EUR-Lex Access to European Union law

Back to EUR-Lex homepage

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Gníomhaíochtaí chun na costais a bhaineann le soláthar líonraí cumarsáide leictreonaí ardluais a laghdú

Gníomhaíochtaí chun na costais a bhaineann le soláthar líonraí cumarsáide leictreonaí ardluais a laghdú

 

ACHOIMRE AR:

Treoir 2014/61/AE maidir le bearta chun an costas a bhaineann le líonraí cumarsáide leictreonaí ardluais a leathnú amach a laghdú

CAD IS AIDHM LEIS AN TREOIR?

  • Is é is aidhm léi cur i bhfeidhm céimneach líonraí cumarsáide leictreonaí ardluais (LCL) a éascú agus a chur chun cinn (i.e. idirlíon tapa leathanbhanda le luasanna os cionn 30 Mbps) san Aontas Eorpach. Is constaic airgeadais í an chonstaic mhór, toisc gurb ionann na costais a bhaineann le bonneagar fisiceach a sholáthar agus suas le 80% de na costais fhoriomlána (e.g. bóithre a thochailt chun leathanbhanda snáithíneach a chur síos).
  • Tríd is tríd, tairgtear 4 chur chuige:
    • athúsáid an bhonneagair fhisiciúil atá ann cheana a chur chun cinn;
    • na coinníollacha a chruthú le haghaidh oibreacha sibhialta a chomhordú agus bonneagar fisiciúil nua a shuiteáil ar bhealach níos éifeachtaí;
    • foirgnimh nua–thógtha agus foirgnimh a ndearnadh athchóiriú mór orthu a fheistiú le bonneagar fisiciúil; agus
    • na nósanna imeachta a shruthlíniú chun ceadanna a dheonú le haghaidh oibreacha sibhialta.

PRÍOMHPHOINTÍ

Is iad a leanas príomhcholúin na treorach:

  • 1.

    Rochtain ar bhonneagar fisiciúil atá ann cheana

    • Ba cheart do thíortha an Aontais Eorpaigh a áirithiú go dtabharfaidh oibreoirí líonra* (teileachumarsáid, chomh maith le fuinneamh, iompar agus uisce) rochtain d’oibreoirí teileachumarsáide ar a mbonneagar fisiciúil.
    • Ceanglaítear ar oibreoirí líonra rochtain a thabhairt ar a mbonneagar fisiciúil, ar théarmaí agus coinníollacha réasúnta, lena n–áirítear praghas.
  • 2.

    Comhordú oibreacha sibhialta

    • Ba cheart do thíortha an Aontais Eorpaigh a áirithiú go ndéanfaidh oibreoirí líonra comhaontuithe a chaibidliú le hoibreoirí teileachumarsáide d’fhonn oibreacha sibhialta a chomhordú.
    • Má mhaoinítear an obair seo ó airgead poiblí, ní mór d’oibreoirí líonra aon iarraidh réasúnach agus thráthúil ar chomhordú a chomhlíonadh fad is nach mbeidh aon chostais bhreise i gceist leis sin agus nach gcuirfidh sé bac ar rialú comhordaithe. Tugann sé sin le tuiscint go gcaithfear aon chostais incriminteacha a bhaineann le comhsholáthar a aisghabháil, nó d’fhéadfaí an iarraidh a dhiúltú.
    • Le haghaidh comhaontú caibidlíochta maidir le comhordú oibreacha sibhialta, iarrfaidh tíortha an Aontais Eorpaigh ar aon oibreoir líonra faisnéis íosta áirithe maidir le hoibreacha sibhialta leanúnacha nó pleanáilte a chur ar fáil, arna iarraidh sin do sholáthraí líonraí cumarsáide poiblí: (a) an suíomh agus cineál na n–oibreacha; (b) na gnéithe líonra atá i gceist; (c) an dáta measta chun na hoibreacha a thosú agus cá fhad a mhairfidh siad; agus (d) pointe teagmhála.
  • 3.

    Trédhearcacht

    D’fhonn an próiseas soláthair a fheabhsú, ní mór do thíortha an Aontais Eorpaigh a áirithiú go mbeidh rochtain ag na gnóthais a úsáideann LCL ar íosmhéid faisnéise faoin mbonneagar fisiciúil atá ann cheana, mar shampla:

    • suíomh agus bealach,
    • cineál/úsáid an bhonneagair,
    • pointe teagmhála.

Cuirfear a leithéid d’fhaisnéis ar fáil lena áirithiú go n–íoslaghdófar costais na dtionscadal sin (mar shampla tríd an mbonneagar fisiciúil reatha a rochtain agus trí oibreacha innealtóireachta a chomhordú). D’fhéadfadh an rochtain ar an bhfaisnéis íosta sin a bheith teoranta ar na cúiseanna a leanas:

  • slándáil na líonraí agus a sláine;
  • slándáil náisiúnta;
  • sláinte nó sábháilteacht phoiblí; agus
  • rúndacht nó rúin oibriúcháin agus ghnó.

