EUR-Lex Access to European Union law

Back to EUR-Lex homepage

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 02012R1024-20190216

Consolidated text: Rialachán (AE) Uimh. 1024/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 25 Deireadh Fómhair 2012 maidir le comhar riaracháin trí Chóras Faisnéise an Mhargaidh Inmheánaigh agus lena n-aisghairtear Cinneadh 2008/49/CE ón gCoimisiún (Rialachán IMI) (Téacs atá ábhartha maidir leis an LEE)Téacs atá ábhartha maidir leis an LEE

ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2012/1024/2019-02-16

02012R1024 — GA — 16.02.2019 — 005.003


Is áis doiciméadúcháin amháin an téacs seo agus níl aon éifeacht dhlíthiúil aige. Ní ghabhann institiúidí an Aontais aon dliteanas orthu féin i leith inneachar an téacs. Is iad na leaganacha de na gníomhartha a foilsíodh in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh agus atá ar fáil ar an suíomh gréasáin EUR-Lex na leaganacha barántúla de na gníomhartha ábhartha, brollach an téacs san áireamh. Is féidir teacht ar na téacsanna oifigiúla sin ach na naisc atá leabaithe sa doiciméad seo a bhrú

►B

RIALACHÁN (AE) Uimh. 1024/2012 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

an 25 Deireadh Fómhair 2012

maidir le comhar riaracháin trí Chóras Faisnéise an Mhargaidh Inmheánaigh agus lena n-aisghairtear Cinneadh 2008/49/CE ón gCoimisiún (“Rialachán IMI”)

(Téacs atá ábhartha maidir leis an LEE)

(IO L 316 14.11.2012, lch. 1)

Arna leasú le:

 

 

Iris Oifigiúil

  Uimh

Leathanach

Dáta

►M1

DIRECTIVE 2013/55/EU OF THE EUROPEAN PARLIAMENT AND OF THE COUNCIL Text with EEA relevance of 20 November 2013 (*)

  L 354

132

28.12.2013

►M2

DIRECTIVE 2014/60/EU OF THE EUROPEAN PARLIAMENT AND OF THE COUNCIL of 15 May 2014 (*)

  L 159

1

28.5.2014

►M3

DIRECTIVE 2014/67/EU OF THE EUROPEAN PARLIAMENT AND OF THE COUNCIL Text with EEA relevance of 15 May 2014 (*)

  L 159

11

28.5.2014

►M4

RIALACHÁN (AE) 2016/1191 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE an 6 Iúil 2016

  L 200

1

26.7.2016

 M5

RIALACHÁN (AE) 2016/1628 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE an 14 Meán Fómhair 2016

  L 252

53

16.9.2016

►M6

RIALACHÁN (AE) 2018/1724 Ó PHARLAIMINT NA HEORPA AGUS ÓN GCOMHAIRLE an 2 Deireadh Fómhair 2018

  L 295

1

21.11.2018


Arna cheartú le:

►C1

Ceartúchán, IO L 231, 6.9.2019, lch.  29 (2016/1628)



(*)

Níor foilsíodh an gníomh seo i nGaeilge




▼B

RIALACHÁN (AE) Uimh. 1024/2012 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

an 25 Deireadh Fómhair 2012

maidir le comhar riaracháin trí Chóras Faisnéise an Mhargaidh Inmheánaigh agus lena n-aisghairtear Cinneadh 2008/49/CE ón gCoimisiún (“Rialachán IMI”)

(Téacs atá ábhartha maidir leis an LEE)



CAIBIDIL I

FORÁLACHA GINEARÁLTA

▼M6

Airteagal 1

Ábhar

Leis an Rialachán seo, leagtar rialacha síos le haghaidh úsáid Chóras Faisnéise an Mhargaidh Inmheánaigh (IMI’) le haghaidh comhar riaracháin i measc na ngníomhaithe IMI, lena n-áirítear próiseáil sonraí pearsanta.

▼B

Airteagal 2

Bunú IMI

Bunaítear IMI go foirmiúil leis an Rialachán seo.

Airteagal 3

Raon feidhme

▼M6

1.  Bainfear úsáid as IMI le haghaidh malartuithe faisnéise, lena n-áirítear sonraí pearsanta, i measc ghníomhaithe IMI agus le haghaidh phróiseáil na faisnéise sin chun ceachtar de na críocha seo a leanas:

(a) 

comhar riaracháin a éilítear i gcomhréir leis na gníomhartha a liostaítear san Iarscríbhinn;

(b) 

comhar riaracháin faoi réir treoirthionscadail a dhéantar i gcomhréir le hAirteagal 4.

▼B

2.  Ní bheidh d’éifeacht le haon ní sa Rialachán go ndéanfar éigeantach forálacha gníomhartha Aontais nach bhfuil aon bhrí cheangailteach leo.

Airteagal 4

IMI a leathnú

1.  Féadfaidh an Coimisiún treoirthionscadail a dhéanamh chun a mheasúnú an uirlis éifeachtach é IMI chun forálacha le haghaidh comhair riaracháin de chuid ghníomhartha de chuid an Aontais nach liostaítear san Iarscríbhinn a chur chun feidhme. Glacfaidh an Coimisiún gníomh cur chun feidhme chun a chinneadh cé na forálacha de ghníomhartha an Aontais a chuirfear faoi réir treoirthionscadail agus chun módúlachtaí gach tionscadal a leagan amach go háirithe an bhunfheidhmiúlacht theicniúil agus na socruithe nós imeachta is gá chun na forálacha ábhartha comhair riaracháin a chur chun feidhme. Is i gcomhréir leis an nós imeachta comhairliúcháin dá dtagraítear in Airteagal 24(3) a ghlacfar an gníomh cur chun feidhme sin.

2.  Cuirfidh an Coimisiún meastóireacht faoi thoradh an treoirthionscadail, lena n-áirítear saincheisteanna maidir le cosaint sonraí agus feidhmiúlachtaí i gcomhair aistriúcháin éifeachtaigh, faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus faoi bhráid na Comhairle. I gcás inarb iomchuí, féadfaidh togra reachtach a bheith ag gabháil leis an meastóireacht sin chun úsáid IMI a leathnú d’fhorálacha ábhartha gníomhartha de chuid an Aontais.

