EUR-Lex Access to European Union law

Back to EUR-Lex homepage

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 02020R1429-20220701

Consolidated text: Rialachán (AE) 2020/1429 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 7 Deireadh Fómhair 2020 lena mbunaítear bearta le haghaidh margadh iarnróid inbhuanaithe i bhfianaise ráig COVID-19 (Téacs atá ábhartha maidir le LEE)Téacs atá ábhartha maidir leis an LEE

ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2020/1429/2022-07-01

02020R1429 — GA — 01.07.2022 — 004.002


Is áis doiciméadúcháin amháin an téacs seo agus níl aon éifeacht dhlíthiúil aige. Ní ghabhann institiúidí an Aontais aon dliteanas orthu féin i leith inneachar an téacs. Is iad na leaganacha de na gníomhartha a foilsíodh in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh agus atá ar fáil ar an suíomh gréasáin EUR-Lex na leaganacha barántúla de na gníomhartha ábhartha, brollach an téacs san áireamh. Is féidir teacht ar na téacsanna oifigiúla sin ach na naisc atá leabaithe sa doiciméad seo a bhrú

►B

RIALACHÁN (AE) 2020/1429 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

an 7 Deireadh Fómhair 2020

lena mbunaítear bearta le haghaidh margadh iarnróid inbhuanaithe i bhfianaise ráig COVID-19

(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

(IO L 333 12.10.2020, lch. 1)

Arna leasú le:

 

 

Iris Oifigiúil

  Uimh

Leathanach

Dáta

 M1

COMMISSION DELEGATED REGULATION (EU) 2020/2180 of 18 December 2020 (*)

  L 433

37

22.12.2020

 M2

RIALACHÁN TARMLIGTHE (AE) 2021/1061 ÓN gCOIMISIÚN an 28 Meitheamh 2021

  L 229

1

29.6.2021

►M3

RIALACHÁN (AE) 2022/312 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE an 24 Feabhra 2022

  L 55

1

28.2.2022

►M4

RIALACHÁN TARMLIGTHE (AE) 2022/1036 ÓN gCOIMISIÚN an 29 Meitheamh 2022

  L 173

50

30.6.2022



(*)

Níor foilsíodh an gníomh seo i nGaeilge




▼B

RIALACHÁN (AE) 2020/1429 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

an 7 Deireadh Fómhair 2020

lena mbunaítear bearta le haghaidh margadh iarnróid inbhuanaithe i bhfianaise ráig COVID-19

(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)



▼M4

Airteagal 1

Leis an Rialachán seo, leagtar síos rialacha sealadacha maidir le muirir a thobhach i leith úsáid bonneagair iarnróid mar a leagtar amach i gCaibidil IV de Threoir 2012/34/AE. Tá feidhm aige maidir le bonneagar iarnróid a úsáid le haghaidh na seirbhísí iarnróid intíre agus idirnáisiúnta a chumhdaítear leis an Treoir sin, le linn na tréimhse ón 1 Márta 2020 go dtí an 31 Nollaig 2022 (“an tréimhse thagartha”).

▼B

Airteagal 2

Laghdú, tarscaoileadh nó iarchur muirear le haghaidh an phacáiste íosrochtana, agus laghdú, tarscaoileadh nó iarchur muirear áirithinte

