EUR-Lex Access to European Union law

Back to EUR-Lex homepage

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 32013R0229

Rialachán (AE) Uimh. 229/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 13 Márta 2013 lena leagtar síos bearta sonracha don talmhaíocht i bhfabhar na n-oileán beag Aeigéach agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 1405/2006 ón gComhairle

IO L 78, 20.3.2013, p. 41–50 (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

Foilsíodh an doiciméad seo in eagrán speisialta (HR)

Legal status of the document In force: This act has been changed. Current consolidated version: 20/03/2013

ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2013/229/oj

20.3.2013   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L NaN/41


RIALACHÁN (AE) Uimh. 229/2013 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

an 13 Márta 2013

lena leagtar síos bearta sonracha don talmhaíocht i bhfabhar na n-oileán beag Aeigéach agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 1405/2006 ón gComhairle

TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe an chéad mhír d’Airteagal 42 agus Airteagal 43(2) de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

Tar éis dóibh an dréachtghníomh reachtach a chur chuig na parlaimintí náisiúnta,

Ag féachaint don tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa (1),

Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach (2),

De bharr an méid seo a leanas:

(1)

Rinneadh bearta sonracha san earnáil talmhaíochta chun dul i ngleic le deacrachtaí a eascraíonn as staid gheografach shainiúil na n-oileán beag Aeigéach a bhunú le Rialachán (CE) Uimh. 1405/2006 ón gComhairle (3). Cuireadh na bearta sin chun feidhme trí chlár tacaíochta, ar uirlis fíor-riachtanach é chun táirgí talmhaíochta a sholáthar do na hoileáin sin agus chun tacú leis an táirgeadh áitiúil talmhaíochta. I bhfianaise an gá atá ann na bearta reatha a nuashonrú, lena n-áirítear mar thoradh ar theacht i bhfeidhm Chonradh Liospóin, is gá Rialachán (CE) Uimh. 1405/2006 a aisghairm agus rialachán nua a chur ina ionad.

(2)

Is gá sonrú a dhéanamh ar na cuspóirí bunúsacha a chuideoidh an scéim maidir le cur chun cinn na n-oileán beag Aeigéach lena gcomhlíonadh.

(3)

Is gá inneachar an chláir tacaíochta do na hoileáin bheaga Aeigéacha (“clár tacaíochta”) a shonrú freisin, ar clár é ba cheart don Ghréig, i gcomhréir le prionsabal na coimhdeachta, a bhunú ar an leibhéal geografach is iomchuí agus a thíolacadh don Choimisiún lena fhormheas.

(4)

Chun cuspóirí na scéime maidir le cur chun cinn na n-oileán beag Aeigéach a bhaint amach ar bhealach níos éifeachtaí, ba cheart a áireamh sa chlár tacaíochta bearta lena n-áiritheofar soláthar táirgí talmhaíochta agus caomhnú agus forbairt an táirgthe áitiúil talmhaíochta. Ní foláir an leibhéal pleanála a chomhchuibhiú agus ní foláir an beartas comhpháirtíochta idir an Coimisiún agus an Ghréig a chórasú. Ba cheart don Choimisiún nósanna imeachta agus táscairí a ghlacadh chun cur chun feidhme rianúil agus faireachán leormhaith an chláir a áirithiú.

(5)

Ag teacht le prionsabal na coimhdeachta agus chun solúbthacht a áirithiú, arb iad an dá phrionsabal atá mar bhunús don chur chuige pleanála a glacadh don scéim maidir le cur chun cinn na n-oileán beag Aeigéach, féadfaidh na húdaráis arna gceapadh ag an nGréig leasuithe ar an gclár a mholadh chun é a oiriúnú don staid ina bhfuil na hoileáin i ndáiríre. Chun na críche sin, ba cheart go spreagfaí rannpháirtíocht níos suntasaí ag na húdaráis inniúla áitiúla agus réigiúnacha agus ag geallsealbhóirí eile. Ag teacht leis an gcur chuige sin freisin, ba cheart an nós imeachta chun an clár a leasú a oiriúnú chun go léireodh sé leibhéal ábharthachta gach cineál modhnaithe.

(6)

Déanann staid gheografach shainiúil cuid de na hoileáin bheaga Aeigéacha costais bhreise iompair a fhorchur, a mhéid a bhaineann le táirgí a sholáthar atá riachtanach do thomhaltas an duine, don phróiseáil nó mar ionchuir talmhaíochta. Sa bhreis air sin, cuireann fachtóirí oibiachtúla eile a eascraíonn ó oileánachas agus ó fhad ó mhargaí baic bhreise ar oibreoirí eacnamaíocha agus ar tháirgeoirí sna hoileáin bheaga Aeigéacha sin a chruthaíonn fadhbanna móra dóibh agus iad i mbun a ngníomhaíochtaí. I gcásanna áirithe, bíonn na hoibreoirí agus na táirgeoirí thíos le “hoileánachas dúbailte”, is é sin go dtugtar soláthairtí ó oileáin eile. Is féidir na baic sin a fhuascailt trí phraghsanna na dtáirgí riachtanacha sin a laghdú. Is iomchuí, dá bhrí sin, socruithe sonracha soláthair a thabhairt isteach chun soláthar a ráthú do na hoileáin bheaga Aeigéacha agus chun cúiteamh a dhéanamh as na costais bhreise a eascraíonn óna n-oileánachas, óna mbeagmhéid agus óna bhfad ó mhargaí.

(7)

Cuirtear le fadhbanna na n-oileán beag Aeigéach i ngeall ar bheagmhéid na n-oileán. Chun éifeachtacht na mbeart atá beartaithe a ráthú, ba cheart go mbeadh feidhm ag na bearta sin maidir leis na hoileáin Aeigéacha go léir seachas an Chréit agus Evia.

(8)

Chun go mbainfear amach an sprioc arb é praghsanna a laghdú sna hoileáin bheaga Aeigéacha, na costais bhreise a bhaineann lena n-oileánachas, lena mbeagmhéid agus lena bhfad ó mhargaí a mhaolú agus san am céanna iomaíochas tháirgí an Aontais a choimeád ar bun, ba cheart cabhair a dheonú ar mhaithe le táirgí Aontais a sholáthar do na hoileáin bheaga Aeigéacha. Ba cheart a chur san áireamh sa chabhair sin an costas breise a bhaineann le hiompar go dtí na hoileáin bheaga Aeigéacha agus, i gcás ionchuir talmhaíochta nó táirgí atá beartaithe don phróiseáil, na costais bhreise a bhaineann le hoileánachas, le beagmhéid agus le fad ó mhargaí.

