EUR-Lex Access to European Union law

Back to EUR-Lex homepage

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 32017L2102

Treoir (AE) 2017/2102 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 15 Samhain 2017 lena leasaítear Treoir 2011/65/AE maidir le srian ar shubstaintí guaiseacha áirithe a úsáid i dtrealamh leictreach agus leictreonach ((Téacs atá ábhartha maidir le LEE) )

IO L 305, 21.11.2017, p. 8–11 (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

Legal status of the document In force

ELI: http://data.europa.eu/eli/dir/2017/2102/oj

21.11.2017   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

8


TREOIR (AE) 2017/2102 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

an 15 Samhain 2017

lena leasaítear Treoir 2011/65/AE maidir le srian ar shubstaintí guaiseacha áirithe a úsáid i dtrealamh leictreach agus leictreonach

(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 114 de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

Tar éis dóibh an dréachtghníomh reachtach a chur chuig na parlaimintí náisiúnta,

Ag féachaint don tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa (1),

Tar éis dóibh dul i gcomhairle le Coiste na Réigiún,

Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach (2),

De bharr an méid seo a leanas:

(1)

Tá éileamh i dTreoir 2011/65/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (3) maidir le srian ar shubstaintí guaiseacha áirithe a úsáid i dtrealamh leictreach agus leictreonach (TLL) go ndéanfadh an Coimisiún scrúdú ar an ngá a d'fhéadfadh a bheith le leasú ar raon feidhme na Treorach sin i ndáil leis an TLL a thagann faoina scáth agus, más iomchuí, togra reachtach a thíolacadh maidir le haon eisiamh breise i ndáil leis an TLL sin.

(2)

Ba cheart oibríochtaí tánaisteacha margaidh maidir le TLL, lena mbaineann deisiúchán, páirteanna spártha a athsholáthar, athfheistiú agus athúsáid, agus iarfheistiú, a éascú ionas go gcuirfear geilleagar ciorclach chun cinn san Aontas. Ba cheart leibhéal ard cosanta maidir le sláinte an duine agus maidir leis an gcomhshaol a áirithiú, lena n-áirítear trí aisghabháil agus trí dhiúscairt TLL ar bhealach atá slán ó thaobh an chomhshaoil de. Ba cheart aon ualach riaracháin nach gá ar oibreoirí margaidh a sheachaint. Is féidir, faoi Threoir 2011/65/AE, leanúint de TLL a bhí lasmuigh de raon feidhme Threoir 2002/95/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (4) roimhe seo, ach nach gcomhlíonfadh Treoir 2011/65/AE, leanúint dá gcur ar fáil ar an margadh go dtí an 22 Iúil 2019. I ndiaidh an dáta sin, áfach, toirmeasctar TLL neamhchomhlíontach a chur ar an margadh den chéad uair agus oibríochtaí tánaisteacha margaidh ina leith. Tá toirmeasc den sórt sin ar oibríochtaí tánaisteacha margaidh ar neamhréir leis na prionsabail ghinearálta is bun le bearta de chuid an Aontais ar mhaithe le comhfhogasú na ndlíthe a bhaineann le táirgí agus ba cheart deireadh a chur leis dá bhrí sin.

(3)

Ba cheart grúpaí áirithe táirgí ar grúpaí nideoige iad a eisiamh ó raon feidhme Threoir 2011/65/AE ós rud é gur diomaibhseach an buntáiste ó thaobh an chomhshaoil nó na sláinte de a thiocfadh óna gcur san áireamh agus go dtabharfaí isteach fadhbanna dosháraithe maidir le comhlíonadh nó saobhadh margaidh nach féidir déileáil go héifeachtúil leis tríd an sásra díolúine dá bhforáiltear sa Treoir sin.

(4)

Déantar píoba in orgáin as cineál faoi leith cóimhiotail luaidhe-bhunaithe agus níor aimsíodh cineál malartach den ábhar sin go fóill. Coinnítear an chuid is mó de na píborgáin in aon áit amháin ar feadh na gcéadta bliain agus is diomaibhseach an ráta láimhdeachais ina leith. Dá bhrí sin, ba cheart píborgáin a eisiamh ó raon feidhme Threoir 2011/65/AE ós rud é gur diomaibhseach an buntáiste i dtéarmaí ionadú a fháil ar luaidhe a thiocfadh óna gcur san áireamh.

