EUR-Lex Access to European Union law

Back to EUR-Lex homepage

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 02007R1370-20171224

Consolidated text: Rialachán (CE) Uimh . 1370/2007 ó Pharlaimint na h Eorpa agus ón g Comhairle an 23 Deireadh Fómhair 2007 maidir le seirbhísí poiblí iompair do phaisinéirí d'iarnród agus de bhóthar agus lena n-aisghairtear Rialachán (CEE) Uimh. 1191/69 agus Rialachán (CEE) Uimh. 1107/70 ón gComhairle

ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2007/1370/2017-12-24

02007R1370 — GA — 24.12.2017 — 001.001


Is áis doiciméadúcháin amháin an téacs seo agus níl aon éifeacht dhlíthiúil aige. Ní ghabhann institiúidí an Aontais aon dliteanas orthu féin i leith inneachar an téacs. Is iad na leaganacha de na gníomhartha a foilsíodh in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh agus atá ar fáil ar an suíomh gréasáin EUR-Lex na leaganacha barántúla de na gníomhartha ábhartha, brollach an téacs san áireamh. Is féidir teacht ar na téacsanna oifigiúla sin ach na naisc atá leabaithe sa doiciméad seo a bhrú

►B

RIALACHÁN (CE) UIMH. 1370/2007 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

an 23 Deireadh Fómhair 2007

maidir le seirbhísí poiblí iompair do phaisinéirí d'iarnród agus de bhóthar agus lena n-aisghairtear Rialachán (CEE) Uimh. 1191/69 agus Rialachán (CEE) Uimh. 1107/70 ón gComhairle

(IO L 315 3.12.2007, lch. 1)

Arna leasú:

 

 

Iris Oifigiúil

  Uimh

Leathanach

Dáta

►M1

RIALACHÁN (AE) 2016/2338 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE an 14 Nollaig 2016

  L 354

22

23.12.2016




▼B

RIALACHÁN (CE) UIMH. 1370/2007 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

an 23 Deireadh Fómhair 2007

maidir le seirbhísí poiblí iompair do phaisinéirí d'iarnród agus de bhóthar agus lena n-aisghairtear Rialachán (CEE) Uimh. 1191/69 agus Rialachán (CEE) Uimh. 1107/70 ón gComhairle



Airteagal 1

Cuspóir agus raon feidhme

1.  Is é cuspóir an Rialacháin seo a chinneadh conas a fhéadfaidh na húdaráis inniúla gníomhú, i gcomhréir le rialacha dhlí an Chomhphobail, i réimse an iompair phoiblí do phaisinéirí chun a ráthú go soláthrófar seirbhísí leasa i gcoitinne a bheidh inter alia níos líonmhaire, níos sábháilte, de cháilíocht níos airde nó a chuirfear ar fáil ar chostas níos ísle ná mar a cheadódh fórsaí an mhargaidh amháin.

Chun na críche sin, leagtar síos leis an Rialachán seo na coinníollacha faoina bhféadfaidh na húdaráis inniúla, agus oibleagáidí seirbhíse poiblí á bhforchur nó á gconrú acu, cúiteamh a thabhairt d'oibreoirí seirbhísí poiblí i leith costas a thabhaítear agus/nó cearta eisiacha a dheonú in éiric oibleagáidí seirbhíse poiblí a chomhlíonadh.

2.  Beidh feidhm ag an Rialachán seo maidir le hoibriú náisiúnta agus idirnáisiúnta seirbhísí poiblí iompair do phaisinéirí d'iarnród agus de mhodhanna eile rianbhunaithe agus de bhóthar, seachas seirbhísí a oibrítear go príomha de bhrí gur ábhar spéise iad go stairiúil nó de bharr an luach atá leo ó thaobh na turasóireachta de. Féadfaidh na Ballstáit an Rialachán seo a chur i bhfeidhm maidir le hiompar poiblí do phaisinéirí d'uiscebhealaí intíre agus, gan dochar do Rialachán (CEE) Uimh. 3577/92 ( 1 ), d'uiscí náisiúnta.

▼M1

Faoi réir chomhaontú údaráis inniúla na mBallstát sin ar ina gcríocha a dhéantar na seirbhísí a sholáthar, féadfaidh oibleagáidí seirbhíse poiblí baint a bheith acu le seirbhísí poiblí iompair ar an leibhéal trasteorann, lena n-áirítear na seirbhísí poiblí iompair sin lena gcumhdaítear riachtanais iompair áitiúla agus réigiúnacha.

▼B

3.  Ní bheidh feidhm ag an Rialachán seo maidir le lamháltais oibreacha poiblí de réir bhrí Airteagal 1(3)(a) de Threoir 2004/17/CE ná de réir bhrí Airteagal 1(3) de Threoir 2004/18/CE.

Airteagal 2

Sainmhínithe

Chun críocha an Rialacháin seo:

(a) ‘ciallaíonn iompar poiblí do phaisinéirí’ seirbhísí iompair do phaisinéirí ar seirbhísí leasa eacnamaíoch i gcoitinne iad agus a sholáthraítear don phobal ar bhonn neamh-idirdhealaitheach leanúnach;

(b) ‘ciallaíonn údarás inniúil’ aon údarás poiblí nó aon ghrúpa údarás poiblí de chuid Ballstáit nó líon Ballstát a bhfuil sé de chumhacht aige idirghabháil san iompar poiblí do phaisinéirí i limistéar geografach áirithe nó aon chomhlacht a mbeidh údarás den sórt sin dílsithe dó;

(c) ‘ciallaíonn údarás áitiúil inniúil’ aon údarás inniúil nach é an chríoch náisiúnta limistéar geografach a inniúlachta;

(d) ‘ciallaíonn oibreoir seirbhíse poiblí’ aon ghnóthas poiblí nó príobháideach nó aon ghrúpa de na gnóthais sin a oibríonn seirbhísí poiblí iompair do phaisinéirí nó aon chomhlacht poiblí a sholáthraíonn seirbhísí poiblí iompair do phaisinéirí;

(e) ‘ciallaíonn oibleagáid seirbhíse poiblí’ ceanglas arna shainmhíniú nó arna chinneadh ag údarás inniúil chun go n-áiritheofar go gcuirfear ar fáil seirbhísí poiblí iompair do phaisinéirí ar mhaithe leis an leas i gcoitinne nach nglacfadh oibreoir air féin dá mbeadh sé ag féachaint dá leas tráchtála féin nó nach nglacfadh sé air féin an oiread céanna ná faoi na coinníollacha céanna gan luach saothair;

(f) ‘ciallaíonn ceart eisiach’ ceart a thugann teideal d'oibreoir seirbhíse poiblí seirbhísí poiblí iompair áirithe do phaisinéirí a oibriú ar chonair áirithe nó ar ghréasán áirithe nó i limistéar áirithe, d'eisiamh gach oibreora eile den sórt sin;

(g) ‘ciallaíonn cúiteamh seirbhíse poiblí’ aon tairbhe, go háirithe tairbhe airgeadais, a dheonaíonn údarás inniúil go díreach nó go hindíreach as cistí poiblí le linn tréimhse cur chun feidhme oibleagáide seirbhíse poiblí nó i ndáil leis an tréimhse sin;

(h) ‘ciallaíonn dámhachtain dhíreach’ dámhachtain conartha seirbhíse poiblí ar oibreoir seirbhíse poiblí áirithe gan aon nós imeachta iomaíoch tairiscintí roimh ré;

(i) ‘ciallaíonn conradh seirbhíse poiblí’ gníomh nó gníomhartha atá ceangailteach ó thaobh an dlí de lena ndeimhnítear an comhaontú idir údarás inniúil agus oibreoir seirbhíse poiblí chun bainistíocht agus oibriú seirbhísí poiblí iompair do phaisinéirí a chur de chúram ar an oibreoir seirbhíse poiblí sin faoi réir oibleagáidí seirbhíse poiblí; ag brath ar dhlí na mBallstát, féadfaidh sé freisin gur cinneadh arna ghlacadh ag an údarás inniúil a bheidh sa chonradh:

 a bheidh i bhfoirm gnímh leithligh reachtaíochta nó rialúcháin, nó

 a fholóidh coinníollacha faoina soláthróidh an t-údarás inniúil na seirbhísí nó faoina gcuirfidh sé na seirbhísí sin de chúram ar oibreoir inmheánach;

(j) ‘ciallaíonn oibreoir inmheánach’ eintiteas atá leithleach go dlíthiúil agus a ndéanann an t-údarás áitiúil inniúil, nó i gcás grúpa údarás ar a laghad údarás áitiúil inniúil amháin, rialú air is cosúil leis an rialú a dhéanann sé ar a ranna féin;

