EUR-Lex Access to European Union law

Back to EUR-Lex homepage

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 32008R0765

Rialachán (CE) Uimh. 765/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 9 Iúil 2008 lena leagtar amach na ceanglais maidir le creidiúnú agus maidir le faireachas margaidh a bhaineann le táirgí a mhargú, agus lena n-aisghairtear Rialachán (CEE) Uimh. 339/93 Téacs atá ábhartha maidir leis an LEE

IO L 218, 13.8.2008, p. 30–47 (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

Foilsíodh an doiciméad seo in eagrán speisialta (HR)

Legal status of the document In force: This act has been changed. Current consolidated version: 16/07/2021

ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2008/765/oj

13.8.2008   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L NaN/30


RIALACHÁN (CE) Uimh. 765/2008 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

an 9 Iúil 2008

lena leagtar amach na ceanglais maidir le creidiúnú agus maidir le faireachas margaidh a bhaineann le táirgí a mhargú, agus lena n-aisghairtear Rialachán (CEE) Uimh. 339/93

(Téacs atá ábhartha maidir leis an LEE)

TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ag bunú an Chomhphobail Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 95 agus Airteagal 133 de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún,

Ag féachaint don tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa (1),

Tar éis dóibh dul i gcomhairle le Coiste na Réigiún,

Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an nós imeachta a leagtar síos in Airteagal 251 den Chonradh (2),

De bharr an méid seo a leanas:

(1)

Ní mór a áirithiú go gcomhlíonann táirgí a thairbhíonn ó shaorghluaiseacht earraí laistigh den Chomhphobal ceanglais lena gcuirtear ardleibhéal cosanta ar fáil do leasanna an phobail, amhail sláinte agus sábháilteacht i gcoitinne, sláinte agus sábháilteacht san ionad oibre, cosaint tomhaltóirí, caomhnú an chomhshaoil agus cosaint slándála, agus ní mór a áirithiú nach gcuirfear srian ar shaorghluaiseacht táirgí seachas mar a cheadaítear é faoin reachtaíocht Chomhphobail um chomhchuibhiú nó faoi aon rialacha ábhartha eile de chuid an Chomhphobail. Ba cheart, dá bhrí sin, foráil a dhéanamh do rialacha maidir le creidiúnú, faireachas margaidh, rialuithe ar tháirgí ó thríú tíortha agus marc an CE.

(2)

Ní foláir creat foriomlán rialacha agus prionsabal a bhunú maidir le creidiúnú agus faireachas margaidh. Níor cheart go ndéanfadh an creat sin difear do rialacha substainteacha na reachtaíochta atá ann cheana lena leagtar amach na forálacha a chaithfear a urramú chun leasanna an phobail amhail sláinte, sábháilteacht, cosaint tomhaltóirí agus caomhnú an chomhshaoil a chosaint, ach ba cheart go mbeadh sé mar aidhm leis an gcreat cur le hoibríocht na rialacha sin.

(3)

Ba cheart go n-amharcfaí ar an Rialachán seo mar Rialachán lena gcomhlánaítear Cinneadh Uimh. 3615/2008/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 9 Iúil 2008 i ndáil le creat maidir le táirgí a mhargú (3).

(4)

Tá sé an-deacair reachtaíocht Chomhphobail a ghlacadh i ndáil le gach táirge atá ann nó le gach táirge a d'fhéadfaí a fhorbairt; tá gá le creat reachtach, a mbeidh bonn leathan faoi agus ar creat cothrománach é chun déileáil le táirgí den sórt sin, chun bearnaí a chumhdach, go háirithe nó go ndéanfar athbhreithniú ar an reachtaíocht shonrach atá ann, agus chun cur le forálacha atá sa reachtaíocht shonrach atá ann nó a bheidh ann amach anseo, go háirithe d'fhonn ardleibhéal cosanta maidir le sláinte, sábháilteacht, caomhnú an chomhshaoil agus cosaint tomhaltóirí a áirithiú, faoi mar a cheanglaítear le hAirteagal 95 den Chonradh.

(5)

Ba cheart go gcomhlánódh agus go neartódh an creat don fhaireachas margaidh a bhunaítear leis an Rialachán seo na forálacha atá sa reachtaíocht Chomhphobail um chomhchuibhiú cheana maidir le faireachas margaidh agus maidir leis na forálacha sin a fhorghníomhú. I gcomhréir le prionsabal an lex specialis, áfach, níor cheart go mbeadh feidhm ag an Rialachán seo ach amháin a mhéid nach ann d'aon fhorálacha sainiúla a bhfuil an cuspóir céanna leo nó a bhfuil an éifeacht chéanna acu, nó ar den chineál céanna iad, i rialacha eile atá ann nó a bheidh ann amach anseo de chuid na reachtaíochta Comhphobail um chomhchuibhiú. Tá samplaí le fáil sna hearnálacha seo a leanas: réamhtheachtaithe drugaí, feistí leighis, táirgí íocshláinte lena n-úsáid ag an duine agus le haghaidh úsáide tréidliachta, mótarfheithiclí agus eitlíocht. Níor cheart, dá bhrí sin, go mbeadh feidhm ag forálacha comhfhreagracha an Rialacháin seo sna réimsí a chumhdaítear le forálacha sainiúla den sórt sin.

(6)

Le Treoir 2001/95/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 3 Nollaig 2001 maidir le sábháilteacht ghinearálta táirgí (4), bunaíodh rialacha chun sábháilteacht táirgí tomhaltóirí a áirithiú. Ba cheart go bhféadfadh na húdaráis um fhaireachas margaidh na bearta is sainiúla atá ar fáil dóibh faoin Treoir sin a ghlacadh.

(7)

Chun leibhéal sábháilteachta níos airde do tháirgí tomhaltóirí a bhaint amach, áfach, ba cheart na sásraí faireachais dá bhforáiltear i dTreoir 2001/95/CE a neartú a mhéid a bhaineann le táirgí a bhfuil riosca tromchúiseach ag baint leo, i gcomhréir leis na prionsabail a bhunaítear leis an Rialachán seo. Ba cheart, dá bhrí sin, Treoir 2001/95/CE a leasú dá réir sin.

(8)

Is cuid de chóras foriomlán, lena n-áirítear measúnú comhréireachta agus faireachas margaidh, a ceapadh chun comhréireacht leis na ceanglais is infheidhme a mheas agus a áirithiú, an creidiúnú.

(9)

Fiúntas ar leith a bhaineann le creidiúnú is ea go dtugann sé ráiteas údarásach faoi inniúlacht theicniúil comhlachtaí a bhfuil de chúram orthu a áirithiú go bhfuiltear ag comhlíonadh na gceanglas is infheidhme.

(10)

Déantar creidiúnú sna Ballstáit uile, cé nach bhfuil sé á rialú fós ar leibhéal an Chomhphobail. De bharr easpa rialacha comhchoiteanna don ghníomhaíocht sin, tá cur chuige difriúil agus córais éagsúla tagtha chun cinn ar fud an Chomhphobail agus, dá bhrí sin, ní ionann a dhéine a chuirtear an creidiúnú i bhfeidhm i ngach Ballstát. Ní foláir, mar sin, creat cuimsitheach a fhorbairt maidir le creidiúnú agus na prionsabail maidir le heagrú agus oibriú an chreata sin a leagan síos ar leibhéal an Chomhphobail.

(11)

Níor cheart go ndéanfadh bunú comhlachta aonfhoirmigh creidiúnaithe náisiúnta dochar do leithdháileadh feidhmeanna laistigh de na Ballstáit.

(12)

I gcás ina bhforáiltear sa reachtaíocht Chomhphobail um chomhchuibhiú do chomhlachtaí um measúnú comhréireachta a roghnú chun an reachtaíocht sin a chur chun feidhme, ba cheart go measfadh na húdaráis phoiblí náisiúnta ar fud an Chomhphobail gurb é an creidiúnú trédhearcach, dá bhforáiltear sa Rialachán seo, lena n-áirithítear an leibhéal muiníne is gá i ndeimhnithe comhréireachta, an rogha modh chun inniúlacht theicniúil na gcomhlachtaí sin a léiriú. Féadfaidh na húdaráis náisiúnta, áfach, a mheas go bhfuil na bealaí iomchuí acu chun an mheastóireacht sin a dhéanamh iad féin. Sna cásanna sin, chun a áirithiú go mbeidh an leibhéal iomchuí creidiúnachta ag meastóireachtaí a dhéanfaidh údaráis náisiúnta eile, ba cheart dóibh an fhianaise dhoiciméadach is gá a léiríonn go gcomhlíonann na comhlachtaí um measúnú comhréireachta na ceanglais rialúcháin iomchuí a chur ar fáil don Choimisiún agus do na Ballstáit eile.

(13)

Cuidíonn córas creidiúnaithe a fheidhmíonn faoi threoir rialacha ceangailteacha le muinín frithpháirteach a neartú idir na Ballstáit maidir lena n-inniúlacht mar chomhlachtaí um measúnú comhréireachta agus, mar thoradh air sin, maidir leis na deimhnithe agus na tuarascálacha tástála a eisíonn siad. Ar an mbealach sin cuireann sé le prionsabal an aitheantais fhrithpháirtigh agus ba cheart, dá bhrí sin, go mbeadh feidhm ag forálacha an Rialacháin seo maidir le creidiúnú i leith comhlachtaí a bhíonn i mbun measúnuithe comhréireachta sa réimse rialaithe agus sa réimse neamhrialaithe araon. Is é caighdeán na ndeimhnithe agus na dtuarascálacha tástála atá faoi chaibidil, tagaidís faoin réimse rialaithe nó faoin réimse neamhrialaithe, agus níor cheart aon idirdhealú a dhéanamh, dá bhrí sin, idir na réimsí sin.

(14)

Chun críocha an Rialacháin seo, ba cheart go dtuigfí gurb ionann oibríocht sheachbhrabúsach a dhéanann comhlacht creidiúnaithe náisiúnta agus gníomhaíocht nach bhfuil sé mar aidhm léi cur le hacmhainní úinéirí an chomhlachta ná le hacmhainní chomhaltaí an chomhlachta. Cé nach bhfuil sé de chuspóir ag na comhlachtaí creidiúnaithe náisiúnta brabúis a uasmhéadú nó a dháileadh, d'fhéadfaidís seirbhísí a sholáthar ar íocaíocht nó ioncam a fháil. Féadfar aon ioncam barrachais a thiocfaidh ó sheirbhísí den sórt sin a úsáid le haghaidh infheistíochta chun tuilleadh forbartha a dhéanamh ar a ngníomhaíochtaí náisiúnta, fad a bheidh sin ag teacht le príomhghníomhaíochtaí na gcomhlachtaí sin. Ba cheart, dá réir sin, a threisiú gur cheart gurbh é príomhchuspóir na gcomhlachtaí creidiúnaithe náisiúnta i gcónaí tacú le gníomhaíochtaí, nó a bheith páirteach go gníomhach i ngníomhaíochtaí nach bhfuil aidhm bhrabúsach leo.

(15)

Ós rud é gurb éard is cuspóir le creidiúnú, ráiteas údarásach a sholáthar faoi inniúlacht comhlachta chun gníomhaíochtaí measúnaithe comhréireachta a dhéanamh, níor cheart go ndéanfadh na Ballstáit cothabháil ar níos mó ná comhlacht creidiúnaithe náisiúnta amháin agus ba cheart dóibh a áirithiú go n-eagraítear an comhlacht sin ar shlí a dhéanfaidh coimirce ar oibiachtúlacht agus neamhchlaontacht a ghníomhaíochtaí. Ba cheart do chomhlachtaí creidiúnaithe náisiúnta den sórt sin feidhmiú go neamhspleách ar ghníomhaíochtaí measúnaithe chomhréireachta tráchtála. Is iomchuí mar sin a fhoráil go n-áiritheoidh na Ballstáit, agus a dtascanna á gcur i gcrích dóibh, go mbeidh údarás poiblí ag comhlachtaí creidiúnaithe náisiúnta, beag beann ar a stádas dlíthiúil.

16)

Chun measúnú agus monatóireacht leanúnach a dhéanamh ar inniúlacht comhlachta um measúnú comhréireachta, tá sé fíor-riachtanach go gcinnfí an t-eolas teicniúil agus an taithí atá aige agus an cumas atá ann measúnú a dhéanamh. Dá bhrí sin, caithfidh an t-eolas ábhartha, an inniúlacht agus na hacmhainní chun a chuid tascanna a fheidhmiú mar is iomchuí a bheith ag an gcomhlacht creidiúnaithe náisiúnta.

(17)

Ba cheart i bprionsabal go bhfeidhmeodh creidiúnú mar ghníomhaíocht fhéinchothaitheach. Ba cheart do na Ballstáit a áirithiú go bhfuil tacaíocht airgeadais ann chun tascanna speisialta a chomhlíonadh.

(18)

Sna cásanna sin nuair nach mbeidh sé fóinteach ná inbhuanaithe do Bhallstát ó thaobh na heacnamaíochta de comhlacht creidiúnaithe náisiúnta a bhunú, ba cheart go rachadh an Ballstát sin ar iontaoibh comhlachta creidiúnaithe náisiúnta Ballstáit eile agus ba cheart é a spreagadh chun a oiread tairbhe agus is féidir a bhaint as an deis sin.

(19)

De thoradh na hiomaíochta idir chomhlachtaí creidiúnaithe náisiúnta d'fhéadfaí go ndéanfaí tráchtálú ar a ngníomhaíocht, rud a bheadh ar neamhréir leis an ról atá acu mar an leibhéal deiridh rialaithe ar shlabhra an mheasúnaithe chomhréireachta. Is é cuspóir an Rialacháin seo a áirithiú, laistigh den Aontas Eorpach, go mbeidh deimhniú creidiúnaithe amháin ann a bheidh leordhóthanach do chríoch iomlán an Aontais agus go seachnófar creidiúnú iolrach, a mbeadh costas breise leis ach nach mbeadh aon fhiúntas breise leis. D'fhéadfadh comhlachtaí creidiúnaithe náisiúnta a bheith in iomaíocht lena chéile ar mhargaí tríú tíortha, ach ní fhéadfadh aon tionchar a bheith aige sin ar a ngníomhaíochtaí laistigh den Chomhphobal, ná ar na gníomhaíochtaí comhair agus meastóireachta piara a eagraíonn an comhlacht a aithnítear faoin Rialachán seo.

