EUR-Lex Access to European Union law

Back to EUR-Lex homepage

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 12003TN13/02

Ionstraim i dtaobh choinníollacha aontachais Phoblacht na Seice, Phoblacht na hEastóine, Phoblacht na Cipire, Phoblacht na Laitvia, Phoblacht na Liotuáine, Phoblacht na hUngáire, Phoblacht Mhálta, Phoblacht na Polainne, Phoblacht na Slóivéine agus Phoblacht na Slóvaice agus oiriúnuithe na gConarthaí ar a bhfuil an tAontas Eorpach fothaithe - Iarscríbhinn XIII: Liosta dá dtagraítear in Airteagal 24 den Ionstraim Aontachais: An tSlóivéin - 2. SAORGHLUAISEACHT DAOINE

IO L 236, 23.9.2003, p. 906–908 (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

Legal status of the document In force

12003TN13/02



Official Journal L 236 , 23/09/2003 P. 0906 - 0908


2. SAORGHLUAISEACHT DAOINE

An Conradh ag bunú an Chomhphobail Eorpaigh;

31968 L 0360: Treoir 68/360/CEE ón gComhairle an 15 Deireadh Fómhair 1968 maidir le srianta a dhíothú ar ghluaiseacht agus cónaí sa Chomhphobal d'oibrithe ó na Ballstáit agus dá dteaghlaigh (IO L 257, 19.10.1968, lch. 13), mar atá arna leasú go deireanach le:

- 11994 N: An Ionstraim i dtaobh coinníollacha aontachais agus oiriúnuithe na gConarthaí — Aontachas Phoblacht na hOstaire, Phoblacht na Fionlainne agus Ríocht na Sualainne (IO C 241, 29.8.1994, lch. 21);

31968 R 1612: Rialachán (CEE) Uimh. 1612/68 ón gComhairle an 15 Deireadh Fómhair 1968 maidir le saorghluaiseacht oibrithe laistigh den Chomhphobal (IO L 257, 19.10.1968, lch. 2), mar atá arna leasú go deireanach le:

- 31992 R 2434: Rialachán (CEE) Uimh. 2434/92 ón gComhairle an 27.7.1992 (IO L 245, 26.8.1992, lch. 1);

31996 L 0071: Treoir 96/71/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Nollaig 1996 maidir le hoibrithe a phostú faoi chuimsiú seirbhísí a sholáthar (IO L 18, 21.1.1997, lch.1).

1. I dtaca le saorghluaiseacht oibrithe agus saoirse seirbhísí a sholáthar lena mbaineann gluaiseacht shealadach oibrithe mar atá sainithe in Airteagal 1 de Threoir 96/71/CE idir an tSlóivéin, ar thaobh amháin, agus an Bheilg, Poblacht na Seice, an Danmhairg, an Ghearmáin, an Eastóin, an Ghréig, an Spáinn, an Fhrainc, Éire, an Iodáil, an Laitvia, an Liotuáin, Lucsamburg, an Ungáir, an Ísiltír, an Ostair, an Pholainn, an Phortaingéil, an tSlóvaic, an Fhionlainn, an tSualainn agus an Ríocht Aontaithe ar an taobh eile, ní bheidh feidhm go hiomlán ag Airteagail 39 agus ag an gcéad mhír d'Airteagal 49(1) de Chonradh CE ach amháin faoi réir na bhforálacha idirthréimhseacha atá leagtha síos i míreanna 2 go 14.

2. De mhaolú ar Airteagail 1 go 6 de Rialachán (CEE) Uimh. 1612/68 agus go dtí deireadh an cúigiú bliain tar éis dháta an aontachais, déanfaidh na Ballstáit láithreacha bearta náisiúnta, nó bearta a thig ó shocruithe déthaobhacha, a rialaíonn rochtain ar a margaí saothair ag náisiúnaigh na Slóivéine, a chur i bhfeidhm. Féadfaidh na Ballstáit láithreacha leanúint de bhearta den sórt sin a chur i bhfeidhm go dtí deireadh an cúigiú bliain tar éis dháta aontachais na Slóivéine.

