EUR-Lex Access to European Union law

Back to EUR-Lex homepage

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

An tSaoráid um Chónascadh na hEorpa

 

ACHOIMRE AR:

Rialachán (AE) Uimh. 1316/2013 lena mbunaítear an tSaoráid um Chónascadh na hEorpa

CAD IS AIDHM LEIS AN RIALACHÁN?

Bunaítear leis an tSaoráid um Chónascadh na hEorpa (SCE) a thacaíonn le tionscadail leasa choitinn (is é sin, tionscadail atá chun leas AE ina iomláine) maidir le bonneagar sna réimsí seo a leanas:

  • iompar;
  • teileachumarsáid; agus
  • fuinneamh.

Is é an aidhm dheiridh leis infheistíocht i ngréasáin thras-Eorpacha a luathú agus maoiniú ón earnáil phoiblí agus ón earnáil phríobháideach a threisiú.

Chomh maith leis sin, leagtar amach an tsuim airgid a chuirfear ar fáil don tréimhse 2014 go dtí 2020 agus na réimsí ina mbainfear feidhm as an airgead sin.

Rinneadh é a leasú roinnt uaireanta, an t–am is deireanaí:

PRÍOMHPHOINTÍ

Ag cabhrú le fás inbhuanaithe eacnamaíoch a chruthú

Measann an Coimisiún Eorpach gur príomhbhealach é gréasáin éifeachtacha iompair agus bhonneagair fuinnimh a chruthú chun fás a spreagadh i margadh aonair AE agus chun an mhuinín a chuirtear ann a neartú.

Go sonrach, tacaíonn an tSaoráid um Chónascadh na hEorpa leis na tionscadail a bhfuil sé mar aidhm leo bonneagar agus seirbhísí nua a fhorbairt agus a chruthú nó uasghrádú a dhéanamh ar an mbonneagar agus ar na seirbhísí atá ann cheana féin. Is é ceann de na cuspóirí ginearálta léi cur le fás eacnamaíoch trí bhíthin gréasán nua-aimseartha ardfheidhmíochta tras-Eorpach a fhorbairt ina gcuirtear sruthanna ionchais tráchta amach anseo san áireamh.

Forbairt inbhuanaithe

Cuspóir ginearálta eile leis an SCE is ea cabhrú le AE a spriocanna forbartha inbhuanaithe a bhaint amach (laghdú de 20% ar astaíochtaí gás ceaptha teasa i gcomparáid le leibhéil na bliana 1990, méadú de 20% ar éifeachtúlacht fuinnimh agus cion de 20% a bhaint amach maidir le fuinneamh in-athnuaite faoi 2020).

An earnáil iompair a bhainfidh an tairbhe is mó as

Tá buiséad iomlán de thimpeall €33 billiún leis an tSaoráid um Chónascadh na hEorpa don tréimhse 2014 go dtí 2020. Miondealú ar an mbuiséad:

  • thart ar €26 billiún i gcomhair iompair;
  • thart ar €1 bhilliún i gcomhair teileachumarsáide; agus
  • thart ar €6 bhilliún i gcomhair na hearnála fuinnimh.

Gníomhartha tarmligthe

Ghlac an Coimisiún 2 ghníomh tarmligthe lena bhforlíontar Rialachán (AE) Uimh. 1316/2013 i ndáil le tosaíochtaí maoinithe iompair:

Leasú 2017 ar Rialachán (AE) Uimh. 1316/2013

Le Rialachán (AE) 2017/2396 agus leasú á dhéanamh leis ar rialachán CEIS (Rialachán (AE) 2015/1017) síntear fad CEIS an CEIS agus tugtar isteach leis roinnt feabhsuithe teicniúla. Lena chois sin, leasaítear leis rialachán SCE tríd an gcuid de bhuiséad SCE nár caitheadh, chomh maith le hairgead ón ioncam agus ó na haisíocaíochtaí ó Ionstraim Fiachais SCE agus ón gCiste Eorpach 2020 don Fhuinneamh, don Athrú Aeráide agus don Bhonneagar (“Ciste Marguerite” — ciste a infheistítear i bhfuinneamh, foinsí inathnuaite, bonneagar iompair agus digiteach) a aistriú go dtí CEIS.

Leasú 2018 ar Rialachán (AE) Uimh. 1316/2013

Leasaíodh Rialachán (AE) Uimh. 1316/2013 le Rialachán (AE, Euratom) 2018/1046 lena dtugtar isteach airteagal nua (Airteagal 16a) lena dtairgtear an deis saoráidí measctha SCE a bhunú lena mbeadh gach gníomhaíocht a chuirfeadh le tionscadail leasa choitinn incháilithe i gcomhair maoiniú a fháil. Ní bheidh an ranníocaíocht fhoriomlán leis an tSaoráid um Chónascadh na hEorpa ó bhuiséad AE níos mó ná 10% den leithdháileadh airgeadais foriomlán i gcomhair SCE.

CÉN UAIR ATÁ TOSACH FEIDHME AN RIALACHÁIN?

Tá feidhm leis ón 1 Eanáir 2014.

CÚLRA

PRÍOMHTHÉARMAÍ

Saoráid mheasctha: socrú comhair arna mbunú idir an Coimisiúin agus institiúidí forbartha nó institiúidí airgeadais phoiblí eile chun cineálacha neamh-inaisíoctha tacaíochta agus/nó ionstraimí airgeadais agus/nó ráthaíochtaí buiséid ón mbuiséad a chomhcheangal le tacaíocht airgeadais ó institiúidí forbartha nó institiúidí airgeadais poiblí eile, agus ó institiúidí airgeadais san earnáil phríobháideach agus infheisteoirí san earnáil phríobháideach chomh maith.

PRÍOMHDHOICIMÉAD

Rialachán (AE) Uimh. 1316/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Nollaig 2013 lena mbunaítear an tSaoráid um Chónascadh na hEorpa, lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 913/2010 agus lena n–aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 680/2007 agus Rialachán (CE) Uimh. 67/2010 (IO L 348, 20.12.2013, lgh. 129-171)

Rinneadh na leasuithe comhleanúnacha ar Rialachán (AE) Uimh. 1316/2013 a chorprú sa bhuntéacs. Níl de luach ar an leagan comhdhlúite seo ach luach doiciméadach amháin.

DOICIMÉID GHAOLMHARA

Rialachán Tarmligthe (AE) 2016/1649 ón gCoimisiún an 8 Iúil 2016 lena bhforlíontar Rialachán (AE) Uimh. 1316/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena mbunaítear an tSaoráid um Chónascadh na hEorpa (IO L 247, 15.9.2016, lgh. 1-4)

Rialachán Tarmligthe (AE) Uimh. 275/2014 ón gCoimisiún an 7 Eanáir 2014 lena leasaítear Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 1316/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena mbunaítear an tSaoráid um Chónascadh na hEorpa (IO L 80, 19.3.2014, lgh. 1-4)

Nuashonraithe 29.04.2019

Top