(20)

Chun creidiúnú iolrach a sheachaint, chun cur le haitheantas agus leis an nglacadh atá le deimhnithe creidiúnaithe agus le monatóireacht éifeachtúil a dhéanamh ar chomhlachtaí creidiúnaithe um measúnú comhréireachta, ba cheart go n-iarrfadh comhlachtaí um measúnú comhréireachta creidiúnú ó chomhlacht creidiúnaithe náisiúnta an Bhallstáit a bhfuil a gceanncheathrú acu ann. Mar sin féin, ní mór a áirithiú go bhfuil an deis ag comhlacht measúnaithe náisiúnta creidiúnú a iarraidh i mBallstát eile nuair nach bhfuil aon chomhlacht creidiúnaithe náisiúnta ina Bhallstát féin nó nuair nach bhfuil comhlacht creidiúnaithe náisiúnta ábalta na seirbhísí creidiúnaithe a iarrtar a chur ar fáil. I gcásanna den sórt sin, ba cheart go mbunófaí comhoibriú iomchuí agus malartú faisnéise iomchuí idir chomhlachtaí creidiúnaithe náisiúnta.

(21)

Chun a áirithiú go gcomhlíonann comhlachtaí creidiúnaithe náisiúnta na ceanglais agus na hoibleagáidí dá bhforáiltear sa Rialachán seo, tá sé tábhachtach go dtacódh na Ballstáit le feidhmiú ceart an chórais chreidiúnaithe, go ndéanfaidís monatóireacht go rialta ar a gcuid comhlachtaí creidiúnaithe náisiúnta agus go nglacfaidís bearta iomchuí ceartúcháin laistigh de fhráma ama réasúnta nuair is gá.

(22)

Chun coibhéis i leibhéal cumais na gcomhlachtaí um measúnú comhréireachta a áirithiú, chun aitheantas frithpháirteach a éascú agus chun glacadh foriomlán na ndeimhnithe creidiúnaithe agus thorthaí na measúnuithe comhréireachta a eisíonn comhlachtaí creidiúnaithe a chur chun cinn, caithfidh comhlachtaí creidiúnaithe náisiúnta córas dian, trédhearcach meastóireachta a fheidhmiú agus meastóireacht den sórt sin a dhéanamh go rialta orthu.

(23)

Ba cheart go bhforálfaí leis an Rialachán seo go dtabharfaí aitheantas d'eagraíocht aonair ar leibhéal na hEorpa i ndáil le feidhmeanna áirithe i réimse an chreidiúnaithe. Tá bainistiú á dhéanamh ag an gComhar Eorpach um Chreidiúnú (an ‘CC’), arb é a phríomh-mhisean córas trédhearcach, arna threorú ag cáilíocht, a chur chun cinn chun meastóireacht a dhéanamh ar inniúlacht comhlachtaí um measúnú comhréireachta ar fud na hEorpa, ar chóras meastóireachta piara i measc na gcomhlachtaí creidiúnaithe náisiúnta ó na Ballstáit agus ó thíortha Eorpacha eile. Tá sé léirithe go bhfuil an córas sin éifeachtach agus go bhfuil muinín fhrithpháirteach cothaithe aige. Ba cheart, dá bhrí sin, gurb é an CC an chéad chomhlacht a dtabharfaí aitheantas dó faoin Rialachán seo agus ba cheart do na Ballstáit a áirithiú go n-iarrfaidh a gcuid comhlachtaí creidiúnaithe náisiúnta comhaltas ar an CC, agus go gcoimeádfaidh siad an comhaltas sin, fad a bheidh an t-aitheantas sin aige. Ag an am céanna, ba cheart go bhforálfaí don fhéidearthacht go bhféadfaí an comhlacht iomchuí a shainaithnítear faoin Rialachán seo a athrú, ar fhaitíos go mbeadh gá leis sin sa todhchaí.

(24)

Tá comhoibriú éifeachtúil idir chomhlachtaí creidiúnaithe náisiúnta fíor-riachtanach chun meastóireacht phiara a chur chun feidhme i gceart agus maidir le creidiúnú trasteorann. Ar mhaithe le trédhearcacht, mar sin, tá sé riachtanach a fhoráil go gcuirfí d'oibleagáid ar chomhlachtaí creidiúnaithe náisiúnta faisnéis a mhalartú eatarthu féin agus faisnéis a bhaineann le hábhar a chur ar fáil do na húdaráis náisiúnta agus don Choimisiún. Ba cheart go gcuirfí faisnéis ar fáil don phobal a bheadh cruinn agus cothrom le dáta maidir leis an bhfáil atá ar ghníomhaíochtaí creidiúnaithe a dhéanann comhlachtaí creidiúnaithe náisiúnta agus, dá bhrí sin, ba cheart go dtabharfaí rochtain do chomhlachtaí um measúnú comhréireachta uirthi, go háirithe.

(25)

Ba cheart go gcumhdódh na scéimeanna creidiúnaithe earnálacha na réimsí gníomhaíochta i gcás nach leor na ceanglais ghinearálta maidir le hinniúlacht comhlachtaí um measúnú comhréireachta chun an leibhéal cosanta is gá a áirithiú i gcás go bhforchuirtear ceanglais shonracha a bhaineann le teicneolaíocht nó sláinte agus sábháilteacht. Ós rud é go bhfuil réimse leathan saineolais theicniúil ar fáil don CC, ba cheart go n-iarrfaí air scéimeanna den sórt sin a fhorbairt, go háirithe le haghaidh réimsí a chumhdaítear faoin reachtaíocht Chomhphobail.

(26)

D'fhonn a áirithiú go ndéantar an reachtaíocht Chomhphobail um chomhchuibhiú a fhorghníomhú go coibhéiseach agus go comhsheasmhach, bunaítear leis an Rialachán seo creat Comhphobail maidir le faireachas margaidh, lena sainmhínítear na ceanglais íosta maidir leis na cuspóirí atá le baint amach ag na Ballstáit agus creat maidir le comhoibriú riaracháin lena n-áirítear malartú faisnéise idir na Ballstáit.

(27)

I gcás ina mbeidh tuarascálacha tástála nó deimhnithe lena bhfianaítear comhréireacht ag oibreoirí eacnamaíocha, ar tuarascálacha nó deimhnithe iad a d'eisigh comhlacht creidiúnaithe um measúnú comhréireachta agus nach n-éilíonn an reachtaíocht Chomhphobail um chomhchuibhiú na tuarascálacha nó na deimhnithe sin, ba cheart do na húdaráis um fhaireachas margaidh aird chuí a thabhairt orthu agus iad ag déanamh seiceálacha ar shaintréithe an táirge.

(28)

Beidh comhoibriú idir údaráis inniúla ar an leibhéal náisiúnta agus trasna teorainneacha chun faisnéis a mhalartú, sáruithe a imscrúdú agus gníomh a ghlacadh chun stad a chur leo, fiú sula gcuirfear táirgí contúirteacha ar an margadh, trí bhearta a neartú chun iad a shainaithint, i gcalafoirt, go príomha, fíor-riachtanach chun sláinte agus sábháilteacht a chosaint agus chun feidhmiú réidh an mhargaidh inmheánaigh a áirithiú. Ba cheart do na húdaráis cosanta tomhaltóirí náisiúnta comhoibriú, ar leibhéal náisiúnta, leis na húdaráis náisiúnta um fhaireachas margaidh agus ba cheart dóibh faisnéis a mhalartú leo maidir le táirgí a bhfuiltear in amhras fúthu go bhfuil riosca ag baint leo.

(29)

Ba cheart go gcuirfí na sonraí iomchuí go léir san áireamh sa mheasúnú riosca, lena n-áirítear, i gcás ina mbíonn fáil orthu, sonraí maidir le rioscaí iarbhír i ndáil leis an táirge lena mbaineann. Ba cheart aon bheart a d'fhéadfadh a bheith glactha ag na hoibreoirí eacnamaíocha maidir leis na rioscaí a laghdú a chur san áireamh freisin.

(30)

I gcás ina mbíonn riosca tromchúiseach ag baint le táirge, bíonn gá le hidirghabháil mhear, idirghabháil a bhféadfadh sé a bheith ag gabháil léi go ndéanfaí an táirge a tharraingt siar ón margadh nó a aisghairm nó a thoirmeasc óna bheith ar fáil ar an margadh. I gcásanna den sórt sin caithfear fáil a bheith ar chóras luathmhalartaithe faisnéise idir na Ballstáit agus an Coimisiún. Tá sé cruthaithe ag an gcóras dá bhforáiltear le hAirteagal 12 de Threoir 2001/95/CE a éifeachtúlaí agus a éifeachtaí atá sé sa réimse táirgí tomhaltóirí. Chun dúbailt nach bhfuil gá léi a sheachaint, ba cheart an córas sin a úsáid chun críocha an Rialacháin seo. Ina theannta sin, éilíonn faireachas comhleanúnach margaidh ar fud an Chomhphobail nach mór malartú cuimsitheach faisnéise a bheith ann faoi ghníomhaíochtaí náisiúnta sa chomhthéacs seo, rud a théann thar chumas an chórais seo.

(31)

Ba cheart go mbeadh faisnéis a mhalartaítear idir údaráis inniúla faoi réir na ráthaíochtaí is déine maidir le rúndacht agus rúndacht ghairmiúil agus go láimhseálfaí iad i gcomhréir leis na rialacha maidir le rúndacht de bhun an dlí náisiúnta is infheidhme nó, maidir leis an gCoimisiún, Rialachán (CE) Uimh. 1049/2001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 30 Bealtaine 2001 maidir le rochtain phoiblí ar dhoiciméid de chuid Pharlaimint na hEorpa, na Comhairle agus an Choimisiúin (5), chun a áirithiú nach gcuirfear imscrúduithe i gcontúirt agus nach ndéanfar dochar do chlú oibreoirí eacnamaíocha. Tá feidhm ag Treoir 95/46/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 24 Deireadh Fómhair 1995 maidir le daoine aonair a chosaint i dtaca le próiseáil sonraí pearsanta agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin (6) agus ag Rialachán (CE) Uimh. 45/2001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 18 Nollaig 2000 maidir le daoine aonair a chosaint i ndáil le sonraí pearsanta a phróiseáil ag institiúidí agus ag comhlachtaí an Chomhphobail agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin (7) i gcomhthéacs an Rialacháin seo.

(32)

Leis an reachtaíocht Chomhphobail um chomhchuibhiú déantar foráil maidir le nósanna imeachta sonracha lena suitear cibé acu an bhfuil údar maith le beart náisiúnta a chuireann srian le saorghluaiseacht táirge nó nach bhfuil (nósanna imeachta an chlásail coimirce). Beidh feidhm ag na nósanna imeachta sin tar éis luathmhalartú faisnéise ar tháirgí a bhfuil riosca tromchúiseach ag baint leo.

(33)

Is áit mhaith iad na pointí iontrála ag na teorainneacha seachtracha chun teacht ar tháirgí contúirteacha neamh-chomhréireacha nó táirgí a mbíonn an marc CE curtha orthu go falsa nó ar shlí mhíthreorach fiú sula gcuirfear ar an margadh iad. Is féidir, dá bhrí sin, rannchuidiú le margadh níos sábháilte ach oibleagáid a chur ar na húdaráis atá i mbun rialú a dhéanamh ar tháirgí a thagann isteach i margadh an Chomhphobail seiceálacha a dhéanamh ar scála leordhóthanach. Chun éifeachtúlacht seiceálacha den sórt sin a mhéadú, ba cheart do na húdaráis chustaim an fhaisnéis go léir is gá maidir le táirgí contúirteacha neamh-chomhréireacha a fháil ó na húdaráis um fhaireachas margaidh i bhfad roimh ré.

(34)

Le Rialachán (CEE) Uimh. 339/93 ón gComhairle an 8 Feabhra 1993 maidir le seiceálacha ar chomhlíonadh na rialacha maidir le sábháilteacht táirgí i gcás táirgí arna n-allmhairiú ó thríú tíortha (8) leagtar síos rialacha maidir le táirgí a scaoileadh i saorchúrsaíocht ag údaráis chustaim a fhionraí agus déantar foráil maidir le bearta breise lena n-áirítear rannpháirteachas údarás um fhaireachas margaidh. Is iomchuí, dá bhrí sin, go ndéanfar na forálacha sin, lena n-áirítear rannpháirteachas údarás um fhaireachas margaidh, a ionchorprú sa Rialachán seo.

(35)

Léiríonn an taithí ar an ábhar gur minic a dhéantar táirgí nach scaoiltear i saorchúrsaíocht a ath-onnmhairiú agus go dtagann siad isteach i margadh an Chomhphobail ag pointí iontrála eile dá éis sin, rud a bhaineann bonn ó iarrachtaí na n-údarás custaim. Ba cheart mar sin deis a thabhairt do na húdaráis um fhaireachas margaidh dul ar aghaidh agus táirgí a scriosadh má mheasann siad gur iomchuí sin a dhéanamh.

(36)

Laistigh de bhliain ón tráth a bhfoilseofar an Rialachán seo in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh, ba cheart don Choimisiún grinnanailís i réimse na marcanna um shábháilteacht an tomhaltóra a thíolacadh, agus tograí reachtacha ina dhiaidh sin, más gá.

(37)

Is é an marc CE, lena léirítear comhréireacht táirge, an iarmhairt infheicthe ar phróiseas iomlán a chuimsíonn measúnú comhréireachta sa chiall is leithne. Ba cheart go leagfaí amach na prionsabail ghinearálta a rialaíonn an marc CE sa Rialachán seo ionas go mbeidh siad infheidhme láithreach agus chun go ndéanfar an reachtaíocht a bheidh ann amach anseo a shimpliú.