Náisiúnaigh na Slóivéine atá ag obair go dleathach i mBallstát láithreach arna ligean isteach ar mhargadh saothair de chuid an Ballstáit sin tar éis an aontachais ar feadh tréimhse 12 mí nó níos faide gan briseadh, tairbheoidh siad de rochtain ar mhargadh saothair an Bhallstáit sin ach ní thairbheoidh siad de rochtain ar mhargadh saothair Ballstát eile a chuireann bearta náisiúnta i bhfeidhm.

Náisiúnaigh na Slóivéine arna ligean isteach ar mhargadh saothair de chuid Ballstáit láithrigh tar éis an aontachais ar feadh tréimhse 12 mí nó níos faide gan briseadh, tairbheoidh siad de na cearta céanna

Scoirfidh náisiúnaigh na Slóivéine atá luaite sa dara fomhír agus sa tríú fomhír thuas de thairbhiú de na cearta atá cuimsithe sna fomhíreanna sin má fhágann siad go deonach margadh saothair an Bhallstáit láithrigh i dtrácht.

Náisiúnaigh na Slóivéine atá ag obair go dleathach i mBallstát láithreach ar dháta an aontachais nó le linn tréimhse ina gcuirtear bearta náisiúnta i bhfeidhm agus a ligeadh isteach ar mhargadh saothair an Bhallstáit sin ar feadh tréimhse is lú ná 12 mí, ní thairbheoidh siad de na cearta sin.

3. Roimh dheireadh na tréimhse dhá bhliain tar éis dháta an aontachais, déanfaidh an Chomhairle oibriú na bhforálacha idirthréimhseacha atá leagtha síos i mír 2 a athbhreithniú ar bhonn tuarascála ón gCoimisiún.

Tráth chríochnú an athbhreithnithe sin, agus tráth nach déanaí ná deireadh na tréimhse dhá bliain tar éis dháta an aontachais, tabharfaidh na Ballstáit láithreacha fógra don Choimisiún á rá cé acu an leanfaidh siad de bhearta náisiúnta nó bearta a thig ó chomhaontuithe déthaobhacha a chur i bhfeidhm nó an gcuirfidh siad Airteagail 1 go 6 de Rialachán (CEE) Uimh. 1612/68 i bhfeidhm feasta. Cheal fógra den sórt sin, beidh feidhm ag Airteagail 1 go 6 de Rialachán (CEE) Uimh. 1612/68.

4. Arna iarraidh sin don tSlóivéin, féadfar athbhreithniú amháin eile a dhéanamh. Beidh feidhm ag an nós imeachta dá dtagraítear i mír 3 agus críochnófar é laistigh de shé mhí ón iarraidh a fháil ón tSlóivéin.

5. Ballstát a dhéanann bearta náisiúnta nó bearta a thig ó chomhaontuithe déthaobhacha a choimeád ar bun ag deireadh na tréimhse cúig bliana atá sonraithe i mír 2, féadfaidh sé, i gcás suaitheadh tromchúiseach ar a mhargadh saothair nó bagairt dá leithéid agus tar éis fógra a thabhairt don Choimisiún, leanúint de na bearta sin a chur i bhfeidhm go dtí deireadh na tréimhse seacht mbliana tar éis dháta an aontachais. Cheal fógra den sórt sin, beidh feidhm ag Airteagail 1 go 6 de Rialachán (CEE) Uimh. 1612/68.

6. I rith na tréimhse seacht mbliana tar éis dháta an aontachais, na Ballstáit ina bhfuil feidhm, de bhua mhíreanna 3, 4 nó 5, ag Airteagail 1 go 6 de Rialachán 1612/68 (CEE) i leith náisiúnaigh na Slóivéine agus atá ag eisiúint ceadanna oibre do náisiúnaigh na Slóivéine i rith na tréimhse sin, déanfaidh siad amhlaidh go huathoibríoch.

7. Na Ballstáit ina bhfuil feidhm, de bhua mhíreanna 3, 4 nó 5, ag Airteagail 1 go 6 de Rialachán (CEE) Uimh. 1612/68 i leith náisiúnaigh na Slóivéine, féadfaidh siad dul ar iontaoibh na nósanna imeachta atá leagtha amach sna fomhíreanna thíos go dtí deireadh na tréimhse seacht mbliana tar éis dháta an aontachais.

