EUR-Lex Access to European Union law

Back to EUR-Lex homepage

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Coinbhinsiún ar an dlí is infheidhme maidir le hoibleagáidí conarthacha (Coinbhinsiún na Róimhe)

Coinbhinsiún ar an dlí is infheidhme maidir le hoibleagáidí conarthacha (Coinbhinsiún na Róimhe)

 

ACHOIMRE AR:

Coinbhinsiún 80/934/CEE ar an dlí is infheidhme maidir le hoibleagáidí conarthacha a osclaíodh lena shíniú sa Róimh an 19 Meitheamh 1980

CAD IS AIDHM LEIS AN GCOINBHINSIÚN?

Bunaítear leis an gcoinbhinsiún rialacha aonfhoirmeacha ar an dlí is infheidhme maidir le hoibleagáidí conarthacha in AE.

PRÍOMHPHOINTÍ

Osclaíodh an coinbhinsiún ar an dlí is infheidhme maidir le hoibleagáidí conarthacha lena shíniú sa Róimh an 19 Meitheamh 1980 don 9 dtír de chuid Chomhphobal Eacnamaíochta na hEorpa (CEE), AE anois. Tháinig sé i bhfeidhm an 1 Aibreán 1991. In am agus i dtráth, shínigh baill úra uile CEE an coinbhinsiún. Nuair a shínigh an Fhionlainn, an Ostair agus an tSualainn an coinbhinsiún, dréachtaíodh leagan comhdhlúite agus foilsíodh é san Iris Oifigiúil in 1998. Foilsíodh leagan comhdhlúite eile san Iris Oifigiúil in 2005, i ndiaidh aontachas 10 dtír úra leis an gcoinbhinsiún.

Cuireadh Rialachán (CE) Uimh. 593/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Meitheamh 2008 ar an dlí is infheidhme maidir le hoibleagáidí conarthacha (Rialachán Roimh I) in ionad an Choinbhinsiúin, i measc thíortha uile AE seachas an Danmhairg. Tá Coinbhinsiún na Róimhe fós i bhfeidhm sa Danmhairg. Leantar le feidhm a bheith aige maidir le hoibleagáidí conarthacha a tugadh i gcrích roimh theacht i bhfeidhm Rialachán Róimh I.

Tá feidhm ag an gcoinbhinsiún seo maidir le hoibleagáidí conarthacha i gcásanna a bhaineann le rogha idir dlíthe náisiúnta — fiú i gcás gurb é an dlí a ainmnítear leis dlí tíre neamhchonarthaí — seachas an méid seo a leanas:

  • ceisteanna maidir le stádas nó inniúlacht dhlíthiúil na ndaoine nádúrtha;
  • oibleagáidí conarthacha a bhaineann le huachtanna, cearta maoine de dhroim gaoil phósta nó caidreamh teaghlaigh eile;
  • oibleagáidí a thagann chun cinn faoi ionstraimí soshannta (billí malairte, seiceanna, nóta gealltanais, etc);
  • comhaontuithe eadrána agus comhaontuithe maidir le rogha cúirte;
  • ceisteanna arna rialú le dlí na gcuideachtaí agus comhlachtaí corpraithe nó neamhchorpraithe eile;
  • an cheist an bhféadann gníomhaire ceangal a chur ar phríomhaí le tríú páirtí (nó an bhféadann orgán ceangal a chur ar chuideachta, nó ar chomhlacht corpraithe nó neamhchorpraithe);
  • comhdhéanamh iontaobhas agus ceisteanna maidir lena n–eagrú;
  • fianaise agus nós imeachta;
  • conarthaí árachais ina gcumhdaítear na rioscaí i gcríocha thíortha AE (gan conarthaí athárachais san áireamh).

Féadfaidh na sínitheoirí i gconradh an dlí is infheidhme maidir leis an gconradh go hiomlán nó páirt den chonradh a roghnú, agus an chúirt ag a mbeidh dlínse ar dhíospóidí a roghnú. Trí chomhaontú frithpháirteach, féadfaidh siad an dlí is infheidhme maidir leis an gconradh a athrú ag am ar bith (an prionsabal maidir le saoirse rogha).

Mura ndearna na páirtithe rogha shoiléir maidir leis an dlí is infheidhme, beidh an conradh rialaithe le dlí na tíre lena bhfuil an bhaint is mó aige leis, de réir, mar shampla, áit ghnáthchónaithe nó áit riaracháin lárnaigh an pháirtí a bhfuil an conradh á fheidhmiú aige, nó an phríomháit ghnó nó áit eile ghnó an pháirtí a bhfuil an conradh á fheidhmiú aige.

