EUR-Lex Access to European Union law

Back to EUR-Lex homepage

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Buiséad AE 2018: EUR 160.1 billiún

Legal status of the document This summary has been archived and will not be updated, because the summarised document is no longer in force or does not reflect the current situation.

Buiséad AE 2018: EUR 160.1 billiún

 

ACHOIMRE AR:

Glacadh cinntitheach (AE, Euratom) 2018/251 bhuiséad ginearálta AE don bhliain airgeadais 2018

CAD IS AIDHM LEIS AN NGNÍOMH?

Is é an téacs lena gcomhaontaíonn Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle buiséad AE le haghaidh 2018 a ghlacadh.

Maidir leis an mbuiséad:

  • cuidíonn sé le tosaíochtaí polaitiúla AE a bhaint amach;
  • leagtar amach agus údaraítear leis an t-ioncam agus caiteachas bliantúil iomlán do AE agus an tÚdarás Eorpach do Fhuinneamh Adamhach;
  • sainaithnítear réimsí caiteachais tosaíochta leis. Le haghaidh 2018, áirítear orthu sin:
    • cruthú post, go háirithe do dhaoine óga;
    • fás eacnamaíoch agus infheistíocht straitéiseach;
    • forbairt réigiúnach;
    • imirce.

PRÍOMHPHOINTÍ

Soláthraítear €160.1 billiún i mbuiséad AE 2018 i ngealltanais* chaiteachais agus EUR 144.7 billiún i gcreidmheasanna íocaíochta*. Is iad na príomhréimsí caiteachais (in EUR milliún):

 

Ceangaltais (EUR milliún)

Íocaíochtaí (EUR milliún)

Iomaíochas le haghaidh fáis agus post (taighde, nuálaíocht, oideachas, fiontair bheaga agus mheánmhéide, etc.)

22,001

20,097

Comhtháthú eacnamaíoch, sóisialta agus críochach (cistí réigiúnacha, sóisialta agus críochacha, etc.)

55,532

46,527

Fás inbhuanaithe, acmhainní nádúrtha (beartais talmhaíochta, iascaigh, tuaithe agus chomhshaoil, etc.)

59,285

56,084

dá bhfuil: Tacaíocht airgeadais dhíreach d’fheirmeoirí agus bearta idirghabhála margaidh

43,235

43,189

Slándáil agus Saoránacht (cosaint teorann, beartas tearmainn, bearta frithsceimhlitheoireachta, etc.)

3,493

2,981

An Eoraip Dhomhanda (cabhair forbartha lasmuigh de AE, cabhair dhaonnúil, etc.)

9,569

8,906

Riarachán (tuarastail na foirne, pinsin agus costais reáchtála)

9,666

9,666

Ionstraimí speisialta

567

420

CÉN UAIR ATÁ TOSACH FEIDHME AN GHNÍMH?

Tá sí i bhfeidhm ón 1 Eanáir 2018.

CÚLRA

Maoinítear réimse iomlán beartas, gníomhaíochtaí, institiúidí agus gníomhaireachtaí AE as buiséad bliantúil AE. Is ionann é agus thart ar 1 % d’ollioncam náisiúnta 28 tír AE. Cuireann an Coimisiún Eorpach a dhréacht-tograí i láthair agus ní mór don Chomhairle agus do Pharlaimint na hEorpa an buiséad a chomhaontú.

An 30 Bealtaine 2017, mhol an Coimisiún buiséad 2018 de EUR 161 bhilliún i gceangaltais agus EUR 145 bhilliún in íocaíochtaí. Rinne an Chomhairle an méid sin a laghdú beagáinín ach rinne an Pharlaimint é a mhéadú. Tháinig na trí institiúid ar chomhaontú le linn an nós imeachta idir-réitigh*. Cuireadh an comhaontú ar bhonn foirmiúil le glacadh cinntitheach Pharlaimint na hEorpa an 30 Samhain 2017.

Chun tuilleadh faisnéise a fháil, féach:

PRÍOMHTHÉARMAÍ

Ceangaltais: gealltanais dhlíthiúla chun maoiniú a chur ar fáil i mbliain faoi leith, ar an gcoinníoll go gcomhlíontar coinníollacha áirithe.
Íocaíochtaí: airgead a íocfar trí airgead tirim nó trí aistriú bainc le tairbhithe le linn na bliana buiséid.
Nós imeachta idir-réitigh: idirbheartaíocht idir an Chomhairle (rialtais AE), Parlaimint na hEorpa agus an Coimisiún (ag gníomhú mar idirghabhálaí ionraic) chun an buiséad deiridh a chomhaontú.

PRÍOMHDHOICIMÉAD

Glacadh cinntitheach (AE, Euratom) 2018/251 bhuiséad ginearálta an Aontais Eorpaigh don bhliain airgeadais 2018 (IO L 57, 28.2.2018, lgh. 1-2382)

DOICIMÉID GHAOLMHARA

Litir leasaitheach Uimh. 1 leis an dréachtbhuiséad ginearálta 2018 lena nuashonraítear na riachtanais mheasta le haghaidh caiteachas talamhaíochta agus coigeartuithe eile (cúlchiste le haghaidh Chiste Dlúthpháirtíochta an Aontais Eorpaigh, gníomhaireachtaí agus caiteachas riaracháin) (COM(2017) 615 críochnaitheach, 16.10.2017)

Nuashonraithe 23.04.2018

Top