EUR-Lex Access to European Union law
This document is an excerpt from the EUR-Lex website
Document 02020R0740-20200605
Regulation (EU) 2020/740 of the European Parliament and of the Council of 25 May 2020 on the labelling of tyres with respect to fuel efficiency and other parameters, amending Regulation (EU) 2017/1369 and repealing Regulation (EC) No 1222/2009 (Text with EEA relevance)
Consolidated text: Rialachán (AE) 2020/740 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 25 Bealtaine 2020 maidir le lipéadú bonn maidir le héifeachtúlacht breosla agus paraiméadair eile, lena leasaítear Rialachán (AE) 2017/1369 agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 1222/2009 (Téacs atá ábhartha maidir le LEE)
Rialachán (AE) 2020/740 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 25 Bealtaine 2020 maidir le lipéadú bonn maidir le héifeachtúlacht breosla agus paraiméadair eile, lena leasaítear Rialachán (AE) 2017/1369 agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 1222/2009 (Téacs atá ábhartha maidir le LEE)
02020R0740 — GA — 05.06.2020 — 000.004
Is áis doiciméadúcháin amháin an téacs seo agus níl aon éifeacht dhlíthiúil aige. Ní ghabhann institiúidí an Aontais aon dliteanas orthu féin i leith inneachar an téacs. Is iad na leaganacha de na gníomhartha a foilsíodh in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh agus atá ar fáil ar an suíomh gréasáin EUR-Lex na leaganacha barántúla de na gníomhartha ábhartha, brollach an téacs san áireamh. Is féidir teacht ar na téacsanna oifigiúla sin ach na naisc atá leabaithe sa doiciméad seo a bhrú
RIALACHÁN (AE) 2020/740 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE an 25 Bealtaine 2020 maidir le lipéadú bonn maidir le héifeachtúlacht breosla agus paraiméadair eile, lena leasaítear Rialachán (AE) 2017/1369 agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 1222/2009 (Téacs atá ábhartha maidir le LEE) (IO L 177 5.6.2020, lch. 1) |
Arna cheartú le:
RIALACHÁN (AE) 2020/740 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE
an 25 Bealtaine 2020
maidir le lipéadú bonn maidir le héifeachtúlacht breosla agus paraiméadair eile, lena leasaítear Rialachán (AE) 2017/1369 agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 1222/2009
(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)
Airteagal 1
Ábhar
Leis an Rialachán seo, bunaítear creat chun faisnéis chomhchuibhithe faoi pharaiméadair bonn a sholáthar trí lipéadú, rud a ligfidh d'úsáideoirí deiridh rogha eolasach a dhéanamh agus boinn á gceannach acu chun críche sábháilteacht, cosaint na sláinte agus éifeachtúlacht eacnamaíoch agus comhshaoil an iompair de bhóthar a mhéadú, trí bhoinn a chur chun cinn atá éifeachtúil ó thaobh breosla de, atá buanseasmhach, atá sábháilte agus ag a bhfuil leibhéil ísle torainn.
Airteagal 2
Raon feidhme
Beidh feidhm ag ceanglais maidir le boinn atráchta tráth a bheidh modh iomchuí tástála ann chun feidhmíocht na mbonn sin a thomhas i gcomhréir le Airteagal 13.
Níl feidhm ag an Rialachán seo maidir leo seo a leanas:
boinn ghairmiúla eisbhóthair;
boinn arna ndearadh lena bhfeistiú ar fheithiclí a cláraíodh den chéad uair roimh an 1 Deireadh Fómhair 1990, agus orthu sin amháin;
boinn spártha de chineál T le haghaidh úsáid shealadach;
boinn a bhfuil a rátáil luais níos lú ná 80 km/h acu;
boinn nach mó ná 254 mm, nó ar 635 mm nó níos mó, trastomhas ainmniúil a n-imill;
boinn atá feistithe le feistí breise chun a n-airíonna tarraingthe a fheabhsú, amhail boinn bhocóideacha;
boinn arna ndearadh lena bhfeistiú ar fheithiclí arna mbeartú go heisiach le haghaidh rásaíochta, agus ar na feithiclí sin amháin;
boinn athláimhe, ach amháin más boinn den sórt sin iad a allmhairíodh ó thríú tír.
Airteagal 3
Sainmhínithe
Chun críoch an Rialacháin seo, tá feidhm ag na sainmhínithe seo a leanas:
ciallaíonn “boinn C1”, “boinn C2” agus “boinn C3” na boinn a bhaineann leis na haicmí faoi seach a leagtar amach in Airteagal 8(1) de Rialachán (CE) Uimh. 661/2009;
ciallaíonn “bonn atráchta” bonn réchaite atá athchóirithe trí ábhar nua a chur in ionad an tráchta chaite;
ciallaíonn “bonn spártha de chineál T le haghaidh úsáid shealadach” aon bhonn spártha le haghaidh úsáid shealadach atá ceaptha lena úsáid ag brúnna teannta atá níos airde ná na brúnna teannta arna mbunú i gcomhair boinn chaighdeánacha agus boinn threisithe;
ciallaíonn “bonn gairmiúil eisbhóthair” bonn úsáide speisialta a úsáidtear go príomha i ndiandálaí eisbhóthair;
ciallaíonn “lipéad boinn” léaráid ghrafach, i bhfoirm chlóite nó leictreonach, lena n-áirítear i bhfoirm ghreamáin, ar a bhfuil siombailí chun úsáideoirí deiridh a chur ar an eolas maidir le feidhmíocht boinn nó feidhmíocht baisce bonn, i dtaca leis na paraiméadair a leagtar amach in Iarscríbhinn I;
ciallaíonn “pointe díola” aon áit a dtaispeántar agus a stóráiltear boinn agus a dtairgtear iad lena ndíol, lena n-áirítear seomraí taispeántais gluaisteán ina ndéantar boinn nach bhfuil feistithe ar na feithiclí a thairiscint lena ndíol le húsáideoirí deiridh;
ciallaíonn “ábhar fógraíochta teicniúil” doiciméadacht i bhfoirm chlóite nó leictreonach arna cur ar fáil ag soláthróir chun ábhar fógraíochta a fhorlíonadh, leis an bhfaisnéis a leagtar amach in Iarscríbhinn IV;
ciallaíonn “bileog faisnéise faoi tháirge” doiciméad caighdeánach ina bhfuil an fhaisnéis a leagtar amach in Iarscríbhinn III i bhfoirm chlóite nó i bhfoirm leictreonach;
ciallaíonn “doiciméadacht theicniúil” doiciméadacht atá leordhóthanach chun a chur ar chumas na n-údarás faireachais margaidh measúnú a dhéanamh ar chruinneas lipéid boinn agus bileoige faisnéise táirge, lena n-áirítear cruinneas na faisnéise a leagtar amach i bpointe (2) d'Iarscríbhinn VII;
ciallaíonn “bunachar sonraí táirgí” an bunachar sonraí arna bhunú de bhun Airteagal 12 de Rialachán (AE) 2017/1369;
ciallaíonn “ciandíolachán” an díol, fruiliú nó fruilcheannach trí phostdíol, trí chatalóg, ar líne, trí theileamhargaíocht nó trí mhodh ar bith eile nuair nach féidir a bheith ag súil leis go bhfeicfeadh an t-úsáideoir ionchasach deiridh an bonn ar taispeáint;