Nuair atá suaitheadh ar mhargadh saothair ceann de na Ballstáit dá dtagraítear sa chéad fhomhír a d'fhéadfadh dochar tromchúiseach a dhéanamh don chaighdeán maireachtála nó don leibhéal fostaíochta i réigiún nó i ngairm áirithe, nó nuair a dhéanann sé suaitheadh den sórt sin a thuar, cuirfidh an Ballstát sin an Coimisiún agus na Ballstáit eile ar an eolas faoi agus déanfaidh sé na sonraí uile ábhartha a sholáthar dóibh. Ar bhonn na faisnéise sin, féadfaidh an Ballstát iarraidh ar an gCoimisiún cur i bhfeidhm Airteagail 1 go 6 de Rialachán (CEE) Uimh. 1612/68 á fhionraí go hiomlán nó go páirteach, d'fhonn an staid sa réigiún nó sa ghairm sin a athbhunú ina gnáthriocht. Tráth nach déanaí ná dhá sheachtain tar éis iarraidh den sórt sin a fháil, glacfaidh an Coimisiún cinneadh ar an bhfionraí agus ar a tréimhse agus a raon feidhme. Féadfaidh aon Bhallstát, laistigh de dhá sheachtain tar éis don Choimisiún cinneadh, a iarraidh ar an gComhairle an Cinneadh a neamhniú nó a leasú. Gníomhóidh an Chomhairle ar iarraidh den sórt sin trí thromlach cáilithe laistigh de dhá sheachtain.

I gcásanna práinneacha agus eisceachtúla, féadfaidh Ballstát dá dtagraítear sa chéad fhomhír cur i bhfeidhm Airteagail 1 go 6 de Rialachán (CEE) Uimh. 1612/68 a fhionraí, agus fógra réasúnaithe ex-post a thabhairt don Choimisiún ina dhiaidh sin.

8. Fad atá cur i bhfeidhm Airteagail 1 go 6 de Rialachán (CEE) Uimh. 1612/68 ar fionraí de bhua mhíreanna 2 go 5 agus 7 thuas, beidh feidhm sa tSlóivéin ag Airteagal 11 den Rialachán i leith náisiúnaigh na mBallstát láithreach, agus beidh feidhm aige sna Ballstáit láithreacha i leith náisiúnaigh na Slóivéine faoi na coinníollacha seo a leanas:

- na baill de theaghlach oibrí dá dtagraítear in Airteagal 10 (1) (a) den Rialachán a bhfuil cónaí orthu go dleathach in éineacht leis an oibrí ar chríoch Bhallstáit ar dháta an aontachais, beidh acu, tráth an aontachais, rochtain láithreach ar mhargadh saothair an Bhallstáit sin. Níl feidhm aige seo maidir le baill de theaghlach oibrí atá ag obair go dleathach i mBallstát láithreach ar dháta an aontachais a ligeadh isteach ar mhargadh saothair an Bhallstáit sin ar feadh tréimhse is lú ná 12 mí;

- na baill de theaghlach oibrí dá dtagraítear in Airteagal 10(1)(a) den Rialachán a bhfuil cónaí orthu go dleathach in éineacht leis an oibrí ar chríoch Bhallstáit ó dháta is déanaí ná dáta an aontachais ach i rith na tréimhse ina gcuirtear i bhfeidhm na forálacha idirthréimhseacha atá leagtha síos thuas, beidh rochtain acu ar mhargadh saothair an Bhallstáit i dtrácht a thúisce atá cónaí orthu sa Bhallstát i dtrácht ar feadh ocht mí dhéag ar a laghad nó ón tríú bliain tar éis dháta an aontachais, cibé acu is túisce.

Beidh na forálacha seo gan dochar do bhearta níos fabhraí, bíodh siad ina mbearta náisiúnta nó ina mbearta a thig ó chomhaontuithe déthaobhacha.