Airteagal 5

Sainmhínithe

Chun críocha an Rialacháin seo, beidh feidhm ag na sainmhínithe a leagtar síos i dTreoir 95/46/CE agus i Rialachán (CE) Uimh. 45/2001.

Ina dteannta sin, beidh feidhm ag na sainmhínithe seo a leanas freisin:

▼M6

(a) 

ciallaíonn “IMI” an uirlis leictreonach sin de chuid an Choimisiúin dar feidhm an comhar riaracháin a éascú i measc na ngníomhaithe IMI;

(b) 

ciallaíonn “comhar riaracháin” an comhar idir gníomhaithe IMI trí fhaisnéis a mhalartú agus a phróiseáil chun críche dlí an Aontais a chur i bhfeidhm ar bhealach níos fearr;

▼B

(c) 

ciallaíonn “réimse de chuid an mhargaidh inmheánaigh” réimse reachtach nó feidhme de chuid an mhargaidh inmheánaigh de réir bhrí Airteagal 26(2) CFAE, ina n-úsáidtear IMI i gcomhréir le hAirteagal 3 den Rialachán seo;

(d) 

ciallaíonn “nós imeachta um chomhar riaracháin” sreabh oibre réamhshainithe dá bhforáiltear in IMI lena gceadaítear do ghníomhaithe IMI cumarsáid agus caidreamh a dhéanamh le chéile ar mhodh struchtúrtha;

(e) 

ciallaíonn “comhordaitheoir IMI” comhlacht arna cheapadh ag Ballstát chun cúraimí tacaíochta a dhéanamh a bhfuil gá leo ionas go bhfeidhmeoidh IMI go héifeachtúil i gcomhréir leis an Rialachán seo;

(f) 

ciallaíonn “údarás inniúil” aon chomhlacht atá bunaithe ar leibhéal náisiúnta, réigiúnach nó áitiúil agus atá cláraithe in IMI, is comhlacht a bhfuil freagrachtaí sonracha aige a bhaineann le dlí náisiúnta nó gníomhartha de chuid an Aontais a liostaítear san Iarscríbhinn a chur i bhfeidhm i réimse amháin nó níos mó den mhargadh inmheánach;

▼M6

(g) 

ciallaíonn “gníomhaithe IMI” na húdaráis inniúla, comhordaitheoirí IMI, an Coimisiún agus comhlachtaí, oifigí agus gníomhaireachtaí an Aontais;

▼B

(h) 

ciallaíonn “úsáideoir IMI” duine nádúrtha atá ag obair faoi údarás ghníomhaí IMI agus atá cláraithe in IMI thar ceann an ghníomhaí IMI sin;

(i) 

ciallaíonn “gníomhaithe seachtracha” daoine nádúrtha nó dlítheanacha cé is moite d’úsáideoirí IMI, is daoine nach bhféadfaidh idirghníomhú le IMI ach amháin trí mhodhanna teicniúla ar leith agus i gcomhréir le sreabh oibre réamhshainithe arna sholáthar chun na críche sin;

(j) 

ciallaíonn “blocáil” modh teicniúil a chur i bhfeidhm lena n-áiritheofar nach mbeidh rochtain ag úsáideoirí IMI ar shonraí pearsanta trí ghnáth-chomhéadan IMI;

(k) 

ciallaíonn “dúnadh foirmiúil” an tsaoráid theicniúil a chuirtear ar fáil ag IMI a chur i bhfeidhm chun nós imeachta um chomhar riaracháin a dhúnadh.



CAIBIDIL II

FEIDHMEANNA AGUS FREAGRACHTAÍ I nDÁIL LE IMI

Airteagal 6

Comhordaitheoirí IMI

1.  Ceapfaidh gach Ballstát comhordaitheoir náisiúnta IMI amháin a mbeidh freagrachtaí, lena n-áirítear iad seo a leanas, air:

(a) 

comhordaitheoirí IMI agus údaráis inniúla a chlárú nó a gclárúcháin a bhailíochtú;

(b) 

gníomhú mar an príomhphointe teagmhála le haghaidh saincheisteanna a bhaineann le IMI do ghníomhaithe IMI de chuid na mBallstát lena n-áirítear faisnéis a sholáthar faoi ghnéithe a bhaineann le cosaint sonraí pearsanta i gcomhréir leis an Rialachán seo;

(c) 

gníomhú mar an teagmhálaí leis an gCoimisiún i gcás saincheisteanna a bhaineann le IMI, lena n-áirítear faisnéis a sholáthar faoi ghnéithe a bhaineann le cosaint sonraí pearsanta i gcomhréir leis an Rialachán seo;

(d) 

eolas, oiliúint agus tacaíocht, lena n-áirítear cúnamh teicniúil bunúsach, a sholáthar do ghníomhaithe IMI de chuid na mBallstát;

(e) 

feidhmiú éifeachtúil IMI a áirithiú, a mhéid a bheidh sé faoina rialú acu, lena n-áirítear soláthar freagairtí tráthúla agus leordhóthanacha ag gníomhaithe IMI de chuid na mBallstát ar iarrataí ar chomhar riaracháin.

2.  Féadfaidh gach Ballstát, ina theannta sin, comhordaitheoir IMI amháin nó níos mó a cheapadh chun ceann amháin nó níos mó de na cúraimí a liostaítear i mír 1 a dhéanamh, i gcomhréir lena struchtúr inmheánach riaracháin.

3.  Cuirfidh na Ballstáit na comhordaitheoirí IMI arna gceapadh i gcomhréir le mír 1 agus mír 2 in iúl don Choimisiún, maille leis na cúraimí a bheidh orthu. Déanfaidh an Coimisiún an fhaisnéis sin a chomhroinnt leis na Ballstáit eile.

4.  Féadfaidh gach comhordaitheoir IMI feidhmiú mar údarás inniúil. I ngach cás den sórt sin, beidh na cearta rochtana céanna ag comhordaitheoir IMI mar atá ag údarás inniúil. Beidh gach comhordaitheoir IMI ina rialtóir ar a ghníomhaíochtaí próiseála sonraí féin, ina cháil mar ghníomhaí IMI.