ciallaíonn “monaróir” monaróir mar a shainmhínítear i bpointe (8) d'Airteagal 3 de Rialachán (AE) 2019/1020;
ciallaíonn “allmhaireoir” allmhaireoir mar a shainmhínítear i bpointe (9) d'Airteagal 3 de Rialachán (AE) 2019/1020;
ciallaíonn “ionadaí údaraithe” aon duine nádúrtha nó dlítheanach atá bunaithe san Aontas a bhfuil sainordú i scríbhinn faighte aige ó mhonaróir chun gníomhú thar cheann an mhonaróra i ndáil le cúraimí atá sonraithe maidir le hoibleagáidí an mhonaróra faoi cheanglais an Rialacháin seo;
ciallaíonn “soláthróir” monaróir atá bunaithe san Aontas, ionadaí údaraithe monaróra nach bhfuil bunaithe san Aontas, nó allmhaireoir, a chuireann táirge ar mhargadh an Aontais;
ciallaíonn “dáileoir” aon duine nádúrtha nó dlítheanach sa slabhra soláthair, seachas an soláthróir, a chuireann táirge ar fáil ar an margadh;
ciallaíonn “cur ar fáil ar an margadh” cur ar fáil ar an margadh mar a shainmhínítear i bpointe (1) d'Airteagal 3 de Rialachán (AE) 2019/1020;
ciallaíonn “cur ar an margadh” cur ar an margadh mar a shainmhínítear i bpointe (2) d'Airteagal 3 de Rialachán (AE) 2019/1020;
ciallaíonn “úsáideoir deiridh” aon tomhaltóir, bainisteoir flít nó gnóthas iompair de bhóthar a cheannaíonn bonn, nó a bhfuiltear ag súil go gceannóidh sé bonn;
ciallaíonn “paraiméadar” saintréith bonn a mbíonn tionchar mór aige ar an gcomhshaol, ar shábháilteacht ar bhóithre nó ar an tsláinte le linn an bonn a úsáid, amhail scríobadh bonn, míleáiste, friotaíocht rollta, fliuchghreim, torann seachtrach rollta, greim sneachta agus nó greim oighir;
ciallaíonn “cineál boinn” leagan de bhonn arb ionann do gach aonad den leagan sin na saintréithe teicniúla ar an lipéad boinn, an bhileog faisnéise faoin táirge, agus an t‐aitheantóir cineáil boinn;
ciallaíonn “lamháltas fíoraithe” an diallas uasta is inghlactha idir an tomhas agus na torthaí ríofa de thástálacha fíoraithe a rinne údaráis faireachais margaidh, nó a rinneadh thar a gceann, agus luachanna na bparaiméadar dearbhaithe nó foilsithe, lena léirítear diallas a thagann as inathraitheacht idirshaotharlainne;
ciallaíonn “aitheantóir cineáil boinn” cód, atá alfa-uimhriúil de ghnáth, lena ndéantar dealú idir cineál sonrach boinn agus cineálacha bonn eile a bhfuil an trádainm céanna nó trádmharc céanna orthu is atá ag an soláthróir;
ciallaíonn “cineál boinn comhionann” cineál boinn a chuireann an soláthróir céanna ar an margadh é mar chineál boinn eile nach ionann a aitheantóir cineáil boinn agus arb ionann a shaintréithe teicniúla, atá ábhartha don lipéad, agus an bhileog faisnéise táirge chéanna.
Airteagal 4
Oibleagáidí soláthróirí bonn
Áiritheoidh soláthróirí go bhfuil an méid seo a leanas ag gabháil, saor in aisce, le boinn C1, boinn C2 agus boinn C3 a chuirfear ar an margadh:
maidir le gach bonn aonair, lipéad boinn, i bhfoirm ghreamáin, a chomhlíonann na ceanglais a leagtar amach in Iarscríbhinn II, lena gcuirfear in iúl faisnéis agus aicme gach ceann de na paraiméadair a leagtar amach in Iarscríbhinn I, agus bileog faisnéise faoin táirge; nó
maidir le gach baisc d'aon bhonn amháin nó níos mó bonn atá comhionann, lipéad boinn clóite, a chomhlíonann na ceanglais a leagtar amach in Iarscríbhinn II, lena gcuirfear in iúl faisnéis agus aicme gach ceann de na paraiméadair a leagtar amach in Iarscríbhinn I, agus bileog faisnéise faoin táirge.
Maidir le boinn a dhíoltar ar an idirlíon nó a thairgtear lena ndíol ar an idirlíon, féadfaidh soláthróirí an lipéad boinn a chur ar fáil do chineál boinn sonrach i dtaispeántas neadaithe.
Maidir le fógraí amhairc ar líne, féadfaidh na dáileoirí an lipéad boinn a chur ar fáil i dtaispeántas neadaithe.
Airteagal 5
Oibleagáidí soláthróirí bonn i ndáil leis an mbunachar sonraí táirgí
Airteagal 6
Oibleagáidí dáileoirí bonn
Áiritheoidh na dáileoirí an méid seo a leanas:
ag an bpointe díola, go mbeidh lipéad boinn ar bhoinn, i bhfoirm ghreamáin, a chomhlíonann na ceanglais a leagtar amach in Iarscríbhinn II, arna soláthar ag an soláthróir i gcomhréir le pointe (a) d'Airteagal 4(1), in áit a mbeidh sé le feiceáil go soiléir agus é go hiomlán inléite, agus go mbeidh an bhileog faisnéise faoin táirge ar fáil, lena n-áirítear, ar iarratas, i bhfoirm chlóite; nó
sula ndíolfar bonn ar cuid é de bhaisc d'aon bhonn amháin nó níos mó bonn atá comhionann, go dtaispeánfar an lipéad boinnclóite, a chomhlíonann na ceanglais a leagtar amach in Iarscríbhinn II, don úsáideoir deiridh, agus go cuirfear ar taispeáint go soiléir é gar don bhonn ag an bpointe díola, agus go mbeidh an bhileog faisnéise faoin táirge ar fáil.
Maidir le fógraí amhairc ar líne do chineál sonrach boinn, féadfaidh na dáileoirí an lipéad boinn a chur ar fáil i dtaispeántas neadaithe.
Féadfaidh na dáileoirí an lipéad boinn le haghaidh cineál boinn faoi leith a chur ar fáil i dtaispeántas neadaithe.
Airteagal 7
Oibleagáidí soláthróirí feithiclí agus dáileoirí feithiclí
I gcás ina mbeidh sé i gceist ag úsáideoirí deiridh feithicil nua a cheannach, cuirfidh na soláthróirí feithiclí agus na dáileoirí feithiclí, roimh an díolachán, an lipéad boinn do na boinn a sholáthraítear leis nó a shuiteáiltear ar an bhfeithicil, agus aon ábhar fógraíochta teicniúil ábhartha ar fáil do na húsáideoirí deiridh sin, agus áiritheoidh siad go mbeidh an bhileog faisnéise faoin táirge ar fáil.
Airteagal 8
Oibleagáidí na soláthraithe seirbhísí óstála
I gcás ina gceadaíonn soláthraí seirbhísí amhail dá dtagraítear in Airteagal 14 de Threoir 2000/31/CE, boinn a dhíol trína shuíomh idirlín nó trína suíomh idirlín, is faoin soláthraí seirbhísí sin a bheidh sé an lipéad boinn a chur ar taispeáint agus an bhileog faisnéise faoin táirge arna soláthar ag an soláthróir a thaispeáint gar don léiriú phraghais agus cuirfidh sé an dáileoir ar an eolas faoin oibleagáid atá ann an lipéad boinn agus an bhileog faisnéise a thaispeáint.