9. Sa mhéid nach féidir forálacha áirithe de Threoir 68/360/CEE a dhealú ó na forálacha sin de Rialachán (CEE) Uimh. 1612/68 a gcuirtear siar a gcur i bhfeidhm de bhun mhíreanna 2 go 5 agus 7 agus 8, féadfaidh an tSlóivéin agus na Ballstáit láithreacha maolú ar na forálacha sin a mhéad is gá chun míreanna 2 go 5 agus 7 agus 8 a chur i bhfeidhm.

10. Aon uair a chuireann na Ballstáit láithreacha bearta náisiúnta nó bearta a thig ó chomhaontuithe déthaobhacha i bhfeidhm de bhua na mbeart idirthréimhseach atá leagtha síos thuas, féadfaidh an tSlóivéin bearta coibhéiseacha a choimeád i bhfeidhm i leith náisiúnaigh na mBallstát nó an Bhallstáit i dtrácht.

11. Má fhionraíonn aon cheann de na Ballstáit láithreacha cur i bhfeidhm Airteagail 1 go 6 de Rialachán (CEE) Uimh. 1612/68, féadfaidh an tSlóivéin dul ar iontaoibh na nósanna imeachta atá leagtha síos i mír 7 i leith Phoblacht na Seice, nó i leith na hEastóine, na Laitvia, na Liotuáine, na hUngáire na Polainne nó na Slóvaice. I rith aon tréimhse den sórt sin, déanfar go huathoibríoch ceadanna oibre arna n-eisiúint ag an tSlóivéin chun críocha faireacháin a eisiúint chuig náisiúnaigh Phoblacht na Seice, na hEastóine, na Laitvia, na Liotuáine, na hUngáire, na Polainne nó na Slóvaice.

12. Féadfaidh aon Bhallstát láithreach, agus bearta náisiúnta á gcur i bhfeidhm aige i gcomhréir le míreanna 2 go 5 agus 7 go 9, saorghluaiseacht is mó ná mar atá ann ar dháta an aontachais, lena n-áirítear rochtain iomlán ar mhargadh an tsaothair, a thabhairt isteach faoin dlí náisiúnta. Ón tríú bliain tar éis dháta an aontachais, féadfaidh aon Bhallstát láithreach a chuireann bearta náisiúnta i bhfeidhm a chinneadh tráth ar bith Airteagail 1 go 6 de Rialachán (CEE) Uimh. 1612/68 a chur i bhfeidhm ina n-ionad. Cuirfear an Coimisiún ar an eolas faoi aon chinneadh den sórt sin.

13. Fad a chuireann siad bearta náisiúnta nó bearta a thig ó chomhaontuithe déthaobhacha i bhfeidhm, de bhua na bhforálacha idirthréimhseacha atá leagtha amach thuas, maidir le saorghluaiseacht oibrithe na Slóivéine, féadfaidh an Ghearmáin nó an Ostair, tar éis fógra a thabhairt don Choimisiún, maolú ar an gcéad mhír d'Airteagal 49 de Chonradh CE chun díriú ar shuaitheadh tromchúiseach a bhaineann le gluaiseacht shealadach oibrithe a bhfuil a gceart chun gabháil le hobair faoi réir beart náisiúnta sa Ghearmáin nó san Ostair, nó chun díriú ar bhagairt den sórt sin, in earnálacha íogaire seirbhíse ar a margaí saothair a d'fhéadfadh teacht chun cinn i réigiúin áirithe de dhroim soláthair trasnáisiúnta seirbhísí, mar atá sainithe in Airteagal 1 de Threoir 96/71/CE, agus an maolú sin á dhéanamh d'fhonn teorainn a chur, i gcomhthéacs seirbhísí a sholáthar ag cuideachtaí arna mbunú sa tSlóivéin, le gluaiseacht shealadach oibrithe a bhfuil a gceart gabháil le hobair sa Ghearmáin agus san Ostair faoi réir beart náisiúnta.