(38)

Ba cheart gurbh é an marc CE an t-aon mharc comhréireachta lena léireofaí go bhfuil an táirge i gcomhréir leis an reachtaíocht Chomhphobail um chomhchuibhiú. Mar sin féin, féadfar marcanna eile a úsáid fad go gcuireann siad le cosaint níos fearr a thabhairt don tomhaltóir, agus fad nach mbeidh siad cumhdaithe ag an reachtaíocht Chomhphobail um chomhchuibhiú.

(39)

Caithfidh na Ballstáit foráil do dheis chuí sásaimh sna cúirteanna inniúla agus sna binsí inniúla i ndáil le bearta a ghlacann na húdaráis inniúla lena gcuirtear srian ar tháirge a chur ar an margadh nó lena n-éilítear an táirge sin a tharraingt siar nó a aisghairm.

(40)

D'fhéadfadh sé a bheith úsáideach do na Ballstáit comhoibriú a bhunú leis na páirtithe leasmhara lena mbaineann, lena n-áirítear eagraíochtaí gairmiúla earnálacha agus eagraíochtaí tomhaltóirí, chun tairbhe a bhaint as an bhfaisnéis atá ar fáil faoin margadh agus cláir um fhaireachas margaidh á mbunú, á gcur chun feidhme agus á dtabhairt cothrom le dáta.

(41)

Ba cheart do na Ballstáit rialacha a leagan síos maidir leis na pionóis is infheidhme maidir le sáruithe ar fhorálacha an Rialacháin seo agus a áirithiú go gcuirfear chun feidhme iad. Ba cheart do na pionóis sin a bheith éifeachtúil, comhréireach agus athchomhairleach agus d'fhéadfaí iad a mhéadú dá mba rud é go raibh sárú comhchosúil ar fhorálacha an Rialacháin seo déanta ag an oibreoir eacnamaíoch iomchuí roimhe sin.

(42)

Chun cuspóirí an Rialacháin seo a bhaint amach, caithfidh an Comhphobal ranníocaíochtaí a dhéanamh maidir le maoiniú gníomhaíochtaí a bhfuil gá leo chun beartais i réimse an chreidiúnaithe agus an fhaireachais margaidh a chur chun feidhme. Ba cheart maoiniú a chur ar fáil i bhfoirm deontas don chomhlacht a aithnítear faoin Rialachán seo gan glao ar thairiscintí, i bhfoirm deontas tar éis glao ar thairiscintí, nó trí chonarthaí a dhámhachtain ar an gcomhlacht sin nó ar chomhlachtaí eile, ag brath ar chineál na gníomhaíochta a bheidh le maoiniú agus i gcomhréir le Rialachán (CE, Euratom) Uimh. 1605/2002 ón gComhairle an 25 Meitheamh 2002 maidir leis an Rialachán Airgeadais is infheidhme maidir le buiséad ginearálta na gComhphobal Eorpach (9) (‘an Rialachán Airgeadais’).

(43)

Maidir le roinnt tascanna speisialaithe, ar nós scéimeanna earnálacha creidiúnaithe a chur le chéile agus a athbhreithniú, agus tascanna eile a bhaineann le fíorú an chumais theicniúil agus le saoráidí saotharlann agus comhlachtaí deimhniúcháin nó iniúchta, ba cheart go mbeadh an CC i dteideal maoiniú a fháil ón gComhphobal i dtús báire, ós rud é go bhfuil sé in ann an taithí theicniúil is gá a chur ar fáil i dtaca leis sin.

(44)

I bhfianaise ról an chomhlachta a aithnítear faoin Rialachán seo maidir le meastóireacht phiara ar chomhlachtaí creidiúnaithe agus i bhfianaise a chumais cuidiú leis na Ballstáit chun an mheastóireacht phiara sin a bhainistiú, ba cheart go mbeadh an Coimisiún i riocht deontais a chur ar fáil d'fheidhmiú rúnaíocht an chomhlachta a aithnítear faoin Rialachán seo ar cheart di tacaíocht leanúnach a thabhairt do ghníomhaíochtaí creidiúnaithe ar leibhéal an Chomhphobail.

(45)

Ba cheart comhaontú comhpháirtíochta a shíniú, i gcomhréir le forálacha an Rialacháin Airgeadais, idir an Coimisiún agus an comhlacht a aithnítear faoin Rialachán seo chun na rialacha riaracháin agus airgeadais maidir le maoiniú gníomhaíochtaí creidiúnaithe a shocrú.

(46)

Ina theannta sin, ba cheart go mbeadh maoiniú ar fáil freisin do chomhlachtaí seachas an comhlacht a aithnítear faoin Rialachán seo i ndáil le gníomhaíochtaí eile a bhaineann le measúnú comhréireachta, méadreolaíocht, creidiúnú agus faireachas margaidh, ar nós treoirlínte a tharraingt suas agus a thabhairt cothrom le dáta, gníomhaíochtaí idirchomparáideacha atá nasctha le hoibriú clásal coimirce, réamhghníomhaíochtaí nó gníomhaíochtaí coimhdeacha i dtaca le cur chun feidhme na reachtaíochta Comhphobail sna réimsí sin agus sna cláir chúnaimh theicniúil sin agus comhoibriú le tríú tíortha mar aon le feabhsú na mbeartas sna réimsí sin ar leibhéal an Chomhphobail agus ar leibhéal idirnáisiúnta.

(47)

Urramaítear leis an Rialachán seo na cearta bunúsacha agus na prionsabail atá léirithe i gCairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh.

(48)

Ó tharla nach féidir leis na Ballstáit cuspóir an Rialacháin seo, eadhon a áirithiú go gcomhlíonann táirgí atá ar an margadh agus a chumhdaítear faoin reachtaíocht Chomhphobail ceanglais lena gcuirtear ardleibhéal cosanta ar fáil do shláinte agus do shábháilteacht agus do leasanna eile an phobail agus feidhmiú an mhargaidh inmheánaigh á ráthú trí chreat a chur ar fáil maidir le creidiúnú agus faireachas margaidh, a bhaint amach go leordhóthanach agus gur fearr, dá bhrí sin, de bharr fhairsinge agus iarmhairtí an Rialacháin, féadfar an cuspóir sin a bhaint amach ar leibhéal an Chomhphobail, féadfaidh an Comhphobal bearta a ghlacadh i gcomhréir le prionsabal na coimhdeachta a leagtar amach in Airteagal 5 den Chonradh. I gcomhréir le prionsabal na comhréireachta a leagtar amach san Airteagal sin, ní théann an Rialachán seo thar a bhfuil riachtanach chun an cuspóir sin a bhaint amach,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

CAIBIDIL I

FORÁLACHA GINEARÁLTA

Airteagal 1

Ábhar agus raon feidhme

1.   Leagtar síos leis an Rialachán seo rialacha maidir le creidiúnú comhlachtaí measúnaithe comhréireachta a fheidhmíonn gníomhaíochtaí measúnaithe chomhréireachta a eagrú agus a oibriú.

2.   Leis an Rialachán seo cuirtear creat ar fáil freisin le haghaidh faireachas margaidh a dhéanamh i leith táirgí chun a áirithiú go gcomhlíonann na táirgí sin ceanglais lena gcuirtear ardleibhéal cosanta ar fáil do leasanna an phobail, amhail sláinte agus sábháilteacht i gcoitinne, sláinte agus sábháilteacht san ionad oibre, cosaint tomhaltóirí, caomhnú an chomhshaoil agus cosaint slándála.

3.   Leis an Rialachán seo cuirtear creat ar fáil maidir le rialuithe táirgí ó thríú tíortha.

4.   Leagtar síos leis an Rialachán seo prionsabail ghinearálta an mhairc CE.

Airteagal 2

Sainmhínithe

Chun críocha an Rialacháin seo, beidh feidhm ag na sainmhínithe seo a leanas:

1)

ciallóidh ‘a chur ar fáil ar an margadh’ aon soláthar táirge lena dháileadh, lena thomhailt nó lena úsáid ar mhargadh an Chomhphobail le linn gníomhaíochta tráchtála, bíodh sin ar íocaíocht nó saor in aisce;

2)

ciallóidh ‘a chur ar an margadh’ táirge a chur ar fáil ar mhargadh an Chomhphobail den chéad uair;

3)

ciallóidh ‘monaróir’ aon duine nádúrtha nó dlítheanach a mhonaraíonn táirge nó a chuireann táirge á dhearadh nó á mhonarú, agus a mhargaíonn an táirge sin faoina ainm nó faoina thrádmharc;

4)

ciallóidh ‘ionadaí údaraithe’ aon duine nádúrtha nó aon duine dlítheanach atá bunaithe laistigh den Chomhphobal a bhfuil sainordú i scríbhinn faighte aige ó mhonaróir chun gníomhú thar a cheann i dtaca le tascanna sainithe maidir le hoibleagáidí an mhonaróra faoin reachtaíocht iomchuí Chomhphobail;

5)

ciallóidh ‘allmhaireoir’ aon duine nádúrtha nó dlítheanach atá bunaithe sa Chomhphobal agus a chuireann táirge ó thríú tír ar mhargadh an Chomhphobail;

6)

ciallóidh ‘dáileoir’ aon duine nádúrtha nó dlítheanach sa slabhra soláthair, seachas monaróir nó allmhaireoir, a chuireann táirge ar fáil ar an margadh;

7)

ciallóidh ‘oibreoirí eacnamaíocha’ an monaróir, an t-ionadaí údaraithe, an t-allmhaireoir agus an dáileoir;

8)

ciallóidh ‘sonraíocht theicniúil’ doiciméad lena bhforordaítear na ceanglais theicniúla a chaithfidh táirge, próiseas nó seirbhís a chomhlíonadh;

9)

ciallóidh ‘caighdeán comhchuibhithe’ caighdeán arna ghlacadh ag ceann de na comhlachtaí caighdeánaithe Eorpacha atá liostaithe in Iarscríbhinn I a ghabhann le Treoir 98/34/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 22 Meitheamh 1998 lena leagtar síos nós imeachta maidir le soláthar faisnéise i réimse na gcaighdeán agus na Rialachán teicniúil agus rialacha maidir le seirbhísí na Sochaí Faisnéise (10) bunaithe ar iarraidh arna dhéanamh ag an gCoimisiún i gcomhréir le hAirteagal 6 den Treoir sin;

10)

ciallóidh ‘creidiúnú’ fianú ó chomhlacht creidiúnaithe náisiúnta go gcomhlíonann comhlacht um measúnú comhréireachta na ceanglais a leagtar síos le caighdeáin chomhchuibhithe chun gníomhaíocht measúnaithe chomhréireachta shonrach a chur i gcrích agus, i gcás inarb infheidhme, aon cheanglais bhreise, lena n-áirítear ceanglais a leagtar amach i scéimeanna ábhartha earnálacha;

11)

ciallóidh ‘comhlacht creidiúnaithe náisiúnta’ an t-aon chomhlacht amháin i mBallstát a dhéanann creidiúnú agus a mbeidh údarás faighte aige chuige sin ón Stát;

12)

ciallóidh ‘measúnú comhréireachta’ an próiseas lena léirítear cibé ar comhlíonadh ceanglais shainiúla a bhaineann le táirge, próiseas, seirbhís, córas, duine nó comhlacht;

13)

ciallóidh ‘comhlacht um measúnú comhréireachta’ comhlacht a dhéanann gníomhaíochtaí measúnaithe chomhréireachta, lena n-áirítear calabrú, tástáil, deimhniúchán agus cigireacht;

14)

ciallóidh ‘aisghairm’ aon bheart a bhfuil sé d'aidhm leis táirge a bhíonn curtha ar fáil cheana féin don úsáideoir críochnaitheach a fháil ar ais;

15)

ciallóidh ‘tarraingt siar’ aon bheart a bhfuil sé d'aidhm leis cosc a chur le táirge sa slabhra soláthair a chur ar fáil ar an margadh;

16)

ciallóidh ‘meastóireacht phiara’ próiseas ina measann comhlachtaí creidiúnaithe náisiúnta eile comhlacht creidiúnaithe náisiúnta, agus a dhéantar i gcomhréir le ceanglais an Rialacháin seo, agus, i gcás inarb infheidhme, sonraíochtaí teicniúla earnálacha breise;

17)

ciallóidh ‘faireachas margaidh’ gníomhaíochtaí a dhéanann na húdaráis phoiblí agus bearta a ghlacann siad lena áirithiú go gcomhlíonann táirgí na ceanglais a leagtar amach sa reachtaíocht ábhartha Chomhphobail um chomhchuibhiú agus nach mbíonn na táirgí ina riosca do shláinte, do shábháilteacht nó d'aon ghné eile de chosaint leas an phobail;

18)

ciallóidh ‘údarás um fhaireachas margaidh’ údarás Ballstáit a bhíonn freagrach as faireachas margaidh a dhéanamh ina chríoch féin;

19)

ciallóidh ‘scaoileadh i saorchúrsaíocht’ an nós imeachta a leagtar síos in Airteagal 79 de Rialachán (CEE) Uimh. 2913/92 ón gComhairle an 12 Deireadh Fómhair 1992 lena mbunaítear Cód Custaim an Chomhphobail (11);

20)

ciallóidh ‘an marc CE’ marc lena léiríonn an monaróir go bhfuil an táirge i gcomhréir leis na ceanglais atá infheidhme agus a leagtar síos sa reachtaíocht Chomhphobail um chomhchuibhiú lena bhforáiltear maidir leis an marc sin a chur ar an táirge;

21)

ciallóidh ‘an reachtaíocht Chomhphobail um chomhchuibhiú’ aon reachtaíocht lena ndéantar comhchuibhiú ar na coinníollacha do mhargú na dtáirgí.

CAIBIDIL II

CREIDIÚNÚ

Airteagal 3

Raon feidhme

Beidh feidhm ag an gCaibidil seo maidir le creidiúnú, a úsáidtear ar bhonn éigeantach nó ar bhonn deonach, agus a bhaineann le measúnú comhréireachta, bíodh an measúnú sin éigeantach nó ná bíodh, agus gan spleáchas do stádas dlíthiúil an chomhlachta a dhéanann an creidiúnú.