Airteagal 9
Modhanna tástála agus tomhais
Gheofar an fhaisnéis atá le soláthar faoi Airteagail 4, 6 agus 7 maidir leis na paraiméadair a léirítear ar an lipéad boinn i gcomhréir leis na modhanna tástála dá dtagraítear in Iarscríbhinn I, agus leis an nós imeachta ailínithe saotharlainne dá dtagraítear in Iarscríbhinn V.
Airteagal 10
An nós imeachta fíorúcháin
Maidir le gach ceann de na paraiméadair a leagtar amach in Iarscríbhinn I, déanfaidh na Ballstáit an nós imeachta fíorúcháin a leagtar amach in Iarscríbhinn VI a chur i bhfeidhm agus comhréireacht na n-aicmí dearbhaithe leis an Rialachán seo á mheas acu..
Airteagal 11
Oibleagáidí na mBallstát
Airteagal 12
Faireachas Aontais ar an margadh agus rialú ar tháirgí a thagann isteach ar mhargadh an Aontais
Airteagal 13
Gníomhartha tarmligthe
Tugtar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 14 d'fhonn an méid seo a leanas a leasú:
Iarscríbhinn II maidir le hábhar agus formáid an lipéid boinn;
Cuid D agus Cuid E d'Iarscríbhinn I agus Iarscríbhinní II, III, IV, V, VI agus VII, a leasú trí na luachanna, modhanna ríofa agus ceanglais a leagtar amach iontu a oiriúnú don dul chun cinn teicneolaíoch.
Tugtar de chumhacht don Choimisiún freisin gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le Airteagal 14 chun paraiméadair nó ceanglais faisnéise maidir le scríobadh bonn agus míleáiste a áireamh, a luaithe a bheidh modhanna iontaofa, cruinne agus in-atáirgthe chun scríobadh bonn agus míleáiste a thástáil agus a thomhas ar fáil lena n-úsáid ag eagraíochtaí caighdeánaithe Eorpacha nó idirnáisiúnta, ar choinníoll go gcomhlíonfar na coinníollacha seo a leanas:
go ndearna an Coimisiún measúnú tionchair críochnúil; agus
go ndearna an Coimisiún comhairliúchán cuí leis na geallsealbhóirí iomchuí.
Airteagal 14
An tarmligean a fheidhmiú
Airteagal 15
Meastóireacht agus tuairisciú
Faoin 1 Meitheamh 2025 déanfaidh an Coimisiún meastóireacht ar an Rialachán seo agus cuirfidh sé tuarascáil faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa, na Comhairle agus Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa.
Leis an tuarascáil sin, déanfar measúnú ar a éifeachtaí a bhí an Rialachán seo agus na gníomhartha tarmligthe arna nglacadh dá bhun maidir le húsáideoirí deiridh a chumasú chun boinn ar mó a bhfeidhmíocht a roghnú, lena gcuirfear san áireamh tionchar an Rialacháin seo agus na gníomhartha tarmligthe arna nglacadh dá bhun ar ghnóthais, ídiú fuinnimh, sábháilteacht, astaíochtaí gás ceaptha teasa, feasacht tomhaltóirí agus gníomhaíochtaí faireachais margaidh. Déanfaidh an tuarascáil measúnú freisin ar na costais agus ar na sochair a bhaineann le fíorú éigeantach neamhspleách ag tríú páirtí ar an bhfaisnéis a thugtar ar an lipéad boinn, agus an taithí a fuarthas maidir leis an gcreat réime níos leithne a cuireadh ar fáil le Rialachán (CE) Uimh. 661/2009 á cur san áireamh.
Airteagal 16
Leasú ar Rialachán (AE) 2017/1369
In Airteagal 12(2) de Rialachán (AE) 2017/1369, cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (a):
tacú le húdaráis faireachais margaidh na cúraimí atá orthu faoin Rialachán seo agus faoi na gníomhartha tarmligthe ábhartha a chur i gcrích, lena n-áirítear an céanna a fhorfheidhmiú, agus faoi Rialachán (AE) 2020/740 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle ( *1 ).
Airteagal 17
Rialachán (CE) Uimh. 1222/2009 a aisghairm
Déantar Rialachán (CE) Uimh. 1222/2009 a aisghairm le héifeacht ón 1 Bealtaine 2021.
Déanfar tagairtí do na Rialacháin aisghairthe a fhorléiriú mar thagairtí don Rialachán seo agus léifear iad i gcomhréir leis an tábla comhghaoil atá in Iarscríbhinn VIII a ghabhann leis an Rialachán seo.
Airteagal 18
Teacht i bhfeidhm
Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Beidh feidhm aige ón 1 Bealtaine 2021.
Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.
IARSCRÍBHINN I
PARAIMÉADAIR BHONN A THÁSTÁIL, A GHRÁDÚ AGUS A THOMHAS
Cuid A: Aicmí éifeachtúlachta breosla agus comhéifeacht friotaíochta rollta
Déanfar an aicme éifeachtúlachta breosla a chinneadh agus a léiriú ar an lipéad boinn chomhéifeacht na friotaíochta rollta (RRC in N/kN) de réir an scála “A” go “E” a shonraítear sa tábla thíos, arna thomhas i gcomhréir le hIarscríbhinn 6 a ghabhann le Rialachán UNECE Uimh. 117, agus arna ailíniú i gcomhréir leis an nós imeachta ailínithe saotharlainne a leagtar amach in Iarscríbhinn V.
Má bhaineann cineál boinn le níos mó ná aon aicmiú boinn amháin (e.g. C1 agus C2), is é an scála grádaithe sin atá infheidhme maidir leis an aicmiú is airde boinn (e.g. C2, seachas C1) an scála a úsáidfear chun aicme éifeachtúlachta breosla an chineáil sin boinn a chinneadh.
|
Boinn C1 |
Boinn C2 |
Boinn C3 |
Aicme éifeachtúlachta breosla |
RRC in N/kN |
RRC in N/kN |
RRC in N/kN |
A |
RRC ≤ 6,5 |
RRC ≤ 5,5 |
RRC ≤ 4,0 |
B |
6,6 ≤ RRC ≤ 7,7 |
5,6 ≤ RRC ≤ 6,7 |
4,1 ≤ RRC ≤ 5,0 |
C |
7,8 ≤ RRC ≤ 9,0 |
6,8 ≤ RRC ≤ 8,0 |
5,1 ≤ RRC ≤ 6,0 |
D |
9,1 ≤ RRC ≤ 10,5 |
8,1 ≤ RRC ≤ 9,0 |
6,1 ≤ RRC ≤ 7,0 |
E |
RRC ≥ 10,6 |
RRC ≥ 9,1 |
RRC ≥ 7,1 |
Cuid B: Aicmí fliuchghreama
1. Déanfar an aicme fliuchghreama a chinneadh agus a léiriú ar an lipéad boinn na treoiruimhreach fliuchghreama (G) de réir an scála “A” go “E” a shonraítear sa tábla thíos, arna ríomh i gcomhréir le pointe 2 agus arna thomhas i gcomhréir le hIarscríbhinn 5 a ghabhann le Rialachán UNECE Uimh. 117.