Is mar a leanas atá liosta na n-earnálacha a d'fhéadfaí a fholú leis an maolú seo:

— sa Ghearmáin:

Earnáil | Cód NACE [1], mura sonraítear a mhalairt |

Foirgníocht, lena n-áirítear brainsí gaolmhara | 45.1 go 4; Gníomhaíochtaí atá liostaithe san Iarscríbhinn a ghabhann le Treoir 96/71/CE |

Glantachán tionsclaíoch | 74.70Glantachán tionsclaíoch |

Seirbhísí eile | 74.78Gníomhaíochtaí maisitheoirí istigh amháin |

— san Ostair:

Earnáil | Cód NACE [1], mura sonraítear a mhalairt |

Gníomhaíochtaí seirbhíse gairneoireachta | 01.41 |

Cloch a ghearradh, a dheilbhiú agus a chríochnú | 26.7 |

Struchtúir mhiotail agus codanna díobh a mhonarú | 28.11 |

Foirgníocht, lena n-áirítear brainsí gaolmhara | 45.1 go 4; Gníomhaíochtaí atá liostaithe san Iarscríbhinn a ghabhann le Treoir 96/71/CE |

Gníomhaíochtaí slándála | 74.60 |

Glantachán tionsclaíoch | 74.70 |

Altranas tí | 85.14 |

Obair shóisialta agus gníomhaíochtaí gan chóiríocht | 85.32 |

A mhéad a mhaolaíonn an Ghearmáin nó an Ostair ar an gcéad mhír d'Airteagal 49(1) de Chonradh CE i gcomhréir leis na fomhíreanna roimhe seo, féadfaidh an tSlóivéin, tar éis fógra a thabhairt don Choimisiún, bearta coibhéiseacha a ghlacadh.

Ní bheidh de thoradh ar éifeacht an mhír seo a chur i bhfeidhm gur sriantaí na coinníollacha do ghluaiseacht shealadach oibrithe idir an Ghearmáin nó an Ostair agus an tSlóivéin ná na coinníollacha atá ann ar dháta sínithe an Chonartha Aontachais.

14. Ní bheidh de thoradh ar éifeacht míreanna 2 go 5 agus 7 go 13 a chur i bhfeidhm gur sriantaí na coinníollacha rochtana do náisiúnaigh na Slóvéine ar mhargaí saothair na mBallstát láithreach ná na coinníollacha atá ann ar dháta sínithe an Chonartha Aontachais.

D'ainneoin chur i bhfeidhm na bhforálacha atá leagtha síos i míreanna 1 go 13, i rith aon tréimhse ina gcuirtear i bhfeidhm bearta náisiúnta nó bearta a thig ó chomhaontuithe déthaobhacha, tabharfaidh na Ballstáit láithreacha fabhar d'oibrithe is náisiúnaigh de na Ballstáit seachas oibrithe is náisiúnaigh de thríú tíortha i dtaca le rochtain ar a margadh saothair.

Oibrithe imirceacha Slóivéanacha agus a dteaghlaigh a bhfuil cónaí orthu agus atá ag obair go dleathach i mBallstát eile nó oibrithe imirceacha ó Bhallstáit eile agus a dteaghlaigh a bhfuil cónaí orthu agus atá ag obair go dleathach sa tSlóivéin, ní chuirfear cóir níos sriantaí orthu ná mar a chuirtear ar oibrithe imirceacha agus a dteaghlaigh ó thríú tíortha a bhfuil cónaí orthu agus atá ag obair sa Bhallstát sin nó sa tSlóivéin faoi seach. Ina theannta sin, agus prionsabal an fhabhair Chomhphobail á chur i bhfeidhm, ní chuirfear cóir níos fabhraí ar oibrithe imirceacha ó thríú tíortha a bhfuil cónaí orthu agus atá ag obair san Ungáir ná mar a chuirtear ar náisiúnaigh na Slóivéine.

[1] NACE: feic 31990 R 3037: Rialachán (CEE) Uimh. 3037/90 ón gComhairle an 9 Deireadh Fómhair 1990 maidir le haicmiú staidrimh gníomhaíochtaí eacnamaíocha sa Chomhphobal Eorpach (IO L 293, 24.10.1990, lch. 1), mar atá arna leasú go deireanach le 32002 R 0029: Rialachán (CE) Uimh. 29/2002 ón gCoimisiún an 19.12.2001 (IO L 6, 10.1.2002, lch. 3).

--------------------------------------------------

Top