1.  
D’ainneoin Airteagail 27 agus 31(3) de Threoir 2012/34/AE, agus faoi réir na rialacha maidir leis an Státchabhair a chomhlíonadh, féadfaidh na Ballstáit a údarú do na bainisteoirí bonneagair íocaíocht na muirear i leith an phacáiste íosrochtana, agus i leith rochtain ar bhonneagar lena nasctar saoráidí seirbhíse, a laghdú, a tharscaoileadh no a iarchur, i gcás inarb iomchuí de réir na ndeighleog margaidh a shainaithnítear ina ráitis ghréasáin ar bhealach trédhearcach, oibiachtúil agus neamh-idirdhealaitheach, i gcás ina bhfuil íocaíocht den sórt sin tagtha chun bheith dlite, nó ina dtiocfaidh sí chun bheith dlite, le linn na tréimhse tagartha.
2.  
D’ainneoin Airteagal 27 de Threoir 2012/34/AE, agus faoi réir na rialacha maidir leis an Státchabhair a chomhlíonadh, féadfaidh na Ballstáit a údarú do na bainisteoirí bonneagair athmheasúnú a dhéanamh ar chumas na ndeighleog margaidh uasmharcálacha a sheasamh de réir bhrí Airteagal 32(1) de Threoir 2012/34/AE, chun críocha laghdú féideartha ar na suimeanna atá le híoc i leith na tréimhse tagartha.
3.  
D’ainneoin Airteagal 27 agus an tríú habairt d’Airteagal 36 de Threoir 2012/34/AE, agus faoi réir na rialacha maidir leis an Státchabhair a chomhlíonadh, féadfaidh na Ballstáit a údarú do na bainisteoirí bonneagair gan muirir áirithinte a thobhach ar aon iarratasóir, lena n‐áirítear gnóthais iarnróid, i leith toilleadh a leithdháileadh ach nár úsáideadh le linn na tréimhse tagartha. Le linn dóibh déanamh amhlaidh, gníomhóidh na Ballstáit agus na bainisteoirí bonneagair ar bhealach trédhearcach, oibiachtúil agus neamh-idirdhealaitheach.
4.  
D’ainneoin Airteagal 8(4) de Threoir 2012/34/AE, agus faoi réir na rialacha maidir leis an Státchabhair a chomhlíonadh, déanfaidh na Ballstáit na bainisteoirí bonneagair a chúiteamh, faoin 31 Nollaig den bhliain tar éis na bliana inar tabhaíodh an caillteanas, as an gcaillteanas sonrach airgeadais a fulaingíodh de thoradh míreanna 1, 2 agus 3 a chur i bhfeidhm. Ní dochar an cúiteamh sin d’oibleagáid na mBallstát faoi Airteagal 8(4) de Threoir 2012/34/AE a áirithiú, thar thréimhse réasúnta, nach rachaidh thar tréimhse cúig bliana, go leanfaidh cuntas brabúis agus caillteanais bainisteora bonneagair de bheith ar comhardú.
4a.  
Cuirfidh na Ballstáit an Coimisiún ar an eolas faoi na bearta a glacadh faoin Airteagal seo tráth nach déanaí ná trí mhí tar éis dháta theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo, agus cuirfidh siad an Coimisiún ar an eolas faoi bhearta dá éis sin nó athruithe a dhéanfar orthu dá éis sin. Déanfaidh an Coimisiún an fhaisnéis sin a chur ar fáil go poiblí.

Airteagal 3

Coigeartuithe na gcoinníollacha maidir le húsáid bonneagar iarnróid

D’ainneoin Airteagal 27 de Threoir 2012/34/AE, déanfaidh na bainisteoirí bonneagair, de réir mar is iomchuí agus gan aon mhoill, an ráiteas gréasáin dá dtagraítear in Airteagal 27 de Threoir 2012/34/AE a leasú chun na coinníollacha a chuireann siad i bhfeidhm a léiriú, i bhfianaise na mbeart arna nglacadh ag an mBallstát lena mbaineann i gcomhréir le hAirteagal 2 den Rialachán seo.

Airteagal 4

Comhlacht rialála

Beidh feidhm ag Airteagal 56 de Threoir 2012/34/CE maidir le laghdú, tarscaoileadh nó iarchur muirear le haghaidh an phacáiste íosrochtana, agus laghdú, tarscaoileadh nó iarchur muirear áirithinte dá dtagraítear in Airteagal 2 den Rialachán seo agus maidir le coigeartuithe na gcoinníollacha maidir le húsáid bonneagar iarnróid dá dtagraítear in Airteagal 3 den Rialachán seo i leith na gcritéar a leagtar amach in Airteagail 2 agus 3 den Rialachán seo atá infheidhme maidir le bainisteoirí bonneagair.

Airteagal 5

Síneadh a chur leis an tréimhse thagartha

1.  
Faoin 1 Samhain 2020, soláthróidh na bainisteoirí bonneagair sonraí don Choimisiún, sonraí faoi úsáid a gcuid líonraí arna rangú de réir deighleoga margaidh, i gcomhréir le hAirteagal 32(1) de Threoir 2012/34/AE, maidir leis na tréimhsí ón 1 Márta 2019 go dtí an 30 Meán Fómhair 2019 agus ón 1 Márta 2020 go dtí an 30 Meán Fómhair 2020.

I gcás ina gcuirtear síneadh leis an tréimhse tagartha, soláthróidh na bainisteoirí bonneagair tacar nua sonraí don Choimisiún nuair a bheidh leath den síneadh arna chur leis an tréimhse tagartha caite, d’fhonn ligean don Choimisiún an fhorbairt atá ag teacht ar an gcás le linn an síneadh a chuirtear leis an tréimhse thagartha a mheasúnú.