2. An treoiruimhir fliuchghreama (G) a ríomh
G = G(T) 0,03
i gcás:
G(T) = treoiruimhir fliuchghreama an bhoinn iarrthaigh mar a thomhaistear in aon timthriall tástála amháin í
|
Boinn C1 |
Boinn C2 |
Boinn C3 |
Aicme fliuchghreama |
G |
G |
G |
A |
1,55 ≤ G |
1,40 ≤ G |
1,25 ≤ G |
B |
1,40 ≤ G ≤ 1,54 |
1,25 ≤ G ≤ 1,39 |
1,10 ≤ G ≤ 1,24 |
C |
1,25 ≤ G ≤ 1,39 |
1,10 ≤ G ≤ 1,24 |
0,95 ≤ G ≤ 1,09 |
D |
1,10 ≤ G ≤ 1,24 |
0,95 ≤ G ≤ 1,09 |
0,80 ≤ G ≤ 0,94 |
E |
G ≤ 1,09 |
G ≤ 0,94 |
G ≤ 0,79 |
Cuid C: Aicmí torainn sheachtraigh rollta agus luach tomhaiste
Déanfar luach tomhaiste an torainn sheachtraigh rollta (N, in dB(A)) a dhearbhú i ndeicibeilí agus a ríomh i gcomhréir le hIarscríbhinn 3 a ghabhann le Rialachán UNECE Uimh. 117.
Déanfar aicme an torainn sheachtraigh rollta a chinneadh agus a léiriú ar an lipéad boinn mar a leanas, ar bhonn na dteorainnluachanna (LV) a leagtar amach i gCuid C d'Iarscríbhinn II a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 661/2009:
N ≤ LV – 3 |
LV – 3 < N ≤ LV |
N > LV |
|
|
|
Cuid D: Greim sneachta
Déanfar an fheidhmíocht sa sneachta a thástáil i gcomhréir le hIarscríbhinn 7 a ghabhann le Rialachán UNECE Uimh. 117.
Rangófar mar bhonn lena úsáid i gcás diandálaí sneachta bonn a chomhlíonann na luachanna íosta maidir le treoiruimhir greim sneachta a leagtar amach i Rialachán UNECE Uimh. 117 agus áireofar an picteagram a leanas ar an lipéad boinn.
Cuid E: Greim ar an oighear
Déanfar an fheidhmíocht greama oighir a thástáil i gcomhréir le modhanna iontaofa, cruinne agus in-atáirgthe, lena n-áirítear, i gcás inarb iomchuí, caighdeáin idirnáisiúnta, lena gcuirtear san áireamh úrscothacht a aithnítear go ginearálta.
Cuirfear san áireamh ar lipéad boinn i gcás boinn a chomhlíonann na luachanna íosta ábhartha maidir le treoiruimhir greama oighir an picteagram seo a leanas:
IARSCRÍBHINN II
ÁBHAR AGUS FORMÁID AN LIPÉID BOINN
1. Ábhar an lipéid boinn
1.1 An fhaisnéis atá le háireamh ar chuid uachtarach an lipéid boinn:
I. Cód QR;
II. Trádainm nó trádmharc an tsoláthróir;
III. Aitheantóir an chineáil boinn;
IV. Méid na mbonn a ainmniú, treoiruimhir acmhainne ualaigh agus siombail na catagóire luais, mar a léirítear i Rialachán Uimh. 30 den Choimisiún Eacnamaíoch don Eoraip de chuid na Náisiún Aontaithe (UN/ECE) ( 1 ), sa leagan is cothroime le dáta agus is infheidhme maidir leis an Aontas, (Rialachán Uimh. 30 UNECE) agus Rialachán Uimh. 54 den Choimisiún Eacnamaíoch don Eoraip de chuid na Náisiún Aontaithe (UNECE) ( 2 ), sa leagan is cothroime le dáta agus is infheidhme maidir leis an Aontas, (Rialachán Uimh. 54 UNECE) maidir le boinn C1, C2 agus C3, de réir mar is infheidhme;
V. Aicme boinn: i.e. C1, C2 nó C3;
VI. Picteagram, scála agus aicme feidhmíochta maidir le héifeachtúlacht breosla;
VII. Picteagram fliuchghreama, scála agus aicme feidhmíochta.
1.2 Faisnéis atá le háireamh i gcuid íochtarach an lipéid boinn i gcomhair gach boinn nach boinn iad a chomhlíonann na luachanna íosta maidir le treoiruimhir greama sneachta a leagtar amach i Rialachán UNECE Uimh. 117, nó na luachanna íosta ábhartha maidir le treoiruimhir greama oighir, nó a chomhlíonann an dá luach.
I. Picteagram den torann seachtrach rollta, luach (arna shloinneadh in dB(A) agus arna shlánú go dtí an tslánuimhir is gaire) agus aicme feidhmíochta;
II. Uimhir an Rialacháin seo, is é sin “2020/740”.
1.3 Faisnéis atá le háireamh i gcuid íochtarach an lipéid boinn i gcomhair boinn a chomhlíonann na luachanna íosta maidir le treoiruimhir greama sneachta a leagtar amach i Rialachán UNECE Uimh. 117:
I. Picteagram den torann seachtrach rollta, luach (arna shloinneadh in dB(A) agus arna shlánú go dtí an tslánuimhir is gaire) agus aicme feidhmíochta;
II. Picteagram greama sneachta;
III. Sraithuimhir an Rialacháin seo: “2020/740”.
1.4 Faisnéis atá le háireamh i gcuid íochtarach an lipéid boinn i gcomhair boinn a chomhlíonann na luachanna íosta ábhartha maidir le treoiruimhir greama oighir.
I. Picteagram den torann seachtrach rollta, luach (arna shloinneadh in dB(A) agus arna shlánú go dtí an tslánuimhir is gaire) agus aicme feidhmíochta;
II. Picteagram greama oighir;
III. Sraithuimhir an Rialacháin seo, is é sin “2020/740”.
1.5 Faisnéis atá le háireamh i gcuid íochtarach an lipéid boinn i gcomhair boinn a chomhlíonann na luachanna íosta ábhartha maidir le treoiruimhir greama sneachta a leagtar amach i Rialachán UNECE Uimh. 117 agus na luachanna íosta maidir le treoiruimhir greama oighir araon:
I. Picteagram den torann seachtrach rollta, luach (arna shloinneadh in dB(A) agus arna shlánú go dtí an tslánuimhir is gaire) agus aicme feidhmíochta;
II. Picteagram greama sneachta;
III. Picteagram greama oighir;
IV. Sraithuimhir an Rialacháin seo: “2020/740”.
2. Formáid an lipéid boinn
2.1. Formáid chuid uachtarach an lipéid boinn:
2.1.1 Formáid chuid íochtarach an lipéid boinn i gcomhair gach boinn nach boinn iad a chomhlíonann na luachanna íosta maidir le treoiruimhir greama sneachta a leagtar amach i Rialachán UNECE Uimh. 117, nó na luachanna íosta ábhartha maidir le treoiruimhir greama oighir, nó a chomhlíonann an dá luach:
2.1.2 Formáid do chuid íochtarach an lipéid boinn i gcomhair boinn a chomhlíonann na luachanna íosta maidir le treoiruimhir greama sneachta a leagtar amach i Rialachán UNECE Uimh. 117:
2.1.3 Formáid do chuid íochtarach an lipéid boinn i gcomhair bonn a chomhlíonann na luachanna íosta ábhartha maidir le treoiruimhir greama oighir:
2.1.4 Formáid do chuid íochtarach an lipéid boinn i gcomhair boinn a chomhlíonann na luachanna íosta ábhartha maidir le treoiruimhir greama sneachta a leagtar amach i Rialachán UNECE Uimh. 117 agus na luachanna íosta maidir le treoiruimhir greama oighir araon.