(5)

Níl feidhm ag Treoir 2011/65/AE maidir le hinnealra soghluaiste neamhbhóthair ag a bhfuil foinse cumhachta ar bord, a chuirtear ar fáil d'úsáid ghairmiúil amháin. I gcás cineálacha áirithe innealra shoghluaiste neamhbhóthair, áfach, déantar dhá leagan a tháirgeadh ar an aon líne tháirgíochta amháin, arb í an fhoinse cumhachta (ar bord nó seachtrach) an t-aon difríocht eatarthu. Ba cheart déileáil ar an aon bhealach amháin leis na leaganacha sin faoin Treoir sin. Ba cheart, dá bhrí sin, innealra soghluaiste neamhbhóthair ag a bhfuil tiomáint frithchuimilte arna cumhachtú ag foinse cumhachta sheachtrach a eisiamh ó raon feidhme Threoir 2011/65/AE.

(6)

I ndáil le gach catagóir ábhartha TLL, mar a leagtar amach in Iarscríbhinn I a ghabhann le Treoir 2011/65/AE, ba cheart na coinníollacha maidir leis na díolúintí atá ann le haghaidh páirteanna spártha athúsáidte, arna n-aisghabháil ó TLL, a shainiú go soiléir. Ar an gcaoi chéanna, ós rud é gur cheart tréimhse feidhme theoranta a bheith ag díolúintí ó shrian ar shubstaintí guaiseacha áirithe a úsáid, ba cheart an uastréimhse bailíochta maidir leis na díolúintí atá ann cheana a shainiú go soiléir i ndáil le gach catagóir ábhartha TLL freisin, lena n-áirítear catagóir 11.

(7)

Nuair a chuirtear iarratas ar athnuachan díolúine isteach, ceanglaítear ar an gCoimisiún cinneadh a dhéanamh tráth nach déanaí ná 6 mhí roimh dháta dhul in éag na díolúine atá ann cheana, mura rud é go mbíonn imthosca sonracha ina n-údar maith le sprioc-am eile. Ní luaitear aon sprioc-am maidir le cinneadh de chuid an Choimisiúin faoi iarratais ar dhíolúine nua. De réir thuarascáil an 18 Aibreán 2016 ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle maidir le feidhmiú na cumhachta maidir le gníomhartha tarmligthe a ghlacadh arna dtabhairt don Choimisiún de bhun Threoir 2011/65/AE, léiríodh nach féidir an sprioc-am sin a chomhlíonadh i gcleachtas, mar gheall ar an ngá iliomad céimeanna nós imeachta éigeantacha a leanúint chun meastóireacht a dhéanamh ar iarratas ar dhíolúine a athnuachan. Cé nach dtagann aon bhreisluach i gceist leis an sprioc-am i ndáil leis an nós imeachta reatha maidir le hiarratais ar athnuachan a scrúdú, tagann éiginnteacht i gceist do ghnólachtaí agus do gheallsealbhóirí eile mar gheall ar an dodhéantacht a ghabhann leis. Ar an taobh eile, áirithítear leanúnachas gnó ós rud é gur féidir le hoibreoirí margaidh brath air go mbeidh díolúine atá ann cheana bailí go dtí go ndéanfar cinneadh maidir leis an iarratas ar athnuachan. Ba cheart, dá bhrí sin, an fhoráil maidir leis an sprioc-am a bhaint as. Ba cheart don Choimisiún, áfach, go gairid tar éis dó iarratas a fháil, amlíne a chur ar fáil don iarratasóir, do na Ballstáit agus do Pharlaimint na hEorpa maidir lena chinneadh faoin iarratas a ghlacadh. Thairis sin, ba cheart a áireamh san athbhreithniú ginearálta ar Threoir 2011/65/AE a dhéanfaidh an Coimisiún tráth nach déanaí ná an 22 Iúil 2021 go ndéanfaí sprioc-am réalaíoch a leagan amach do chinneadh an Choimisiúin i dtaca le hiarratas ar athnuachan ar dhíolúine roimh dhul in éag don díolúine ábhartha.