Cead a dheonú

  • Ní mór do thíortha AE a áirithiú go mbeidh an fhaisnéis ábhartha go léir a bhaineann le coinníollacha agus nósanna imeachta chun ceadanna a dheonú d’oibreacha sibhialta a theastaíonn chun LCL a sholáthar ar fáil trí phointe faisnéise aonair.
  • Féadfaidh tíortha AE cead a thabhairt chun iarratais ar chead a chur isteach go leictreonach.
  • Ba cheart cinntí maidir le cead a dhéanamh laistigh de 4 mhí agus ba cheart bonn cirt iomlán a bheith le haon diúltú cead a dheonú.

Foirgnimh réidh chun líonraí ardluais a úsáid

  • Ní mór bonneagar fisiciúil a bheith i bhfoirgnimh nua agus i bhfoirgnimh a bhfuil athchóiriú mór déanta orthu (mar shampla mionduchtanna) atá in ann LCL ardluais a óstáil. Ní mór pointe rochtana a bheith i dtógálacha agus ní mór go mbeidh rochtain éasca ag soláthraithe líonraí cumarsáide poiblí orthu. Ní mór é sin a dhéanamh ar bhealach atá neodrach ó thaobh na teicneolaíochta de (i.e. níor cheart go dteastódh teicneolaíocht ar leith leis an mbonneagar ná go nglacfadh an bonneagar le teicneolaíocht ar leith). Glactar le díolúintí (mar shampla le haghaidh séadchomharthaí nó tithe saoire).
  • Tá sé de cheart ag na soláthraithe an pointe rochtana a bhaint amach faoi théarmaí agus coinníollacha atá cothrom agus neamh–idirdhealaitheach.

Nósanna imeachta lasmuigh den chúirt

Ní mór do thíortha AE nósanna imeachta malartacha a chur i bhfeidhm chun díospóidí a eascraíonn as an treoir a chur i bhfeidhm a réiteach ar bhonn tráthúil.

Pionóis

Ní mór do thíortha AE rialacha a leagan síos maidir le pionóis i gcás neamhchomhlíonta maidir leis na bearta náisiúnta arna nglacadh de bhun na treorach seo. Beidh na pionóis a sholáthrófar iomchuí, éifeachtach, comhréireach agus athchomhairleach.

Moladh maidir le bosca uirlisí chun cabhrú le téarnamh eacnamaíoch ó ghéarchéim COVID-19

I mí Mheán Fómhair 2020, ghlac an Coimisiún Eorpach moladh inar cuireadh treoir ar fáil do thíortha AE maidir le conas bosca uirlisí de dhea–chleachtais choitianta a fhorbairt agus a chomhaontú, faoin 30 Márta 2021, chun soláthar líonraí seasta agus gan sreang fíor-ardacmhainneachta a éascú trí bhac riaracháin gan ghá a bhaint, agus trí shannadh comhordaithe speictrim raidió do líonraí an chúigiú glúine (5G) faoi choinníollacha a thacaíonn le hinfheistíocht, go háirithe i gcásanna trasteorann tionsclaíocha. Dá bhrí sin, ba cheart do thíortha AE treochlár cur chun feidhme (30 Aibreán 2021) a chur in iúl don Choimisiún agus ba cheart dóibh tuairisc a thabhairt ar chur chun feidhme na sraithe uirlisí (30 Aibreán 2022).

CÉN UAIR ATÁ TOSACH FEIDHME NA TREORACH?

B’éigean dlí a dhéanamh di i dtíortha an Aontais faoin 1 Eanáir 2016 agus b’éigean na rialacha a chur i bhfeidhm ón 1 Iúil 2016 amach.

Tá an Coimisiún ag athbhreithniú na treorach seo faoi láthair, mar a fógraíodh sa teachtaireacht ar thodhchaí digiteach na hEorpa a chruthú.

CÚLRA

Le haghaidh tuilleadh faisnéise, féach:

PRÍOMHTHÉARMAÍ

Oibreoirí líonra: soláthraithe líonraí cumarsáide poiblí, ach fóntais freisin, bíodh sé i gcomhair fuinnimh, téamh poiblí, uisce, fuíolluisce nó iompair.

PRÍOMHDHOICIMÉAD

Treoir 2014/61/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 15 Bealtaine 2014 maidir le bearta chun an costas a laghdú a bhaineann le líonraí cumarsáide leictreonaí ardluais a leathnú amach (IO L 155, 23.5.2014, lgh. 1-14)

DOICIMÉID GHAOLMHARA

Moladh (AE) 2020/1307 ón gCoimisiún an 18 Meán Fómhair 2020 maidir le bosca uirlisí comhchoiteann de chuid an Aontais chun an costas a bhaineann le líonraí fíor–ardacmhainneachta a úsáid agus rochtain thráthúil a thacaíonn le hinfheistíocht ar speictream raidió 5G a áirithiú, chun nascacht a chothú d’fhonn tacú le téarnamh eacnamaíoch ó ghéarchéim COVID-19 san Aontas (IO L 305, 21.9.2020, lgh 33-41)

Nuashonraithe 25.11.2020

Top