2.2 Chun críocha phointe 2.1:
Íosmhéid lipéid boinn: 75 mm ar leithead agus 110 mm ar airde. I gcás ina gclóbhuailtear an lipéad boinn i bhformáid atá níos mó ná sin, mar sin féin beidh an t-ábhar atá clóbhuailte ar an lipéad i gcomhréir leis na sonraíochtaí thuas;
Cúlra an lipéid boinn: 100 % bán;
Cló-aghaidheanna: Verdana agus Calibri;
Toisí agus sonraíochtaí na n-eilimintí den lipéad boinn: mar atá sonraithe thuas;
Comhlíonfaidh na cóid dhaite, lena n-úsáidtear CMYK — cian, maigeanta, buí agus dubh, na ceanglais uile a leanas:
IARSCRÍBHINN III
BILEOG FAISNÉISE FAOIN TÁIRGE
Beidh an fhaisnéis ar an mbileog faisnéise faoi bhoinn san áireamh i mbróisiúr an táirge nó i ndoiciméid eile a chuirfear ar fáil leis an mbonn agus beidh an méid a leanas san áireamh leis:
trádainm nó trádmharc an tsoláthróra, nó trádainm nó trádmharc an mhonaróra murab ionann é agus trádainm nó trádmharc an tsoláthróra;
aitheantóir an chineáil boinn;
méid na mbonn a ainmniú, treoiruimhir acmhainne ualaigh agus siombail na catagóire luais, mar a léirítear i Rialachán UNECE Uimh. 30 nó i Rialachán UNECE Uimh. 54 maidir le boinn C1, boinn C2 agus boinn C3, de réir mar is infheidhme;
aicme éifeachtúlachta breosla an bhoinn i gcomhréir le hIarscríbhinn I;
aicme fliuchghreama an bhoinn i gcomhréir le hIarscríbhinn I;
an aicme torainn sheachtraigh rollta agus na deicibeilí i gcomhréir le hIarscríbhinn I;
léiriú ar cibé acu is bonn sneachta é an bonn le haghaidh úsáide i gcás diandálaí sneachta nó nach ea;
léiriú ar cibé acu is bonn greama oighir é an bonn nó nach ea;
dáta tosaigh tháirgeadh an chineáil boinn (dhá fhigiúr don tseachtain agus dhá fhigiúr don bhliain);
dáta deiridh tháirgeadh an chineáil boinn, nuair is eol é (dhá fhigiúr don tseachtain agus dhá fhigiúr don bhliain).
IARSCRÍBHINN IV
FAISNÉIS A SHOLÁTHRÓFAR IN ÁBHAR FÓGRAÍOCHTA TEICNIÚIL
1. Is san ord seo a leanas a sholáthrófar faisnéis faoi bhoinn a bheidh san áireamh in ábhar fógraíochta teicniúil:
an aicme éifeachtúlachta breosla (an litir “A” go “E”);
an aicme fliuchghreama (an litir “A” go “E”);
luach tomhaiste agus aicme an torainn sheachtraigh rollta in dB;
léiriú ar cibé acu is bonn é an bonn lena úsáid i gcás diandálaí sneachta nó nach ea;
léiriú ar cibé acu is bonn greama oighir é an bonn nó nach ea.
2. Comhlíonfaidh an fhaisnéis dá dtagraítear i bpointe 1 na ceanglais seo a leanas:
beidh sí soléite;
beidh sí sothuigthe;
má dhéantar cáiliú éagsúil, laistigh de ghrúpa boinn, ar chineáil áirithe boinn, de réir toise nó saintréithe eile, luafar an raon idir an bonn is ísle feidhmíochta agus an bonn is airde feidhmíochta.
3. Ina theannta sin, ní mór do na soláthróirí an méid a leanas a chur ar fáil ar a suíomhanna gréasáin:
nasc leis an leathanach gréasáin ábhartha de chuid an Choimisiúin atá tiomnaithe don Rialachán seo;
míniú ar na picteagraim atá clóbhuailte ar an lipéad boinn;
ráiteas ina dtugtar léiriú suntasach á rá go bhfuil spáráil breosla agus sábháilteacht ar bhóithre ag brath go mór ar iompraíocht an tiománaí, agus go háirithe, ar na nithe seo a leanas á léiriú:
4. Ina theannta sin, ní mór do na soláthróirí agus na dáileoirí, i gcás inarb ábhartha, na nithe a leanas a chur ar fáil ar a suíomhanna gréasáin: ráiteas ina gcuirtear chun suntais go bhfuil boinn greama oighir deartha go sonrach do dhromchlaí bóthair atá cumhdaithe le hoighear agus le dlúthshneachta, agus nár cheart iad a úsáid ach i ndálaí aeráide an-dian (e.g. teochtaí fuara) agus go bhféadfaí feidhmíocht fho-optamach a bheith mar thoradh ar úsáid a bhaint as boinn greama oighir i ndálaí aeráide nach bhfuil chomh dian céanna (e.g. dálaí fliucha nó teochtaí teo), go háirithe i gcás fliuchghreama, láimhseála agus caithimh.
IARSCRÍBHINN V
NÓS IMEACHTA AILÍNITHE SAOTHARLAINNE LE FRIOTAÍOCHT ROLLTA A THOMHAS
1. Sainmhínithe
Chun críocha an nós imeachta ailínithe saotharlainne le friotaíocht rollta a thomhas, beidh feidhm ag na sainmhínithe a leanas:
ciallaíonn “saotharlann tagartha” saotharlann ar cuid í de líonra na saotharlann ar foilsíodh a n-ainmneacha in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh, chun críoch an nós imeachta ailínithe saotharlainne, agus atá in ann cruinneas na dtorthaí tástála a bhaint amach a chinntear i Roinn 3 lena meaisín tagartha;
ciallaíonn “saotharlann iarrthach” saotharlann a ghlacann páirt sa nós imeachta ailínithe saotharlainne nach saotharlann tagartha í;
ciallaíonn “bonn ailínithe” bonn arna thástáil chun críoch an nós imeachta ailínithe saotharlainne a fheidhmiú;
ciallaíonn “tacar bonn ailínithe” tacar de chúig bhonn ailínithe nó níos mó chun aon mheaisín amháin a ailíniú;
ciallaíonn “luach sannta” luach teoiriciúil chomhéifeacht na friotaíochta rollta (RRC) d'aon bhonn ailínithe mar a thomhaistear é i saotharlann tagartha atá ionadaíoch ar an líonra saotharlann tagartha a úsáidtear don nós imeachta ailínithe saotharlainne;
ciallaíonn “meaisín” gach fearsaid tástála boinn in aon mhodh sonrach tomhaiste amháin; mar shampla, ní mheasfar gurb aon mheaisín amháin iad dhá fhearsaid ag gníomhú ar an druma céanna.
2. Forálacha ginearálta
2.1. Prionsabal
Beidh comhéifeacht thomhaiste (m) na friotaíochta rollta arna bhfáil i saotharlann tagartha (l), (RRCm,l ), ailínithe le luachanna sannta líonra na saotharlann tagartha.