Mar sin féin:

  • i gcás go mbaineann an conradh le maoin dhochorraithe, is é an dlí is infheidhme mar réamhshocrú dlí na tíre sin ina bhfuil an mhaoin sin lonnaithe;
  • i gcás go mbaineann an conradh le hiompar earraí, cinntear an dlí is infheidhme de réir áit na lódála nó na dílódála, nó príomháit ghnó an choinsíneora.

Chun cearta an tomhaltóra a chosaint, tá soláthar earraí agus seirbhísí do dhuine cumhdaithe le coinníollacha speisialta, de réir an phrionsabail maidir le cosaint an pháirtí níos laige. Mura gcinneann na páirtithe a mhalairt, tá conarthaí dá leithéid rialaithe le dlí thír chónaithe an tomhaltóra. Ní fhéadfaidh an rogha dlí i gcúinsí ar bith a bheith ina míbhuntáiste don tomhaltóir nó an chosaint nó dlí níos fabhraí ina thír nó ina tír chónaithe a bhaint de nó di. Níl feidhm ag na rialacha sin maidir le conarthaí iompair agus conarthaí le haghaidh soláthar seirbhísí i dtír seachas tír chónaithe an tomhaltóra.

I gcás conarthaí fostaíochta, beidh ceann amháin díobh seo a leanas i bhfeidhm:

  • dlí na tíre ina ndéanann an fostaí a chuid oibre go rialta:
  • dlí na tíre ina bhfuil a háit ghnó ag an gcuideachta a d’fhostaigh an t–oibrí;
  • dlí na tíre is mó a bhfuil baint ag an gconradh fostaíochta leis.

Má chinneann na páirtithe dlí eile a roghnú maidir leis an gconradh, d’fhéadfadh sé nach mbeadh an rogha sin ar chostas chosaint an oibrí.

CÉN UAIR ATÁ TOSACH FEIDHME AN CHOINBHINSIÚIN?

Tá feidhm leis ón 1 Eanáir 1991.

PRÍOMHDHOICIMÉAID

Coinbhinsiún 80/934/CEE ar an dlí is infheidhme maidir le hoibleagáidí conarthacha a osclaíodh lena shíniú sa Róimh an 19 Meitheamh 1980 (IO L 266, 9.10.1980, lgh. 1-19)

DOICIMÉID GHAOLMHARA

Rialachán (CE) Uimh. 593/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Meitheamh 2008 maidir leis an dlí is infheidhme ar oibleagáidí conarthacha (Róimh I) (IO L 177, 4.7.2008, lgh. 6-16)

Rinneadh leasuithe comhleanúnacha ar Rialachán (CE) Uimh. 593/2008 a chorprú sa bhuntéacs. Níl de luach ar an leagan comhdhlúite seo ach luach doiciméadach amháin.

Coinbhinsiún ar an dlí is infheidhme maidir le hoibleagáidí conarthacha (Leagan comhdhlúite) — An chéad phrótacal ar léirmhíniú choinbhinsiún 1980 ag an gCúirt Bhreithiúnais (Leagan comhdhlúite) — An dara prótacal lena dtugtar cumhachtaí don Chúirt Bhreithiúnais chun coinbhinsiún 1980 a léirmhíniú (Leagan comhdhlúite) (IO C 334, 30.12.2005, lgh. 1-27)

Coinbhinsiún maidir le haontachas Phoblacht na hOstaire, Phoblacht na Fionlainne agus Ríocht na Sualainne leis an gCoinbhinsiún ar an Dlí is infheidhme maidir le hOibleagáidí Conarthacha, a osclaíodh lena shíniú sa Róimh an 19 Meitheamh 1980, agus leis an gCéad Phrótacal agus an Dara Prótacal maidir lena léirmhíniú ag an gCúirt Bhreithiúnais (IO C 169, 8.7.2005, lgh. 28-30)

Coinbhinsiún 92/529/CEE maidir le haontachas Ríocht na Spáinne agus Poblacht na Portaingéile leis an gCoinbhinsiún ar an Dlí is infheidhme maidir le hOibleagáidí Conarthacha a osclaíodh lena shíniú sa Róimh an 19 Meitheamh 1980 (IO C 169, 8.7.2005, lgh. 26-27)

Nuashonraithe 10.09.2018

Top