EUR-Lex Access to European Union law

Back to EUR-Lex homepage

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 22024D0542

Cinneadh ó Chomhchoiste LEE Uimh. 295/2021 an 29 Deireadh Fómhair 2021 lena leasaítear Iarscríbhinn II (Rialacháin theicniúla, caighdeáin, tástáil agus deimhniú) a ghabhann le Comhaontú LEE [2024/542]

IO L, 2024/542, 29.2.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2024/542/oj (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

Legal status of the document Date of entry into force unknown (pending notification) or not yet in force.

ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2024/542/oj

European flag

Iris Oifigiúil
an Aontais Eorpaigh

GA

Sraith L


2024/542

29.2.2024

CINNEADH Ó CHOMHCHOISTE LEE Uimh. 295/2021

an 29 Deireadh Fómhair 2021

lena leasaítear Iarscríbhinn II (Rialacháin theicniúla, caighdeáin, tástáil agus deimhniú) a ghabhann le Comhaontú LEE [2024/542]

TÁ COMHCHOISTE LEE,

Ag féachaint don Chomhaontú maidir leis an Limistéar Eorpach Eacnamaíoch (‘Comhaontú LEE’), agus go háirithe Airteagal 98 de,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Rialachán (AE) 2021/1099 ón gCoimisiún an 5 Iúil 2021 lena leasaítear Iarscríbhinní II agus III a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 1223/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le táirgí cosmaideacha (1), tá sé le hionchorprú i gComhaontú LEE.

(2)

Dá bhrí sin, ba chearta Iarscríbhinn II a ghabhann le Comhaontú LEE a leasú dá réir sin,

TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Cuirtear an fhleasc seo a leanas isteach i bpointe 1a (Rialachán (CE) Uimh. 1223/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle) de Chaibidil XVI d’Iarscríbhinn II a ghabhann le Comhaontú LEE:

‘—

32021 R 1099: Rialachán (AE) 2021/1099 ón gCoimisiún an 5 Iúil 2021 (IO L 238, 6.7.2021, lch. 29).’

Airteagal 2

Is téacs barántúil a bheidh i dtéacs Rialachán (AE) 2021/1099 san Íoslainnis agus san Ioruais, téacs atá le foilsiú i bhForlíonadh LEE d’Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Airteagal 3

Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm an 30 Deireadh Fómhair 2021, ar choinníoll go mbeidh na fógraí uile de réir Airteagal 103(1) de Chomhaontú LEE tugtha (*1).

Airteagal 4

Foilseofar an Cinneadh seo i Roinn LEE, agus i bhForlíonadh LEE, d’Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 29 Deireadh Fómhair 2021.

Thar ceann Chomhchoiste LEE

An tUachtarán

Rolf Einar FIFE


(1)   IO L 238, 6.7.2021, lch. 29.

(*1)  Ní shonraítear aon cheanglas bunreachtúil.


ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2024/542/oj

ISSN 1977-0839 (electronic edition)


Top