EUR-Lex Access to European Union law

Back to EUR-Lex homepage

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 32012R0651

Rialachán (AE) Uimh. 651/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 4 Iúil 2012 maidir le monaí euro a eisiúint

IO L 201, 27.7.2012, p. 135–137 (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

Foilsíodh an doiciméad seo in eagrán speisialta (HR)

Legal status of the document In force

ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2012/651/oj

27.7.2012   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L NaN/135


RIALACHÁN (AE) Uimh. 651/2012 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

an 4 Iúil 2012

maidir le monaí euro a eisiúint

TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 133 de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

Tar éis dóibh an dréachtghníomh reachtach a chur chuig na parlaimintí náisiúnta,

Ag féachaint don Tuairim ón mBanc Ceannais Eorpach (1),

Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach (2),

De bharr an méid seo a leanas:

(1)

Le conclúidí na Comhairle an 23 Samhain 1998 agus an 5 Samhain 2002 maidir le monaí euro atá ceaptha lena mbailiú, le Moladh 2009/23/CE ón gCoimisiún an 19 Nollaig 2008 maidir le treoirlínte comhchoiteanna i ndáil leis an taobh náisiúnta de mhonaí euro atá ceaptha lena gcur i gcúrsaíocht agus eisiúint monaí euro atá ceaptha lena gcur i gcúrsaíocht (3), a formhuiníodh le conclúidí na Comhairle an 10 Feabhra 2009, agus le Moladh 2010/191/AE ón gCoimisiún an 22 Márta 2010 maidir le raon feidhme agus éifeachtaí nótaí bainc agus monaí euro atá ina ndlíthairiscint (4), moltar cleachtais i ndáil le monaí euro atá ceaptha lena gcur i gcúrsaíocht a eisiúint, lena n-áirítear monaí euro comórtha, i ndáil le comhairliúchán sula scriosfar monaí euro fónta atá ceaptha lena gcur i gcúrsaíocht agus i ndáil le monaí euro inbhailithe a úsáid.

(2)

Ó tharla nach bhfuil forálacha sainordaitheacha ann maidir le monaí euro a eisiúint, níl creat sách comhtháite ag an airgeadra aonair agus d’fhéadfadh sé gurbh é a bheadh mar thoradh air sin go mbeadh cleachtais éagsúla sna Ballstáit. Ar mhaithe le trédhearcacht agus deimhneacht dhlíthiúil, is gá, dá bhrí sin, rialacha ceangailteacha a thabhairt isteach maidir le monaí euro a eisiúint.

(3)

I gcomhréir le Rialachán (CE) Uimh. 974/98 ón gComhairle an 3 Bealtaine 1998 maidir leis an euro a thabhairt isteach (5), tá stádas dlíthairisceana i ngach Ballstát a bhfuil an euro mar airgeadra acu ag monaí atá ainmnithe in euro agus in cent agus lena gcomhlíontar na hainmníochtaí agus na sonraíochtaí teicniúla atá leagtha síos ag an gComhairle. Tá ainmníochtaí agus sonraíochtaí teicniúla monaí euro leagtha síos i Rialachán (CE) Uimh. 975/98 ón gComhairle an 3 Bealtaine 1998 maidir le hainmníochtaí agus sonraíochtaí teicniúla monaí euro atá ceaptha lena gcur i gcúrsaíocht (6).

(4)

Ba cheart go mbeadh na Ballstáit a bhfuil an euro mar airgeadra acu in ann monaí comórtha 2 euro a eisiúint chun ábhair shonracha a cheiliúradh faoi réir teorainneacha a leagtar síos de réir bliana agus de réir an Bhallstáit eisiúna maidir le líon eisiúintí monaí den sórt sin. Is gá teorainneacha áirithe a chur le líon na monaí euro comórtha chun a áirithiú gur céatadán íseal d’iomlán na monaí 2 euro atá i gcúrsaíocht a bheidh iontu. Ba cheart go bhfágfadh teorainneacha den sórt sin ar an líon, áfach, go bhféadfaí líon leordhóthanach monaí a eisiúint chun a áirithiú gur féidir scaipeadh éifeachtach a dhéanamh ar mhonaí euro comórtha.

(5)

Ba cheart do na Ballstáit a bhfuil an euro mar airgeadra acu a bheith in ann monaí euro inbhailithe a eisiúint freisin, ar monaí iad nach bhfuil ceaptha lena gcur i gcúrsaíocht agus atá indealaithe gan dua ó mhonaí atá ceaptha lena gcur i gcúrsaíocht. Is sa Bhallstát eisiúna amháin ba cheart stádas dlíthairisceana a bheith ag monaí euro inbhailithe, agus níor cheart iad a eisiúint lena gcur i gcúrsaíocht.