(k) ‘ciallaíonn luach’ luach seirbhíse, conaire, conartha seirbhíse poiblí, nó scéime cúitimh le haghaidh iompair phoiblí do phaisinéirí is ionann le luach saothair iomlán an oibreora seirbhíse poiblí nó na n-oibreoirí seirbhísí poiblí, roimh CBL, lena n-áirítear cúiteamh, cibé cineál é, arna íoc ag na húdaráis phoiblí agus ioncam as ticéid a dhíol nach n-aisíoctar leis an údarás inniúil atá i gceist;

(l) ‘ciallaíonn riail ghinearálta’ beart a chuirtear i bhfeidhm gan idirdhealú maidir le gach seirbhís iompair phoiblí do phaisinéirí den chineál céanna i limistéar geografach áirithe a bhfuil údarás inniúil freagrach as;

(m) ‘ciallaíonn seirbhísí poiblí comhtháite iompair do phaisinéirí’ seirbhísí iompair idirnasctha laistigh de limistéar geografach sonraithe a bhfuil an t-aon seirbhís faisnéise amháin, an t-aon scéim ticéadaithe amháin agus an t-aon amchlár amháin acu;

▼M1

(aa) ciallaíonn ‘seirbhísí poiblí iompair do phaisinéirí d'iarnród’ iompar poiblí paisinéirí d'iarnród, cé is moite d'iompar paisinéirí de mhodhanna eile rianbhunaithe, amhail meitreonna nó trambhealaigh.

Airteagal 2a

Oibleagáidí seirbhíse poiblí a shonrú

1.  Déanfaidh an t-údarás inniúil sonraíochtaí d'oibleagáidí seirbhíse poiblí i soláthar seirbhísí poiblí iompair do phaisinéirí agus i raon feidhme na n-oibleagáidí seirbhíse poiblí sin a leagan síos i gcomhréir le hAirteagal 2(e). Áirítear leis sin go bhféadfaí seirbhísí a chumhdaíonn a gcostais a ghrúpáil le seirbhísí nach gcumhdaíonn a gcostais.

Agus na sonraíochtaí sin agus a raon feidhme á leagan síos aige, tabharfaidh an t-údarás inniúil an urraim chuí do phrionsabal na comhréireachta, i gcomhréir le dlí an Aontais.

Beidh na sonraíochtaí i gcomhréir leis na cuspóirí beartais mar a luaitear iad i ndoiciméid bheartais don iompar poiblí sna Ballstáit.

Déanfar inneachar agus formáid na ndoiciméad beartais don iompar poiblí agus na nósanna imeachta le haghaidh dul i gcomhairle le geallsealbhóirí ábhartha a chinneadh i gcomhréir leis an dlí náisiúnta.

2.  Le sonraíochtaí na n-oibleagáidí seirbhíse poiblí agus an cúiteamh gaolmhar ar iarmhairt ghlan airgeadais na n-oibleagáidí seirbhíse poiblí:

(a) déanfar cuspóirí an bheartais iompair phoiblí a bhaint amach ar bhealach atá éifeachtach ó thaobh costais de; agus

(b) déanfar soláthar an iompair phoiblí do phaisinéirí a chothabháil ó thaobh an airgeadais de, i gcomhréir leis na ceanglais a leagtar síos sa bheartas iompair phoiblí go fadtéarmach.

▼B

Airteagal 3

Conarthaí seirbhíse poiblí agus rialacha ginearálta

1.  I gcás ina gcinnfidh údarás inniúil ceart eisiach agus/nó cúiteamh, cibé cineál é, a dheonú d'oibreoir dá rogha in éiric oibleagáidí seirbhíse poiblí a chomhlíonadh, is faoi chuimse conartha seirbhíse poiblí a dhéanfaidh sé é.

2.  De mhaolú ar mhír 1, oibleagáidí seirbhíse poiblí a bhfuil sé d'aidhm acu uastaraifí a chinneadh do na paisinéirí uile nó d'aicmí áirithe de na paisinéirí, féadfar iad a chur faoi réir rialacha ginearálta freisin. I gcomhréir leis na prionsabail a leagtar amach in Airteagal 4 agus in Airteagal 6 agus san Iarscríbhinn, cúiteoidh an t-údarás inniúil na hoibreoirí seirbhísí poiblí i leith na glanéifeachta airgeadais, cibé deimhneach nó diúltach, ar na costais a thabhófar agus ar an ioncam a ghinfear i gcomhlíonadh na n-oibleagáidí seirbhíse poiblí sin a bhunófar le rialacha ginearálta ar dhóigh a sheachnóidh an róchúiteamh. Déanfar amhlaidh d'ainneoin cheart na n-údarás inniúil oibleagáidí seirbhíse poiblí a lánpháirtiú trí uastaraifí a chinneadh i gconarthaí seirbhíse poiblí.

3.  Gan dochar d'fhorálacha Airteagail 73, 86, 87 agus 88 den Chonradh, féadfaidh na Ballstáit a eisiamh ó raon feidhme an Rialacháin seo rialacha ginearálta maidir le cúiteamh airgeadais i leith oibleagáidí seirbhíse poiblí lena mbunófar uastaraifí le haghaidh daltaí, mac léinn, printíseach agus daoine a bhfuil a soghluaisteacht laghdaithe. Tabharfar fógra maidir leis na rialacha ginearálta sin i gcomhréir le hAirteagal 88 den Chonradh. Beidh san fhógra sin faisnéis iomlán maidir leis an mbeart agus go háirithe mionsonraí an mhodha ríomha.

Airteagal 4

Inneachar sainordaitheach na gconarthaí seirbhíse poiblí agus na rialacha ginearálta

1.  Maidir leis na conarthaí seirbhíse poiblí agus na rialacha ginearálta:

▼M1

(a) leagfaidh siad amach go soiléir na hoibleagáidí seirbhíse poiblí, a shainmhínítear sa Rialachán seo agus a shonraítear i gcomhréir le hAirteagal 2a de, atá le comhlíonadh ag an oibreoir seirbhíse poiblí, agus na limistéir gheografacha lena mbaineann;

(b) bunóidh siad, roimh ré, ar dhóigh oibiachtúil thrédhearcach:

(i) na paraiméadair ar ar a mbonn a bhfuil an íocaíocht chúitimh, más ann, le ríomh; agus

(ii) cineál agus réim aon chearta eisiacha a dheonaítear ar bhealach ina seachnófar forchúitimh.

I gcás conarthaí seirbhíse poiblí nach ndámhtar i gcomhréir le hAirteagal 5(1), (3) ná (3b), cinnfear na paraiméadair sin sa chaoi nach bhféadfaidh aon íocaíocht cúitimh a bheith níos mó ná an méid atá de dhíth chun an iarmhairt ghlan airgeadais ar chostais arna dtabhú agus ar ioncam arna ghiniúint i gcomhlíonadh na n-oibleagáidí seirbhíse poiblí a chumhdach, agus ioncam lena mbaineann agus arna choinneáil ag an oibreoir seirbhíse poiblí agus brabús réasúnta á gcur san áireamh;

▼B

(c) cinnfidh siad na socruithe maidir le cionroinnt na gcostas a bhaineann le seirbhísí a sholáthar. Féadfar a áireamh sna costais sin go háirithe costas na foirne, costas an fhuinnimh, na muirir ar bhonneagar, costais chothabhála agus deisithe feithiclí iompair phoiblí, rothra agus suiteálacha atá riachtanach chun na seirbhísí poiblí iompair do phaisinéirí a oibriú, costais sheasta agus toradh oiriúnach ar chaipiteal.

2.  Cinnfear leis na conarthaí seirbhíse poiblí agus leis na rialacha ginearálta na socruithe maidir le cionroinnt an ioncaim as ticéid a dhíol a fhéadfaidh an t-oibreoir seirbhíse poiblí a choimeád, a aisíocfar don údarás inniúil nó a roinnfear eatarthu.

3.  Beidh ré na gconarthaí seirbhíse poiblí teoranta agus ní rachaidh sí thar dheich mbliana i gcás seirbhísí cóiste agus bus ná thar 15 bliana i gcás seirbhísí iompair do phaisinéirí d'iarnród nó de mhodhanna eile rianbhunaithe. Beidh teorainn 15 bliana le ré na gconarthaí seirbhíse poiblí a bhaineann le líon modhanna iompair i gcás inar mó ná 50 % de luach na seirbhísí atá i gceist luach na modhanna iompair d'iarnród nó na modhanna eile rianbhunaithe.