(9)

Chun amhantraíocht a sheachaint a dhéanfadh dochar d’úsáideoirí deiridh sna hoileáin bheaga Aeigéacha, tá sé tábhachtach a shonrú nach bhféadfaidh feidhm a bheith ag na socruithe sonracha soláthair ach amháin maidir le táirgí atá ar cháilíocht mhaith, fhónta, agus inmhargaidh.

(10)

Toisc go bhfuil na cainníochtaí atá faoi réir na socruithe sonracha soláthair teoranta do riachtanais soláthair na n-oileán beag Aeigéach, níor cheart go ndéanfadh na socruithe sin dochar do dhea-fheidhmiú an mhargaidh inmheánaigh. Níor cheart ach oiread go mbeadh sraonadh i dtrádáil na dtáirgí lena mbaineann mar thoradh ar bhuntáistí eacnamaíocha na socruithe sonracha soláthair. Ba cheart, dá bhrí sin, eiseoladh nó onnmhairiú na dtáirgí sin ó na hoileáin bheaga Aeigéacha a thoirmeasc. Ba cheart, áfach, eiseoladh nó onnmhairiú na dtáirgí sin a údarú i gcás ina n-aisíoctar an buntáiste a bhíonn ann mar thoradh ar na socruithe sonracha soláthair.

(11)

Maidir le táirgí próiseáilte, ba cheart trádáil idir na hoileáin bheaga Aeigéacha a údarú agus ba cheart na costais iompair i ndáil leis na táirgí sin a laghdú chun go bhféadfaidh tráchtáil a bheith ar siúl idir na hoileáin sin. Ba cheart go dtabharfaí aird freisin ar shreafaí trádála i gcomhthéacs na tráchtála réigiúnaí agus onnmhairí agus eiseoladh traidisiúnta chuig an gcuid eile den Aontas nó chuig tríú tíortha agus ba cheart onnmhairí táirgí próiseáilte a fhreagraíonn don trádáil thraidisiúnta i gcás na réigiún uile sin a údarú.

(12)

Chun cuspóirí na socruithe sonracha soláthair a bhaint amach, ba cheart buntáistí eacnamaíocha na socruithe sin a léiriú i gcostais táirgthe agus ba cheart go laghdódh siad na praghsanna suas go dtí céim an úsáideora dheiridh. Níor cheart, dá bhrí sin, na buntáistí eacnamaíocha sin a dheonú ach amháin ar choinníoll go gcuirfear i bhfeidhm iad go hiarbhír agus ba cheart seiceálacha iomchuí a dhéanamh.

(13)

Ba cheart rialacha a bhunú maidir le hoibriú na scéime, go háirithe na cinn sin a bhaineann le clár oibreoirí agus córas deimhnithe a chruthú, bunaithe ar na deimhnithe dá dtagraítear in Airteagal 161 de Rialachán (CE) Uimh. 1234/2007 ón gComhairle an 22 Deireadh Fómhair 2007 lena mbunaítear comheagrú na margaí talmhaíochta agus maidir le forálacha sonracha i gcás táirgí áirithe talmhaíochta (“An Rialachán maidir le ‘CEM Aonair’ ”) (4).

(14)

Maidir le beartas an Aontais chun cabhrú le táirgeadh áitiúil sna hoileáin bheaga Aeigéacha, arna bhunú le Rialachán (CE) Uimh. 1405/2006, bhí an iliomad táirgí agus an iliomad beart maidir lena dtáirgeadh, a margú nó a bpróiseáil i gceist leis. Léiríodh go raibh na bearta sin éifeachtach agus leis na bearta céanna áirithíodh go bhfuil gníomhaíochtaí talmhaíochta ag leanúint ar aghaidh agus go bhfuil siad á bhforbairt. Ba cheart don Aontas leanúint de thacaíocht a thabhairt do na gníomhaíochtaí táirgthe sin, ar cuid bhunúsach iad de chóimheá chomhshaoil, shóisialta agus eacnamaíoch na n-oileán beag Aeigéach. Mar an gcéanna leis an mbeartas forbartha tuaithe, is léir ón taithí gur féidir, trí chomhpháirtíocht níos dlúithe leis na húdaráis áitiúla, cabhrú le dul i ngleic, ar bhealach níos spriocdhírithe, le saincheisteanna sonracha a mbíonn tionchar acu ar na hoileáin i dtrácht. Ba cheart dá bhrí sin leanúint de thacaíocht a thabhairt don táirgeadh áitiúil tríd an gclár tacaíochta a bunaíodh den chéad uair le Rialachán (CE) Uimh. 1405/2006. I dtaca leis sin, ba cheart béim a chur ar an oidhreacht thraidisiúnta talmhaíochta a chaomhnú mar aon le tréithe traidisiúnta a bhaineann le modhanna táirgeachta agus le táirgí áitiúla agus orgánacha.

(15)

Ba cheart go ndéanfaí na heilimintí íosta atá le soláthar sa chlár tacaíochta a bhunú ionas go bhféadfar na bearta a thacóidh le táirgeadh talmhaíochta áitiúil, go háirithe tuairisc ar an suíomh, ar an straitéis atá molta, ar na cuspóirí agus ar na bearta, a bhunú. Ba cheart freisin go ndéanfaí na prionsabail is bun le comhsheasmhacht na mbeart sin le beartais eile an Aontais a shonrú chun gach neamhréireacht agus forluí cabhrach a sheachaint.

(16)

Chun críocha an Rialacháin seo a chur i bhfeidhm ba cheart go bhféadfaí bearta chun maoiniú a dhéanamh ar staidéir, ar thionscadail taispeána, ar oiliúint agus ar chúnamh teicniúil a bheith ar áireamh sa chlár tacaíochta.

(17)

Ba cheart feirmeoirí sna hoileáin bheaga Aeigéacha a spreagadh chun táirgí ar ardchaighdeán a sholáthar agus ba cheart cabhrú le margú na dtáirgí sin.

(18)

Féadfar maolú a dheonú ó bheartas seasmhach an Choimisiúin gan státchabhair oibriúcháin a údarú do tháirgeadh, do phróiseáil, do mhargú agus d’iompar na dtáirgí talmhaíochta atá liostaithe in Iarscríbhinn I a ghabhann leis an gConradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (“an Conradh”) chun srianta sonracha ar fheirmeoireacht sna hoileáin bheaga Aeigéacha a laghdú, ar srianta iad atá ann mar gheall ar a n-oileánachas, a mbeagmhéid, a dtír-raon sléibhtiúil agus a n-aeráid, a spleáchas eacnamaíoch ar líon beag táirgí agus an fad atá siad ó mhargaí.