Airteagal 4

Prionsabail ghinearálta

1.   Ceapfaidh gach Ballstát comhlacht creidiúnaithe náisiúnta amháin.

2.   Má mheasann Ballstát nach bhfuil sé fóinteach ná inbhuanaithe ó thaobh na heacnamaíochta de comhlacht creidiúnaithe náisiúnta a bheith aige nó seirbhísí creidiúnaithe áirithe a chur ar fáil, rachaidh sé, a mhéad is féidir, ar iontaoibh comhlachta creidiúnaithe náisiúnta Ballstáit eile.

3.   Cuirfidh Ballstát in iúl don Choimisiún agus do na Ballstáit eile má théann sé, i gcomhréir le mír 2, ar iontaoibh comhlachta creidiúnaithe náisiúnta Ballstáit eile.

4.   Bunaithe ar an bhfaisnéis dá dtagraítear i mír 3 agus in Airteagal 12, tarraingeoidh an Coimisiún suas liosta de chomhlachtaí creidiúnaithe náisiúnta, a chuirfidh sé ar fáil don phobal, agus tabharfaidh sé cothrom le dáta é.

5.   I gcás nach mbeidh an creidiúnú á dhéanamh go díreach ag na húdaráis phoiblí féin, cuirfidh Ballstát oibriú an chreidiúnaithe faoi chúram a chomhlachta creidiúnaithe náisiúnta amhail agus gur gníomhaíocht údaráis phoiblí é agus deonóidh sé aitheantas foirmiúil dó.

6.   Beidh idirdhealú soiléir idir freagrachtaí agus tascanna an chomhlachta creidiúnaithe náisiúnta agus freagrachtaí agus tascanna na n-údarás náisiúnta eile.

7.   Feidhmeoidh an comhlacht creidiúnaithe náisiúnta ar bhonn neamhbhrabúis.

8.   Ní thairgfidh ná ní sholáthróidh an comhlacht creidiúnaithe náisiúnta aon ghníomhaíochtaí nó seirbhísí a sholáthraíonn comhlachtaí um measúnú comhréireachta, ná ní sholáthróidh sé seirbhísí comhairliúcháin, ní bheidh scaireanna aige i gcomhlacht um measúnú comhréireachta ná ní bheidh leas airgeadais ná bainistíochta aige ann ar shlí eile.

9.   Áiritheoidh gach Ballstát go mbeidh na hacmhainní airgeadais agus pearsanra iomchuí ag a chomhlacht creidiúnaithe náisiúnta chun a chuid tascanna a fheidhmiú mar is iomchuí, lena n-áirítear comhlíonadh tascanna ar leith, amhail gníomhaíochtaí maidir le comhar Eorpach agus idirnáisiúnta maidir le creidiúnú agus gníomhaíochtaí a gceanglaítear iad chun tacú le beartas poiblí agus nach gníomhaíochtaí féinmhaoinithe iad.

10.   Beidh an comhlacht creidiúnaithe náisiúnta ina chomhalta den chomhlacht a aithnítear faoi Airteagal 14.

11.   Bunóidh na comhlachtaí creidiúnaithe náisiúnta struchtúir chuí, agus coinneoidh siad ar bun iad, chun rannpháirtíocht éifeachtúil, chothrom na bpáirtithe leasmhara go léir a áirithiú, idir pháirtithe leasmhara laistigh dá n-eagraíochtaí faoi seach agus an comhlacht a aithnítear faoi Airteagal 14.

Airteagal 5

Oibriú an chreidiúnaithe

1.   Measfaidh comhlacht creidiúnaithe náisiúnta, nuair a iarrfaidh comhlacht um measúnú comhréireachta sin air, cibé an bhfuil an comhlacht um measúnú comhréireachta inniúil ar an ngníomhaíocht measúnaithe chomhréireachta shonrach sin a chur i gcrích. I gcás ina bhfionntar go bhfuil sé inniúil, eiseoidh an comhlacht creidiúnaithe náisiúnta deimhniú creidiúnaithe chuige sin.

2.   Nuair a chinnfidh Ballstát gan úsáid a bhaint as creidiúnú, soláthróidh sé don Choimisiún agus do na Ballstáit eile an fhianaise dhoiciméadach go léir is gá chun fíorú a dhéanamh ar inniúlacht na gcomhlachtaí um measúnú comhréireachta a bheidh roghnaithe aige chun an reachtaíocht Chomhphobail um chomhchuibhiú a bheidh i gceist a chur chun feidhme.

3.   Déanfaidh na comhlachtaí creidiúnaithe náisiúnta monatóireacht ar na comhlachtaí um measúnú comhréireachta a mbeidh deimhniú creidiúnaithe eisithe acu dóibh.

4.   I gcás ina bhfaighidh comhlacht creidiúnaithe náisiúnta amach nach bhfuil comhlacht um measúnú comhréireachta a bhfuil deimhniú creidiúnaithe faighte aige inniúil ar ghníomhaíocht measúnaithe chomhréireachta shonrach a chur i gcrích a thuilleadh nó go bhfuil sárú tromchúiseach déanta aige ar a chuid oibleagáidí, glacfaidh an comhlacht creidiúnaithe sin gach beart is iomchuí laistigh de fhráma ama réasúnta chun an deimhniú creidiúnaithe a shrianadh, a fhionraí nó a tharraingt siar.

5.   Bunóidh na Ballstáit nósanna imeachta chun achomhairc a réiteach, lena n-áirítear, i gcás inarb iomchuí, réitigh dhlíthiúla i gcoinne cinntí creidiúnaithe nó i gcoinne easpa cinntí creidiúnaithe.

Airteagal 6

Prionsabal na neamh-iomaíochta

1.   Ní rachaidh comhlachtaí creidiúnaithe náisiúnta in iomaíocht le comhlachtaí um measúnú comhréireachta.

2.   Ní rachaidh comhlachtaí creidiúnaithe náisiúnta in iomaíocht le comhlachtaí creidiúnaithe náisiúnta eile.

3.   Beidh cead ag comhlachtaí creidiúnaithe náisiúnta feidhmiú trasna teorainneacha náisiúnta, laistigh de chríoch Ballstáit eile, ar iarratas ó chomhlacht um measúnú comhréireachta sna himthosca a leagtar amach in Airteagal 7(1), nó, má iarrann comhlacht creidiúnaithe náisiúnta orthu sin a dhéanamh i gcomhréir le hAirteagal 7(3), i gcomhar le comhlacht creidiúnaithe náisiúnta an Bhallstáit sin.

Airteagal 7

Creidiúnú trasteorann

1.   I gcás ina n-iarrfaidh comhlacht um measúnú comhréireachta creidiúnú, is chuig comhlacht creidiúnaithe náisiúnta an Bhallstáit ina mbeidh sé bunaithe nó chuig an gcomhlacht creidiúnaithe a mbeidh an Ballstát dulta ar a iontaoibh a dhéanfaidh sé an t-iarratas, i gcomhréir le hAirteagal 4(2).

Féadfaidh comhlacht um measúnú comhréireachta, áfach, creidiúnú ó chomhlacht creidiúnaithe náisiúnta a iarraidh, seachas na comhlachtaí creidiúnaithe náisiúnta dá dtagraítear sa chéad fhomhír, in aon cheann de na himthosca a leanas:

(a)

i gcás inar chinn an Ballstát ina bhfuil sé bunaithe gan comhlacht creidiúnaithe náisiúnta a bhunú agus nach ndeachaidh sé ar iontaoibh comhlachta creidiúnaithe náisiúnta Ballstáit eile i gcomhréir le hAirteagal 4(2);

(b)

i gcás nach ndéanann na comhlachtaí creidiúnaithe dá dtagraítear sa chéad fhomhír creidiúnú i dtaca leis na gníomhaíochtaí measúnaithe chomhréireachta a bhfuil creidiúnú iarrtha ina leith;

(c)

i gcás nach bhfuil meastóireacht phiara faoi Airteagal 10, i dtaca leis na gníomhaíochtaí measúnaithe chomhréireachta a bhfuil an creidiúnú iarrtha ina leith, déanta go rathúil ar na comhlachtaí creidiúnaithe náisiúnta dá dtagraítear sa chéad fhomhír.

2.   I gcás ina bhfaighidh comhlacht creidiúnaithe náisiúnta iarratas de bhun mhír 1 (b) nó (c), cuirfidh sé é sin in iúl do chomhlacht creidiúnaithe náisiúnta an Bhallstáit ina bhfuil an comhlacht um measúnú comhréireachta iarrthach bunaithe. I gcásanna den sórt sin, féadfaidh comhlacht creidiúnaithe náisiúnta an Bhallstáit ina bhfuil an comhlacht um measúnú comhréireachta iarrthach bunaithe a bheith rannpháirteach mar bhreathnóir.

3.   Féadfaidh comhlacht creidiúnaithe náisiúnta a iarraidh ar chomhlacht creidiúnaithe náisiúnta eile cuid den ghníomhaíocht mheasúnaithe a chur i gcrích. Sa chás sin, eiseoidh an comhlacht iarrthach an deimhniú creidiúnaithe.

Airteagal 8

Ceanglais ar chomhlachtaí creidiúnaithe náisiúnta

Comhlíonfaidh comhlacht creidiúnaithe náisiúnta na ceanglais seo a leanas:

1)

beidh sé eagraithe ar shlí go mbeidh sé neamhspleách ar na comhlachtaí um measúnú comhréireachta a mbeidh measúnú á dhéanamh aige orthu agus ar bhrúnna tráchtála, agus ar shlí a áiritheoidh nach mbeidh aon choinbhleachtaí leasa le comhlachtaí um measúnú comhréireachta ann;

2)

beidh sé eagraithe agus riartha ar shlí a dhéanfaidh coimirce ar oibiachtúlacht agus neamhchlaontacht a chuid gníomhaíochtaí;

3)

áiritheoidh sé go mbeidh gach cinneadh a bhaineann le fianú na hinniúlachta glactha ag daoine inniúla nach iad na daoine céanna iad a rinne an measúnú;

4)

beidh socruithe leordhóthanacha déanta aige chun coimirce a dhéanamh ar rúndacht na faisnéise a gheofar;

5)

aithneoidh sé na gníomhaíochtaí measúnaithe comhréireachta a bhfuil sé inniúil ar chreidiúnú a dhéanamh orthu, ag tagairt, nuair is iomchuí, don reachtaíocht Chomhphobail nó don reachtaíocht náisiúnta agus do chaighdeáin;

6)

bunóidh sé na nósanna imeachta is gá chun bainistíocht éifeachtach agus rialuithe inmheánacha iomchuí a áirithiú;

7)

beidh líon comhaltaí foirne inniúla ar fáil dó ar leor é chun a chuid feidhmeanna a chomhlíonadh mar is iomchuí;

8)

déanfaidh sé tuairisciú ar dhualgais, ar fhreagrachtaí agus ar údaráis an phearsanra a d'fhéadfadh difear a dhéanamh do cháilíocht an mheasúnaithe agus d'fhianú na hinniúlachta;

9)

déanfaidh sé na nósanna imeachta maidir le monatóireacht a dhéanamh ar fheidhmíocht agus ar inniúlacht na gcomhaltaí foirne lena mbaineann a bhunú, a chur chun feidhme agus a chothabháil;

10)

fíoróidh sé go bhfuil measúnuithe comhréireachta á ndéanamh ar shlí chuí, rud a chiallaíonn nach gcuirfear ualaí nach bhfuil gá leo ar ghnóthais agus go dtugtar aird chuí ar mhéid gnóthais, ar an earnáil ina n-oibríonn sé, ar a struchtúr, ar a chasta a bhíonn an teicneolaíocht táirge a bhíonn i gceist agus ar chineál olltáirgthe nó ar chineál sraitheach an phróisis táirgíochta;

11)

foilseoidh sé cuntais iniúchta bhliantúla i gcomhréir leis na prionsabail chuntasaíochta a nglactar go coitianta leo.

Airteagal 9

Na ceanglais a chomhlíonadh

1.   I gcás nach gcomhlíonfaidh comhlacht creidiúnaithe náisiúnta ceanglais an Rialacháin seo nó go mainneoidh sé a oibleagáidí faoin Rialachán seo a chomhlíonadh, déanfaidh an Ballstát lena mbaineann gníomh ceartaitheach iomchuí nó áiritheoidh sé go ndéanfar an gníomh ceartaitheach sin, agus cuirfidh sé é sin in iúl don Choimisiún.

2.   Déanfaidh na Ballstáit monatóireacht ar a gcomhlachtaí creidiúnaithe náisiúnta go tráthrialta lena áirithiú go gcomhlíonfaidh siad na ceanglais a leagtar síos in Airteagal 8 ar bhonn leanúnach.

3.   Beidh lánaird ag na Ballstáit ar thorthaí na meastóireachta piara faoi Airteagal 10 agus iad i mbun na monatóireachta dá dtagraítear i mír 2 den Airteagal seo.

4.   Beidh na nósanna imeachta is gá i bhfeidhm ag na comhlachtaí creidiúnaithe náisiúnta chun déileáil le gearáin in aghaidh na gcomhlachtaí um measúnú comhréireachta a bhíonn creidiúnaithe acu.

Airteagal 10

Meastóireacht phiara

1.   Cuirfidh comhlachtaí creidiúnaithe náisiúnta iad féin faoi réir meastóireachta piara a eagróidh an comhlacht a aithnítear faoi Airteagal 14.

2.   Beidh de cheart ag na páirtithe leasmhara a bheith páirteach sa chóras a bheidh curtha ar bun i gcomhair mhaoirseacht na ngníomhaíochtaí meastóireachta piara, ach ní bheidh de cheart acu a bheith páirteach i nósanna imeachta meastóireachtaí piara aonair.

3.   Áiritheoidh na Ballstáit go ndéanfar meastóireacht phiara go tráthrialta ar a gcomhlachtaí creidiúnaithe náisiúnta, faoi mar a cheanglaítear le mír 1.