(6)

Is iomchuí go gcuirfear eisiúintí monaí euro inbhailithe san áireamh sa líon monaí atá le formheas ag an mBanc Ceannais Eorpach, ach é sin ar bhonn comhiomláin seachas ar bhonn gach eisiúna ar leith.

(7)

Ba cheart do na hinstitiúidí inniúla an úsáid a bhaintear as ainmníochtaí éagsúla monaí euro agus nótaí bainc euro, mar a cheaptar faoi láthair iad, a scrúdú go cúramach ar bhonn tréimhsiúil in aghaidh na gcritéar a bhaineann le costas agus lena n-inghlacthacht go poiblí. Ba cheart, go háirithe, don Choimisiún measúnú tionchair a dhéanamh ar eisiúint leanúnach monaí 1 cent agus monaí 2 cent.

(8)

Chun go seachnófar monaí euro atá oiriúnach lena gcur i gcúrsaíocht a bheith á scriosadh ag Ballstát amháin nuair atá Ballstát eile ina ngátar, ba cheart do na Ballstáit dul i gcomhairle lena chéile sula scriostar monaí den sórt sin,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Sainmhínithe

Chun críocha an Rialacháin seo, beidh feidhm ag na sainmhínithe seo a leanas:

(1)

ciallaíonn “monaí atá ceaptha lena gcur i gcúrsaíocht” monaí euro atá ceaptha lena gcur i gcúrsaíocht agus a bhfuil a n-ainmníochtaí agus a sonraíochtaí teicniúla leagtha síos i Rialachán (CE) Uimh. 975/98;

(2)

ciallaíonn “monaí comórtha” monaí euro atá ceaptha lena gcur i gcúrsaíocht agus atá ceaptha chun ábhar sonrach a chomóradh, mar a shonraítear in Airteagal 1h de Rialachán (CE) Uimh. 975/98;

(3)

ciallaíonn “monaí inbhailithe” monaí euro atá ceaptha lena mbailiú agus nach n-eisítear lena gcur i gcúrsaíocht.

Airteagal 2

Cineálacha monaí euro

1.   Féadfaidh na Ballstáit dhá chineál mona euro a eisiúint: monaí atá ceaptha lena gcur i gcúrsaíocht agus monaí inbhailithe.

2.   Déanfaidh an Coimisiún measúnú tionchair ar eisiúint leanúnach monaí 1 cent agus monaí 2 cent. Áireofar anailís chostais/sochair ar an measúnú tionchair sin ina gcuirfear san áireamh na costais táirgeachta iarbhír a bhaineann leis na monaí sin in aghaidh an luacha agus na sochar a ghabhann leo.

Airteagal 3

Monaí atá ceaptha lena gcur i gcúrsaíocht a eisiúint

1.   Is ar a n-aghaidhluach a eiseofar monaí atá ceaptha lena gcur i gcúrsaíocht agus is ar an luach sin a chuirfear i gcúrsaíocht iad.

2.   Féadfar cion beag, nach mó ná 5 % de ghlanluach agus de ghlanlíon iomlán carntha na monaí atá ceaptha lena gcur i gcúrsaíocht a d’eisigh Ballstát, gan ach na blianta sin a bhfuil glaneisiúint dhearfach acu a chur san áireamh, a chur ar an margadh ar luach atá níos airde ná an aghaidhluach má dhéanann cáilíocht speisialta an mhona, pacáistíocht speisialta nó aon seirbhísí breise a chuirtear ar fáil údar maith a thabhairt leis sin.

Airteagal 4

Monaí comórtha a eisiúint

1.   Ní fhéadfaidh gach Ballstát a bhfuil an euro mar airgeadra acu ach dhá mhona comórtha a eisiúint in aghaidh na bliana, amach ó na cásanna seo a leanas:

(a)

nuair a eiseoidh gach Ballstát a bhfuil an euro mar airgeadra acu, i dteannta a chéile, monaí comórtha; nó

(b)

nuair a eiseofar mona comórtha nuair a bheidh post an Chinn Stáit folamh go sealadach nó gafa go sealadach.

2.   Líon iomlán na monaí comórtha a chuirtear i gcúrsaíocht i gcomhair gach eisiúna ar leith, ní sháróidh sé cibé acu is airde den dá uasteorainn seo a leanas:

(a)

0,1 % de ghlanlíon iomlán carntha na monaí 2 euro a chuireann gach Ballstát a bhfuil an euro mar airgeadra acu i gcúrsaíocht go dtí tús na bliana roimh bhliain eisiúna an mhona comórtha; féadfar an uasteorainn sin a ardú go 2,0 % de ghlanlíon iomlán carntha na monaí 2 euro de gach Ballstát a bhfuil an euro mar airgeadra acu más ábhar a bhfuil aithne amuigh air agus an-siombalachas ag baint leis a bheidh á chomóradh, agus sa chás sin, staonfaidh an Ballstát eisiúna de mhona comórtha eile a eisiúint faoi réir na huasteorann ardaithe sin sna ceithre bliana ina dhiaidh sin agus míneoidh sé na cúiseanna atá aige leis an uasteorainn ardaithe a roghnú; nó

(b)

5,0 % de ghlanlíon iomlán carntha na monaí 2 euro a chuireann an Ballstát eisiúna lena mbaineann i gcúrsaíocht go dtí tús na bliana roimh bhliain eisiúna an mhona comórtha.