Airteagal 7

Údaráis inniúla

1.  Le linn dóibh bheith i mbun comhair trí IMI, déanfaidh na húdaráis inniúla, ag gníomhú dóibh trí úsáideoirí IMI i gcomhréir le nósanna imeachta um chomhar riaracháin, a áirithiú go ndéanfaidh úsáideoirí IMI, i gcomhréir leis an ngníomh Aontais is infheidhme, freagairt shásúil a sholáthar laistigh den tréimhse is giorra is féidir agus in aon chás faoin spriocdháta arna leagan síos leis an ngníomh sin.

2.  Féadfaidh údarás inniúil aon fhaisnéis, aon doiciméad, aon toradh, aon ráiteas nó aon fhíorchóip dheimhnithe a fuair sé go leictreonach trí IMI a úsáid mar fhianaise ar an mbonn céanna le faisnéis chomhchosúil a fuarthas ina thír féin, chun críocha atá ag luí leis na críocha ar chucu a bailíodh na sonraí an chéad uair riamh.

3.  Beidh gach údarás inniúil ina rialtóir i ndáil lena ghníomhaíochtaí próiseála sonraí féin, is gníomhaíochtaí a fheidhmeoidh úsáideoir IMI atá faoina údarás, agus áiritheoidh sé gur féidir le hábhair sonraí a gcearta a fheidhmiú i gcomhréir le Caibidil III agus Caibidil IV, i gcás inar gá, i gcomhar leis an gCoimisiún.

Airteagal 8

An Coimisiún

1.  Beidh an Coimisiún freagrach as na cúraimí seo a leanas a chur i gcrích:

(a) 

slándáil, infhaighteacht, cothabháil agus forbairt na mbogearraí agus an bhonneagair TF le haghaidh IMI a áirithiú;

(b) 

córas ilteangach, lena n-áirítear feidhmiúlachtaí aistriúcháin atá ann cheana, oiliúint i gcomhar leis na Ballstáit agus deasc chabhrach chun cúnamh a thabhairt do na Ballstáit IMI a úsáid a sholáthar;

(c) 

comhordaitheoirí náisiúnta IMI a chlárú agus rochtain ar IMI a thabhairt dóibh;

(d) 

oibríochtaí próiseála a dhéanamh ar shonraí pearsanta in IMI, i gcás ina bhfuil foráil déanta dóibh sa Rialachán seo i gcomhréir leis na críocha a chinntear leis na gníomhartha is infheidhme de chuid an Aontais a liostaítear san Iarscríbhinn;

(e) 

faireachán a dhéanamh ar chur i bhfeidhm an Rialacháin seo agus tuairisciú do Pharlaimint na hEorpa, don Chomhairle agus don Mhaoirseoir Eorpach ar Chosaint Sonraí i gcomhréir le hAirteagal 25;

▼M6

(f) 

comhordú le comhlachtaí, oifigí agus gníomhaireachtaí de chuid an Aontais a áirithiú agus rochtain ar IMI a dheonú dóibh.

▼B

2.  D’fhonn na cúraimí, ar cúraimí iad a liostaítear i mír 1, a fheidhmiú agus chun tuarascálacha staidrimh a sholáthar, beidh rochtain ag an gCoimisiún ar an bhfaisnéis is gá, ar faisneis í a bhaineann leis na hoibríochtaí próiseála arna ndéanamh in IMI.

3.  Ní bheidh an Coimisiún rannpháirteach i nósanna imeachta um chomhar riaracháin ina ndéantar sonraí pearsanta a phróiseáil, mura gceanglaítear amhlaidh le foráil de ghníomh de chuid an Aontais atá liostaithe san Iarscríbhinn.

Airteagal 9

Cearta rochtana gníomhaithe agus úsáideoirí IMI

1.  Is ag úsáideoirí IMI, agus acu sin amháin, a bheidh rochtain ar IMI.

2.  Ainmneoidh na Ballstáit comhordaitheoirí IMI agus na húdaráis inniúla agus na réimsí den mhargadh inmheánach ina bhfuil inniúlacht acu. Féadfaidh an Coimisiún ról comhairleach a ghlacadh sa phróiseas sin.

3.  Déanfaidh gach gníomhaí IMI na cearta rochtana iomchuí a dheonú agus a chúlghairm, de réir mar is gá, d’úsáideoirí IMI sa réimse den mhargadh inmheánach ina bhfuil inniúlacht aige.

▼M6

4.  Cuirfidh na Ballstáit, an Coimisiún agus comhlachtaí, oifigí agus gníomhaireachtaí de chuid an Aontais modhanna iomchuí i bhfeidhm chun a áirithiú go ligfear d’úsáideoirí IMI rochtain a fháil ar shonraí pearsanta arna bpróiseáil in IMI ar bhonn riachtanais, agus air sin amháin, agus laistigh den réimse nó de na réimsí de chuid an mhargaidh inmheánaigh inar deonaíodh cearta rochtana dóibh i gcomhréir le mír 3, agus laistigh den réimse sin nó de na réimsí sin amháin.

▼B

5.  Cuirfear cosc ar sonraí pearsanta a ndéantar próiseáil orthu in IMI a úsáid ar mhaithe le cuspóir sonrach agus ar bhealach nach bhfuil ag luí leis an gcuspóir bunaidh sin, ach amháin má dhéantar foráil shainráite maidir leis sin sa dlí náisiúnta i gcomhréir le dlí an Aontais.

6.  I gcás ina bhfuil próiseáil sonraí pearsanta mar chuid de nós imeachta um chomhar riaracháin, ní bheidh rochtain ach ag gníomhaithe IMI atá rannpháirteach sa nós imeachta sin ar na sonraí pearsanta sin, agus ag na gníomhaithe sin amháin.

Airteagal 10

Rúndacht

1.  Cuirfidh gach Ballstát a rialacha maidir le rúndacht ghairmiúil nó maidir le dualgais choibhéiseacha rúndachta eile i bhfeidhm maidir lena chuid gníomhaithe IMI agus lena chuid úsáideoirí IMI, i gcomhréir le reachtaíocht náisiúnta nó le reachtaíocht an Aontais.