(8)

Ós rud é nach féidir leis na Ballstáit cuspóirí na Treorach seo, eadhon rannchuidiú le sláinte an duine a chosaint agus dramhthrealamh TLL a aisghabháil agus a dhiúscairt ar bhealach atá slán ó thaobh an chomhshaoil de tríd an srian a chur ar shubstaintí guaiseacha a úsáid in TLL, a ghnóthú go leordhóthanach ós rud é go bhféadfadh neamhréir idir na dlíthe nó na bearta riaracháin a ghlacann na Ballstáit baic ar thrádáil agus saobhadh iomaíochta a chruthú san Aontas agus tionchar díreach a imirt dá réir sin ar an margadh inmheánach agus, de bharr mhéid na faidhbe agus na n-impleachtaí i ndáil le reachtaíocht eile de chuid an Aontais maidir le haisghabháil agus diúscairt dramhaíola agus réimsí comhleasa, amhail sláinte an duine a chosaint, gur fearr is féidir iad a ghnóthú ar leibhéal an Aontais, féadfaidh an tAontas bearta a ghlacadh, i gcomhréir le prionsabal na coimhdeachta a leagtar amach in Airteagal 5 den Chonradh ar an Aontas Eorpach. I gcomhréir le prionsabal na comhréireachta a leagtar amach san Airteagal sin, ní théann an Treoir seo thar a bhfuil riachtanach chun na cuspóirí sin a ghnóthú,

TAR ÉIS AN TREOIR SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Leasaítear Treoir 2011/65/AE mar a leanas:

(1)

leasaítear Airteagal 2 mar a leanas:

(a)

scriostar mír 2;

(b)

i mír 4, cuirtear an pointe seo a leanas isteach:

“(k)

píborgáin.”;

(2)

in Airteagal 3, cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (28):

“(28)

ciallaíonn ‘innealra soghluaiste neamhbhóthair a chuirtear ar fáil d'úsáid ghairmiúil amháin’ innealra ag a bhfuil foinse cumhachta ar bord nó ag a bhfuil tiomáint frithchuimilte a chumhachtaítear le foinse cumhachta sheachtrach a bhfuil a oibríocht ag brath ar shoghluaisteacht nó ar ghluaiseacht leanúnach nó leathleanúnach idir sraith suíomhanna oibre seasta agus é á oibriú, agus a chuirtear ar fáil d'úsáid ghairmiúil amháin.”;

(3)

leasaítear Airteagal 4 mar a leanas:

(a)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 3:

“3.   Beidh feidhm ag mír 1 maidir le feistí leighis agus uirlisí faireacháin agus rialaithe a chuirtear ar an margadh ón 22 Iúil 2014, maidir le feistí leighis diagnóiseacha in vitro a chuirtear ar an margadh ón 22 Iúil 2016, maidir le huirlisí faireacháin agus rialaithe tionsclaíocha a chuirtear ar an margadh ón 22 Iúil 2017, agus maidir le gach TLL eile a bhí lasmuigh de raon feidhme Threoir 2002/95/CE agus a chuirtear ar an margadh ón 22 Iúil 2019.”;

(b)

i mír 4, cuirtear an pointe seo a leanas isteach:

“(ea)

gach TLL eile a bhí lasmuigh de raon feidhme Threoir 2002/95/CE agus a chuirtear ar an margadh roimh an 22 Iúil 2019;”;

(c)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 5:

“5.   Ar choinníoll go n-athúsáidtear iad i gcórais fillte lúbiata gnó le gnó atá so-iniúchta, agus go bhfógraítear athúsáid na bpáirteanna spártha don tomhaltóir, má tá feidhm ag na coinníollacha seo a leanas, ní bheidh feidhm ag mír 1 maidir le páirteanna spártha athúsáidte:

(a)

arna n-aisghabháil ó TLL a chuirtear ar an margadh roimh an 1 Iúil 2006 agus a úsáidtear in TLL a chuirtear ar an margadh roimh an 1 Iúil 2016;

(b)

arna n-aisghabháil ó fheistí leighis nó ó uirlisí faireacháin agus rialaithe a chuirtear ar an margadh roimh an 22 Iúil 2014 agus a úsáidtear in TLL a chuirtear ar an margadh roimh an 22 Iúil 2024;