(19)

Níor cheart go ndéanfadh cur chun feidhme an Rialacháin seo dochar do leibhéal na tacaíochta speisialta ar bhain na hoileáin bheaga Aeigéacha tairbhe aisti go dtí seo. Chun go mbeifear in ann na bearta iomchuí a chur i gcrích, ba cheart go leanfaí de shuimeanna a bheith ar fáil ag an nGréig atá coibhéiseach leis an tacaíocht Aontais a deonaíodh cheana di faoi Rialachán (CE) Uimh. 1405/2006.

(20)

Ó 2007, tá méadú tagtha ar na riachtanais i dtáirgí riachtanacha sna hoileáin bheaga Aeigéacha mar thoradh ar mhéadú sa líon beostoic agus ar an mbrú déimeagrafach. Ba cheart, dá bhrí sin, go méadófaí an cion den bhuiséad ar cheart go mbeadh an Ghréig in ann a úsáid le haghaidh socruithe sonracha soláthair do na hoileáin bheaga Aeigéacha.

(21)

Chun go bhféadfaidh an Ghréig meastóireacht a dhéanamh ar na gnéithe uile a bhaineann le cur chun feidhme an chláir tacaíochta don bhliain roimhe sin, agus chun go mbeidh sé indéanta tuarascáil mheastóireachta bhliantúil iomlán a chur faoi bhráid an Choimisiúin, ba cheart dáta taiscthe na tuarascála sin a chur siar ón 30 Meitheamh go dtí an 30 Meán Fómhair den bhliain i ndiaidh na bliana tagartha.

(22)

Ba cheart go mbeadh de cheangal ar an gCoimisiún, faoin 31 Nollaig 2016 ar a dhéanaí agus gach cúig bliana ina dhiaidh sin, tuarascáil ghinearálta maidir le tionchar na mbeart a ghlactar chun an Rialachán seo a chur chun feidhme, a mbeadh moltaí oiriúnacha, i gcás inarb iomchuí, ag gabháil léi, a chur faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle.

(23)

Chun feidhmiú cuí an chórais a thugtar isteach leis an Rialachán seo a áirithiú, ba cheart an chumhacht chun gníomhartha a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 290 den Chonradh a tharmligean chuig an gCoimisiún, i dtaca le heilimintí áirithe neamhriachtanacha den Rialachán seo a fhorlíonadh nó a leasú. Tá sé tábhachtach, go háirithe, go rachadh an Coimisiún i mbun comhairliúcháin iomchuí le linn a chuid réamhoibre, lena n-áirítear ar leibhéal na saineolaithe. Ba cheart don Choimisiún, le linn dó gníomhartha tarmligthe a ullmhú agus a tharraingt suas, a áirithiú go ndéanfar doiciméid ábhartha a chur chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle ar bhealach comhuaineach, tráthúil agus iomchuí.

(24)

Chun coinníollacha aonfhoirmeacha a áirithiú maidir le cur chun feidhme an chláir sna hoileáin bheaga Aeigéacha i dtaca le scéimeanna eile dá samhail agus chun saobhadh iomaíochta nó idirdhealú idir na hoibreoirí a sheachaint, ba cheart cumhachtaí cur chun feidhme a thabhairt don Choimisiún. Ba cheart na cumhachtaí sin a fheidhmiú i gcomhréir le forálacha Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Feabhra 2011 lena leagtar síos na rialacha agus na prionsabail ghinearálta a bhaineann leis na sásraí maidir le rialú ag na Ballstáit ar fheidhmiú cumhachtaí cur chun feidhme ag an gCoimisiún (5).

(25)

Chun go bhféadfar na bearta atá beartaithe a chur i bhfeidhm go pras, ba cheart go dtiocfadh an Rialachán seo i bhfeidhm an lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

CAIBIDIL I

ÁBHAR AGUS CUSPÓIRÍ

Airteagal 1

Ábhar

1.   Leis an Rialachán seo leagtar síos bearta sonracha don talmhaíocht chun laghdú a dhéanamh ar na deacrachtaí a eascraíonn as oileánachas, beagmhéid agus an fad ó mhargaí na n-oileán beag Aeigéach, (“na hoileáin bheaga”).

2.   Chun críocha an Rialacháin seo, ciallaíonn “na hoileáin bheaga” aon oileán sa Mhuir Aeigéach, cé is moite den Chréit agus d’Evia.

Airteagal 2

Cuspóirí

1.   Cuideoidh na bearta sonracha dá bhforáiltear in Airteagal 1 le cur i gcrích na gcuspóirí seo a leanas:

(a)

soláthar ráthaithe chuig na hoileáin bheaga i gcás táirgí atá riachtanach do thomhaltas an duine nó don phróiseáil agus mar ionchur talmhaíochta trí na costais bhreise arna dtabhú i ngeall ar a n-oileánachas, a mbeagmhéid agus a bhfad ó mhargaí a mhaolú;

(b)

gníomhaíocht talmhaíochta sna hoileáin bheaga a chaomhnú agus a fhorbairt, lena n-áirítear táirgeadh, próiseáil, margú agus iompar táirgí áitiúla, idir amhtháirgí agus táirgí próiseáilte.

2.   Déanfar na cuspóirí a leagtar amach i mír 1 a chur chun feidhme trí bhíthin na mbeart dá dtagraítear i gCaibidil III, i gCaibidil IV agus i gCaibidil V.

CAIBIDIL II

CLÁR TACAÍOCHTA

Airteagal 3

An clár tacaíochta a bhunú

1.   Déantar na bearta dá bhforáiltear in Airteagal 1 a shainiú le clár tacaíochta, ina gcuimsítear:

(a)

socruithe sonracha soláthair, amhail dá bhforáiltear i gCaibidil III; agus

(b)

bearta sonracha chun cabhrú le táirgeadh talmhaíochta áitiúil, amhail dá bhforáiltear i gCaibidil IV.

2.   Bunófar an clár tacaíochta ar an leibhéal geografach a mheasfaidh an Ghréig a bheith ar an leibhéal is iomchuí. Is iad na húdaráis inniúla áitiúla agus réigiúnacha, arna n-ainmniú ag an nGréig, a ullmhóidh é agus déanfaidh an Ballstát sin, tar éis dó dul i gcomhairle leis na húdaráis agus leis na heagraíochtaí inniúla ar an leibhéal réigiúnach iomchuí, an clár a chur faoi bhráid an Choimisiúin le haghaidh formheasa i gcomhréir le hAirteagal 6.

Airteagal 4

Comhoiriúnacht agus comhsheasmhacht

1.   Comhlíonfaidh na bearta a ghlacfar faoin gclár tacaíochta dlí an Aontais. Beidh bearta den sórt sin comhsheasmhach le beartais eile an Aontais agus leis na bearta a ghlacfar faoi na beartais sin.

