EUR-Lex Access to European Union law

Back to EUR-Lex homepage

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 32013R1286

Tacú le comhar AE i gcúrsaí fioscacha: Fiscalis 2020

Stádas dlíthiúil an doiciméid Tá an achoimre seo curtha sa chartlann agus ní dhéanfar í a nuashonrú. Féach 'Tacú le comhar an Aontais Eorpaigh i réimse an chánachais: Fiscalis (2021-2027)' le haghaidh eolas nuashonraithe faoin ábhar.

Tacú le comhar AE i gcúrsaí fioscacha: Fiscalis 2020

 

ACHOIMRE AR:

Rialachán (AE) 1286/2013 — clár gníomhaíochta chun feabhas a chur ar oibriú na gcóras cánachais don tréimhse 2014-2020

CAD IS AIDHM LEIS AN RIALACHÁN?

Is clár AE um chomhar, don tréimhse 2014 go 2020, é Fiscalis 2020, a chuireann le cláir gníomhaíochta ilbhliantúla cánach roimhe seo. Is é cuspóir foriomlán an chláir feidhmiú córas cánachais AE a fheabhsú tríd an gcomhar a mhéadú idir na tíortha rannpháirteacha, a n-údaráis cánach agus a n-oifigigh.

Féachtar go sonrach sa chlár le calaois, le himghabháil agus le seachaint cánach a chomhrac agus le dlí cánach AE a chur i bhfeidhm trí na nithe a leanas:

  • malartú faisnéise a áirithiú;
  • tacú le comhar riaracháin;
  • cuidiú le tíortha rannpháirteacha, más gá agus más iomchuí, an maorlathas a laghdú d’údaráis cánach agus costais chomhlíonta na gcáiníocóirí a laghdú.

PRÍOMHPHOINTÍ

Conas a oibríonn an clár agus cad is féidir a dhéanamh leis

Treorófar Fiscalis 2020 bunaithe ar chláir oibre bhliantúla a ghlacfaidh an Coimisiún Eorpach. Maoinítear gníomhartha an chláir trí bhíthin deontas, conarthaí soláthair phoiblí nó aisíocaíocht chostais na saineolaithe seachtracha.

Is le haghaidh oifigigh a oibríonn i riaracháin custaim i dtíortha AE na gníomhartha seo, ach tá fáil orthu freisin ag a gcontrapháirtithe i dtíortha is iarrthóirí agus i dtíortha is iarrthóirí ionchasacha a ghlac páirt sa chlár, agus ag a gcontrapháirtithe i dtíortha comhpháirtíochta bheartas comharsanachta na hEorpa i gcúinsí áirithe.

Áirítear le cuspóirí oibríochtúla an chláir:

  • córais faisnéise Eorpacha um chánachas a fhorbairt, a fheabhsú, a fheidhmiú agus tacú leo;
  • tacú le gníomhaíochtaí um chomhar riaracháin;
  • scileanna agus inniúlachtaí na n-oifigeach cánach a threisiú;
  • tuiscint agus cur chun feidhme dhlí AE sa réimse cánach a fheabhsú;
  • tacú le nósanna imeachta riaracháin a fheabhsú agus le dea-chleachtais riaracháin a roinnt.

Buiséad agus gníomhartha incháilithe

Is é buiséad an chláir don tréimhse 2014 go 2020 EUR 223.4 milliún. Is iad seo a leanas samplaí de ghníomhartha incháilithe:

  • seimineáir, ceardlanna agus grúpaí tionscadail;
  • rialuithe iltaobhacha, oifigigh náisiúnta a bheith in oifigí agus fiosrúcháin riaracháin ag lucht riaracháin cánach i dtíortha AE eile;
  • cuairteanna oibre chun a chur ar chumas oifigeach saineolas nó eolas faoi chúrsaí cánach a fháil nó a gcuid saineolais nó eolais a mhéadú;
  • gníomhaíochtaí riaracháin agus gníomhaíochtaí um fhorbairt acmhainne na teicneolaíochta faisnéise;
  • staidéir;
  • tionscnaimh oiliúna chun aghaidh a thabhairt ar riachtanais chomhaitheanta.

Táthar ag súil leis go gcuirfidh gníomhaíochtaí Fiscalis 2020 leis an Straitéis: Eoraip 2020 i leith fostaíochta agus fáis a bhaint amach, go háirithe an clár oibre digiteach don Eoraip.

CÉN UAIR ATÁ TOSACH FEIDHME AN RIALACHÁIN?

Tá sé i bhfeidhm ón 1 Eanáir 2014.

CÚLRA

Le haghaidh tuilleadh faisnéise, féach:

PRÍOMHDHOICIMÉAD

Rialachán (AE) Uimh. 1286/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Nollaig 2013 lena mbunaítear clár gníomhaíochta chun feabhas a chur ar oibriú na gcóras cánachais san Aontas Eorpach don tréimhse 2014-2020 (Fiscalis 2020) agus lena n-aisghairtear Cinneadh Uimh. 1482/2007/CE (IO L 347, 20.12.2013, lgh. 25-32)

Nuashonraithe 05.04.2018

Barr