EUR-Lex Access to European Union law

Back to EUR-Lex homepage

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Breoslaí níos glaine le haghaidh iompair ar bóthar

Breoslaí níos glaine le haghaidh iompair ar bóthar

Cuireann breoslaí iompair go mór le hastaíochtaí gáis cheaptha teasa san Aontas Eorpach (AE). Leagtar amach sa treoir seo creat chun monatóireacht a dhéanamh ar astaíochtaí gáis cheaptha teasa a eascraíonn as saolré bhreoslaí* agus chun iad a laghdú, rud a chabhraíonn le spriocanna a bhaint amach i ndáil le hastaíochtaí gáis cheaptha teasa a laghdú.

GNÍOMH

Treoir 2009/30/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Aibreán 2009 lena leasaítear Treoir 98/70/CE maidir le sonraíochtaí peitril, díosail agus gáis-ola agus lena leagtar amach sásra chun monatóireacht a dhéanamh ar astaíochtaí gáis cheaptha teasa agus chun iad a laghdú agus lena leasaítear Treoir 1999/32/EC ón gComhairle maidir le sonraíocht an bhreosla a úsáidtear ag soithí uiscebhealaí intíre agus lena n-aisghairtear Treoir 93/12/CEE.

ACHOIMRE

Cuireann breoslaí iompair go mór le hastaíochtaí gáis cheaptha teasa san Aontas Eorpach (AE). Leagtar amach sa treoir seo creat chun monatóireacht a dhéanamh ar astaíochtaí gáis cheaptha teasa a eascraíonn as saolré bhreoslaí* agus chun iad a laghdú, rud a chabhraíonn le spriocanna a bhaint amach i ndáil le hastaíochtaí gáis cheaptha teasa a laghdú.

CÉARD A DHÉANANN AN TREOIR SEO?

Athbhreithnítear an treoir maidir le cáilíocht an bhreosla (Treoir 98/70/CE). Leasaítear raon eilimintí léi, sonraíochtaí breosla san áireamh, agus cuirtear sásra i bhfeidhm chun monatóireacht a dhéanamh ar astaíochtaí gáis cheaptha teasa agus chun iad a laghdú agus chun inbhuanaitheacht na mbithbhreoslaí a chinntiú.

PRÍOMHPHOINTÍ

  • Éilítear faoin dlí seo ar sholáthróirí breosla tuairisc a thabhairt ar astaíochtaí gáis cheaptha teasa a eascraíonn as saolré fuinnimh agus iad a laghdú, fuinneamh a chuirtear ar fáil le haghaidh iompair ar bóthar. Is í an sprioc ná laghdú de 6 % ar astaíochtaí gáis cheaptha teasa saolré (nó suas go dtí 10 % má roghnaítear sin ag an mBallstát AE) i ngach aonad fuinnimh a eascraíonn as breosla a chuirfear ar fáil faoi mhí na Nollag 2020.
  • Ní mór bithbhreoslaí a tháirgeadh go hinbhuanaitheach. Chun bithbhreosla a chur san áireamh maidir le hastaíochtaí gáis cheaptha teasa a laghdú de réir na treorach seo, ní mór critéir inbhuanaitheachta a chomhlíonadh, sé sin ní ceadmhach bithbhreoslaí a tháirgeadh ar thalamh le luach ard bithéagsúlachta ann, ná ní ceadmhach ábhair le stoc carbóin ard iontu a úsáid chun bithbhreoslaí a tháirgeadh.
  • Comhchuibhiú na rialacha le haghaidh breoslaí, sonraíochtaí teicniúla maidir le sláinte agus le cúrsaí comhshaoil a leagadh síos, go háirithe i ndáil leis an cion sulfair díosail agus peitril a laghdú go dtí 10 mg/kg nó níos lú.
  • Éascaítear faoin treoir bithchomhábhair breosla a chumasc (mar shampla, suas go dtí 10 % eatánól sa pheitreal). Ní mór do thíortha AE a chinntiú go gcomhlíontar na ceanglais atá leagtha amach in Iarscríbhinn I agus in Iarscríbhinn II den treoir seo faoi seach, maidir le peitreal agus díosal a chuirtear ar an margadh.
  • Éilítear faoin dlí go gcuirtear eolas cuí ar fáil do thomhaltóirí maidir le cion bithbhreosla peitril agus díosail.

CÚLRA

De bharr an dul chun cinn an-mhór i dteicneolaíocht feithicle agus forbairt agus infhaighteacht mhéadaitheach bithbhreoslaí, mhol an Coimisiún Eorpach, sa bhliain 2007, sa Treoir 98/70/CE, athbhreithniú a dhéanamh ar shonraíochtaí maidir le cáilíocht an bhreosla.

Féach leathanaigh ghréasáin an Choimisiúin Eorpaigh chun tuilleadh faisnéise a fháil:

EOCHAIRTHÉARMAÍ

Baineann astaíochtaí gáis cheaptha teasa a eascraíonn ó shaolré bhreosla le glan-astaíochtaí go léir an bhreosla. I bhfocail eile, ní bhaineann na téarmaí le hastaíochtaí dócháin amháin, ach freisin le hastaíochtaí saothraithe, aistarraingthe, iompair, próiseála agus dáilte breosla.

TAGAIRTÍ

Acht

Teacht i bhfeidhm

Spriocdháta don trasuí sna Ballstáit

Iris Oifigiúil

Treoir 2009/30/CE

25.6.2009

31.12.2010

IO L 140, 5.6.2009, lgh. 88-113

Nuashonraithe 30.04.2015

Top