2.   Áiritheofar go mbeidh na bearta arna nglacadh faoin gclár tacaíochta comhsheasmhach leis na bearta a chuirfear chun feidhme faoi ionstraimí eile an chomhbheartais talmhaíochta, agus go háirithe le comheagruithe margaidh, le forbairt tuaithe, le cáilíocht na dtáirgí, le leas ainmhithe agus le cosaint an chomhshaoil.

Go háirithe, ní dhéanfar aon bheart faoin Rialachán seo a mhaoiniú:

(a)

mar thacaíocht bhreise do scéimeanna préimhe nó cabhrach arna mbunú faoi chomheagrú margaidh, seachas i gcásanna eisceachtúla a bhfuil critéir oibiachtúla mar bhonn cirt leo;

(b)

mar thacaíocht do thionscadail taighde, mar bhearta chun tacú le tionscadail taighde nó mar bhearta is incháilithe do mhaoiniú an Aontais faoi Chinneadh 2009/470/CE ón gComhairle an 25 Bealtaine 2009 maidir le caiteachas sa réimse tréidliachta (6);

(c)

mar thacaíocht do bhearta a thagann faoi raon feidhme Rialachán (CE) Uimh. 1698/2005 ón gComhairle an 20 Meán Fómhair 2005 maidir le tacaíocht don fhorbairt tuaithe ón gCiste Eorpach Talmhaíochta um Fhorbairt Tuaithe (CETFT) (7).

Airteagal 5

Inneachar an chláir tacaíochta

Cuimseofar sa chlár tacaíochta:

(a)

sceideal do chur chun feidhme na mbeart agus tábla bliantúil ginearálta táscach den mhaoiniú ina léirítear na hacmhainní a bhfuil leas le baint astu;

(b)

cruthúnas de chomhoiriúnacht agus de chomhsheasmhacht idir bearta éagsúla an chláir chomh maith leis na critéir agus na táscairí cainníochtúla atá le húsáid don fhaireachán agus don mheastóireacht;

(c)

na céimeanna a dhéanfar chun a áirithiú go gcuirfear an clár chun feidhme go héifeachtach agus go hiomchuí, lena n-áirítear na socruithe le haghaidh poiblíochta, faireacháin agus meastóireachta, chomh maith le sraith sonraithe de na táscairí cainníochtaithe atá le húsáid i gclár meastóireachta;

(d)

ainmniú na n-údarás inniúil agus na gcomhlachtaí a bheidh freagrach as cur chun feidhme an chláir, agus, ar na leibhéil iomchuí, ainmniú na n-údarás nó comhlachtaí bainteacha agus na gcomhpháirtithe socheacnamaíocha, chomh maith le torthaí na gcomhairliúchán a dhéantar.

Airteagal 6

Formheas agus leasú an chláir

1.   Bunaítear an clár tacaíochta faoi Rialachán (CE) Uimh. 1405/2006 agus déantar é a mhaoiniú faoin leithdháileadh airgeadais dá dtagraítear in Airteagal 18(2) agus (3).

Tá an clár comhdhéanta de réamh-mheastachán soláthair ina léirítear na táirgí, cainníochtaí na dtáirgí agus méideanna na cabhrach do sholáthar ón Aontas, chomh maith le dréachtchlár tacaíochta don táirgeadh áitiúil.

2.   Ag brath ar an meastóireacht bhliantúil ar chur chun feidhme na mbeart sa chlár tacaíochta, féadfaidh an Ghréig tograí cuí-réasúnaithe a chur faoi bhráid an Choimisiúin chun na bearta sin a leasú faoin leithdháileadh airgeadais dá dtagraítear in Airteagal 18(2) agus (3), d’fhonn iad a oiriúnú níos fearr do riachtanais na n-oileán beag agus don straitéis mholta. Déanfaidh an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme a ghlacadh lena leagfar síos nósanna imeachta chun measúnú a dhéanamh ar cibé an bhfuil dlí an Aontais á chomhlíonadh ag na leasuithe atá molta agus cibé an gcinnfear iad a fhormheas. Glacfar na gníomhartha cur chun feidhme sin i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 22(2).

3.   Maidir leis na nósanna imeachta a leagtar síos leis na gníomhartha cur chun feidhme dá dtagraítear i mír 2, féadfar na nithe seo a leanas a áireamh iontu: tábhacht na modhnuithe a mholfaidh an Ghréig faoi threoir bearta nua a thabhairt isteach, cibé ar athruithe substainteacha iad na hathruithe sa bhuiséad a leithdháilfear chuig na bearta, na hathruithe sna cainníochtaí agus sa leibhéal cabhrach le haghaidh táirgí sna réamh-mheastacháin soláthair, agus aon leasuithe ar na cóid agus tuairiscí a leagtar síos i Rialachán (CEE) Uimh. 2658/87 ón gComhairle an 23 Iúil 1987 maidir leis an ainmníocht taraife agus staidrimh agus maidir leis an gComhtharaif Chustaim (8).

4.   Cinnfear freisin leis na gníomhartha cur chun feidhme dá dtagraítear i mír 2, do gach nós imeachta, a mhinice a bhfuil iarrataí le haghaidh leasuithe le déanamh chomh maith leis na tréimhsí ama ar laistigh díobh a bhfuil na leasuithe arna bhformheas le cur chun feidhme.

Airteagal 7

Faireachán agus obair leantach

Déanfaidh an Ghréig fíoruithe trí sheiceálacha riaracháin agus seiceálacha ar an láthair. Déanfaidh an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme a ghlacadh maidir le seiceálacha a bheidh le déanamh ag an nGréig.

Déanfaidh an Coimisiún freisin gníomhartha cur chun feidhme a ghlacadh i dtaca leis na nósanna imeachta agus na táscairí fisiceacha agus airgeadais d’fhonn a áirithiú go ndéanfar faireachán ar chur chun feidhme na gclár a áirithiú.

Glacfar na gníomhartha tarmligthe i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 22(2).

CAIBIDIL III

SOCRUITHE SONRACHA SOLÁTHAIR

Airteagal 8

Réamh-mheastachán soláthair

1.   Bunaítear leis seo socruithe sonracha soláthair do na táirgí talmhaíochta de chuid an Aontais atá luaite in Iarscríbhinn I a ghabhann leis an gConradh (“na táirgí talmhaíochta”) ar táirgí iad atá riachtanach sna hoileáin bheaga do thomhaltas an duine, do mhonarú táirgí eile, nó mar ionchuir talmhaíochta.

2.   Leagfaidh an Ghréig síos, ar an leibhéal geografach a mheasfaidh sé is iomchuí, réamh-mheastachán soláthair chun riachtanais bhliantúla soláthair na n-oileán beag a chainníochtú i dtaca leis na táirgí talmhaíochta de.