(c)

arna n-aisghabháil ó fheistí leighis diagnóiseacha in vitro a chuirtear ar an margadh roimh an 22 Iúil 2016 agus a úsáidtear in TLL a chuirtear ar an margadh roimh an 22 Iúil 2026;

(d)

arna n-aisghabháil ó uirlisí faireacháin agus rialaithe tionsclaíocha a chuirtear ar an margadh roimh an 22 Iúil 2017 agus a úsáidtear in TLL a chuirtear ar an margadh roimh an 22 Iúil 2027;

(e)

arna n-aisghabháil ó TLL uile eile a bhí lasmuigh de raon feidhme Threoir 2002/95/CE agus a chuirtear ar an margadh roimh an 22 Iúil 2019, agus a úsáidtear in TLL a chuirtear ar an margadh roimh an 22 Iúil 2029.”;

(4)

leasaítear Airteagal 5 mar a leanas:

(a)

i mír 2, cuirtear an méid seo a leanas in ionad an dara fomhír:

“Maidir leis na díolúintí a liostaítear in Iarscríbhinn III amhail an 21 Iúil 2011, is é a bheidh san uastréimhse bailíochta, a fhéadfar a athnuachan, mura sonraítear tréimhse níos giorra, ná:

(a)

maidir le catagóir 1 go catagóir 7 agus catagóir 10 d'Iarscríbhinn I, 5 bliana ón 21 Iúil 2011;

(b)

maidir le catagóir 8 agus catagóir 9 d'Iarscríbhinn I, 7 mbliana ó na dátaí ábhartha a leagtar síos in Airteagal 4(3); agus

(c)

maidir le catagóir 11 d'Iarscríbhinn I, 5 bliana ón 22 Iúil 2019.”;

(b)

i mír 4, cuirtear an pointe seo a leanas isteach:

“(ba)

laistigh de 1 mhí amháin tar éis dó iarratas a fháil, amlíne le haghaidh ghlacadh a chinnidh maidir leis an iarratas sin a sholáthar don iarratasóir, do na Ballstáit agus do Pharlaimint na hEorpa;”;

(c)

i mír 5, scriostar an chéad abairt den dara fomhír.

Airteagal 2

1.   Déanfaidh na Ballstáit na forálacha reachtaíochta, rialúcháin agus riaracháin is gá chun an Treoir seo a chomhlíonadh a thabhairt i bhfeidhm faoin 12 Meitheamh 2019. Cuirfidh siad an Coimisiún ar an eolas faoi sin láithreach.

Nuair a ghlacfaidh na Ballstáit na bearta sin, beidh tagairt iontu don Treoir seo nó beidh tagairt den sórt sin ag gabháil leo tráth a bhfoilsithe oifigiúil. Leagfaidh na Ballstáit síos na modhanna a ndéanfar tagairtí den sórt sin.

2.   Déanfaidh na Ballstáit téacs phríomhbhearta an dlí náisiúnta a ghlacfaidh siad sa réimse a chumhdaítear leis an Treoir seo a chur in iúl don Choimisiún.

Airteagal 3

Tiocfaidh an Treoir seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a foilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Airteagal 4

Dírítear an Treoir seo chuig na Ballstáit.

Arna dhéanamh in Strasbourg, 15 Samhain 2017.

Thar ceann Pharlaimint na hEorpa

An tUachtarán

A. TAJANI

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

M. MAASIKAS


(1)  IO C 345, 13.10.2017, lch. 110.

(2)  Seasamh ó Pharlaimint na hEorpa an 3 Deireadh Fómhair 2017 (nár foilsíodh fós san Iris Oifigiúil) agus cinneadh ón gComhairle an 23 Deireadh Fómhair 2017.

(3)  Treoir 2011/65/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 8 Meitheamh 2011 maidir le srian ar shubstaintí guaiseacha áirithe a úsáid i dtrealamh leictreach agus leictreonach (IO L 174, 1.7.2011, lch. 88).

(4)  Treoir 2002/95/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 27 Eanáir 2003 maidir le srian ar shubstaintí guaiseacha áirithe a úsáid i dtrealamh leictreach agus leictreonach (IO L 37, 13.2.2003, lch. 19).


Top