4.  I gcás inar gá sin, ag féachaint do na modhanna dímheasa sócmhainní, féadfar síneadh nach faide ná 50 % a chur le ré an chonartha seirbhíse poiblí má tá na sócmhainní a sholáthraíonn an t-oibreoir seirbhíse poiblí suntasach i gcomparáid leis na sócmhainní go léir atá riachtanach do chur i gcrích na seirbhísí poiblí iompair do phaisinéirí atá folaithe leis an gconradh seirbhíse poiblí agus freisin más le seirbhísí poiblí iompair do phaisinéirí is mó a bhaineann na sócmhainní.

Má dhlitear sin ar bhonn na gcostas a chineann ón suíomh geografach áirithe, féadfar síneadh nach faide ná 50 % a chur le ré sin na gconarthaí seirbhíse poiblí a shonraítear i mír 3 sna réigiúin is forimeallaí.

Má dhlitear sin ar bhonn amúchadh an chaipitil i ndáil le hinfheistíocht neamhghnách i mbonneagar, i rothra nó i bhfeithiclí, agus má dhéantar an conradh seirbhíse poiblí a dhámhachtain trí nós imeachta iomaíoch agus cóir tairiscintí, féadfar ré níos faide a bheith ag conradh seirbhíse poiblí. Chun trédhearcacht a áirithiú sa chás sin, laistigh de bhliain ón gconradh seirbhíse poiblí a thabhairt i gcrích, seolfaidh an t-údarás inniúil an conradh agus na pointí is cúis lena ré níos faide chuig an gCoimisiún.

▼M1

4a.  I bhfeidhmiú conarthaí seirbhíse poiblí, comhlíonfaidh oibreoirí seirbhíse poiblí na hoibleagáidí is infheidhme i réimse an dlí shóisialta agus shaothair arna mbunú ag dlí an Aontais, an dlí náisiúnta nó comhaontuithe comhchoiteanna.

4b.  Beidh feidhm ag Treoir 2001/23/CE maidir le hathrú oibreora seirbhíse poiblí i gcás inarb ionann an t-athrú sin agus gnóthas a aistriú de réir bhrí na Treorach sin.

▼B

5.  Gan dochar don dlí náisiúnta ná don dlí Comhphobail, lena n-áirítear comhaontuithe comhchoiteanna idir comhpháirtithe sóisialta, féadfaidh na húdaráis inniúla a chur de cheangal ar an oibreoir seirbhíse poiblí a roghnaítear na cearta sin a thabhairt d'fhoireann a earcaíodh roimhe sin chun seirbhísí a sholáthar a mbeadh siad ina dteideal dá mbeadh aistriú de réir bhrí Threoir 2001/23/CE i gceist. I gcás ina gcuirfidh údaráis inniúla de cheangal ar oibreoirí seirbhísí poiblí caighdeáin shóisialta áirithe a chomhlíonadh, liostóidh na doiciméid tairisceana agus na conarthaí seirbhíse poiblí an fhoireann lena mbaineann agus tabharfaidh siad mionsonraí trédhearcacha chearta conarthacha na foirne sin agus na gcoinníollacha faoina meastar go bhfuil baint ag na fostaithe leis na seirbhísí.

▼M1

6.  I gcás ina gceanglaíonn údaráis inniúla, i gcomhréir leis an dlí náisiúnta, ar oibreoirí seirbhíse poiblí caighdeáin áirithe cháilíochta agus shóisialta a chomhlíonadh, nó critéir shóisialta agus cháilíochtúla a bhunú, beidh na caighdeáin agus na critéir sin san áireamh sna doiciméid tairisceana agus sna conarthaí seirbhíse poiblí. Agus Treoir 2001/23/CE á hurramú ag an am céanna, beidh faisnéis sna doiciméid tairisceana agus sna conarthaí seirbhíse poiblí sin freisin, i gcás inarb infheidhme, faoi na cearta agus na hoibleagáidí a bhaineann le haistriú na foirne sin a d'earcaigh an t-oibritheoir roimhe sin.

▼B

7.  Cuirfidh na doiciméid tairisceana agus na conarthaí seirbhíse poiblí in iúl, go trédhearcach, cibé an bhféadfar agus má fhéadfar, an méid a fhéadfar fochonraitheoireacht a bheartú. Má dhéanfar fochonraitheoireacht, beidh de cheangal ar an oibreoir, arb é a chúram seirbhísí poiblí iompair do phaisinéirí a riaradh agus a fheidhmiú de réir an Rialacháin seo, mórchuid de na seirbhísí poiblí iompair do phaisinéirí a dhéanamh é féin. Féadfaidh conradh seirbhíse poiblí a chumhdaíonn dearadh, tógáil agus oibriú seirbhísí poiblí iompair do phaisinéirí le chéile fochonraitheoireacht iomlán d’oibríocht na seirbhísí sin a cheadú. I gcomhréir leis an dlí náisiúnta agus leis an dlí Comhphobail, cinnfear sa chonradh seirbhíse poiblí na coinníollacha is infheidhme maidir le fochonraitheoireacht.

▼M1

8.  Le conarthaí seirbhíse poiblí ceanglófar ar an oibreoir an fhaisnéis atá fíor-riachtanach chun conarthaí seirbhíse poiblí a dhámhachtain a sholáthar don údarás inniúil, agus cosaint dhlisteanach na faisnéise rúnda gnó á háirithiú ag an am céanna. Déanfaidh údaráis inniúla faisnéis ábhartha a chur ar fáil do gach páirtí leasmhar maidir le tairiscint a ullmhú faoi nós imeachta iomaíoch tairisceana, agus cosaint dhlisteanach na faisnéise rúnda gnó á háirithiú ag an am céanna. Cuimseofar sa mhéid sin faisnéis faoi éileamh ó phaisinéirí, táillí, costais agus ioncaim a bhaineann leis an iompar poiblí do phaisinéirí arna chumhdach ag an nós imeachta iomaíoch tairisceana agus sonraí faoi shonraíochtaí bonneagair atá ábhartha chun na feithiclí nó an rothra atá riachtanach a oibriú, le cur ar chumas páirtithe leasmhara pleananna eolasacha gnó a dhréachtú. Tacóidh bainisteoirí bonneagair iarnróid le húdaráis inniúla chun na sonraíochtaí bonneagair ábhartha go léir a sholáthar. Beidh neamhchomhlíonadh na bhforálacha a leagtar amach thuas faoi réir an athbhreithnithe dhlíthiúil dá bhforáiltear in Airteagal 5(7).

▼B

Airteagal 5

Conarthaí seirbhíse poiblí a dhámhachtain

1.  Déanfar conarthaí seirbhíse poiblí a dhámhachtain i gcomhréir leis na rialacha a leagtar síos sa Rialachán seo. Ar a shon sin, déanfar conarthaí seirbhíse nó conarthaí seirbhíse poiblí arna sainmhíniú i dTreoir 2004/17/CE nó i dTreoir 2004/18/CE a bhaineann le seirbhísí poiblí iompair do phaisinéirí de bhus nó de thram a dhámhachtain i gcomhréir leis na nósanna imeachta dá bhforáiltear sna Treoracha sin i gcás nach i bhfoirm conarthaí lamháltas seirbhíse arna sainmhíniú sna Treoracha sin a bheidh na conarthaí sin. I gcás ina mbeidh conarthaí le dámhachtain i gcomhréir le Treoir 2004/17/CE nó le Treoir 2004/18/CE, ní bheidh feidhm ag forálacha mhíreanna 2 go 6 den Airteagal seo.

▼M1

2.  Mura dtoirmisctear sin leis an dlí náisiúnta, féadfaidh aon údarás áitiúil inniúil, cibé acu an údarás leithleach nó grúpa d'údaráis é a sholáthraíonn seirbhísí poiblí comhtháite iompair do phaisinéirí, a chinneadh go soláthróidh sé féin seirbhísí poiblí iompair do phaisinéirí nó go ndéanfaidh sé conarthaí seirbhíse poiblí a dhámhachtain go díreach ar eintiteas atá leithleach go dlíthiúil agus a ndéanann an t-údarás áitiúil inniúil rialú air nó, i gcás grúpa údarás, a ndéanann ar a laghad údarás áitiúil inniúil amháin rialú air, is cosúil leis an rialú a dhéanann sé ar a ranna féin.