Féadfar réamh-mheastachán soláthair ar leithligh a tharraingt suas le haghaidh riachtanais gnóthas pacáistithe nó próiseála táirgí atá beartaithe don mhargadh áitiúil, le coinsíniú chuig an gcuid eile den Aontas, nó le honnmhairiú chuig tríú tíortha mar chuid de thrádáil réigiúnach i gcomhréir le hAirteagal 13(2) agus (3), nó i gcomhthéacs sreafaí traidisiúnta trádála.

Airteagal 9

Feidhmiú na socruithe sonracha soláthair

1.   Deonófar cabhair chun táirgí talmhaíochta a sholáthar do na hoileáin bheaga.

Cinnfear méid na cabhrach do gach táirge lena mbaineann ag cur san áireamh na costais bhreise a bhaineann le margú na dtáirgí sna hoileáin bheaga, arna ríomh ón uair a fhágann siad calafoirt mhórthír na Gréige áit óna ndéantar na gnáthsholáthairtí, agus ón uair a fhágann siad calafoirt na n-oileán idirthurais freisin nó na calafoirt ina luchtaítear na táirgí ar a mbealach go dtí na hoileáin ceann scríbe deiridh. I gcás ionchuir thalmhaíochta agus táirgí a bheartaítear a phróiseáil, ba cheart na costais bhreise a bhaineann le hoileánachas, beagmhéid agus fad ó mhargaí a chur san áireamh agus an chabhair á cinneadh.

2.   Ní bheidh feidhm ag na socruithe sonracha soláthair ach maidir le táirgí atá ar cháilíocht fhónta, mhaith agus indíolta.

Airteagal 10

Cur chun feidhme

Agus na socruithe sonracha soláthair á gcur chun feidhme cuirfear san áireamh, go háirithe, an méid seo a leanas:

(a)

riachtanais shonracha na n-oileán beag agus na ceanglais cháilíochta bheachta;

(b)

sreafaí trádála traidisiúnta le calafoirt mhórthír na Gréige agus idir na hoileáin sa Mhuir Aeigéach;

(c)

gné eacnamaíoch na cabhrach atá beartaithe;

(d)

más infheidhme, an gá gan cur isteach ar fhorbairt táirgí áitiúla.

Airteagal 11

Deimhnithe

1.   Deonófar an chabhair dá bhforáiltear in Airteagal 9(1) ach deimhniú a thabhairt ar aird.

Ní eiseofar deimhnithe ach d’oibreoirí arna gcur ar chlár atá i seilbh na n-údarás inniúil.

Ní bheidh na deimhnithe sin inaistrithe.

2.   Ní cheanglófar aon urrús a thabhairt nuair a dhéantar iarratas ar dheimhniú. Mar sin féin, a mhéid is gá chun cur i bhfeidhm cuí an Rialacháin seo a áirithiú, féadfaidh an t-údarás inniúil a cheangal urrús a thaisceadh is comhionann le méid an bhuntáiste amhail dá dtagraítear in Airteagal 12. Sna cásanna sin, beidh feidhm ag Airteagal 34(1), (4), (5), (6), (7) agus (8) de Rialachán (CE) Uimh. 376/2008 ón gCoimisiún an 23 Aibreán 2008 lena leagtar síos comhrialacha mionsonraithe maidir le cur i bhfeidhm an chórais do cheadúnais allmhairiúcháin agus onnmhairiúcháin agus deimhnithe réamhshocraithe le haghaidh táirgí talmhaíochta (9).

Cumhachtófar don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 21, ina gcinnfear na coinníollacha chun na hoibreoirí a thaifeadadh sa chlár agus lena bhforáiltear go bhfuil láncheart ag na hoibreoirí páirt a ghlacadh sna socruithe sonracha soláthair.

3.   Déanfaidh an Coimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh a bhaineann leis na bearta is gá chun a áirithiú go gcuirfidh an Ghréig an tAirteagal seo i bhfeidhm go haonfhoirmeach, go sonrach maidir le tabhairt isteach chóras na ndeimhnithe, agus maidir leis an ngealltanas arna dhéanamh ag oibreoirí tráth an chlárúcháin. Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 22(2).

Airteagal 12

An buntáiste a chur ar aghaidh

1.   Maidir le tairbhe a bhaint de na socruithe sonracha soláthair a thagann ó dheonú na cabhrach, beidh sí faoi réir an choinníll go gcuirfear an buntáiste eacnamaíoch ar aghaidh i ndáiríre go dtí an t-úsáideoir deiridh, ar féidir leis, de réir mar is iomchuí, a bheith ina thomhaltóir i gcás táirgí atá beartaithe don tomhaltas díreach, ina phróiseálaí nó ina phacáisteoir deiridh i gcás táirgí atá beartaithe do thionscail na próiseála nó an phacáistithe, nó ina fheirmeoir i gcás táirgí a úsáidtear le haghaidh beatha ainmhithe nó mar ionchur talmhaíochta.

Beidh an buntáiste dá dtagraítear sa chéad fhomhír comhionann le méid na cabhrach.

2.   D’fhonn cur i bhfeidhm aonfhoirmeach mhír 1 a áirithiú, déanfaidh an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme a ghlacadh maidir le cur i bhfeidhm na rialacha a leagtar amach i mír 1, agus go háirithe na coinníollacha faoina bhféadfaidh an Ballstát a sheiceáil go gcuirfear ar aghaidh i ndáiríre an buntáiste go dtí an t-úsáideoir deiridh. Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 22(2).

Airteagal 13

Onnmhairiú chuig tríú tíortha agus eiseoladh chuig an gcuid eile den Aontas

1.   Déanfaidh an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme a ghlacadh chun na ceanglais a shuíomh ar i gcomhréir leo a d’fhéadfaí táirgí atá clúdaithe ag na socruithe sonracha soláthair a onnmhairiú go dtí tríú tíortha nó a eiseoladh go dtí an chuid eile den Aontas. Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 22(2).

Cuimseofar sna ceanglais sin go háirithe aisíocaíocht na cabhrach a fuarthas faoi na socruithe sonracha soláthair.

Maidir leis na táirgí atá cumhdaithe ag na socruithe sonracha soláthair, ní bheidh onnmhairiú na dtáirgí sin go dtí tríú tíortha faoi réir deimhniú a thabhairt ar aird.

2.   Ní bheidh feidhm ag an gcéad fhomhír de mhír 1 maidir le táirgí a phróiseáltar sna hoileáin bheaga as táirgí a bhain tairbhe as na socruithe sonracha soláthair, ar táirgí iad:

(a)

a onnmhairítear go dtí tríú tíortha nó a eiseoltar go dtí an chuid eile den Aontas laistigh de theorainneacha na n-onnmhairí traidisiúnta agus na heiseolacháin thraidisiúnta;

(b)

a onnmhairítear go dtí tríú tíortha mar chuid de thrádáil réigiúnach i gcomhréir leis na cinn scríbe agus leis na forálacha mionsonraithe atá le cinneadh ag an gCoimisiún;

(c)

a eiseoltar idir na hoileáin bheaga.

