amach cuspóirí ghníomhaíochtaí faoin gCláir, faoi éifeachtúlacht úsáid na n-acmhainní agus faoi bhreisluach an Chláir, ar an leibhéal Eorpach.Díreofar sa tuarascáil sin freisin ar shimpliú, ar ábharthacht leanúnach na gcuspóirí, agus ar rannchuidiú an chláir le tosaíochtaí an Aontais maidir le fás cliste, inbhuanaithe agus uilechuimsitheach chomh maith.

3.   Déanfaidh an Coimisiún, faoin 31 Nollaig 2021 tuarascáil mheastóireachta chríochnaitheach faoi na nithe dá dtagraítear i mír 2 agus faoin iarmhairt fhadtéarmach agus faoi inbhuanaitheacht éifeachtaí an Chláir a tharraingt suas

4.   Arna iarraidh sin ag an gCoimisiún, tabharfaidh na tíortha rannpháirteacha, arna iarraidh sin don Choimisiún, na sonraí agus an fhaisnéis uile is ábhartha chun rannchuidiú lena thuarascálacha meastóireachta lár téarma agus críochnaitheacha.

CAIBIDIL VI

FORÁLACHA CRÍOCHNAITHEACHA

Airteagal 19

Aisghairm

Déantar Cinneadh Uimh. 624/2007/CE a aisghairm le héifeacht ón 1 Eanáir 2014.

Mar sin féin, leanfaidh oibleagáidí airgeadais, a bhaineann le gníomhaíochtaí arna saothrú faoin gCinneadh sin, de bheith faoi réir an Chinnidh sin go dtí go gcuirfear i gcrích iad.

Airteagal 20

Teacht i bhfeidhm

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an tríú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh feidhm aige ón 1 Eanáir 2014 ar aghaidh.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh in Strasbourg an 11 Nollaig 2013.

Thar ceann Pharlaimint na hEorpa

An tUachtarán

M. SCHULZ

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

V. LEŠKEVIČIUS


(1)  Seasamh ó Pharlaimint na hEorpa an 21 Samhain 2013 (nár foilsíodh fós san Iris Oifigiúil).

(2)  Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 1311/2013 lena leagtar síos an 2 Nollaig 2013 creat airgeadais ilbhliantúil do na blianta 2014 - 2020 (Féach leathanach 884 den Iris Oifigiúil seo).

(3)  IO C 373, 20.12.2013, lch. 1.

(4)  Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 966/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 25 Deireadh Fómhair 2012 maidir leis na rialacha airgeadais is infheidhme maidir le buiséad ginearálta an Aontais agus lena n-aisghairetar Rialachán (CE, Euratom) Uimh. 1605/2002 ón gComhairle (IO L 298, 26.10.2012, lch. 1).

(5)  Rialachán Tarmligthe (CE) Uimh. 1268/2012 ón gCoimisiún an 29 Deireadh Fómhair 2012 maidir le rialacha cur chun feidhme Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 966/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (IO L 362, 31.12.2012, lch. 1).

(6)  Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Feabhra 2011 lena leagtar síos na rialacha agus na prionsabail ghinearálta a bhaineann le sásraí maidir le rialú ag Ballstáit ar fheidhmiú cumhachtaí cur chun feidhme ag an gCoimisiún (IO L 55, 28.2.2011, lch. 13).

(7)  Treoir 95/46/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 24 Deireadh Fómhair 1995 maidir le daoine aonair a chosaint i ndáil le sonraí pearsanta a phróiseáil agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin (IO L 281, 23.11.1995, lch. 31).

(8)  Rialachán (AE) Uimh. 45/2001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 18 Nollaig 2000 maidir le daoine aonair a chosaint i ndáil leis an bpróiseáil sonraí pearsanta a dhéanann institiúidí agus comhlachtaí an AE agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin (IO L 8, 12.1.2001, lch. 1).

(9)  Cinneadh Uimh. 624/2007/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Bealtaine 2007 lena mbunaítear clár gníomhaíochta um chustam sa Chomhphobal (Custam 2013) (IO L 154,14.6.2007, lch. 25).

(10)  Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 883/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Meán Fómhair 2013 maidir le himscrúduithe arna ndéanamh ag an Oifig Eorpach Frith-Chalaoise (OLAF) agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 1073/1999 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus Rialachán (Euratom) Uimh. 1074/1999 ón gComhairle (IO L 248, 18.9.2013, lch. 1).

(11)  Rialachán (Euratom, CE) Uimh. 2185/1996 ón gComhairle an 11 Samhain 1996 maidir le seiceálacha agus cigireachtaí ar an láthair arna ndéanamh ag an gCoimisiún chun leasanna airgeadais na gComhphobal Eorpach a chosaint in aghaidh calaoise agus neamhrialtachtaí eile (IO L 292, 15.11.1996, lch. 2).