2.  Áiritheoidh gníomhaithe IMI go n-urramóidh úsáideoirí IMI atá ag obair faoina n-údarás iarrataí ó ghníomhaithe eile IMI go ndéileálfar leis an bhfaisnéis a aistrítear trí IMI ar bhealach rúnda.

Airteagal 11

Nósanna imeachta um chomhar riaracháin

Beidh IMI bunaithe ar nósanna imeachta um chomhar riaracháin lena ndéanfar forálacha ghníomhartha ábhartha de chuid an Aontais a liostaítear san Iarscríbhinn a chur chun feidhme. Féadfaidh an Coimisiún, i gcás inarb iomchuí, gníomhartha cur chun feidhme a ghlacadh le haghaidh gnímh shonraigh de chuid an Aontais a liostaítear san Iarscríbhinn nó le haghaidh cineál nós imeachta um chomhar riaracháin, lena leagtar amach an fheidhmiúlacht theicniúil fhíor-riachtanach agus na socruithe nós imeachta is gá ionas go bhféadfaí na forálacha ábhartha maidir le comhar riaracháin oibriú, lena n-áirítear, i gcás inarb infheidhmithe, an idirghníomhaíocht idir gníomhaithe seachtracha agus IMI mar a thagraítear di in Airteagal 12. Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta comhairleach dá dtagraítear in Airteagal 24(2).

Airteagal 12

Gníomhaithe seachtracha

Féadfar meáin theicniúla a chur ar fáil ionas gur féidir le gníomhaithe seachtracha idirghníomhú le IMI i gcás inarb amhlaidh, maidir leis an idirghníomhaíocht sin:

(a) 

go bhforáiltear di le gníomh de chuid an Aontais;

(b) 

go bhforáiltear di le gníomh cur chun feidhme dá dtagraítear in Airteagal 11 chun comhar riaracháin a éascú idir údaráis inniúla de chuid na mBallstát d’fhonn forálacha ghníomhartha de chuid an Aontais a liostaítear san Iarscríbhinn a chur i bhfeidhm; nó

(c) 

go bhfuil sí riachtanach chun iarrataí a chur isteach d’fhonn a gcearta mar ábhair sonraí a fheidhmiú i gcomhréir le hAirteagal 19.

Beidh aon mheáin theicniúla den sórt sin leithleach ó IMI agus ní chuirfidh siad ar chumas gníomhaithe seachtracha rochtain a fháil ar IMI.



CAIBIDIL III

PRÓISEÁIL SONRAÍ PEARSANTA AGUS SLÁNDÁIL

Airteagal 13

Cuspóir a theorannú

Ní dhéanfaidh gníomhaithe IMI sonraí pearsanta a aistriú ná a phróiseáil ach chun na gcríoch atá sainmhínithe i bhforálacha ábhartha ghníomhartha de chuid an Aontais a liostaítear san Iarscríbhinn.

Ní bhainfear úsáid as sonraí a dhéanfaidh ábhair sonraí a chur faoi bhráid IMI ach chun na gcríocha ar chucu a tíolacadh na sonraí.

Airteagal 14

Sonraí pearsanta a choinneáil

1.  Déanfar na sonraí pearsanta a phróiseáiltear in IMI a bhlocáil sa chóras a luaithe nach mbeidh gá a thuilleadh leo chun na críche ar chuige a bailíodh iad, ag brath ar shainiúlachtaí gach cineál comhair riaracháin, agus, mar riail ghinearálta, tráth nach déanaí ná sé mhí tar éis an nós imeachta maidir le comhar riaracháin a dhúnadh go foirmiúil.

Má fhoráiltear do thréimhse níos faide le gníomh is infheidhme de chuid an Aontais a liostaítear san Iarscríbhinn, áfach, féadfar sonraí pearsanta a phróiseáiltear in IMI a choinneáil go ceann uastréimhse 18 mí tar éis an nós imeachta maidir le comhar riaracháin a dhúnadh go foirmiúil.

2.  I gcás ina n-éilítear stór faisnéise de bhun ghníomh ceangailteach de chuid an Aontais a liostaítear san Iarscríbhinn, ar stór é a mbeidh gníomhaithe IMI in ann tarraingt air amach anseo, féadfar próiseáil a dhéanamh ar na sonraí pearsanta atá sa stór sin a fhad is gá iad chun na críche sin, le toiliú an ábhair sonraí nó, nuair a dhéantar foráil dó sin leis an ngníomh sin de chuid an Aontais.

3.  Ní dhéanfar sonraí pearsanta arna mblocáil de bhun an Airteagail seo, gan stóráil na sonraí sin a áireamh, a phróiseáil ach chun críocha cruthúnais i dtaobh malartú faisnéise trí IMI le toiliú an ábhair sonraí, mura n-iarrtar go ndéanfar próiseáil ar chúiseanna sáraitheacha ar mhaithe leis an bpobal.

4.  Déanfar na sonraí blocáilte a scriosadh go huathoibríoch in IMI, trí bliana tar éis an nós imeachta um chomhar riaracháin a dhúnadh go foirmiúil.

5.  Arna iarraidh sin go sainráite d’údarás inniúil i gcás sonrach agus le toiliú an ábhair sonraí, féadfar sonraí pearsanta a scriosadh sula rachaidh an tréimhse coinneála is infheidhme in éag.

6.  Déanfaidh an Coimisiún a áirithiú, trí mheáin theicniúla, go mblocálfar agus go scriosfar sonraí pearsanta agus go n-aisghabhfar iad i gcomhréir le mír 3.

7.  Cuirfear meáin theicniúla i bhfeidhm ionas go spreagfar gníomhaithe IMI chun nósanna imeachta um chomhar riaracháin a dhúnadh go foirmiúil a luaithe is féidir tar éis an mhalartaithe faisnéise agus chun a chumasú do ghníomhaithe IMI comhordaitheoirí IMI atá freagrach a tharraingt isteach in aon nós imeachta, ar nós imeachta é nach raibh gníomhach ar feadh níos mó ná dhá mhí agus gan bonn cirt a bheith leis sin.

Airteagal 15

Sonraí pearsanta úsáideoirí IMI a choinneáil

1.  De mhaolú ar Airteagal 14, beidh feidhm ag mír 2 agus mír 3 den Airteagal seo maidir le sonraí pearsanta úsáideoirí IMI a choinneáil. Áireofar sna sonraí pearsanta sin ainm iomlán an úsáideora agus gach meán teagmhála, leictreonach agus eile, is gá chun críocha an Rialacháin seo.