Beidh comhéifeacht thomhaiste (m) na friotaíochta rollta arna fáil trí meaisín i saotharlann iarrthach (c), RRC m,c , ailínithe trí shaotharlann tagartha amháin dá rogha líonra.
2.2. Ceanglais maidir le bonn a roghnú
Roghnófar tacar bonn ailínithe le haghaidh an nós imeachta ailínithe saotharlainne i gcomhréir leis na critéir seo a leanas. Roghnófar bonn ailínithe amháin le haghaidh boinn C1 agus boinn C2 le chéile, agus bonn ailínithe eile le haghaidh boinn C3:
roghnófar an tacar bonn ailínithe chun raon na RRCanna éagsúla de bhoinn C1 agus boinn C2 le chéile nó de bhoinn C3 a chumhdach; ar aon chaoi, beidh an difríocht idir an RRCm is airde den tacar bonn ailínithe, agus an RRCm is ísle den tacar bonn ailínithe, roimh ailíniú agus tar éis ailínithe, ar a laghad cothrom leis an méid seo a leanas:
3 N/kN le haghaidh boinn C1 agus boinn C2; agus
2 N/kN le haghaidh boinn C3;
déanfar an RRC m sna saotharlanna iarrthacha nó sna saotharlanna tagartha (RRCm,c nó RRC m,l ) bunaithe ar luachanna dearbhaithe RRC gach boinn ailínithe sa tacar bonn ailínithe a dháileadh go cothrom.
cumhdóidh luachanna na treoiruimhreach ualaigh go leordhóthanach raon na mbonn a bheidh le tástáil, rud a chinnteoidh go gcumhdóidh luachanna na friotaíochta rollta raon na mbonn a bheidh le tástáil freisin.
Déanfar gach bonn ailínithe a sheiceáil roimh a úsáide agus déanfar é a ionadú nuair atá an méid seo a leanas i gceist leis:
léiríonn an bonn ailínithe go bhfuil sé i riocht a fhágann nach féidir é a úsáid le haghaidh tuilleadh tástálacha; nó
tá diallais de RRC m,c nó RRC m,l ann atá níos mó ná 1,5 % i gcomparáid le tomhais níos luaithe tar éis ceartúchán a dhéanamh i leith aon fhéithiú meaisín.
2.3. Modh tomhais
Tomhaisfidh an tsaotharlann tagartha gach bonn ailínithe ceithre huaire agus coinneoidh sí na trí thoradh deiridh le haghaidh tuilleadh anailíse, i gcomhréir le mír 4 d'Iarscríbhinn 6 a ghabhann le Rialachán UNECE Uimh. 117 agus faoi na coinníollacha a leagtar amach i mír 3 d'Iarscríbhinn 6 a ghabhann le Rialachán UNECE Uimh. 117.
Tomhaisfidh an tsaotharlann iarrtha gach bonn ailínithe (n + 1) uair, agus n sonraithe i Roinn 5 den Iarscríbhinn seo, agus coinneoidh sí torthaí deiridh n le haghaidh tuilleadh anailíse, i gcomhréir le mír 4 d'Iarscríbhinn 6 a ghabhann le Rialachán UNECE Uimh. 117 agus lena gcuirtear i bhfeidhm na coinníollacha a leagtar amach i mír 3 d'Iarscríbhinn 6 a ghabhann le Rialachán UNECE Uimh. 117.
Gach uair a thomhaisfear bonn ailínithe, bainfear an chóimeáil boinn/rotha ón meaisín agus leanfar an nós imeachta tástála iomlán dá dtagraítear i mír 4 d'Iarscríbhinn 6 a ghabhann le Rialachán UNECE Uimh. 117 arís ón tús.
Déanfaidh an tsaotharlann iarrthach nó an tsaotharlann tagartha an méid seo a leanas a ríomh:
luach tomhaiste gach boinn ailínithe i leith gach tomhais mar a shonraítear i míreanna 6.2 agus 6.3 d'Iarscríbhinn 6 a ghabhann le Rialachán UNECE Uimh. 117 (i.e. ceartuithe i leith teochta de 25 °C agus trastomhais druma de 2 m);
meánluach na dtrí luach tomhaiste deiridh do gach bonn ailínithe (i gcás saotharlanna tagartha) nó meánluach luachanna deiridh tomhaiste deiridh n do gach bonn ailínithe (i gcás saotharlanna iarrthacha); agus
an diallas caighdeánach (σm ) mar seo a leanas:
i gcás:
gurb é i |
an t-áiritheoir ó 1 go p le haghaidh na mbonn ailínithe; |
gurb é j |
an t-áiritheoir ó 2 go n + 1 don n athdhéanamh deiridh de gach tomhais ar bhonn ailínithe faoi leith |
gurb é n |
+ 1 líon na n-atomhas ar bhoinn (n + 1=4 le haghaidh saotharlanna tagartha agus n + 1 ≥ 4 le haghaidh saotharlanna iarrthacha); |
gurb é p |
líon na mbonn ailínithe (p ≥ 5). |
2.4. Formáidí sonraí atá le húsáid le haghaidh ríomhaireachta agus le haghaidh torthaí
Déanfar na luachanna tomhaiste RRC a bheidh ceartaithe i leith trastomhais druma agus i leith teochta a shlánú go dhá dheachúil.
Ansin déanfar an ríomhaireacht leis na digití go léir: ní dhéanfar aon slánú eile ach amháin ar na cothromóidí ailínithe deiridh.
Taispeánfar gach luach a bhaineann le diallas caighdeánach go trí dheachúil.
Taispeánfar gach luach RRC go dhá dheachúil.
Déanfar gach comhéifeacht ailínithe (A1 l , B1 l , A2 c agus B2 c ) a shlánú agus a thaispeáint go ceithre dheachúil.
3. Ceanglais is infheidhme maidir leis na saotharlanna tagartha agus cinneadh na luachanna sannta
Cinnfidh líonra saotharlann tagartha luachanna sannta gach boinn ailínithe. Déanfaidh an líonra cobhsaíocht agus bailíocht na luachanna sannta a mheas gach dara bliain.
Comhlíonfaidh gach saotharlann tagartha atá páirteach sa líonra sonraíochtaí Iarscríbhinn 6 a ghabhann le Rialachán UNECE Uimh. 117 agus beidh diallas caighdeánach (σm ) ann mar a leanas:
nach mó ná 0,05 N/kN le haghaidh boinn d'aicme C1 agus boinn d’aicme C2; agus
nach mó ná 0,05 N/kN le haghaidh boinn d'aicme C3.
Déanfar tacair na mbonn ailínithe atá roghnaithe i gcomhréir Roinn 2.2 a thomhas i gcomhréir le Roinn 2.3, ag gach saotharlann tagartha sa líonra.
Is ionann luach sannta gach boinn ailínithe agus meán na luachanna tomhaiste arna dtabhairt ag saotharlanna tagartha an líonra don bhonn ailínithe.
4. An nós imeachta chun saotharlann tagartha a ailíniú leis na luachanna a shanntar
Déanfaidh gach saotharlann (l) tagartha í féin a ailíniú le gach tacar nua luachanna sannta agus i gcónaí tar éis aon athrú suntasach ar an meaisín nó aon fhéithiú sna sonraí faireacháin a bhaineann le bonn rialaithe an mheaisín.