Maidir leis na táirgí dá dtagraítear i bpointe (a) agus i bpointe (b) den chéad fhomhír, ní bheidh onnmhairiú na dtáirgí sin go dtí tríú tíortha faoi réir deimhniú a thabhairt ar aird.

Ní dheonófar aon aisíocaíocht onnmhairiúcháin ar onnmhairí táirgí dá dtagraítear i bpointe (a) agus i bpointe (b) den chéad fhomhír.

Déanfaidh an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme a ghlacadh lena mbunófar teorainneacha chainníochtaí na dtáirgí dá dtagraítear i bpointe (a) agus na forálacha mionsonraithe dá dtagraítear i bpointe (b). Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 22(2).

3.   Comhlíonfaidh na hoibríochtaí próiseála a d’fhéadfadh a bheith ina gcúis le honnmhairí trádála traidisiúnta nó eiseolacháin thraidisiúnta, mutatis mutandis, na coinníollacha próiseála is infheidhme faoi rialú custaim dá bhforáiltear sa reachtaíocht ábhartha Aontais, cé is moite de na gnáthfhoirmeacha uile láimhseála.

Airteagal 14

Rialuithe agus smachtbhannaí

1.   Déanfar seiceálacha riaracháin ar na táirgí talmhaíochta atá faoi réir na socruithe sonracha soláthair ag tráth a dtabhairt isteach sna hoileáin bheaga agus ag tráth a n-onnmhairithe nó a eiseolta ó na hoileáin sin.

Déanfaidh an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme a ghlacadh maidir le saintréithe íosta na seiceálacha a bheidh le déanamh ag an nGréig. Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 22(2).

2.   Ach amháin i gcásanna force majeure nó dálaí aeráide as an ngnách, má mhainníonn oibreoir, amhail dá dtagraítear in Airteagal 11, na gealltanais arna ndéanamh i gcomhréir leis an Airteagal sin a chomhlíonadh, déanfaidh an t-údarás inniúil, gan dochar d’aon phionóis is infheidhme faoin dlí náisiúnta:

(a)

an buntáiste a deonaíodh don oibreoir a athghnóthú;

(b)

clárú an oibreora a chur ar fionraí go sealadach nó a chúlghairm, ag brath ar thromchúis an neamhchomhlíonta.

3.   Ach amháin i gcásanna force majeure nó dálaí aeráide eisceachtúla, i gcás nach ndéanfaidh oibreoirí, amhail dá dtagraítear in Airteagal 11, an dul isteach pleanáilte, déanfaidh an t-údarás inniúil a dteidlíocht ar iarratas a dhéanamh ar dheimhnithe a chur ar fionraí ar feadh tréimhse 60 lá i ndiaidh don deimhniú sin a dhul in éag. I ndiaidh na tréimhse fionraíochta, beidh eisiúint na ndeimhnithe ina dhiaidh sin faoi réir urrús a thaisceadh is comhionann le méid an bhuntáiste a bheidh le deonú le linn tréimhse a bheidh le cinneadh ag an údarás inniúil.

Déanfaidh an t-údarás inniúil na bearta a ghlacadh is gá chun aon chainníochtaí táirgí a athúsáid a chuirtear ar fáil mar thoradh ar neamh-fhorghníomhú, forghníomhú páirteach nó cealú na ndeimhnithe arna n-eisiúint nó mar thoradh ar athghnóthú an bhuntáiste.

CAIBIDIL IV

BEARTA CHUN CUIDIÚ LE TÁIRGÍ ÁITIÚLA TALMHAÍOCHTA

Airteagal 15

Bearta

1.   Tá sa chlár tacaíochta na bearta is gá chun leanúnachas agus forbairt an táirgthe áitiúil thalmhaíochta sna hoileáin bheaga a áirithiú, faoi chuimsiú Theideal III de Chuid III den Chonradh.

2.   Beidh na heilimintí seo a leanas ar a laghad ar áireamh sa chuid den chlár ina bhfuil na bearta chun cuidiú le táirgeadh áitiúil talmhaíochta:

(a)

tuairisc chainníochtaithe ar staid reatha an táirgthe talmhaíochta, ag cur san áireamh na dtorthaí meastóireachta atá ar fáil, ag léiriú na n-éagothromaíochtaí, na n-easnamh agus na hacmhainneachta forbartha, agus na n-acmhainní airgeadais a úsáideadh;

(b)

tuairisc ar an straitéis atá molta, na tosaíochtaí arna roghnú agus na cuspóirí ginearálta agus oibriúcháin cainníochtaithe, chomh maith le measúnú ar an tionchar eacnamaíoch, comhshaoil agus sóisialta, lena n-áirítear na héifeachtaí ar fhostaíocht, a mbeifear ag súil leis;

(c)

tuairisc ar na bearta atá beartaithe, go háirithe na scéimeanna cabhrach chun iad a chur chun feidhme, agus, i gcás inarb iomchuí, faisnéis faoi na riachtanais i dtéarmaí staidéar, tionscadal taispeána, oiliúna agus cúnaimh theicniúil a bhaineann le hullmhúchán, le cur chun feidhme nó le hoiriúnú na mbeart lena mbaineann;

(d)

liosta na gcineál cabhrach ar íocaíochtaí díreacha iad i gcomhréir le hAirteagal 2(d) de Rialachán (CE) Uimh. 73/2009 ón gComhairle an 19 Eanáir 2009 lena mbunaítear comhrialacha do scéimeanna tacaíochta dírí d’fheirmeoirí faoin gcomhbheartas talmhaíochta agus lena mbunaítear scéimeanna áirithe tacaíochta d’fheirmeoirí (10);

(e)

méid na cabhrach atá leagtha síos do gach beart nó an méid sealadach le haghaidh gach gníomhaíocht d’fhonn cuspóir amháin nó roinnt cuspóirí ar an gclár a bhaint amach.

3.   Déanfaidh an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme a ghlacadh maidir le ceanglais do sholáthar na cabhrach a thuairiscítear i mír 2. Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 22(2).

4.   Féadfaidh bearta tacaíochta do tháirgeadh, do phróiseáil nó do mhargú agus d’iompar tháirgí talmhaíochta, idir amhtháirgí agus tháirgí próiseáilte, na n-oileán beag a bheith ar áireamh sa chlár.