2.  Déanfar sonraí pearsanta a bhaineann le húsáideoirí IMI a stóráil in IMI chomh fada agus a leanann siad de bheith ina n-úsáideoirí IMI, agus féadfar na sonraí a phróiseáil chun críocha atá ag luí le cuspóirí an Rialacháin seo.

3.  Nuair a scoireann duine nádúrtha de bheith ina úsáideoir IMI, déanfar na sonraí pearsanta a bhaineann leis an duine sin a bhlocáil trí mheáin theicniúla ar feadh tréimhse trí bliana. Ní phróiseálfar na sonraí sin, gan stóráil na sonraí a áireamh, ach chun críocha cruthúnais i dtaobh malartú faisnéise trí IMI, agus scriosfar iad ag deireadh na tréimhse trí bliana.

Airteagal 16

Próiseáil ar chatagóirí speisialta sonraí

1.  Ní cheadófar próiseáil le IMI ar chatagóirí speisialta sonraí dá dtagraítear in Airteagal 8(1) de Threoir 95/46/CE agus in Airteagal 10(1) de Rialachán (CE) Uimh. 45/2001 ach amháin ar bhonn forais shonraigh atá luaite in Airteagal 8(2) agus (4) den Treoir sin agus in Airteagal 10(2) den Rialachán sin agus faoi réir coimircí iomchuí dá bhforáiltear sna hAirteagail sin chun cearta daoine aonair a ndéantar próiseáil ar a sonraí pearsanta a áirithiú.

2.  Féadfar IMI a úsáid chun sonraí a bhaineann le cionta, le ciontuithe coiriúla nó le bearta slándála dá dtagraítear in Airteagal 8(5) de Threoir 95/46/CE agus in Airteagal 10(5) de Rialachán (CE) Uimh. 45/2001 a phróiseáil, faoi réir coimircí dá bhforáiltear sna hAirteagail sin, lena n-áirítear faisnéis maidir le smachtbhannaí araíonachta, riaracháin nó coiriúla nó faisnéis eile is gá le dea-cháil duine aonair nó duine dhlítheanaigh a shuíomh, i gcás ina ndéantar foráil maidir le próiseáil na sonraí sin i ngníomh de chuid an Aontais arb é an bonn atá faoin bpróiseáil, nó le toiliú sainráite an ábhair sonraí, faoi réir coimircí sonracha iomchuí dá dtagraítear in Airteagal 8(5) de Threoir 95/46/CE.

Airteagal 17

Slándáil

1.  Áiritheoidh an Coimisiún go gcomhlíonfaidh IMI na rialacha maidir le slándáil sonraí arna nglacadh ag an gCoimisiún de bhun Airteagal 22 de Rialachán (CE) Uimh. 45/2001.

2.  Cuirfidh an Coimisiún i bhfeidhm na bearta is gá chun slándáil na sonraí pearsanta arna bpróiseáil in IMI a áirithiú, lena n-áirítear rialú iomchuí ar rochtain ar shonraí agus plean slándála a choinneofar cothrom le dáta.

3.  Déanfaidh an Coimisiún a áirithiú, i gcás teagmhais slándála, gur féidir cé na sonraí pearsanta sin a próiseáladh in IMI a fhíorú, maille le cathain a próiseáladh iad, cé a rinne an phróiseáil agus cad chuige a ndearnadh an phróiseáil sin.

4.  Déanfaidh gníomhaithe IMI gach beart nós imeachta agus gach beart eagrúcháin is gá chun slándáil sonraí pearsanta arna bpróiseáil acu in IMI a áirithiú i gcomhréir le hAirteagal 17 de Threoir 95/46/CE.



CAIBIDIL IV

CEARTA NA nÁBHAR SONRAÍ AGUS MAOIRSEACHT

Airteagal 18

Faisnéis le haghaidh na n-ábhar sonraí agus trédhearcacht

1.  Áiritheoidh gníomhaithe IMI go gcuirfear ábhair sonraí ar an eolas faoin bpróiseáil a dhéantar ar a sonraí pearsanta in IMI a luaithe is féidir agus go mbeidh rochtain acu ar fhaisnéis maidir lena gcearta agus cén chaoi na cearta sin a fheidhmiú, lena n-áirítear céannacht agus sonraí teagmhála an rialtóra agus ionadaí an rialtóra, más ann dó, i gcomhréir le hAirteagal 10 nó le hAirteagal 11 de Threoir 95/46/CE agus leis an reachtaíocht náisiúnta atá i gcomhréir leis an Treoir sin.

2.  Déanfaidh an Coimisiún an méid seo a leanas a chur ar fáil go poiblí ar bhealach ar féidir teacht go héasca air:

(a) 

faisnéis a bhaineann le IMI i gcomhréir le hAirteagal 11 agus le hAirteagal 12 de Rialachán (CE) Uimh. 45/2001, is faisnéis a leagfar amach ar bhealach soiléir agus intuigthe;

(b) 

faisnéis faoi ghnéithe cosanta sonraí na nósanna imeachta um chomhar riaracháin in IMI dá dtagraítear in Airteagal 11 den Rialachán seo;

(c) 

faisnéis faoi eisceachtaí ó chearta, nó faoi theorainneacha le cearta, na n-ábhar sonraí, dá dtagraítear in Airteagal 20 den Rialachán seo;

(d) 

cineálacha nósanna imeachta um chomhar riaracháin, feidhmiúlachtaí IMI atá fíor-riachtanach agus catagóirí sonraí a fhéadfar a phróiseáil in IMI;

(e) 

liosta cuimsitheach de gach gníomh cur chun feidhme nó gach gníomh tarmligthe i dtaca le IMI, arna nglacadh de bhun an Rialacháin seo nó de bhun gníomh eile de chuid an Aontais, agus leagan comhdhlúite den Iarscríbhinn a ghabhann leis an Rialachán seo agus na leasuithe arna ndéanamh air dá éis sin le gníomhartha eile de chuid an Aontais.

