EUR-Lex Access to European Union law

Back to EUR-Lex homepage

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 32002L0046

Sábháilteacht forbhianna in AE a chinntiú

Sábháilteacht forbhianna in AE a chinntiú

ACHOIMRE AR:

Treoir 2002/46/CE — forbhianna

ACHOIMRE

CÉARD A DHÉANANN AN TREOIR SEO?

Déantar rialacha maidir le forbhianna* a chomhchuibhiú sa treoir seo chun tomhaltóirí a chosaint ar rioscaí sláinte ionchasacha agus chun a chinntiú nach gcuirtear faisnéis mhíthreorach ar fáil dóibh.

PRÍOMHPHOINTÍ

  • Leagtar síos sa dlí liosta comhchuibhithe de na vitimíní agus mianraí ar féidir iad a úsáid chun forbhianna a dhéanamh.
  • Molann táirgeoirí íosleibhéil agus uasleibhéil laethúla le haghaidh forbhianna.
  • Ní ceadmhach forbhianna a lipéadú, a chur i láthair nó a fhógairt mar tháirgí ar féidir galar a chosc, a chóireáil nó a leigheas. Ní ceadmhach a thabhairt le tuiscint ach oireadh nach féidir le haiste bia chothromaithe ilchineálach cáinníochtaí cuí cothaitheach a chur ar fáil.
  • Ní mór na mionsonraí seo a leanas a thaispeáint ar lipéid:
    • na cothaithigh agus substaintí atá sa bhia-ábhar;
    • an méid a mholtar a bheith oiriúnach in aghaidh an lae, mar aon le rabhadh nach ceart an dáileog sin a shárú; agus
    • comhairle chun an táirge a stóráil as aimsiú páistí óga.
  • D’fhéadfadh údaráis náisiúnta a éileamh ar tháirgeoirí iad a chur ar an eolas trí chóip den lipéad a chur ar fáil dóibh nuair a chuireann siad táirge nua ar an margadh.
  • D’fhéadfadh údaráis náisiúnta díol forbhia a chur ar fionraí nó a shrianadh má chreideann siad go bhféadfadh an forbhia sin sláinte an duine a chur i mbaol. Sa chás sin, chuirfidís an Coimisiún Eorpach agus na tíortha uile sa Limistéar Eorpach Eacnamaíoch (LEE) ar an eolas láithreach. Is limistéar LEE atá comhdhéanta de na 28 dtír AE, den Íoslainn, de Lichtinstéin agus den Iorua, ina bhfuil saorghluaiseacht daoine, earraí, seirbhísí agus caipitil ceadaithe.
  • Ní chuirtear an reachtaíocht i bhfeidhm maidir le táirgí míochaine.

Ina theannta sin:

  • Leagtar síos i Rialachán (AE) Uimh. 609/2013 rialacha maidir le hábhar agus leis an bhfaisnéis a chuirtear ar fáil maidir le bia foirmle do naíonáin, le bia próiseáilte gránachbhunaithe, le bia naíonáin, le bia chun críocha speisialta míochaine agus le hionadach ar an aiste bia iomlán chun meáchan a rialú;
  • Comhchuibhítear le Rialachán (CE) Uimh. 1924/2006 rialacha maidir le héilimh chothaitheacha agus sláinte ar bhianna a dhíoltar don phobal, lena n-áirítear bia a chuirtear ar fáil do bhialanna, d’ospidéil, do scoileanna, do cheaintíní agus do mhórlónadóirí eile;
  • Comhchuibhítear le Rialachán (CE) Uimh. 1925/2006 rialacha maidir le vitimíní, le mianraí agus le substaintí áirithe eile a chur le bia.

CATHAIN A BHEIDH FEIDHM AG AN TREOIR?

Cuireadh an treoir i bhfeidhm an 12 Iúil 2002. Bhí ar thíortha AE an treoir a ionchorprú ina dlí náisiúnta faoin 31 Iúil 2003.

CÚLRA

EOCHAIRTHÉARMA

* Forbhianna: foinsí tiubhaithe cothaitheach nó substaintí eile, lena mbaineann buntáistí cothaitheacha nó fiseolaíocha, a chuirtear le gnáthaiste bia. Is féidir iad a dhíol i mbuidéil nó mar chapsúil, losainní, táibléid agus saicíní.

GNÍOMH

Treoir 2002/46/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 10 Meitheamh 2002 maidir le comhchuibhiú dhlíthe na mBallstát a bhaineann le forbhianna (IO L 183, 12.7.2002, lgh. 51-57)

Ionchorpraíodh sa bhuntéacs leasuithe agus ceartúcháin i ndiaidh a chéile ar Threoir 2002/46/CE. Is chun críocha doiciméadúcháin amháin an leagan comhdhlúite seo.

GNÍOMHARTHA GAOLMHARA

Rialachán (AE) Uimh. 609/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 12 Meitheamh 2013 maidir le bia a cheaptar lena úsáid mar bhia do naíonáin agus do leanaí óga, maidir le bia chun críocha speisialta míochaine, agus maidir le hionadach ar an aiste bia iomlán chun meáchan a rialú agus lena n-aisghairtear Treoir 92/52/CEE ón gComhairle, Treoir 96/8/CE ón gCoimisiún, Treoir 1999/21/CE ón gCoimisiún, Treoir 2006/125/CE ón gCoimisiún, Treoir 2006/141/CE ón gCoimisiún, Treoir 2009/39/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, Rialachán (CE) Uimh. 41/2009 ón gCoimisiún agus Rialachán (CE) Uimh. 953/2009 ón gCoimisiún (IO L 181, 29.6.2013, lgh. 35-56)

Rialachán (CE) Uimh. 1924/2006 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Nollaig 2006 maidir le héilimh chothaitheacha agus sláinte ar bhianna (IO L 404, 30.12.2006, lgh. 9-25). Féach an leagan comhdhlúite.

Rialachán (CE) Uimh. 1925/2006 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Nollaig 2006 maidir le vitimíní, le mianraí agus le substaintí áirithe eile a chur le bianna (IO L 404, 30.12.2006, lgh. 26-38). Féach an leagan comhdhlúite.

Nuashonraithe 03.02.2016

Barr