EUR-Lex Access to European Union law
This document is an excerpt from the EUR-Lex website
Document 12012E166
Consolidated version of the Treaty on the Functioning of the European Union#PART THREE - UNION POLICIES AND INTERNAL ACTIONS#TITLE XII - EDUCATION, VOCATIONAL TRAINING, YOUTH AND SPORT#Article 166#(ex Article 150 TEC)
Leagan comhdhlúite den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh
CUID A TRÍ - BEARTAIS AGUS GNÍOMHAÍOCHTAÍ INMHEÁNACHA AN AONTAIS
TEIDEAL XII - OIDEACHAS, GAIRMOILIÚINT, AN ÓIGE AGUS AN SPÓRT
Airteagal 166
(sean-Airteagal 150 CCE)
Leagan comhdhlúite den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh
CUID A TRÍ - BEARTAIS AGUS GNÍOMHAÍOCHTAÍ INMHEÁNACHA AN AONTAIS
TEIDEAL XII - OIDEACHAS, GAIRMOILIÚINT, AN ÓIGE AGUS AN SPÓRT
Airteagal 166
(sean-Airteagal 150 CCE)
IO C 326, 26.10.2012, p. 121–121
(BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)
In force
26.10.2012 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
1 |
AN CONRADH AR FHEIDHMIÚ AN AONTAIS EORPAIGH (LEAGAN COMHDHLÚITE)
CUID A TRÍ
BEARTAIS AGUS GNÍOMHAÍOCHTAÍ INMHEÁNACHA AN AONTAIS
TEIDEAL XII
OIDEACHAS, GAIRMOILIÚINT, AN ÓIGE AGUS AN SPÓRT
Airteagal 166
(sean-Airteagal 150 CCE)
1. Cuirfidh an tAontas beartas gairmoiliúna chun feidhme a thacóidh le gníomhaíochtaí na mBallstát agus a fhorlíonfaidh iad, agus freagracht na mBallstát i leith inneachar agus eagrúchán na gairmoiliúna á hurramú aige.
2. Is é is aidhm do ghníomhaíocht an Aontais:
— |
oiriúnú d'athruithe tionsclaíocha a éascú, go háirithe trí bhíthin na hoiliúna agus na hathghairmoiliúna; |
— |
an ghairmoiliúint tosaigh agus leanúnach a fheabhsú chun an t-imeascadh agus an t-athimeascadh gairmiúil ar mhargadh an tsaothair a éascú; |
— |
rochtain ar an ngairmoiliúint a éascú agus taobhú le soghluaisteacht oidí agus daoine faoi oiliúint, go háirithe daoine óga; |
— |
comhar i réimse na hoiliúna a spreagadh idir bunaíochtaí oideachais agus oiliúna agus gnóthais; |
— |
malartuithe faisnéise agus taithí a fhorbairt ar shaincheisteanna is coiteann do chórais oiliúna na mBallstát. |
3. Taobhóidh an tAontas agus na Ballstáit leis an gcomhar le tríú tíortha agus leis na heagraíochtaí idirnáisiúnta is inniúil maidir le gairmoiliúint.
4. Déanfaidh Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle, ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach agus tar éis dul i gcomhairle leis an gCoiste Eacnamaíoch agus Sóisialta agus le Coiste na Réigiún, bearta a ghlacadh chun rannchuidiú leis na cuspóirí dá dtagraítear san Airteagal seo a ghnóthú, gan aon chomhchuibhiú ar dhlíthe agus rialacháin na mBallstát, agus glacfaidh an Chomhairle moltaí, ar thogra ón gCoimisiún.