I gcás seirbhísí poiblí iompair do phaisinéirí d'iarnród, ní fhéadfaidh an grúpa údarás dá dtagraítear sa chéad fhomhír a bheith comhdhéanta ach d'údaráis áitiúla inniúla a bhfuil limistéar geografach inniúlachta acu nach limistéar náisiúnta é. Ní fhéadfaidh an tseirbhís phoiblí iompair do phaisinéirí nó an conradh seirbhíse poiblí dá dtagraítear sa chéad fhomhír ach riachtanais iompair na gceirtleán uirbeach nó na limistéar tuaithe, nó iad araon, a chumhdach.

I gcás ina nglacfaidh údarás áitiúil inniúil cinneadh den sórt sin, beidh feidhm ag an méid seo a leanas:

▼B

(a) d'fhonn a chinneadh cé acu an bhfeidhmíonn an t-údarás áitiúil inniúil rialú, cuirfear san áireamh fachtóirí amhail grád na hionadaíochta ar chomhlachtaí riaracháin, bainistíochta nó maoirseachta, sonraíochtaí ina leith sin sna hairteagail chomhlachais, úinéireacht, tionchar éifeachtúil agus rialú éifeachtúil ar chinntí straitéiseacha agus ar chinntí bainistíochta leithleacha. I gcomhréir leis an dlí Comhphobail, ní bheidh úinéireacht 100 % ag an údarás áitiúil inniúil, go háirithe i gcás comhpháirtíochtaí poiblí príobháideacha, ina ceanglas sainordaitheach chun rialú de réir bhrí na míre seo a bhunú, ar chuntar go bhfuil tionchar poiblí ceannasach ann agus gur féidir rialú a bhunú ar bhonn critéar eile;

(b) is é an coinníoll chun an mhír seo a chur i bhfeidhm go ndéanfaidh an t-oibreoir inmheánach agus aon eintiteas a bhfuil tionchar aige air, dá laghad é, a ngníomhaíocht iompair phoiblí do phaisinéirí a fheidhmiú laistigh de chríoch an údaráis áitiúil inniúil, d'ainneoin aon línte a théann amach as an gcríoch sin ná aon chodanna coimhdeacha eile den ghníomhaíocht sin a théann isteach i gcríoch na n-údarás áitiúil inniúil comharsanach, agus nach nglacfaidh an t-oibreoir sin ná an t-eintiteas sin páirt i dtairiscintí iomaíocha maidir le soláthar seirbhísí poiblí iompair do phaisinéirí a eagraítear lasmuigh de chríoch an údaráis áitiúil inniúil;

(c) d'ainneoin phointe (b), féadfaidh oibreoir inmheánach páirt a ghlacadh i dtairiscintí iomaíocha córa ó dhá bhliain roimh dheireadh an chonartha seirbhíse poiblí a dámhadh go díreach dó ar aghaidh ar choinníoll go mbeidh cinneadh críochnaitheach déanta chun na seirbhísí poiblí iompair do phaisinéirí a fholaíonn conradh an oibreora inmheánaigh a chur faoi réir tairisceana iomaíche córa agus nach mbeidh aon chonradh seirbhíse poiblí eile arna dhámhachtain go díreach tugtha i gcrích ag an oibreoir inmheánach;

(d) mura bhfuil údarás áitiúil inniúil ann, beidh feidhm ag pointí (a), (b) agus (c) ar údarás náisiúnta ar mhaithe le limistéar geografach áirithe nach é an chríoch náisiúnta é, ar choinníoll nach nglacfaidh an t-oibreoir inmheánach páirt i dtairiscintí iomaíocha a bhaineann le seirbhísí poiblí iompair do phaisinéirí a sholáthar arna n-eagrú lasmuigh den limistéar a ndearnadh an conradh seirbhíse poiblí a dhámhachtain ina leith;

(e) má bhíonn fochonraitheoireacht faoi Airteagal 4(7) á breithniú, beidh de cheangal ar an oibreoir inmheánach an mhórchuid den tseirbhís phoiblí iompair do phaisinéirí a fheidhmiú.

▼M1

3.  Aon údarás inniúil a bhainfidh leas as tríú páirtí seachas oibreoir inmheánach, déanfaidh sé conarthaí seirbhíse poiblí a dhámhachtain ar bhonn nós imeachta iomaíoch tairisceana, ach amháin sna cásanna a shonraítear i míreanna 3a, 4, 4a, 4b, 5 agus 6. Beidh an nós imeachta iomaíoch tairisceana arna ghlacadh oscailte do gach oibreoir, beidh sé cóir agus urramóidh sé prionsabal na trédhearcachta agus prionsabal an neamh-idirdhealaithe. Tar éis thaisceadh na dtairiscintí agus aon réamhroghnú, féadfar caibidlíocht a áireamh sa nós imeachta i gcomhréir leis na prionsabail sin d'fhonn a chinneadh conas is fearr ceanglais shonraithe nó chasta a chomhall.

▼M1

3a.  Mura dtoirmisctear sin leis an dlí náisiúnta, a mhéid a bhaineann le conarthaí seirbhíse poiblí le haghaidh seirbhísí poiblí iompair do phaisinéirí d'iarnród arna ndámhachtain ar bhonn nós imeachta iomaíoch tairisceana, féadfaidh an t-údarás inniúil a chinneadh conarthaí nua a dhámhachtain go sealadach agus go díreach i gcás ina measann an t-údarás inniúil go bhfuil bonn cirt leis an dámhachtain dhíreach i ngeall ar imthosca eisceachtúla. Ar na himthosca eisceachtúla sin, áireofar na cásanna seo a leanas:

 tá roinnt nósanna imeachta iomaíocha tairisceana atá á reáchtáil cheana féin ag an údarás inniúil nó ag údaráis inniúla eile a bhféadfadh tionchar a bheith acu ar líon agus ar cháilíocht na dtairiscintí is dóigh a gheofar má tá an conradh faoi réir nós imeachta tairisceana iomaíoch, nó

 tá gá le hathruithe ar raon feidhme conartha seirbhíse poiblí amháin nó níos mó d'fhonn soláthar seirbhísí poiblí a bharrfheabhsú.

Déanfaidh an t-údarás inniúil cinneadh cuí-réasúnaithe a eisiúint agus cuirfidh sé an Coimisiún ar an eolas faoi gan moill mhíchuí.

Beidh ré na gconarthaí arna ndámhachtain de bhun na míre seo comhréireach leis an imthoisc eisceachtúil lena mbaineann agus ní rachaidh sé thar 5 bliana i gcás ar bith.

Foilseoidh an t-údarás inniúil conarthaí den sórt sin. Le linn dó déanamh amhlaidh, déanfaidh sé cosaint dhlisteanach na faisnéise rúnda gnó agus na leasanna tráchtála a chur san áireamh.

Ní dhéanfar an conradh ina dhiaidh sin a bhaineann leis na hoibleagáidí seirbhíse poiblí céanna a dhámhachtain ar bhonn na forála sin.

3b.  Agus mír 3 á cur i bhfeidhm, féadfaidh na húdaráis inniúla a chinneadh an nós imeachta seo a leanas a chur i bhfeidhm:

Féadfaidh na húdaráis inniúla an rún atá acu conradh seirbhíse poiblí iompair le haghaidh seirbhísí poiblí iompair do phaisinéirí d'iarnród a dhámhachtain a dhéanamh poiblí trí fhógra faisnéise a fhoilsiú in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

San fhógra faisnéise sin beidh tuairisc mhionsonraithe ar na seirbhísí is ábhar don chonradh atá le dámhachtain, chomh maith le cineál agus ré an chonartha.

Féadfaidh oibreoirí a spéis a léiriú laistigh de thréimhse a shocróidh an t-údarás inniúil, ar tréimhse í nach lú í ná 60 lá tar éis an fógra faisnéise a fhoilsiú.

Más rud é, tar éis dhul in éag na tréimhse sin:

(a) nach bhfuil ach oibreoir amháin tar éis spéis a léiriú páirt a ghlacadh sa nós imeachta chun an conradh seirbhíse poiblí a dhámhachtain;

(b) go bhfuil sé cruthaithe ag an oibreoir sin go cuí go mbeidh sé in ann an tseirbhís iompair a sholáthar iarbhír agus na hoibleagáidí arna mbunú sa chonradh seirbhíse poiblí á gcomhlíonadh aige;

(c) nach cúngú saorga ar pharaiméadair an tsoláthair is cúis leis an easpa iomaíochta; agus

(d) nach ann d'aon rogha réasúnta eile;

féadfaidh na húdaráis inniúla tús a chur le caibidlíocht leis an oibreoir seo d'fhonn an conradh a dhámhachtain gan nós imeachta oscailte tairisceana a fhoilsiú de bhreis.