IARSCRÍBHINN I

Táscairí

Déanfar baint amach na gcuspóirí sin dá dtagraítear in Airteagal 5(2) a thomhas ar bhonn na dtáscairí seo a leanas:

(a)

déanfaidh an t-aiseolas a thabharfaidh rannpháirtithe i ngníomhaíochtaí faoin gClár agus úsáideoirí innéacs an chláir tomhas ar aireachtáil gheallsealbhóirí faoin gClár maidir le tionchar ghníomhaíochtaí an Chláir inter alia i dtéarmaí an méid a leanas:

(i)

tionchar líonraithe gníomhaíochtaí faoin gClár,

(ii)

tionchar comhair gníomhaíochtaí faoin gClár;

(b)

líon na dtreoirlínte agus na moltaí a eiseofar tar éis gníomhaíochtaí faoin gClár maidir le cineálacha nua-aoiseacha, comhchuibhithe cur chuige i leith nósanna imeachta custaim;

(c)

an Líonra Choitinn Cumarsáide le haghaidh Tháscaire na gCóras Eorpach faisnéise, lena dtomhaisfear infhaighteacht an líonra choitinn atá bunriachtanach chun na Córais Eorpacha Faisnéise a bhaineann le cúrsaí Custam a reáchtáil. Ba cheart go mbeadh an líonra ar fáil 98 % den am;

(d)

an tInnéacs maidir le Dlí agus Beartais an Aontais a Chur i bhFeidhm agus a Chur Chun Feidhme, lena dtomhaisfear an dul chun cinn i ndáil le dlí agus beartais an Aontais a ullmhú, a chur i bhfeidhm agus a chur chun feidhme i réimse an inter alia ar an mbonn seo a leanas:

(i)

líon na ngníomhaíochtaí faoin gClár a eagrófar sa réimse seo, go háirithe maidir le cearta maoine intleachtúla a chosaint, ceisteanna na sábháilteachta agus na slándála, an comhrac i gcoinne na calaoise agus an tslándáil sa slabhra soláthair;

(ii)

líon na moltaí a eiseofar tar éis na ngníomhaíochtaí sin;

(e)

Táscaire Infhaighteachta an Chórais Eorpaigh Faisnéise lena dtomhaisfear infhaighteacht chomhpháirteanna an Aontais, ar comhpháirteanna d'fheidhmchláir TF custaim iad. Ba cheart go mbeidís siúd ar fáil 97 % den am le linn uaireanta gnó, 95 % den am taobh amuigh de na huaireanta sin;

(f)

Innéacs an Dea-Chleachtais agus na dTreoirlínte,lena dtomhaisfear an t-athrú a thiocfaidh ar shainaithint, forbairt, roinnt agus cur i bhfeidhm an dea-chleachtais oibre agus nósanna imeachta ar bhonn, inter alia, an méid seo a leanas:

(i)

líon na ngníomhaíochtaí faoin gClár a eagrófar sa réimse seo,

(ii)

líon na dtreoirlínte agus na ndea-chleachtas a roinnfear;

(g)

an innéacs Foglama,lena tomhaisfear an dul chun cinn a thiocfaidh as gníomhaíochtaí faoin gClár arb é is aidhm dóibh scileanna agus inniúlachtaí oifigigh chustaim a athneartú agus ar bhonn, inter alia, an méid a leanas:

(i)

líon na n-oifigeach a gcuirtear oiliúint orthu trí ábhar coiteann oiliúna de chuid an Aontais a úsáid,

(ii)

líon na n-amanna a rinneadh modúil ríomhFhoghlama de chuid an Chláir a íoslódáil;

(h)

an Táscaire don Chomhar le tríú páirtithe, lena bunófar an chaoi a dtacóidh an clár le húdaráis nach údaráis custaim de chuid na mBallstát iad trí líon na ngníomhaíochtaí faoin gClár a dtacaítear leis an gcuspóir sin leo a thomhas.


IARSCRÍBHINN II

Córais Eorpacha Faisnéise agus a gcomhpháirteanna Aontais agus neamh-Aontais

A.

Is iad seo a leanas na Córais Eorpacha Faisnéise:

(1)

an líonra cumarsáide coiteann/comheadán coiteann na gcóras (CCN/CSI – CCN2), CCN mail3, an droichead CSI, an droichead http, CCN LDAP agus uirlisí gaolmhara, tairseach gréasáin CCN, faireachán CCN;

(2)

córais chúltaca, go háirithe an uirlis chumraíochta feidhmchláir do CCN, an uirlis tuairiscithe gníomhaíochta (ART2), bainistíocht leictreonach Taxud na dtionscadal ar líne (TEMPO), uirlis bhainistíochta seirbhíse (SMT), an córas bainistíochta úsáideoirí (UM), an córas BPM, an deais infhaighteachta agus AvDB, tairseach do bhainistíocht seirbhíse TF, bainistíocht eolairí agus rochtana úsáideoirí;

(3)