4.   Oibreofar an mheastóireacht phiara ar bhonn critéar agus nósanna imeachta iontaofa agus trédhearcacha, go háirithe chomh fada agus a bhaineann le ceanglais struchtúracha, acmhainní daonna agus próisis, rúndacht agus gearáin. Déanfar foráil maidir le nósanna imeachta achomhairc iomchuí i gcoinne cinntí a ghlacfar mar thoradh ar mheastóireacht den sórt sin.

5.   Trí mheastóireacht phiara gheofar amach an bhfuil na comhlachtaí creidiúnaithe náisiúnta ag comhlíonadh na gceanglas a leagtar síos in Airteagal 8, ag cur na gcaighdeán comhchuibhithe iomchuí dá dtagraítear in Airteagal 11 san áireamh.

6.   Foilseofar toradh na meastóireachta piara agus cuirfidh an comhlacht a aithnítear faoi Airteagal 14 in iúl do na Ballstáit uile agus don Choimisiún é.

7.   Déanfaidh an Coimisiún, i gcomhar leis na Ballstáit, maoirseacht ar na rialacha agus ar fheidhmiú iomchuí an chórais um meastóireacht phiara.

Airteagal 11

Toimhde na comhréireachta do na comhlachtaí creidiúnaithe náisiúnta

1.   Toimhdeofar go ndéanann comhlachtaí creidiúnaithe náisiúnta lena léirítear comhréireacht leis na critéir a leagtar síos sa chaighdeán comhchuibhithe ábhartha ar foilsíodh tagairt dó in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh, trí mheastóireacht phiara a dhéanamh go rathúil orthu faoi Airteagal 10, na ceanglais a leagtar síos in Airteagal 8 a chomhlíonadh.

2.   Tabharfaidh na húdaráis náisiúnta aitheantas do choibhéis na seirbhísí a thugann na comhlachtaí creidiúnaithe sin a ndearnadh meastóireacht phiara go rathúil orthu faoi Airteagal 10, agus leis sin, bunaithe ar an toimhde dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo, glacfaidh siad le deimhnithe creidiúnaithe na gcomhlachtaí sin agus leis na fianuithe a eiseoidh na comhlachtaí um measúnú comhréireachta a bheidh creidiúnaithe acu.

Airteagal 12

Oibleagáid faisnéise

1.   Cuirfidh gach comhlacht creidiúnaithe náisiúnta in iúl do na comhlachtaí creidiúnaithe náisiúnta eile na gníomhaíochtaí measúnaithe chomhréireachta a ndéanann sé creidiúnú ina leith agus aon athrú a dhéantar orthu.

2.   Cuirfidh gach Ballstát in iúl don Choimisiún agus don chomhlacht a aithnítear faoi Airteagal 14 an comhlacht creidiúnaithe náisiúnta atá aige agus na gníomhaíochtaí measúnaithe comhréireachta uile a ndéanann an comhlacht sin creidiúnú ina leith chun tacú leis an reachtaíocht Chomhphobail um chomhchuibhiú, agus aon athrú ar an reachtaíocht sin.

3.   Déanfaidh gach comhlacht creidiúnaithe náisiúnta faisnéis a bhaineann le torthaí a mheastóireachta piara, na gníomhaíochtaí measúnaithe comhréireachta a bhfeidhmíonn sé creidiúnú ina leith agus aon athrú orthu sin a chur ar fáil go rialta don phobal.

Airteagal 13

Iarrataí chuig an gcomhlacht a aithnítear faoi Airteagal 14

1.   Féadfaidh an Coimisiún, tar éis dul i gcomhairle leis an gCoiste arna bhunú le hAirteagal 5 de Threoir 98/34/CE, a éileamh ar an gcomhlacht a aithnítear faoi Airteagal 14 go gcuirfeadh sé le forbairt, cothabháil agus cur chun feidhme an chreidiúnaithe sa Chomhphobal.

2.   Féadfaidh an Coimisiún freisin, agus an nós imeachta a leagtar amach i mír 1 á leanúint aige:

(a)

a iarraidh ar an gcomhlacht a aithnítear faoi Airteagal 14 critéir agus nósanna imeachta meastóireachta a leagan síos don mheastóireacht phiara agus scéimeanna creidiúnaithe earnálacha a fhorbairt;

(b)

glacadh le haon scéimeanna atá ann cheana agus a leagann síos critéir agus nósanna imeachta meastóireachta don mheastóireacht phiara.

3.   Áiritheoidh an Coimisiún go n-aithneoidh na scéimeanna earnálacha sin na sonraíochtaí teicniúla is gá chun an leibhéal inniúlachta a cheanglaítear leis an reachtaíocht Chomhphobail um chomhchuibhiú a chomhlíonadh i réimsí lena ngabhann ceanglais shonracha a bhaineann leis an teicneolaíocht, ceanglais sláinte agus sábháilteachta nó ceanglais chomhshaoil nó aon ghné eile de chosaint leas an phobail.

Airteagal 14

An bonneagar creidiúnaithe Eorpach

1.   Tabharfaidh an Coimisiún, tar éis dó dul i gcomhairle leis an mBallstát, aitheantas do chomhlacht a shásaíonn na ceanglais a leagtar amach in Iarscríbhinn I a ghabhann leis an Rialachán seo.

2.   Chun go dtabharfar aitheantas do chomhlacht de bhun mhír 1, cuirfidh sé comhaontú i gcrích leis an gCoimisiún. Sonrófar sa chomhaontú sin, inter alia, tascanna mionsonraithe an chomhlachta, forálacha maoinithe agus forálacha maidir lena mhaoirseacht. Beidh an Coimisiún agus an comhlacht araon in ann an comhaontú a fhoirceannadh gan chúis, ar thréimhse fógartha réasúnta a shonrófar sa chomhaontú do dhul in éag.

3.   Cuirfidh an Coimisiún agus an comhlacht lena mbaineann an comhaontú ar fáil don phobal.

4.   Cuirfidh an Coimisiún an t-aitheantas do chomhlacht de bhun mhír 1 in iúl do na Ballstáit agus do chomhlachtaí creidiúnaithe náisiúnta.

5.   Ní fhéadfaidh an Coimisiún aitheantas a thabhairt do níos mó ná comhlacht amháin san aon am amháin.

6.   Is é an chéad chomhlacht a gheobhaidh aitheantas faoin Rialachán seo an Comhar Eorpach um Chreidiúnú, ar an gcoinníoll go gcuirfidh sé comhaontú i gcrích de réir mar a shonraítear i mír 2.

CAIBIDIL III

CREAT AN CHOMHPHOBAIL MAIDIR LE FAIREACHAS MARGAIDH AGUS RIALUITHE NA dTÁIRGÍ A THAGANN ISTEACH I MARGADH AN CHOMHPHOBAIL

ROINN 1

Forálacha Ginearálta

Airteagal 15

Raon feidhme

1.   Beidh feidhm ag Airteagail 16 go 26 maidir le táirgí a chumhdaítear leis an reachtaíocht Chomhphobail um chomhchuibhiú.

2.   Beidh feidhm ag gach ceann d'fhorálacha Airteagail 16 go 26 a mhéid nach mbeidh aon fhorálacha sainiúla a bhfuil an cuspóir céanna acu sa reachtaíocht Chomhphobail um chomhchuibhiú.

3.   Ní chuirfidh cur i bhfeidhm an Rialacháin seo cosc ar na húdaráis um fhaireachas margaidh ó bhearta níos sonraithe a ghlacadh faoi mar a fhoráiltear i dTreoir 2001/95/CE.

4.   Chun críocha Airteagail 16 go 26, ciallóidh ‘táirge’ substaint, ullmhóid nó earra arna táirgeadh nó arna tháirgeadh trí phróiseas monaraithe agus nach bia, beatha, plandaí beo agus ainmhithe beo, táirgí de thionscnamh an duine agus táirgí plandaí agus ainmhithe a bhaineann go díreach lena n-atáirgeadh amach anseo í nó é.

5.   Beidh feidhm ag Airteagal 27, ag Airteagal 28 agus ag Airteagal 29 maidir leis na táirgí go léir a chumhdaítear faoin reachtaíocht Chomhphobail a mhéid nach mbeidh forálacha sonracha a bhaineann le heagrú rialuithe teorann i reachtaíocht eile Chomhphobail.

Airteagal 16

Ceanglais ghinearálta

1.   Eagróidh agus déanfaidh na Ballstáit faireachas margaidh faoi mar a fhoráiltear sa Chaibidil seo.

2.   Maidir le táirgí a chumhdaítear leis an reachtaíocht Chomhphobail um chomhchuibhiú, nuair a úsáidfear iad i gcomhréir lena gcríoch bheartaithe nó faoi choinníollacha a d'fhéadfaí a thuar go réasúnta agus iad a bheith suiteáilte agus cothabháilte i gceart, agus ar táirgí iad a d'fhéadfadh dochar a dhéanamh do shláinte agus do shábháilteacht na n-úsáideoirí, nó nach gcomhallann ar shlí eile na ceanglais infheidhme a leagtar amach sa reachtaíocht Chomhphobail um chomhchuibhiú, áiritheofar leis an bhfaireachas margaidh go ndéanfar iad a tharraingt siar óna bheith ar fáil ar an margadh, go ndéanfar iad a chosc nó a shrianadh agus go gcuirfear an pobal, an Coimisiún agus na Ballstáit eile ar an eolas dá réir.

3.   Áiritheofar leis na bonneagair agus leis na cláir náisiúnta um fhaireachas margaidh go bhféadfar bearta éifeachtúla a ghlacadh i ndáil le haon aicme táirgí atá faoi réir na reachtaíochta Comhphobail um chomhchuibhiú.

4.   Cumhdófar leis an bhfaireachas margaidh táirgí a dhéantar a chóimeáil nó a mhonarú le haghaidh úsáid an mhonaróra féin i gcás ina bhforálfar leis an reachtaíocht Chomhphobail um chomhchuibhiú go bhfuil feidhm ag forálacha na reachtaíochta sin maidir leis na táirgí sin.

ROINN 2

Creat an Chomhphobail Maidir le Faireachas Margaidh

Airteagal 17

Oibleagáidí maidir le faisnéis

1.   Cuirfidh na Ballstáit an Coimisiún ar an eolas faoina n-údaráis um fhaireachas margaidh agus faoina réimsí inniúlachta. Tarchuirfidh an Coimisiún an fhaisnéis sin chuig na Ballstáit eile.

2.   Áiritheoidh na Ballstáit gurb eol don phobal go bhfuil údarás náisiúnta um fhaireachas margaidh ann, agus go bhfuil siad ar an eolas faoi fhreagrachtaí agus faoi chéannacht na n-údarás um fhaireachas margaidh, agus faoin tslí a bhféadfar teagmháil a dhéanamh leis na húdaráis sin.

Airteagal 18

Oibleagáidí na mBallstát maidir le heagrúchán

1.   Bunóidh na Ballstáit sásraí cumarsáide agus comhordaithe iomchuí idir a gcuid údarás um fhaireachas margaidh.

2.   Bunóidh na Ballstáit nósanna imeachta leordhóthanacha chun:

(a)

fiosruithe leantacha nó tuarascálacha leantacha a dhéanamh maidir le saincheisteanna a bhaineann le rioscaí a eascraíonn i dtaca le táirgí atá faoi réir na reachtaíochta Comhphobail um chomhchuibhiú;

(b)

monatóireacht a dhéanamh ar thimpistí agus ar dhochar do shláinte a meastar gurb iad na táirgí sin is cúis leo;

(c)

a fhíorú go ndearnadh gníomh ceartaitheach; agus

(d)

an saineolas teicniúil agus eolaíoch a bhaineann le cúrsaí sábháilteachta a leanúint.

3.   Cuirfidh na Ballstáit na cumhachtaí, na hacmhainní, agus an t-eolas faoi chúram na n-údarás um fhaireachas margaidh is gá chun a gcuid tascanna a fheidhmiú mar is iomchuí.

4.   Áiritheoidh na Ballstáit go bhfeidhmeoidh na húdaráis um fhaireachas margaidh a gcuid cumhachtaí i gcomhréir le prionsabal na comhréireachta.

5.   Déanfaidh na Ballstáit a gcláir um fhaireachas margaidh a bhunú, a chur chun feidhme agus a thabhairt cothrom le dáta go tráthrialta. Tarraingeoidh na Ballstáit suas clár ginearálta um fhaireachas margaidh nó cláir a bheidh sainiúil don earnáil, ina gcumhdófar na hearnálacha ina ndéanann siad faireachas margadh, cuirfidh siad na cláir sin in iúl do na Ballstáit eile agus don Choimisiún agus cuirfidh siad ar fáil go poiblí iad, trí chumarsáid leictreonach agus, i gcás inarb iomchuí, ar mhodh eile. Déanfar an chéad chumarsáid den sórt sin a fheidhmiú faoin 1 Eanáir 2010. Nuair a thabharfar na cláir cothrom le dáta ina dhiaidh sin, cuirfear ar fáil go poiblí ar an gcaoi chéanna iad. Féadfaidh na Ballstáit comhoibriú leis na páirtithe leasmhara ábhartha go léir chuige sin.

6.   Déanfaidh na Ballstáit athbhreithniú agus measúnú go tráthrialta ar fheidhmiú a gcuid gníomhaíochtaí faireachais. Déanfar na hathbhreithnithe agus na measúnuithe sin gach ceithre bliana ar a laghad agus cuirfear a dtorthaí in iúl do na Ballstáit eile agus don Choimisiún agus cuirfear ar fáil go poiblí iad, trí chumarsáid leictreonach agus, i gcás inarb iomchuí, ar mhodh eile.

Airteagal 19

Bearta um fhaireachas margaidh

1.   Déanfaidh na húdaráis um fhaireachas margaidh seiceálacha cuí ar shaintréithe na dtáirgí ar scála leordhóthanach trí sheiceálacha doiciméadacha agus, i gcás inarb iomchuí, trí sheiceálacha fisiceacha agus saotharlainne ar bhonn samplaí leordhóthanacha. Agus iad ag déanamh amhlaidh, cuirfidh siad prionsabail sheanbhunaithe measúnaithe riosca, gearán agus faisnéise eile san áireamh.