▼M1

4.  Mura dtoirmisctear sin leis an dlí náisiúnta, féadfaidh an t-údarás inniúil a chinneadh conarthaí seirbhíse poiblí a dhámhachtain go díreach:

(a) i gcás ina meastar go bhfuil a meánluach bliantúil níos lú ná EUR 1 000 000 nó, i gcás conradh seirbhíse poiblí ina gcuimsítear seirbhísí poiblí iompair do phaisinéirí d'iarnród, níos lú ná EUR 7 500 000 ; nó,

(b) i gcás ina mbaineann siad le soláthar bliantúil de níos lú ná 300 000 ciliméadar de sheirbhísí poiblí iompair do phaisinéirí nó, i gcás conradh seirbhíse poiblí ina gcuimsítear seirbhísí poiblí iompair do phaisinéirí d'iarnród, níos lú ná 500 000 ciliméadar.

I gcás conradh seirbhíse poiblí arna dhámhachtain go díreach ar fhiontar beag nó meánmhéide nach mó ná 23 an líon feithiclí bóthair a bheidh á n-úsáid aige, féadfar na tairseacha sin a ardú go dtí meánluach bliantúil a mheastar a bheith níos lú ná EUR 2 000 000 nó go dtí soláthar bliantúil seirbhísí poiblí iompair do phaisinéirí atá níos lú ná 600 000 ciliméadar.

▼M1

4a.  Mura dtoirmisctear sin leis an dlí náisiúnta, féadfaidh an t-údarás inniúil a chinneadh conarthaí seirbhíse poiblí le haghaidh seirbhísí poiblí iompair do phaisinéirí d'iarnród a dhámhachtain go díreach:

(a) i gcás ina measann sé go bhfuil bonn cirt leis an dámhachtain dhíreach i ngeall ar shaintréithe struchtúracha agus geografacha ábhartha an mhargaidh agus an líonra lena mbaineann, go háirithe a méid, a saintréithe éilimh, castacht an líonra, leithlisiú teicniúil agus geografach an líonra sin, agus na seirbhísí a chumhdaítear leis an gconradh, agus

(b) i gcás ina gcuirfeadh conradh den sórt sin feabhas ar chaighdeán na seirbhísí nó ar an gcost-éifeachtacht, nó orthu araon, le hais an chonartha seirbhíse poiblí a dámhadh roimhe sin.

Ar an mbonn sin, déanfaidh an t-údarás inniúil cinneadh cuí-réasúnaithe a fhoilsiú agus cuirfidh sé an Coimisiún ar an eolas faoi laistigh de mhí amháin ó dháta a fhoilsithe. Féadfaidh an t-údarás inniúil dul ar aghaidh le dámhachtain an chonartha.

Maidir le Ballstáit ar lú ná 23 000 000 ciliméadar traenach, ar an 24 Nollaig 2017, an t-uasmhéid margaidh bliantúil ina leith agus nach bhfuil ach an t-aon údarás inniúil amháin acu ar an leibhéal náisiúnta agus an t-aon chonradh seirbhíse poiblí amháin lena gcumhdaítear an líonra ina iomláine, measfar go gcomhlíonann siad an coinníoll a leagtar amach i bpointe (a). I gcás ina gcinnfidh údarás inniúil de cheann de na Ballstáit sin conradh seirbhíse poiblí a dhámhachtain go díreach, cuirfidh an Ballstát lena mbaineann an Coimisiún ar an eolas. Féadfaidh an Ríocht Aontaithe a chinneadh an fhomhír seo a chur i bhfeidhm maidir le Tuaisceart Éireann.

I gcás ina gcinnfidh an t-údarás inniúil conradh seirbhíse poiblí a dhámhachtain go díreach, déanfaidh sé ceanglais feidhmíochta a bheidh intomhaiste, trédhearcach agus infhíoraithe a leagan síos. Déanfar na ceanglais sin a áireamh sa chonradh.

Leis na ceanglais feidhmíochta, cumhdófar ach go háirithe poncúlacht na seirbhísí, minicíocht na n-oibríochtaí traenach, caighdeán an rothra agus toilleadh iompair do phaisinéirí.

Áireofar sa chonradh táscairí sonracha feidhmíochta lena gcumasaítear don údarás inniúil measúnuithe tréimhsiúla a dhéanamh. Áireofar sa chonradh freisin bearta éifeachtacha díspreagthacha a bheidh le forchur i gcás ina mainneoidh an gnóthas iarnróid na ceanglais feidhmíochta a chomhlíonadh.

Déanfaidh an t-údarás inniúil a mheas go tréimhsiúil cibé an bhfuil na spriocanna bainte amach ag an ngnóthas iarnróid chun na ceanglais feidhmíochta a chomhlíonadh mar a leagtar amach sa chonradh iad agus cuirfidh sé a fhionnachtana ar fáil go poiblí. Déanfar measúnuithe tréimhsiúla den sórt sin ar a laghad gach 5 bliana. Glacfaidh an t-údarás inniúil bearta iomchuí tráthúla, lena n-áirítear forchur pionós conarthach éifeachtach díspreagthach, i gcás nach mbainfear amach na feabhsaithe a cheanglaítear a dhéanamh i gcaighdeán na seirbhísí nó sa chost-éifeachtacht, nó iad araon. Am ar bith, féadfaidh an t-údarás inniúil an conradh a dámhadh faoin bhforáil seo a fhionraí, go hiomlán nó go páirteach, nó é a fhoirceannadh i gcás ina dteipeann ar an oibreoir na ceanglais feidhmíochta a chomhlíonadh.

4b.  Mura dtoirmisctear sin leis an dlí náisiúnta, féadfaidh an t-údarás inniúil a chinneadh conarthaí seirbhíse poiblí le haghaidh seirbhísí poiblí iompair do phaisinéirí d'iarnród a dhámhachtain go díreach i gcás nach mbaineann siad ach le hoibriú seirbhísí iarnróid do phaisinéirí ag oibreoir a dhéanann bainistiú ag an am céanna ar an mbonneagar iarnróid uile nó ar an gcuid is mó den bhonneagar sin ar a ndéantar na seirbhísí a sholáthar, sa chás ina n-eisítear an bonneagar iarnróid sin ó chur i bhfeidhm Airteagail 7, 7a, 7b, 7c, 7d, 8, 13 agus Chaibidil IV de Threoir 2012/34/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle ( 2 ) i gcomhréir le hAirteagal 2(3)(a) nó (b) den Treoir sin.

De mhaolú ar Airteagal 4(3), ní rachaidh ré na gconarthaí arna ndámhachtain go díreach de bhun na míre seo agus de bhun mhír 4a den Airteagal seo thar 10 mbliana, seachas sna cásanna ina mbeidh feidhm ag Airteagal 4(4).

Foilseofar na conarthaí a dhámhfar i gcomhréir leis an mír seo agus le mír 4a, agus cosaint dhlisteanach na faisnéise rúnda gnó agus leasanna tráchtála á gcur san áireamh ag an am céanna.

▼M1

5.  Má chuirtear isteach ar sheirbhísí nó má tá baol láithreach ann go dtarlódh cás den sórt sin, féadfaidh an t-údarás inniúil bearta éigeandála a dhéanamh.

Is éard a bheidh sna bearta éigeandála dámhachtain dhíreach nó comhaontú foirmiúil síneadh a chur le conradh seirbhíse poiblí nó ceanglas oibleagáidí seirbhíse poiblí áirithe a sholáthar. Beidh sé de cheart ag an oibreoir seirbhíse poiblí achomharc a dhéanamh i gcoinne an chinnidh lena bhforchuirfear soláthar oibleagáidí seirbhíse poiblí áirithe. Ní rachaidh an tréimhse ar lena linn a dhámhtar conradh seirbhíse poiblí, a chuirtear síneadh leis nó a fhorchuirtear é trí bhearta éigeandála thar 2 bhliain.

▼B

6.  Mura dtoirmiscfear sin leis an dlí náisiúnta, féadfaidh na húdaráis inniúla conarthaí seirbhíse poiblí a dhámhachtain go díreach i gcás ina mbainfidh siad le hiompar d'iarnród, cé is moite de mhodhanna eile rianbhunaithe ar nós meitreo nó trambhealaí. De mhaolú ar Airteagal 4(3), ní rachaidh na conarthaí sin thar 10 mbliana, seachas sna cásanna ina mbeidh feidhm ag Airteagal 4(4).