3.   Is í an Chomhairle a dhéanfaidh an cinneadh an eiseoidh gach Ballstát a bhfuil an euro mar airgeadra acu i dteannta a chéile monaí comórtha ag a mbeadh dearadh coiteann. Déanfar cearta vótála na mBallstát sin nach bhfuil an euro mar airgeadra acu a fhionraí nuair a bheidh an cinneadh sin á ghlacadh.

Airteagal 5

Monaí euro inbhailithe a eisiúint

1.   Is sa Bhallstát eisiúna amháin a bheidh stádas dlíthairisceana ag monaí inbhailithe.

Beidh céannacht an Bhallstáit eisiúna soiléir so-aitheanta ar an mona.

2.   Ionas go bhféadfar iad a idirdhealú gan dua ó mhonaí atá ceaptha lena gcur i gcúrsaíocht, comhlíonfaidh monaí inbhailithe na critéir seo a leanas:

(a)

beidh an n-aghaidhluach éagsúil le haghaidhluach monaí atá ceaptha lena gcur i gcúrsaíocht;

(b)

ní bheidh a n-íomhánna cosúil le taobhanna coiteanna monaí atá ceaptha lena gcur i gcúrsaíocht, agus má bhíonn a n-íomhánna cosúil le taobh náisiúnta monaí atá ceaptha lena gcur i gcúrsaíocht, beifear fós in ann idirdhealú a dhéanamh gan dua mar gheall ar an gcuma fhoriomlán atá orthu;

(c)

beidh difear suntasach idir iad agus monaí atá ceaptha lena gcur i gcúrsaíocht ó thaobh ar a laghad péire de na trí shaintréith seo: dath, trastomhas agus meáchan; measfar go bhfuil an difear suntasach má tá na luachanna, lena n-áirítear lamháltais, lasmuigh de na raonta lamháltais atá leagtha síos maidir le monaí atá ceaptha lena gcur i gcúrsaíocht; agus

(d)

ní bheidh orthu corr dheilbhithe le scolbáil mhín ná cruth ar nós “blátha Spáinnigh”.

3.   Féadfar monaí inbhailithe a chur ar an margadh ar a n-aghaidhluach nó ar luach os cionn a naghaidhluach.

4.   Déanfar eisiúintí monaí inbhailithe a chur san áireamh ar bhonn comhiomláin sa líon eisiúintí monaí atá le formheas ag an mBanc Ceannais Eorpach.

5.   Déanfaidh na Ballstáit gach beart iomchuí chun daoine a chur ó mhonaí inbhailithe a úsáid mar mhodh íocaíochta.

Airteagal 6

Comhairliúchán sula scriosfar monaí atá ceaptha lena gcur i gcúrsaíocht

Sula scriosfaidh siad monaí atá ceaptha lena gcur i gcúrsaíocht nach monaí euro atá mí-oiriúnach le haghaidh cúrsaíochta iad de réir bhrí Airteagal 2(b) de Rialachán (AE) Uimh. 1210/2010 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 15 Nollaig 2010 maidir le monaí euro a fhíordheimhniú agus le monaí euro atá mí-oiriúnach le haghaidh cúrsaíochta a láimhseáil (7), rachaidh na Ballstáit i gcomhairle a chéile tríd an bhfochoiste ábhartha den Choiste Eacnamaíoch agus Airgeadais agus déanfaidh siad stiúrthóirí mionta na mBallstát a bhfuil an euro mar airgeadra acu a chur ar an eolas.

Airteagal 7

Teacht i bhfeidhm

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh in Strasbourg an 4 Iúil 2012.

Thar ceann Pharlaimint na hEorpa

An tUachtarán

M. SCHULZ

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

A. D. MAVROYIANNIS


(1)  IO C 273, 16.9.2011, lch. 2.

(2)  Seasamh ó Pharlaimint na hEorpa an 22 Bealtaine 2012 (nár foilsíodh fós san Iris Oifigiúil) agus cinneadh ón gComhairle an 26 Meitheamh 2012.

(3)  IO L 9, 14.1.2009, lch. 52.

(4)  IO L 83, 30.3.2010, lch. 70.

(5)  IO L 139, 11.5.1998, lch. 1.

(6)  IO L 139, 11.5.1998, lch. 6.

(7)  IO L 339, 22.12.2010, lch. 1.


Top