Féadfaidh na húdaráis um fhaireachas margaidh a cheangal ar oibreoirí eacnamaíocha cibé doiciméid agus faisnéis a chur ar fáil is dealraitheach dóibh a bheith riachtanach chun críche a ngníomhaíochtaí a dhéanamh, agus, i gcás inar gá sin agus ina mbíonn údar maith leis, dul isteach in áitreabh na n-oibreoirí eacnamaíocha agus na samplaí is gá dá dtáirgí a thógáil. Féadfaidh siad táirgí a mbaineann riosca tromchúiseach leo a dhíothú nó iad a fhágáil ar shlí eile sa chaoi nach n-oibreoidh siad, má mheasann siad é sin a bheith riachtanach.

I gcás ina dtabharfaidh oibreoirí eacnamaíocha tuarascálacha tástálacha nó deimhnithe lena bhfianaítear comhréireacht ar aird a d'eisigh comhlacht creidiúnaithe um measúnú comhréireachta, beidh aird chuí ag na húdaráis um fhaireachas margaidh ar na tuarascálacha nó ar na deimhnithe sin.

2.   Glacfaidh na húdaráis um fhaireachas margaidh bearta iomchuí chun úsáideoirí laistigh dá gcríocha a chur ar an airdeall, laistigh de thréimse ama leordhóthanach, maidir le guaiseacha a bheidh aitheanta acu agus a bhaineann le haon táirge ionas go laghdófar an riosca go dtarlódh díobháil nó aon damáiste eile.

Comhoibreoidh siad le hoibreoirí eacnamaíocha maidir le gníomhartha a d'fhéadfadh cosc a chur ar bhaol nó é a laghdú i dtaca le táirgí a chuireann na hoibreoirí sin ar fáil.

3.   I gcás ina socróidh údaráis um fhaireachas margaidh Ballstáit amháin táirge a mhonaraítear i mBallstát eile a tharraingt siar, cuirfidh siad an t-oibreoir eacnamaíoch lena mbaineann ar an eolas ag an seoladh a luaitear ar an táirge atá i gceist nó sna doiciméid a ghabhann leis an táirge sin.

4.   Feidhmeoidh na húdaráis um fhaireachas margaidh a gcuid dualgas go neamhspleách, go neamhchlaonta agus gan leatrom.

5.   Urramóidh na húdaráis um fhaireachas margaidh an rúndacht i gcás inar gá chun rúin thráchtála a chosaint nó chun sonraí pearsanta a chaomhnú de bhun na reachtaíochta náisiúnta faoi réir an cheanglais go gcuirfear faisnéis ar fáil go poiblí faoin Rialachán seo a mhéid is gá chun leasanna na n-úsáideoirí sa Chomhphobal a chosaint.

Airteagal 20

Táirgí a bhfuil riosca tromchúiseach ag baint leo

1.   Áiritheoidh na Ballstáit go ndéanfar táirgí a bhfuil riosca tromchúiseach ag baint leo agus a éilíonn idirghabháil mhear, lena n-áirítear riosca tromchúiseach nach mbeidh éifeachtaí láithreacha aige, a aisghairm nó go ndéanfar iad a tharraingt siar, nó go mbeidh toirmeasc ar iad a bheith ar fáil ar a margadh siúd agus go gcuirfear an Coimisiún ar an eolas maidir leis gan mhoill i gcomhréir le hAirteagal 22.

2.   An cinneadh maidir le cibé an gcothaíonn táirge riosca tromchúiseach, beidh sé bunaithe ar mheasúnú riosca iomchuí a chuirfidh san áireamh cineál na guaise agus a dhóchúla go dtarlóidh an ghuais sin. Ní bheidh an fhéidearthacht leibhéil níos airde sábháilteachta a bhaint amach nó fáil a bheith ar tháirgí eile ar lú an riosca a ghabhann leo mar fhorais lena mheas go bhfuil riosca tromchúiseach ag baint le táirge.

Airteagal 21

Bearta sriantacha

1.   Áiritheoidh na Ballstáit go mbeidh aon bheart a ghlacfar, de bhun na reachtaíochta Comhphobail iomchuí um chomhchuibhiú, chun toirmeasc nó srian a chur ar tháirge a bheith á chur ar fáil ar an margadh nó chun an táirge sin a tharraingt siar nó a aisghairm ón margadh, cionmhar agus go luafar sa bheart sin na forais chruinne ar a mbeidh sé bunaithe.

2.   Cuirfear na bearta sin in iúl gan mhoill don oibreoir eacnamaíoch iomchuí agus cuirfear ar an eolas é an tráth céanna faoi na leighis atá ar fáil faoi dhlí an Bhallstáit lena mbaineann agus faoi na teorainneacha ama a bhfuil na leigheasanna sin faoina réir.

3.   Sula nglacfar an beart dá dtagraítear i mír 1, tabharfar deis don oibreoir eacnamaíoch lena mbaineann éisteacht a fháil laistigh de thréimhse chuí nach lú ná deich lá, ach amháin sa chás nach bhféadfar an comhairliúchán sin a dhéanamh mar gheall ar phráinn an bhirt a bheidh le déanamh, ar beart é a mbeadh údar maith leis de bharr ceanglas sláinte nó sábháilteachta nó de bharr foras eile a bhaineann le leasanna an phobail a chumhdaítear leis an reachtaíocht Chomhphobail ábhartha um chomhchuibhiú. Má dhéantar gníomh agus gan éisteacht a bheith tugtha don oibreoir, tabharfar an deis don oibreoir éisteacht a fháil a luaithe is féidir agus déanfar athbhreithniú go pras ina dhiaidh sin ar an ngníomh a rinneadh.

4.   Déanfar aon bheart dá dtagraítear i mír 1 a tharraingt siar go pras nó a leasú má léiríonn oibreoir eacnamaíoch go bhfuil gníomh éifeachtúil déanta aige.

Airteagal 22

Malartú faisnéise – Córas an Chomhphobail um Mearfhaisnéis

1.   I gcás ina nglacfaidh Ballstát beart i gcomhréir le hAirteagal 20, nó ina bhfuil rún ag Ballstát beart a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 20, agus go measann sé go rachaidh na cúiseanna a spreag an beart nó iarmhairtí an bhirt thar theorainn a chríche, tabharfaidh sé fógra láithreach don Choimisiún, i gcomhréir le mír 4 den Airteagal seo, faoin mbeart sin. Cuirfidh sé an Coimisiún ar an eolas gan mhoill freisin maidir le modhnú nó tarraingt ar aon bheart den sórt sin.

2.   Má bhíonn táirge a bhfuil riosca tromchúiseach ag baint leis curtha ar fáil ar an margadh, tabharfaidh na Ballstáit fógra don Choimisiún faoi aon bhearta deonacha a rinne oibreoir eacnamaíoch agus a chuir sé in iúl.

3.   Áireofar leis an bhfaisnéis a sholáthrófar i gcomhréir le mír 1 agus le mír 2 na mionsonraí uile atá ar fáil, go háirithe mionsonraí maidir leis na sonraí atá riachtanach chun an táirge a shainaithint, tionscnamh an táirge agus slabhra soláthair an táirge, an riosca a bhaineann leis, cineál agus tréimhse an bhirt náisiúnta a rinneadh agus aon bhearta deonacha a rinne na hoibreoirí eacnamaíocha.

4.   Chun críche mhír 1, mhír 2 agus mhír 3, bainfear úsáid as an gcóras um malartú faisnéise agus um fhaireachas margaidh dá bhforáiltear in Airteagal 12 de Threoir 2001/95/CE. Beidh feidhm mutatis mutandis ag mír 2, ag mír 3 agus ag mír 4 d'Airteagal 12 den Treoir sin.

Airteagal 23

Córas ginearálta tacaíochta faisnéise

1.   Déanfaidh an Coimisiún córas ginearálta cartlainne agus malartaithe faisnéise a fhorbairt agus a chothabháil, ag baint úsáide as meáin leictreonacha, maidir le saincheisteanna a bhaineann le gníomhaíochtaí faireachais margaidh, maidir le cláir agus maidir le faisnéis ghaolmhar i dtaca le neamhchomhlíonadh na reachtaíochta Comhphobail um chomhchuibhiú. Tabharfaidh an córas léiriú iomchuí ar na fógraí agus ar an bhfaisnéis a sholáthrófar faoi Airteagal 22.

2.   Chun críocha mhír 1, soláthróidh na Ballstáit don Choimisiún an fhaisnéis a bheidh ar fáil dóibh agus nár soláthraíodh faoi Airteagal 22, maidir le táirgí a bhfuil riosca ag baint leo, go háirithe maidir le rioscaí a shainaithint, torthaí tástála a rinneadh, bearta sriantacha sealadacha a rinneadh, teagmháil leis na hoibreoirí eacnamaíocha lena mbaineann, agus an t-údar a bheidh le gníomh a dhéanamh nó le heaspa gnímh.

3.   Gan dochar d'Airteagal 19(5) ná don reachtaíocht náisiúnta i réimse na rúndachta, déanfar an choimirce ar rúndacht maidir lena mbeidh san fhaisnéis a áirithiú. Ní chuirfidh cosaint na rúndachta cosc ar fhaisnéis ábhartha a thabhairt do na húdaráis um fhaireachas margaidh chun éifeachtúlacht gníomhaíochtaí faireachais margaidh a áirithiú.

Airteagal 24

Prionsabail an chomhoibrithe idir na Ballstáit agus an Coimisiún

1.   Áiritheoidh na Ballstáit go mbeidh comhoibriú agus malartú faisnéise éifeachtach ann idir a gcuid údarás um fhaireachas margaidh agus údaráis um fhaireachas margaidh na mBallstát eile agus idir a gcuid údarás féin agus an Coimisiún agus na gníomhaireachtaí Comhphobail ábhartha maidir lena gcláir um fhaireachas margaidh agus maidir le gach saincheist a bhaineann le táirgí a bhfuil riosca ag baint leo.

2.   Chun críocha mhír 1, tabharfaidh údaráis um fhaireachas margaidh Ballstáit amháin cúnamh d'údaráis um fhaireachas margaidh na mBallstát eile ar scála leordhóthanach trí fhaisnéis nó trí dhoiciméid a sholáthar, trí imscrúduithe iomchuí agus trí aon bheart iomchuí eile a chur i gcrích nó trína bheith rannpháirteach in imscrúduithe a thionscnófar i mBallstáit eile.

3.   Baileoidh agus eagróidh an Coimisiún sonraí ar na bearta um fhaireachas margaidh náisiúnta a chuirfidh ar a chumas a chuid oibleagáidí a chomhlíonadh.

4.   Cuirfear san áireamh aon fhaisnéis a sholáthróidh oibreoir eacnamaíoch faoi Airteagal 21(3) nó ar shlí eile nuair a thabharfaidh an Ballstát tuairiscithe fógra do na Ballstáit eile agus don Choimisiún faoina thorthaí agus faoina ghníomhartha. Déanfar aon fhaisnéis a gheofar ina dhiaidh sin a shainaithint go soiléir mar fhaisnéis a bhaineann leis an bhfaisnéis a cuireadh ar fáil roimhe sin.

Airteagal 25

Comhroinnt acmhainní

1.   Féadfaidh an Coimisiún nó na Ballstáit lena mbaineann tionscnaimh faireachais margaidh a bhunú a cheapfar chun acmhainní agus saineolas a chomhroinnt idir údaráis inniúla na mBallstát. Déanfaidh an Coimisiún comhordú ar na tionscnaimh sin.

2.   Chun críocha mhír 1, déanfaidh an Coimisiún, i gcomhar leis na Ballstáit:

(a)

cláir oiliúna agus malartú oifigeach náisiúnta a fhorbairt agus a eagrú;

(b)

cláir a fhorbairt, a eagrú agus a bhunú chun taithí, faisnéis agus dea-chleachtas a mhalartú, cláir agus gníomhartha a fhorbairt, a eagrú agus a bhunú le haghaidh comhthionscadal, feachtais faisnéise a fhorbairt, a eagrú agus a bhunú, comhchláir chuairte a fhorbairt, a eagrú agus a bhunú agus comhroinnt acmhainní dá réir sin.

3.   Áiritheoidh na Ballstáit go mbeidh a gcuid údarás inniúil rannpháirteach go hiomlán sna gníomhaíochtaí dá dtagraítear i mír 2, i gcás inarb iomchuí.

Airteagal 26

Comhoibriú le húdaráis inniúla tríú tíortha

1.   Féadfaidh na húdaráis um fhaireachas margaidh comhoibriú le húdaráis inniúla tríú tíortha d'fhonn faisnéis agus tacaíocht theicniúil a mhalartú, d'fhonn rochtain ar na córais Eorpacha a chur chun cinn agus a éascú, agus d'fhonn gníomhaíochtaí a bhaineann le measúnú comhréireachta, faireachas margaidh agus creidiúnú a chur chun cinn.

Forbróidh an Coimisiún, i gcomhar leis na Ballstáit, cláir chuí chun na críche sin.

2.   Tarlóidh an comhoibriú le húdaráis inniúla tríú tíortha, inter alia, i bhfoirm na ngníomhaíochtaí dá dtagraítear in Airteagal 25(2). Áiritheoidh na Ballstáit go mbeidh a n-údaráis inniúla rannpháirteach go hiomlán sna gníomhaíochtaí sin.

ROINN 3

Rialuithe ar Tháirgí a Thagann isteach i Margadh an Chomhphobail

Airteagal 27

Rialuithe ar tháirgí a thagann isteach i margadh an Chomhphobail

1.   Beidh na cumhachtaí agus na hacmhainní ag údaráis na mBallstát, a bheidh i gceannas ar rialú na dtáirgí a thagann isteach i margadh an Chomhphobail, a mbeidh gá leo chun a gcuid tascanna a fheidhmiú mar is iomchuí. Déanfaidh siad na seiceálacha iomchuí ar shaintréithe na dtáirgí ar scála leordhóthanach, i gcomhréir leis na prionsabail a leagtar amach in Airteagal 19(1), sula scaoilfear na táirgí sin i saorchúrsaíocht.