▼M1

6a.  Ar mhaithe le hiomaíocht a mhéadú i measc gnóthais iarnróid, féadfaidh údaráis inniúla a chinneadh go ndámhfar conarthaí do sheirbhísí iompair poiblí do phaisinéirí d'iarnród a chumhdóidh codanna den ghréasán céanna nó den phacáiste céanna bealaí ar ghnóthais éagsúla iarnróid. Chuige sin, sula seolfar an nós imeachta iomaíoch tairisceana, féadfaidh na húdaráis inniúla a chinneadh teorainn a chur le líon na gconarthaí a bheidh le dámhachtain ar aon ghnóthas iarnróid amháin.

▼B

7.  Déanfaidh na Ballstáit na bearta is gá chun a áirithiú go bhféadfar na cinntí a dhéantar de réir mhíreanna 2 go 6 a athbhreithniú go héifeachtúil agus go tapa, ar iarraidh ó aon duine a bhfuil leas aige nó aici nó a raibh leas aige nó aici i gconradh áirithe a fháil agus a ndearnadh dochar dó nó di nó a bhfuil baol ann go ndéanfar dochar dó nó di trí shárú líomhnaithe, ar na forais gur sháraigh na cinntí sin dlí an Chomhphobail nó na rialacha náisiúnta a chuireann an dlí sin chun feidhme.

▼M1

I gcásanna a chumhdaítear faoi mhír 4a agus faoi mhír 4b, áireofar leis na bearta sin an deis measúnú a iarraidh ar an gcinneadh cuí-réasúnaithe arna ghlacadh ag an údarás inniúil ó chomhlacht neamhspleách arna ainmniú ag an mBallstát lena mbaineann. Cuirfear toradh an mheasúnaithe sin ar fáil go poiblí i gcomhréir leis an dlí náisiúnta.

▼B

Más rud é nach mbeidh cáilíocht bhreithiúnach ag baint leis na comhlachtaí a bheidh freagrach as nósanna imeachta athbhreithnithe, tabharfar cúiseanna i scríbhinn dá gcuid cinntí i gcónaí. Ina theannta sin, i gcás den sórt sin, caithfear foráil a dhéanamh ionas go bhféadfaidh aon bheart neamhdhleathach líomhnaithe arna ghlacadh ag an gcomhlacht athbhreithnithe nó aon locht líomhnaithe i bhfeidhmiú na gcumhachtaí a thugtar dó a bheith faoi réir ag athbhreithniú breithiúnach nó faoi réir ag athbhreithniú ag comhlacht eile ar cúirt nó binse é de réir bhrí Airteagal 234 den Chonradh agus a bheidh neamhspleách ar an údarás conarthach agus ar an gcomhlacht athbhreithnithe.

▼M1

Airteagal 5a

Rothra iarnróid

1.  D'fhonn nós imeachta iomaíoch tairisceana a sheoladh, déanfaidh na húdaráis inniúla a mheas cibé acu an bhfuil gá le bearta chun rochtain éifeachtach neamh-idirdhealaitheach ar rothra oiriúnach a áirithiú. Cuirfear san áireamh leis an measúnú sin láithreacht chuideachtaí léasaithe rothra, nó gníomhaithe eile margaidh a dhéanann rothra a léasú, sa mhargadh ábhartha. Cuirfear an tuarascáil mheasúnaithe sin ar fáil go poiblí.

2.  Féadfaidh na húdaráis inniúla a chinneadh, i gcomhréir leis an dlí náisiúnta agus i gcomhlíonadh na rialacha maidir le státchabhair, bearta iomchuí a dhéanamh d'fhonn rochtain éifeachtach, neamh-idirdhealaitheach ar rothra oiriúnach a áirithiú. Féadfar na nithe seo a leanas a áireamh ar na bearta sin:

(a) an t-údarás inniúil d'fháil an rothra a úsáidtear chun an conradh seirbhíse poiblí a chomhlíonadh d'fhonn é a chur ar fáil don oibreoir seirbhíse poiblí arna roghnú, ar phraghas an mhargaidh nó mar chuid den chonradh seirbhíse poiblí de bhun Airteagal 4(1)(b), Airteagal 6 agus, más infheidhme, na hIarscríbhinne;

(b) an t-údarás inniúil do sholáthar ráthaíochta maidir le maoiniú an rothra a úsáidtear chun an conradh seirbhíse poiblí a chomhlíonadh, ar phraghas an mhargaidh nó mar chuid den chonradh seirbhíse poiblí de bhun Airteagal 4(1)(b), Airteagal 6 agus, más infheidhme, de bhun na hIarscríbhinne, lena n-áirítear ráthaíocht lena ndéantar an riosca luacha iarmharaigh a chumhdach;

(c) gealltanas ón údarás inniúil sa chonradh seirbhíse poiblí seilbh a ghlacadh ar an rothra ag coinníollacha airgeadais réamhshainithe ag deireadh an chonartha ar phraghas an mhargaidh, nó

(d) comhar le húdaráis inniúla eile d'fhonn líon níos mó rothra a chur ar fáil;

3.  Má dhéantar an rothra a chur ar fáil d'oibreoir iompair phoiblí nua, cuirfidh an t-údarás inniúil aon fhaisnéis atá ar fáil san áireamh sna doiciméid tairisceana faoi chostas cothabhála an rothra agus faoin riocht fisiciúil atá air.

▼B

Airteagal 6

Cúiteamh seirbhíse poiblí

▼M1

1.  Déanfaidh gach cúiteamh a bhainfidh le riail ghinearálta nó le conradh seirbhíse poiblí Airteagal 4 a chomhlíonadh, is cuma conas a dámhadh an conradh. Déanfaidh gach cúiteamh, cibé cineál é, a bhainfidh le conradh seirbhíse poiblí nach ndámhtar i gcomhréir le hAirteagal 5(1), (3) nó (3b) nó a bhaineann le riail ghinearálta, na forálacha a leagtar síos san Iarscríbhinn a chomhlíonadh freisin.

▼B

2.  Arna iarraidh sin don Choimisiún i scríbhinn, cuirfidh na Ballstáit i bhfios dó, laistigh de thréimhse trí mhí nó de thréimhse níos faide arna socrú san iarraidh sin, gach faisnéis a mheasfaidh an Coimisiún is gá chun a chinneadh an bhfuil an cúiteamh arna dheonú ag luí leis an Rialachán seo.

Airteagal 7

Foilsiú

▼M1

1.  Uair sa bhliain, poibleoidh gach údarás inniúil tuarascáil chomhiomlán maidir leis na hoibleagáidí seirbhíse poiblí a bhfuil sé freagrach astu. Áireofar sa tuarascáil sin dáta tosaigh agus ré na gconarthaí seirbhíse poiblí, na hoibreoirí seirbhíse poiblí a roghnaíodh agus na híocaíochtaí cúitimh agus na cearta eisiacha a deonaíodh do na hoibreoirí seirbhíse poiblí sin trí bhíthin aisíocaíochta. Déanfaidh an tuarascáil idirdhealú idir iompar de bhus agus iompar d'iarnród agus cumasóidh sí faireachán agus measúnú a dhéanamh ar fheidhmiú, ar cháilíocht agus ar mhaoiniú an ghréasáin iompair phoiblí agus, i gcás inarb iomchuí, déanfaidh sí faisnéis a sholáthar maidir le cineál agus réim aon cheart eisiach a dheonaítear. Cuirfear san áireamh sa tuarascáil freisin na cuspóirí beartais mar a luaitear iad i ndoiciméid bheartais don iompar poiblí sa Bhallstát lena mbaineann. Éascóidh na Ballstáit rochtain lárnach ar na tuarascálacha seo, mar shampla, trí thairseach comhchoiteann gréasáin.

▼B

2.  Glacfaidh gach údarás inniúil na bearta is gá chun a áirithiú go ndéanfar ar a laghad an fhaisnéis seo a leanas a fhoilsiú in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh, ar a laghad bliain amháin sula seolfar an nós imeachta um iarratais ar thairiscintí nó bliain amháin roimh an dámhachtain dhíreach:

(a) ainm agus seoladh an údaráis inniúil;

(b) cineál na dámhachtana atá á beartú;

(c) na seirbhísí agus na réimsí a d'fhéadfadh an dámhachtain a fholú;

▼M1

(d) an dáta tosaigh agus an ré a bheartaítear don chonradh seirbhíse poiblí.

▼B

Féadfaidh na húdaráis inniúla a chinneadh gan an fhaisnéis sin a fhoilsiú i gcás ina mbainfidh conradh seirbhíse poiblí le soláthar bliantúil is lú ná 50 000  ciliméadar de sheirbhísí poiblí iompair do phaisinéirí.

Má thagann athrú ar an bhfaisnéis sin i ndiaidh a foilsithe, foilseoidh an t-údarás inniúil ceartúchán dá réir a luaithe is féidir. Ní dhéanfaidh an ceartúchán sin dochar do dháta seolta na dámhachtana dírí nó an iarratais ar thairiscintí.