Bainfidh an t-ailíniú úsáid as teicníc cúlchéimnithe línigh le haghaidh gach sonra aonair. Déanfar na comhéifeachtaí cúlchéimnithe, A1 l and B1 l , a ríomh mar seo a leanas:
RRC = A1 l × RRCm,l + B1 l
i gcás:
gurb é RRC |
l |
luach sannta chomhéifeacht na friotaíochta rollta; |
gurb é RRCm,l |
l |
luach tomhaiste aonair chomhéifeacht na friotaíochta rollta ag an tsaotharlann tagartha “l” (lena n-áirítear ceartúcháin i leith teochta agus trastomhais druma). |
5. Ceanglais is infheidhme maidir le saotharlanna iarrthacha
Déanfaidh saotharlanna iarrthacha an nós imeachta ailínithe ar a laghad uair amháin gach dara bliain i leith gach meaisín agus i gcónaí tar éis aon athrú suntasach ar an meaisín nó aon fhéithiú de shonraí faireacháin a bhaineann le bonn rialaithe an mheaisín.
Déanfar tacar comhchoiteann de chúig bhonn éagsúla, atá roghnaithe i gcomhréir le Roinn 2.2, a thomhas i gcomhréir le Roinn 2.3, ag an tsaotharlann iarrthach ar dtús agus ina dhiaidh sin ag saotharlann tagartha amháin. Is féidir níos mó ná cúig bhonn ailínithe a thástáil má iarrann an tsaotharlann iarrthach é sin.
Soláthróidh an tsaotharlann iarrthach an tacar bonn ailínithe don tsaotharlann tagartha roghnaithe.
Comhlíonfaidh saotharlann iarrthach (c) sonraíochtaí Iarscríbhinn 6 a ghabhann le Rialachán UNECE Uimh. 117 arna ndéanamh air agus b'fhearr go mbeadh diallais chaighdeánacha (σm ) ann mar a leanas:
nach mó ná 0,075 N/kN le haghaidh boinn d'aicme C1 agus boinn d’aicme C2; agus
nach mó ná 0,06 N/kN le haghaidh boinn d'aicme C3.
Más rud é go bhfuil diallas caighdeánach (σm) na saotharlainne iarrthaí níos airde ná na luachanna sin i ndiaidh ceithre thomhas, agus go n-úsáidtear na trí cinn dheiridh le haghaidh na ríomhaireachta, ansin méadófar líon n+1 na n-uaireanta a athdhéantar an tomhais mar seo a leanas i ndáil leis an mbaisc iomlán:
i gcás:
6. An nós imeachta chun saotharlann iarrthach a ailíniú
Déanfaidh saotharlann tagartha (l) amháin den líonra an fheidhm cúlchéimnithe línigh ar shonraí aonair uile na saotharlainne iarrthaí (c) a ríomh (c). Déanfar na comhéifeachtaí cúlchéimnithe, A2c agus B2c, a ríomh mar seo a leanas:
RRCm,l = A2 c × RRCm,c + B2 c
i gcás:
inarb é RRCm,l |
luach tomhaiste aonair chomhéifeacht na friotaíochta rollta ag an tsaotharlann tagartha (l) (lena n-áirítear ceartúcháin i leith teochta agus trastomhais druma); |
inarb é RRCm,c |
luach tomhaiste aonair chomhéifeacht na friotaíochta rollta ag an tsaotharlann iarrthach (c) (lena n-áirítear ceartúcháin i leith teochta agus trastomhais druma) |
Má tá comhéifeacht chinntiúcháin R2 faoi bhun 0,97, ní dhéanfar an tsaotharlann iarrthach a ailíniú.
Déanfar RRC ailínithe bonn arna dtástáil ag an tsaotharlann iarrthach a ríomh mar a leanas:
RRC = (A1 l × A2 c ) × RRCm,c + (A1 l × B2 c + B1 l )
IARSCRÍBHINN VI
AN NÓS IMEACHTA FÍORÚCHÁIN
Déanfar comhréireacht na n-aicmí dearbhaithe maidir le héifeachtúlacht breosla, fliuchghreim agus torann seachtrach rollta leis an Rialachán seo, mar aon leis na luachanna dearbhaithe, agus aon fhaisnéis bhreise maidir le feidhmíocht a bheidh ar an lipéad, a mheasúnú i gcás gach cineáil boinn nó i gcás gach grúpála bonn, mar a chinneann an soláthróir, de réir ceann de na nósanna imeachta seo a leanas:
Tástáiltear aon bhonn amháin nó aon tacar amháin bonn ar dtús. Má tá an luach tomhaiste comhréireach leis an aicme dhearbhaithe nó le luach tomhaiste an torainn sheachtraigh rollta dearbhaithe laistigh de na lamháltais fíorúcháin dá dtagraítear sa tábla thíos, measfar an lipéad boinn a bheith i gcomhréir leis an Rialachán seo.
Más rud é nach bhfuil na luachanna tomhaiste comhréireach leis na haicmí dearbhaithe nó le luach dearbhaithe an torainn sheachtraigh rollta dearbhaithe laistigh de na lamháltais fíorúcháin dá dtagraítear sa tábla thíos, tástáiltear trí bhonn breise nó trí thacar bonn breise; úsáidtear meán na luachanna tomhais a fhaightear ó na trí bhonn breise nó na trí thacar bonn breise a thástáiltear chun fíorú a dhéanamh ar an gcomhréireacht leis an bhfaisnéis a dearbhaíodh agus na lamháltais fíorúcháin dá dtagraítear sa tábla thíos á gcur san áireamh.
I gcás ina ndíorthófar na haicmí nó na luachanna lipéadaithe ar an lipéad boinn ó thorthaí tástála cineálcheadaithe arna bhfáil i gcomhréir le Rialachán (CE) Uimh. 661/2009, nó i gcomhréir le Rialachán UNECE Uimh. 117, féadfaidh na Ballstáit úsáid a bhaint as sonraí tomhaiste arna bhfáil ó na tástálacha maidir le comhréireacht táirgeachta ar bhoinn, a rinneadh faoin nós imeachta cineálcheadaithe arna mbunú le Rialachán (AE) 2018/858.
San áireamh leis na measúnuithe ar na sonraí tomhais arna bhfáil ó na tástálacha maidir le comhréireacht táirgeachta beidh na lamháltais fíorúcháin dá dtagraítear sa tábla thíos.
An paraiméadar arna thomhas |
Na lamháltais fíorúcháin |
An RRC (comhéifeacht friotaíochta rollta) (éifeachtúlacht breosla) |
Ní rachaidh an luach tomhaiste ailínithe níos mó ná 0.3 N/kN thar uasteorainn (RRC is airde) an aicme dhearbhaithe. |
Torann seachtrach rollta |
Ní rachaidh an luach tomhaiste níos mó ná 1 dB(A) thar luach dearbhaithe N. |
Fliuchghreim |
Ní bheidh an luach tomhaiste G(T), níos ísle ná íosteorainn (íosluach G) an aicme dhearbhaithe. |
Greim sneachta |
Ní bheidh an luach tomhaiste níos ísle ná an treoiruimhir íosta greama sneachta sa sneachta. |
Greim oighir |
Ní bheidh an luach tomhaiste níos ísle ná an treoiruimhir íosta greama oighir oighear. |
IARSCRÍBHINN VII
FAISNÉIS ATÁ LE CUR ISTEACH AG AN SOLÁTHRÓIR SA BHUNACHAR SONRAÍ TÁIRGÍ
1. Faisnéis atá le cur isteach sa chuid phoiblí den bhunachar sonraí táirgí:
trádainm nó trádmharc, seoladh, sonraí teagmhála agus aitheantas dlíthiúil eile an tsoláthróra;
aitheantóir an chineáil boinn;
an lipéad boinn i bhformáid leictreonach;
an aicme/na haicmí agus paraiméadair eile ar an lipéad boinn; agus
paraiméadair na bileoige faisnéise faoin táirge i bhfoirm leictreonach.