Féadfar gach beart a bhriseadh síos i ngníomhaíochtaí. Do gach gníomhaíocht sainítear sa chlár ar a laghad na heilimintí seo a leanas:

(a)

na tairbhithe;

(b)

na coinníollacha cáilitheachta;

(c)

an t-aonadmhéid cabhrach.

Déanfaidh an Coimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 21 maidir leis na coinníollacha chun méid na cabhrach a dheonófar i ndáil le tacaíocht a thabhairt do mhargú agus iompar táirgí, idir amhtháirgí agus tháirgí próiseáilte, lasmuigh de réigiún a dtáirgthe, agus, i gcás inarb iomchuí, i ndáil leis na coinníollacha maidir le cainníochtaí táirgí faoi réir na cabhrach sin a shuíomh.

Airteagal 16

Rialuithe agus íocaíochtaí míchearta

1.   Déanfar bearta dá bhforáiltear sa Chaibidil seo a fhíorú trí sheiceálacha riaracháin agus trí sheiceálacha ar an láthair.

2.   I gcás íocaíochtaí éagóracha, beidh de cheangal ar an tairbhí lena mbaineann na méideanna i gceist a aisíoc. Beidh feidhm mutatis mutandis ag Airteagal 80 de Rialachán (CE) Uimh. 1122/2009 ón gCoimisiún an 30 Samhain 2009 lena leagtar síos rialacha mionsonraithe maidir le cur chun feidhme Rialachán (CE) Uimh. 73/2009 ón gComhairle a mhéid a bhaineann le tras-chomhlíonadh, le modhnú agus leis an gcóras comhtháite riaracháin agus rialaithe, faoi na scéimeanna tacaíochta dírí d’fheirmeoirí dá bhforáiltear sa Rialachán sin, mar aon le Rialachán (CE) Uimh. 1234/2007 ón gComhairle a chur chun feidhme a mhéid a bhaineann le tras-chomhlíonadh faoin scéim tacaíochta a fhoráiltear d’earnáil an fhíona (11).

CAIBIDIL V

BEARTA TIONLACAIN

Airteagal 17

Státchabhair

1.   I gcás na dtáirgí talmhaíochta atá cumhdaithe ag Iarscríbhinn I a ghabhann leis an gConradh, a bhfuil feidhm ag Airteagal 107, Airteagal108 agus Airteagal 109 maidir leo, féadfaidh an Coimisiún cabhair oibriúcháin a údarú, i gcomhréir le hAirteagal 108 den Chonradh, sna hearnálacha a tháirgíonn, a phróiseálann, a mhargaíonn agus a iompraíonn na táirgí sin, d’fhonn baic an táirgthe talmhaíochta a bhaineann go sonrach leis na hoileáin bheaga a mhaolú, ar baic iad a bhaineann lena n-oileánachas, a mbeagmhéid, a dtír-raon sléibhtiúil agus a n-aeráid, a spleáchas eacnamaíoch ar bheagán táirgí agus a bhfad ó na margaí.

2.   Féadfaidh an Ghréig maoiniú comhlántach a dheonú chun an clár tacaíochta a chur chun feidhme. Sa chás sin, déanfaidh an Ghréig an státchabhair a fhógairt don Choimisiún agus féadfaidh an Coimisiún an státchabhair a fhormheas i gcomhréir leis an Rialachán seo mar chuid den chlár tacaíochta sin. Maidir le státchabhair a fógraíodh amhlaidh, measfar é a bheith fógartha de réir bhrí na chéad abairte d’Airteagal 108(3) den Chonradh.

3.   Gan dochar do mhír 1 agus do mhír 2 den Airteagal seo agus de mhaolú ar Airteagal 180 de Rialachán (CE) Uimh. 1234/2007 agus ar Airteagal 3 de Rialachán (CE) Uimh. 1184/2006 ón gComhairle an 24 Iúil 2006 lena gcuirtear rialacha áirithe maidir le hiomaíocht i bhfeidhm maidir le táirgeadh agus trádáil táirgí talmhaíochta (12), ní bheidh feidhm ag Airteagal 107, Airteagal 108 agus Airteagal 109 den Chonradh maidir leis na híocaíochtaí arna ndéanamh ag an nGréig, i gcomhréir leis an Rialachán seo, faoi Chaibidil III agus Chaibidil IV den Rialachán seo.

CAIBIDIL VI

FORÁLACHA AIRGEADAIS

Airteagal 18

Acmhainní airgeadais

1.   Is idirghabhálacha iad na bearta dá bhforáiltear sa Rialachán seo, chun na margaí talmhaíochta a thabhairt chun rialtachta de réir bhrí Airteagal 3(1)(b) de Rialachán (CE) Uimh. 1290/2005 ón gComhairle an 21 Meitheamh 2005 maidir le maoiniú an chomhbheartais talmhaíochta (13).

2.   Maoineoidh an tAontas na bearta dá bhforáiltear i gCaibidil III agus i gCaibidil IV go dtí uasmhéid bliantúil de EUR 23,93 milliún.

3.   Ní fhéadfaidh an méid a leithdháilfear gach bliain chun na socruithe sonracha soláthair dá bhforáiltear i gCaibidil III a mhaoiniú EUR 7,11 milliún a shárú.

Déanfaidh an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme a ghlacadh lena leagtar amach na ceanglais ar i gcomhréir leo a fhéadfaidh an Ghréig leasú a dhéanamh ar leithdháileadh na n-acmhainní a leithdháiltear gach bliain do na táirgí éagsúla a thairbhíonn de na socruithe sonracha soláthair. Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 22(2).

4.   Déanfaidh an Coimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh, i gcomhréir le hAirteagal 21, lena leagfar síos na coinníollacha chun uasmhéid bliantúil a chinneadh a fhéadfar a leithdháileadh ar bhearta maidir le maoiniú staidéar, tionscadail taispeána, oiliúna agus cúnamh teicniúil, ar choinníoll go bhfuil leithdháileadh den sórt sin réasúnach agus comhréireach.

CAIBIDIL VII

FORÁLACHA GINEARÁLTA AGUS CRÍOCHNAITHE

Airteagal 19

Bearta náisiúnta

Déanfaidh an Ghréig na bearta is gá chun a áirithiú go gcomhlíonfar an Rialachán seo, go háirithe maidir le seiceálacha agus pionóis riaracháin, agus cuirfidh sí an Coimisiún ar an eolas ina leith sin.

Airteagal 20

Cumarsáid agus tuarascálacha

1.   Tráth nach déanaí ná an 15 Feabhra gach bliain, cuirfidh an Ghréig in iúl don Choimisiún na leithreasaí atá curtha ar fáil di agus a bhfuil sé ar intinn aici a chaitheamh, an bhliain dár gcionn, ar chur chun feidhme an réamh-mheastacháin soláthair agus cuirfidh sí in iúl freisin gach beart i gcomhair an táirgthe áitiúil talmhaíochta a áirítear sa chlár íocaíochta.