Ní bheidh feidhm ag an mír seo maidir le hAirteagal 5(5).

3.  I gcás ina ndéanfar conarthaí seirbhíse poiblí d'iompar d'iarnród a dhámhachtain go díreach mar a fhoráiltear in Airteagal 5(6), poibleoidh an t-údarás inniúil an fhaisnéis seo a leanas laistigh de bhliain ón dámhachtain a dheonú:

(a) ainm an eintitis chonarthaigh agus a úinéireacht agus, más iomchuí, ainm an pháirtí nó ainm na bpáirtithe a fheidhmíonn rialú dlíthiúil;

(b) ré an chonartha seirbhíse poiblí;

(c) cur síos ar na seirbhísí iompair do phaisinéirí a fheidhmeofar;

(d) cur síos ar pharaiméadair an chúitimh airgeadais;

(e) spriocanna cáilíochta, amhail poncúlacht agus iontaofacht agus luach saothair agus pionóis is infheidhme;

(f) coinníollacha a bhaineann le sócmhainní fíor-riachtanacha.

4.  Arna iarraidh sin do pháirtí leasmhar, cuirfidh údarás inniúil ar aghaidh chuige na fáthanna a bhí lena chinneadh conradh seirbhíse poiblí a dhámhachtain go díreach.

Airteagal 8

Trasdul

1.  Déanfar conarthaí seirbhíse poiblí a dhámhachtain i gcomhréir leis na rialacha a leagtar síos sa Rialachán seo. Ar a shon sin, déanfar conarthaí seirbhíse nó conarthaí seirbhíse poiblí mar a shainmhínítear iad i dTreoir 2004/17/CE nó i dTreoir 2004/18/CE agus a bhaineann le seirbhísí poiblí iompair do phaisinéirí de bhus nó de thram a dhámhachtain i gcomhréir leis na nósanna imeachta dá bhforáiltear sna Treoracha sin i gcás nach i bhfoirm conarthaí lamháltas seirbhíse arna sainmhíniú sna Treoracha sin a bheidh na conarthaí sin. I gcás ina mbeidh conarthaí le dámhachtain i gcomhréir le Treoir 2004/17/CE nó le Treoir 2004/18/CE, ní bheidh feidhm ag forálacha mhíreanna 2 go 4 den Airteagal seo.

▼M1

2.  Gan dochar do mhír 3,

(i) beidh feidhm ag Airteagal 5 maidir le dámhachtain conarthaí seirbhíse poiblí le haghaidh seirbhísí iompair do phaisinéirí de bhóthar agus de mhodhanna rianbhunaithe seachas iompar d'iarnród amhail meitreonna nó trambhealaí amhail ón 3 Nollaig 2019.

(ii) beidh feidhm ag Airteagal 5 maidir le seirbhísí poiblí iompair do phaisinéirí d'iarnród amhail ón 3 Nollaig 2019.

(iii) scoirfidh Airteagal 5(6) agus Airteagal 7(3) d'fheidhm a bheith acu amhail ón 25 Nollaig 2023.

Ní mhairfidh ré na gconarthaí arna ndámhachtain i gcomhréir le hAirteagal 5(6) idir an 3 Nollaig 2019 agus an 24 Nollaig 2023 thar 10 mbliana.

Go dtí an 2 Nollaig 2019, déanfaidh na Ballstáit bearta chun Airteagal 5 a chomhlíonadh de réir a chéile ar mhaithe le fadhbanna tromchúiseacha struchtúracha a sheachaint, go háirithe cinn a bhaineann le hacmhainn iompair.

Laistigh de shé mhí tar éis an 25 Nollaig 2020, déanfaidh na Ballstáit tuarascáil ar an dul chun cinn a sholáthar don Choimisiún ina gcuirfear béim ar chur chun feidhme dhámhachtain conarthaí seirbhíse poiblí a chomhlíonann Airteagal 5. Ar bhonn na dtuarascálacha ar dhul chun cinn ó na Ballstáit, déanfaidh an Coimisiún athbhreithniú agus, más iomchuí, tíolacfaidh sé tograí reachtacha iomchuí.

▼M1

2a.  Maidir le conarthaí seirbhíse poiblí le haghaidh seirbhísí poiblí iompair do phaisinéirí d'iarnród arna ndámhachtain ar bhonn nós imeachta seachas nós imeachta iomaíoch cóir amhail ón 24 Nollaig 2017 go dtí an 2 Nollaig 2019, féadfaidh siad leanúint ar aghaidh go dtí a ndáta éaga. De mhaolú ar Airteagal 4(3), ní rachaidh ré na gconarthaí sin thar 10 mbliana, seachas sna cásanna ina mbeidh feidhm ag Airteagal 4(4).

▼B

3.  Agus mír 2 á cur i bhfeidhm, ní chuirfear san áireamh conarthaí seirbhíse poiblí arna ndámhachtain i gcomhréir leis an dlí Comhphobail agus leis an dlí náisiúnta:

(a) roimh an 26 Iúil 2000 ar bhonn nós imeachta chóir iomaíoch tairiscintí;

(b) roimh an 26 Iúil 2000 ar bhonn nós imeachta seachas nós imeachta cóir iomaíoch tairiscintí;

(c) ón 26 Iúil 2000 agus roimh an 3 Nollaig 2009 ar bhonn nós imeachta chóir iomaíoch tairiscintí;

▼M1

(d) amhail ón 26 Iúil 2000 agus roimh an 24 Nollaig 2017 ar bhonn nós imeachta seachas nós imeachta iomaíoch cóir tairisceana.

▼B

Féadfaidh na conarthaí dá dtagraítear in (a) leanúint go dtí go rachaidh siad in éag. Féadfaidh na conarthaí dá dtagraítear in (b) agus (c) leanúint go dtí go rachaidh siad in éag, ach ar feadh tréimhse nach faide ná 30 bliain. Féadfaidh na conarthaí dá dtagraítear in (d) leanúint go dtí go rachaidh siad in éag, ar choinníoll go mbeidh ré theoranta acu a bheidh inchomparáide leis na réanna a shonraítear in Airteagal 4.

Féadfaidh conarthaí seirbhíse poiblí leanúint go dtí go rachaidh siad in éag i gcás ina mbeadh iarmhairtí dlíthiúla nó eacnamaíocha míchuí ann dá gcuirfí críoch leo agus ar choinníoll go mbeidh a fhormheas tugtha ag an gCoimisiún.

4.  Gan dochar do mhír 3, féadfaidh na húdaráis inniúla a roghnú, sa dara leath den idirthréimhse a shonraítear i mír 2, na hoibreoirí seirbhísí poiblí sin a eisiamh ó rannpháirtíocht i ndámhachtain conarthaí trí iarratas ar thairiscintí nach féidir leo fianaise a sholáthar gurb ionann luach na seirbhísí poiblí iompair a bhfuil cúiteamh á fháil acu ina leith nó a bhfuil ceart eisiach acu ina leith a deonaíodh i gcomhréir leis an Rialachán seo agus ar a laghad leath luach na seirbhísí poiblí iompair uile a bhfuil cúiteamh á fháil acu ina leith nó a bhfuil ceart eisiach acu ina leith. Ní bheidh feidhm ag an eisiamh sin maidir le hoibreoirí seirbhísí poiblí a oibríonn na seirbhísí a bhfuil tairiscintí le cur isteach orthu. Chun an critéar sin a chur i bhfeidhm, ní chuirfear san áireamh conarthaí seirbhíse poiblí arna ndámhachtain le beart éigeandála dá dtagraítear in Airteagal 5(5).

I gcás ina bhfeidhmeoidh na húdaráis inniúla an rogha dá dtagraítear sa chéad fhomhír, déanfaidh siad amhlaidh gan idirdhealú, eiseoidh siad gach oibreoir ionchasach seirbhíse poiblí a chomhallfaidh an critéar sin agus cuirfidh siad na hoibreoirí ionchasacha ar an eolas faoina gcinneadh ag tús an nós imeachta chun conarthaí seirbhíse poiblí a dhámhachtain.

Cuirfidh na húdaráis inniúla lena mbaineann in iúl don Choimisiún go bhfuil rún acu an fhoráil sin a chur i bhfeidhm dhá mhí ar a laghad sula bhfoilseofar an cuireadh chun tairisceana.