2. Faisnéis atá le cur isteach sa chuid phoiblí den bhunachar sonraí táirgí a bhaineann le comhlíonadh:
aitheantóir cineáil boinn gach cineáil boinn choibhéisigh a cuireadh ar an margadh cheana;
tuairisc ghinearálta ar an gcineál boinn, lena n-áirítear toisí an bhoinn, an treoiruimhir ualaigh agus an rátáil luais, tuairisc ar leor í chun an cineál boinn a shainaithint go soiléir agus go héasca;
prótacail na tástála, grádú agus tomhas na bparaiméadar boinn a leagtar amach in Iarscríbhinn I;
réamhchúraimí sonracha, más ann dóibh, a ghlacfar nuair a dhéantar an cineál boinn a chóimeáil, a shuiteáil, a chothabháil nó a thástáil;
paraiméadair thomhaiste theicniúla an chineáil boinn, i gcás inarb ábhartha; agus
na ríomhanna a dhéantar leis na paraiméadair thomhaiste theicniúla.
IARSCRÍBHINN VIII
TÁBLA COMHGHAOIL
Rialachán (CE) Uimh. 1222/2009 |
An Rialachán seo |
Airteagal 1(1) |
- |
Airteagal 1(2) |
Airteagal 1 |
Airteagal 2(1) |
Airteagal 2(1) |
Airteagal 2(2) |
Airteagal 2(2) |
Airteagal 3, pointe (1) |
Airteagal 3, pointe (1) |
- |
Airteagal 3, pointe (2) |
Airteagal 3, pointe (2) |
Airteagal 3, pointe (3) |
- |
Airteagal 3, pointe (4) |
- |
Airteagal 3, pointe (5) |
Airteagal 3, pointe (3) |
Airteagal 3, pointe (6) |
Airteagal 3, pointe (4) |
Airteagal 3, pointe (7) |
- |
Airteagal 3, pointe (8) |
Airteagal 3, pointe (5) |
Airteagal 3, pointe (9) |
- |
Airteagal 3, pointe (10) |
- |
Airteagal 3, pointe (11) |
Airteagal 3, pointe (6) |
Airteagal 3, pointe (12) |
Airteagal 3, pointe (7) |
Airteagal 3, pointe (13) |
Airteagal 3, pointe (8) |
Airteagal 3, pointe (14) |
Airteagal 3, pointe (9) |
Airteagal 3, pointe (15) |
Airteagal 3, pointe (10) |
Airteagal 3, pointe (16) |
Airteagal 3, pointe (11) |
Airteagal 3, pointe (17) |
- |
Airteagal 3, pointe (18) |
Airteagal 3, pointe (12) |
Airteagal 3, pointe (19) |
Airteagal 3, pointe (13) |
Airteagal 3, pointe (20) |
- |
Airteagal 3, pointe (21) |
- |
Airteagal 3, pointe (22) |
- |
Airteagal 3, pointe (23) |
- |
Airteagal 3, pointe (24) |
Airteagal 4 |
Airteagal 4 |
Airteagal 4(1) |
Airteagal 4(1) |
Airteagal 4(1), pointe (a) |
Airteagal 4(1)(a) |
Airteagal 4(1), pointe (b) |
Airteagal 4(1)(b) |
Airteagal 4(2) |
- |
- |
Airteagal 4(2) |
- |
Airteagal 4(3) |
Airteagal 4(3) |
Airteagal 4(4) |
Airteagal 4(4) |
Airteagal 4(5) |
- |
Airteagal 4(6) |
- |
Airteagal 4(7) |
- |
Airteagal 4(8) |
- |
Airteagal 4(9) |
- |
Airteagal 4(10) |
- |
Airteagal 5 |
Airteagal 5(1) |
Airteagal 6(1) |
Airteagal 5(1), pointe (a) |
Airteagal 6(1), pointe (a) |
Airteagal 5(1), pointe (b) |
Airteagal 6(1), pointe (b) |
- |
Airteagal 6(2) |
- |
Airteagal 6(3) |
Airteagal 5(2) |
Airteagal 6(4) |
Airteagal 5(3) |
- |
- |
Airteagal 6(5) |
- |
Airteagal 6(6) |
- |
Airteagal 6(7) |
Airteagal 6 |
Airteagal 7 |
- |
Airteagal 8 |
Airteagal 7 |
Airteagal 9 |
Airteagal 8 |
Airteagal 10 |
Airteagal 9(1) |
Airteagal 11(1) |
Airteagal 9(2) |
Airteagal 11(1) |
Airteagal 9(2), 2nd sentence |
Airteagal 4(5) |
Airteagal 10 |
Airteagal 11(2) |
- |
Airteagal 11(3) |
Airteagal 11, pointe (a) |
- |
Airteagal 11, pointe (b) |
- |
Airteagal 11, pointe (c) |
Airteagal 13(1), pointe (b) |
Airteagal 12 |
Airteagal 11(4) |
- |
Airteagal 11(5) |
- |
Airteagal 12 |
- |
Airteagal 13 |
- |
Airteagal 13(1) |
- |
Airteagal 13(2) |
- |
Airteagal 13(3) |
- |
Airteagal 13(4) |
- |
Airteagal 14 |
Airteagal 13 |
- |
Airteagal 14 |
- |
- |
Airteagal 15 |
Airteagal 15 |
- |
- |
Airteagal 16 |
- |
Airteagal 17 |
Airteagal 16 |
Airteagal 18 |
Iarscríbhinn I |
Iarscríbhinn I |
Iarscríbhinn II |
Iarscríbhinn II |
- |
Iarscríbhinn III |
Iarscríbhinn III |
Iarscríbhinn IV |
Iarscríbhinn IV |
Iarscríbhinn VI |
Iarscríbhinn IVa |
Iarscríbhinn V |
Iarscríbhinn V |
- |
- |
Iarscríbhinn VII |
- |
Iarscríbhinn VIII |
( *1 ) Rialachán (AE) 2020/740 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 25 Bealtaine 2020 maidir le lipéadú bonn i leith éifeachtúlacht breosla agus paraiméadair eile, agus lena leasaítear Rialachán (AE) 2017/1369 agus lena n‐aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 1222/2009 (IO L 177, 5.6.2020, lch. 1)”.
( 1 ) Rialachán Uimh. 30 den Choimisiún Eacnamaíoch don Eoraip de chuid na Náisiún Aontaithe (UNECE) — Forálacha aonfhoirmeacha maidir le fhormheas aerbhoinn le haghaidh mótarfheithiclí agus a leantóirí (IO L 201, 30.7.2008, lch. 70).
( 2 ) Rialachán Uimh. 54 den Choimisiún Eacnamaíoch don Eoraip de chuid na Náisiún Aontaithe (UNECE) — Forálacha aonfhoirmeacha maidir le fhormheas aerbhoinn le haghaidh feithiclí tráchtála agus a leantóirí (IO L 183, 11.7.2008, lch. 41).