Airteagal 19

Ceart ar rochtain, ar cheartú agus ar scriosadh

1.  Áiritheoidh gníomhaithe IMI gur féidir le hábhair sonraí a gceart rochtana ar shonraí a bhaineann leo in IMI a fheidhmiú go héifeachtúil, mar aon leis an gceart sonraí atá míchruinn nó neamhiomlán a cheartú agus an ceart sonraí a phróiseáiltear go mídhleathach a scriosadh, i gcomhréir leis an reachtaíocht náisiúnta. Déanfaidh gníomhaí IMI lena mbaineann a mbeidh an fhreagracht sin air na sonraí a cheartú nó a scriosadh a luaithe is féidir agus ar a dhéanaí 30 lá ón tráth a fhaigheann sé an t-iarratas ón ábhar sonraí.

2.  I gcás ina ndéanann an t-ábhar sonraí cruinneas nó dleathacht na sonraí arna mblocáil de bhun Airteagal 14(1) a chonspóid, déanfar an méid sin a thaifeadadh mar aon leis an bhfaisnéis chruinn atá ceartaithe.

Airteagal 20

Eisceachtaí agus teorainneacha

I gcás ina ndéanann na Ballstáit foráil maidir le heisceachtaí ó chearta, nó teorainneacha le cearta, na n-ábhar sonraí arna leagan amach sa Chaibidil seo sa reachtaíocht náisiúnta i gcomhréir le hAirteagal 13 de Threoir 95/46/CE, cuirfidh siad an Coimisiún ar an eolas faoin méid sin.

Airteagal 21

Maoirseacht

1.  Déanfaidh an t-údarás náisiúnta maoirseachta nó na húdaráis náisiúnta maoirseachta arna ainmiú nó arna n-ainmniú i ngach Ballstát agus dá dtugtar na cumhachtaí dá dtagraítear in Airteagal 28 de Threoir 95/46/CE (“an tÚdarás Náisiúnta Maoirseachta”) faireachán go neamhspleách ar a dhleathaí atá sé go mbeadh sonraí pearsanta á bpróiseáil ag gníomhaithe IMI a mBallstáit, agus áiritheoidh sé nó siad, go háirithe, go ndéantar cearta na n-ábhar sonraí, is cearta atá leagtha amach sa Chaibidil seo, a chosaint i gcomhréir leis an Rialachán seo.

▼M6

2.  Beidh an Maoirseoir Eorpach ar Chosaint Sonraí freagrach as faireachán a dhéanamh ar chur i bhfeidhm fhorálacha an Rialacháin seo agus as cur i bhfeidhm na bhforálacha sin a áirithiú, nuair atá an Coimisiún nó comhlachtaí, oifigí agus gníomhaireachtaí eile de chuid an Aontais ag próiseáil sonraí pearsanta ina ról mar ghníomhaithe IMI. Beidh feidhm ag na dualgais agus na cumhachtaí dá dtagraítear in Airteagal 57 agus Airteagal 58 de Rialachán (AE) Uimh. 2018/1725 ( 1 ) dá réir.

3.  Ag gníomhú dóibh laistigh de raon feidhme a n-inniúlachtaí faoi seach, oibreoidh na hÚdaráis Náisiúnta Mhaoirseachta agus an Maoirseoir Eorpach ar Chosaint Sonraí i gcomhar le chéile chun a áirithiú go ndéanfar maoirseacht chomhordaithe ar IMI agus ar an úsáid a bhaineann gníomhaithe IMI as i gcomhréir le hAirteagal 62 de [Rialachán (AE) Uimh. 2018/1725].

▼M6 —————

▼B



CAIBIDIL V

RAON FEIDHME GEOGRAFACH IMI

Airteagal 22

Úsáid náisiúnta IMI

1.  Ní fhéadfaidh Ballstát IMI a úsáid chun críche comhair riaracháin idir údaráis inniúla laistigh dá chríoch féin, i gcomhréir leis an dlí náisiúnta, ach amháin i gcás ina gcomhlíontar na coinníollacha seo a leanas:

(a) 

nach n-éilítear athruithe substaintiúla ar na nósanna imeachta um chomhar riaracháin atá ann cheana;

(b) 

go bhfuil fógra faoin úsáid atá beartaithe a bhaint as IMI curtha faoi bhráid an Údaráis Náisiúnta Mhaoirseachta i gcás ina gceanglaítear leis an dlí náisiúnta go ndéanfaí amhlaidh; agus

(c) 

nach bhfuil tionchar diúltach aige ar fheidhmiú éifeachtúil IMI d’úsáideoirí IMI.

2.  I gcás ina bhfuil sé ar intinn ag Ballstát úsáid chórasach a bhaint as IMI chun críocha náisiúnta, cuirfidh sé a rún in iúl don Choimisiún agus iarrfaidh sé cead roimh ré air. Scrúdóidh an Coimisiún an bhfuil na coinníollacha a leagtar amach i mír 1 á gcomhlíonadh. I gcás inar gá, agus i gcomhréir leis an Rialachán seo, déanfar comhaontú a thabhairt i gcrích idir an Ballstát agus an Coimisiún, is comhaontú ina leagfar amach, inter alia, na socruithe teicniúla, airgeadais agus eagrúcháin i gcomhair úsáide náisiúnta, lena n-áirítear freagrachtaí ghníomhaithe IMI.

Airteagal 23

Malartú faisnéise le tríú tíortha

1.  Ní féidir faisnéis, lena n-áirítear sonraí pearsanta, a mhalartú in IMI de bhun an Rialacháin seo idir gníomhaithe IMI laistigh den Aontas agus a gcuid contrapháirtithe i dtríú tír ach amháin i gcás ina gcomhlíontar na coinníollacha seo a leanas:

(a) 

go bpróiseáiltear an fhaisnéis de bhun forála gníomh de chuid an Aontais atá liostaithe san Iarscríbhinn agus de bhun forála coibhéisí i ndlí an tríú tír;

(b) 

go ndéantar an fhaisnéis a mhalartú nó a chur ar fáil i gcomhréir le comhaontú idirnáisiúnta lena ndéantar foráil maidir leis na nithe seo a leanas:

(i) 

an tríú tír do chur i bhfeidhm forála gníomh de chuid an Aontais atá liostaithe san Iarscríbhinn;

(ii) 

úsáid IMI; agus

(iii) 

prionsabail agus módúlachtaí an mhalartaithe sin; agus

(c) 

go n-áirithíonn an tríú tír i dtrácht cosaint leordhóthanach sonraí pearsanta i gcomhréir le hAirteagal 25(2) de Threoir 95/46/CE lena n-áirítear coimircí leordhóthanacha nach n-úsáidfear na sonraí arna bpróiseáil in IMI ach chun na críche ar chuige a malartaíodh iad ar an gcéad dul síos, agus go bhfuil cinneadh glactha ag an gCoimisiún i gcomhréir le hAirteagal 25(6) de Threoir 95/46/CE.

