EUR-Lex Access to European Union law

Back to EUR-Lex homepage

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 12016E179

Leagan comhdhlúite den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh
CUID A TRÍ - BEARTAIS AGUS GNÍOMHAÍOCHTAÍ INMHEÁNACHA AN AONTAIS
TEIDEAL XIX - TAIGHDE AGUS FORBAIRT THEICNEOLAÍOCH AGUS AN SPÁS
Airteagal 179 (sean-Airteagal 163 CCE)

IO C 202, 7.6.2016, p. 128–129 (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

Legal status of the document In force

ELI: http://data.europa.eu/eli/treaty/tfeu_2016/art_179/oj

7.6.2016   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 202/128


Airteagal 179

(sean-Airteagal 163 CCE)

1.   Beidh sé de chuspóir ag an Aontas a chuid fothaí eolaíocha agus teicneolaíocha a neartú trí limistéar Eorpach taighde a ghnóthú ina mbeidh taighdeoirí, fios eolaíoch agus teicneolaíocht ag gluaiseacht faoi shaoirse, agus trí bhreis iomaíochais a spreagadh ann, lena n-áirítear an t-iomaíochas i gcúrsaí tionsclaíochta, agus gach gníomhaíocht taighde a chur chun chinn a mheasfar is gá de bhua Chaibidlí eile na gConarthaí.

2.   Chuige sin, cothóidh an tAontas gnóthais ar fud an Aontais, lena n-áirítear gnóthais bheaga agus meánmhéide, lárionaid taighde agus ollscoileanna ina n-iarrachtaí maidir le taighde agus forbairt theicneolaíoch d'ardchaighdeán; tacóidh sé lena n-iarrachtaí comhair, go háirithe d'fhonn a chumasú do lucht taighde comhoibriú faoi shaoirse trasna teorainneacha agus do ghnóthais leas iomlán a bhaint as acmhainneacht an mhargaidh inmheánaigh go háirithe trí bhíthin conarthaí náisiúnta poiblí a oscailt, comhchaighdeáin a shainiú agus constaicí dlíthiúla agus fioscacha ar chomhar den sórt sin a dhíchur.

3.   Déanfar gach gníomhaíocht Aontais de bhun na gConarthaí, lena n-áirítear gníomhaíochtaí taisealbhaidh, i réimse an taighde agus na forbartha teicneolaíche, a chinneadh agus a chur chun feidhme i gcomhréir le forálacha an Teidil seo.


Top