Spás faisnéise agus cumarsáide an chláir (PICS);

(4)

na córais ghluaiseachta custaim, go háirithe an Córas (Nua) Ríomhchuidithe Idirthurais (N(C)TS), NCTS TIR don Rúis, an Córas Rialaithe Onnmhairí (ECS) agus an Córas Rialaithe Allmhairí (ICS). Tacaíonn na feidhmchláir/comhpháirteanna seo a leanas leis na córais sin: an córas um malartú faisnéise le tríú tíortha (droichead SPEED), Nód Tiontaire Edifact SPEED (SPEED-ECN), Feidhmchlár Tástála Caighdeánach SPEED (SSTA), An Feidhmchlár Tástála Idirthurais Caighdeánach (SSTA), an Feidhmchlár Tástála Idirthurais (TTA), na Seirbhísí Lárnacha/Sonraí Tagartha (CSRD2) agus na Seirbhísí Lárnacha/Córas Bainistíochta Faisnéise (CS/MIS);

(5)

Córas Bainistíochta Riosca don Chomhphobal (CRMS) lena gcumhdaítear na Foirmeacha Faisnéise faoi Rioscaí agus fearainn fheidhmiúla CPCA do na Próifílí Coiteanna;

(6)

Córas na n-Oibreoirí Eacnamaíocha (EOS) lena gcumhdaítear Clárú agus Sainaithint Oibreoirí Eacnamaíocha (EORI), Oibreoirí Eacnamaíocha Údaraithe (AEO), Seirbhísí Rialta Loingseoireachta (RSS) agus aithint fhrithpháirteach le fearainn fheidhmiúla na dtíortha comhpháirtíochta. Is ionann an tSeirbhís Aonchineálach Gréasáin agus comhpháirt don chóras seo;

(7)

an córas cuótaí (TARIC3) arb ionann é agus córas sonraí tagartha le haghaidh feidhmchlár eile amhail an córas bainistíochta cuótaí (QUOTA2), an córas bainistíochta agus faireacháin um fhaireachas (SURV2), an Córas Faisnéise um Tharaifí Ceangailteacha (EBTI3), agus an Fardal Eorpach Custaim maidir le Substaintí Ceimiceacha (ECICS2). Tá na feidhmchláir a bhaineann leis an Ainmníocht Chomhcheangailte (AC) agus le fionraíochtaí (Fionraíochtaí) ag bainistiú faisnéis dhlíthiúil a bhfuil nasc díreach aici leis an gcóras taraifí;

(8)

na feidhmchláir chun críocha rialaithe, go háirithe an Córas Bainistíochta Eiseamal (SMS) agus an Córas Faisnéise um Nósanna Imeachta a Phróiseáil (ISPP);

(9)

an córas frith-ghóchumtha agus frith-phíoráideachta (COPIS);

(10)

an Córas Scaipthe Sonraí (DDS2) lena mbainistítear an fhaisnéis uile a bhfuil rochtain ag an bpobal uirthi tríd an Idirlíon;

(11)

an Córas Faisnéise Frith-Chalaoise (AFIS); agus

(12)

aon chórais eile san áireamh sa phlean straitéiseach ilbhliantúil dá bhforáiltear in Airteagal 8(2) de Chinneadh Uimh. 70/2008/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (1) agus i gcomharbhaí an phlean sin.

B.

Is iad comhpháirteanna Aontais na gcóras Eorpach faisnéise:

(1)

sócmhainní TF amhail crua-earraí, bogearraí agus naisc líonra na gcóras lena n-áirítear an bonneagar sonraí gaolmhar;

(2)

seirbhísí TF is gá chun tacú leis na córais a fhorbairt, a chothabháil, a fheabhsú agus a oibriú; agus

(3)

agus aon eilimintí eile atá, ar chúiseanna éifeachtúlachta, slándála agus cuíchóirithe, sainaitheanta ag an gCoimisiún mar comheilimintí ag na tíortha rannpháirteacha.

C.

Is iad na comhpáirteanna neamh-Aontais de na Córais Faisnéise Eorpacha iad na comhpháirteanna nach sainaithnítear mar chomhpháirteanna Aontais i Roinn B.


(1)  Cinneadh Uimh. 70/2008/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 15 Eanáir 2008 maidir le timpeallacht chustaim gan pháipéar i gcomhair custaim agus trádála (IO L 23, 26.1.2008, lch. 25).


IARSCRÍBHINN III

Leithdháileadh táscach cistí

Déanfar cistí a leathdháileadh go táscach do ghníomhaíochtaí incháilithe a liostaítear in Airteagal 7 mar a leanas:

Cineálacha gníomhaíochta

Scair den chlúdach airgeadais

(i %)

Gníomhaíochtaí comhpháirteacha

20 % ar a mhéid

Acmhainní TF a fhorbairt

75 % ar a laghad

Inniúlacht daonna a fhorbairt

5 % ar a mhéid


Top