2.  I gcás inar gníomhaí IMI é an Coimisiún, beidh feidhm ag Airteagal 9(1) agus (7) de Rialachán (CE) Uimh. 45/2001 maidir le malartú aon sonraí pearsanta arna bpróiseáil in IMI lena chontrapháirtithe atá i dtríú tír.

3.  Déanfaidh an Coimisiún liosta a fhoilsiú in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh agus a choinneáil cothrom le dáta, is liosta de na tríú tíortha atá údaraithe faisnéis, lena n-áirítear sonraí pearsanta, a mhalartú, i gcomhréir le mír 1.



CAIBIDIL VI

FORÁLACHA CRÍOCHNAITHEACHA

Airteagal 24

An nós imeachta coiste

1.  Tabharfaidh coiste cúnamh don Choimisiún. Beidh an coiste sin ina choiste de réir bhrí Rialachán (AE) Uimh. 182/2011.

2.  I gcás ina ndéanfar tagairt don mhír seo, beidh feidhm ag Airteagal 4 de Rialachán (AE) Uimh. 182/2011.

3.  I gcás ina ndéanfar tagairt don mhír seo, beidh feidhm ag Airteagal 5 de Rialachán (AE) Uimh. 182/2011.

Airteagal 25

Faireachán agus tuairisciú

1.  Déanfaidh an Coimisiún tuarascáil ar fheidhmiú IMI a thabhairt do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle ar bhonn bliantúil.

2.  Faoin 5 Nollaig 2017 agus gach cúig bliana dá éis sin, déanfaidh an Coimisiún tuarascáil ar ghnéithe a bhaineann le cosaint sonraí pearsanta in IMI, lena n-áirítear slándáil sonraí, a thabhairt don Mhaoirseoir Eorpach ar Chosaint Sonraí.

3.  D’fhonn na tuarascálacha dá dtagraítear i mír 1 agus mír 2 a sholáthar, cuirfidh na Ballstáit aon fhaisnéis is ábhartha maidir le cur i bhfeidhm an Rialacháin seo ar fáil don Choimisiún, lena n-áirítear faisnéis ar an gcaoi a gcuirtear na ceanglais um chosaint sonraí atá leagtha síos sa Rialachán seo i bhfeidhm go praiticiúil.

Airteagal 26

Costais

1.  Is ar bhuiséad ginearálta an Aontais Eorpaigh a bheidh na costais arna dtabhú i dtaobh fhorbairt, chur chun cinn, fheidhmiú agus chothabháil IMI, gan dochar do na socruithe atá ann faoi Airteagal 22(2).

2.  Ach amháin má leagtar síos a mhalairt i ngníomh de chuid an Aontais, is ar gach Ballstát a bheidh na costais a bhaineann le hoibríochtaí IMI ar leibhéal na mBallstát, lena n-áirítear na hacmhainní daonna atá de dhíth le haghaidh gníomhaíochtaí oiliúna, cur chun cinn agus cúnaimh theicniúil (deasc chabhrach), mar aon leis na costais a bhaineann le IMI a riar ar an leibhéal náisiúnta.

Airteagal 27

Aisghairm

Aisghairtear Cinneadh 2008/49/CE.

Airteagal 28

Cur i bhfeidhm éifeachtach

Déanfaidh na Ballstáit gach beart is gá d’fhonn a áirithiú go gcuirfidh a ngníomhaithe IMI an Rialachán seo i bhfeidhm ar bhealach éifeachtach.

Airteagal 29

Eisceachtaí

▼M6 —————

▼B

2.  D’ainneoin Airteagal 8(3) agus pointe (a) agus pointe (b) den chéad mhír d’Airteagal 12 den Rialachán seo, i ndáil le forálacha chomhair riaracháin Mholadh SOLVIT a chur chun feidhme trí IMI, féadfaidh rannpháirtíocht an Choimisiúin i nósanna imeachta um chomhar riaracháin agus an tsaoráid atá ann cheana do ghníomhaithe seachtracha leanúint ar aghaidh ar bhonn na socruithe a rinneadh roimh theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo. Ocht mí dhéag a bheidh sa tréimhse dá dtagraítear in Airteagal 14(1) den Rialachán seo i gcás sonraí pearsanta a phróiseáiltear in IMI chun críocha Mholadh SOLVIT.

3.  D’ainneoin Airteagal 4(1) den Rialachán seo, féadfaidh an Coimisiún treoirthionscadal a sheoladh le measúnú a dhéanamh ar IMI lena fháil amach an uirlis éifeachtúil é atá éifeachtach ó thaobh costais de agus atá furasta le húsáid chun Airteagal 3(4), (5) agus (6) de Threoir 2000/31/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 8 Meitheamh 2000 maidir le gnéithe áirithe dlí de sheirbhísí na sochaí faisnéise, go háirithe an tráchtáil leictreonach, sa Mhargadh Inmheánach (an Treoir um thráchtáil leictreonach) ( 2 ) a chur chun feidhme. Tráth nach déanaí ná dhá bhliain tar éis an treoirthionscadal sin a sheoladh, cuirfidh an Coimisiún an mheastóireacht dá dtagraítear in Airteagal 4(2) den Rialachán seo faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle agus cumhdófar léi freisin an idirghníomhaíocht idir comhar riaracháin laistigh den chóras comhair um chosaint tomhaltóirí arna bhunú i gcomhréir le Rialachán (CE) Uimh. 2006/2004 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 27 Deireadh Fómhair 2004 maidir le comhar idir údaráis náisiúnta atá freagrach as dlíthe um chosaint tomhaltóirí a fhorfheidhmiú ( 3 ) agus laistigh d’IMI.