2.   I gcás ina mbeidh níos mó ná údarás amháin freagrach as faireachas margaidh nó as rialuithe teorann seachtraí i mBallstát, comhoibreoidh na húdaráis sin lena chéile, trí fhaisnéis atá ábhartha dá bhfeidhmeanna agus atá ábhartha ar bhealaí eile de réir mar is iomchuí a chomhroinnt.

3.   Déanfaidh na húdaráis a bheidh i gceannas ar rialuithe teorann seachtraí scaoileadh táirge i saorchúrsaíocht ar mhargadh an Chomhphobail a fhionraí nuair a gheofar aon cheann de na nithe seo a leanas amach le linn na seiceálacha dá dtagraítear i mír 1 a bheith á ndéanamh:

(a)

go léiríonn an táirge saintréithe a thugann údar lena chreidiúint, ar an gcoinníoll go mbíonn sé suiteáilte, cothabháilte agus úsáidte i gceart, go bhfuil riosca tromchúiseach ag baint leis do shláinte, do shábháilteacht, don chomhshaol nó d'aon leas pobail eile dá dtagraítear in Airteagal 1;

(b)

nach bhfuil na doiciméid i scríbhinn nó na doiciméid leictreonacha a éilítear leis an reachtaíocht Chomhphobail ábhartha um chomhchuibhiú ag gabháil leis an táirge nó nach bhfuil sé marcáilte i gcomhréir leis an reachtaíocht sin;

(c)

go bhfuil an marc CE greamaithe den táirge ar shlí fhalsa nó ar shlí mhíthreorach.

Tabharfaidh na húdaráis a bheidh i gceannas ar rialuithe teorann seachtraí fógra láithreach faoi aon fhionraí den sórt sin do na húdaráis um fhaireachas margaidh.

4.   I gcás táirgí meatacha, áiritheoidh na húdaráis a bheidh i gceannas ar rialuithe teorann seachtraí, chomh fada agus is féidir, go mbeidh aon cheanglais a d'fhéadfadh siad a fhorchur i dtaca le stóráil táirgí nó le páirceáil feithiclí a mbaintear úsáid astu don iompar, oiriúnach do shlánchoimeád na dtáirgí sin.

5.   Chun críocha na Roinne seo, beidh feidhm ag Airteagal 24 maidir leis na húdaráis a bheidh i gceannas ar rialuithe teorann seachtraí, gan dochar do chur i bhfeidhm na reachtaíochta Comhphobail lena bhforáiltear do chórais is sonraí comhair idir na húdaráis sin.

Airteagal 28

Scaoileadh táirgí

1.   Maidir le táirge a gcuirfidh na húdaráis a bhíonn i gceannas ar rialuithe teorann de bhun Airteagal 27 a scaoileadh i saorchúrsaíocht ar fionraí, scaoilfear i saorchúrsaíocht é más rud é, laistigh de thrí lá oibre ón scaoileadh i saorchúrsaíocht a fhionraí, nach mbeidh fógra tugtha do na húdaráis sin faoi aon ghníomh a bheidh glactha ag na húdaráis um fhaireachas margaidh, agus ar an gcoinníoll go mbeidh na ceanglais agus na foirmiúlachtaí eile go léir a bhaineann leis an scaoileadh i saorchúrsaíocht sin comhlíonta.

2.   I gcás ina gcinnfidh na húdaráis um fhaireachas margaidh nach bhfuil riosca tromchúiseach ó thaobh sláinte agus sábháilteachta ag baint leis an táirge atá i gceist nó nach féidir a mheas go bhfuil an reachtaíocht Chomhphobail um chomhchuibhiú á sárú aige, scaoilfear i saorchúrsaíocht an táirge sin ar an gcoinníoll go mbeidh na ceanglais agus na foirmiúlachtaí eile go léir a bhaineann leis an scaoileadh i saorchúrsaíocht sin comhlíonta.

Airteagal 29

Bearta náisiúnta

1.   I gcás ina gcinnfidh na húdaráis um fhaireachas margaidh go bhfuil riosca tromchúiseach ag baint le táirge, glacfaidh siad bearta lena dtoirmiscfear an táirge a chur ar an margadh agus ceanglóidh siad ar na húdaráis a bheidh i gceannas ar rialuithe teorann seachtraí an formhuiniú a leanas a chur ar an sonrasc tráchtála a bheidh ag gabháil leis an táirge agus ar aon doiciméad ábhartha eile a bheidh ag gabháil leis nó, más rud é gur go leictreonach a dhéantar an phróiseáil sonraí, sa chóras próiseála sonraí féin:

‘Táirge contúirteach – ní údaraítear é a scaoileadh i saorchúrsaíocht – Rialachán (CE) Uimh. 765/2008’.

2.   I gcás ina gcinnfidh na húdaráis um fhaireachas margaidh nach bhfuil an reachtaíocht Chomhphobail um chomhchuibhiú á comhlíonadh ag táirge glacfaidh siad gníomh iomchuí, lena n-áirítear, más gá, toirmeasc ar an táirge a chur ar an margadh.

I gcás ina mbeidh sé toirmiscthe an táirge a chur ar an margadh de bhun na chéad fhomhíre, cuirfidh na húdaráis um fhaireachas margaidh de cheangal ar na húdaráis a bheidh i gceannas ar rialuithe teorann seachtraí gan an táirge a scaoileadh i saorchúrsaíocht agus an formhuiniú seo a leanas a chur ar an sonrasc tráchtála a bheidh ag gabháil leis an táirge agus ar aon doiciméad ábhartha eile a bheidh ag gabháil leis nó, más rud é go ndéantar an phróiseáil sonraí go leictreonach, sa chóras próiseála sonraí féin:

‘Táirge neamhchomhréireach – ní údaraítear é a scaoileadh i saorchúrsaíocht – Rialachán (CE) Uimh. 765/2008’.

3.   I gcás ina ndéanfar an táirge sin a dhearbhú ina dhiaidh sin le haghaidh nós imeachta custaim seachas scaoileadh i saorchúrsaíocht agus ar an gcoinníoll nach gcuirfidh na húdaráis um fhaireachas margaidh ina choinne, cuirfear na formhuinithe a leagtar amach i mír 1 agus i mír 2, faoi na coinníollacha céanna, ar na doiciméid a úsáidtear i dtaca leis an nós imeachta sin freisin.

4.   Féadfaidh údaráis na mBallstát táirgí a mbaineann riosca tromchúiseach leo a dhíothú nó ar shlí eile a fhágáil i riocht nach n-oibreoidh siad má mheasann siad é sin a bheith riachtanach agus comhréireach.

5.   Tabharfaidh na húdaráis um fhaireachas margaidh faisnéis do na húdaráis a bheidh i gceannas ar rialuithe teorann seachtraí maidir leis na haicmí táirgí a n-aithnítear go bhfuil riosca tromchúiseach ag baint leo nó go bhfuil siad neamhchomhlíontach de réir bhrí mhír 1 agus mhír 2.

CAIBIDIL IV

AN MARC CE

Airteagal 30

Prionsabail ghinearálta an mhairc CE

1.   Is é an monaróir nó a ionadaí údaraithe amháin a ghreamóidh an marc CE de tháirgí.

2.   Ní chuirfear an marc CE a léirítear in Iarscríbhinn II ach ar tháirgí a bhforáiltear an marc sin a chur orthu le reachtaíocht Chomhphobail shonrach um chomhchuibhiú agus ní chuirfear ar aon táirge eile é.

3.   Tríd an marc CE a ghreamú de tháirge, nó tríd an marc CE a chur á ghreamú de tháirge, cuireann an monaróir in iúl go nglacann sé de fhreagracht air féin go bhfuil an táirge sin i gcomhréir leis na ceanglais uile is infheidhme a leagtar amach sa reachtaíocht Chomhphobail iomchuí um chomhchuibhiú lena bhforáiltear an marc a chur ar tháirgí.

4.   Is é an marc CE an t-aon mharc lena bhfianófar go bhfuil an táirge ar comhréir le ceanglais infheidhme na reachtaíochta ábhartha Comhphobail um chomhchuibhiú lena bhforáiltear an marc a chur ar tháirgí.

5.   Toirmiscfear marcanna, comharthaí nó scríbhinní ar dócha go gcuirfeadh siad tríú páirtithe ar mhíthreoir maidir le brí nó foirm an mhairc CE, a ghreamú de tháirge. Féadfar aon mharc eile a ghreamú den táirge ar an gcoinníoll nach mbaineann siad d'infheictheacht, d'inléiteacht agus de bhrí an mhairc CE.

6.   Gan dochar d'Airteagal 41, áiritheoidh na Ballstáit go gcuirfear chun feidhme i gceart an réim lena rialaítear an marc CE agus gníomhóidh siad go hiomchuí i gcás go mbaintear úsáid mhíchuí as an marc. Forálfaidh na Ballstáit freisin do phionóis i leith sáruithe, a bhféadfadh smachtbhannaí coiriúla as sáruithe tromchúiseacha a bheith ina measc. Beidh na pionóis sin i gcomhréir le tromchúis an chiona agus beidh siad ina ndíspreagadh éifeachtúil ar úsáid mhíchuí.

CAIBIDIL V

MAOINIÚ COMHPHOBAIL

Airteagal 31

Comhlacht a mbeidh aidhm leasa ghinearálta Eorpaigh á saothrú aige

Comhlacht a aithnítear faoi Airteagal 14, measfar gur comhlacht é a bhfuil aidhm leasa ghinearálta Eorpaigh á saothrú aige de réir bhrí Airteagal 162 de Rialachán (CE, Euratom) Uimh. 2342/2002 ón gCoimisiún an 23 Nollaig 2002 lena leagtar síos rialacha mionsonraithe chun Rialachán (CE, Euratom) Uimh. 1605/2002 a chur chun feidhme (12).

Airteagal 32

Gníomhaíochtaí atá incháilithe do mhaoiniú Comhphobail

1.   Féadfaidh an Comhphobal na gníomhaíochtaí a leanas a mhaoiniú i ndáil leis an Rialachán seo a chur i bhfeidhm:

(a)

táirgeadh agus athbhreithniú na scéimeanna creidiúnaithe earnálacha dá dtagraítear in Airteagal 13(3);

(b)

gníomhaíochtaí rúnaíocht an chomhlachta a aithnítear faoi Airteagal 14, amhail comhordú gníomhaíochtaí creidiúnaithe, próiseáil oibre teicniúla atá nasctha le hoibriúchán an chórais mheastóireachta piara, soláthar faisnéise do pháirtithe leasmhara agus rannpháirteachas an chomhlachta i ngníomhaíochtaí eagraíochtaí idirnáisiúnta i réimse an chreidiúnaithe;

(c)

ábhar a tharraingt suas agus a thabhairt cothrom le dáta a bhaineann le treoirlínte i réimsí a bhaineann le creidiúnú, le fógra a thabhairt don Choimisiún faoi chomhlachtaí um measúnú comhréireachta, le measúnú comhréireachta agus le faireachas margaidh;

(d)

gníomhaíochtaí idirchomparáideacha atá nasctha le hoibriú na gclásal coimirce;

(e)

saineolas teicniúil a chur ar fáil don Choimisiún chun cuidiú leis an gCoimisiún comhoibriú riaracháin i ndáil le faireachas margaidh, lena n-áirítear maoiniú grúpaí comhoibrithe riaracháin, cinntí faireachais margaidh agus clásail choimirce a chur chun feidhme;

(f)

réamhobair nó obair choimhdeach a dhéanamh i ndáil le cur chun feidhme na ngníomhaíochtaí measúnaithe comhréireachta, méadreolaíochta, creidiúnaithe agus faireachais margaidh atá nasctha leis an reachtaíocht Chomhphobail a chur chun feidhme, amhail staidéir, cláir, meastóireachtaí, treoirlínte, anailísí comparáideacha, comhchuairteanna frithpháirteacha, obair thaighde, bunachair shonraí a fhorbairt agus a chothabháil, gníomhaíochtaí oiliúna, obair saotharlainne, promhadh inniúlachta, tástálacha idirshaotharlainne agus obair measúnaithe comhréireachta, chomh maith le feachtais Eorpacha um fhaireachas margaidh agus gníomhaíochtaí comhchosúla;

(g)

gníomhaíochtaí a rinneadh faoi chláir um chúnamh teicniúil, comhoibriú le tríú tíortha a chur i gcrích agus an measúnú comhréireachta Eorpach, faireachas margaidh agus beartais agus córais creidiúnaithe i measc na bpáirtithe leasmhara sa Chomhphobal agus ar leibhéal idirnáisiúnta a chur chun cinn agus a fheabhsú.

2.   Ní bheidh na gníomhaíochtaí dá dtagraítear i mír 1(a) incháilithe le haghaidh maoiniú Comhphobail ach amháin i gcás ina rachfar i gcomhairle leis an gCoiste arna bhunú le hAirteagal 5 de Threoir 98/34/CE maidir leis na hiarratais a chuirfear faoi bhráid an chomhlachta a aithnítear faoi Airteagal 14 den Rialachán seo.

Airteagal 33

Comhlachtaí atá incháilithe do mhaoiniú Comhphobail

Féadfar maoiniú Comhphobail a dheonú don chomhlacht a aithnítear faoi Airteagal 14 chun na gníomhaíochtaí a leagtar amach in Airteagal 32 a chur chun feidhme.

Féadfar maoiniú Comhphobail a dheonú, áfach, do chomhlachtaí eile freisin chun na gníomhaíochtaí a leagtar amach in Airteagal 32, seachas na gníomhaíochtaí a leagtar amach i mír 1(a) agus (b) den Airteagal sin, a chur i gcrích.

Airteagal 34

Maoiniú

Déanfaidh an t-údarás buiséadach na leithreasaí arna gcionroinnt ar na gníomhaíochtaí dá dtagraítear sa Rialachán seo a shocrú gach bliain laistigh de theorainneacha an chreata airgeadais a bheidh i bhfeidhm.

