EUR-Lex Access to European Union law

Back to EUR-Lex homepage

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 12016M010

Leagan comhdhlúite den Chonradh ar an Aontas Eorpach
TEIDEAL II - FORÁLACHA MAIDIR LEIS NA PRIONSABAIL DHAONLATHACHA
Airteagal 10

IO C 202, 7.6.2016, p. 20–20 (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

Legal status of the document In force

ELI: http://data.europa.eu/eli/treaty/teu_2016/art_10/oj

7.6.2016   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 202/20


Airteagal 10

1.   Beidh oibriú an Aontais fothaithe ar an daonlathas ionadaíoch.

2.   Ionadaítear do na saoránaigh go díreach ar leibhéal an Aontais i bParlaimint na hEorpa.

Is iad a gCinn Stáit nó Rialtais a ionadaíonn do na Ballstáit sa Chomhairle Eorpach agus is iad a rialtais, atá freagrach iad féin go daonlathach, sin os comhair a bParlaimintí náisiúnta nó os comhair a gcuid saoránach, a ionadaíonn do na Ballstait sa Chomhairle.

3.   Beidh an ceart ag gach saoránach a bheith rannpháirteach i saol daonlathach an Aontais. Glacfar cinntí chomh hoscailte agus is féidir agus ar leibhéal chomh gar agus is féidir don saoránach.

4.   Rannchuidíonn páirtithe polaitiúla ar leibhéal Eorpach le feasacht pholaitiúil Eorpach a fhoirmiú agus le toil shaoránaigh an Aontais a chur in iúl.


Top