4.  D’ainneoin Airteagal 14(1) den Rialachán seo, maidir le haon tréimhsí suas go dtí uastréimhse 18 mí a chinntear ar bhonn Airteagal 36 de Threoir 2006/123/CE maidir le comhar riaracháin de bhun Chaibidil VI de, leanfaidh siad d’fheidhm a bheith acu i ndáil leis an réimse sin.

Airteagal 30

Teacht i bhfeidhm

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.




IARSCRÍBHINN

FORÁLACHA MAIDIR LE COMHAR RIARACHÁIN I NGNÍOMHARTHA AONTAIS A CHUIRTEAR CHUN FEIDHME TRÍ IMI, DÁ DTAGRAÍTEAR IN AIRTEAGAL 3

1. Treoir 2006/123/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 12 Nollaig 2006 maidir le seirbhísí sa mhargadh inmheánach ( 4 ): Caibidil VI, Airteagal 39(5), mar aon le hAirteagal 15(7) ach amháin má thugtar fógra, dá bhforáiltear san Airteagal deireanach sin, i gcomhréir le Treoir 98/34/CE.

▼M1

2. Directive 2005/36/EC of the European Parliament and of the Council ( 5 ): Articles 4a to 4e, Article 8, Article 21a, Article 50, Article 56 and Article 56a.

▼B

3. Treoir 2011/24/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 9 Márta 2011 maidir le cearta othar i gcúram sláinte trasteorann a chur i bhfeidhm ( 6 ): Airteagal 10(4).

4. Rialachán (AE) Uimh. 1214/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Samhain 2011 maidir le hiompar trasteorann gairmiúil airgid thirim in euro de bhóthar idir Ballstáit sa limistéar euro ( 7 ): Airteagal 11(2).

5. Moladh ón gCoimisiún an 7 Nollaig 2001 maidir le prionsabail chun leas a bhaint as “SOLVIT” — an Gréasán um Fhadhbanna sa Mhargadh Inmheánach a Réiteach ( 8 ): Caibidil I agus Caibidil II.

▼M3

6. Directive 96/71/EC of the European Parliament and of the Council of 16 December 1996 concerning the posting of workers in the framework of the provision of services ( 9 ): Article 4.

7. Directive 2014/67/EU of the European Parliament and of the Council of 15 May 2014 on the enforcement of Directive 96/71/EC concerning the posting of workers in the framework of the provision of services and amending Regulation (EU) No 1024/2012 on administrative cooperation through the Internal Market Information System (“the IMI Regulation”) ( 10 ): Articles 6 and 7, Article 10(3), and Articles 14 to 18.

▼M2

8. Directive 2014/60/EU of the European Parliament and the Council of 15 May 2014 on the return of cultural objects unlawfully removed from the territory of a Member State and amending Regulation (EU) No 1024/2012 ( 11 ): Articles 5 and 7.

▼M4

9. Rialachán (AE) 2016/1191 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 6 Iúil 2016 maidir le saorghluaiseacht saoránach a chur chun cinn trí shimpliú a dhéanamh ar na […] ceanglais a bhaineann le doiciméid phoiblí áirithe a chur i láthair san Aontas Eorpach agus lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 1024/2012 ( 12 ): Airteagal 14 agus Airteagal 16 agus Airteagal 22(1) agus (2).

▼C1

10. Rialachán (AE) 2016/1628 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 14 Meán Fómhair 2016 maidir le ceanglais a bhaineann le teorainneacha astaíochtaí le haghaidh truailleáin ghásacha agus cháithníneacha agus cineálcheadú i dtaca le hinnill dócháin inmheánaigh le haghaidh innealra soghluaiste nach innealra bóthair é, lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 1024/2012 agus Rialachán (AE) Uimh. 167/2013, agus lena leasaítear agus lena n-aisghairtear Treoir 97/68/CE ( 13 ): Airteagal 44

▼M6

11. Rialachán (AE) 2016/679 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 27 Aibreán 2016 maidir le daoine nádúrtha a chosaint i ndáil le sonraí pearsanta a phróiseáil agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin, agus lena n-aisghairtear Treoir 95/46/CE (An Rialachán Ginearálta maidir le Cosaint Sonraí) ( 14 ): Airteagal 56, Airteagal 60 go hAirteagal 66 agus Airteagal 70(1).

12. Rialachán (AE) Uimh. 2018/1725 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 2 Deireadh Fómhair 2018 maidir le phointe rochtana aonair digiteach a bhunú chun rochtain ar fhaisnéis, nósanna imeachta agus seirbhísí cúnaimh agus réitigh fadhbanna a sholáthar agus lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 1024/2012 ( 15 ): Airteagal 6(4), Airteagal 15 agus Airteagal 19.



( 1 ) Rialachán (AE) 2018/1725 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Deireadh Fómhair 2018 maidir le daoine nádúrtha a chosaint i ndáil le sonraí pearsanta a phróiseáil ag institiúidí, comhlachtaí, oifigí agus gníomhaireachtaí an Aontais agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin, agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 45/2001 agus Cinneadh Uimh. 1247/2002/CE (IO L 295 an 21.11.2018, lch. 39) .

( 2 ) IO L 178, 17.7.2000, lch. 1.

( 3 ) IO L 364, 9.12.2004, lch. 1.

( 4 ) IO L 376, 27.12.2006, lch. 36.

( 5 ) OJ L 255, 30.9.2005, p. 22.

( 6 ) IO L 88, 4.4.2011, lch. 45.

( 7 ) IO L 316, 29.11.2011, lch. 1.

( 8 ) IO L 331, 15.12.2001, lch. 79.

( 9 ) OJ L 18, 21.1.1997, p. 1.

( 10 ) OJ L 159, 28.5.2014, p. 11

( 11 ) OJ L 159 28.5.2014, p. 1

( 12 ) IO L 200, 26.7.2016, lch. 1

( 13 ) IO L 252, 16.9.2016, lch. 53.

( 14 ) IO L 119, 4.5.2016, lch. 1.

( 15 ) IO L295, 21.11.2018, lch. 39

Top