Airteagal 35

Socruithe airgeadais

1.   Cuirfear maoiniú Comhphobail ar fáil:

(a)

gan glao ar thograí, don chomhlacht a aithnítear faoi Airteagal 14 chun na gníomhaíochtaí dá dtagraítear in Airteagal 32(1)(a) go (g) ar féidir deontais a dhámhachtain ina leith i gcomhréir leis an Rialachán Airgeadais a chur i gcrích;

(b)

i bhfoirm deontas tar éis glao ar thograí, nó trí nósanna imeachta um sholáthar poiblí, do chomhlachtaí eile chun na gníomhaíochtaí dá dtagraítear in Airteagal 32(1)(c) go (g) a chur i gcrích.

2.   Féadfar gníomhaíochtaí rúnaíocht an chomhlachta a aithnítear faoi Airteagal 14, dá dtagraítear in Airteagal 32(1)(b), a mhaoiniú ar bhonn deontas oibriúcháin. I gcás athnuachana, ní laghdófar na deontais oibriúcháin go huathoibríoch.

3.   Le comhaontuithe, féadfar deontais cumhdach bunráta d'fhorchostais an tairbhí a údarú go dtí uasmhéid 10 % de chostais dhíreacha incháilithe iomlána le haghaidh gníomhartha, ach amháin i gcás ina mbeidh costais indíreacha an tairbhí cumhdaithe trí dheontas oibriúcháin arna mhaoiniú as buiséad an Chomhphobail.

4.   Féadfar na comhchuspóirí comhair agus na coinníollacha riaracháin agus airgeadais a bhaineann le deontais a dhámhtar ar an gcomhlacht a aithnítear faoi Airteagal 14 a shainmhíniú i gcomhaontú comhpháirtíochta réime arna shíniú ag an gCoimisiún agus ag an gcomhlacht sin, i gcomhréir leis an Rialachán Airgeadais agus le Rialachán (CE, Euratom) Uimh. 2342/2002. Cuirfear Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle ar an eolas maidir le haon chomhaontú den sórt sin a bheith á dhéanamh.

Airteagal 36

Bainistíocht agus monatóireacht

1.   Féadfaidh na leithreasaí a chinnfidh an t-údarás buiséadach chun measúnú comhréireachta, creidiúnú agus gníomhaíochtaí faireachais margaidh a mhaoiniú caiteachais riaracháin a chumhdach freisin, ar caiteachais iad a bhaineann le hullmhúchán, monatóireacht, cigireacht, iniúchadh agus meastóireacht a bhfuil gá go díreach leo chun cuspóirí an Rialacháin seo a bhaint amach, agus go háirithe staidéir, cruinnithe, gníomhaíochtaí faisnéise agus foilseacháin, caiteachais a bhaineann le líonraí faisnéisíochta chun faisnéis a mhalartú agus aon chaiteachas eile ar chúnamh riaracháin agus teicniúil a fhéadfaidh an Coimisiún a úsáid le haghaidh gníomhaíochtaí measúnaithe comhréireachta agus creidiúnaithe.

2.   Déanfaidh an Coimisiún meastóireacht ar ábharthacht na ngníomhaíochtaí measúnaithe comhréireachta, creidiúnaithe agus faireachais margaidh a fhaigheann maoiniú ón gComhphobal i bhfianaise cheanglais na mbeartas agus na reachtaíochta Comhphobail agus cuirfidh sé torthaí na meastóireachta sin in iúl do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle faoin 1 Eanáir 2013 agus gach cúig bliana ina dhiaidh sin.

Airteagal 37

Cosaint leasanna airgeadais an Chomhphobail

1.   Áiritheoidh an Coimisiún go ndéanfar leasanna airgeadais an Chomhphobail a chosaint agus gníomhaíochtaí a mhaoinítear faoin Rialachán seo á gcur chun feidhme, trí bhearta coisctheacha a chur i bhfeidhm i gcoinne na calaoise, i gcoinne an éillithe agus i gcoinne aon ghníomhaíochtaí neamhdhlíthiúla eile, trí sheiceálacha éifeachtúla a dhéanamh agus trí shuimeanna a íocadh go míchuí a ghnóthú agus, má bhraitear neamhrialtachtaí, trí phionóis a bheidh éifeachtúil, comhréireach agus athchomhairleach a ghearradh i gcomhréir le Rialachán (CE, Euratom) Uimh. 2988/95 ón gComhairle an 18 Nollaig 1995 maidir le leasanna airgeadais na gComhphobal Eorpach a chosaint (13), le Rialachán (CE, Euratom) Uimh. 2185/96 ón gComhairle an 11 Samhain 1996 maidir le seiceálacha ar an láthair agus cigireachtaí a dhéanfaidh an Coimisiún chun leasanna airgeadais na gComhphobal Eorpach a chosaint i gcoinne calaoise agus neamhrialtachtaí eile (14) agus le Rialachán (CE) Uimh. 1073/1999 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 25 Bealtaine 1999 maidir le himscrúduithe a sheolann an Oifig Eorpach Frith-Chalaoise (OLAF) (15).

2.   Chun críocha ghníomhaíochtaí an Chomhphobail a mhaoinítear faoin Rialachán seo ciallóidh coincheap na neamhrialtachta dá dtagraítear in Airteagal 1(2) de Rialachán (CE, Euratom) Uimh. 2988/95 aon sárú ar fhoráil den reachtaíocht Chomhphobail nó aon sárú ar oibleagáid chonarthach de dheasca gnímh nó neamhghnímh a dhéanann oibreoir eacnamaíoch a bhfuil d'éifeacht aige, nó a mbeadh d'éifeacht aige, go ndéanfadh mír chaiteachais nach bhfuil údar maith leis dochar do bhuiséad ginearálta an Aontais Eorpaigh nó do bhuiséid a bheidh á mbainistiú ag an Aontas Eorpach.

3.   Forálfar in aon chomhaontuithe agus in aon chonarthaí a dhéanfar de thoradh an Rialacháin seo, go ndéanfaidh an Coimisiún, nó aon ionadaí a údaróidh an Coimisiún, monatóireacht agus rialú airgeadais agus go ndéanfaidh an Chúirt Iniúchóirí iniúchtaí, ar an láthair, más gá.

CAIBIDIL VI

FORÁLACHA CRÍOCHNAITHEACHA

Airteagal 38

Treoirlínte teicniúla

Chun cur chun feidhme an Rialacháin seo a éascú, déanfaidh an Coimisiún treoirlínte neamhcheangailteacha a tharraingt suas i gcomhairle leis na páirtithe leasmhara.

Airteagal 39

Forálacha idirthréimhseacha

Féadfaidh deimhnithe creidiúnaithe a eiseofar roimh an 1 Eanáir 2010 a bheith fós bailí go dtí a ndáta éaga, ach ní mhairfidh an bhailíocht sin níos faide ná an 31 Nollaig 2014. Beidh feidhm ag an Rialachán seo, áfach, i gcás síneadh a chur leo nó i gcás a n-athnuachana.

Airteagal 40

Athbhreithniú agus tuairisciú

Faoin 2 Meán Fómhair 2013, cuirfidh an Coimisiún tuarascáil faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus faoi bhráid na Comhairle maidir le cur i bhfeidhm an Rialacháin seo, maidir le cur i bhfeidhm Threoir 2001/95/CE agus maidir le cur i bhfeidhm aon ionstraime Comhphobail ábhartha eile a dhéileálann le faireachas margaidh. Déanfar anailís sa tuarascáil sin, go háirithe, ar chomhréireacht rialacha an Chomhphobail i réimse an fhaireachais margaidh. Más iomchuí, beidh tograí chun na hionstraimí lena mbaineann a leasú agus/nó a chomhdhlúthú, ar mhaithe le rialáil fheabhsaithe agus ar mhaithe le simpliú, leis an tuarascáil. Beidh meastóireacht inti maidir le raon feidhme Chaibidil III den Rialachán seo a leathnú chuig na táirgí go léir.

Faoin 1 Eanáir 2013, agus gach cúig bliana ina dhiaidh sin, déanfaidh an Coimisiún tuarascáil maidir le cur chun feidhme an Rialacháin seo a chur faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle.

Airteagal 41

Pionóis

Leagfaidh na Ballstáit síos na rialacha maidir le pionóis d'oibreoirí eacnamaíocha, a bhféadfadh smachtbhannaí coiriúla as sáruithe tromchúiseacha, a bheadh infheidhme i gcás sáruithe ar fhorálacha an Rialacháin seo, a bheith san áireamh iontu agus glacfaidh siad na bearta uile is gá lena áirithiú go gcuirfear chun feidhme iad. Beidh na pionóis dá bhforáiltear éifeachtúil, comhréireach agus athchomhairleach agus féadfar iad a mhéadú má bhíonn sárú comhchosúil ar fhorálacha an Rialacháin seo déanta ag an oibreoir eacnamaíoch iomchuí roimhe sin. Tabharfaidh na Ballstáit fógra don Choimisiún faoi na forálacha sin faoin 1 Eanáir 2010 agus tabharfaidh sé fógra dó gan mhoill faoi aon leasú ina dhiaidh sin a dhéanfaidh difear dóibh.

Airteagal 42

Leasú ar Threoir 2001/95/CE

Cuirfear an méid a leanas in ionad Airteagal 8(3) de Threoir 2001/95/CE:

‘3.   I gcás táirgí a bhféadfadh riosca tromchúiseach a bheith ag gabháil leo, glacfaidh na húdaráis inniúla le dithneas iomchuí na bearta oiriúnacha dá dtagraítear i mír 1(b) go (f). Is iad na Ballstáit a chinnfidh an ann do bhaol tromchúiseach, agus gach cás ann féin á mheasúnú acu ar a thuillteanas, agus aird á tabhairt acu ar na treoirlínte dá dtagraítear i bpointe 8 d'Iarscríbhinn II.’.

Airteagal 43

Aisghairm

Aisghairtear leis seo Rialachán (CEE) Uimh. 339/93 le héifeacht ón 1 Eanáir 2010.

Déanfar tagairtí don Rialachán aisghairthe a fhorléiriú mar thagairtí don Rialachán seo.

Airteagal 44

Teacht i bhfeidhm

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh feidhm aige ón 1 Eanáir 2010.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh in Strasbourg, 9 Iúil 2008.

Thar ceann Pharlaimint na hEorpa

An tUachtarán

H.-G. PÖTTERING

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

J.P JOUYET


(1)  IO C 120, 16.5.2008, lch. 1.

(2)  Tuairim ó Pharlaimint na hEorpa an 21 Feabhra 2008 (nár foilsíodh fós san Iris Oifigiúil) agus Cinneadh ón gComhairle an 23 Meitheamh 2008.

(3)  Féach leathanach … den Iris Oifigúil seo.

(4)  IO L 11, 15.1.2002, lch. 4.

(5)  IO L 145, 31.5.2001, lch. 43.

(6)  IO L 281, 23.11.1995, lch. 31. Treoir arna leasú le Rialachán (CE) Uimh. 1882/2003 (IO L 284, 31.10.2003, lch. 1).

(7)  IO L 8, 12.1.2001, lch. 1.

(8)  IO L 40, 17.2.1993, lch. 1. Rialachán arna leasú go deireanach le Rialachán (CE) Uimh. 1791/2006 (IO L 363, 20.12.2006, lch. 1).

(9)  IO L 248, 16.9.2002, lch. 1. Rialachán arna leasú go deireanach le Rialachán (CE) Uimh. 1525/2007 (IO L 343, 27.12.2007, lch. 9).

(10)  IO L 204, 21.7.1998, lch. 37. Treoir arna leasú go deireanach le Treoir 2006/96/CE ón gComhairle (IO L 363, 20.12.2006, lch. 81).

(11)  IO L 302, 19.10.1992, lch. 1. Rialachán arna leasú go deireanach le Rialachán (CE) Uimh. 1791/2006 (IO L 363, 20.12.2006, lch. 1).

(12)  IO L 357, 31.12.2002, lch. 1. Rialachán arna leasú go deireanach le Rialachán (CE, Euratom) Uimh. 478/2007 (IO L 111, 28.4.2007, lch. 13).

(13)  IO L 312, 23.12.1995, lch. 1.

(14)  IO L 292, 15.11.1996, lch. 2.

(15)  IO L 136, 31.5.1999, lch. 1.


IARSCRÍBHINN I

Ceanglais atá infheidhme maidir leis an gcomhlacht a aithneofar faoi Airteagal 14

1.

Beidh an comhlacht a aithneofar faoi Airteagal 14 den Rialachán (‘an comhlacht’) bunaithe laistigh den Chomhphobal.

2.

Faoi bhunreacht an chomhlachta, beidh comhlachtaí measúnaithe náisiúnta ó laistigh den Chomhphobal i dteideal a bheith ina gcomhaltaí de, ar an gcoinníoll go gcomhallann siad rialacha agus cuspóirí an chomhlachta agus go gcomhallann siad na coinníollacha eile a leagtar amach anseo agus a bheidh comhaontaithe leis an gCoimisiún sa chomhaontú réime.

3.

Rachaidh an comhlacht i gcomhairle leis na páirtithe leasmhara ábhartha go léir.

4.

Cuirfidh an comhlacht seirbhísí meastóireachta piara ar fáil dá chomhaltaí lena sásófar ceanglais Airteagal 10 agus Airteagal 11.

5.

Comhoibreoidh an comhlacht leis an gCoimisiún i gcomhréir leis an Rialachán seo.


IARSCRÍBHINN II

An marc CE

1.

Beidh an marc CE comhdhéanta de na túslitreacha ‘CE’ agus iad san fhoirm seo a leanas:

Image

2.

Má laghdaítear nó má mhéadaítear an marc CE cloífear leis na comhréireanna a thugtar sa liníocht chéimnithe atá i mír 1.

3.

I gcás nach bhforchuirfear toisí sonracha le reachtaíocht shonrach, beidh an marc CE 5 mm ar airde, ar a laghad.


Top