Airteagal 9

Comhoiriúnacht leis an gConradh

1.  Maidir le cúiteamh seirbhíse poiblí ar oibriú seirbhísí poiblí iompair do phaisinéirí nó ar chomhlíonadh oibleagáidí taraife arna mbunú trí rialacha ginearálta agus a íocfar i gcomhréir leis an Rialachán seo, beidh sé comhoiriúnach leis an gcómhargadh. Beidh an cúiteamh sin díolmhaithe ón gceanglas réamhfhógra a thabhairt a leagtar síos le hAirteagal 88(3) den Chonradh.

2.  Gan dochar d'Airteagail 73, 86, 87 ná 88 den Chonradh, féadfaidh Ballstáit leanúint de chabhracha a dheonú d'earnáil an iompair de bhun Airteagal 73 den Chonradh a chomhallfaidh na riachtanais i dtaca le comhordú iompair nó is ionann agus aisíocaíocht in éiric oibleagáidí áirithe ar gné dhílis iad den choincheap de sheirbhís phoiblí, seachas na cabhracha a fholaítear leis an Rialachán seo, agus go háirithe:

(a) go dtí go dtiocfaidh rialacha comhchoiteanna maidir le cionroinnt costas bonneagair i bhfeidhm, i gcás ina ndeonófar cabhair do ghnóthais a chaithfidh caiteachas a iompar i ndáil leis an mbonneagar a úsáidfidh siad fad nach mbeidh gnóthais eile faoi réir ualaigh dá shamhail. Agus méid na cabhrach arna deonú amhlaidh á ríomh, cuirfear san áireamh na costais bhonneagair nach gcaithfidh modhanna iompair iomaíocha a íoc;

(b) i gcás inarb é cuspóir na cabhrach an taighde a chur chun cinn i gcórais iompair agus i dteicneolaíochtaí iompair a bheidh níos eacnamúla don Chomhphobal i gcoitinne nó forbairt na gcóras iompair sin agus na dteicneolaíochtaí iompair sin a chur chun cinn.

Srianfar cabhair den sórt sin go dtí céim an taighde agus na forbartha agus ní fhéadfaidh sí saothrú tráchtála córas iompair agus teicneolaíochtaí iompair den sórt sin a fholú.

Airteagal 10

Aisghairm

1.  Aisghairtear leis seo Rialachán (CEE) Uimh. 1191/69. Leanfaidh a chuid forálacha, áfach, d'fheidhm a bheith acu i ndáil le seirbhísí iompair lastais ar feadh tréimhse trí bliana tar éis teacht i bhfeidhm don Rialachán seo.

2.  Aisghairtear leis seo Rialachán (CEE) Uimh. 1107/70.

Airteagal 11

Tuarascálacha

Ag deireadh na hidirthréimhse a shonraítear in Airteagal 8(2), déanfaidh an Coimisiún tuarascáil a thíolacadh ar chur chun feidhme an Rialacháin seo agus ar na forbairtí maidir le soláthar iompair phoiblí do phaisinéirí sa Chomhphobal, ina measúnófar go háirithe forbairt cháilíocht na seirbhísí poiblí iompair do phaisinéirí agus éifeachtaí na ndámhachtainí díreacha, agus beidh tograí iomchuí chun an Rialachán seo a leasú ag gabháil léi, i gcás inar gá.

Airteagal 12

Teacht i bhfeidhm

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an3 Nollaig 2009.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus infheidhme go díreach i ngach Ballstát.




IARSCRÍBHINN

Rialacha is infheidhme maidir le cúiteamh sna cásanna dá dtagraítear in Airteagal 6(1)

1. Maidir leis an gcúiteamh a bhaineann le conarthaí seirbhíse poiblí arna ndámhachtain go díreach i gcomhréir le hAirteagal 5(2), (4), (5) nó (6) nó i gcomhréir le riail ghinearálta, ní foláir é a ríomh i gcomhréir leis na rialacha a leagtar síos san Iarscríbhinn seo.

2. Ní fhéadfaidh an cúiteamh dul thar mhéid a fhreagraíonn don ghlanéifeacht airgeadais ar coibhéis le hiomlán na n-éifeachtaí, cibé deimhneach nó diúltach, a bheidh ag comhlíonadh na hoibleagáide seirbhíse poiblí ar chostais agus ar ioncam an oibreora seirbhíse poiblí. Measúnófar na héifeachtaí trí chomparáid a dhéanamh idir an staid ina gcomhalltar an oibleagáid seirbhíse poiblí agus an staid a bheadh ann mura ndéanfaí an oibleagáid a chomhall. Chun an ghlanéifeacht airgeadais a ríomh, beidh an scéim seo a leanas de threoir ag an údarás inniúil:

Na costais a thabhófar i dtaca le hoibleagáid seirbhíse poiblí nó le beart d'oibleagáidí seirbhíse poiblí a fhorchuirfidh an t-údarás inniúil nó na húdaráis inniúla agus a bheidh i gconradh seirbhíse poiblí agus/nó i riail ghinearálta,

lúide aon éifeachtaí deimhneacha airgeadais a ghinfear laistigh den ghréasán a oibrítear faoin oibleagáid seirbhíse poiblí nó faoi na hoibleagáidí seirbhíse poiblí a bheidh i gceist,

lúide aon fháltais taraife nó aon ioncam eile a ghinfear i gcomhall na hoibleagáide seirbhíse poiblí nó na n-oibleagáidí seirbhíse poiblí a bheidh i gceist,

móide brabús réasúnta,

is ionann sin agus an ghlanéifeacht airgeadais.

3. Féadfaidh comhlíonadh na hoibleagáide seirbhíse poiblí tionchar a bheith aige ar ghníomhaíochtaí a d'fhéadfadh oibreoir a dhéanamh le cois na hoibleagáide seirbhíse poiblí nó na n-oibleagáidí seirbhíse poiblí a bheidh i gceist. Chun róchúiteamh nó easpa cúitimh a sheachaint, cuirfear san áireamh dá bhrí sin, agus an ghlanéifeacht airgeadais á ríomh, na héifeachtaí airgeadais inchainníochtaithe ar na gréasáin sin lena mbaineann de chuid an oibreora.

4. Ní mór costais agus ioncam a ríomh i gcomhréir leis na rialacha cuntasaíochta agus cánach a bheidh i bhfeidhm.

5. D'fhonn cur leis an trédhearcacht agus chun trasdeontais a sheachaint, i gcás ina n-oibreoidh oibreoir seirbhíse poiblí seirbhísí a fhaigheann cúiteamh faoi réir oibleagáidí seirbhíse poiblí iompair agus ina ngabhfaidh sé freisin do ghníomhaíochtaí eile, ní foláir cuntais na seirbhísí poiblí sin a scaradh ionas go gcomhallfar na coinníollacha seo a leanas ar a laghad:

 ní foláir na cuntais oibriúcháin a fhreagróidh do gach ceann de na gníomhaíochtaí sin a bheith leithleach agus ní foláir cionmhaireacht na sócmhainní comhfhreagracha agus na gcostas seasta a chionroinnt i gcomhréir leis na rialacha cuntasaíochta agus cánach a bheidh i bhfeidhm,

 ní fhéadfar ar chúinse ar bith aon chostais athraitheacha, ranníocaíocht iomchuí do na costais sheasta ná brabús réasúnta a bhaineann le haon ghníomhaíocht eile de chuid an oibreora seirbhíse poiblí a mhuirearú ar an tseirbhís phoiblí a bheidh i gceist,

 ní foláir costais na seirbhíse poiblí a chomhardú le hioncam oibriúcháin agus le híocaíochtaí ó údaráis phoiblí, gan aon deis a bheith ann ioncam a aistriú chuig earnáil eile de ghníomhaíocht an oibreora seirbhíse poiblí.

6. Ní foláir glacadh leis go gciallaíonn ‘brabús réasúnta’ ráta toraidh ar chaipiteal is gnách don earnáil i mBallstát áirithe agus a chuireann san áireamh an priacal nó an easpa priacail a thabhaigh an t-oibreoir seirbhíse poiblí de bhua idirghabháil an údaráis phoiblí.

7. Ní foláir don mhodh cúitimh cothabháil agus forbairt a chur chun cinn i dtaca le:

 bainistíocht éifeachtúil ag an oibreoir seirbhíse poiblí a fhéadfaidh a bheith ina hábhar do mheasúnacht oibiachtúil, agus

 soláthar seirbhísí iompair do phaisinéirí ar chaighdeán sách ard.



( 1 ) IO L 364, 12.12.1992, lch. 7.

( 2 ) Treoir 2012/34/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 21 Samhain 2012 lena mbunaítear limistéar Eorpach aonair iarnróid (IO L 343, 14.12.2012, lch. 32).

Top