2.   Tráth nach déanaí ná an 30 Meán Fómhair gach bliain, cuirfidh an Ghréig tuarascáil faoi bhráid an Choimisiúin maidir le cur chun feidhme na mbeart dá bhforáiltear sa Rialachán seo i rith na bliana roimhe sin.

3.   Faoin 31 Nollaig 2016, agus gach cúig bliana ina dhiaidh sin, cuirfidh an Coimisiún tuarascáil ghinearálta faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle ina léireofar tionchar na ngníomhaíochtaí a rinneadh faoin Rialachán seo, agus más infheidhme, beidh tograí iomchuí ag gabháil leis an tuarascáil sin.

Airteagal 21

An tarmligean a fheidhmiú

1.   Déanfar an chumacht chun gníomhartha tarmlithe a ghlacadh a thabhairt don Choimisiún faoi réir na gcoinníollacha a leagtar síos san Airteagal seo.

2.   Déanfar an chumhacht chun na gníomhartha tarmligthe dá dtagraítear in Airteagal 11(2), in Airteagal 15(4) agus in Airteagal 18(4) a thabhairt don Choimisiún ar feadh tréimhse cúig bliana ón 21 Márta 2013. Déanfaidh an Coimisiún, tráth nach déanaí ná naoi mí roimh dheireadh na tréimhse cúig bliana, tuarascáil a tharraingt suas maidir le tarmligean na cumhachta. Déanfar tarmligean na cumhachta a fhadú go hintuigthe go ceann tréimhsí comhfhaid, mura rud é go gcuireann Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle in aghaidh an fhadaithe sin tráth nach déanaí ná trí mhí roimh dheireadh gach tréimhse.

3.   Féadfaidh Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle tarmligean na cumhachta dá dtagraítear in Airteagal 11(2), Airteagal 15(4) agus Airteagal 18(4) a chúlghairm aon tráth. Déanfaidh cinneadh chun cúlghairm a dhéanamh deireadh a chur le tarmligean na cumhachta atá sonraithe sa chinneadh sin. Gabhfaidh éifeacht leis an lá tar éis fhoilsiú an chinnidh chun cúlghairm a dhéanamh in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh nó ar dháta níos déanaí a shonrófar sa chinneadh sin. Ní dhéanfaidh sé difear do bhailíocht aon ghníomhartha tarmligthe atá i bhfeidhm cheana féin.

4.   A luaithe a ghlacfaidh sé gníomh tarmligthe, tabharfaidh an Coimisiún fógra do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle ina leith an tráth chéanna.

5.   Ní thiocfaidh gníomh tarmligthe a ghlactar de bhun Airteagal 11(2), Airteagal 15(4) agus Airteagal 18(4) i bhfeidhm ach amháin mura mbeidh aon agóid curtha in iúl ag Parlaimint na hEorpa nó ag an gComhairle laistigh de thréimhse dhá mhí tar éis fógra faoin ngníomh sin a thabhairt do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle nó más rud é, roimh dheireadh na tréimhse sin, go mbeidh Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle araon tar éis a chur in iúl don Choimisiún nach bhfuil sé i gceist acu aon agóid a dhéanamh. Déanfar an tréimhse sin a fhadú dhá mhí ar thionscnamh Pharlaimint na hEorpa nó na Comhairle.

Airteagal 22

Nós imeachta coiste

1.   Beidh an Coiste Bainistíochta um Íocaíochtaí Díreacha arna bhunú faoi Airteagal 141 de Rialachán (CE) Uimh. 73/2009 de chúnamh ag an gCoimisiún. Is é a bheidh sa choiste sin coiste de réir bhrí Rialachán (AE) Uimh. 182/2011.

2.   I gcás ina ndéanfar tagairt don mhír seo, beidh feidhm ag Airteagal 5 de Rialachán (AE) Uimh. 182/2011.

Airteagal 23

Aisghairm

Aisghairtear leis seo Rialachán (CE) Uimh. 1405/2006.

Déanfar tagairtí don Rialachán aisghairthe a fhorléiriú mar thagairtí don Rialachán seo agus léifear iad i gcomhréir leis an tábla comhghaoil atá san Iarscríbhinn.

Airteagal 24

Teacht i bhfeidhm

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh in Strasbourg 13 Márta 2013.

Thar ceann Pharlaimint na hEorpa

An tUachtarán

M. SCHULZ

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

L. CREIGHTON


(1)  IO C 132, 3.5.2011, lch. 82.

(2)  Seasamh ó Pharlaimint na hEorpa an 5 Feabhra 2013 (nár foilsíodh fós san Iris Oifigiúil) agus cinneadh ón gComhairle an 25 Feabhra 2013.

(3)  IO L 265, 26.9.2006, lch. 1.

(4)  IO L 299, 16.11.2007, lch. 1.

(5)  IO L 55, 28.2.2011, lch. 13.

(6)  IO L 155, 18.6.2009, lch. 30.

(7)  IO L 277, 21.10.2005, lch. 1.

(8)  IO L 256, 7.9.1987, lch. 1.

(9)  IO L 114, 26.4.2008, lch. 3.

(10)  IO L 30, 31.1.2009, lch. 16.

(11)  IO L 316, 2.12.2009, lch. 65.

(12)  IO L 214, 4.8.2006, lch. 7.

(13)  IO L 209, 11.8.2005, lch. 1.


IARSCRÍBHINN

Tábla comhghaoil

Rialachán (CE) Uimh. 1405/2006

An Rialachán seo

Airteagal 1

Airteagal 1

Airteagal 2

Airteagal 3(1)

Airteagal 3

Airteagal 8

Airteagal 4(1)

Airteagal 9(1)

Airteagal 4(2)

Airteagal 10

Airteagal 4(3)

Airteagal 12(1)

Airteagal 5

Airteagal 13

Airteagal 7(1)

Airteagal 15(1)

Airteagal 7(2)

Airteagal 3(2)

Airteagal 8

Airteagal 4

Airteagal 9(a), (b)

Airteagal 15(2)

Airteagal 9(c), (d), (e) agus (f)

Airteagal 5

Airteagal 10

Airteagal 7 an dara mír

Airteagal 11

Airteagal 17

Airteagal 12

Airteagal 18

Airteagal 13

Airteagal 6(1)

Airteagal 14(a)

Airteagal 6(2) go (4)

Airteagal 14(b)

Airteagal 7 an chéad fhomhír agus Airteagal 14(1) an dara fomhír, (2) agus (3)

Airteagal 16

Airteagal 19

Airteagal 17

Airteagal 20

Airteagal 18

Airteagal 23

Airteagal 21

Airteagal 24


Top