▼M3

2.  
I gcás ina gcinneann an Coimisiún, ar bhonn na sonraí dá dtagraítear i mír 1, go bhfuil laghdú ar leibhéal an tráchta iarnróid, i gcomparáid leis an leibhéal le linn thréimhse chomhfhreagrach na mblianta roimhe, ag leanúint ar aghaidh agus gur dócha go leanfaidh sé de bheith amhlaidh, agus go gcinneann an Coimisiún freisin, ar bhonn na sonraí eolaíochta is fearr atá ar fáil, gur de thoradh thionchar phandéim COVID-19 atá an cás seo amhlaidh, déanfaidh an Coimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 6 chun an tréimhse thagartha a shonraítear in Airteagal 1 a leasú dá réir. Le haon leasú den sórt sin, ní fhéadfar ach síneadh suas le 6 mhí a chur leis an tréimhse thagartha, agus ní fhéadfar síneadh go dtí dáta níos faide amach ná an 31 Nollaig 2023 a chur leis an tréimhse thagartha.

▼B

3.  
Más rud é, sa chás go leanfaidh ráig COVID-19 ag imirt tionchar ar an earnáil iompair d’iarnród san Aontas, ar feadh tamall fada, go mbeidh riachtanas leis ar mhórfhorais práinne, beidh feidhm ag an nós imeachta dá bhforáiltear in Airteagal 7 maidir le gníomhartha tarmligthe a ghlacfar de bhun an Airteagail seo.

Airteagal 6

An tarmligean a fheidhmiú

1.  
Is faoi réir na gcoinníollacha a leagtar síos san Airteagal seo a thugtar an chumhacht don Choimisiún chun gníomhartha tarmligthe a ghlacadh.

▼M3

2.  
Déanfar an chumhacht chun gníomhartha tarmligthe a ghlacadh dá dtagraítear in Airteagal 5(2) a thabhairt don Choimisiún go dtí an 31 Nollaig 2023.

▼B

3.  
Féadfaidh Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle tarmligean na cumhachta dá dtagraítear in Airteagal 5(2) a chúlghairm aon tráth. Le cinneadh chun cúlghairm a dhéanamh, cuirfear deireadh le tarmligean na cumhachta atá sonraithe sa chinneadh sin. Gabhfaidh éifeacht leis an lá tar éis fhoilsiú an chinnidh in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh nó ar dháta is déanaí a shonrófar sa chinneadh. Ní dhéanfaidh sé difear do bhailíocht aon ghnímh tharmligthe atá i bhfeidhm cheana.
4.  
Sula nglacfaidh sé gníomh tarmligthe, rachaidh an Coimisiún i mbun comhairliúchán le saineolaithe arna n‐ainmniú ag gach Ballstát i gcomhréir leis na prionsabail a leagtar síos i gComhaontú Idirinstitiúideach an 13 Aibreán 2016 maidir le Reachtóireacht Níos Fearr.
5.  
A luaithe a ghlacfaidh sé gníomh tarmligthe, tabharfaidh an Coimisiún fógra, an tráth céanna, do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle faoi.
6.  
Ní thiocfaidh gníomh tarmligthe a ghlactar de bhun Airteagal 5(2) i bhfeidhm ach amháin mura mbeidh aon agóid curtha in iúl ag Parlaimint na hEorpa nó ag an gComhairle laistigh de thréimhse dhá mhí tar éis fógra faoin ngníomh sin a thabhairt do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle nó más rud é, roimh dhul in éag na tréimhse sin, go mbeidh Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle araon tar éis a chur in iúl don Choimisiún nach ndéanfaidh siad aon agóid. Cuirfear síneadh dhá mhí leis an tréimhse sin ar thionscnamh Pharlaimint na hEorpa nó na Comhairle.

Airteagal 7

An nós imeachta práinne

1.  
Tiocfaidh gníomhartha tarmligthe a ghlactar faoin Airteagal seo i bhfeidhm gan mhoill agus beidh feidhm acu ar choinníoll nach ndéanfar aon agóid i gcomhréir le mír 2. Déanfar na cúiseanna le húsáid a bhaint as an nós imeachta práinne a lua san fhógra faoi ghníomh tarmligthe a thugtar do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle.
2.  
Féadfaidh Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle agóid a dhéanamh i gcoinne gníomh tarmligthe i gcomhréir leis an nós imeachta dá dtagraítear in Airteagal 6(6). I gcás den sórt sin, déanfaidh an Coimisiún an gníomh tarmligthe a aisghairm láithreach tar éis do Pharlaimint na hEorpa nó don Chomhairle fógra a thabhairt maidir leis an gcinneadh agóid a dhéanamh.

Airteagal 8

Teacht i bhfeidhm

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Top